ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Eagrán Speisialta ( 1 ) |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
59 |
|
|
Ceartúchán |
|
|
* |
||
|
* |
||
|
* |
|
|
|
(1) Faoin tagairt L 266 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh. |
|
(3) Téacs atá ábhartha maidir le LEE |
GA |
I Gníomhartha reachtacha
RIALACHÁIN
30.9.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
RIALACHÁN (AE) 2016/1724 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Meán Fómhair 2016
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach le tíortha nach Ballstáit iad i ndáil le cumhachtaí tarmligthe agus cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun bearta áirithe a ghlacadh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (an “Conradh”), ba cheart na cumhachtaí atá tugtha don Choimisiún a ailíniú le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den Chonradh. |
(2) |
I bhfianaise ghlacadh Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tá gealltanas tugtha ag an gCoimisiún, trí bhíthin Ráitis (3), athbhreithniú a dhéanamh, i bhfianaise na gcritéar atá leagtha síos sa Chonradh, ar ghníomhartha reachtacha a bhfuil tagairtí iontu faoi láthair don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú. |
(3) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), tugtar cumhachtaí don Choimisiún d'fhonn roinnt d'fhorálacha an Rialacháin sin a chur chun feidhme. |
(4) |
D'fhonn Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 a ailíniú le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den Chonradh, ba cheart cumhachtaí chun gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a chur in ionad na gcumhachtaí cur chun feidhme atá tugtha don Choimisiún leis an Rialachán sin. |
(5) |
D'fhonn athruithe sa Chód Custaim nó forálacha a eascraíonn as coinbhinsiúin idirnáisiúnta, athruithe a bhfuil gá leo ar chúiseanna modheolaíochta agus an gá atá le córas éifeachtúil a bhunú chun sonraí a bhailiú agus staidreamh a chur le chéile a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na nithe seo a leanas:
Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (5). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
(6) |
Ba cheart don Choimisiún a áirithiú nach bhforchuirtear ualach breise suntasach leis na gníomhartha tarmligthe sin ar na Ballstáit ná ar na freagróirí agus go mbeidh siad chomh tíosach agus is féidir. |
(7) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a chuirfidh ar a chumas bearta a ghlacadh a bhaineann leis na nithe seo a leanas:
Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. |
(8) |
Chuir an Coiste um Staidreamh a bhaineann le trádáil earraí le tíortha nach Ballstáit iad (“Coiste Extrastat”), dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 471/2009, comhairle ar fáil don Choimisiún agus thug sé cúnamh dó i bhfeidhmiú a chumhachtaí cur chun feidhme. De réir na straitéise maidir le struchtúr nua don Chóras Staidrimh Eorpach (“CSE”), a bhfuil sé mar aidhm leis comhordú agus comhpháirtíocht a fheabhsú i struchtúr pirimide soiléir laistigh de CSE, ba cheart ról comhairleach a bheith ag an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach (“CCSE”) a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), agus ba cheart dó cúnamh a thabhairt don Choimisiún i bhfeidhmiú a chumhachtaí cur chun feidhme. Chuige sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 a leasú trí thagairt don CCSE a chur in ionad na tagartha do Choiste Extrastat. |
(9) |
Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, is gá nach ndéanfaidh an Rialachán seo difear do na nósanna imeachta chun bearta atá arna dtionscnamh ach nach bhfuil críochnaithe roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a ghlacadh. |
(10) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
|
(2) |
in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5: “5. Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 10a, a bhaineann leis an mbailiú sonraí dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 4 den Airteagal seo. Áiritheoidh an Coimisiún, nuair a bheidh na cumhachtaí sin á bhfeidhmiú aige, nach gcuirfidh na gníomhartha tarmligthe ualach suntasach breise ar na Ballstáit ná ar na freagróirí.”; |
(3) |
leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:
|
(4) |
leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:
|
(5) |
leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:
|
(6) |
cuirtear an tAirteagal a leanas isteach: “Airteagal 10a An tarmligean a fheidhmiú 1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo. 2. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagail 3(2), (3) agus (4), 4(5), 5(2) agus (4), agus 6(3) a ghlacadh go ceann tréimhse cúig bliana ón 20 Deireadh Fómhair 2016. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 3(2), (3) agus(4), 4(5), 5(2) agus (4), agus 6(3) a chúlghairm tráth ar bith. I gcás cinneadh maidir le haisghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a bheidh sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontas Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 4. Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*). 5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagail 3(2), (3) agus (4), 4(5), 5(2) agus (4), agus 6(3) i bhfeidhm ach amháin mura gcuireann Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse trí mhí ó fhógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, sula dtéann an tréimhse sin in éag, go gcuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear trí mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. |
(7) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 11: “Airteagal 11 An nós imeachta coiste 1. Beidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**). 2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh.182/2011. (**) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).” ." |
Airteagal 2
Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do na nósanna imeachta chun bearta a ghlacadh dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 arna dtionscnamh ach nach bhfuil críochnaithe roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Meán Fómhair 2016.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
M. SCHULZ
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
I. KORČOK
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 16 Meitheamh 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(3) IO L 55, 28.2.2011, lch. 19.
(4) Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach le tíortha nach Ballstáit iad agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1172/95 ón gComhairle (IO L 152, 16.6.2009, lch. 23).
(5) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(6) Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndacht staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).
Ceartúchán
30.9.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
7 |
Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 304 Eagrán Speisialta Gaeilge an 22 Samhain 2011 )
Ar leathanach 48, Iarscríbhinn VI, Cuid A, pointe 7, an léiriú sa Spáinnis:
in ionad:
“sa Spáinnis: ‘combinado de piezas de carne’ agus ‘combinado de piezas de pescado’;”,
léitear:
“sa Spáinnis: ‘elaborado a partir de piezas de carne’ agus ‘elaborado a partir de piezas de pescado’;”.
Ar leathanach 49, Iarscríbhinn VI, Cuid A, pointe 7, an léiriú sa tSlóvaicis:
in ionad:
“sa tSlóvaicis: ‘spájané alebo formované mäso’ agus ‘spájané alebo formované ryby’;”,
léitear:
“sa tSlóvaicis: ‘zo spájaných kúskov mäsa’ agus ‘zo spájaných kúskov ryby’;”.
30.9.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
8 |
Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2016/424 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le suiteálacha cábla-bhealaigh agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/9/CE
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 81 Eagrán Speisialta Gaeilge an 31 Márta 2016 )
Leathanach 31, Iarscríbhinn II, Pointe 4.1.2:
in ionad:
“4.1.2. |
Ní féidir an baol go léir a bhaineann le díráilliú cáblaí a chosc agus glacfar bearta lena áirithiú (…).”, |
léitear:
“4.1.2. |
Mura féidir an baol go léir a bhaineann le díráilliú cáblaí a chosc, glacfar bearta lena áirithiú (…).”. |
30.9.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
9 |
Ceartúchán ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 298 Eagrán Speisialta Gaeilge an 26 Deireadh Fómhair 2012 )
1. |
Ar an leathanach clúdaigh agus ar leathanach 1, an teideal |
in ionad:
“Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairetar Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002”,
léitear:
“Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002”.
2. |
Ar leathanach 52, Airteagal 106(1), an mhír dheireanach: |
in ionad:
“Ní bheidh feidhm ag pointe (b) ná ag pointe (e) den chéad fhomhír nuair nach féidir leis na hiarrthóirí nó na tairgeoirí ….”,
léitear:
“Ní bheidh feidhm ag pointe (b) ná ag pointe (e) den chéad fhomhír nuair is féidir leis na hiarrthóirí nó na tairgeoirí ….”.