ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh |
Eagrán Speisialta ( 1 ) |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
57 |
Clár |
|
Ceartúchán |
Leathanach |
|
* |
||
|
* |
|
|
|
(1) Faoin tagairt L 140 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh. |
GA |
Ceartúchán
14.5.2014 |
GA |
Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh |
1 |
Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 421/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Chomhphobal, i bhfianaise chur chun feidhme faoi 2020 comhaontuithe idirnáisiúnta lena gcuirtear i bhfeidhm beart domhanda aonair bunaithe ar an margadh ar astaíochtaí eitlíochta idirnáisiúnta
( Iris Oifigiúil aon Aontais Eorpaigh L 129 an 30 Aibreán 2014 )
(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge)
Ar leathanach 3:
in ionad:
“Airteagal 1
Leasaítear Treoir 2003/87/CE leis seo mar a leanas:
(1) |
Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 28a Maoluithe is infheidhme roimh chur chun feidhme faoi 2020 comhaontaithe idirnáisiúnta lena gcuirtear beart domhanda margadh-bhunaithe aonair i bhfeidhm 1. (…) 2. (…) Maidir le gníomhaíocht sa tréimhse ón 1 Eanáir 2013 go dtí an 31 Nollaig 2016, foilseoidh na Ballstáit an líon liúntas eitlíochta saor a leithdháiltear chuig gach oibreoir aerárthaí faoin 1 Lúnasa 2014.’”, |
léitear:
“Airteagal 1
Leasaítear Treoir 2003/87/CE leis seo mar a leanas:
(1) |
Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 28a Maoluithe is infheidhme roimh chur chun feidhme faoi 2020 comhaontaithe idirnáisiúnta lena gcuirtear beart domhanda margadh-bhunaithe aonair i bhfeidhm 1. (…) 2. (…) Maidir le gníomhaíocht sa tréimhse ón 1 Eanáir 2013 go dtí an 31 Nollaig 2016, foilseoidh na Ballstáit an líon liúntas eitlíochta saor a leithdháiltear chuig gach oibreoir aerárthaí faoin 1 Meán Fómhair 2014.’”. |
14.5.2014 |
GA |
Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh |
2 |
Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 422/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 a choigeartaíonn le héifeacht ón 1 Iúil 2011 luach saothar agus pinsin na bhfeidhmeannach agus gníomhairí eile an Aontais Eorpaigh agus na comhéifeachtaí ceartaithe a chuireadh i bhfeidhm orthu
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 129 an 30 Aibreán 2014 )
(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge)
Leathanach 7, sa tsraith a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, i gcolún 5 “Luach Saothar”:
in ionad:
“120,8”,
léitear:
“128,0”.