ISSN 1725-2571

doi:10.3000/17252571.L_2010.339.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

53
22 Nollaig 2010


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1210/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2010 maidir le monaí euro a fhíordheimhniú agus le monaí euro atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta a láimhseáil

1

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1211/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2010 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin

6

 


 

(1)   Faoin tagairt L 339 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

22.12.2010   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1210/2010 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Nollaig 2010

maidir le monaí euro a fhíordheimhniú agus le monaí euro atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta a láimhseáil

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 133 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2001 lena leagtar síos na bearta is gá chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (3), ceanglaítear ar institiúidí creidmheasa, agus, laistigh de theorainneacha a ngníomhaíochta íocaíochta, ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta eile, agus ar aon institiúidí eile a ghabhann do nótaí agus monaí a phróiseáil agus a dháileadh ar an bpobal, a áirithiú go ndéanfar na nótaí agus na monaí euro atá faighte acu agus a bhfuil sé beartaithe acu iad a chur ar ais i gcúrsaíocht a sheiceáil i gcomhair fíordheimhneachta agus go ndéanfar nótaí agus monaí góchumtha a bhrath.

(2)

Le Moladh 2005/504/CE ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2005 a bhaineann le monaí euro a fhíordheimhniú agus le monaí euro atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta a láimhseáil (4), déantar foráil maidir le cleachtais mholta i ndáil le monaí euro a fhíordheimhniú agus le monaí euro atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta a láimhseáil. Mar sin féin, toisc nach bhfuil creat comhchoiteann éigeantach ann chun monaí a fhíordheimhniú, tá cleachtais éagsúla ann i measc na mBallstát agus, dá bhrí sin, ní féidir cosaint aonfhoirmeach an airgeadra a áirithiú ar fud limistéar an euro.

(3)

Chun fíordheimhniú éifeachtach aonfhoirmeach monaí euro a bhaint amach ar fud limistéar an euro, tá sé riachtanach, dá bhrí sin, rialacha ceangailteacha a thabhairt isteach chun nósanna imeachta comhchoiteanna a chur chun feidhme chun monaí euro atá i gcúrsaíocht a fhíordheimhniú agus chun sásraí rialaithe na nósanna imeachta sin a chur chun feidhme ag na húdaráis náisiúnta.

(4)

Le linn phróiseas an fhíordheimhniúcháin, ba cheart monaí fíorchearta euro atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta a shainaithint freisin. Beidh sé níos deacra monaí mí-oiriúnacha a úsáid má dhéantar iad a chur i gcúrsaíocht, go háirithe i meaisíní mona-oibrithe, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh mearbhall ar na daoine sin a bhaineann úsáid astu faoi fhíordheimhneacht na monaí sin. Ba cheart monaí mí-oiriúnacha a tharraingt siar ó chúrsaíocht. Dá bhrí sin, tá gá le rialacha ceangailteacha comhchoiteanna do na Ballstáit ar dá réir a dhéanfar monaí euro atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta a láimhseáil agus cúiteamh a thabhairt ina leith.

(5)

Chun cur chun feidhme na nósanna imeachta fíordheimhniúcháin a chomhordú, ba cheart go ndéanfadh an Lárionad Eorpach Teicniúil agus Eolaíoch (LETE), arna bhunú le Cinneadh 2005/37/CE ón gCoimisiún (5), mionsonraí na gceanglas tástála agus oiliúna le haghaidh fíordheimhniúcháin monaí, na sonraíochtaí chun monaí euro atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta a sheiceáil, agus forálacha cur chun feidhme praiticiúla eile, a chinneadh tuilleadh, tar éis dul i gcomhairle leis an ngrúpa saineolaithe um monaí góchumtha dá dtagraítear sa Chinneadh sin.

(6)

Chun go bhféadfar a gcóras reatha rialacha agus cleachtas a choigeartú de réir a chéile d’fhorálacha an Rialacháin seo, ba cheart do na Ballstáit, le linn idirthréimhse go dtí an 31 Nollaig 2014, a bheith in ann foráil a dhéanamh maidir le maoluithe i ndáil le cineálacha na meaisíní mona-phróiseála atá le húsáid chun monaí euro a fhíordheimhniú agus chun líon na meaisíní sin a sheiceáil gach bliain.

(7)

Ba cheart go mbeadh gach údarás náisiúnta a bheidh ag láimhseáil monaí euro atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta in ann táille láimhseála a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an Rialachán seo chun na caiteachais a bhaineann leis an bpróiseas a íoc. Níor cheart táillí láimhseála a chur i bhfeidhm ar chainníochtaí beaga monaí atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann foráil a dhéanamh maidir le díolúintí ó tháillí láimhseála a thabhairt do dhaoine a chomhoibríonn go dlúth leis na húdaráis chun monaí góchumtha nó monaí mí-oiriúnacha a tharraingt siar ó chúrsaíocht. Ba cheart go mbeadh Ballstáit in ann glacadh le málaí nó le boscaí ina bhfuil meascán de mhonaí góchumtha agus de mhonaí mí-oiriúnacha gan formhuirear a chur i bhfeidhm, má tá an méid sin ar mhaithe le leas an phobail.

(8)

Ba cheart go mbeadh sé de chúram ar gach Ballstát na pionóis infheidhme a thabhairt isteach maidir le sáruithe, d’fhonn fíordheimhniú coibhéiseach monaí euro, chomh maith le modh coibhéiseach láimhseála monaí euro atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta, a bhaint amach ar fud limistéar an euro.

(9)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon fíordheimhniú éifeachtach aonfhoirmeach monaí euro ar fud limistéar an euro, a bhaint amach go leordhóthanach mar gheall ar na difríochtaí i gcleachtais náisiúnta agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar síos na nósanna imeachta is gá chun monaí euro a fhíordheimhniú agus chun monaí euro atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta a láimhseáil.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “monaí euro a fhíordheimhniú” an próiseas lena bhfíoraítear go bhfuil monaí euro fíordheimhneach agus oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta;

(b)

ciallaíonn “monaí euro atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta” monaí euro atá fíorcheart ach ar diúltaíodh dóibh le linn phróiseas an fhíordheimhniúcháin nó monaí euro a bhfuil athrú suntasach déanta ar an gcuma atá orthu;

(c)

ciallaíonn “údarás náisiúnta ainmnithe” an Lárionad Náisiúnta um Anailísiú Monaí nó údarás eile a ainmníonn an Ballstát lena mbaineann;

(d)

ciallaíonn “institiúidí” na hinstitiúidí dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001, gan iad sin dá dtagraítear sa tríú fleasc den fhomhír sin a áireamh;

(e)

ciallaíonn “GSMG” (an Grúpa Saineolaithe um Monaí Góchumtha) na saineolaithe monaí góchumtha dá dtagraítear i gCinneadh 2005/37/CE.

CAIBIDIL II

MONAÍ EURO A FHÍORDHEIMHNIÚ

Airteagal 3

Monaí euro a fhíordheimhniú

1.   Áiritheoidh institiúidí go ndéanfar na monaí euro atá faighte acu, agus a bhfuil sé beartaithe acu iad a chur ar ais i gcúrsaíocht, a chur faoi réir nós imeachta fíordheimhniúcháin. Cuirfidh siad an oibleagáid sin chun feidhme:

(a)

trí bhíthin meaisíní mona-phróiseála a áirítear i liosta na meaisíní mona-phróiseála dá dtagraítear in Airteagal 5(2); nó

(b)

trí phearsanra atá oilte i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe arna sainiú ag na Ballstáit.

2.   Tar éis fíordheimhniú a dhéanamh, déanfar na monaí uile a bhfuil drochamhras ann ina leith go bhfuil siad góchumtha agus na monaí euro uile atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta a thabhairt suas don údarás náisiúnta ainmnithe.

3.   Ní bheidh monaí euro góchumtha a thugtar do na húdaráis náisiúnta inniúla i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001 faoi réir táillí láimhseála nó táillí eile. Maidir le monaí euro atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta, beidh feidhm ag Caibidil III den Rialachán seo ina leith.

Airteagal 4

Tástáil a cheanglaítear agus meaisíní mona-phróiseála

1.   Nuair a bheidh Airteagal 3(1)(a) á chur chun feidhme acu, ní úsáidfidh institiúidí ach na cineálacha meaisíní mona-phróiseála ar éirigh leo sa tástáil um brath a rinne an t-údarás náisiúnta ainmnithe nó LETE agus ar meaisíní iad a bhí liostaithe ar an láithreán gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 5(2) an tráth a ceannaíodh iad. Áiritheoidh institiúidí go ndéantar na meaisíní sin a choigeartú go rialta chun a gcumas braite a choimeád ar bun, agus na modhnuithe a tugadh isteach sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 5(2) á gcur san áireamh. Beidh an tástáil um brath ceaptha lena áirithiú go mbeidh meaisín mona-phróiseála in ann diúltú do na cineálacha monaí góchumtha euro a bhfuiltear ar an eolas fúthu agus, sa phróiseas sin, go mbeidh siad in ann diúltú do mhonaí euro atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta agus do ghach rud eile a bhfuil cuma monaí air agus nach gcomhlíonann sonraíochtaí monaí fíorchearta euro.

2.   Ar feadh idirthréimhse go dtí an 31 Nollaig 2014, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le maoluithe sonracha ar an gcéad abairt de mhír 1 i gcás meaisíní mona-próiseála a bhí in úsáid an 11 Eanáir 2011 agus ar cruthaíodh ina leith go bhfuil siad in ann monaí euro góchumtha, monaí euro atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta agus rudaí eile, a bhfuil cuma monaí orthu agus nach gcomhlíonann sonraíochtaí monaí fíorchearta euro, a bhrath, fiú mura n-áirítear na meaisíní sin ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 5(2). Déanfar na maoluithe sin a ghlacadh tar éis dul i gcomhairle leis an GSMG.

Airteagal 5

Meaisíní mona-phróiseála a choigeartú

1.   D’fhonn a chumasú do mhonaróirí meaisíní mona-phróiseála teacht ar na sonraíochtaí riachtanacha chun a meaisíní a choigeartú ionas go mbraithfear monaí euro góchumtha, féadfar tástáil a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 4 ag an údarás náisiúnta ainmnithe, ag an LETE nó, tar éis comhaontú déthaobhach a dhéanamh, in áitreabh an mhonaróra. Nuair a éireoidh le meaisín próiseála monaí i dtástáil, déanfar achoimre ar an tuarascáil maidir leis an tástáil um brath a eisiúint chuig monaróir an mheaisín agus tabharfar cóip di don LETE.

2.   Maidir leis na meaisíní mona-phróiseála uile a mbeidh achoimre ar an tuarascáil maidir leis an tástáil um brath, atá dearfach agus bailí, faighte nó ullmhaithe ag an LETE ina leith, foilseoidh an Coimisiún liosta comhdhlúite díobh ar a láithreán gréasáin.

Airteagal 6

Rialuithe ag na Ballstáit

1.   Déanfaidh na Ballstáit na rialuithe dá bhforáiltear san Airteagal seo a chur i bhfeidhm.

2.   Déanfaidh na Ballstáit rialuithe bliantúla ar an láthair in institiúidí, trí thástálacha um brath a dhéanamh, d’fhonn feidhmiú ceart líon ionadaíoch de na meaisíní mona-phróiseála a úsáidtear a fhíorú. I gcás ina mbeifear ag súil go ndéanfaidh pearsanra na n-institiúidí seiceáil láimhe ar fhíordheimhneacht monaí euro atá le cur ar ais i gcúrsaíocht, gheobhaidh na Ballstáit dearbhú ó na hinstitiúidí go bhfuil a bpearsanra oilte go cuí chuige sin.

3.   Beidh líon na meaisíní mona-phróiseála a bheidh le seiceáil in aghaidh na bliana i ngach Ballstát de chineál a fhágann gurb ionann líon na monaí euro a phróiseáiltear leis na meaisíní sin agus 25 % ar a laghad de ghlanlíon carnach iomlán na monaí a d’eisigh an Ballstát sin ón am ar tugadh isteach na monaí euro go dtí deireadh na bliana is déanaí atá caite. Déanfar líon na meaisíní mona-phróiseála a bheidh le seiceáil a ríomh ar bhonn líon na dtrí cinn is airde d’ainmníochtaí monaí euro atá beartaithe le haghaidh cúrsaíochta. Féachfaidh na Ballstáit lena áirithiú go ndéanfar na meaisíní mona-phróiseála a sheiceáil ar bhonn uainíochta.

4.   I gcás ina bhfuil líon na meaisíní mona-phróiseála atá le seiceáil in aghaidh na bliana i gcomhréir le mír 3 níos airde ná líon na meaisíní atá á n-oibriú i mBallstát ar leith, déanfar na meaisíní mona-phróiseála go léir atá á n-oibriú sa Bhallstát sin a sheiceáil in aghaidh na bliana.

5.   Ar feadh idirthréimhse go dtí an 31 Nollaig 2014, féadfaidh Ballstáit a chinneadh, tar éis dóibh fógra a thabhairt don Choimisiún, go bhfuil líon na meaisíní mona-phróiseála atá le seiceáil in aghaidh na bliana de chineál a fhágann gurb ionann líon na monaí euro a phróiseáiltear leis na meaisíní sin le linn na bliana sin agus 10 % ar a laghad de ghlanlíon carnach iomlán na monaí a d’eisigh an Ballstát sin ón am ar tugadh isteach na monaí euro go dtí deireadh na bliana is déanaí atá caite.

6.   Mar chuid de na rialuithe bliantúla, déanfaidh na Ballstáit faireachán ar chumas institiúidí monaí euro a fhíordheimhniú ar bhonn an méid seo a leanas:

(a)

go bhfuil beartas scríofa ann ina soláthraítear treoracha a bhaineann le trealamh uathoibríoch mona-phróiseála a úsáid nó le sórtáil láimhe, de réir mar is iomchuí;

(b)

leithdháileadh acmhainní daonna iomchuí;

(c)

go bhfuil plean cothabhála scríofa ann atá ceaptha chun meaisíní mona-phróiseála a choimeád ag a leibhéal feidhmíochta iomchuí;

(d)

go bhfuil nósanna imeachta scríofa ann maidir le monaí euro góchumtha, monaí euro atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta agus rudaí eile a bhfuil cuma monaí euro orthu agus nach gcomhlíonann sonraíochtaí monaí fíorchearta euro, a thabhairt suas don údarás náisiúnta ainmnithe; agus

(e)

go bhfuil nósanna imeachta rialaithe inmheánacha ann ina dtuairiscítear rialacha mionsonraithe agus minicíocht na rialuithe atá le cur i gcrích ag institiúidí chun a áirithiú go ndéanfaidh a lárionaid sórtála agus a bpearsanra de réir na dtreoracha a leagtar amach sa mhír seo.

7.   I gcás ina mbraithfidh Ballstát nach bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh, glacfaidh an institiúid lena mbaineann na bearta chun a áirithiú go ndéantar an neamhchomhlíonadh a réiteach go pras.

Airteagal 7

Forálacha teicniúla

Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfaidh an LETE, laistigh d’amscála réasúnach agus tar éis dul i gcomhairle leis an GSMG, sainiú ar na sonraíochtaí teicniúla don tástáil um brath, mar aon le forálacha cur chun feidhme praiticiúla eile, amhail cleachtais oiliúna, tréimhse bailíochta na hachoimre ar an tuarascáil maidir leis an tástáil um brath, an fhaisnéis atá le háireamh sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 5(2), na treoirlínte a bhaineann le rialuithe, le seiceálacha agus le hiniúchadh ag na Ballstáit, na rialacha maidir le neamhchomhlíonadh a réiteach, agus na tairseacha ábhartha maidir le glacadh le monaí fíorchearta.

CAIBIDIL III

MONAÍ EURO ATÁ MÍ-OIRIÚNACH LE HAGHAIDH CÚRSAÍOCHTA A LÁIMHSEÁIL

Airteagal 8

Monaí euro atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta tharraingt siar agus cúiteamh a thabhairt ina leith

1.   Déanfaidh na Ballstáit monaí euro atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta a tharraingt siar ó chúrsaíocht.

2.   Déanfaidh na Ballstáit monaí euro atá tar éis teacht chun bheith mí-oiriúnach mar thoradh ar chúrsaíocht le tamall fada nó ar thionóisc, nó ar diúltaíodh dóibh ar aon chúis eile le linn an nós imeachta fíordheimhniúcháin, a chúiteamh nó a athsholáthar. Féadfaidh na Ballstáit cúiteamh a dhiúltú i gcás monaí euro atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta agus a athraíodh d’aon ghnó nó trí phróiseas a bhféadfaí a bheith ag súil leis le réasún go ndéanfaí iad a athrú leis an bpróiseas sin, d’ainneoin cúitimh ar mhonaí a bhailítear chun críoch carthanachta, amhail “monaí fuaráin”.

3.   Tar éis dóibh monaí euro atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta a tharraingt siar, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar iad a dhíothú, trí iad a dhífhoirmiú go fisiciúil agus go buan, ionas nach féidir na monaí sin a chur ar ais i gcúrsaíocht arís nó nach féidir iad a thabhairt suas chun cúiteamh a fháil ina leith.

Airteagal 9

Táillí láimhseála

1.   Féadfar táille láimhseála 5 % de luach ainmniúil na monaí euro arna dtabhairt suas mar mhonaí atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta a choinneáil siar ó chúiteamh nó ó athsholáthar na monaí euro sin. I gcás ina ndéanfar an mála iomlán nó an bosca iomlán monaí a sheiceáil i gcomhréir le hAirteagal 11(2), féadfar an táille láimhseála a fhorlíonadh le táille bhreise 15 % de luach ainmniúil na monaí euro arna dtabhairt suas.

2.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le díolúintí ginearálta nó díolúintí páirteacha ó tháillí láimhseála i gcásanna ina gcomhoibreoidh na daoine nádúrtha nó na daoine dlítheanacha a thugann suas na monaí euro go dlúth agus go rialta leis an údarás náisiúnta ainmnithe maidir le monaí euro góchumtha nó monaí euro atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta a tharraingt siar ó chúrsaíocht, nó má tá na díolúintí sin ar mhaithe le leas an phobail.

3.   Déanfaidh an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach a thugann suas na monaí euro costais iompair agus costais ghaolmhara a íoc.

4.   Gan dochar don díolúine dá bhforáiltear i mír 2, déantar cainníocht uasta aon chileagraim, in aghaidh na hainmníochta, de mhonaí euro atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta a dhíolmhú gach bliain ón táille láimhseála in aghaidh an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh a thugann suas na monaí euro. Má théitear thar an teorainn sin, féadfaidh na monaí go léir a thugtar suas a bheith faoi réir táille.

5.   Más rud é, maidir le cainníocht aonair monaí a thugtar suas, go n-áirítear monaí inti a bhfuil cóireáil déanta orthu le substaintí ceimiceacha nó le substaintí guaiseacha eile go feadh méid a bhféadfaí a mheas ina leith go mbeadh riosca sláinte ag baint leo do lucht a láimhseála, déanfar na táillí a thoibhítear i gcomhréir le mír 1 a fhorlíonadh le táille bhreise a bheidh comhionann le 20 % de luach ainmniúil na monaí euro a thugtar suas.

Airteagal 10

Pacáistiú monaí euro atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta

1.   Déanfaidh an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach a mbeidh monaí euro á dtabhairt suas aige le haghaidh cúitimh nó athsholáthair, iad a shórtáil de réir ainmníochta i málaí nó i mboscaí caighdeánaithe, mar a leanas:

(a)

is é a bheidh sna málaí nó sna boscaí:

(i)

500 mona i gcás gach ceann de na hainmníochtaí EUR 2 agus EUR 1,

(ii)

1 000 mona i gcás gach ceann de na hainmníochtaí EUR 0,50 EUR 0,20 agus EUR 0,10,

(iii)

2 000 mona i gcás gach ceann de na hainmníochtaí EUR 0,05, EUR 0,02 agus EUR 0,01,

(iv)

i gcás cainníochtaí níos lú, 100 mona de ghach ainmníocht;

(b)

beidh mionsonraí sainaitheantais an duine nadúrtha nó an duine dhlítheanaigh a thugann suas na monaí euro ar gach mála nó ar gach bosca, mar aon leis an luach agus an ainmníocht atá ann, an meáchan, an dáta ar a ndearnadh an pacáistiú agus uimhir an mhála nó an bhosca; soláthróidh an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach a thugann suas na monaí euro liosta um pacáistiú ina dtabharfar forléargas ar na málaí nó na boscaí a thugtar suas; i gcás ina mbeidh monaí cóireáilte le substaintí ceimiceacha nó le substaintí guaiseacha eile, beidh dearbhú i scríbhinn ag gabháil leis na haonaid pacáistithe chaighdeánacha, ar dearbhú é ina sonrófar go baileach na substaintí a úsáideadh;

(c)

i gcás inar lú cainníocht iomlán na monaí euro atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta ná na ceanglais dá dtagraítear i bpointe (a), sórtálfar na monaí euro sin de réir ainmníochta agus féadfar iad a thabhairt suas i bpacáistiú neamhchaighdeánach.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit ceanglais éagsúla a choimeád ar bun maidir le pacáistiú, de réir mar a fhoráiltear faoina rialacha náisiúnta an 11 Eanáir 2011

Airteagal 11

Seiceáil a dhéanamh ar mhonaí euro atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta

1.   Féadfaidh na Ballstáit monaí euro atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta agus a thugtar suas a sheiceáil mar a leanas:

(a)

déanfar an chainníocht a dhearbhaítear a sheiceáil trí gach mála nó gach bosca a mheá;

(b)

déanfar fíordheimhneacht agus an chuma atá orthu a sheiceáil ar bhonn sampla ina bhfuil 10 % ar a laghad de na monaí a thugtar suas.

2.   I gcás ina sainaithneofar aimhrialtachtaí tar éis na seiceálacha dá dtagraítear i mír 1, nó ina sainaithneofar claontaí ó Airteagal 10, déanfar an mála nó an bosca iomlán a sheiceáil.

3.   I gcás inarb ionann glacadh leis na monaí euro sin nó próiseáil na monaí euro sin agus riosca sláinte don lucht láimhseála nó i gcás nach gcomhlíonann na monaí arna dtabhairt suas na caighdeáin maidir le pacáistiú agus lipéadú, féadfaidh na Ballstáit diúltú glacadh le monaí den sórt sin.

Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le bearta a ghlacadh i leith na ndaoine nádúrtha agus na ndaoine dlítheanacha a bheidh tar éis monaí, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, a thabhairt suas.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 12

Tuairisciú, cumarsáid agus meastóireacht

1.   Cuirfidh na Ballstáit tuarascálacha faoi bhráid an Choimisiúin go bliantúil maidir lena ngníomhaíochtaí i leith fíordheimhniúcháin monaí euro. Áireofar leis an bhfaisnéis a sholáthrófar líon na rialuithe a cuireadh i gcrích de bhun Airteagal 6(2) agus líon na meaisíní mona-phróiseála a seiceáladh, torthaí na dtástálacha, líon na monaí a próiseáladh leis na meaisíní sin, líon na monaí a anailísíodh a bhfuil drochamhras ann ina leith go bhfuil siad góchumtha agus líon na monaí euro a bhí mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta agus a cúitíodh, chomh maith le mionsonraí faoi aon mhaoluithe dá bhforáiltear faoi Airteagal 4(2) nó faoi Airteagal 6(5).

2.   Chun a chumasú do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo ag institiúidí, déanfaidh na hinstitiúidí an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, a sholáthar do na Ballstáit uair amháin sa bhliain ar a laghad, má iarrtar amhlaidh:

(a)

cineálacha agus líon na meaisíní mona-phróiseála a úsáidtear;

(b)

suíomh gach meaisín mona-phróiseála; agus

(c)

líon na monaí a próiseáladh in aghaidh an mheaisín mona-phróiseála, in aghaidh na bliana agus in aghaidh na hainmníochta, do na trí ainmníocht is airde ar a laghad.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faisnéis a bhaineann leis na húdaráis a ainmnítear le haghaidh monaí euro a chúiteamh nó a athsholáthar agus faisnéis a bhaineann le rialacha mionsonraithe sonracha, amhail ceanglais maidir le pacáistiú agus táillí, a chur ar fáil ar na láithreáin ghréasáin iomchuí agus trí na foilseacháin iomchuí.

4.   Tar éis anailís a dhéanamh ar na tuarascálacha a gheofar ó na Ballstáit, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil don Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais maidir le forbairtí agus torthaí a bhaineann le fíordheimhniú monaí euro agus monaí euro atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta.

5.   Tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin 30 Meitheamh 2014 faoi oibriú agus faoi iarmhairtí an Rialacháin seo. Más iomchuí, féadfaidh tograí le haghaidh reachtaíochta a bheith ag gabháil leis an tuarascáil sin, ar tograí iad chun an Rialachán seo a chur chun feidhme ar mhodh níos mionsonraithe nó chun é a leasú, go háirithe i leith Airteagal 6 agus Airteagal 8.

Airteagal 13

Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis a bheidh infheidhme i leith sáruithe ar an Rialachán seo agus déanfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go ndéanfar iad a chur chun feidhme. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Airteagal 14

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2012, cé is moite de Chaibidil III, a mbeidh feidhm aici ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 15 Nollaig 2010.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

O. CHASTEL


(1)  IO C 284, 25.11.2009, lch. 6.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Meán Fómhair 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 29 Samhain 2010.

(3)  IO L 181, 4.7.2001, lch. 6.

(4)  IO L 184, 15.7.2005, lch. 60.

(5)  IO L 19, 21.1.2005, lch. 73.


22.12.2010   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/6


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1211/2010 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Nollaig 2010

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ba cheart go mbeadh comhdhéanamh na liostaí tríú tíortha agus críocha in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle (2) ar comhréir leis na critéir atá leagtha síos in Aithris 5 den Rialachán sin, agus ba cheart go bhfanfadh sé ar comhréir leis na critéir sin. Maidir le tríú tíortha nó críocha a bhfuil athrú tagtha ar a staid maidir leis na critéir sin, ba cheart iad a aistriú ó Iarscríbhinn amháin go dtí an Iarscríbhinn eile.

(2)

Níl aon chosaint ann a thuilleadh maidir le ceanglas víosa a fhorchur ar shaoránaigh na Téaváine ós rud é, go háirithe, nach bhfuil riosca inimirce mídhleathaí nó bagairt ar bheartas poiblí don Aontas ag baint leis an gcríoch, agus i bhfianaise caidreamh seachtrach, i gcomhréir leis na critéir atá leagtha amach in Aithris 5 de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001. Dá dhroim sin, ba cheart an tagairt don chríoch sin a aistriú chuig Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag léirscaoileadh víosa maidir le sealbhóirí pasanna arna n-eisiúint ag an Téaváin ar pasanna iad a bhfuil uimhir chárta aitheantais orthu, agus maidir leo sin amháin.

(3)

Ba cheart tagairt do na hOileáin Mháirianacha Thuaidh a scriosadh ó Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001, ós rud é go bhfuil saoránaigh na críche atá i dtrácht, mar shealbhóirí pasanna na Stát Aontaithe, ina saoránaigh de chuid na Stát Aontaithe ar tír í, atá liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin.

(4)

Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (3), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (B), de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin (4).

(5)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (5), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (B) agus pointe (C), de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (6).

(6)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail a síníodh idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (B) agus pointe (C) de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/261/CE ón gComhairle (7).

(7)

Is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann an Ríocht Aontaithe páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen (8); dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(8)

Is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann Éire páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen (9); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(9)

Maidir leis an gCipir, is é atá sa Rialachán seo ná gníomh lena gcuirtear le acquis Schengen nó a bhfuil baint ar shlí eile aige le acquis Schengen de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003.

(10)

Is é atá sa Rialachán seo ná gníomh lena gcuirtear le acquis Schengen nó a bhfuil baint ar shlí eile aige le acquis Schengen de réir bhrí Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2005,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 leis seo mar a leanas:

1.

Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

i gCuid 1, scriostar an tagairt do na hOileáin Mháirianacha Thuaidh;

(b)

i gCuid 2, scriostar an tagairt don Téaváin.

2.

In Iarscríbhinn II, cuirtear isteach an méid seo a leanas:

“4.

EINTITIS AGUS ÚDARÁIS CHRÍCHE NACH bhFUIL AITHEANTA MAR STÁIT AG BALLSTÁT AMHÁIN AR A LAGHAD:

An Téaváin (10)

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile is go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 15 Nollaig 2010.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

O. CHASTEL


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Samhain 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 25 Samhain 2010.

(2)  IO L 81, 21.3.2001, lch. 1.

(3)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 2.

(4)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 31.

(5)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(6)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 1.

(7)  IO L 83, 26.3.2008, lch. 3.

(8)  IO L 131, 1.6.2000, lch. 43.

(9)  IO L 64, 07.3.2002, lch. 20.

(10)  Tá feidhm ag an díolúine ón gceanglas víosa maidir le sealbhóirí pasanna arna n-eisiúint ag an Téaváin ar pasanna iad a bhfuil uimhir chárta aitheantais orthu, agus maidir leo sin amháin.”.