Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/2624 |
22.4.2024 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 28 Feabhra 2024 – Mincu Pătrașcu Brâncuși v Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh
(Cás T-385/23) (1)
(Caingean le haghaidh neamhniú - Cinneadh ó Bhuan-Dhlísheomra Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh cás a thabhairt chun breithiúnais - Airteagal 42(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2017/1939 - Gníomh nós imeachta Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh - Easpa dlínse)
(C/2024/2624)
Teanga an cháis: an Rómáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Constantin Mincu Pătrașcu Brâncuși (Búcairist, an Rómáin) (ionadaithe: A. Şandru agus M.-A. Ion, Dlíodóirí)
Cosantóir : Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (ionadaithe: L. De Matteis, F.-R. Radu agus E. Farhat, Gníomhairí)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón Deichiú Buan-Dhlísheomra d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh an 8 Nollaig 2022, lenar tarchuireadh an cás a bhaineann leis chun breithiúnais, ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
2) |
Ní gá rialú a dhéanamh ar na hiarratais ar idiragairt ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh, ón gCoimisiún Eorpach, ó Pharlaimint na hEorpa agus ó European Criminal Bar Association (ECBA). |
3) |
Ordaítear do Constantin Mincu Pătrașcu Brâncuși a chostais féin, chomh maith leis na costais arna dtabhú ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, a íoc, ach amháin na costais a bhaineann leis na hiarratais ar idiragairt. |
4) |
Ordaítear do Mincu Pătrașcu Brâncuși, an Chomhairle, an Coimisiún, an Pharlaimint agus ECBA a gcostas féin, a bhaineann leis na hiarratais ar idiragairt, a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2624/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)