European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/2483

23.4.2024

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Pacáiste Faoisimh do FBManna

(COM(2023) 535 final)

(C/2024/2483)

Rapóirtéir:

Alena MASTANTUONO

Comhrapóirtéir:

Angelo PAGLIARA

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 21/12/2023

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

An rannóg atá freagrach

An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Dáta a glactha sa rannóg

29/1/2024

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

14/2/2024

Seisiún iomlánach Uimh.

586

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

193/0/2

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an Pacáiste Faoisimh do FBManna mar iarracht chun fiontair bheaga agus mheanmhéide (FBManna) a chur i gcroílár na reachtaíochta Eorpaí agus i gcroílár straitéisí, pléití agus gníomhaíochtaí Eorpacha a thacaíonn leis an iomaíochas. Cé gur geal le CESE go bhfuil gealltanas athnuaite tugtha ag an gCoimisiún Eorpach don phrionsabal ‘tús áite d’fhiontair bheaga’, ba cheart gníomhaíochtaí nithiúla a bheith mar thoradh ar an ngealltanas sin. Ba cheart an méid sin a bheith ina thosaíocht ag an gcéad Choimisiún eile agus go gcoinneoidh sé an gealltanas céanna.

1.2.

Cé go n-aithníonn CESE an teachtaireacht pholaitiúil atá taobh thiar den tionscnamh, tá ceisteanna fós ann nach mór aghaidh a thabhairt orthu fós trí ghníomhaíochtaí praiticiúla chun timpeallacht athléimneach agus dhinimiciúil a chruthú do FBManna. Ní mór rannchuidiú FBManna leis an bhfíorgheilleagar a aithint i gcomhthráth le formhuiniú phrionsabail na rialála níos fearr. I dtaca leis sin, tugtar dea-shampla sa Phacáiste Faoisimh do FBManna le ceapachán Toscaire AE na FBManna agus leis an tiomantas don ualach rialála a laghdú san fhadtéarma.

1.3.

Molann CESE d’institiúidí an Aontais dul i ngleic leis na bacainní leanúnacha ar ghnó a dhéanamh ar fud an mhargaidh aonair. Tá sé sin ríthábhachtach i gcónaí chun barainneachtaí scála, fás, cruthú fostaíochta ardcháilíochta, agus infheistíochtaí a chumasú. Le reachtaíocht an Aontais, is rómhinic a cheadaítear trasuí difreáilte ar fud Bhallstáit an Aontais agus níl údarás ar bith ag beartas forfheidhmithe an Choimisiúin ar na Ballstáit sin a thugann rialacha náisiúnta nó ceanglais riaracháin isteach a mbíonn ilroinnt an mhargaidh mar thoradh orthu.

1.4.

Is é barúil CESE gur cheart féachaint chuige go mbeidh sé níos fusa ag FBManna rochtain a fháil ar acmhainní airgeadais, bíodh sin trí dheontais, trí iasachtaí nó trí ionstraimí airgeadais eile, agus cúnamh saincheaptha a bheith ar fáil freisin. Iarrann sé ar an gCoimisiún freisin na bearta uile is gá a chur i bhfeidhm d’fhonn FBManna a dhreasú chun iad féin a iompar go freagrach agus rochtain á fáil acu ar chistiú ón Aontas.

1.5.

Leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé reachtaíocht atá fabhrach do ghnólachtaí a áirithiú, reachtaíocht a thugann léiriú cruinn ar na deacrachtaí atá os comhair FBManna agus cuideachtaí móra agus ar a dhifriúla atá na dúshláin a bhíonn le sárú acu. Is den tábhacht é go n-urramódh gnólachtaí cearta sóisialta agus rialacha sláinte agus sábháilteachta agus a ngnólachtaí á reáchtáil acu agus go mbeidís in ann leas a bhaint as an acmhainneacht iontu féin chun cur leis an bhforbairt inbhuanaithe. San am céanna, má tá siad chun a n-acmhainneacht a chur chun lántairbhe, ní mór na coinníollacha is gá a bheith ann chuige sin.

2.   Cúlra na tuairime

2.1.

Foilsíodh an Teachtaireacht maidir leis an bPacáiste Faoisimh do FBManna an 12 Meán Fómhair 2023 agus áirítear inti:

Togra le haghaidh Rialachán maidir le híocaíochtaí déanacha (1);

Togra le haghaidh Treoir maidir le simpliú cánach do FBManna (2); agus

sraith beart chun cúrsaí a dhéanamh níos éasca do FBManna, chun rochtain ar mhaoiniú agus ar lucht saothair oilte a fheabhsú, agus chun tacaíocht a thabhairt do FBManna ar feadh a saolré gnó.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Ar an iomlán, is díol sásaimh do CESE teachtaireacht pholaitiúil an Choimisiúin atá taobh thiar den Phacáiste Faoisimh do FBManna. Ba cheart FBManna a chur i gcroílár gach gníomhaíochta reachtaí, ós rud é gurb iad an chomhpháirt is tábhachtaí de thionscal agus de gheilleagar na hEorpa iad. Is ionann na 24 mhilliún FBM Eorpach agus 99 % de na gnólachtaí go léir san Aontas, agus is micrifhiontair a bhformhór, agus soláthraíonn siad dhá thrian den fhostaíocht san earnáil phríobháideach san Aontas.

3.2.

Tá CESE den tuairim gur den tábhacht é go n-urramódh FBManna na cearta sóisialta agus ngnólachtaí á reáchtáil acu agus go dtabharfaí deis dóibh leas a bhaint as an acmhainneacht iontu féin chun cur leis an bhforbairt inbhuanaithe. San am céanna, ní mór do reachtóirí timpeallacht a chruthú ina mbeidh rochtain éasca ar mhaoiniú, fuinneamh inacmhainne agus lucht saothair oilte a bheidh ullamh don aistriú glas agus don aistriú digiteach.

3.3.

Dar le Suirbhé Eacnamaíoch Eurochambres 2024, atá bunaithe ar fhreagairtí ó níos mó ná 43 000 fiontraí ar fud na hEorpa (ar úinéirí FBManna iad 95 % díobh), is iad foinsiú fuinnimh agus amhábhar, costais saothair agus ganntanas lucht saothair oilte na príomhdhúshláin atá rompu in 2024. Ina fhianaise sin, is ríléir go bhfuil gá le gníomhaíocht pholaitiúil má táthar chun éiginnteacht i measc an phobail ghnó a laghdú agus intuarthacht agus athléimneacht gheilleagar na hEorpa a fheabhsú. De ghrá iomaíocht éagórach a sheachaint, tá CESE ag iarraidh go mbeadh dreasachtaí ann chun iompar freagrach gnó a chur chun cinn.

3.4.

Ar an ábhar sin, is díol sásaimh do CESE go bhfuil sé de rún ag an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar chuid de na gnéithe sin faoi scáth na Teachtaireachta maidir leis an bPacáiste Faoisimh do FBManna. Ní hamháin go bhfuil an-bhéim á cur aige ar fheabhsú an chreata rialála, tá gealltanas athnuaite tugtha aige freisin chun an prionsabal ‘tús áite do FBManna’ a chur i bhfeidhm go córasach agus an rómhaorlathas a laghdú. Is cúis mhór imní an méid sin leis na blianta agus ba cheart do na comhreachtóirí Eorpacha an reachtaíocht a fhorbairt a thuilleadh agus í a chur in oiriúint do riachtanais FBManna.

3.5.

Rud eile a bhfuil béim níos mó á cur air sa Teachtaireacht is ea an digitiú ar mhaithe le nósanna imeachta a shimpliú. Is gá an comhlíonadh agus rialuithe a fheabhsú agus féachaint chuige go mbeidh FBManna in ann coinneáil suas gan brú gan gá a chur orthu féin. Cé gur léir gur fiú go mór modhanna agus nósanna imeachta a dhigitiú, is minic deacrachtaí ag FBManna dul le próisis den sórt sin mar gheall ar acmhainní agus dreasachtaí airgeadais teoranta. Ba cheart an digiteáil a chur chun cinn gan í a bhrú ar FBManna.

3.6.

Aithníonn CESE, ar an drochuair, nach líne tarrthála do chuideachtaí atá sa phacáiste, agus nach mbeidh ach tionchar teoranta agus moillithe ar ghnólachtaí ag an líon beag gníomhaíochtaí nua a leagtar amach ann.

3.7.

Cuireann CESE i bhfáth gur cheart samhail an gheilleagair shóisialta Eorpaigh a chur san áireamh sna réitigh atá á lorg chun dul i ngleic leis na dúshláin roimh ghnólachtaí Eorpacha. Is den tábhacht an t-idirphlé shóisialta a chothú agus an chomhargáil a áirithiú más uainn cothromaíocht a bhaint amach idir mianta eacnamaíocha agus sóisialta agus an mhí-oiriúnacht a laghdú.

3.8.

Tá CESE ag iarraidh go gcruthófar coinníollacha fabhracha a chuirfidh ar chumas gnólachtaí Eorpacha rochtain a fháil ar mhaoiniú agus daoine a fhostú agus an tsláinte agus an tsábháilteacht ag an obair a urramú ag an am céanna. Chuige sin, iarrann sé freisin go dtabharfaí tuilleadh tacaíochta do FBManna agus do bhearta chun gur fusa a bheidh sé reachtaíocht maidir leis an tsláinte, an tsábháilteacht agus cosaint an chomhshaoil a urramú. Is tábhachtach an méid sin chun timpistí ag an obair agus damáiste don tsláinte a bhaineann leis an obair a sheachaint.

3.9.

Níl CESE ach ag cur in iúl an athuair nach mór na straitéisí tionsclaíochta, fuinnimh agus aeráide a chur ag luí le chéile. Cuireann sé in iúl freisin nach mór don Aontas gealltanas a thabhairt maidir le clár uaillmhianach chun dul i ngleic leis na bacainní arb ann dóibh fós sa mhargadh aonair ar mhaithe le barainneachtaí scála, fás agus infheistíocht a chumasú.

4.   Barúlacha sonracha

4.1.

Faoi Ghníomhaíocht 1 de na gníomhaíochtaí a leagtar amach sa Teachtaireacht, tá treoir maidir le simpliú cánach á moladh ag an gCoimisiún. Ar an iomlán, is díol sásaimh do CESE na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun ualaí CBL i ngníomhaíochtaí trasteorann a shimpliú agus a laghdú. Tugann CESE dá aire, áfach, nach mór níos mó a dhéanamh chun bacainní fadtéarmacha eile a bhaint. Leis an ilroinnt ar fud an mhargaidh aonair agus na rialacha náisiúnta éagsúla maidir le hearraí agus seirbhísí, tá ualach suntasach ar ghnólachtaí.

4.2.

Is díol sásaimh do CESE go bhfuil an Coimisiún tiomanta d’fhorálacha faoi leith atá fabhrach do FBManna a chur san áireamh ar bhonn córasach i dtograí reachtacha nua, mar a leagtar amach faoi Ghníomhaíocht 2. Tá an tástáil FBM ríthábhachtach chun córas rialála atá curtha in oiriúint do FBManna a áirithiú agus is gá í a úsáid mar is ceart d’fhonn a éifeachtaí atá sí a chruthú. Ní mór meastóireacht chuimsitheach a dhéanamh ar thionchar gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme ar FBManna.

4.3.

Beidh sé ríthábhachtach an tástáil FBM a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach agus ar ardchaighdeán. Ní mór do sheirbhísí an Choimisiúin riachtanais FBManna a chur san áireamh go luath sa phróiseas measúnaithe tionchair. Ba cheart é a dhéanamh go córasach, chun go mbeidh na comhpháirtithe sóisialta agus na heagraíochtaí gnó rannpháirteach ar bhonn níos cuimsithí. Ba chóir idirdhealú a dhéanamh idir FBManna in aicmí méide éagsúla sna measúnuithe tionchair agus éifeacht indíreach na mbeartas (lena n-áirítear saincheisteanna sóisialta) a mheasúnú.

4.4.

Is gá reachtóireacht níos fearr a bhaint amach trí dheireadh a chur le hualaí nach bhfuil gá leo agus arb iad na tograí is cúis leo, agus sin a dhéanamh gan aon chaighdeáin shóisialta ná chomhshaoil a ísliú. Cuireann CESE i bhfios go mbeadh sé ina chuidiú úsáid níos fearr a bhaint as na huirlisí atá ann cheana chun an rómhaorlathas a sheachaint. Mar shampla, d’fhéadfaí na hoibleagáidí ar fad a thiocfadh as aon togra reachtach a shonrú, rud a chabhródh, inter alia, le tuiscint níos fearr a thabhairt ar an ualach carnach a bheadh i gceist leis. Molann CESE don Choimisiún leas a bhaint as uirlisí digiteacha chun an t-ualach riaracháin féideartha a thomhas agus forluí maidir le hoibleagáidí agus bearta contrártha a sheachaint. Go sonrach, tathantaíonn sé ar an gCoimisiún na hoibleagáidí atá ar chuideachtaí cheana a mhapáil agus clár um laghdú an ualaigh ar ghnólachtaí a chur chun feidhme gan mhoill trí pháirt ghníomhach a thabhairt do chomhpháirtithe sóisialta Eorpacha agus d’eagraíochtaí gnó Eorpacha.

4.5.

Is díol sásaimh do CESE ceapadh Thoscaire AE na FBManna agus an moladh ról a thabhairt don Toscaire in éisteachtaí an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála. Tá sé á iarraidh go dtabharfaidh an Toscaire AE tuairisc ar thoradh éisteachtaí an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála ag Comhairle Iomaíochais an Aontais agus ag na cruinnithe le Toscairí náisiúnta na FBManna agus leis na comhpháirtithe sóisialta. Ní mór don Choimisiún a áirithiú go mbeidh cúlra fiontraíochta agus tacar dea-shainithe inniúlachtaí agus freagrachtaí ag an duine don téarma atá le teacht (2024-2029) agus go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ag gabháil leis an bpost ó thaobh foirne agus tacaíocht airgeadais de. Ba cheart cur leis na bealaí cumarsáide idir Toscairí náisiúnta na FBManna agus pobal na FBManna i ngach Ballstát. Ní foláir idirphlé rialta struchtúrtha le heagraíochtaí gnó agus le comhpháirtithe sóisialta a chur chun cinn d’fhonn sineirgí a threisiú agus cur chun feidhme beartas níos comhleanúnaí a chinntiú.

4.6.

I ndáil le Gníomhaíocht 5, cuireann CESE in iúl nach mór do Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus do Pharlaimint na hEorpa, ag tosú dóibh láithreach, measúnuithe tionchair a dhéanamh ar leasuithe suntasacha a dhéantar ar thograí ón gCoimisiún. Cuireann CESE i bhfáth nach leor an rannpháirtíocht sin a bheith ina gealltanas ach nár mhór í a chinntiú ar bhonn córasach. Tugann athruithe suntasacha ar thograí ón gCoimisiún le fios go mbeidh athruithe suntasacha ar an toradh a mheastar a bheidh ann.

4.7.

A mhéid a bhaineann le Gníomhaíocht 7, measann CESE go bhfuil gealladh faoin smaoineamh boscaí gainimh rialála a úsáid ach nach mór dóibh cloí le caighdeáin shóisialta agus chomhshaoil. Ní mór spás tástála agus trialach a bheith ag cuideachtaí sula ndéanfaidh siad infheistíocht. Cuireann CESE i bhfáth nach mór, faoin mbeartas nuálaíochta, cur chuige il-gheallsealbhóirí a ghlacadh ina mbeidh baint ag FBManna, ag an tsochaí shibhialta agus ag eagraíochtaí ábhartha eile rannpháirteach le hábhar na mboscaí gainimh rialála a shainiú. Is iad riachtanais na gcuideachtaí an critéar is mó tábhacht i dtaca le húsáid mhaith na mboscaí gainimh. Ba chóir sineirgí a chruthú i gcláir an Aontais agus ba cheart go rachadh deiseanna mar sin chun sochair do phobal na FBManna ós colún riachtanach d’éiceachórais taighde agus nuálaíochta na hEorpa é. Ní mór trédhearcacht agus neodracht iomaíoch a ráthú, go háirithe maidir le roghnú neamh-idirdhealaitheach rannpháirtithe. Ó tharla go bhfuil úsáid boscaí gainimh rialála le haghaidh tionscail aeráidneodracha agus cineálacha nua fiontraíochta soch-chomhshaoil á gcur chun cinn agus tástáil á déanamh ar shamhlacha gnó malartacha lena gcuirtear daonlathas níos fearr chun cinn, leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé an méid sin ar fad a chur ar fáil do ghnólachtaí i ngach earnáil eacnamaíoch.

4.8.

Baineann Gníomhaíocht 8 le seoladh an chórais theicniúil aonuaire (OOTS) faoi dheireadh 2023 agus le raon feidhme níos leithne an phointe rochtana aonair digitigh. Cuireann CESE i bhfios go bhfuil ríthábhacht don gheilleagar ina iomláine seachas don aistriú digiteach amháin le hiarrachtaí chun borradh a chur faoin digiteáil ar mhaithe le nósanna imeachta riaracháin a laghdú agus a shimpliú trí sheirbhísí poiblí san Eoraip a idirnascadh. Cuireann sé i bhfáth go mbraitheann éifeachtacht an phointe rochtana aonair dhigitigh ar ullmhacht agus acmhainneacht na mBallstát cur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a chur i bhfeidhm. Ina theannta sin, cuireann sé i bhfáth go gcaithfidh níos mó ná simpliú a bheith i gceist le digiteáil na gcóras slándála sóisialta, ach nach mór feabhas a chur ar an gcomhar agus ar an bhforfheidhmiú trasteorann agus ar an gcomhrac i gcoinne na calaoise.

4.9.

Tá CESE ag iarraidh ar institiúidí an Aontais agus ar na Ballstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí maidir leis an digiteáil, agus glacadh réiteach soláimhsithe a chur chun cinn. D’fhéadfaí an iliomad céimeanna den rialáil a shimpliú a bhuí le huirlisí digiteacha. Molann CESE, mar shampla, feidhmchlár a chruthú chun luach saothair na dtiománaithe ar postú a ríomh i bhfíor-am agus uimhir aonair CBL Eorpach a chruthú lena cur in ionad CBL digiteach. Mar sin féin, tá go leor fós le déanamh maidir le haitheantas don ríomhshonrascadh ar fud an Aontais.

4.10.

I nGníomhaíocht 9, tagraíonn an Coimisiún don tacar tograí a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair 2023 chun na ceanglais tuairiscithe a chuíchóiriú chun an sprioc maidir le laghdú 25 % ar thuairisciú a bhaint amach. Measann CESE gur céim thosaigh é sin sa treo ceart. Mar sin féin, beidh cur chuige i bhfad níos uaillmhianaí ag teastáil chun an t-ualach rialála ar ghnólachtaí Eorpacha a mhaolú. San am céanna, molann CESE nach ndéanfaidh an laghdú ar thuairisciú dochar do ghnóthú spriocanna nithiúla sóisialta agus comhshaoil.

4.11.

Tá CESE go mór i bhfách le haon iarracht chun dul i ngleic le híocaíochtaí déanacha mar a leagtar amach faoi Ghníomhaíocht 10. Trí íocaíochtaí a dhéanamh in am, cuirtear le timpeallacht eacnamaíoch níos sláintiúla agus doimhnítear an margadh aonair, rud is cuspóir straitéiseach é. Sainaithníonn CESE freisin go mbaineann dhá mhórfhadhb ghinearálta le híocaíochtaí déanacha: ar an gcéad dul síos, forfheidhmiú na rialacha atá ann faoi láthair; agus, ar an dara dul síos, íocaíochtaí déanacha ó údaráis phoiblí. A bhuí le bearta nithiúla chun dul i ngleic leis na gnéithe sin de na rialacha atá ann faoi láthair, cuirfear athrú cultúrtha chun cinn i dtreo íocaíochtaí prasa.

4.12.

De réir Ghníomhaíocht 11, spreagfaidh an Coimisiún na Ballstáit, trí struchtúr rialachais ábhartha InvestEU, acmhainní breise a leithdháileadh ar urranna náisiúnta InvestEU agus ranníocaíochtaí na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta le InvestEU a éascú trí threoraíocht bhreise a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm an phrionsabail ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’. Go háirithe, leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh athbhreithniú meántéarma 2023 ar CAI 2021-2027, ba cheart FBManna a chur ina chroílár agus sin a dhéanamh gan na cistí atá ann cheana le haghaidh FBManna Eorpacha a laghdú. Molann CESE do na Ballstáit an méadú ar bhuiséad InvestEU a fhormheas, i bhfianaise a rathúla atá sé. Ar deireadh, cuirtear i bhfios i meastóireacht mheántéarma CESE ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (4) mar a chuireann rómhaorlathas agus reachtaíocht a mbaineann ualach trom léi teorainn shuntasach le leithdháileadh éifeachtúil cistí ar thionscadail ghlasa agus dhigiteacha faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Dar le CESE nár cheart go ndéanfadh cruthú nó neartú timpeallacht fhabhrach ghnó do FBManna dochar do chearta an duine ná don chomhshaol. San am céanna, molann CESE go mbeadh coinníollacha sonracha ann, maille le dreasachtaí atá nasctha le hurraim FBManna do chearta an duine, d’obair chuibhiúil agus don inbhuanaitheacht.

4.13.

Tacaíonn CESE le Gníomhaíocht 12 chun saoráid phíolótach de thart ar EUR 300 milliún a sheoladh chun go mbeidh gníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin in ann tacú le FBManna agus iad ag trádáil leis an Úcráin. Iarrann CESE freisin go gcuirfear dlús leis an obair ar straitéis Eorpach le haghaidh creidmheasanna onnmhairiúcháin chun tairiscint (ráthaíocht) onnmhairiúcháin níos éifeachtaí agus níos comhsheasmhaí a chur ar fáil ar fud an Aontais, ag díriú ar réitigh a d’fhéadfadh freastal ar riachtanais FBManna freisin.

4.14.

Is é is aidhm do Ghníomhaíocht 13 feabhas a chur rannpháirtíocht FBManna sa soláthar poiblí. Is díol sásaimh do CESE go háirithe an ghníomhaíocht sin, ós rud é gur minic bacainní suntasacha roimh FBManna maidir le tairiscintí a dhéanamh le haghaidh conarthaí soláthair phoiblí agus na conarthaí a bhuachan: próisis tairisceana a bhíonn fada agus deacair, easpa eolais faoi chonarthaí atá ar na bacáin, neamhshiméadracht faisnéise idir fiontair mhóra agus fiontair bheaga, acmhainní teoranta, íocaíochtaí déanacha ó údaráis phoiblí agus easpa taithí ar thairiscintí a dhéanamh ar chonarthaí, i measc nithe eile. D’fhonn é a dhéanamh níos éasca do FBManna rochtain a fháil ar thairiscintí, molann CESE soláthairtí poiblí a roinnt ina mbearta. Tugann CESE dá aire gur cheart rochtain ar an soláthar poiblí a bheith ar fáil dóibh siúd a bhíonn ag gabháil d’iompar freagrach ina n-oibríochtaí gnó, lena n-áirítear maidir le hobair chuibhiúil agus le sláinte agus sábháilteacht na n-oibrithe.

4.15.

Moltar i nGníomhaíocht 14 go n-áiritheofar go mbeidh creat simplí agus caighdeánaithe ann do FBManna chun gur féidir leo tuairisc a thabhairt ar shaincheisteanna comhshaoil, sóisialta agus rialachais. Ba cheart díriú go príomha ar chlaochlú gach fiontair ar leith a bhainistiú. D’fhéadfaí na ceanglais sin a chomhlíonadh leis na caighdeáin dheonacha FBM atá á moladh ag an nGrúpa Comhairleach Eorpach um Thuairisciú Airgeadais agus ba cheart iad a fhorbairt tuilleadh dá réir. I ndáil leis an méid sin, tarraingíonn CESE aird ar an tuairim uaidh maidir le Rialachas corparáideach inbhuanaithe (5).

4.16.

Faoi Ghníomhaíocht 15, molann an Coimisiún go n-oibreofaí i dtreo caighdeán nó sainmhíniú ar iasachtaí glasa, go háirithe do FBManna. Cuireann CESE i bhfáth nach mór na ceanglais a fhorbrófar maidir le hiasachtaí glasa a bheith i gcomhréir le méid na gcuideachtaí, agus nach bhfuil cur chuige ‘a oireann do chách’ iomchuí i gcás FBManna. Ina theannta sin, ba cheart na ceanglais a chur ag luí leis an gcreat sonraí sa chaighdeán deonach FBM.

4.17.

Maidir leis an measúnú atá beartaithe ar oiriúnú an chóimheasa sócmhainní glasa atá fabhrach do FBManna dá dtagraítear i nGníomhaíocht 15, aontaíonn CESE a thábhachtaí atá sé an t-athbhreithniú sin a dhéanamh i mí an Mheithimh 2024. Aithnítear go bhfuil breithnithe ann maidir leis an tacsanomaíocht a shimpliú do FBManna. Mar sin féin, tá amhras suntasach fós ann faoinar féidir í a shimpliú ar bhealach a bheidh indéanta do FBManna. Baineann costas ard le hiasachtaí inbhuanaithe a thairiscint do FBManna mar gheall ar mhéideanna níos lú. Chun an méadú suntasach is gá ar infheistíochtaí a chur chun cinn, beidh dreasachtaí airgeadais fíor-riachtanach. D’fhéadfaí a áireamh orthu sin: ceanglais chaipitil laghdaithe, iasachtaí inbhuanaithe le FBManna a urrúsú, cistí poiblí chun caillteanais tosaigh a chumhdach nó iad a úsáid mar chomhthaobhacht san Eurochóras, agus an lucht saothair a choinneáil. Tugann CESE le fios freisin nach féidir le FBManna na ceanglais tuairiscithe tacsanomaíochta il-leibhéil a chomhlíonadh, agus nár cheart ar an ábhar sin iad a áireamh a thuilleadh in ainmneoir an chóimheasa sócmhainní glasa. Dá gceapfaí cóimheas sócmhainní glasa go sonrach do na FBManna, d’fhéadfaí an claochlú a chothú in earnáil na FBManna, dá mbunófaí é ar chreat soiléir solúbtha um an aistriú glas agus um maoiniú na FBManna de chuid an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh.

4.18.

Is díol sásaimh do CESE go bhfuil iarracht á déanamh chun gur fearr a aithneofar cáilíochtaí agus scileanna náisiúnach tríú tír ar mhaithe leis na bearnaí scileanna i margadh saothair an Aontais a laghdú, mar a luaitear i nGníomhaíocht 16. Tá easpa lucht saothair oilte ar cheann de na dúshláin is mó roimh ghnólachtaí na hEorpa. I bhfianaise daonra na hEorpa a bheith ag dul in aois, is léir go bhfuil imirce dhea-bhainistithe ag teastáil, agus nach mór inniúlachtaí na mBallstát i dtaca leis sin a urramú freisin. Baineann cuid den ghanntanas lucht saothair le scileanna agus baineann an chuid eile de le dálaí saothair, b’fhéidir. Leagann CESE béim ar an ngá atá le beartais scileanna frithghníomhacha lena léirítear riachtanais iarbhír mhargadh an tsaothair agus nach mór iad a dhréachtú i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta. Tá sé ríthábhachtach an t-aitheantas do cháilíochtaí a fheabhsú chun an mheaitseáil scileanna a éascú agus chun a áirithiú go bhfeicfidh oibrithe na buntáistí a bhaineann le dul i mbun breisoideachais agus oiliúna trí phróisis uas-scilithe agus athscilithe. Ní mór don Choimisiún a áirithiú go mbeidh sé éasca do chuideachtaí, go praiticiúil, úsáid a bhaint as Linn Tallann an Aontais Eorpaigh.

4.19.

Dírítear i nGníomhaíocht 17 ar fheabhas a chur ar an obair a dhéantar le grúpaí amhail mná, daoine óga agus daoine faoi mhíchumas a mbaineann ardleibhéal acmhainneachta fiontraíochta neamhshaothraithe leo i gcónaí. Cuireann CESE i bhfios go láidir gur cheart aird ar leith a thabhairt ar chláir agus ar chláir luasaire a thugann tacaíocht do na grúpaí sin.

4.20.

Le Gníomhaíocht 18, molann an Coimisiún anailís a dhéanamh chun féachaint an bhfuil an sainmhíniú reatha ar FBManna fós oiriúnach dá fheidhm, agus sainmhíniú comhchuibhithe ar chuideachtaí meánchaipitlithe beaga a fhorbairt. Tá CESE go hiomlán i bhfabhar an phrionsabail ‘tús áite do FBManna’, ar dá réir nach mór reachtaíocht an Aontais a cheapadh ar dhóigh a chuireann a tionchar ar ghnólachtaí beaga san áireamh. Ó thaobh creat rialála intuartha agus cobhsaí de, dá gcuirfí prionsabal den sórt sin i bhfeidhm i gceart, ní bheadh an plé maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar shainmhíniú ar FBM chomh práinneach céanna.

4.21.

Tacaíonn CESE le Gníomhaíocht 19, is é sin borradh a chur faoi aistrithe gnó. D’fhéadfaí a áireamh ar na gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais feasacht a mhúscailt maidir leis na scileanna a theastaíonn chun aistriú rathúil, bearta cur chun cinn agus uirlisí luathrabhaidh a bhaint amach. Mar a cuireadh i bhfáth cheana i dtuairim uaidh (6), creideann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach éiceachórais aistrithe gnó agus seirbhísí tacaíochta dea-fheidhmiúla a fhorbairt chun slí bheatha agus geilleagair na limistéar tuaithe agus na limistéar monathionsclaíoch a chaomhnú. Molann CESE don Choimisiún agus do na Ballstáit na moltaí ón gComhairle maidir le haistrithe gnó ó 1994 a thabhairt cothrom le dáta.

4.22.

Ní mór an tacaíocht agus na hacmhainní is gá a bheith á bhfáil ag FBManna nuálacha chun go mbeidh rath orthu. Bíonn FBManna ag brath go príomha ar bhainc ar minic nach ndéanann an caipiteal riosca a bhíonn de dhíth orthu a chur ar fáil. Le blianta beaga anuas, tá dul chun cinn déanta maidir le rochtain ar chaipiteal a fheabhsú ach cuireann an easpa caipitil fáis go háirithe bac ar uas-scálú gnólachtaí nuálacha óga. Ba cheart infheistíochtaí príobháideacha a dhreasú trí mhargadh Eorpach do chaipiteal fiontair a fhorbairt tuilleadh, trí ionstraimí laghdaithe riosca (ráthaíochtaí, creidmheasanna cánach, dreasachtaí airgeadais) le haghaidh infheistíochtaí straitéiseacha, agus trí roghanna malartacha ar mhargaí poiblí a chur ar fáil (lena n-áirítear aingil ghnó, cistí poiblí síl, cistí infheistíochta poiblí, comharchumainn), mar shampla trí phrionsabail an fhrithpháirtithe rioscaí.

4.23.

Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach mapáil a dhéanamh ar na bacainní sonracha a bhíonn roimh fhiontraithe tar éis féimheachta nó dócmhainneachta agus an dara seans á lorg acu.

An Bhruiséil, an 14 Feabhra 2024.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  COM(2023) 533; final; Tuairim ó CESE Athbhreithniú ar an Treoir maidir le hÍocaíochtaí Déanacha ( COM(2023) 533 final — 2023/0323 (COD)) (IO C, C/2024/2101, 26.3.2024, ELI:http://data.europa.eu/eli/C/2024/2101/oj).

(2)  COM(2023) 528 final;Tuairim ó CESE Córas Cánach Ceannoifige a bhunú le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide , agus lena leasaítear Treoir 2011/16/AE (COM(2023) 528 final — 2023/0320 (CNS)) (IO C, C/2024/2103, 26.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2103/oj).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).

(4)  Tuarascáil mheastóireachta CESE Athbhreithniú meántéarma ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.

(5)   IO C 443, 22.11.2022, lch 81.

(6)   IO C 486, 21.12.2022, lch. 9.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2483/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)