European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/1979

18.3.2024

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — An bainistiú riosca agus an rialáil margaidh mar uirlisí lenar féidir inbhuanaitheacht na talmhaíochta Eorpaí a neartú

(C/2024/1979)

Rapóirtéir:

Nicola CAPUTO (IT/Renew Europe), Comhalta d’Fheidhmeannas Réigiúnach Campania

MOLTAÍ I LEITH NA mBEARTAS

SEO SEASAMH CHOISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)

An comhthéacs i láthair na huaire agus na dúshláin a bheidh le sárú

1.

le 35 bliana anuas nó mar sin, tá an Comhbheartas Talmhaíochta (CBT) agus an cúiteamh a thugtar tar éis teagmhais dhíobhálacha tarlú ag cabhrú chun na héifeachtaí a bhíonn ag a lán tosca riosca a mhaolú nó a chur ar neamhní do tháirgeoirí talmhaíochta na hEorpa agus don teacht aniar atá i limistéir thuaithe an Aontais. Dá bhrí sin, cuireann CnaR i bhfios go bhfuil gá le córais thráthúla um chúiteamh le haghaidh damáiste a dhéantar do bharra agus do bheostoc, agus an tionchar iomlán a bhíonn ag an damáiste sin ar an ngeilleagar á chur san áireamh, lena n-áirítear an tionchar tánaisteach ar an acmhainneacht táirgeachta;

2.

molann CnaR go bhforbrófaí treoirlínte uile-Aontais maidir le cúiteamh maoine agus pearsanta. Is éard atá i gceist leis sin na freagrachtaí riaracháin a aistriú chuig institiúidí poiblí, rud a d’áiritheodh rochtain chothrom ar dheiseanna do dhaoine aonair a bhfuil leibhéal scileanna níos ísle acu, agus ar minic cónaí orthu i limistéir bhochta agus iargúlta;

3.

tá CnaR den tuairim gur cheart an deis a thapú anois samhail nua idirghabhála poiblí a chruthú chun tacú leis an earnáil phríomhúil, samhail a bheadh bunaithe ar sheachtrachtaí dearfacha a chruthú agus a mbeadh baint níos mó ná riamh aici le gné chríochach na hidirghabhála seachas leis an ngné earnála, ós rud é go bhfuiltear ag baint de réir a chéile den chosaint a thugtar don fheirmeoir san earnáil sin. Baineann an-tábhacht leis an athrú sin chun aghaidh a thabhairt ar an laghdú diaidh ar ndiaidh atá tagtha ar an leibhéal cosanta d’fheirmeoirí, agus aird ar leith á tabhairt ar na riachtanais uathúla atá ag daoine sna limistéir shléibhtiúla, sna réigiúin bheagfhorbartha, chomh maith leis na riachtanais a ghabhann le feirmeoireacht fhairsing bheostoic atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. Ina theannta sin, is léir go bhfuil claonadh láidir i limistéir éagsúla den Aontas feirmeacha a dhúnadh agus go bhfuil an talamh talmhaíochta á thréigean agus laghdú ag teacht ar an limistéar talmhaíochta a úsáidtear. Tá baint ag an gclaonadh sin go háirithe le feirmeacha beaga barr agus/nó beostoic ar cnámh droma shóisialta agus eacnamaíoch limistéir thuaithe an Aontais iad agus a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo chun an talamh sin a chosaint ó dhóiteáin thromchúiseacha agus mhóra, an bhithéagsúlacht a chaomhnú agus an creimeadh a chomhrac;

4.

creideann CnaR gurb é is tábhachtaí ina leith seo ná go mbíonn riachtanais agus dúshláin nua ag teacht chun cinn i gcónaí — ag na feirmeacha, ag na limistéir thuaithe agus fhorimeallacha agus ag na saoránaigh, lena n-áirítear ach gan bheith teoranta don bhánú, d’imirce daoine oilte ná don athnuachan ghlúine san earnáil feirmeoireachta —, rud a ndéantar beag is fiú de go minic, agus is cinnte go spreagfaidh agus go dtreoróidh na riachtanais agus na dúshláin sin próiseas athchóirithe an leagain nua de CBT, faoinar cheart feirmeoirí óga agus samhlacha feirme teaghlaigh a chur san áireamh ar bhealach níos mó agus leanúint de bhorradh a chur faoi iomaíochas na hearnála agraibhia. Áirítear ar na dúshláin nua agus na riachtanais nua sin go bhfuil difear mór idir na ceanglais dhlíthiúla a bhíonn ar fheirmeoirí an Aontais a chomhlíonadh maidir leis an tsábháilteacht bia do thomhaltóirí agus na ceanglais a bhíonn ar fheirmeoirí nach bhfuil san Aontas a chomhlíonadh. Fágann an cás sin go mbíonn feirmeoirí an Aontais faoi mhíbhuntáiste i gcás na trádála agus, in éagmais uirlisí inrianaitheachta agus faisnéise iomchuí, d’fhéadfadh riosca a bheith ann go gcuirfí isteach go mór ar earnáil an bhia, go mbeadh na tomhaltóirí thíos le cleachtais mhíthreoracha agus go mbainfí ón gcothroime iomaíochta a chuirtear ar fáil d’fheirmeoirí na hEorpa. Tarraingíonn sé aird ar a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt, mar chuid den athchoiriú sin, ar na dúshláin uathúla atá le sárú ag na limistéir shléibhtiúla agus na réigiúin bheagfhorbartha, chomh maith leis na dúshláin atá le sárú ag an bhfeirmeoireacht fhairsing bheostoic thraidisiúnta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol;

5.

i ndáil leis an earnáil phríomhúil, i gcás na hiascaireachta gairmiúla, measann CnaR go bhfuil géarghá le soithí iascaireachta áirithe a dhiúscairt agus a ionadú, go háirithe trálaeir bheaga adhmaid, ós rud é nach bhfuil aon ghairmithe ann chun iad a dheisiú, nó cuideachtaí árachais ann a árachaíonn na rioscaí a bhaineann le soithí adhmaid beaga agus seana den sórt sin. Leis an gcistiú poiblí atá beartaithe chun an cabhlach agus gníomhaíocht iascaireachta gnólachtaí beaga a thabhairt cothrom le dáta agus a dhéanamh níos inbhuanaithe, beidh sé níos éasca ioncam cuibhiúil a ghiniúint d’earnáil phríomhúil an bhia;

6.

meabhraíonn CnaR gur iarr Parlaimint na hEorpa le deireanas (Rún 2022/2829 (RSP) an 15 Meán Fómhair 2022) (1) go gcuirfí dlús le hiarrachtaí an Aontais an t-athrú aeráide agus, go háirithe, iarmhairtí an athraithe aeráide, a chomhrac;

7.

go dtí le blianta beaga anuas, ní raibh aon trácht ar bhainistiú riosca sa díospóireacht Eorpach faoi CBT, sin nó gur tugadh aird air i réimse na reachtaíochta Eorpaí nuair a formheasadh an t-athbhreithniú ar athchóiriú CBT Health Check i (Rialachán (AE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle) (2). D’fhág an t-athrú sin gur tugadh an deis do na Ballstáit, den chéad uair riamh, roinnt de na hacmhainní airgeadais atá dírithe ar na híocaíochtaí díreacha a úsáid, ar bhonn ginearálta, chun tacú leis an teacht a bhíonn ag feirmeoirí ar dhá chineál cumhdaigh: polasaithe árachais agus cistí frithpháirteacha i gcás damáiste a dhéantar don táirgeadh de dheasca tubaistí aeráide, galair plandaí, galair ainmhithe agus éigeandálaí comhshaoil;

8.

tá CnaR suite de gurb é an toradh a bhíonn ar dheireadh a chur le tírdhreacha talmhaíochta a chothabháil agus a chaomhnú, mar aon leis an raidhse tírdhreacha den sórt sin san Aontas, ar tírdhreacha iad atá thíos le tréigean na feirmeoireachta i limistéir ina bhfuil baol níos mó dóiteáin agus creimthe, go dtréigtear feirmeacha, agus, i ngeall air sin, gur measa iad na rioscaí sin agus go gcailltear roinnt bithéagsúlachta. Dá bhrí sin, tá luach straitéiseach ag baint leis na tírdhreacha talmhaíochta sin a chosaint agus a athbheochan;

9.

meabhraíonn CnaR gur le deireanas a d’fhormheas sé an tuairim Ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus bainistiú géarchéimeanna: cur le hathléimneacht an Aontais, a réigiún agus a chathracha(3) Tugtar le fios sa tuairim sin go gcaithfidh an Eoraip í féin a ullmhú trí athchóiriú a dhéanamh ar na struchtúir idirghabhála agus reachtaíochta le go bhféadfar déileáil le géarchéimeanna ollmhóra gan choinne ón taobh eacnamaíoch, sochaíoch agus polaitiúil de. Sa chiall sin, i bhfianaise staid mhargaí bia idirnáisiúnta an lae inniu agus na dtreochtaí a bhaineann leo, tá luach mór straitéiseach ag baint leis an gceannasacht bia a choinneáil san Aontas agus a sheachaint go gcaillfear í. Chuige sin, tá géarghá le bearta nua; áirítear orthu sin bearta maidir le taighde, forbairt agus nuálaíocht a chur i bhfeidhm ar leibhéal na n-earnálacha agus na margaí, agus maidir le héileamh agus soláthar bia ar ardchaighdeán agus bia sláintiúil a tháirgtear go háitiúil;

10.

tugann CnaR dá aire gur fadhb struchtúrach atá sna hathruithe atá ag teacht ar an aeráid faoi láthair; tarlaíonn géarchéimeanna, géarchéimeanna ollmhóra uaireanta, nuair a bhíonn cogadh nó eipidéimí ann, ach is go hannamh a tharlaíonn siad agus ní féidir iad a thuar;

11.

is gá aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide, a fhad a bhaineann sé leis an teacht aniar atá i bhfeirmeacha agus i limistéir intíre an Aontais, trí shamhail shoiléir idirghabhála poiblí a úsáid chuige sin;

12.

tá CnaR ag iarraidh go leagfaí síos sainmhíniú ar an rud is samhail tagartha theoiriciúil nua ann le gur féidir díriú i gceart ar an mbainistiú riosca ioncaim sa talmhaíocht agus ar an teacht aniar atá sna limistéir thuaithe san Aontas. Ar an gcaoi sin, thabharfaí isteach an coincheap ‘punann ghlas’ ina mbeadh meascán de bhearta agus d’uirlisí príobháideacha agus de na beartais phoiblí atá ann faoi láthair;

An togra beartais

13.

is mian le CnaR a mheabhrú gurb é is tábhachtaí go mór agus go fada a áirithiú go mairfidh na feirmeacha agus na limistéir thuaithe fhorimeallacha, agus go mairfidh an teacht aniar eacnamaíoch atá sna feirmeoirí in aghaidh teagmhais adhaimsire agus géarchéimeanna margaidh neamhghnácha a dhéanann dochar níos minice agus níos déine anois ná riamh d’acmhainneacht tháirgiúil agus eacnamaíoch fheirmeoirí an Aontais;

14.

mura mbeifear ullamh chuige sin, bainfear an bonn den chur chuige ar a bhfuil an Comhaontú Glas agus an straitéis ‘ón bhfeirm go dtí an forc’ bunaithe, agus gan é ach ina thús.

15.

mura ndírítear ar shamhail nua idirghabhála a chruthú anois chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach, ar bhonn ex ante agus ex post, ar an athrú ar an gcás foriomlán maidir le hinbhuanaitheacht eacnamaíoch fheirmeacha an Aontais, is ionann sin agus a rá go bhfuil droim láimhe á thabhairt os íseal leis na cuspóirí atá in CBT maidir le cosaint an chomhshaoil, an tírdhreacha, na bithéagsúlachta agus leasa ainmhithe;

16.

i bhfianaise na géarchéime tromchúisí atá san earnáil faoi láthair, is gá an díospóireacht a dhoimhniú maidir leis na bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh chun CBT a mhodhnú agus is gá ról CnaR mar ghníomhaí láidir agus údarásach i réimse CBT a chur chun cinn sa díospóireacht atá ann faoi láthair maidir leis an athbhreithniú ar bhuiséad an Aontais;

17.

iarrann CnaR ar an gCoimisiún Eorpach dul i mbun comhair agus a bheith chomh solúbtha agus is féidir, lena n-áirítear mar chuid de na beartais talmhaíochta atá ann faoi láthair agus mar chuid de na huirlisí atá ar fáil cheana féin. Iarrann sé freisin go neartófaí na huirlisí a úsáidfear chun freagairt do ghéarchéimeanna aeráide, lena n-áirítear falscaithe agus tuilte tromchúiseacha, rudaí a dhéanann dochar do chumas táirgthe na bhfeirmeoirí, go háirithe na feirmeoirí beaga. Anuas air sin, tacaíonn CnaR le ról breise a thabhairt do na huirlisí lena bhféadfar aghaidh a thabhairt sna blianta amach romhainn ar an ngéarchéim aeráide, rud ba cheart a phlé sa doiciméad ina leagfar amach an t-idirphlé straitéiseach a dhéanfar ar thodhchaí CBT.

18.

i bhfianaise mhéid an damáiste, beidh gá le cistí suntasacha chun cúiteamh a chur ar fáil i leith caillteanas plandaí agus táirgeadh ainmhithe agus chun bonneagar scriosta a atógáil, agus iarrann CnaR ar an gCoimisiún Eorpach comhoibriú leis na Ballstáit agus obair a dhéanamh ar bhearta práinneacha cúnaimh chun iarmhairtí tubaistí nádúrtha a mhaolú a mhéid is féidir. Ós rud é go bhfuiltear ag súil go dtarlóidh tubáistí den sórt sin arís agus arís eile, ba cheart é a bheith mar thosaíocht plé domhain a dhéanamh ar ionstraimí ábhartha an Aontais;

19.

iarrann CnaR ar an gCoimisiún Eorpach, ar Pharlaimint na hEorpa agus ar na Ballstáit tús a chur láithreach le machnamh dáiríre agus domhain faoi chuimsiú an Chomhbheartais Talmhaíochta tar éis 2027 maidir leis na huirlisí ba cheart don Aontas a chur ar fáil d’fheirmeoirí chun tacú leo go nithiúil agus ar bhealach iomchuí agus tráthúil mar gheall ar dhamáiste de dheasca teagmhais dhíobhálacha nádúrtha, ar teagmhais iad sin a tharlaíonn níos minice ná riamh, ar an drochuair, agus a spreagann mórthubaistí don gheilleagar, don chreatlach shóisialta agus don táirgeadh talmhaíochta, rud a chuireann slándáil an tsoláthair bia i mbaol;

20.

trí fheasacht agus ionchais ghrúpaí polaitiúla uile CnaR a chur san áireamh ag céim ullmhúcháin na tuairime seo, tá súil ag CnaR go gcuideoidh sin le hathrú ó bhonn a dhéanamh ar na huirlisí atá le cur ar fáil d’fheirmeoirí na hEorpa le gur fearr an teacht aniar eacnamaíoch a bheidh iontu;

21.

nuair a bheidh tuiscint níos soiléire ann faoi cé chomh híogair agus atá limistéir éagsúla an Aontais (réigiúin agus bardais) ó thaobh teagmhais adhaimsire agus iarmhairtí na ngéarchéimeanna eacnamaíocha a tharlaíonn dá ndeasca, beidh gá sineirgí a chruthú le beartais an chomhtháthaithe;

22.

ba cheart córas Eorpach a chruthú chun na rioscaí teagmhas adhaimsire de chineál sistéamach (e.g. triomaigh agus tuilte) a mhapáil, mar aon le rioscaí eile a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar inmharthanacht na bhfeirmeacha. Tríd an mapáil sin, d’fhéadfaí an obair atá á déanamh faoi láthair ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) ar scórchlár na leochaileachtaí réigiúnacha agus áitiúla a thabhairt chun críche;

23.

molann CnaR, sa bhreis ar na hacmhainní airgeadais a leithdháiltear ar CBT, go ndéanfaí samhail úrnua a cheapadh lena bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar bhealach níos éifeachtaí agus níos gasta ar riachtanais fheirmeoirí agus réigiúin thuaithe an Aontais;

24.

tá CnaR den tuairim gur buntáiste díreach thar cuimse a bheadh ann don teacht aniar eacnamaíoch atá i bhfeirmeoirí an Aontais dá dtabharfaí isteach, ar bhealach níos éifeachtaí agus níos tapa, samhail nua le haghaidh úsáid na n-acmhainní airgeadais poiblí atá ann cheana. Bheadh sin le leas na limistéar iargúlta, go háirithe na gcoillte agus na bhforaoisí sna limistéir sin ar limistéir fhorimeallacha iad agus ar saintréithe dóibh gabháltais bheaga a bhfuil baol mór ann go dtréigfear iad, agus iad gan chosaint i gcoinne nua-iarmhairtí an athraithe aeráide. Tá sé ríthábhachtach teaghlaigh feirme a bheith sna limistéir iargúlta chun dea-bhail na gcoillte, na bhforaoisí agus na bithéagsúlachta a chaomhnú;

25.

aithníonn CnaR an ról ríthábhachtach atá ag na limistéir shléibhtiúla, ag na réigiúin bheagfhorbartha, agus ag an bhfeirmeoireacht thraidisiúnta fhairsing bheostoic atá neamhdhíobhálach don chomhshaol maidir leis an mbithéagsúlacht a chaomhnú agus cothromaíocht éiceolaíoch a choinneáil. Cuireann na réigiúin sin go mór leis an oidhreacht chultúrtha agus le cleachtais inbhuanaithe atá ríthábhachtach d’athléimneacht fhadtéarmach earnáil talmhaíochta an Aontais. Iarrann CnaR, dá bhrí sin, go mbeadh bearta beartais agus sásraí tacaíochta spriocdhírithe ann chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shonracha atá le sárú ag feirmeoirí sna limistéir sin, lena n-áiritheofaí caomhnú na gcleachtas traidisiúnta feirmeoireachta atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de;

26.

measann CnaR go mbíonn sé deacair d’fheirmeoirí ar mionscála rochtain éifeachtach a fháil ar chistí agus ar dheontais AE, agus iad a úsáid, cé go mbíonn na feirmeoirí sin i mbun na feirmeoireachta beostoic agus béim á leagan acu ar thógáil eallaigh. Mar thoradh ar dhúshláin amhail na próisis iarratais chasta, an maorlathas iomarcach, agus na diancheanglais doiciméadachta, bíonn na rátaí rannpháirtíochta níos ísle, bíonn líon níos lú iarratas rathúil ann, agus laghdú ar úsáid na gcistí. Tríd an rochtain ar thacaíocht ón Aontas a shimpliú trí bhacainní riaracháin a íoslaghdú agus trí chúnamh áitiúil a chur ar fáil, d’fhéadfaí feabhas mór a chur ar chúrsaí, rud a chothódh úsáid níos fearr na gcistí in earnáil na talmhaíochta áitiúla;

27.

d’fhonn an fheirmeoireacht teaghlaigh a chur chun cinn, chomh maith le bearta díreacha a bhaineann le táirgeadh agus bainistiú riosca, meabhraíonn CnaR go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeidh íoscháilíocht saoil ag na pobail tuaithe ina bhfuil cónaí ar na teaghlaigh sin, agus go mbeidh rochtain acu ar sheirbhísí bunúsacha amhail seirbhísí oideachais agus sláinte, go gcuirfear an bonneagar teileachumarsáide in úsáid go cuí, agus go gcuirfear roghanna fóillíochta agus cultúir ar fáil dóibh, i measc nithe eile. Ní mór breathnú ar na bearta sin atá dírithe ar an gcáilíocht saoil a fheabhsú i limistéir ina bhfuil baol mór dídhaonraithe mar chuid de shamhail nua nach mór a chur i bhfeidhm chun úsáid a bhaint as na hacmhainní;

28.

tá tábhacht leis an talmhaíocht le gur féidir bithéagsúlacht na limistéar áitiúil a chaomhnú, agus, de réir na loighice céanna, tá tábhacht le gníomhaíochtaí iascaireachta agus dobharshaothraithe le gur féidir an bhithéagsúlacht mhuirí a chaomhnú. Dá bhrí sin, tá géarghá le straitéisí a phleanáil agus a thabhairt isteach lena bhféadfaí tionchar an athraithe aeráide ar an stoc éisc a mhaolú. Tá an scéal amhlaidh freisin i gcás an dobharshaothraithe agus is gá measúnú a dhéanamh ar thionchar an athraithe aeráide air óir tá an-éagsúlacht san earnáil sin maidir leis na córais táirgthe, na teicneolaíochtaí a úsáidtear, na speicis, na suíomhanna tíreolaíocha agus saintréithe comhshaoil na limistéar;

29.

ba cheart uirlisí nuálacha bainistithe riosca a úsáid chun bainistiú eacnamaíoch na bhfiontar iascaireachta agus dobharshaothraithe a chobhsú, ós rud é nár leor na huirlisí a úsáideadh go dtí seo chun an tionscal iascaireachta a dhéanamh inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.

30.

Ba cheart na gnéithe seo a leanas a chur san áireamh sna tosaíochtaí polaitiúla:

aghaidh a thabhairt ar na géarchéimeanna aeráide agus fuinnimh agus ar a dtionchar sóisialta ar na pobail áitiúla, na réigiúin, na cúigí agus na bardais;

pobail bhuanseasmhacha a thógáil trí leas a bhaint as bearta ex ante de réir riachtanais shonracha na limistéar éagsúil agus de réir íogaireacht na limistéar sin, lena n-áirítear trí chóras foláirimh a chruthú maidir le géarchéimeanna aeráide, comhshaoil, sláinte agus margaidh;

comhtháthú críochach an Aontais a neartú trí fhoráil a dhéanamh maidir le comhtháthú éifeachtach idir na limistéir fhorimeallacha agus na limistéir sin is gaire do na lárionaid uirbeacha. Ba cheart do gach réigiún a bheith neamhspleách a fhad a bhaineann sé le tosaíochtaí idirghabhála dá chuid féin a shainaithint; mar sin féin, caithfidh an tAontas freagracht a ghlacadh chuige féin as córas airgeadais a bheadh in ann tacú go lárnach leis na limistéir sin dá dtarlódh géarchéimeanna móra eacnamaíocha agus sóisialta de thoradh drochtheagmhais aeráide agus dálaí margaidh neamhghnácha.

31.

Molann CnaR go dtabharfaí isteach ionstraimí bainistithe riosca atá dírithe ar chosaint agus ar bhainistiú thírdhreacha talmhaíochta an Aontais ar mó an riosca go gcaillfear iad agus a ndéanann teagmhais nádúrtha fhoircneacha difear dóibh. Tríd an méid sin a dhéanamh, bheifí in ann an ghníomhaíocht talmhaíochta a chobhsú agus a chaomhnú, agus, ar an gcaoi sin, tréigean na feirmeoireachta sna limistéir sin a sheachaint, pobail feirmeoireachta athléimneacha sna limistéir sin a athbheochan agus tomhaltas bia sláintiúil san Aontas a chur chun cinn.

Rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach agus ábharthacht straitéiseach

32.

A mhéid a bhaineann leis an mbainistiú riosca, díríonn formhór thíortha an Aontais ar uirlisí árachais ach cruthaíodh nach mbíonn na huirlisí sin éifeachtach. Ar an gcúis sin, athdhearbhaíonn CnaR an seasamh seanbhunaithe atá aige go dtéann scéimeanna árachais ioncaim chun tairbhe do sholáthraithe árachais seachas d’fheirmeoirí agus go mbíonn siad costasach do na cáiníocóirí. Ba cheart staidéar agus measúnú a dhéanamh ar an scéim árachais a tugadh isteach sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada.

33.

Le trí bliana anuas, tá na mílte feirmeoirí tar éis éirí as an bhfeirmeoireacht, de thoradh iad a bheith ag streachailt mar gheall ar thubaistí aeráide, go príomha, agus ar na tubaistí margaidh a eascraíonn astu, freisin, tubaistí nach raibh a leithéidí ann sna blianta roimhe seo, agus gan aon líontán sábhála éifeachtach ag an Aontas a d’fhéadfadh ioncam feirme a chosaint dáiríre le go bhféadfadh feirmeoirí agus saoránaigh fanacht i limistéir thuaithe.

34.

Tá sé tugtha le fios i staidéir a rinne an JRC le deireanas go bhfuil an damáiste de dheasca teagmhais dhíobhálacha cothrom le thart ar EUR 8 milliún sa bhliain. Tá sé tuartha go dtiocfaidh méadú ar an bhfigiúr sin sna blianta amach romhainn toisc go bhfuil éifeachtaí an athraithe aeráide ag éirí níos measa; mar go bhfuil na teagmhais dhíobhálacha ag éirí níos rialta agus níos déine, is bagairt ollmhór a bheidh san athrú aeráide don earnáil phríomhúil agus do na limistéir thuaithe.

35.

Ní hé is aidhm don tuairim seo, dá bhrí sin, córas bainistithe riosca a chur ar bun, rud a tugadh isteach den chéad uair in Airteagail 37–39 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) maidir le CBT.

36.

Is mian le CnaR a mheabhrú go bhfuil sé léirithe ag sásra an chúlchiste géarchéime atá ann faoi láthair, go fiú le deireanas (Meitheamh 2023), nach leor é le haghaidh a thabhairt go tráthúil iomchuí ar riachtanais fheirmeoirí agus réigiúin an Aontais. Ba lú ná 5 % den damáiste a bhain d’fheirmeoirí agus do réigiúin an Aontais an maoiniú a cuireadh ar fáil.

37.

Is gá céim níos faide a thabhairt, ós rud é nach bhfuil an cur chuige sin inchurtha leis an athrú aeráide atá ann faoi láthair; níl sa bheart sin ach cur amú acmhainní airgeadais, toisc nach leor an leagan amach atá air chun an cuspóir atá leis a bhaint amach.

38.

I bhfianaise na corraíola sin, nach mór í a mheas mar chorraíl struchtúrach anois, agus d’fhonn úsáid níos éifeachtúla a bhaint as cúlchistí géarchéime, ní mór sásra a bhunú chun na hacmhainní atá ar fáil a ghiaráil agus freagairtí nithiúla agus éifeachtacha a chur ar fáil d’fheirmeoirí agus do limistéir thuaithe an Aontais; iarrann CnaR ar an gCoimisiún an sásra sin a bhunú. Iarrann sé freisin go gcuirfí acmhainní airgeadais breise leis na hacmhainní atá ann cheana i gcás dálaí aeráide eisceachtúla.

39.

Na huirlisí atá ar fáil (lena n-áirítear cistí frithpháirteacha agus an ciste frith-ghéarchéime) is ganntanas acmhainní atá ag cur orthu. Dá bhrí sin, tá CnaR deimhin de go gcaithfear an cúlchiste buiséadach atá ar fáil dóibh a mhéadú go mór, agus na cineálacha ionstraimí atá ar fáil a éagsúlú.

40.

Iarrann CnaR ar na hinstitiúidí Eorpacha, na Ballstáit agus na réigiúin féachaint ar an gcur chuige nua i leith an bhainistithe riosca mar chor cinniúnach atá romhainn i scéal na talmhaíochta Eorpaí: seo an tráth le freagraí sásúla agus sonracha a thabhairt le cabhrú leis na feirmeoirí réiteach a fháil ar na fadhbanna atá acu de thoradh na n-athruithe ar an timpeallacht ina bhfeidhmíonn siad.

An Bhruiséil, an 31 Eanáir 2024

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


(1)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meán Fómhair 2022 maidir le hiarmhairtí triomach, dóiteán agus feiniméan eile adhaimsire: iarrachtaí an Aontais a mhéadú chun an t-athrú aeráide a chomhrac (2022/2829 (RSP)) (OJ C 125, 5.4.2023, lch. 135), https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-9-2022-0330_GA.html.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle an 19 Eanáir 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le scéimeanna um thacaíocht dhíreach d’fheirmeoirí faoin gcomhbheartas talmhaíochta agus lena mbunaítear scéimeanna tacaíochta d'fheirmeoirí, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005, Rialachán (CE) Uimh. 247/2006, Rialachán (CE) Uimh. 378/2007 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 (IO L 30, 31.1.2009 , lch. 16), https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A32009R0073.

(3)   IO C 257, 21.7.2023, lch. 6

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1979/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)