European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/1574

5.3.2024

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Cath domhanda na dtairiscintí – ó thionscnamh na Síne ‘Crios Amháin, Bóthar Amháin’ go straitéis Global Gateway an Aontais Eorpaigh: fís na sochaí sibhialta eagraithe Eorpaí

(tuairim féintionscnaimh)

(C/2024/1574)

Rapóirtéir:

Stefano PALMIERI

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

25.1.2023

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim féintionscnaimh

An rannóg atá freagrach

Caidreamh Seachtrach

Dáta a glactha sa rannóg

16.11.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

14.12.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

583

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

187/0/3

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an-sásta le cinneadh an Aontais Eorpaigh prionsabal na huathrialach straitéisí oscailte a chur chun cinn san Aontas, ar prionsabal é lena bhféachtar le hinfheistíocht a dhéanamh i scaipeadh luachanna daonlathacha, ardchaighdeán, an dea-rialachais agus na trédhearcachta trí bhíthin tionscadail bhonneagair rathúla. Is díol sásaimh do CESE gur seoladh, chun na críche sin, an tionscnamh Global Gateway i ndeireadh 2021.

1.2.

Tuigeann CESE go bhfuil gníomhaithe áirithe, go mór mór an tSín agus na Stáit Aontaithe, chun cinn ar an Aontas agus go bhfuil an tAontas thíos leis, go pointe áirithe, de thoradh comhordú lag a bheith ar an leibhéal láir agus na ndeacrachtaí a bhaineann le beartas infheistíochta aontaithe agus iomaíoch a chur chun cinn.

1.3.

Tá CESE den tuairim go neartóidh Global Gateway na naisc eacnamaíocha agus pholaitiúla le tíortha comhpháirtíochta an Aontais, rud a chinnteoidh go n-urramófar prionsabail dhaonlathacha agus shóisialta an Aontais agus go mbeidh sé in ann dul san iomaíocht go héifeachtach ar fud an domhain chun bonneagar a sholáthar.

1.4.

Cuireann CESE chun suntais a thábhachtaí atá sé go mbeadh measúnú tionchair mar bhonn agus mar thaca le cláir infheistíochta an tionscnaimh Global Gateway. Ní gnéithe a bhfuil tábhacht straitéiseach gheopholaitiúil leo, agus iad sin amháin, ba cheart a áireamh sa mheasúnú sin, ach ba cheart an rannpháirtíocht dhaonlathach i dtionscnaimh forbartha sna tíortha comhpháirtíochta a áirithiú freisin agus inbhuanaitheacht eacnamaíoch, shóisialta agus comhshaoil na dtionscadal a ráthú.

1.5.

Tugann CESE dá aire go bhfágfadh cuimsitheacht an tionscnaimh Global Gateway go bhféadfadh na Ballstáit tionscnaimh bhonneagair agus infheistíochta a chur chun cinn i Stáit eile nach bhfuil san Aontas – ach a thagann faoi chuimsiú Global Gateway – gan gá a bheith leis go ndéanfaí measúnú tionchair roimh ré ná go ndéanfadh na hinstitiúidí Eorpacha maoirseacht dhíreach orthu, sin ar choinníoll nach n-iarrfaí aon chistí Eorpacha. Sa chomhthéacs sin, is cúis mhór imní do CESE go bhféadfaí tionscadail nach gcomhlíonann ardchaighdeáin cháilíochta a chur san áireamh in Global Gateway, amhail na tionscadail sin atá leagtha amach i ndoiciméid an Aontais lena rialaítear na nósanna imeachta chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar sóisialta agus comhshaoil.

1.6.

Áitíonn CESE nach mór do na comhlachtaí inniúla Eorpacha a áirithiú go gcuirfear faisnéis mhionsonraithe ar fáil i dtaobh thionscadail Global Gateway agus na ngníomhaithe lena mbaineann agus go mbeidh rochtain iomlán orthu.

1.7.

Molann CESE ionad ilfhreastail a chruthú in ionadaíochtaí an Aontais chun infheistíocht ón earnáil phríobháideach a chur chun cinn agus chun ról a thabhairt do na gníomhaithe eacnamaíocha agus sóisialta uile ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil.

1.8.

Cuireann CESE i bhfáth go bhfuil easpa mhór soiléireachta fós ann maidir leis an tionscnamh ‘Crios Amháin, Bóthar Amháin’ (nó Belt and Road Initiative (BRI)) agus maidir leis na critéir chun tionscadail a chur ar liosta oifigiúil an tionscnaimh sin. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go gcuirfeadh Daon-Phoblacht na Síne faisnéis chruinn atá cothrom le dáta ar fáil maidir leis na cláir infheistíochta a thagann faoi chuimsiú BRI le go bhféadfar cur leis an trédhearcacht agus an tsoiléireacht i gcás an tionscnaimh sin.

1.9.

Is oth le CESE nach bhfuil na gníomhaithe áitiúla Eorpacha, amhail eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta, rannpháirteach dáiríre i bpróiseas iomlán forbartha, faireacháin, meastóireachta agus cur chun feidhme na dtionscadal arna gcur chun feidhme faoi chuimsiú BRI san Aontas Eorpach. I ndáil leis sin, ba mhaith le CESE ról níos gníomhaí a bheith aige sna céimeanna tábhachtacha den phróiseas cinnteoireachta maidir leis na tionscadail forbartha a bhaineann le BRI agus le Global Gateway.

1.10.

Tá CESE den tuairim go bhfuil neamhréireachtaí sa bhonneagar nascachta mar thoradh ar an easpa comhordaithe idir na cláir bhonneagair san Aontas agus i nDaon-Phoblacht na Síne. Dá bhrí sin, cuireann sé chun suntais go bhféadfadh infheistíochtaí BRI dochar a dhéanamh d’úinéireacht bhonneagar straitéiseach náisiúnta na mBallstát.

1.11.

Is cúis imní do CESE an easpa comhordaithe maidir leis na Ballstáit a rannpháirtiú i dtionscnamh BRI agus an baol atá ann d’iomaíochas an Aontais agus is cúis imní dó freisin cearta na n-oibrithe, an sciúradh airgid, fiacha agus na saincheisteanna comhshaoil a bhaineann le hinfheistíochtaí na Síne i dtionscadail BRI.

1.12.

Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach, a fhad a bhaineann sé le BRI, feabhas a chur ar an gcomhordú idir institiúidí an Aontais agus institiúidí na mBallstát le go bhféadfar ilroinnt an chaidrimh le Daon-Phoblacht na Síne a sheachaint toisc go ndéanfadh a leithéid d’ilroinnt dochar don Aontas trí chéile. Tá sé ríthábhachtach a áirithiú go ngníomhódh na Ballstáit le chéile i leith na Síne agus go spreagfaí cumarsáid éifeachtach idir institiúidí an Aontais agus Daon-Phoblacht na Síne.

1.13.

Cuireann CESE i bhfios go láidir gur gá i gcás na dtionscadal a chuimseofar faoi BRI agus Global Gateway roinnt prionsabal agus cuspóirí a urramú, luachanna an Aontais, cuir i gcás, agus measúnuithe tionchair mionsonraithe a chur i gcrích, le go mbeidh siad oiriúnach faoin tionscnamh.

1.14.

Dar le CESE, i gcás na dtionscadal a chuimseofar faoi BRI agus a chuirfear i gcrích sna 27 mBallstát nó a chuirfear i gcrích lasmuigh de limistéar an Aontais ach a bhfuil baint ag gníomhaithe eacnamaíocha as na Ballstáit leo (mar thairbhithe, soláthraithe nó deontóirí), agus i gcás na dtionscadal a chuimseofar faoi Global Gateway , nach mór measúnú tionchair eacnamaíoch, airgeadais, shóisialta, comhshaoil agus dhlíthiúil a dhéanamh orthu lena fhíorú go bhfuil siad oiriúnach agus i gcomhréir le luachanna an Aontais agus leis na prionsabail agus na cuspóirí a leagtar amach i mír 5.1.1.

2.   Réamhrá

2.1.

Le blianta beaga anuas, tá méadú ar an mbearna infheistíochta dhomhanda idir na tíortha ardioncaim agus na tíortha ísealioncaim go meánioncaim, go háirithe mar gheall ar éifeachtaí an iliomad géarchéimeanna a tharla i gcomhthráth (‘il-ghéarchéim’) de thoradh na paindéime, ionradh na Rúise ar an Úcráin agus na coinbhleachta is déanaí idir Iosrael agus an Phalaistín.

2.1.1.

An easpa infheistíochta sin, ainneoin tionchar diúltach a bheith aici ar an nascacht dhomhanda, is deis í do na príomhghníomhaithe ar an ardán domhanda cur lena réimse tionchair gheopholaitiúil ós é an beartas bonneagair an rud is tábhachtaí i gcás an tionchair sin faoi láthair.

2.2.

Le deich mbliana anuas, tá straitéisí á gcur i bhfeidhm ag roinnt tíortha chun cumhacht bhog agus tionchar polaitiúil a áirithiú go tomhaiste trí chláir infheistíochta mhóra atá dírithe ar thíortha comhpháirtíochta: an tionscnamh ‘Crios Amháin, Bóthar Amháin’ (nó Belt and Road Initiative (BRI)) a thionscain Daon-Phoblacht na Síne in 2013, Partnership for Global Infrastructure and Investment (PGII) de chuid na Stát Aontaithe, tionscnamh Clean Green na Ríochta Aontaithe, tionscnamh na Seapáine, mar atá an Chomhpháirtíocht le haghaidh Bonneagar Cáilíochta, agus Conair Eacnamaíoch na hIndia-an Mheánoirthir-na hEorpa (IMEC).

2.3.

I mí na Nollag 2021, sheol an tAontas Eorpach straitéis dá chuid féin, Global Gateway, chun tacú leis an nascacht dhomhanda agus chun an fód a sheasamh i gcoinne BRI na Síne; is minic le deich mbliana anuas a bhain straitéis na Síne croitheadh as aontacht an Aontais Eorpaigh.

2.3.1.

Go dtí 2019, ar a laghad, ní raibh seasamh aontaithe ag na 27 mBallstát i leith BRI i ndáil leis an méid a leanas:

comhdhearcadh i leith an tionscnaimh: is as a stuaim féin a shínigh 18 mBallstát an Meabhrán Tuisceana leis an tSín (1) agus ghlac 20 Ballstát páirt i bpríomhionstraim airgeadais BRI – Banc na hÁise don Infheistiú sa Bhonneagar (AIIB) (2) – gan aon chomhaontú a dhéanamh roimh ré le hinstitiúidí an Aontais;

na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith aige ó thaobh an bheartais comharsanachta (e.g. na héifeachtaí a bhaineann leis an ngrúpáil tíortha ‘14 + 1’ a bhfuil 9 mBallstát ina mbaill di (3), go háirithe limistéar na mBalcán) agus sna cláir AE atá ann cheana féin amhail an Gréasán Tras-Eorpach Iompair (TEN-T).

2.4.

In 2019, tháinig athrú ó bhonn ar straitéis an Aontais i leith BRI. Sa Teachtaireacht Chomhpháirteach ón gCoimisiún Eorpach agus ón Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, is í sin EU-China – A strategic outlook [An caidreamh idir AE agus an tSín – dearcadh straitéiseach] (4), leagtar amach an t-athrú cinnte ón dearcadh i leith na Síne mar chomhpháirtí straitéiseach go dearcadh an-éagsúil ina bhfeictear an tSín mar chomhpháirtí comhair, comhpháirtí caibidlíochta, iomaitheoir eacnamaíoch agus céile comhraic córasach. Is cor cinniúnach sa chaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an tSín é an tráth seo; is mar chéile comhraic córasach go príomha, nó geall leis, a fheictear an tSín anois, agus ról an chomhpháirtí á thréigean aici go rúndaingean. Tá trí chuspóir sa Teachtaireacht: i) caidreamh níos dlúithe a chothú leis an tSín chun comhleasanna a chur chun cinn ar an leibhéal domhanda; ii) caidreamh eacnamaíoch níos cothroime agus níos cómhalartaí a chur chun cinn; iii) beartais inmheánacha agus bonn tionsclaíoch an Aontais féin a neartú. Lena gcois siúd, tá deich ngníomhaíocht luaite inti freisin a chuirfí i gcrích trí leas a bhaint as smaoineamh nua spéisiúil, mar atá cur chuige aonfhoirmeach a bheadh le glacadh ag na 27 mBallstát. Leis an doiciméad sin, is é a theastaíonn ón Aontas go nglacfadh an tSín Beartas na hAon Eorpa Amháin gan aon deighilt a chruthú laistigh den Aontas, beartas a d’fhreagródh do Bheartas na hAon Síne Amháin a ghlac an tAontas i leith na Síne.

2.5.

Cuireadh gaoth i seolta an chur chuige nua sin – ó thaobh an Aontais de – sa tréimhse 2020-2022 de thoradh iarmhairtí phaindéim COVID-19 (briseadh na slabhraí soláthair le haghaidh earraí agus seirbhísí, spleáchas ar sholáthairtí earraí straitéiseacha, etc.), éifeachtaí an ionsaithe ghránna a rinne an Rúis ar an Úcráin (spleáchas fuinnimh, boilsciú, marbhántacht eacnamaíoch, sreabhadh dídeanaithe ón Úcráin) agus roinnt beartas arna gcur chun feidhme ag Daon-Phoblacht na Síne (frithbhearta i gcoinne smachtbhannaí an Aontais de thoradh cearta an duine a shárú, na bearta trádála i gcoinne an mhargaidh aonair agus seasamh conspóideach na Síne i leith an chogaidh san Úcráin).

2.6.

Is sa chomhthéacs sin a rinne an tAontas – trí na conclúidí ón gComhairle an 29 Márta 2022 – prionsabal na huathrialach straitéisí oscailte san Aontas Eorpach a chur chun cinn, d’fhonn teacht ar phrionsabal trína n-athdhearbhaítear an gealltanas a tugadh ag Cruinniú Mullaigh Versailles an 10-11 Márta 2022‘freagracht níos mó a ghlacadh as slándáil an Aontais agus céimeanna cinntitheacha breise a thabhairt ar mhaithe lenár gceannasacht Eorpach a bhunú, spleáchais an Aontais a laghdú agus samhail nua fáis agus infheistíochta a cheapadh do 2030’ trí ‘a uathriail eacnamaíoch agus airgeadais a bhaint amach, agus oscailteacht an Aontais, an comhar le comhpháirtithe atá ar aon intinn leis, agus an t-iomaíochas a choimeád ar bun, ionas leas a bhaint as na tairbhí féideartha a bhaineann leis sin’.

2.7.

Sna conclúidí ón gComhairle, luaitear go rannchuideoidh Global Gateway freisin le huathriail straitéiseach oscailte an Aontais a bhaint amach ‘trí luachanna daonlathacha agus ardchaighdeáin, dea-rialachas agus trédhearcacht a chur chun cinn’, sin agus ‘le húsáid an euro i sreafaí airgeadais a bhaineann le forbairt’.

2.8.

Ar bhonn an dul chun cinn gheopholaitiúil is déanaí, is é tuairim CESE mar ionadaí eagraíochtaí sochaí sibhialta na hEorpa gur cheart measúnú cúramach a dhéanamh ar Global Gateway, agus ar BRI freisin.

3.   Straitéis Global Gateway an Aontais Eorpaigh

3.1.

Tríd an straitéis Global Gateway, geallann an tAontas go slógfar suas le EUR 300 billiún d’infheistíochtaí idir 2021 agus 2027 chun feabhas a chur ar an mbonneagar nascachta digiteach, fuinnimh agus iompair agus chun na córais sláinte, oideachais agus taighde a neartú ar fud an domhain.

3.2.

Maidir leis an Aontas, is féidir leis an easpa infheistíochta sa nascacht bac a chur ar an téarnamh ón ngéarchéim atá ann faoi láthair agus ar an ullmhacht d’éigeandálaí a bheadh ann amach anseo (‘il-ghéarchéim’). Thairis sin, fágann an easpa bonneagair go bhfuil bac ar an acmhainn eacnamaíoch atá sa nascacht idir an tAontas, an Áise agus réigiúin eile.

3.3.

Tá na cuspóirí éagsúla seo a leanas le Global Gateway:

a.

margaí nua a áirithiú le haghaidh earraí agus sheirbhísí an Aontais;

b.

rogha mhalartach inmharthana ar na samhlacha forbartha atá ag iomaitheoirí an Aontais, e.g. BRI, a chur ar fáil;

c.

gnóthú na gcuspóirí dícharbónaithe ar fud an domhain a éascú, rud atá lárnach sa Chomhaontú Glas don Eoraip;

d.

tacú le caighdeáin chearta an duine agus leis na caighdeáin saothair, slándála, theicniúla agus trádála atá i bhfeidhm san Aontas a dhearbhú agus a chur chun cinn de facto mar chaighdeáin dhomhanda, rud a neartóidh uaillmhianta na hEorpa maidir leis an uathriail straitéiseach oscailte.

3.4.

In 2022, cuireadh tuilleadh siúil faoi Global Gateway trí shraith pacáistí tábhachtacha infheistíochta réigiúnaí a raibh baint acu leis: Global Gateway Africa-Europe i mí Feabhra 2022 inar gealladh suas le EUR 150 billiún d’infheistíochtaí a shlógadh (maille le 11 chonaire iompair straitéiseacha atá dírithe ar an tsoghluaisteacht agus an trádáil a éascú san Afraic agus idir an Afraic agus an Eoraip; na gníomhaíochtaí chun slabhraí luacha réigiúnacha agus ilchríche a fhorbairt agus a neartú chun Limistéar Saor-thrádála Mhór-roinn na hAfraice a bharrfheabhsú agus tógáil droichid thar abhainn Cross ag pointe trasnaithe teorann Mfum-Ekok idir Camarún agus an Nigéir, rud a chuirfidh leis an nascacht idir Comhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar agus Comhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Láir); an pacáiste d’infheistíochtaí Global Gateway le haghaidh réigiún ASEAN (Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas), pacáiste ar fiú EUR 10 mbilliún é, agus tionscnamh Fhoireann na hEorpa maidir leis an nascacht inbhuanaithe a cheanglaíonn an tAontas agus ASEAN.

3.4.1.

I mí Feabhra 2022, fógraíodh pacáiste infheistíochta réigiúnaí eile do limistéar na mBalcán Thiar. Gheall an Coimisiún EUR 3,2 billiún d’infheistíochtaí chun tacú le 21 thionscadal in earnálacha an iompair, an chlaochlaithe dhigitigh, na hinbhuanaitheachta comhshaoil agus an fhuinnimh. Cuideoidh an plean leis an mbearna forbartha idir an tAontas agus réigiún na mBalcán Thiar a dhúnadh agus tacóidh sé leis an téarnamh eacnamaíoch iar-phaindéime (5).

3.5.

Ag deireadh 2022, bliain amháin ó seoladh Global Gateway, bhí os cionn EUR 9 mbilliún de dheontais geallta ag an Aontas le haghaidh infheistíochtaí tábhachtacha san Afraic, i Meiriceá Laidineach, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin. D’fhormheas an tAontas freisin ráthaíochtaí airgeadais maidir le EUR 6,05 billiún breise chun tacú le 40 clár infheistíochta san Afraic fho-Shahárach, i Meiriceá Laidineach agus i réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise; táthar ag súil go nginfidh na cláir sin os cionn EUR 50 billiún d’infheistíochtaí sna príomhearnálacha. Ina theannta sin, leis an gcomhaontú a síníodh i mí na Bealtaine 2022 idir CEFI+ agus BEI, ráthaíodh EUR 26,7 billiún d’iasachtaí stáit in earnálacha ar nós an fhuinnimh ghlain agus an bhonneagair ghlais. Tá 34 thionscadal formheasta cheana féin i ndáil leis sin, a bhfuil luach EUR 7,4 billiún d’infheistíochtaí ag dul leo. Ar deireadh, maidir leis na Balcáin Thiar agus tíortha comharsanacha an oirdheiscirt, d’éirigh leis an Aontas agus le hinstitiúidí airgeadais na hEorpa EUR 14 bhilliún as an EUR 77 mbilliún a bhfuil súil leis faoi 2027 (6) a shlógadh go dtí seo.

3.6.

I measc na bpríomhthionscadal (7) faoi scáth Global Gateway ar thug na Ballstáit an tosaíocht is airde dóibh in 2023, agus go luath in 2024, tá cruthú comhpháirtíochtaí déthaobhacha le tíortha atá saibhir ó thaobh acmhainní de, go háirithe san Afraic fho-Shahárach, i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib, d’fhonn cabhrú leis na réigiúin ansiúd infheistíochtaí a chur chun cinn feadh shlabhraí luacha na n-amhábhar criticiúil. Tabharfar tacaíocht ina dhiaidh sin do na tíortha comhpháirtíochta chun slabhraí luacha réigiúnacha a fhorbairt, rud a chabhróidh leo a ngeilleagair a éagsúlú agus breisluach a chruthú go háitiúil.

3.7.   Meastóireacht ar Global Gateway

3.7.1.

Is díol sásaimh do CESE gur seoladh Global Gateway agus tá súil aige go gcabhróidh an straitéis sin lena áirithiú go mbeidh rath ar an uathriail straitéiseach oscailte san Aontas. Dá bhrí sin, tá CESE den tuairim go mbeifear in ann na naisc eacnamaíocha agus pholaitiúla leis na tíortha comhpháirtíochta a neartú, rud a áiritheoidh go gcloífear le prionsabail dhaonlathacha agus shóisialta an Aontais agus go bhféadfaidh an tAontas dul san iomaíocht go héifeachtach leis an tSín agus leis na Stáit Aontaithe, go príomha, chun bonneagar a sholáthar ar fud an domhain.

3.7.2.

Sa chomhthéacs reatha, creideann CESE gur féidir le Global Gateway ról a imirt mar uirlis chobhsaíochta pholaitiúil, eacnamaíoch agus slándála sna tíortha sin a bhfuil teorainn acu leis an Aontas, rud a neartóidh seasaimh gheopholaitiúla na hEorpa maidir le haghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna atá leis an imirce chun na hEorpa agus, freisin, chun na rioscaí polaitiúla, eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a mhaolú.

3.7.3.

Cé go dtuigeann CESE gur deis é an tionscnamh chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar chomhleanúnachas bheartais infheistíochta agus nascachta an Aontais, tá amhras air faoina fhéideartha atá sé dáiríre na cistí riachtanacha a shlógadh (8). Níl sé soiléir cén méid de na hinfheistíochtaí a gealladh a dhéanfar i ndáiríre. Is ón earnáil phríobháideach a chaithfidh beagnach leath den EUR 300 billiún atá an Coimisiún Eorpach ag iarraidh a shlógadh a theacht. I mí na Nollag 2022, bliain amháin tar éis sheoladh oifigiúil an tionscnaimh, is cosúil gur bheag rannpháirtíocht a bhí ag an earnáil phríobháideach sa tionscnamh nó go rabhthas fós ag iarraidh a dhéanamh amach cad é an cineál rannpháirtíochta a bheadh i gceist (9).

3.7.4.

Creideann CESE gur cosúil go dtugann an tionscnamh Global Gateway, a dhíríonn go príomha ar na rioscaí a bhaineann le strus de thoradh fiachais a mhaolú sna tíortha comhpháirtíochta, deis níos iontaofa ná mar a thugann roghanna malartacha eile ar nós BRI chun bonneagar domhanda a fhorbairt. Meascán de dheontais, d’iasachtaí lamháltais agus de ráthaíochtaí is ea samhail chistiúcháin an Aontais lena bhféadfar infheistíocht ón earnáil phríobháideach a spreagadh; is ar iasachtaí den chuid is mó atá BRI dírithe. Ionas go mbeidh Global Gateway in ann dul san iomaíocht le tionscnaimh infheistíochta tríú páirtithe, meabhraíonn CESE a thábhachtaí atá sé na nósanna imeachta riaracháin a éascú maidir leis na cistí a leithdháileadh, sin agus a áirithiú gur de réir amscálaí tráthúla agus iomchuí a chuirfear i gcrích na nósanna imeachta a bhaineann leis an measúnú a chaithfear a dhéanamh ar an tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil, le go mbeidh siad éifeachtúil agus éifeachtach do na gníomhaithe lena mbaineann.

3.7.5.

Creideann CESE gur cheart don tionscnamh Global Gateway comhordú straitéiseach níos fearr a áirithiú idir cistí an Aontais agus na cistí sin a chuireann na 27 mBallstát chun feidhme. Bhí an comhordú straitéiseach sin in easnamh go hiomlán go dtí seo agus ní mór don Aontas é a eagrú agus a chomhordú i gcomhréir le cuspóirí beartais áirithe de chuid an Aontais (10).

3.7.5.1.

Is oth le CESE nár cuireadh faisnéis iomchuí chainníochtúil ná cháilíochtúil ar fáil don chéad chruinniú de Choiste an tionscnaimh Global Gateway an 11 Nollaig 2022 (e.g. faisnéis maidir le comhdhéanamh an Choiste).

3.8.

Tá CESE toilteanach cruinnithe rialta a eagrú idir Coiste Global Gateway agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta chun sreabhadh leanúnach faisnéise a áirithiú do na geallsealbhóirí áitiúla a bhfuil suim acu sa tionscnamh agus chun measúnú a dhéanamh ar ghné straitéiseach Global Gateway agus aird a dhíriú ar an ngné sin.

3.8.1.

Is mian le CESE a athdhearbhú nach mór cláir infheistíochta Global Gateway a bheith bunaithe ar mheasúnú tionchair, ina leagtar béim ar na gnéithe straitéiseacha geopholaitiúla agus lena n-áirithítear úinéireacht dhaonlathach na dtionscnamh forbartha sna tíortha comhpháirtíochta agus inbhuanaitheacht comhshaoil na dtionscadal. Cé go gcaithfear i gcás tionscadail infheistíochta arna maoiniú ag BEI measúnú a dhéanamh ar an tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil a bheidh acu agus faireachán rialta a dhéanamh orthu, cuireann CESE chun suntais go bhfuil amhras fós ann faoi na tionscadail infheistíochta a mhaoinítear as cistí eile de chuid an Aontais, sin mar gheall ar easpa soiléireachta a bheith ann maidir leis an gcaoi le measúnú a dhéanamh ar thionchar ghníomhaíochtaí an tionscadail, faireachán a dhéanamh orthu agus iad a chur chun feidhme.

3.8.1.1.

Tá ábhar imní eile ann a bhaineann le hardchuimsitheacht an tionscnaimh Global Gateway, is é sin go bhféadfadh na Ballstáit tionscadail bhonneagair agus infheistíochta arna maoiniú ar bhonn aontaobhach nó déthaobhach a chur chun cinn gan gá a bheith leis go ndéanfadh na hinstitiúidí Eorpacha maoirseacht dhíreach orthu, sin ar choinníoll nach n-iarrfaí aon chistí Eorpacha. Ar an gcúis sin, is ábhar imní do CESE go bhféadfaí tionscadail nach bhfuil i gcomhréir le caighdeáin eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil an Aontais a chur san áireamh sa tionscnamh agus go bhféadfadh sé nach ndéanfaí measúnú tionchair eacnamaíoch, shóisialta agus comhshaoil iomchuí ar na tionscadail sin.

3.8.1.2.

Dar le CESE, ní mór a áirithiú, dá bhrí sin, go ndéanfar measúnú tionchair ar gach tionscadal, measúnú lena n-urramófar úinéireacht dhaonlathach agus inbhuanaitheacht airgeadais an tionscadail, i gcás an Aontais agus na mBallstát lena mbaineann, agus lena n-áiritheofar tacaíocht don mhéid a leanas:

an maolú ar an athrú aeráide;

cosaint an chomhshaoil;

cearta an duine agus na cearta saothair a áirithiú;

iomaíochas an Aontais.

3.9.

Chun trédhearcacht riachtanach thionscnamh Global Gateway a áirithiú, creideann CESE gur cheart tionscadail uile Global Gateway a chlárú ar thairseach an tionscnaimh, mar aon leis an bhfaisnéis uile is gá maidir leis na tionscadail infheistíochta – lena n-áirítear an measúnú tionchair eacnamaíoch, shóisialta agus comhshaoil lena mbaineann – agus maidir leis na gníomhaithe stáit agus neamhstáit a bhfuil baint acu leis na tionscadail.

3.9.1.

Cé gur díol sásaimh do CESE gur cruthaíodh Tairseach Chomhpháirtíochta Fhoireann na hEorpa (Team Europe Partnership Portal) atá nasctha leis an tionscnamh Global Gateway, creideann CESE go bhféadfaí í a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr.

3.10.

Tá CESE den tuairim nach mór d’institiúidí an Aontais agus do na Ballstáit faisnéis agus cumarsáid éifeachtach a áirithiú maidir leis na deiseanna is féidir a chur ar fáil tríd an tionscnamh Global Gateway do ghníomhaithe stáit agus neamhstáit réigiúnacha agus áitiúla, lena n-áirithítear ionad ilfhreastail a oscailt in ionadaíochtaí an Aontais agus, ar an gcaoi sin, infheistíocht ó earnáil phríobháideach an Aontais a éascú agus rannpháirtíocht na ngníomhaithe eacnamaíocha agus sóisialta uile, idir phoiblí agus phríobháideach, a d’fhéadfadh a bheith ann a éascú.

4.   An Straitéis ‘Crios Amháin, Bóthar Amháin’ (BRI)

4.1.

Ó bhí 2013 ann, tá thart ar USD 962 bhilliún curtha ar fáil trí BRI le haghaidh tógáil bonneagair (EUR 573 bhilliún) agus mar infheistíochtaí neamhairgeadais (EUR 389 mbilliún) ar fud an domhain (11).

4.2.

Ar na haidhmeanna atá le BRI tá comhordú a dhéanamh ar na straitéisí forbartha agus cur leis na naisc idir na tíortha rannpháirteacha, trí bhonneagar ar nós iarnród, mótarbhealaí, calafort agus píblínte a thógáil, agus trí mhalartuithe tráchtála agus airgeadais, maille le malartuithe idir daoine, a chur chun cinn. Tá breis agus 200 doiciméad comhair i gceist in BRI, doiciméid a síníodh le 151 tír agus 32 eagraíocht idirnáisiúnta.

4.3.

Mar go bhfuil sé i gceist le BRI bonneagar a thógáil thar lear, éiríonn leis cuspóirí éagsúla a bhaint amach:

a.

tacaíonn sé leis an onnmhairiú (17,1 % de OTI in 2022) agus áirithítear leis go n-ionsúitear rótháirgeadh monaraíochta na Síne nach féidir leis an éileamh intíre a ionsú in earnálacha an iarainn agus na cruach, an alúmanaim, na stroighne, an ghuail, na gloine agus an pháipéir;

b.

áirithíonn sé rochtain níos fearr ar bhealaí cumarsáide agus ar an trádáil idirnáisiúnta do réigiúin Iarthar na Síne (atá lonnaithe i bhfad ón muirthrácht, e.g. Yunnan agus Xinjiang) trí bhonneagar iompair a thógáil san Áise Láir agus san Áise Thoir Theas;

c.

cuireann sé le tionchar na Síne ar fud an domhain agus, trí Bhanc na hÁise don Infheistiú sa Bhonneagar, tugann sé dúshlán ceannasachta institiúidí ar nós an Bhainc Dhomhanda agus Bhanc Forbartha na hÁise, agus é mar aidhm aige athchóiriú cuimsitheach ar an gcóras a dhéanamh;

d.

trí thrádáil agus infheistíochtaí na Síne a chur chun cinn thar lear, is féidir le BRI a bheith ina uirlis thábhachtach chun ról airgeadra na Síne, an Renminbi, a spreagadh mar airgeadra idirnáisiúnta;

e.

trí bhonneagar lóistíochta nua a thógáil, d’fhéadfadh an tSín cuid dá soláthar fuinnimh a iompar trí bhealaí eile seachas Caolas Malacca, arb é an bealach é trína dtéann 80 % d’allmhairí ola na Síne, meastar.

4.4.

Le blianta beaga anuas, tá laghdú tagtha ar líon na dtionscadal nua agus ar luach na gconarthaí a síníodh faoi chuimsiú BRI. In 2022, thug an tSín 5 514 chonradh nua i gcrích (laghdú 743 chonradh ar an líon a bhí ann in 2021) arbh fhiú USD 130 billiún iad (- 3,3 %) (12). Is féidir go mbaineann an laghdú sin le tosca áirithe ar nós forbróirí agus infheisteoirí na Síne a bheith níos cúramaí ná riamh faoina indéanta agus atá na hinfheistíochtaí agus faoin toradh eacnamaíoch a bheidh orthu nó gan na tíortha comhpháirtíochta a bheith chomh toilteanach céanna dul i bhfiacha nua ar mhaithe le tionscadail faoi chuimsiú BRI a mhaoiniú.

4.4.1.

D’aimsigh roinnt tíortha comhpháirtíochta lochtanna struchtúrtha ar an mbonneagar arna mhaoiniú faoi chuimsiú BRI, agus caitheadh amhras ar cháilíocht na dtionscadal atá beartaithe sa tionscnamh (13). Ag an am céanna, cuireadh roinnt tionscadal ar fionraí nó ar ceal mar gheall ar abhair imní a bhaineann le fiacha iomarcacha, praghsanna ró-ard agus cásanna ina raibh caimiléireacht ar siúl (14). Ina theannta sin, d’fhág cur chun feidhme roinnt tionscadal gur cuireadh go mór leis an éagobhsaíocht airgeadais i dtíortha comhpháirtíochta áirithe. I gcás Mhontainéagró, a bhfuil 25 % dá fhiachas poiblí i seilbh na Síne, is minic a mheastar go bhfuil fiacha a thabhaítear chun tionscadail bhonneagair faoi chuimsiú BRI a mhaoiniú ar an rud is cúis le fiachas neamh-inbhuanaithe na tíre (15).

4.4.2.

Cáineadh an tionscnamh mar gheall ar an easpa trédhearcachta a bhaineann le caighdeáin chomhshaoil na dtionscadal (16). Ina theannta sin, ba mhinic gurbh fhearr le cuideachtaí Síneacha a raibh baint acu le cur chun feidhme na dtionscadal sin lucht saothair de chuid na Síne a fhostú (trí dhul timpeall ar na rialacháin náisiúnta maidir le dlí an tsaothair agus maidir leis an tsláinte agus an tsábháilteacht cheirde) seachas lucht saothair áitiúil a fhostú. D’fhág sin gur cuireadh bac ar na tíortha comhpháirtíochta leas a bhaint as na tionscadail chun cuid dá lucht saothair féin a chur ag obair agus tairbhe a bhaint as an aistriú scileanna.

4.4.3.

Le linn an tríú Fóram um Chomhar Idirnáisiúnta a tionóladh faoi chuimsiú BRI i mí Dheireadh Fómhair 2023, athdhearbhaíodh go bhfuil BRI, ainneoin forbairt a bheith tagtha air, fós ina chuid bhunriachtanach de straitéis dhomhanda Dhaon-Phoblacht na Síne. Sna blianta amach romhainn, díreoidh BRI ar ocht bpríomhchuspóir ar mhaithe leis an bhfás ardcháilíochta a chur chun cinn (17). Ar na cuspóirí sin tá: i) síneadh an naisc iarnróid ardluais idir an tSín agus an Eoraip; ii) rannpháirtíocht sa Chonair trasna Mhuir Chaisp; iii) limistéir nua trádála faoi chuimsiú BRI; iv) rochtain bhreise a thabhairt ar infheistíocht ón gcoigríoch; v) maoiniú le haghaidh tionscadail nuálacha; vi) forbairt inbhuanaithe; vii) oiliúint, malartú cultúir agus eolaíochta; viii) an t-ionracas a chur chun cinn agus institiúidí BRI a neartú.

4.4.3.1.

Le linn an Fhóraim, athdhaingníodh freisin tiomantas na Síne margadh na tíre a oscailt go mór do chuideachtaí ón gcoigríoch, agus breis agus USD 100 billiún de mhaoiniú úr á ghealladh aici do gheilleagair atá ag teacht chun cinn. Dhírigh sí go sonrach ar bhainc forbartha na Síne agus ar Chiste Bhóthar an tSíoda, rud a chuireann an comhar Theas-Theas chun cinn mar bhealach chun na naisc leis na tíortha i mbéal forbartha a neartú, mar chúiteamh ar thionchar an Iarthair (18).

4.5.   Meastóireacht ar BRI

4.5.1.

Cé go bhfuil deich mbliana caite ó seoladh BRI, creideann CESE go bhfuil easpa mhór soiléireachta ann i dtaobh cad é go díreach atá i gceist leis an tionscnamh agus, dá réir sin, i dtaobh na gcritéar faoinar féidir tionscadal a áireamh ar an liosta oifigiúil de thionscadail BRI. Dá bhrí sin, ar mhaithe leis an trédhearcacht agus an tsoiléireacht, tá CESE den tuairim gur cheart do Dhaon-Phoblacht na Síne faisnéis bheacht agus cothrom le dáta a sholáthar maidir leis na cláir infheistíochta a thagann faoin tionscnamh.

4.5.2.

Is oth le CESE gurb é an toradh ar sheoladh BRI san Aontas agus i dtíortha nach bhfuil san Aontas ach atá sa chomharsanacht go bhfuil easpa comhordaithe ann idir cláir bhonneagair AE-na Síne, rud a chruthaíonn neamhréireachtaí sa bhonneagar nascachta. Cuireann CESE i bhfios freisin go bhféadfadh infheistíochtaí BRI úinéireacht bhonneagar straitéiseach náisiúnta na mBallstát a lagú.

4.5.3.

Meabhraíonn CESE nach bhfuil cómhalartacht ar bith sa chaidreamh eacnamaíoch idir an tAontas agus Daon-Phoblacht na Síne, rud a dhéanann dochar go cinnte do chuideachtaí an Aontais.

4.5.4.

Is cúis mhór imní do CESE go bhféadfaí an bonn a bhaint d’aontacht an Aontais de thoradh an Meabhrán Tuisceana leis an tSín a bheith á shíniú ag Ballstáit as a stuaim féin, gan aon chomhordú a bheith á dhéanamh ag na hinstitiúidí Eorpacha orthu. Meabhraíonn CESE freisin go bhféadfadh an creat comhair ‘14 + 1’, a bhfuil 9 mBallstát ina mbaill de, roinnt rioscaí a chruthú maidir le comhtháthú an Aontais.

4.5.5.

Dar le CESE d’fhéadfadh tionscadail BRI, i gcás nach ndéanfaí measúnú cúramach orthu, dochar a dhéanamh d’iomaíochas fadtéarmach an Aontais, sin mar thoradh ar theicneolaíocht a bheith á haistriú go héigeantach chuig an tSín.

4.5.6.

Is oth le CESE nach bhfuil an urraim do chearta sóisialta agus do chearta oibrithe á ráthú ag cuideachtaí Síneacha a dhéanann infheistíocht i dtionscadail BRI san Aontas Eorpach.

4.5.7.

Ós rud é nach gcomhlíonann infheistíochtaí na Síne i dtionscadail BRI rialacháin airgeadais an Aontais, is mian le CESE a mheabhrú go bhfuil an baol ann go bhfuil deiseanna á gcruthú trínar féidir le coirpigh eagraithe sciúradh airgid a dhéanamh.

4.5.8.

Ós ábhar imní é, is mian le CESE béim a leagan ar fheiniméan an ró-ualaigh fiachais i dtíortha nach bhfuil san Aontas agus ar an gcailliúint ráthaíochtaí straitéiseacha a tharlaíonn dá bharr sin. Tharla a leithéid i dtíortha áirithe nach bhfuil san Aontas Eorpach, mar atá, an Phacastáin, an Táidsíceastáin, an Chirgeastáin, Srí Lanca, Oileáin Mhaildíve agus i dtír is iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas Eorpach: Montainéagro.

4.5.9.

Is oth le CESE nach gcomhlíonann na cuideachtaí Síneacha atá rannpháirteach i gcláir BRI caighdeáin chomhshaoil an Aontais agus go leantar de thionscadail a thagann salach ar an gComhaontú Glas don Eoraip a mhaoiniú agus a chur chun feidhme.

4.5.10.

Tuigeann CESE nach ndearnadh le BRI ach bearna a bhí ann a líonadh. Tháinig an bhearna sin chun cinn mar gheall ar fhaillí a rinne an tAontas Eorpach agus na Ballstáit nuair a rinne siad meastachán ró-íseal ar an ngá le hinfheistíocht le haghaidh na mblianta 2010-2019. Ainneoin gur aithin an tAontas Eorpach sa Straitéis don Áise Láir (2007) go raibh tosaíocht straitéiseach leis na naisc leis na gréasáin iompair agus fuinnimh i réigiún na hÁise Láir, is faoi BRI a tosaíodh ar infheistíochtaí móra a dhíriú ar an limistéar sin agus limistéir eile (na Balcáin, calafoirt na Meánmhara agus an Atlantaigh, an Afraic, an Áise Thoir Theas, etc.). Sa chomhthéacs sin, is cinnte gur chuir na hinfheistíochtaí a rinne na cuideachtaí Síneacha feabhas ar idirnascacht bonneagair na limistéar sin agus ar na moil idirmhódúla a bhfuil tábhacht straitéiseach leo.

4.5.11.

Meabhraíonn CESE gurb é an tAontas Eorpach féin a mhaoinigh tionscadail áirithe faoi chuimsiú BRI (e.g. Droichead Pelješac sa Chróit) nó gur mhaoinigh sé tionscadail eile go hindíreach (tríd an mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta), gan an comhordú cuí a áirithiú, áfach, ná caighdeáin chomhshaoil, shóisialta, etc., a chomhlíonadh (19).

4.5.12.

Tá CESE den tuairim go dteastaíonn creat ar leith i gcás BRI, creat chun comhordú níos dlúithe a chur chun cinn idir institiúidí an Aontais agus na 27 mBallstát. Ní inmholta an caidreamh leis an tSín a fhágáil faoi 27 gcaidreamh dhéthaobhacha éagsúla, ná an caidreamh sin a bhainistiú trí bhíthin Meabhráin Tuisceana nó creataí comhair éagsúla, dála ‘14 + 1’. I gcás den sórt sin, is é is iondúla a tharlaíonn, ainneoin go bhféadfadh Ballstáit áirithe a bheith chun cinn ar na Ballstáit eile dá réir sa chaidreamh cumhachta, gur ag an tSín amháin a bheadh an buntáiste, agus is baol sistéamach don Aontas ina iomláine ba thoradh air sin. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach a áirithiú go ndéanfadh na Ballstáit beart le chéile i leith na Síne agus go gcuirfí cumarsáid éifeachtach chun cinn idir institiúidí an Aontais agus Daon-Phoblacht na Síne.

4.5.13.

Is cúis mhór imní do CESE, ó thaobh an chomhshaoil agus na slándála de, go bhfuil sé ar intinn ag Daon-Phoblacht na Síne an bealach tríd an Artach (nó ‘Bealach na Mara Thuaidh’ mar a thugtar air in BRI) a úsáid, rud a laghdóidh an muirthrácht a théann trí Chaolas Malacca.

4.5.14.

Is oth le CESE nach bhfuil aon fhoráil in BRI lena bhféadfaí gníomhaithe áitiúla (eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta) a rannpháirtiú dáiríre i bpróiseas forbartha, faireacháin, meastóireachta agus cur chun feidhme na dtionscadal, agus go bhfágann sin nach bhfuil an deis á tapú chun na tionscadail sin a roinnt leis na príomhghníomhaithe áitiúla a bhfuil siad dírithe orthu.

5.   Comhstraitéis a chruthú idir Global Gateway agus BRI

5.1.

Tá súil ag CESE go gcruthófar, a luaithe is féidir, na dálaí a d’fhágfadh Global Gateway, BRI agus PGII ag cur agus ag cuidiú le chéile, rud a léireodh maolú ar an teannas sa chaidreamh domhanda.

5.1.1.

Tá CESE den tuairim i gcás na dtionscadal a chuimseofar faoi BRI agus a chuirfear i gcrích sna 27 mBallstát nó neachtar acu lasmuigh de limistéar an Aontais ach a bhfuil baint ag gníomhaithe eacnamaíocha as na Ballstáit leo (mar thairbhithe, soláthraithe nó deontóirí), agus i gcás na dtionscadal a chuimseofar faoi Global Gateway,

go gcaithfear na prionsabail seo a leanas a chur chun cinn:

an tsíocháin agus an tslándáil;

luachanna an Aontais atá cumhdaithe sna Conarthaí;

cearta an duine atá cumhdaithe i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine (na Náisiúin Aontaithe (1948));

forálacha Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (20);

urramú choinbhinsiúin bhunúsacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS). Tá sé choinbhinsiún as na naoi gcoinbhinsiún bhunúsacha daingnithe ag Daon-Phoblacht na Síne. Tá na coinbhinsiúin a leanas le daingniú go fóill: Saoirse Comhlachais agus Cosaint an Chirt Eagrúcháin, 1948 (Uimh. 87), an Ceart Eagrúcháin agus an Chómhargáil, 1949 (Uimh. 98), agus Cur Chun Cinn an Chreata um Shábháilteacht agus Sláinte Ceirde, 2006 (Uimh. 187).

na cuspóirí seo a leanas a áirithiú:

spriocanna forbartha inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe;

an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach;

Colún Eorpach na gCeart Sóisialta;

an uathriail straitéiseach oscailte san Aontas;

úinéireacht Eorpach bhonneagar agus tháirgeadh straitéiseach an Aontais;

iomaíochas an Aontais;

an cothrom iomaíochta agus an iomaíocht chóir;

an comhrac i gcoinne na calaoise cánach agus an sciúrtha airgid.

Ar bhonn na bprionsabal agus na gcuspóirí sin, caithfear, dá réir sin, i gcás na dtionscadal a chuimseofar faoi BRI, agus i gcás na dtionscadal a chuimseofar faoi Global Gateway, measúnú tionchair eacnamaíoch, airgeadais, shóisialta, comhshaoil agus dhlíthiúil a dhéanamh orthu lena fhíorú go bhfuil siad oiriúnach agus i gcomhréir le luachanna an Aontais agus leis na prionsabail agus na cuspóirí a leagtar amach sa mhír seo.

5.1.1.1.

Caithfear an measúnú tionchair sin a dhéanamh laistigh de theorainneacha ama réasúnta:

i gcás BRI: go comhpháirteach ag an Aontas agus na Ballstáit a bhfuil baint acu leis an tionscadal faoi chuimsiú BRI;

i gcás Global Gateway: ag an Aontas agus na Stáit nach bhfuil san Aontas ach a bhfuil baint acu leis an tionscadal faoi chuimsiú Global Gateway;

sula gceadófar na tionscadail sin a sheoladh san Aontas nó sula mbeidh baint ag gníomhaithe eacnamaíocha an Aontais leo (i gcás BRI) nó a sheoladh sna Stáit nach bhfuil san Aontas i gcás Global Gateway.

5.2.

Tá CESE toilteanach ról a imirt agus tá sé ag iarraidh cruinnithe rialta a eagrú faoi scáth Chruinniú Comhchéime AE-na Síne chun plé a dhéanamh ar BRI agus ar Global Gateway le hionadaithe eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta, d’fhonn aird a dhíriú ar dheiseanna agus ar laigí an dá chlár agus ar réitigh a d’fhéadfaí a úsáid i ndáil leis sin.

An Bhruiséil, an 14 Nollaig 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  An Ostair, an Bhulgáir, an Chróit, an Chipir, an tSeicia, an Eastóin, an Ghréig, an Ungáir, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóvaic, an tSlóivéin.

(2)  An Ostair, an Bheilg, an Chróit, an Danmhairg, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ungáir, Éire, an Iodáil, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an Spáinn, an tSualainn, an Chipir.

(3)  An Bhulgáir, an Chróit, an tSeicia, an Eastóin, an Ungáir, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóvaic, an tSlóivéin agus an Ghréig mar aon leis an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró, an tSeirbia.

(4)  JOIN(2019) 5 final.

(5)  https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/ip_22_1362

(6)  https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/ip_22_7656

(7)  https://www.politico.eu/article/eu-sets-outs-projects-to-make-global-gateway-visible-on-the-ground/

(8)  https://www.europarl.europa.eu/thinktank/en/document/EPRS_BRI(2023)739296

(9)  https://foreignpolicy.com/2023/01/10/europe-china-eu-global-gateway-bri-economic-development/

(10)  https://www.bruegel.org/blog-post/global-gateway-real-step-towards-stronger-europe-world

(11)  https://www.aei.org/china-global-investment-tracker/

(12)  http://fec.mofcom.gov.cn/article/fwydyl/tjsj/202302/20230203384457.shtml

(13)  https://www.wsj.com/amp/articles/china-global-mega-projects-infrastructure-falling-apart-11674166180

(14)  https://www.businessinsider.com/china-spends-twice-us-but-belt-road-initiative-losing-steam-2021-9?r=US&IR=T

(15)  https://thediplomat.com/2020/09/will-montenegros-new-government-bring-a-new-china-strategy/

(16)  https://www.iai.it/en/pubblicazioni/how-green-chinas-belt-and-road-initiative

(17)  https://www.chinadaily.com.cn/a/202310/18/WS652f416ca31090682a5e92d2.html

(18)  http://www.beltandroadforum.org/english/

(19)  Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, ‘ The EU’s response to China’s state-driven investment strategy ’, Athbhreithniú 03 (2020).

(20)   IO C 326, 26.10.2012, lch. 391.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1574/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)