Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2023/932 |
27.11.2023 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Tríú Dlísheomra) an 12 Deireadh Fómhair 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Okręgowy w Opolu – an Pholainn) – OP v Notariusz Justyna Gawlica
(Cás C-21/22 (1), OP (Rogha dlí tríú stát maidir le comharbas))
(Tarchur chun réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta - An dlí náisiúnta is infheidhme in ábhair chomharbais - Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 - Airteagal 22 - Clásal maidir le rogha dlí - Raon feidhme pearsanta - Náisiúnach tríú tír - Airteagal 75 - An gaol le coinbhinsiúin idirnáisiúnta atá ann cheana - Comhaontú déthaobhach idir Poblacht na Polainne agus an Úcráin)
(C/2023/932)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Sąd Okręgowy w Opolu
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: OP
Cosantóir: Notariusz Justyna Gawlica
Páirtí eile sna himeachtaí: Marcin Margoński
An chuid oibríochtúil
1. |
Maidir le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla agus iad a fhorfheidhmiú in ábhair chomharbais agus maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a chruthú, ní mór a léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: d’fhéadfadh náisiúnach tríú tír a bhfuil cónaí air nó uirthi i mBallstát den Aontas Eorpach dlí an tríú Stát sin a roghnú mar an dlí lena rialaítear a chomharbas nó a comharbas ina iomláine. |
2. |
Maidir le hAirteagal 75 de Rialachán Uimh. 650/2012, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 22 den Rialachán sin, ní mór a léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: ní chuirtear cosc – i gcás ina mbeidh Ballstát de chuid an Aontais Eorpaigh tar éis comhaontú déthaobhach a thabhairt i gcrích, roimh ghlacadh an Rialacháin sin, le tríú Stát ina n-ainmnítear an dlí is infheidhme maidir le comharbas agus nach bhforáiltear go sainráite leis don fhéidearthacht dlí eile a roghnú – ar náisiúnach de chuid an tríú Stát sin, a bhfuil cónaí air nó uirthi sa Bhallstát lena mbaineann, ó gan bheith in ann dlí an tríú Stát sin a roghnú chun a chomharbas nó a comharbas ina iomláine a rialú. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/932/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)