ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 155

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

66
2 Bealtaine 2023


Clár

Leathanach

 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

2023/C 155/01

Foilseacháin deiridh de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE

 

Cúirt Bhreithiúnais

2023/C 155/02

Cás C-682/20 P: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 9 Márta 2023 – Les Mousquetaires, ITM Entreprises SAS v an Coimisiún Eorpach, Comhairle an Aontais Eorpaigh (Achomharc – Iomaíocht – Cairtéil – Cinneadh ón gCoimisiún Eorpach lena n-ordaítear cigireacht – Nósanna imeachta achomhairc i gcoinne stiúradh na cigireachta – Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Ceart chun leighis éifeachtaigh – Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 – Airteagal 19 – Rialachán (CE) Uimh. 773/2004 – Airteagal 3 – Taifeadadh na n-agallamh arna ndéanamh ag an gCoimisiún le linn stiúradh na bhfiosrúchán aige – Pointe tosaigh d’fhiosrúchán an Choimisiúin)

2

2023/C 155/03

Cás C-690/20 P: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 9 Márta 2023 – Casino, Guichard-Perrachon, Achats Marchandises Casino SAS (AMC) v an Coimisiún Eorpach (Achomharc – Iomaíocht – Cairtéil – Cinneadh ón gCoimisiún Eorpach lena n-ordaítear cigireacht – Nósanna imeachta achomhairc i gcoinne stiúradh na cigireachta – Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Ceart chun leighis éifeachtaigh – Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 – Airteagal 19 – Rialachán (CE) Uimh. 773/2004 – Airteagal 3 – Taifeadadh na n-agallamh arna ndéanamh ag an gCoimisiún le linn stiúradh na bhfiosrúchán aige – Pointe tosaigh d’fhiosrúchán an Choimisiúin)

3

2023/C 155/04

Cás C-693/20 P: Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 9 Márta 2023 – Intermarché Casino Achats v an Coimisiún Eorpach, Comhairle an Aontais Eorpaigh (Achomharc – Iomaíocht – Cairtéil – Cinneadh an Choimisiúin Eorpaigh cigireacht a ordú – Leigheasanna in aghaidh stiúradh na cigireachta – Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Ceart ar leigheas éifeachtach – Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 – Airteagal 19 – Rialachán (CE) Uimh. 773/2004 – Airteagal 3 – Taifeadadh ar agallaimh a rinne an Coimisiún i gcomhthéacs a imscrúduithe – Túsphointe imscrúdú an Choimisiúin)

4

2023/C 155/05

Cás C-695/20, Fenix International: Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an Mór-Dhlísheomra) an 28 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón First-tier Tribunal (Tax Chamber) – an Ríocht Aontaithe) – Fenix International Limited v Commissioners for Her Majesty's Revenue and Customs (Tarchur chun réamhrialú – Cumhacht cur chun feidhme Chomhairle an Aontais Eorpaigh – Airteagal 291(2) CFAE – Comhchóras cánach breisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Airteagal 28 agus Airteagal 397 – Duine inchánach, ag gníomhú ina ainm féin ach thar ceann duine eile – Soláthróir seirbhísí a sholáthraítear go leictreonach – Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 – Airteagal 9a – Toimhde – Bailíocht)

4

2023/C 155/06

Cás C-31/21, Eurocostruzioni: Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 2 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione – an Iodáil) – Eurocostruzioni Srl v Regione Calabria (Tarchur chun réamhrialú – Cistí struchtúracha – Rialachán (CE) Uimh. 1685/2000 – Incháilitheacht caiteachais – Oibleagáid cruthúnais íocaíochta – Sonraisc íoctha – Doiciméid chuntasaíochta de luach coibhéiseach promhaidh – Tógáil déanta go díreach ag an tairbhí deiridh)

5

2023/C 155/07

Cás C-46/21 P: Breithiúnas na Cúirte (an Cúigiú Dlísheomra) an 9 Márta 2023 – Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh v Aquind Ltd (Achomharc – Fuinneamh – Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 – Airteagal 17 – Iarraidh ar dhíolúine i leith idirnascaire leictreachais – Cinneadh diúltaithe ó Ghníomhaíocht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) – Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 – Airteagal 19 – Coimisiún um Achomharc de ACER – Déine an fhaireacháin)

6

2023/C 155/08

Cás C-78/21, PrivatBank agus páirtithe eile: Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 2 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Administratīvā apgabaltiesa – an Laitvia) – AS PrivatBank, A, B, Unimain Holdings Limited v Finanšu un kapitāla tirgus komisija (Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 56 agus Airteagal 63 CFAE – Saoirse chun seirbhísí a sholáthar – Saorghluaiseacht caipitil – Beart náisiúnta lena gceanglaítear ar institiúid chreidmheasa caidreamh gnó a fhoirceannadh nó gan caidreamh den sórt sin a dhéanamh a thuilleadh le neamhnáisiúnaigh – Srian – Airteagal 65(1)(b) CFAE – Údar a thabhairt – Treoir (AE) 2015/849 – Cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta – Comhréireacht)

6

2023/C 155/09

Cás C-119/21 P: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Ceathrú Dlísheomra) an 9 Márta 2023 – PlasticsEurope v an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA), Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na Fraince, ClientEarth (Achomharc – Bunú liosta na substaintí atá faoi réir údaraithe – Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 – Iarscríbhinn XIV – Liosta na substaint arna n-aithint chun críocha cuimsiú faoi dheireadh faoi Iarscríbhinn XIV – Nuashonrú ar liostú na substainte bisfeanól A mar shubstaint a bhfuil imní anmhór ag baint léi)

7

2023/C 155/10

Cás C-268/21, Norra Stockholm Bygg: Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an Tríú Dlísheomra) an 2 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Högsta domstolen – an tSualainn) – Norra Stockholm Bygg AB v Per Nycander AB (Tarchur chun réamhrialú – Cosaint sonraí pearsanta – Rialachán (AE) 2016/679 – Airteagal 6(3) agus (4) – Dlíthiúlacht na próiseála – Doiciméad ina bhfuil sonraí pearsanta a thabhairt ar aird i gcomhthéacs imeachtaí breithiúnacha sibhialta – Airteagal 23(1)(f) agus (j) – Neamhspleáchas na mbreithiúna agus imeachtaí breithiúnacha a chosaint – Iarratais faoin dlí sibhialta a fhorghníomhú – Ceanglais le comhlíonadh – Leasanna na ndaoine lena mbaineann a bhreithniú – Na leasanna freasúracha atá i gceist a thomhas – Airteagal 5 – Íoslaghdú sonraí pearsanta – an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Airteagal 7 – An ceart chun príobháideachais – Airteagal 8 – An ceart chun sonraí pearsanta a chosaint – Airteagal 47 – An ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach – Prionsabal na comhréireachta)

8

2023/C 155/11

Cás C-270/21, A (Múinteoir naíscoile): Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Ceathrú Dlísheomra) an 2 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Korkein hallinto-oikeus – an Fhionlainn) – A (Tarchur chun réamhrialú – Saorghluaiseacht oibrithe – Cáilíochtaí gairmiúla a aithint laistigh de Ballstáit – Treoir 2005/36/CE – An ceart chun cleachtadh mar mhúinteoir naíscoile – Gairm rialaithe – An ceart chun rochtain a fháil ar ghairm ar bhonn céim arna eisiúint sa Bhallstát baile – Cáilíocht ghairmiúil a fuarthas i dtríú tír)

9

2023/C 155/12

Cás C-354/21, Registrų centras: Breithiúnas na Cúirte (an Cúigiú Dlísheomra) an 9 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas – an Liotuáin) – R.J.R. v Registrų centras VĮ (Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta – Deimhniú Eorpach comharbais – Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 – Airteagal 1(2)(l) – Raon feidhme – Airteagal 68 – Inneachar an Deimhnithe Eorpaigh Comharbais – Airteagal 69(5) – Éifeachtaí an Deimhnithe Eorpaigh Comharbais – Maoin chomharbais dochorraithe atá suite i mBallstát seachas Ballstát an chomharbais – Clárú na maoine seo i gclár talún an Bhallstáit sin – Ceanglais dhlíthiúla a bhaineann leis an gclárú sin dá bhforáiltear le dlí an Bhallstáit sin – Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1329/2014 – Cineál sainordaitheach Fhoirm V in Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin)

10

2023/C 155/13

Cás C-375/21, Sdruzhenie Za Zemyata – dostap do pravosadie agus páirtithe eile: Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 9 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Varhoven administrativen sad – an Bhulgáir) – Sdruzhenie Za Zemyata – dostap do pravosadie, Тhe Green Тank – grazhdansko sdruzhenie s nestopanska tsel – an Phoblacht Heilléanach, NS v Izpalnitelen director na Izpalnitelna agentsia po okolna sreda, TETS Maritsa iztok 2 EAD (Tarchur chun réamhrialú – Comhshaol – Cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh – Treoir 2008/50/CE – Airteagail 13 agus 23 – Teorainnluachanna chun sláinte an duine a chosaint – Sárú – Plean maidir le cáilíocht an aeir – Treoir 2010/75/AE – Cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú – Nuashonrú ar údarú chun gléasra cumhachta teirmí a oibriú – Teorainnluachanna astaíochta – Airteagal 15(4) – Iarratas ar mhaolú lena socrófar teorainnluachanna astaíochta astaíochtaí níos lú déine – Truailliú suntasach – Airteagal 18 – Comhlíonadh caighdeáin cháilíochta comhshaoil – Oibleagáidí an údaráis inniúil)

11

2023/C 155/14

Cás C- C-394/21, Bursa Română de Mărfuri: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Cúigiú Dlísheomra) an 2 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Bucureşti – an Rómáin) – Bursa Română de Mărfuri SA v Autoritatea Naţională de Reglementare în domeniul Energiei (ANRE) (Tarchur chun réamhrialú – Margadh inmheánach leictreachais – Treoir 2009/72/CE – Rialachán (AE) 2019/943 – Airteagal 1(b) agus (c) agus Airteagal 3 – Prionsabail maidir le feidhmiú na margaí leictreachais – Rialachán (AE) 2015/1222 – Airteagal 5(1) – Oibreoir ainmnithe sa mhargadh leictreachais – Monaplacht náisiúnta dhlíthiúil le haghaidh seirbhísí malartaithe laethúla agus ionlae – Reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do mhonaplacht maidir le trádáil mhórdhíola sa leictreachas sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma)

12

2023/C 155/15

Cásanna uamtha C-410/21 agus C-661/21, DRV Intertrans agus páirtithe eile: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Dara Dlísheomra) an 2 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Hof van Cassatie – an Bheilg) – imeachtaí coiriúla i gcoinne FU, DRV Intertrans BV (C-410/21), agus Verbraeken J. en Zonen BV, PN (C-661/21) (Tarchur chun réamhrialú – Oibrithe Imirceacha – Slándáil shóisialta – Reachtaíocht is infheidhme – Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 – Airteagal 5 – Deimhniú A 1 – Tarraingt siar sealadach – Éifeacht cheangailteach – Deimhniú a fuarthas nó a agairt go calaoiseach – Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 – Airteagal 13(1)(b)(i) – Daoine a fhostaítear de ghnáth in dhá Bhallstát nó níos mó – Infheidhmeacht reachtaíocht an Bhallstáit ina bhfuil an oifig chláraithe suite – Coincheap na hoifige cláraithe – Gnóthas a bhfuil ceadúnas iompair Comhphobail faighte aige faoi Rialacháin (CE) Uimh. 1071/2009 agus (CE)Uimh. 1072/2009 – Tionchar – Ceadúnas a fuarthas nó a agairt go calaoiseach)

13

2023/C 155/16

Cás C-432/21: Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 2 Márta 2023 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Polainne (Mainneachtain stáit – Comhshaol – Treoir 92/43/CEE – Gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú – Airteagal 6(1) go (3), Airteagal 12(1)(a) go (d), Airteagal 13(1)(a) agus Airteagal 16(1) – Treoir 2009/147/CE – Caomhnú éan fiáin – Airteagal 4(1), Airteagal 5(a), (b) agus (d), agus Airteagal 9(1) – Bainistiú foraoise bunaithe ar dhea-chleachtas – Pleananna bainistithe foraoise – Coinbhinsiún Aarhus – Rochtain ar cheartas – Airteagal 6(1)(b) agus Airteagal 9(2) – Athbhreithniú ar dhlíthiúlacht shubstainteach agus nós imeachta pleananna bainistithe foraoise – Ceart achomhairc eagraíochtaí comhshaoil)

14

2023/C 155/17

Cás C-477/21, MÁV-START: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Dara Dlísheomra) an 2 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Miskolci Törvényszék – an Ungáir) – IH v MÁV-START Vasúti Személyszállító Zrt. (Tarchur chun réamhrialú – Beartas sóisialta – Sábháilteacht agus sláinte oibrithe a chosaint – Eagrú ama oibre – Airteagal 31(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Treoir 2003/88/CE – Airteagail 3 agus 5 – Sos laethúil agus sos seachtainiúil – Reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do thréimhse sosa seachtainiúla íosta dhá uair an chloig is daichead – Oibleagáid chun sos laethúil a dheonú – Rialacha mionsonraithe chun é a dheonú)

15

2023/C 155/18

Cás C-571/21, RWE Power: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Cúigiú Dlísheomra) an 9 Márta 2023 (Iarraidh ar réamhrialú ón Finanzgericht Düsseldorf, an Ghearmáin) – RWE Power Aktiengesellschaft v Hauptzollamt Duisburg (Tarchur chun réamhrialú – Cánachas ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas – Treoir 2003/96/CE – Airteagal 14(1)(a) – Airteagal 21(3), an dara habairt agus an tríú habairt – Leictreachas a úsáidtear chun leictreachas a tháirgeadh agus chun an acmhainneacht chun leictreachas a tháirgeadh a choinneáil – Díolúine – Raon feidhme – Oibríochtaí mianadóireachta béal-oscailte – Leictreachas a úsáidtear chun tancanna breosla agus modhanna iompair a oibriú)

16

2023/C 155/19

Cás C-604/21, Vapo Atlantic: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Tríú Dlísheomra) an 9 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Administrativo e Fiscal de Braga – an Phortaingéil) – Vapo Atlantic SA v Entidade Nacional para o Setor Energético E.P.E. (ENSE) (Tarchur le haghaidh réamhrialú – Nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na gcaighdeán teicniúil agus na rialachán agus na rialacha a bhaineann le seirbhísí na sochaí faisnéise – Treoir 98/34/CE – Airteagal 1(4) – An coincheap ceanglais eile – Airteagal 1(11) – An coincheap rialachán teicniúil – Airteagal 8, mír 1 – Oibleagáid ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún Eorpach faoi aon dréacht – rialachán teicniúil – Foráil náisiúnta lena bhforáiltear d’ionchorprú céatadán áirithe de bhithbhreoslaí i mbreoslaí bóthair – Airteagal 10(1), an tríú fleasc – An coincheap clásal coimirce dá bhforáiltear i ngníomh ceangailteach de chuid an Aontais – An dara fomhír d’Airteagal 4(1) de Threoir 2009/30/CE a fhágáil as an áireamh)

17

2023/C 155/20

Cás C-664/21,Nec Plus Ultra Cosmetics AG: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 2 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Vrhovno sodišče Republike Slovenije – an tSlóvéin) – Nec Plus Ultra Cosmetics AG v Republika Slovenija (Tarchur chun réamhrialú – Comhchóras cánach breisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Airteagal 138(1) – Díolúintí a bhaineann le hidirbhearta laistigh den Chomhphobal – Soláthar earraí – Prionsabail na neodrachta fioscacha, na héifeachtúlachta agus na comhréireachta – Ceanglais shubstainteacha a shásamh – Teorainn ama chun fianaise a chur isteach)

18

2023/C 155/21

Cás C-666/21, Åklagarmyndigheten: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Tríú Dlísheomra) an 2 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Hovrätten för Nedre Norrland – an tSualainn) – AI v Åklagarmyndigheten (Tarchur chun réamhrialú – Iompar de bhóthar – Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 – Raon feidhme – Airteagal 2(1)(a) – Airteagal 3(h) – Coincheap iompar earraí de bhóthar – Coincheap ollmhais feithicle – Feithicil atá feistithe chun fónamh mar spás príobháideach le haghaidh cóiríochta sealadaí agus luchtú earraí chun críocha neamhthráchtála – Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 – Tacagraif – Airteagal 23(1) – Oibleagáid cigireachtaí rialta a dhéanann ceardlanna ceadaithe)

18

2023/C 155/22

Cás C-684/21, Papierfabriek Doetinchem: Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 2 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Oberlandesgericht Düsseldorf – an Ghearmáin) – Papierfabriek Doetinchem B.V. v Sprick GmbH Bielefelder Papier- und Wellpappenwerk & Co. (Tarchur chun réamhrialú – Maoin Intleachtúil – Dearadh Comhphobail – Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 – Airteagal 8(1) – Saintréithe cuma táirge a fhorchuirtear go heisiach ag a fheidhm theicniúil – Critéir mheasúnaithe – Dearaí malartacha a bheith ann – Iliomad dearaí malartacha cosanta ag an sealbhóir freisin – Polacrómacht táirge nach léirítear i gclárú an dearaidh lena mbaineann)

19

2023/C 155/23

Cás C-695/21, Recreatieprojecten Zeeland agus páirtithe eile: Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 2 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Nederlandstalige rechtbank van eerste aanleg Brussel – an Bheilg) – Recreatieprojecten Zeeland BV, Casino Admiral Zeeland BV, Supergame BV v Belgische Staat (Tarchur chun réamhrialú – Saoirse chun seirbhísí a sholáthar – Airteagal 56 CFAE – Srianta ar shaoirse chun seirbhísí a sholáthar – Cearrbhachas – Reachtaíocht Ballstáit lena bhforáiltear toirmeasc ginearálta ar bhunaíochtaí chearrbhachais fógraíocht a dhéanamh – Maolú de cheart ar an dtoirmeasc sin le haghaidh bunaíochtaí a bhfuil ceadúnas oibríochta acu arna eisiúint ag údaráis an Bhallstáit sin – Easpa féidearthachta de mhaolú le haghaidh bunaíochta atá lonnaithe i mBallstát eile)

20

2023/C 155/24

Cás C-714/21 P: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 9 Márta 2023 – Francoise Grossetête v Parlaimint na hEorpa (Achomharc – An dlí institiúideach – Rialacha maidir le caiteachais agus liúntais chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa – Leasú ar an scéim pinsin fhorlíontaigh dheonaigh – Cinneadh aonair lena gcinntear na cearta chun an phinsin fhorlíontaigh dheonaigh – Pléadáil neamhdhleathachta – Dlínse Bhiúró na Parlaiminte – Cearta faighte agus atá á bhfáil – Comhréireacht – Cóir chomhionann – Deimhneacht dhlíthiúil)

21

2023/C 155/25

Cásanna uamtha C-715/21 P agus C-716/21 P): Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 9 Márta 2023 – Francoise Grossetête v Parlaimint na hEorpa (Achomharc – An dlí institiúideach – Rialacha maidir le caiteachais agus liúntais chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa – Leasú ar an scéim pinsin fhorlíontaigh dheonaigh – Cinneadh aonair lena gcinntear na cearta chun an phinsin fhorlíontaigh dheonaigh – Pléadáil neamhdhleathachta – Dlínse Bhiúró na Parlaiminte – Cearta faighte agus atá á bhfáil – Comhréireacht – Cóir chomhionann – Deimhneacht dhlíthiúil)

21

2023/C 155/26

Cás C-760/21, Kwizda Pharma: Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 2 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgericht Wien – an Ostair) – Kwizda Pharma GmbH v Landeshauptmann von Wien (Tarchur chun réamhrialú – Sábháilteacht bia – Bia – Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 – Airteagal 2(2)(g) – Coincheap Bia chun críocha speisialta míochaine – Ceanglais chothaíochais ar leith eile – Ceanglais chothaitheacha – Modhnú aiste bia – Cothaithigh – Úsáid faoi chúram leighis – Comhábhair nach ndéantar a ionsú nó a mheitibiliú sa chanáil bhia – Teorannú maidir le táirge íocshláinte – Teorannú maidir le forbhia)

22

2023/C 155/27

Cás C-16/22, Staatsanwaltschaft Graz (Oifig Cánach Düsseldorf): Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an Tríú Dlísheomra) an 2 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Oberlandesgericht Graz – an Ostair) – Imeachtaí maidir le haithint agus forghníomhú d’Ordú Imscrúdaithe Eorpach a bhaineann le MS (Tarchur chun réamhrialú – Limistéar saoirse, slándála agus ceartais – Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla – Treoir 2014/41/UE – Ordú Imscrúdaithe Eorpach – Airteagal 1(1) – Coincheap údarás breithiúnach – Airteagal 2(c) – Coincheap údarás eisiúna – Cinneadh arna eisiúint ag údarás cánach gan bailíochtú ó bhreitheamh nó ionchúisitheoir poiblí – Riarachán cánach a fheidhmíonn cearta agus oibleagáidí oifig an ionchúisitheora phoiblí i gcomhthéacs imscrúdaithe choiriúil cánach)

23

2023/C 155/28

Cás C-520/22, Horezza: Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 7 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Rada Úradu pre verejné obstarávanie – an tSlóvaic) – HOREZZA a.s. v Úrad pre verejné obstarávanie (Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 53(2) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Airteagal 267 CFAE – An coincheap cúirt nó binse – Comhlacht achomhairc de chuid comhlachta maoirseachta náisiúnta le haghaidh nósanna imeachta soláthair phoiblí – Neamhspleáchas – Stádas tríú páirtí i ndáil leis an údarás a ghlac an cinneadh atá faoi achomharc – Do-ghlacthacht fhollasach na hiarrata ar réamhrialú)

24

2023/C 155/29

Cás C-521/22, Konštrukta – Defence: Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 7 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Rada Úradu pre verejné obstarávanie – an tSlóvaic) – KONŠTRUKTA – Defense a.s. v Úrad pre verejné obstarávanie (Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 53(2) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Airteagal 267 CFAE – An coincheap cúirt nó binse – Comhlacht achomhairc de chuid comhlachta maoirseachta náisiúnta le haghaidh nósanna imeachta soláthair phoiblí – Neamhspleáchas – Stádas tríú páirtí i ndáil leis an údarás a ghlac an cinneadh atá faoi achomharc – Do-ghlacthacht fhollasach na hiarrata ar réamhrialú)

24

2023/C 155/30

Cás C-657/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunalul Prahova (an Rómáin) arna taisceadh an 18 Deireadh Fómhair 2022 — SC Bitulpetrolium Serv SRL v Administraţia Judeţeană a Finanţelor Publice Prahova – Direcţia Generală Regională a Finanţelor Publice Ploieşti

25

2023/C 155/31

Cás C-782/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Gerechtshof’s-Hertogenbosch (an Ísiltír) arna taisceadh an 14 Nollaig 2022 — XX v Inspecteur van de Belastingdienst

26

2023/C 155/32

Cás C-791/22, Hauptzollamt Braunschweig: Iarraidh ar réamhrialú ó Finanzgericht Hamburg (an Ghearmáin) a taisceadh an 28 Nollaig 2022 – G.A. v Hauptzollamt Braunschweig

26

2023/C 155/33

Cás C-11/23, Eventmedia Soluciones: Iarraidh ar réamhrialú ón Juzgado de lo Mercantil no 1 de Palma de Mallorca (an Spáinn) an 12 Eanáir 2023 – Eventmedia Soluciones SL v Air Europa Líneas Aéreas SAU

27

2023/C 155/34

Cás C-18/23: Iarraidh ar réamhrialú ón SA (an Pholainn) an 18 Eanáir 2023 – F S.A. v Dyrektor Krajowej Informacji Skarbowej

27

2023/C 155/35

Cás C-21/23, Lindenapotheke: Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin) a taisceadh an 19 Eanáir 2023 – ND v DR

28

2023/C 155/36

Cás C-27/23, Hocinx: Iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation du Grand-Duché de Luxembourg (Lucsamburg) a taisceadh an 23 Eanair 2023 – FV v Caisse pour l’avenir des enfants

29

2023/C 155/37

Cás C-33/23, Schwarzder: Iarraidh ar réamhrialú ó Landesgericht Korneuburg (an Ostair) a taisceadh an 24 Eanáir 2023 – AA AG v VM, AG GmbH

29

2023/C 155/38

Cás C-34/23, Getin Noble Bank: Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Okręgowy w Koszalinie (an Pholainn) a taisceadh an 24 Eanáir 2023 – RF v Getin Noble Bank S.A.

30

2023/C 155/39

Cás C-37/23, Giocevi: Iarraidh ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione (an Iodáil) a taisceadh an 25 Eanáir 2023 – Agenzia delle Entrate v PR

30

2023/C 155/40

Cás C-45/23, MS Amlin Insurance: Iarraidh ar réamhrialú ón Nederlandstalige Ondernemingsrechtbank Brussel (an Bheilg) arna taisceadh an 31 Eanáir 2023 — A, B, C, D v MS Amlin Insurance SE

31

2023/C 155/41

Cás C-58/23 Abboudnam: Iarraidh ar réamhrialú ón Upravno sodišče Republike Slovenije (an tSlóivéin) arna taisceadh an 6 Feabhra 2023 – Y.N. v Poblacht na Slóivéine

31

2023/C 155/42

Cás C-67/23, W. GmbH: Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin) a taisceadh an 8 Feabhra 2023 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne S.Z.

32

2023/C 155/43

Cás C-79/23 Kaszamás: Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (an Ungáir) an 14 Feabhra 2023 — FJ v Agrárminiszter

33

2023/C 155/44

Cás C-80/23, Ministerstvo na vatreshnite raboti: Iarraidh ar réamhrialú ó Sofiyski gradski sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 14 Feabhra 2023 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne V.S.

34

2023/C 155/45

Cás C-86/23, HUK-COBURG-Allgemeine Versicherung: Iarraidh ar réamhrialú ón Varhoven kasatsionen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 15 Feabhra 2023 – E.N.I., Y.K.I. v HUK-COBURG-Allgemeine Versicherung AG

34

2023/C 155/46

Cás C-88/23, Parfümerie Akzente: Iarraidh ar réamhrialú ón Svea Hovrätt, Patent-och marknadsöverdomstolen (an tSualainn) arna taisceadh an 15 Feabhra 2023 — Parfümerie Akzente GmbH v KTF Organisation AB

35

2023/C 155/47

Cás C-99/23 P: Achomharc arna thabhairt an 20 Feabhra 2023 ag PNB Banka AS in aghaidh bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra, Comhdhéanamh Méadaithe) a tugadh an 7 Nollaig 2022 i gCás T-275/19, PNB Banka v ECB

36

2023/C 155/48

Cás C-100/23 P: Achomharc arna thabhairt an 20 Feabhra 2023 ag PNB Banka AS in aghaidh bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra, Comhdhéanamh Méadaithe) a tugadh an 7 Nollaig 2022 i gCás T-301/19, PNB Banka v BCE

37

2023/C 155/49

Cás C-101/23 P: Achomharc arna thabhairt an 20 Feabhra 2023 ag PNB Banka AS i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra Méadaithe) a tugadh an 7 Nollaig 2022 i gCás T-330/19, PNB Banka v BCE

37

2023/C 155/50

Cás C-102/23 P: Achomharc arna thabhairt an 20 Feabhra 2023 ag PNB Banka AS i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Deichiú Dlísheomra) a tugadh an 7 Nollaig 2022 i gCás T-230/20, PNB Banka v BCE

38

2023/C 155/51

Cás C-103/23 P: Achomharc arna thabhairt an 15 Feabhra 2023 ag Trasta Komercbanka AS i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra) a tugadh an 30 Meán Fómhair 2022 i gCás T-698/16, Trasta Komercbanka agus Páirtithe Eile v BCE

39

2023/C 155/52

Cás C-124/23 P: Achomharc arna thabhairt an 2 Márta 2023 ag E. Breuninger GmbH & Co i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Dara Dlísheomra Méadaithe) a tugadh an 21 Nollaig 2022 i gCás T-260/21, E. Breuninger GmbH & Co. v an Coimisiún Eorpach

40

2023/C 155/53

Cás C-127/23 P: Achomharc arna thabhairt an 2 Márta 2023 ag FALKE KGaA i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Dara Dlísheomra Méadaithe) a tugadh an 21 Nollaig 2022 i gCás T-306/21, Falke KGaA v an Coimisiún Eorpach

41

2023/C 155/54

Cás C-147/23: Caingean arna tabhairt an 10 Márta 2023 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Polainne

42

2023/C 155/55

Cás C-149/23: Caingean arna tionscnamh an 14 Márta 2023 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht Chónaidhme na Gearmáine

43

2023/C 155/56

Cás C-150/23: Caingean arna tabhairt an 13 Márta 2023 – an Coimisiún Eorpach v Ard-Diúcacht Lucsamburg

44

2023/C 155/57

Cás C-152/23: Caingean arna tabhairt an 13 Márta 2023 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Seice

45

2023/C 155/58

Cás C-154/23: Caingean arna tabhairt an 14 Márta 2023 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na hEastóine

45

2023/C 155/59

Cás C-155/23: Caingean arna tabhairt an 14 Márta 2023 – an Coimisiún Eorpach v an Ungáir

46

 

Chúirt Ghinearálta

2023/C 155/60

Cás T-100/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Márta 2023 – Sánchez-Gavito León v an Chomhairle agus an Coimisiún (An Coiste Comhairleach Idirnáisiúnta um Chadás – Treoir (AE) 2017/876 – Foireann eagraíochta idirnáisiúnta ar ghlac an tAontas Eorpach ballraíocht inti – Comhaontú maidir le coinníollacha imeachta an iarratasóra – Imeachtaí mar gheall ar mhainneachtain in oibleagáidí a chomhlíonadh – I bpáirt-éagmais cuiridh chun gníomhaithe – Gan locus standi – Do-ghlacthacht – Dliteanas – Nach cúisíoch)

48

2023/C 155/61

Cás T-235/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Márta 2023 – an Bhulgáir v an Coimisiún (CERT agus CETFT – Caiteachas eisiata ó mhaoiniú – Caiteachas arna thabhú ag an mBulgáir – Gníomhartha cur chun cinn – Tuarascáil imscrúdaithe OLAF – Imréiteach comhréireachta – Dualgas cúiseanna a lua)

48

2023/C 155/62

Cás T-372/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Márta 2023 – Sympatex Technologies v EUIPO – Liwe Española (Sympathy Inside) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Sympathy Inside – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh INSIDE. – Foras coibhneasta le diúltú – Baol mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 [anois: Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001] – Fíor-úsáid a bhaint as an marc roimhe seo – An dara fomhír (a) d’Airteagal 15(1) de Rialachán Uimh. 207/2009 [anois: an dara fomhír (a) d’Airteagal 18(1) de Rialachán 2017/1001] – Gan athrú tagtha ar an tsainiúlacht)

49

2023/C 155/63

Cás T-426/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Márta 2023 – Assaad v an Chomhairle (Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh in aghaidh Siria – Reo na gcistí – Earráidí measúnachta – Éifeacht chúlghabhálach – Ionchas dlisteanach – Deimhneacht dhlíthiúil – Res judicata)

50

2023/C 155/64

Cás T-759/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Márta 2023 – Société des produits Nestlé v EUIPO – The a2 Milk Company (A 2) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach – Marc fíortha A 2 – Clárú idirnáisiúnta níos luaithe – Marc fíortha THE a2 MILK COMPANY THE a2 MILK COMPANY – Foras coibhneasta le diúltú – Dóchúlacht mhearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

51

2023/C 155/65

Cás T-763/21: Breithiúnais na Cúirte Ginearálta an 8 Márta 2023 – SE v an Coimisiún (Seirbhís shibhialta – Foireann shealadach – Earcaíocht – Clár píolótach an Choimisiúin chun riarthóirí sóisearacha a earcú – Iarratas a dhiúltú – Coinníollacha incháilitheachta – Critéir d’uastréimhse trí bliana de thaithí ghairmiúil – Cóir chomhionann – Idirdhealú bunaithe ar aois)

51

2023/C 155/66

Cás T-65/22: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Márta 2023 – PS v BEI (Seirbhís shibhialta – Foireann BEI – Slándáil shóisialta – Scéim árachais do thionóiscí a tharlaíonn ar láthair na hoibre agus do ghalair cheirde – Easláine iomlán agus bhuan – Bunús proifisiúnta leis an ngalar – Conradh arna thabhairt i gcrích le cuideachta árachais – Raon feidhme na n-oibleagáidí atá ar BEI go fóill)

52

2023/C 155/67

Cás T-70/22: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Márta 2023 – Novasol v ECHA (REACH – Ríchíos atá dlite as clárú substainte – Laghdú a thugtar do MFBM – Fíorú an dearbhaithe maidir le méid an fhiontair ag ECHA – Iarratas ar chruthúnas lena léirítear stádas MFBM – Diúltú faisnéis áirithe a sholáthar – Cinneadh lena n-ordaítear go n-aisghabhfaí an t-iarmhéid nach bhfuarthas den ríchíos atá dlite agus lena ngearrtar muirear riaracháin – An coincheap fiontar gaolmhar – Moladh Uimh. 2003/361/CE – Oibleagáid maidir le cúiseanna a shonrú)

52

2023/C 155/68

Cás T-90/22: Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 8 Márta 2023 – Kande Mupompa v an Chomhairle (Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó – Reo na gcistí – Srianta ar ligean isteach ar chríocha na mBallstát – Ainm an iarratasóra a choinneáil ar na liostaí de na daoine atá i gceist – An ceart chun éisteacht a fháil – Cruthúnas gur cuí na hainmneacha a chuimsiú agus a choinneáil ar na liostaí – Earráid fhollasach mheasúnaithe – Buanú na gcúinsí fíorasacha agus dlíthiúla ba bhun le glacadh na mbeart sriantach)

53

2023/C 155/69

Cás T-92/22: Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 8 Márta 2023 – Amisi Kumba v an Chomhairle (An Comhbheartas Eachtrach agus Slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó – Reo na gcistí – Srian ar ligean isteach ar chríocha na mBallstát – Ainm an iarratasóra a choinneáil ar na liostaí de na daoine atá i gceist – An ceart chun éisteacht a fháil – Cruthúnas go bhfuil bunús maith le cuimsiú agus coinneáil ar na liostaí – Earráid fhollasach measúnaithe – Leanúint leis na himthosca fíorasacha agus dlíthiúla ba chúis le glacadh na mbeart sriantach)

54

2023/C 155/70

Cás T-93/22: Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 8 Márta 2023 – Ramazani Shadary v An Chomhairle (An Comhbheartas Eachtrach agus Slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó – Reo na gcistí – Srian ar ligean isteach ar chríocha na mBallstát – Ainm an iarratasóra a choinneáil ar na liostaí de na daoine atá i gceist – Cruthúnas go bhfuil bunús maith le cuimsiú agus coinneáil ar na liostaí – Athrú ar na himthosca fíorasacha agus dlíthiúla ba chúis le glacadh na mbeart sriantach)

54

2023/C 155/71

Cás T-95/22: Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 8 Márta 2023 – Kanyama v An Chomhairle (An Comhbheartas Eachtrach agus Slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó – Reo na gcistí – Srian ar ligean isteach ar chríocha na mBallstát – Ainm an iarratasóra a choinneáil ar na liostaí de na daoine atá i gceist – An ceart chun éisteacht a fháil – Cruthúnas go bhfuil bunús maith le cuimsiú agus coinneáil ar na liostaí – Earráid fhollasaithe measúnaithe – Leanúint leis na himthosca fíorasacha agus dlíthiúla ba chúis le glacadh na mbeart sriantach)

55

2023/C 155/72

Cás T-96/22: Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 8 Márta 2023 – Kampete v An Chomhairle (An Comhbheartas Eachtrach agus Slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó – Reo na gcistí – Srian ar ligean isteach ar chríocha na mBallstát – Ainm an iarratasóra a choinneáil ar na liostaí de na daoine atá i gceist – An ceart chun éisteacht a fháil – Cruthúnas go bhfuil bunús maith le cuimsiú agus coinneáil ar na liostaí – Earráid fhollasaithe measúnaithe – Leanúint leis na himthosca fíorasacha agus dlíthiúla ba chúis le glacadh na mbeart sriantach)

56

2023/C 155/73

Cás T-98/22: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Márta 2023 – Boshab v an Chomhairle (Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha a rinneadh i dtaca leis an staid i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó – Reo na gcistí – Srianta le ligean isteach ar chríoch na mBallstát – Ainm an iarratasóra a choinneáil ar na liostaí de na daoine atá i gceist – An ceart chun éisteacht a fháil – Cruthúnas gur cuí na hainmneacha a chuimsiú agus a choinneáil ar na liostaí – Earráid fhollasach mheasúnaithe – Buanú na gcúinsí fíorasacha agus dlíthiúla ba bhun le glacadh na mbeart sriantacha)

56

2023/C 155/74

Cás T-172/22: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Márta 2023 – Gönenç v EUIPO – Solar (termorad ALUMINIUM PANEL RADIATOR) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh TERMORAD ALUMINIUM PANEL RADIATOR – Focalmharc Benelux THERMRAD roimhe seo – Foras coibhneasta le diúltú – Baol mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

57

2023/C 155/75

Cás T-212/22: Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 8 Márta 2023 – Prigozhina v an Chomhairle (Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh maidir le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’Úcráin nó ar bagairt iad ar an Úcráin bagairt ar an Úcráin – Reo na gcistí – Srianta ar ligean isteach ar chríocha na mBallstát – Liosta na ndaoine, na n-eintiteas, agus na gcomhlachtaí atá faoi réir ag reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha – Ainm an iarratasóra a chur ar an liosta – Teaghlach duine atá freagrach as gníomhartha lenar mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin – Coincheap an chomhlachais – Earráid mheasúnaithe)

58

2023/C 155/76

Cás T-170/22 R-RENV: Ordú Leas-Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 28 Feabhra 2023 – Telefónica de España v an Coimisiún (Faoiseamh eatramhach – Conarthaí seirbhíse poiblí – Seirbhísí Tras-Eorpacha le haghaidh Teileamaitic idir Riaracháin (TESTA) – Iarratas ar bhearta eatramhacha – Easpa fumus boni juris)

59

2023/C 155/77

Cás T-743/22 R: Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 1 Márta 2023 – Mazepin v an Chomhairle (Faoiseamh eatramhach – An Comhbheartas Eachtrach agus Slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i ndáil le gníomhaíochtaí na Rúise lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin – Reo cistí – Iarratas ar bhearta eatramhacha – Fumus boni juris – Práinn – Leasanna a chothromú)

59

2023/C 155/78

Cás T-83/23: Caingean arna tabhairt an 20 Feabhra 2023 – VP v an Pharlaimint

61

2023/C 155/79

Cás T-90/23: Caingean arna tabhairt an 20 Feabhra 2023 – D’Agostino v BCE

61

2023/C 155/80

Cás T-103/23: Caingean arna tabhairt an 23 Feabhra 2023 – Stan v Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh

63

2023/C 155/81

Cás T-108/23: Caingean arna tabhairt an 22 Feabhra 2023 – UY v an Coimisiún

63

2023/C 155/82

Cás T-109/23: Caingean arna tabhairt an 23 Feabhra 2023 – UY v an Coimisiún

65

2023/C 155/83

Cás T-119/23: Caingean arna tabhairt an 3 Márta 2023 – Insider v EUIPO – Alaj (in Insajderi)

66

2023/C 155/84

Cás T-121/23: Caingean arna tabhairt an 3 Márta 2023– UZ v an Coimisiún agus ECHA

67

2023/C 155/85

Cás T-122/23: Caingean arna tabhairt an 6 Márta 2023 – Ege İhracatçıları Birliği agus Páirtithe Eile v an Coimisiún

68

2023/C 155/86

Cás T-126/23: Caingean arna tabhairt an 9 Márta 2023 – VC v EU-OSHA

69

2023/C 155/87

Cás T-127/23: Caingean arna tabhairt an 9 Márta 2023 – eClear v an Coimisiún

70

2023/C 155/88

Cás T-128/23: Caingean arna tabhairt an 9 Márta 2023 – Meta Platforms Ireland v an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí

71

2023/C 155/89

Cás T-129/23: Caingean arna tabhairt an 9 Márta 2023 – Meta Platforms Ireland v an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí

72

2023/C 155/90

Cás T-130/23: Caingean arna tabhairt an 10 Márta 2023 – Nike Innovate v EUIPO – Puma (FOOTWARE)

73

2023/C 155/91

Cás T-355/22: Ordú na Cúirte Ginearálta an 9 Márta 2023 – Aitana v EUIPO

74


GA

 


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/1


Foilseacháin deiridh de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

(2023/C 155/01)

Foilseachán deiridh

IO C 134, 17.4.2023

Foilseacháin stairiúla

IO C 127, 11.4.2023

IO C 121, 3.4.2023

IO C 112, 27.3.2023

IO C 104, 20.3.2023

IO C 94, 13.3.2023

IO C 83, 6.3.2023

Is féidir teacht ar na téacsanna sin anseo:

EUR-Lex: http://eur-lex.europa.eu


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE

Cúirt Bhreithiúnais

2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/2


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 9 Márta 2023 – Les Mousquetaires, ITM Entreprises SAS v an Coimisiún Eorpach, Comhairle an Aontais Eorpaigh

(Cás C-682/20 P) (1)

(Achomharc - Iomaíocht - Cairtéil - Cinneadh ón gCoimisiún Eorpach lena n-ordaítear cigireacht - Nósanna imeachta achomhairc i gcoinne stiúradh na cigireachta - Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Ceart chun leighis éifeachtaigh - Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 - Airteagal 19 - Rialachán (CE) Uimh. 773/2004 - Airteagal 3 - Taifeadadh na n-agallamh arna ndéanamh ag an gCoimisiún le linn stiúradh na bhfiosrúchán aige - Pointe tosaigh d’fhiosrúchán an Choimisiúin)

(2023/C 155/02)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóirí: Les Mousquetaires, ITM Entreprises SAS (ionadaithe: M. Blutel, N. Jalabert-Doury agus K. Mebarek, Avocats)

Páirtithe eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: P. Berghe, A. Cleenewerck de Crayencour, A. Dawes agus I. V. Rogalski, Gníomhairí), Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A.-L. Meyer agus M. O. Segnana, Gníomhairí)

An chuid oibríochtúil

1)

Cuirtear mír 2 den chuid oibríochtúil de Bhreithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 5 Deireadh Fómhair 2020, Les Mousquetaires agus ITM Entreprises v an Coimisiún (T-255/17, EU:T:2020:460) ar neamhní a mhéid ar díbheadh leis an chuid eile de chaingean na n-achomharcóirí i gcoinne Cinneadh C(2017) 1057 final ón gCoimisiún an 9 Feabhra 2017 lena n-ordaítear do Intermarché mar aon le gach cuideachta atá faoina smacht go díreach nó go hindíreach géilleadh do chigireacht i gcomhréir le hAirteagal 20(1) agus (4) de Rialachán Uimh. 1/2003 ón gComhairle (AT.40466 – Tute 1) agus Cinneadh C(2017) 1361 final ón gCoimisiún, an 21 Feabhra 2017, lena n-ordaítear do Les Mousquetaires mar aon le gach cuideachta atá faoina smacht go díreach nó go hindíreach géilleadh do chigireacht i gcomhréir le hAirteagal 20(1) agus (4) de Rialachán Uimh. 1/2003 ón gComhairle (AT.40476 – Tute 2).

2)

Cuirtear mír 3 den chuid oibríochtúil de Bhreithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 5 Deireadh Fómhair 2020, Les Mousquetaires agus ITM Entreprises v an Coimisiún (T-255/17, EU:T:2020:460) ar neamhní a mhéid gur tugadh breith ann maidir leis na costais.

3)

Cuirtear Cinneadh C(2017) 1057 final ón gCoimisiún an 9 Feabhra 2017 lena n-ordaítear do Intermarché mar aon le gach cuideachta atá faoina smacht go díreach nó go hindíreach géilleadh do chigireacht i gcomhréir le hAirteagal 20(1) agus (4) de Rialachán Uimh. 1/2003 ón gComhairle (AT.40466 – Tute 1) agus Cinneadh C(2017) 1361 final ón gCoimisiún, an 21 Feabhra 2017, lena n-ordaítear do Les Mousquetaires mar aon le gach cuideachta atá faoina smacht go díreach nó go hindíreach géilleadh do chigireacht i gcomhréir le hAirteagal 20(1) agus (4) de Rialachán Uimh. 1/2003 ón gComhairle (AT.40476 – Tute 2) ar neamhní.

4)

Ordaítear don Choimisiún Eorpach na costais arna dtabhú ag Les Mousquetaires SAS agus ag ITM Entreprises SAS sna himeachtaí ag an gcéadchéim agus sna himeachtaí achomhairc araon a íoc, mar aon lena chostais féin.

5)

Ordaítear do Chomhairle an Aontais Eorpaigh na costais arna dtabhú aici sna himeachtaí ag an gcéadchéim agus sna himeachtaí achomhairc araon a íoc.


(1)  IO C 44, 08.02.2021


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/3


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 9 Márta 2023 – Casino, Guichard-Perrachon, Achats Marchandises Casino SAS (AMC) v an Coimisiún Eorpach

(Cás C-690/20 P) (1)

(Achomharc - Iomaíocht - Cairtéil - Cinneadh ón gCoimisiún Eorpach lena n-ordaítear cigireacht - Nósanna imeachta achomhairc i gcoinne stiúradh na cigireachta - Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Ceart chun leighis éifeachtaigh - Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 - Airteagal 19 - Rialachán (CE) Uimh. 773/2004 - Airteagal 3 - Taifeadadh na n-agallamh arna ndéanamh ag an gCoimisiún le linn stiúradh na bhfiosrúchán aige - Pointe tosaigh d’fhiosrúchán an Choimisiúin)

(2023/C 155/03)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóirí: Casino, Guichard-Perrachon, Achats Marchandises Casino SAS (AMC) (ionadaithe: G. Aubron, Y. Boubacir, O. de Juvigny, I. Simic agus A. Sunderland, Avocats)

Páirtithe eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: P. Berghe, A. Cleenewerck de Crayencour, A. Dawes agus I. V. Rogalski, Gníomhairí), Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A.-L. Meyer agus M. O. Segnana, Gníomhairí)

An chuid oibríochtúil

1)

Cuirtear mír 2 den chuid oibríochtúil de Bhreithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 5 Deireadh Fómhair 2020, Casino, Guichard-Perrachon agus AMC v an Coimisiún (T-249/17, EU:T:2020:458) ar neamhní.

2)

Cuirtear mír 3 den chuid oibríochtúil de Bhreithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 5 Deireadh Fómhair 2020, Casino, Guichard-Perrachon agus AMC v an Coimisiún (T-249/17, EU:T:2020:458) ar neamhní a mhéid gur tugadh breith ann maidir leis na costais.

3)

Cuirtear Cinneadh C(2017) 1054 final ón gCoimisiún an 9 Feabhra 2017 lena n-ordaítear do Casino mar aon le gach cuideachta atá faoina smacht go díreach nó go hindíreach géilleadh do chigireacht i gcomhréir le hAirteagal 20(1) agus (4) de Rialachán Uimh. 1/2003 ón gComhairle (AT.40466 – Tute 1) ar neamhní.

4)

Ordaítear don Choimisiún Eorpach na costais arna dtabhú ag Casino, Guichard-Perrachon SA agus ag Achats Marchandises Casino SAS (AMC) sna himeachtaí ag an gcéadchéim agus sna himeachtaí achomhairc araon a íoc, mar aon lena chostais féin.

5)

Ordaítear do Chomhairle an Aontais Eorpaigh na costais arna dtabhú aici sna himeachtaí ag an gcéadchéim agus sna himeachtaí achomhairc araon a íoc.


(1)  IO C 62, 22.02.2021


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/4


Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 9 Márta 2023 – Intermarché Casino Achats v an Coimisiún Eorpach, Comhairle an Aontais Eorpaigh

(Cás C-693/20 P) (1)

(Achomharc - Iomaíocht - Cairtéil - Cinneadh an Choimisiúin Eorpaigh cigireacht a ordú - Leigheasanna in aghaidh stiúradh na cigireachta - Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Ceart ar leigheas éifeachtach - Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 - Airteagal 19 - Rialachán (CE) Uimh. 773/2004 - Airteagal 3 - Taifeadadh ar agallaimh a rinne an Coimisiún i gcomhthéacs a imscrúduithe - Túsphointe imscrúdú an Choimisiúin)

(2023/C 155/04)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóir: Intermarché Casino Achats (ionadaithe: F. Abouzeid, S. Eder, J. Jourdan, C. Mussi agus Y. Utzschneider, avocats)

Páirtithe eile sna príomhimeachtaí: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: P. Berghe, A. Cleenewerck de Crayencour, A. Dawes agus I. V. Rogalski, i gcáil Gníomhairí), Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A.-L. Meyer agus M. O. Segnana, i gcáil Gníomhairí)

An chuid oibríochtúil

1)

Cuirtear mír 2 den chuid oibríochtúil de bhreithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 5 octobre 2020, Intermarché Casino Achats v an Coimisiún (T-254/17, nár foilsíodh, EU:T:2020:459) ar neamhní.

2)

Cuirtear mír 3 den chuid oibríochtúil de bhreithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 5 octobre 2020, Intermarché Casino Achats v an Coimisiún (T-254/17, nár foilsíodh, EU:T:2020:459), a mhéid a rialaigh sé ar na costais, ar neamhní.

3)

Cuirtear Cinneadh C(2017) 1056 final ón gCoimisiún an 9 Feabhra 2017, lenar ordaíodh do Intermarché Casino Achats, chomh maith le gach cuideachta atá á rialú go díreach nó go hindíreach aige, géilleadh do chigireacht i gcomhréir le hAirteagal 20(1) agus (4) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle (AT.40466 – Tute 1), ar neamhní.

4)

Ordaítear don Choimisiún Eorpach, chomh maith lena chostais féin, na costais arna dtabhú ag Intermarché Casino Achats SARL a bhaineann leis an nós imeachta céadchéime agus leis an nós imeachta achomhairc, a íoc.

5)

Ordaítear do Chomhairle an Aontais Eorpaigh a costais féin a bhaineann leis an nós imeachta céadchéime agus leis an nós imeachta achomhairc a íoc.


(1)  IO C 62, 22.2.2021


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/4


Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an Mór-Dhlísheomra) an 28 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón First-tier Tribunal (Tax Chamber) – an Ríocht Aontaithe) – Fenix International Limited v Commissioners for Her Majesty's Revenue and Customs

(Cás C-695/20 (1), Fenix International)

(Tarchur chun réamhrialú - Cumhacht cur chun feidhme Chomhairle an Aontais Eorpaigh - Airteagal 291(2) CFAE - Comhchóras cánach breisluacha (CBL) - Treoir 2006/112/CE - Airteagal 28 agus Airteagal 397 - Duine inchánach, ag gníomhú ina ainm féin ach thar ceann duine eile - Soláthróir seirbhísí a sholáthraítear go leictreonach - Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 - Airteagal 9a - Toimhde - Bailíocht)

(2023/C 155/05)

Teanga an cháis: an Béarla

An chúirt a rinne an tarchur

First-tier Tribunal (Tax Chamber)

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Fenix International Limited

Cosantóir: Commissioners for Her Majesty's Revenue and Customs

An chuid oibríochtúil

Níor nochtadh le breithniú ar an gceist a tarchuireadh aon toisc de chineál a dhéanfadh difear do bhailíocht Airteagal 9a(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 ón gComhairle an 15 Márta 2011 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme le haghaidh Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1042/2013 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013, i bhfianaise Airteagal 28 agus Airteagal 397 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, arna leasú le Treoir (AE) 2017/2455 ón gComhairle an 5 Nollaig 2017, agus Airteagal 291(2) CFAE.


(1)  IO C 110, 29.3.2021


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/5


Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 2 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione – an Iodáil) – Eurocostruzioni Srl v Regione Calabria

(Cás C-31/21 (1), Eurocostruzioni)

(Tarchur chun réamhrialú - Cistí struchtúracha - Rialachán (CE) Uimh. 1685/2000 - Incháilitheacht caiteachais - Oibleagáid cruthúnais íocaíochta - Sonraisc íoctha - Doiciméid chuntasaíochta de luach coibhéiseach promhaidh - Tógáil déanta go díreach ag an tairbhí deiridh)

(2023/C 155/06)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Corte suprema di cassazione

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Eurocostruzioni Srl

Cosantóir: Regione Calabria

An chuid oibríochtúil

1)

Maidir le mír 2.1 de Riail Uimh. 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1685/2000 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2000 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1260/1999 ón gComhairle maidir le hincháilitheacht caiteachais le haghaidh oibríochtaí a chomhmhaoinítear le Cistí Struchtúrtha, arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 448/2004 ón gCoimisiún an 10 Márta 2004,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní cheadaítear leis don tairbhí deiridh den mhaoiniú chun foirgnimh a thógáil, a rinne é ar a mhodh féin, údar a thabhairt leis na caiteachais a thabhaítear as doiciméid a thabhairt ar aird seachas na cinn a luaitear go sainráite san fhoráil seo.

2)

Maidir le mír 2.1 de Riail Uimh. 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Uimh. 1685/2000, arna leasú le Rialachán Uimh. 448/2004,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

i gcás tairbhí deiridh an mhaoinithe chun foirgnimh a thógáil, a bhfuil an foirgneamh tógtha aige ar a mhodh féin, ní féidir dialann láithreach agus clár cuntasaíochta a cháiliú ach mar “dhoiciméid chuntasaíochta de luach coibhéiseach promhaidh”, de réir bhrí na forála seo, más rud é, ag féachaint dá n-inneachar nithiúil agus do na rialacha náisiúnta ábhartha, go gcruthóidh na doiciméid sin éifeachtúlacht na gcostas arna dtabhú ag an tairbhí deiridh sin a chruthú, trí íomhá dhílis agus bheacht a thabhairt díobh.


(1)  IO C 98, 22.3.2021


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/6


Breithiúnas na Cúirte (an Cúigiú Dlísheomra) an 9 Márta 2023 – Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh v Aquind Ltd

(Cás C-46/21 P) (1)

(Achomharc - Fuinneamh - Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 - Airteagal 17 - Iarraidh ar dhíolúine i leith idirnascaire leictreachais - Cinneadh diúltaithe ó Ghníomhaíocht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) - Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 - Airteagal 19 - Coimisiún um Achomharc de ACER - Déine an fhaireacháin)

(2023/C 155/07)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ionadaithe: P. Martinet agus E. Tremmel, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó B. Creve, advokat)

Páirtí eile sna himeachtaí: Aquind Ltd (ionadaithe: J. Bille, C. Davis, S. Goldberg agus E. White, solicitors)

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don phríomh-achomharc.

2)

Ní gá rialú a dhéanamh ar an gcros-achomharc.

3)

Ordaítear do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER), chomh maith lena costais féin a bhaineann leis an bpríomh-achomharc, na costais arna dtabhú ag Aquind Ltd a íoc.

4)

Ordaítear do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh agus Aquind Ltd a gcostais féin a bhaineann leis an gcros-achomharc a íoc.


(1)  IO C 98, 22.3.2021


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/6


Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 2 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Administratīvā apgabaltiesa – an Laitvia) – AS “PrivatBank”, A, B, Unimain Holdings Limited v Finanšu un kapitāla tirgus komisija

(Cás C-78/21 (1), PrivatBank agus páirtithe eile)

(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 56 agus Airteagal 63 CFAE - Saoirse chun seirbhísí a sholáthar - Saorghluaiseacht caipitil - Beart náisiúnta lena gceanglaítear ar institiúid chreidmheasa caidreamh gnó a fhoirceannadh nó gan caidreamh den sórt sin a dhéanamh a thuilleadh le neamhnáisiúnaigh - Srian - Airteagal 65(1)(b) CFAE - Údar a thabhairt - Treoir (AE) 2015/849 - Cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta - Comhréireacht)

(2023/C 155/08)

Teanga an cháis: an Laitvis

An chúirt a rinne an tarchur

Administratīvā apgabaltiesa

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: AS “PrivatBank”, A, B, Unimain Holdings Limited

Cosantóir: Finanšu un kapitāla tirgus komisija

An chuid oibríochtúil

1)

Is gluaiseachtaí caipitil de réir bhrí Airteagal 63(1) CFAE iad iasachtaí agus creidmheasanna airgeadais chomh maith le hidirbhearta i gcuntais reatha agus taiscí le hinstitiúidí airgeadais, go háirithe institiúidí creidmheasa.

2)

Maidir le hAirteagal 56, an chéad fhomhír, agus le hAirteagal 63(1) CFAE,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

is srian é beart riaracháin lena dtoirmisceann údarás inniúil Ballstáit, ar thaobh amháin, institiúid chreidmheasa ó chaidreamh gnó a dhéanamh le haon duine nádúrtha nó dlítheanach nach bhfuil aon bhaint aige nó aici leis an mBallstát ina bhfuil an institiúid sin bunaithe agus a sháraíonn gluaiseachtaí creidmheasa míosúla méid áirithe agus, ar thaobh eile, lena n-éilíonn údarás inniúil Ballstáit go gcuirfeadh an institiúid sin deireadh le caidreamh gnó den sórt sin nuair a bhunaítear é tar éis an beart sin a ghlacadh ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, de réir bhrí an chéad cheann de na forálacha seo, mar aon le srian ar ghluaiseacht chaipitil, de réir bhrí an dara ceann de na forálacha seo.

3)

Maidir le hAirteagal 56, an chéad fhomhír, agus le hAirteagal 63(1) CFAE,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear bac leo ar bheart riaracháin lena dtoirmisceann údarás inniúil Ballstáit, ar thaobh amháin, institiúid chreidmheasa ó chaidreamh gnó a dhéanamh le haon duine nádúrtha nach bhfuil aon bhaint aige nó aici leis an mBallstát ina bhfuil an institiúid sin agus a bhfuil a ghluaiseachtaí creidmheasa míosúla os cionn EUR 15 000, nó le haon duine dlítheanach nach mbaineann a ghníomhaíocht eacnamaíoch leis an mBallstát sin agus a bhfuil a ghluaiseachtaí creidmheasa míosúla os cionn EUR 50 000, agus, ar thaobh eile, lena n-éilíonn údarás inniúil Ballstáit go gcuirfeadh an institiúid sin deireadh le caidreamh gnó den sórt sin nuair a bhunaítear é tar éis an beart sin a ghlacadh, ar choinníoll go bhfuil bonn cirt leis an mbeart riaracháin sin, ar an gcéad dul síos, mar chuspóir chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc nó mar bheart bunriachtanach atá dírithe ar ghníomhú i gcoinne sáruithe ar dhlíthe náisiúnta agus ar rialacháin náisiúnta maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí airgeadais nó mar bheart a bhfuil údar maith leis ar chúiseanna a bhaineann le beartas poiblí, dá dtagraítear in Airteagal 65(1)(b) CFAE, ar an dara dul síos, iomchuí chun baint amach na gcuspóirí sin a ráthú, ar an tríú dul síos, a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach agus, ar an gceathrú dul síos, nach ndéantar difear rómhór leis an mbeirt sin do na cearta agus na leasanna atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 56 agus Airteagal 63 CFAE, a bhaineann an institiúid chreidmheasa lena mbaineann agus a custaiméirí tairbhe as.


(1)  IO C 138, 19.4.2021


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/7


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Ceathrú Dlísheomra) an 9 Márta 2023 – PlasticsEurope v an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA), Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na Fraince, ClientEarth

(Cás C-119/21 P) (1)

(Achomharc - Bunú liosta na substaintí atá faoi réir údaraithe - Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 - Iarscríbhinn XIV - Liosta na substaint arna n-aithint chun críocha cuimsiú faoi dheireadh faoi Iarscríbhinn XIV - Nuashonrú ar liostú na substainte bisfeanól A mar “shubstaint a bhfuil imní anmhór ag baint léi”)

(2023/C 155/09)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: PlasticsEurope (ionadaithe: R. Cana et E. Mullier, Avocats)

Páirtithe eile sna himeachtaí: an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) (ionadaithe: W. Broere agus A. Hautamäki, Gníomhairí, arna dtacú ag S. Raes, advocaat), Poblacht Chónaidhme na Gearmáine (ionadaithe: J. Möller agus D. Klebs, Gníomhairí ar dtús, ansin J. Möller, Gníomhaire), Poblacht na Fraince (ionadaithe: G. Bain agus T. Stéhelin, Gníomhairí), ClientEarth (ionadaí: P. Kirch, Avocat)

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don achomharc.

2)

Ordaítear do Plastics Europe AISBL na costais arna dtabhú ag an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) agus ag ClientEarth a íoc, mar aon lena chostais féin.

3)

Ordaítear do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus do Phoblacht na Fraince a gcostais féin a íoc.


(1)  IO C 163, 03.05.2021


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/8


Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an Tríú Dlísheomra) an 2 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Högsta domstolen – an tSualainn) – Norra Stockholm Bygg AB v Per Nycander AB

(Cás C-268/21 (1), Norra Stockholm Bygg)

(Tarchur chun réamhrialú - Cosaint sonraí pearsanta - Rialachán (AE) 2016/679 - Airteagal 6(3) agus (4) - Dlíthiúlacht na próiseála - Doiciméad ina bhfuil sonraí pearsanta a thabhairt ar aird i gcomhthéacs imeachtaí breithiúnacha sibhialta - Airteagal 23(1)(f) agus (j) - Neamhspleáchas na mbreithiúna agus imeachtaí breithiúnacha a chosaint - Iarratais faoin dlí sibhialta a fhorghníomhú - Ceanglais le comhlíonadh - Leasanna na ndaoine lena mbaineann a bhreithniú - Na leasanna freasúracha atá i gceist a thomhas - Airteagal 5 - Íoslaghdú sonraí pearsanta - an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Airteagal 7 - An ceart chun príobháideachais - Airteagal 8 - An ceart chun sonraí pearsanta a chosaint - Airteagal 47 - An ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach - Prionsabal na comhréireachta)

(2023/C 155/10)

Teanga an cháis: an tSualainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Högsta domstolen

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Norra Stockholm Bygg AB

Cosantóir: Per Nycander AB

Idiragraí: Entral AB

An chuid oibríochtúil

1)

Maidir le hAirteagal 6(3) agus (4) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí),

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

tá feidhm ag an bhforáil sin, i gcomhthéacs imeachtaí cúirte sibhialta, maidir le logaí den fhoireann a thabhairt ar aird mar fhianaise ina bhfuil sonraí pearsanta tríú páirtithe a bhailítear go príomha chun críocha iniúchta cánach.

2)

Maidir le hAirteagail 5 agus 6 de Rialachán 2016/679,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

agus measúnú á dhéanamh ar cé acu ar cheart ordú a thabhairt do sholáthar doiciméad ina bhfuil sonraí pearsanta, ceanglaítear ar an gcúirt náisiúnta leasanna na ndaoine is ábhar do na sonraí a chur san áireamh agus iad a mheá de réir imthosca gach cáis, an cineál nós imeachta atá i gceist agus aird chuí a thabhairt ar na ceanglais a eascraíonn as prionsabal na comhréireachta chomh maith leis na ceanglais, go háirithe, a eascraíonn as prionsabal an íoslaghdaithe sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(1)(c) den Rialachán sin.


(1)  IO C 252, 28.6.2021


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/9


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Ceathrú Dlísheomra) an 2 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Korkein hallinto-oikeus – an Fhionlainn) – A

(Cás C-270/21 (1), A (Múinteoir naíscoile))

(Tarchur chun réamhrialú - Saorghluaiseacht oibrithe - Cáilíochtaí gairmiúla a aithint laistigh de Ballstáit - Treoir 2005/36/CE - An ceart chun cleachtadh mar mhúinteoir naíscoile - Gairm rialaithe - An ceart chun rochtain a fháil ar ghairm ar bhonn céim arna eisiúint sa Bhallstát baile - Cáilíocht ghairmiúil a fuarthas i dtríú tír)

(2023/C 155/11)

Teanga an cháis: an Fhionlainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Korkein hallinto-oikeus

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: A

Idiragraí: Opetushallitus

An chuid oibríochtúil

1)

Maidir le hAirteagal 3(1)(a) de Threoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005, maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint, arna leasú le Treoir 2013/55/AE an 20 Samhain 2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

maidir le gairm a n-éilíonn reachtaíocht náisiúnta oiriúnacht chun rochtain a fháil uirthi agus í a shaothrú ach a fhágann rogha ag fostóirí a mheas an gcomhlíontar na coinníollacha sin, ní mheastar gur “gairm rialaithe” í de réir bhrí na forála sin.

2)

Maidir le hAirteagal 3(3) de Threoir 2005/36, arna leasú le Treoir 2013/55,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní bheidh feidhm ag an bhforáil sin i gcás ina bhfuarthas an fhianaise ar cháilíochtaí foirmiúla a tíolacadh don Bhallstát óstach i gcríoch Bhallstáit eile tráth nach raibh an Ballstát sin ann mar Stát neamhspleách ach mar Phoblacht Shóisialach Shóivéadach, agus i gcás inar dhéileáil an Ballstát sin leis an bhfianaise sin ar cháilíochtaí foirmiúla a eisíodh sa Stát sin tar éis é a athaontú le neamhspleáchas. Ní mór fianaise den sórt sin ar cháilíochtaí foirmiúla a mheas mar fhianaise a fuarthas i mBallstát agus ní i dtríú tír.


(1)  IO C 263, 5.7.2021


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/10


Breithiúnas na Cúirte (an Cúigiú Dlísheomra) an 9 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas – an Liotuáin) – R.J.R. v Registrų centras VĮ

(Cás C-354/21 (1), Registrų centras)

(Tarchur chun réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta - Deimhniú Eorpach comharbais - Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 - Airteagal 1(2)(l) - Raon feidhme - Airteagal 68 - Inneachar an Deimhnithe Eorpaigh Comharbais - Airteagal 69(5) - Éifeachtaí an Deimhnithe Eorpaigh Comharbais - Maoin chomharbais dochorraithe atá suite i mBallstát seachas Ballstát an chomharbais - Clárú na maoine seo i gclár talún an Bhallstáit sin - Ceanglais dhlíthiúla a bhaineann leis an gclárú sin dá bhforáiltear le dlí an Bhallstáit sin - Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1329/2014 - Cineál sainordaitheach Fhoirm V in Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin)

(2023/C 155/12)

Teanga an cháis: an Liotuáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: R.J.R.

Cosantóir: Registrų centras VĮ

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 1(2)(l), Airteagal 68(l), agus Airteagal 69(5) de Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012, maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla agus iad a fhorfheidhmiú in ábhair chomharbais agus maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a chruthú,

ní mór léiriú a dhéanamh ar na forálacha sin mar seo a leanas:

ní chuirtear cosc leo ar reachtaíocht Ballstáit lena bhforáiltear go bhféadfar an t-iarratas ar mhaoin dhochorraithe a chlárú i gclár talún an Bhallstáit sin a dhiúltú i gcás inarb é Deimhniú Eorpach Comharbais nach sainaithnítear an mhaoin dhochorraithe sin an t-aon doiciméad a thíolactar mar thaca leis an iarratas sin.


(1)  IO C 349, 30.8.2021


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/11


Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 9 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Varhoven administrativen sad – an Bhulgáir) – Sdruzhenie “Za Zemyata – dostap do pravosadie”, “Тhe Green Тank – grazhdansko sdruzhenie s nestopanska tsel” – an Phoblacht Heilléanach, NS v Izpalnitelen director na Izpalnitelna agentsia po okolna sreda, “TETS Maritsa iztok 2” EAD

(Cás C-375/21 (1), Sdruzhenie “Za Zemyata – dostap do pravosadie” agus páirtithe eile)

(Tarchur chun réamhrialú - Comhshaol - Cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh - Treoir 2008/50/CE - Airteagail 13 agus 23 - Teorainnluachanna chun sláinte an duine a chosaint - Sárú - Plean maidir le cáilíocht an aeir - Treoir 2010/75/AE - Cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú - Nuashonrú ar údarú chun gléasra cumhachta teirmí a oibriú - Teorainnluachanna astaíochta - Airteagal 15(4) - Iarratas ar mhaolú lena socrófar teorainnluachanna astaíochta astaíochtaí níos lú déine - Truailliú suntasach - Airteagal 18 - Comhlíonadh caighdeáin cháilíochta comhshaoil - Oibleagáidí an údaráis inniúil)

(2023/C 155/13)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Varhoven administrativen sad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Sdruzhenie “Za Zemyata – dostap do pravosadie”, “Тhe Green Тank – grazhdansko sdruzhenie s nestopanska tsel” – an Phoblacht Heilléanach, NS

Cosantóirí: Izpalnitelen director na Izpalnitelna agentsia po okolna sreda, “TETS Maritsa iztok 2” EAD

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 15(4) de Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 24 Samhain 2010, maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 18 de, agus le hAirteagail 13 agus 23 de Threoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le cáilíocht an aeir agus aer níos glaine don Eoraip,

ní mór léiriú a dhéanamh ar an bhforáil sin mar seo a leanas:

le linn scrúdú ar iarratas ar mhaolú faoin Airteagal 15(4) sin, ní mór don údarás inniúil, agus na sonraí eolaíocha ábhartha uile a bhaineann le truailliú á gcur san áireamh, lena n-áirítear éifeacht charnach an truailleáin atá i gceist le foinsí eile, chomh maith leis na bearta dá bhforáiltear sa phlean ábhartha maidir le cáilíocht an aeir arna tharraingt suas don limistéar nó don cheirtleán lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 23 de Threoir 2008/50, maolú den sórt sin a dhiúltú i gcás inar dócha go rannchuideoidh sé le sárú na gcaighdeán aercháilíochta a leagtar síos de bhun Airteagal 13 de Threoir 2008/50 nó go sárófar na bearta atá sa phlean sin chun a áirithiú go gcomhlíonfar na caighdeáin sin agus go gcuirfear teorainn chomh gearr agus is féidir leis an tréimhse ar lena linn a shárófar iad.


(1)  IO C 401, 04.10.2021


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/12


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Cúigiú Dlísheomra) an 2 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Bucureşti – an Rómáin) – Bursa Română de Mărfuri SA v Autoritatea Naţională de Reglementare în domeniul Energiei (ANRE)

(Cás C- C-394/21 (1), Bursa Română de Mărfuri)

(Tarchur chun réamhrialú - Margadh inmheánach leictreachais - Treoir 2009/72/CE - Rialachán (AE) 2019/943 - Airteagal 1(b) agus (c) agus Airteagal 3 - Prionsabail maidir le feidhmiú na margaí leictreachais - Rialachán (AE) 2015/1222 - Airteagal 5(1) - Oibreoir ainmnithe sa mhargadh leictreachais - Monaplacht náisiúnta dhlíthiúil le haghaidh seirbhísí malartaithe laethúla agus ionlae - Reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do mhonaplacht maidir le trádáil mhórdhíola sa leictreachas sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma)

(2023/C 155/14)

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Curtea de Apel Bucureşti

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Bursa Română de Mărfuri SA

Cosantóir: Autoritatea Naţională de Reglementare în domeniul Energiei (ANRE)

Páirtí eile sna himeachtaí: Federaţia Europeană a Comercianţilor de Energie

An chuid oibríochtúil

Maidir le Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach leictreachas, go háirithe Airteagal 1(b) agus (c), Airteagal 2(40) agus Airteagal 3 den Rialachán sin, arna léamh i gcomhar le Treoir 2009/72/CE an 13 Iúil 2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach leictreachas agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/54/CE,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuireann sé bac ar reachtaíocht Ballstáit faoina gcoinnítear monaplacht náisiúnta reachtúil seirbhísí idirghabhála tairisceana leictreachais a bhaineann leis na margaí mórdhíola laethúla agus ionlae, ar choinníoll go raibh monaplacht ann cheana féin sa Bhallstát sin tráth theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2015/1222 ón gCoimisiún, an 24 Iúil 2015, treoirlíne a bhunú maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus bainistiú ar phlódú i gcomhréir le hAirteagal 5 de;

ní chuireann sé bac ar reachtaíocht Ballstáit faoina gcoinnítear monaplacht náisiúnta reachtúil de sheirbhísí idirghabhála tairiscintí maidir le díol agus ceannach leictreachais a bhaineann leis an margadh mórdhíola todhchaíochtaí, ós rud é nach mór comhoiriúnacht na reachtaíochta sin le dlí an Aontais a mheasúnú i bhfianaise fhorálacha ábhartha dhlí príomha an Aontais.


(1)  IO C 191, 10.5.2022.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/13


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Dara Dlísheomra) an 2 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Hof van Cassatie – an Bheilg) – imeachtaí coiriúla i gcoinne FU, DRV Intertrans BV (C-410/21), agus Verbraeken J. en Zonen BV, PN (C-661/21)

(Cásanna uamtha C-410/21 agus C-661/21 (1), DRV Intertrans agus páirtithe eile)

(Tarchur chun réamhrialú - Oibrithe Imirceacha - Slándáil shóisialta - Reachtaíocht is infheidhme - Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 - Airteagal 5 - Deimhniú A 1 - Tarraingt siar sealadach - Éifeacht cheangailteach - Deimhniú a fuarthas nó a agairt go calaoiseach - Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 - Airteagal 13(1)(b)(i) - Daoine a fhostaítear de ghnáth in dhá Bhallstát nó níos mó - Infheidhmeacht reachtaíocht an Bhallstáit ina bhfuil an oifig chláraithe suite - Coincheap na “hoifige cláraithe” - Gnóthas a bhfuil ceadúnas iompair Comhphobail faighte aige faoi Rialacháin (CE) Uimh. 1071/2009 agus (CE)Uimh. 1072/2009 - Tionchar - Ceadúnas a fuarthas nó a agairt go calaoiseach)

(2023/C 155/15)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Hof van Cassatie

Páirtithe sna príomhimeachtaí

FU, DRV Intertrans BV (C-410/21), agus Verbraeken J. en Zonen BV, PN (C-661/21)

An chuid oibríochtúil

1)

Maidir le hAirteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta a chur chun feidhme, arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 465/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

beidh deimhniú A 1 arna eisiúint ag institiúid inniúil Ballstáit ina cheangal ar institiúidí agus ar chúirteanna an Bhallstáit ina ndéantar an obair, lena n-áirítear más rud é, tar éis iarraidh ar athbhreithniú agus ar tharraingt siar arna seoladh ag institiúid inniúil an Bhallstáit sin chuig an institiúid eisiúna, go bhfuil sé dearbhaithe ag an institiúid eisiúna go bhfuil éifeachtaí ceangailteacha an deimhnithe sin le cur ar fionraí go sealadach go dtí go mbeidh cinneadh críochnaitheach déanta aici maidir leis an iarratas sin. In imthosca den sórt sin, áfach, féadfaidh cúirt de chuid an Bhallstáit ina ndéantar an obair, ar tugadh imeachtaí coiriúla os a comhair in aghaidh daoine a bhfuil amhras ann go bhfuair nó gur úsáid sí an deimhniú céanna A 1 go calaoiseach, a shuíomh go bhfuil calaois ann agus tabharfaidh sí neamhaird dá réir sin ar an deimhniú sin, chun críocha na n-imeachtaí coiriúla sin, ar choinníoll, ar an gcéad dul síos, go bhfuil tréimhse réasúnta caite gan athbhreithniú a bheith déanta ag an institiúid eisiúna ar thuillteanais an deimhnithe sin a eisiúint agus tar éis seasamh a ghlacadh maidir leis an bhfianaise shonrach arna tíolacadh ag institiúid inniúil an Bhallstáit óstaigh a thugann le fios go bhfuarthas nó gur agairt an deimhniú sin go calaoiseach, i gcás inarb iomchuí, tríd an deimhniú atá i gceist a chealú nó a tharraingt siar, agus, ar an taobh eile, go n-urramaítear na ráthaíochtaí is gné dhílis den cheart chun triail chóir a fháil nach mór a dheonú do na daoine sin.

2)

Maidir le hAirteagal 13(1)(b)(i) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta, arna leasú le Rialachán Uimh. 465/2012, arna léamh i bhfianaise Airteagal 3(1)(a) agus Airteagal 11(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009, lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleactadh agus lena n-aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle agus Airteagal 4(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní cruthúnas do-infhrisnéise é go bhfuil ceadúnas Comhphobail iompair de bhóthar arna eisiúint ag údaráis inniúla Ballstáit ag cuideachta ar oifig chláraithe na cuideachta sin sa Bhallstát sin chun críocha an chinnidh, i gcomhréir le hAirteagal 13(1)(b)(i) de Rialachán Uimh. 883/2004, arna leasú le Rialachán Uimh. 465/2012, den reachtaíocht náisiúnta slándála sóisialta is infheidhme, .


(1)  IO C-391, 27.9.2021.

IO C 84, 21.2.2022.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/14


Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 2 Márta 2023 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Polainne

(Cás C-432/21) (1)

(Mainneachtain stáit - Comhshaol - Treoir 92/43/CEE - Gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú - Airteagal 6(1) go (3), Airteagal 12(1)(a) go (d), Airteagal 13(1)(a) agus Airteagal 16(1) - Treoir 2009/147/CE - Caomhnú éan fiáin - Airteagal 4(1), Airteagal 5(a), (b) agus (d), agus Airteagal 9(1) - Bainistiú foraoise bunaithe ar dhea-chleachtas - Pleananna bainistithe foraoise - Coinbhinsiún Aarhus - Rochtain ar cheartas - Airteagal 6(1)(b) agus Airteagal 9(2) - Athbhreithniú ar dhlíthiúlacht shubstainteach agus nós imeachta pleananna bainistithe foraoise - Ceart achomhairc eagraíochtaí comhshaoil)

(2023/C 155/16)

Teanga an cháis: an Pholainnis

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Brauhoff, G. Gattinara, C. Hermes agus D. Milanowska, i gcáil Gníomhairí)

Cosantóir: Poblacht na Polainne (ionadaí: B. Majczyna, i gcáil Gníomhaire)

An chuid oibríochtúil

1)

Trí ghlacadh le hAirteagal 14b(3) den ustawa o lasach (Dlí maidir le foraoisí) an 28 Meán Fómhair 1991, arna leasú le ustawa o zmianie ustawy o ochronie przyrody oraz ustawy o lasach (Dlí lena leasaítear an Dlí maidir le cosaint an dúlra agus an Dlí maidir le foraoisí) an 16 Nollaig 2016, lena bhforáiltear nach sáraíonn bainistiú foraoise a dhéantar i gcomhréir le ceanglais an dea-chleachtais bainistithe foraoise na forálacha a bhaineann le caomhnú acmhainní, foirmíochtaí agus comhpháirteanna nádúrtha speisialta, go háirithe forálacha Airteagail 51 agus 52 de przyrody Ustawa o ochronie (An Dlí maidir le cosaint an dúlra), an 16 Aibreán 2004, gur mhainnigh Poblacht na Polainne a hoibleagáidí faoi Airteagal 6(1) agus (2), Airteagal 12(1), Airteagal 13(1)(a) agus Airteagal 16(1) de Threoir 92/43/CEE an 21 Bealtaine 1992 ón gComhairle maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú a chomhlíonadh, arna leasú le Treoir 2013/17/AE ón gComhairle an 13 Bealtaine 2013, agus Airteagal 4(1), Airteagal 5(a), (b) agus (d) agus Airteagal 9(1) de Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú, arna leasú le Treoir 2013/17.

2)

Mura nglacfar an reachtaíocht uile is gá chun a áirithiú go bhféadfaidh eagraíochtaí cosanta comhshaoil iarratas a dhéanamh chuig cúirt ar athbhreithniú éifeachtach ar dhlíthiúlacht shubstainteach agus nós imeachta pleananna bainistithe foraoise, de réir bhrí fhorálacha an Achta Foraoise, poblacht na Polainne a hoibleagáidí faoi Airteagal 6(3) a chomhlíonadh, de Threoir 92/43, arna leasú le Treoir 2013/17, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 6(1)(b) agus le hAirteagal 9(2) den Choinbhinsiún maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht an Phobail i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil, a síníodh in Aarhus an 25 Meitheamh 1998 agus a formheasadh thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh le Cinneadh 2005/370/CE ón gComhairle, 17 Feabhra 2005.

3)

Ordaítear do Phoblacht na Polainne na costais a íoc.


(1)  IO C 452, 8.11.2021.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/15


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Dara Dlísheomra) an 2 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Miskolci Törvényszék – an Ungáir) – IH v MÁV-START Vasúti Személyszállító Zrt.

(Cás C-477/21 (1), MÁV-START)

(Tarchur chun réamhrialú - Beartas sóisialta - Sábháilteacht agus sláinte oibrithe a chosaint - Eagrú ama oibre - Airteagal 31(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Treoir 2003/88/CE - Airteagail 3 agus 5 - Sos laethúil agus sos seachtainiúil - Reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do thréimhse sosa seachtainiúla íosta dhá uair an chloig is daichead - Oibleagáid chun sos laethúil a dheonú - Rialacha mionsonraithe chun é a dheonú)

(2023/C 155/17)

Teanga an cháis: an Ungáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Miskolci Törvényszék

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: IH

Cosantóir: MÁV-START Vasúti Személyszállító Zrt.

An chuid oibríochtúil

1)

Maidir le hAirteagal 5 de Threoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d'eagrú ama oibre, arna léamh i bhfianaise Airteagal 31(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní bheidh an tréimhse sosa laethúil dá bhforáiltear in Airteagal 3 den Treoir sin ina cuid den tréimhse sosa seachtainiúla dá dtagraítear in Airteagal 5, ach tá sí sa bhreis uirthi.

2)

Maidir le h Airteagal 3 agus Airteagal 5 de Threoir 2003/88, arna léamh i bhfianaise Airteagal 31(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

i gcás ina bhforáiltear sa reachtaíocht náisiúnta do thréimhse sosa seachtainiúla is faide ná cúig huaire is tríocha as a chéile, ba cheart an tréimhse sosa laethúil mar a ráthaítear le hAirteagal 3 den Treoir sin a dheonú don oibrí, de bhreis ar an tréimhse sin.

3)

Maidir le hAirtegal 3 de Threoir 2003/88, arna léamh i bhfianaise Airteagal 31(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

i gcás ina ndeonófar tréimhse sosa seachtainiúla d'oibrí, beidh sé freisin i dteideal tréimhse sosa laethúla roimh an tréimhse sosa seachtainiúla sin.


(1)  IO C 471, 22.11.2021


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/16


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Cúigiú Dlísheomra) an 9 Márta 2023 (Iarraidh ar réamhrialú ón Finanzgericht Düsseldorf, an Ghearmáin) – RWE Power Aktiengesellschaft v Hauptzollamt Duisburg

(Cás C-571/21 (1), RWE Power)

(Tarchur chun réamhrialú - Cánachas ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas - Treoir 2003/96/CE - Airteagal 14(1)(a) - Airteagal 21(3), an dara habairt agus an tríú habairt - Leictreachas a úsáidtear chun leictreachas a tháirgeadh agus chun an acmhainneacht chun leictreachas a tháirgeadh a choinneáil - Díolúine - Raon feidhme - Oibríochtaí mianadóireachta béal-oscailte - Leictreachas a úsáidtear chun tancanna breosla agus modhanna iompair a oibriú)

(2023/C 155/18)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Finanzgericht Düsseldorf

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: RWE Power Aktiengesellschaft

Cosantóir: Hauptzollamt Duisburg

An chuid oibríochtúil

1)

Maidir leis an gcéad abairt d’Airteagal 14(1)(a) de Threoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar chreat an Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas, arna léamh i gcomhar leis an dara habairt d’Airteagal 21(3) den Treoir sin,

ní mór a léiriú a dhéanamh uirthi mar seo a leanas:

ní chumhdaítear sa díolúine chánach do “leictreachas a úsáidtear chun leictreachas a ghinniúint”, dá bhforáiltear san fhoráil sin, an leictreachas a úsáidtear i mbaint táirge leictreachais, amhail lignít, i mianach béal-oscailte, ós rud é nach n-úsáidtear an leictreachas sin sa phróiseas teicneolaíoch chun leictreachas a tháirgeadh, ach i ndéantús táirge fuinnimh. Ar an taobh eile, is féidir go gcumhdófaí trasfhoirmiú agus próiseáil an táirge fuinnimh sin ina dhiaidh sin i stáisiúin chumhachta chun leictreachas a ghiniúint leis an díolúine sin, a mhéid is atá na hoibríochtaí sin fíor-riachtanach agus a mhéid is a rannchuidíonn siad go díreach le próiseas teicneolaíoch an táirgthe sin.

2)

Maidir leis an gcéad abairt d’Airteagal 14(1)(a) de Threoir 2003/96,

ní mór léiriú a dhéanamh uirthi mar seo a leanas:

Is féidir go gcumhdófaí leis an díolúine chánach do “leictreachas a úsáidtear chun leictreachas a ghinniúint”, dá bhforáiltear san fhoráil sin, leictreachas atá beartaithe d’oibriú saoráidí stórála do tháirge fuinnimh, amhail lignít, agus modhanna iompair lena gcumasaítear an táirge sin a iompar, i gcás ina dtarlaíonn na hoibríochtaí sin laistigh de stáisiúin chumhachta, ar choinníoll go bhfuil siad fíor-riachtanach agus go rannchuidíonn siad go díreach le hacmhainn an phróisis theicneolaíoch do tháirgeadh leictreachais a chothabháil, a mhéid is gá na hoibríochtaí sin chun a áirithiú go gcoinneofar an acmhainneacht chun leictreachas a tháirgeadh gan bhriseadh.


(1)  IO C 490, 06.12.2021


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/17


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Tríú Dlísheomra) an 9 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Administrativo e Fiscal de Braga – an Phortaingéil) – Vapo Atlantic SA v Entidade Nacional para o Setor Energético E.P.E. (ENSE)

(Cás C-604/21, Vapo Atlantic) (1)

(Tarchur le haghaidh réamhrialú - Nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na gcaighdeán teicniúil agus na rialachán agus na rialacha a bhaineann le seirbhísí na sochaí faisnéise - Treoir 98/34/CE - Airteagal 1(4) - An coincheap “ceanglais eile” - Airteagal 1(11) - An coincheap “rialachán teicniúil” - Airteagal 8, mír 1 - Oibleagáid ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún Eorpach faoi aon dréacht – rialachán teicniúil - Foráil náisiúnta lena bhforáiltear d’ionchorprú céatadán áirithe de bhithbhreoslaí i mbreoslaí bóthair - Airteagal 10(1), an tríú fleasc - An coincheap “clásal coimirce dá bhforáiltear i ngníomh ceangailteach de chuid an Aontais” - An dara fomhír d’Airteagal 4(1) de Threoir 2009/30/CE a fhágáil as an áireamh)

(2023/C 155/19)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal Administrativo e Fiscal de Braga

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Vapo Atlantic SA

Cosantóir: Entidade Nacional para o Setor Energético E.P.E. (ENSE)

Idiragraí: Fundo Ambiental, Fundo de Eficiência Energética (FEE)

An chuid oibríochtúil

1)

Maidir le hAirteagal 1(4) de Threoir 98/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meitheamh 1998, lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na gcaighdeán teicniúil agus na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise, arna leasú le Treoir 2006/96/CE ón gComhairle, an 20 Samhain 2006,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

cuimsítear rialachán náisiúnta lena socraítear sprioc do chuimsiú bithbhreoslaí ag 10 % sna breoslaí bóithre arna gcur chun tomhailte ag oibreoir eacnamaíoch le linn bliana ar leith faoin gcoincheap “ceanglas eile”, de réir bhrí Airteagal 1(4) de Threoir 98/34, arna leasú, agus is ionann é, dá réir sin, agus “rialachán teicniúil”, de réir bhrí Airteagal 1(11) de Threoir 98/34, arna leasú, nach féidir a agairt i gcoinne daoine aonair ach amháin más rud é gur tugadh fógra faoina dhréacht, i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Threoir 98/34, arna leasú.

2)

Maidir le hAirteagal 8(1) de Threoir 98/34, arna leasú le Treoir 2006/96,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní féidir le rialachán náisiúnta lena saothraítear trasuí a dhéanamh ar Airteagal 7a(2) de Threoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 1998 maidir le cáilíocht breoslaí peitril agus díosail agus lena leasaítear Treoir 93/12/CEE ón gComhairle, arna leasú le Treoir 2009/30/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009, ar bhealach atá i gcomhréir leis an gcuspóir a leagtar amach in Airteagal 3(4) de Threoir 2009/28/CÉ ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir 2001/77/CE agus Treoir 2003/30/CE, a bheith ina thrasuí ar théacs iomlán rialach Eorpaí de bhrí Aireagal 8(1) de Threoir 98/34, arna leasú, agus, dá réir sin, ní chuimsítear é faoin dualgas fógra a thabhairt ina leith a leagtar síos leis an bhforáil sin.

3)

Maidir leis an dara fomhír d’Airteagal 4(1) de Threoir 2009/30/CE,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuimsítear clásal coimirce dá bhforáiltear i ngníomh ceangailteacha de chuid an Aontais de réir bhrí Airteagal 10(1), an tríú fleasc, de Threoir 98/34, arna leasú le Treoir 2006/96.


(1)  IO C 11, 10.01.2022.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/18


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 2 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Vrhovno sodišče Republike Slovenije – an tSlóvéin) – Nec Plus Ultra Cosmetics AG v Republika Slovenija

(Cás C-664/21 (1),Nec Plus Ultra Cosmetics AG)

(Tarchur chun réamhrialú - Comhchóras cánach breisluacha (CBL) - Treoir 2006/112/CE - Airteagal 138(1) - Díolúintí a bhaineann le hidirbhearta laistigh den Chomhphobal - Soláthar earraí - Prionsabail na neodrachta fioscacha, na héifeachtúlachta agus na comhréireachta - Ceanglais shubstainteacha a shásamh - Teorainn ama chun fianaise a chur isteach)

(2023/C 155/20)

Teanga an cháis: an Slóivéinis

An chúirt a rinne an tarchur

Vrhovno sodišče Republike Slovenije

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Nec Plus Ultra Cosmetics AG

Cosantóir: Republika Slovenija

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 131 agus Airteagal 138(1) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, arna léamh i gcomhar le prionsabail na neodrachta fioscacha, na héifeachtachta agus na comhréireachta,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuireann siad bac ar reachtaíocht náisiúnta lena dtoirmisctear fianaise nua a thabhairt ar aird agus a bhailiú lena suífear go gcomhlíontar na coinníollacha substainteacha a leagtar síos in Airteagal 138(1) den Treoir sin, le linn an nós imeachta riaracháin as ar glacadh an cinneadh cánach, go háirithe tar éis na n-oibríochtaí iniúchta cánach ach sular glacadh an cinneadh sin, ar choinníoll go gcomhlíontar prionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta.


(1)  IO C 64, 7.2.2022.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/18


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Tríú Dlísheomra) an 2 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Hovrätten för Nedre Norrland – an tSualainn) – AI v Åklagarmyndigheten

(Cás C-666/21 (1), Åklagarmyndigheten)

(Tarchur chun réamhrialú - Iompar de bhóthar - Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 - Raon feidhme - Airteagal 2(1)(a) - Airteagal 3(h) - Coincheap “iompar earraí de bhóthar” - Coincheap “ollmhais feithicle” - Feithicil atá feistithe chun fónamh mar spás príobháideach le haghaidh cóiríochta sealadaí agus luchtú earraí chun críocha neamhthráchtála - Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 - Tacagraif - Airteagal 23(1) - Oibleagáid cigireachtaí rialta a dhéanann ceardlanna ceadaithe)

(2023/C 155/21)

Teanga an cháis: an tSualainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Hovrätten för Nedre Norrland

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: AI

Cosantóir: Åklagarmyndigheten

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 2(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 agus (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(h) de Rialachán Uimh. 561/2006, arna leasú,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

cumhdaítear leis an gcoincheap “ollmhais feithicle”, de réir bhrí na chéad fhorála sin, iompar de bhóthar arna déanamh ag feithicil ar mó a mais údaraithe uasta, de réir bhrí Airteagal 4(m) de Rialachán Uimh. 561/2006 ach freisin luchtú earraí chun críocha neamhthráchtála, arna leasú, níos mó ná 7,5 tona, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil sé feistithe chun fónamh mar spás nach bhfuil i gcomhair teaghaise príobháidí sealadaí amháin, ach freisin chun earraí a luchtú chun críocha neamhthráchtála, gan acmhainn ualaigh na feithicle sin agus na catagóire faoina bhfuil sí sa chlár náisiúnta um thrácht ar bhóithre a bhfuil aon tionchar aige sin air.


(1)  IO C 24, 17.1.2022.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/19


Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 2 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Oberlandesgericht Düsseldorf – an Ghearmáin) – Papierfabriek Doetinchem B.V. v Sprick GmbH Bielefelder Papier- und Wellpappenwerk & Co.

(Cás C-684/21 (1), Papierfabriek Doetinchem)

(Tarchur chun réamhrialú - Maoin Intleachtúil - Dearadh Comhphobail - Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 - Airteagal 8(1) - Saintréithe cuma táirge a fhorchuirtear go heisiach ag a fheidhm theicniúil - Critéir mheasúnaithe - Dearaí malartacha a bheith ann - Iliomad dearaí malartacha cosanta ag an sealbhóir freisin - Polacrómacht táirge nach léirítear i gclárú an dearaidh lena mbaineann)

(2023/C 155/22)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Oberlandesgericht Düsseldorf

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Papierfabriek Doetinchem B.V.

Cosantóir: Sprick GmbH Bielefelder Papier- und Wellpappenwerk & Co.

An chuid oibríochtúil

1)

Maidir le hAirteagal 8(1) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle an 12 Nollaig 2001 maidir le dearaí Comhphobail,

ní mór an fhoráil sin a léiriú mar seo a leanas:

ní mór an measúnú ar cibé an bhfuil gnéithe de chuma táirge faoi réir a fheidhme teicniúla amháin, de réir bhrí na forála sin, a dhéanamh i bhfianaise na n-imthosca oibiachtúla go léir a bhaineann leis an gcás áirithe, go háirithe iad siúd lena rialaítear rogha na ngnéithe sin, dearaí malartacha a bheith ann lenar féidir an fheidhm theicniúil sin a chomhlíonadh, agus sealbhóir an dearaidh lena mbaineann a bheith ina shealbhóir ar chlárúcháin le haghaidh líon mór dearaí malartacha, áfach, nach bhfuil an ceann deiridh sin cinntitheach chun críocha an fhoráil sin a chur i bhfeidhm.

2)

Maidir le hAirteagal 8(1) de Rialachán Uimh. 6/2002,

ní mór an fhoráil sin a léiriú mar seo a leanas:

i gcomhthéacs an scrúdaithe ar cibé an bhfuil cuma táirge faoi réir a fheidhme teicniúla amháin, ní féidir an fíoras go gceadaítear polacrómacht le dearadh an táirge sin a chur san áireamh i gcás nach léir an dearadh sin ó chlárú an dearaidh lena mbaineann.


(1)  IO C 84, 21.2.2022


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/20


Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 2 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Nederlandstalige rechtbank van eerste aanleg Brussel – an Bheilg) – Recreatieprojecten Zeeland BV, Casino Admiral Zeeland BV, Supergame BV v Belgische Staat

(Cás C-695/21 (1), Recreatieprojecten Zeeland agus páirtithe eile)

(Tarchur chun réamhrialú - Saoirse chun seirbhísí a sholáthar - Airteagal 56 CFAE - Srianta ar shaoirse chun seirbhísí a sholáthar - Cearrbhachas - Reachtaíocht Ballstáit lena bhforáiltear toirmeasc ginearálta ar bhunaíochtaí chearrbhachais fógraíocht a dhéanamh - Maolú de cheart ar an dtoirmeasc sin le haghaidh bunaíochtaí a bhfuil ceadúnas oibríochta acu arna eisiúint ag údaráis an Bhallstáit sin - Easpa féidearthachta de mhaolú le haghaidh bunaíochta atá lonnaithe i mBallstát eile)

(2023/C 155/23)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Nederlandstalige rechtbank van eerste aanleg Brussel

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Recreatieprojecten Zeeland BV, Casino Admiral Zeeland BV, Supergame BV

Cosantóir: Belgische Staat

An chuid oibríochtúil

Ní mór an chéad fhomhír d’Airteagal 56 CFAE a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc léi ar reachtaíocht Ballstáit lena dtugtar d’oibreoirí líon teoranta agus rialaithe de bhunaíochtaí cearrbhachais atá suite ar chríoch an Bhallstáit sin maolú de cheart ar thoirmeasc ar fhógraíocht is infheidhme go ginearálta maidir le bunaíochtaí den sórt sin, gan foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht a bheith ag oibreoirí bunaíochtaí cearrbhachais atá lonnaithe i mBallstát eile maolú a fháil chun na críche céanna.


(1)  IO C 84, 21.2.2022


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/21


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 9 Márta 2023 – Francoise Grossetête v Parlaimint na hEorpa

(Cás C-714/21 P) (1)

(Achomharc - An dlí institiúideach - Rialacha maidir le caiteachais agus liúntais chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa - Leasú ar an scéim pinsin fhorlíontaigh dheonaigh - Cinneadh aonair lena gcinntear na cearta chun an phinsin fhorlíontaigh dheonaigh - Pléadáil neamhdhleathachta - Dlínse Bhiúró na Parlaiminte - Cearta faighte agus atá á bhfáil - Comhréireacht - Cóir chomhionann - Deimhneacht dhlíthiúil)

(2023/C 155/24)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóir: Francoise Grossetête (ionadaithe: E. Arnaldos Orts, abogado, F. Doumont, avocat, J. Martínez Gimeno agus D. Sarmiento Ramírez-Escudero, abogados)

Pairtí eile sna himeachtaí: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: M. Ecker, N. Görlitz agus T. Lazian, Gníomhairí)

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don achomharc.

2)

Ordaítear do Françoise Grossetête na costais a íoc.


(1)  IO C 37, 24.01.2022


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/21


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 9 Márta 2023 – Francoise Grossetête v Parlaimint na hEorpa

(Cásanna uamtha C-715/21 P agus C-716/21 P)) (1)

(Achomharc - An dlí institiúideach - Rialacha maidir le caiteachais agus liúntais chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa - Leasú ar an scéim pinsin fhorlíontaigh dheonaigh - Cinneadh aonair lena gcinntear na cearta chun an phinsin fhorlíontaigh dheonaigh - Pléadáil neamhdhleathachta - Dlínse Bhiúró na Parlaiminte - Cearta faighte agus atá á bhfáil - Comhréireacht - Cóir chomhionann - Deimhneacht dhlíthiúil)

(2023/C 155/25)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóir: Gerardo Galeote (C-715/21 P), Graham Watson (C-716/21 P) (ionadaithe: E. Arnaldos Orts, abogado, Me F. Doumont, avocat, Mes J. Martínez Gimeno agus D. Sarmiento Ramírez-Escudero, abogados)

Páirtí eile sna himeachtaí: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: M. Ecker, N. Görlitz agus T. Lazian, Gníomhairí)

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear do na hachomhairc.

2)

Ordaítear do Gerardo Galeote agus M. Graham Watson na costais a íoc.


(1)  IO C 37, 24.01.2022


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/22


Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 2 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgericht Wien – an Ostair) – Kwizda Pharma GmbH v Landeshauptmann von Wien

(Cás C-760/21 (1), Kwizda Pharma)

(Tarchur chun réamhrialú - Sábháilteacht bia - Bia - Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 - Airteagal 2(2)(g) - Coincheap “Bia chun críocha speisialta míochaine” - Ceanglais chothaíochais ar leith eile - Ceanglais chothaitheacha - Modhnú aiste bia - Cothaithigh - Úsáid faoi chúram leighis - Comhábhair nach ndéantar a ionsú nó a mheitibiliú sa chanáil bhia - Teorannú maidir le táirge íocshláinte - Teorannú maidir le forbhia)

(2023/C 155/26)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Verwaltungsgericht Wien

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Kwizda Pharma GmbH

Cosantóir: Landeshauptmann von Wien

An chuid oibríochtúil

1)

Maidir le hAirteagal 1(2) de Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, arna leasú ag Treoir 2004/27/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004, agus Airteagal 2(2)(g) de Rialachán (UE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013, maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoracha 96/8/CE, 1999/21/CE, 2006/125/CE, agus 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialacháin (CE) Uimh. 41/2009 agus 953/2009 ón gCoimisiún,

ní mór léiriú a dhéanamh ar na forálacha sin mar seo a leanas:

chun idirdhealú a dhéanamh idir na coincheapa “táirge íocshláinte” agus “bia chun críocha speisialta míochaine”, a shainmhínítear faoi seach sna forálacha sin, is gá a mheas, i bhfianaise chineál agus shaintréithe an táirge lena mbaineann, an bia é atá ceaptha ceanglais chothaitheacha áirithe a chomhlíonadh, nó táirge atá ceaptha chun galair dhaonna a chosc nó a leigheas, chun feidhmeanna fiseolaíocha a athbhunú, a cheartú nó a mhodhnú trí ghníomh cógaseolaíoch, imdhíoneolaíoch nó meitibileach, nó chun diagnóis leighis a dhéanamh nó, i gcás inarb iomchuí, a chuirtear i láthair mar sin.

2)

Maidir le hAirteagal 2(2)(g) de Rialachán Uimh. 609/2013,

ní mór léiriú a dhéanamh ar an bhforáil sin mar seo a leanas:

ar an gcéad dul síos, cumhdaítear leis an gcoincheap “ceanglais chothaitheacha” riachtanais arb é galar, neamhord nó staid sláinte is cúis leo, a bhfuil a sásamh riachtanach don othar ó thaobh cothaithe de; ar an dara dul síos, ní féidir an t-aicmiú mar “bia chun críocha speisialta míochaine” a chur faoi réir an choinníll nach mór na “ceanglais chothaitheacha” a eascraíonn as galar, neamhord nó staid sláinte a shásamh agus, dá bhrí sin, gur gá go dtarlódh éifeacht an táirge sin le linn díleá nó mar thoradh ar dhíleá agus, ar an tríú dul síos, go n-áirítear leis an gcoincheap “modhnú an ghnáthaiste bia amháin” an dá chás ina bhfuil athrú ar aiste bia dodhéanta nó contúirteach don othar agus cásanna ina bhfuil sé an-deacair don othar a ceanglais chothaitheacha a shásamh le gnáthbhia.

3)

Maidir le hAirteagal 2(2)(g) de Rialachán Uimh. 609/2013,

ní mór léiriú a dhéanamh ar an bhforáil sin mar seo a leanas:

chun an Rialachán sin, nach sainítear leis an gcoincheap “cothaitheach”, a chur i bhfeidhm, ba cheart tagairt a dhéanamh do shainmhíniú an choincheapa sin in Airteagal 2(2)(s) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1924/2006 agus 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2002/67/CE agus 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún.

4)

Maidir le hAirteagal 2(2)(g) de Rialachán Uimh. 609/2013,

ní mór léiriú a dhéanamh ar an bhforáil sin mar seo a leanas:

ar an gcéad dul síos, ní mór táirge a úsáid faoi mhaoirseacht leighis má tá gá leis an moladh agus leis an measúnú a dhéanfaidh gairmí cúraim sláinte ina dhiaidh sin i bhfianaise na gceanglas cothaitheach a eascraíonn as galar, neamhord nó sláinte ar leith agus i bhfianaise éifeachtaí an táirge ar cheanglais chothaitheacha an othair agus ar an othar agus, ar an dara dul síos, nach bhfuil an riachtanas maidir le bia chun críocha speisialta míochaine “atá le húsáid faoi chúram leighis” ina choinníoll chun táirge a cháiliú mar sin.

5)

Maidir le hAirteagal 2 de Threoir 2002/46 agus Airteagal 2(2)(g) de Rialachán Uimh. 609/2013,

ní mór léiriú a dhéanamh ar na forálacha sin mar seo a leanas:

tá na coincheapa “forbhia” agus “bia chun críocha speisialta míochaine”, a shainmhínítear faoi seach sna forálacha sin, comheisiach agus is gá a chinneadh ar bhonn cás ar chás agus de réir na saintréithe agus na gcoinníollacha úsáide cibé acu an dtagann táirge faoi cheann amháin de na téarmaí sin nó nach dtagann.


(1)  IO C 138, 28.3.2022


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/23


Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an Tríú Dlísheomra) an 2 Márta 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Oberlandesgericht Graz – an Ostair) – Imeachtaí maidir le haithint agus forghníomhú d’Ordú Imscrúdaithe Eorpach a bhaineann le MS

(Cás C-16/22 (1), Staatsanwaltschaft Graz (Oifig Cánach Düsseldorf))

(Tarchur chun réamhrialú - Limistéar saoirse, slándála agus ceartais - Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla - Treoir 2014/41/UE - Ordú Imscrúdaithe Eorpach - Airteagal 1(1) - Coincheap “údarás breithiúnach” - Airteagal 2(c) - Coincheap “údarás eisiúna” - Cinneadh arna eisiúint ag údarás cánach gan bailíochtú ó bhreitheamh nó ionchúisitheoir poiblí - Riarachán cánach a fheidhmíonn cearta agus oibleagáidí oifig an ionchúisitheora phoiblí i gcomhthéacs imscrúdaithe choiriúil cánach)

(2023/C 155/27)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Oberlandesgericht Graz

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: MS

Páirtithe leasmhara: Staatsanwaltschaft Graz, Finanzamt für Steuerstrafsachen und Steuerfahndung DüsseldorfStaatsanwaltschaft Graz

An chuid oibríochtúil

Maidir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 1(1) agus Airteagal 2(c)(i) de Threoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpach in ábhair choiriúla;

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní féidir riarachán cánach Ballstáit a dhéanann, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le linn dó a bheith faoi chumhacht feidhmiúcháin an Bhallstáit sin, imscrúduithe coiriúla cánach go neamhspleách in ionad oifig an ionchúisitheora phoiblí agus a ghabhann na cearta agus na hoibleagáidí atá dílsithe d’oifig an ionchúisitheora phoiblí, a aicmiú mar “údarás breithiúnach” agus mar “údarás eisiúna” de réir bhrí an dá fhoráil sin faoi seach.

ar an láimh eile, is dócha go dtiocfaidh riarachán den sórt sin faoi chuimsiú an choincheapa “údarás eisiúna”, de réir bhrí Airteagal 2(c)(ii) den Treoir sin, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach san fhoráil sin.


(1)  IO C 138, 28.3.2022


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/24


Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 7 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Rada Úradu pre verejné obstarávanie – an tSlóvaic) – HOREZZA a.s. v Úrad pre verejné obstarávanie

(Cás C-520/22 (1), Horezza)

(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 53(2) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Airteagal 267 CFAE - An coincheap “cúirt nó binse” - Comhlacht achomhairc de chuid comhlachta maoirseachta náisiúnta le haghaidh nósanna imeachta soláthair phoiblí - Neamhspleáchas - Stádas tríú páirtí i ndáil leis an údarás a ghlac an cinneadh atá faoi achomharc - Do-ghlacthacht fhollasach na hiarrata ar réamhrialú)

(2023/C 155/28)

Teanga an cháis: an tSlóvaicis

An chúirt a rinne an tarchur

Rada Úradu pre verejné obstarávanie

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: HOREZZA a.s.

Consantóir: Úrad pre verejné obstarávanie

An chuid oibríochtúil

Tá an iarraidh ar réamhrialú arna thíolacadh ag an Rada Úradu pre verejné obstarávanie (Bord an údaráis rialála soláthair phoiblí, an tSlóvaic), le cinneadh an 3 Lúnasa 2022, do-ghlactha go follasach.


(1)  Dáta an taiscthe: 04.08.2022.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/24


Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 7 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Rada Úradu pre verejné obstarávanie – an tSlóvaic) – KONŠTRUKTA – Defense a.s. v Úrad pre verejné obstarávanie

(Cás C-521/22 (1), Konštrukta – Defence)

(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 53(2) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Airteagal 267 CFAE - An coincheap “cúirt nó binse” - Comhlacht achomhairc de chuid comhlachta maoirseachta náisiúnta le haghaidh nósanna imeachta soláthair phoiblí - Neamhspleáchas - Stádas tríú páirtí i ndáil leis an údarás a ghlac an cinneadh atá faoi achomharc - Do-ghlacthacht fhollasach na hiarrata ar réamhrialú)

(2023/C 155/29)

Teanga an cháis: an tSlóvaicis

An chúirt a rinne an tarchur

Rada Úradu pre verejné obstarávanie

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: KONŠTRUKTA – Defence a.s.

Consantóir: Úrad pre verejné obstarávanie

An chuid oibríochtúil

Tá an iarraidh ar réamhrialú arna thíolacadh ag an Rada Úradu pre verejné obstarávanie (Bord an údaráis rialála soláthair phoiblí, an tSlóvaic), le cinneadh an 3 Lúnasa 2022, do-ghlactha go follasach.


(1)  Dáta an taiscthe: 04.08.2022.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/25


Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunalul Prahova (an Rómáin) arna taisceadh an 18 Deireadh Fómhair 2022 — SC Bitulpetrolium Serv SRL v Administraţia Judeţeană a Finanţelor Publice Prahova – Direcţia Generală Regională a Finanţelor Publice Ploieşti

(Cás C-657/22)

(2023/C 155/30)

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunalul Prahova

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: SC Bitulpetrolium Serv SRL

Cosantóir: Administraţia Judeţeană a Finanţelor Publice Prahova – Direcţia Generală Regională a Finanţelor Publice Ploieşti.

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

An bhfuil forálacha agus cleachtais náisiúnta, amhail na forálacha agus na cleachtais atá i gceist sa chás seo, ar dá réir a bheadh athbhunú isteach sa stóras cánach breosla téimh (ola théite) in éagmais maoirseachta custaim [a bheadh] ina sárú líomhnaithe ar na nósanna imeachta stórasaithe custaim lena dtabharfar údar maith le dleacht mháil a chur i bhfeidhm de réir an ráta arna shocrú le haghaidh breosla ar mó ná 21 oiread na dleachta máil ar ola théite iad contrártha le prionsabal na comhréireachta agus le hAirteagal 2(3), le hAirteagal 5 agus le hAirteagal 21(1) de Threoir 2003/96/CE (1)?

2)

An bhfuil forálacha agus cleachtais náisiúnta, amhail na forálacha agus na cleachtais atá i gceist sa chás seo, faoina bhforchuirtear CBL ar na méideanna breise arna gcinneadh ag na húdaráis chánach trí bhíthin dleacht mháil ar ola gháis mar phionós mar gheall ar mhainneachtain an córas maoirseachta custaim a chomhlíonadh ó thaobh an cháiníocóra de, mar thoradh ar athbhunú isteach sa stóras cánach na dtáirgí fuinnimh den chineál ola théite ar íocadh dleacht mháil orthu cheana féin, a dhiúltaigh custaiméirí, contrártha le prionsabal na comhréireachta, prionsabal neodracht CBL agus Airteagal 2, Airteagal 250 agus Airteagal 273 de Threoir 2006/112/CE (2)?


(1)  Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (IO 2003 L 283, lch. 51).

(2)  Treoir 2006/112 ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. l) (IO 3 L, lch. 7).


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/26


Iarraidh ar réamhrialú ó Gerechtshof’s-Hertogenbosch (an Ísiltír) arna taisceadh an 14 Nollaig 2022 — XX v Inspecteur van de Belastingdienst

(Cás C-782/22)

(2023/C 155/31)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Gerechtshof 's-Hertogenbosch

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: XX

Cosantóir: Inspecteur van de Belastingdienst

An cheist a tharchuirtear

An gcuirtear cosc le hAirteagal 63(1) CFAE ar reachtaíocht amhail an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí, faoina bhfuil díbhinní arna n-íoc ag cuideachtaí liostaithe nó neamhliostaithe atá bunaithe san Ísiltír le cuideachta atá bunaithe i mBallstát eile, a d’infheistigh, inter alia, i scaireanna sna cuideachtaí liostaithe agus neamhliostaithe sin chun oibleagáidí íocaíochta amach anseo a chumhdach, faoi réir cánach iarchoimeádta ag ráta 15 % ar ollmhéid na ndíbhinní sin, cé gur nialas a bheadh an t-ualach cánach ar dhíbhinní arna n-íoc le cuideachta atá bunaithe san Ísiltír in imthosca comhchosúla, toisc, agus an bonn measúnaithe don cháin ar bhrabúis a mbeadh an chuideachta deiridh sin faoina réir á ríomh, go gcuirtear san áireamh na costais a thabhaítear mar thoradh ar mhéadú ar oibleagáidí íocaíochta na cuideachta amach anseo, a fhreagraíonn beagnach go hiomlán d’athrú (deimhneach) ar luach na n-infheistíochtaí, fiú mura dtagann athrú ar luach na n-oibleagáidí sin mar thoradh ar dhíbhinní a fháil?


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/26


Iarraidh ar réamhrialú ó Finanzgericht Hamburg (an Ghearmáin) a taisceadh an 28 Nollaig 2022 – G.A. v Hauptzollamt Braunschweig

(Cás C-791/22, Hauptzollamt Braunschweig)

(2023/C 155/32)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Finanzgericht Hamburg

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: G.A.

Cosantóir: Hauptzollamt Braunschweig

An cheist a tharchuirtear:

An sáraítear Treoir 2006/112/CE (1), go háirithe Airteagail 30 agus 60 di, má dhearbhaítear i bhforáil náisiúnta go bhfuil Airteagal 215(4) de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 (2) infheidhme de réir analaí i leith CBL allmhairiúcháin?


(1)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. 1).

(2)  Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail (IO 1992 L 302, lch. 1).


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/27


Iarraidh ar réamhrialú ón Juzgado de lo Mercantil no 1 de Palma de Mallorca (an Spáinn) an 12 Eanáir 2023 – Eventmedia Soluciones SL v Air Europa Líneas Aéreas SAU

(Cás C-11/23, Eventmedia Soluciones)

(2023/C 155/33)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Juzgado de lo Mercantil no 1 de Palma de Mallorca

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Eventmedia Soluciones SL

Cosantóir: Air Europa Líneas Aéreas SAU

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

An féidir cur san áireamh clásail, i gconradh aeriompair, amhail an clásal sa chás seo, a mheas mar mhaolú do-ghlactha mar a luaitear in Airteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 261/04, (1) ós rud é go dteorannaítear leis oibleagáidí an iompróra trí shrian a chur leis an bhféidearthacht do na paisinéirí go gcomhlíonfar an ceart [chun] cúitimh mar gheall ar eitilt a cuireadh ar ceal tríd an éileamh a aistriú?

2)

An féidir Airteagal 7(1) i gcomhar le hAirteagail 5(1)(c) agus 5(3) de Rialachán (CE) Uimh. 261/04 a léiriú sa chaoi gurb ionann íoc cúitimh, mar gheall ar eitilt a cuireadh ar ceal, arna dhéanamh ag an iompróir a bhí freagrach as an eitilt a chur ar fáil, agus oibleagáid a fhorchuirtear leis an Rialachán d’ainneoin gurb ann do chonradh iompair leis an bpaisinéir agus neamhchomhlíonadh lochtach oibleagáidí conarthacha an aeriompróra.

Mar mhalairt rogha, i gcás go meastar nach ionann an clásal sin agus maolú do-ghlactha i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 261/04 nó go mbaineann cineál conarthach leis an gceart chun cúitimh, tarchuirtear an cheist seo a leanas:

3)

An gcaithfear Airteagail 6(1) agus 7(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (2) a léiriú sa chaoi nach mór don chúirt náisiúnta a bhfuil caingean os a comhair maidir leis an gceart chun cúitimh mar gheall ar eitilt a cuireadh ar ceal dá bhforáiltear in Airteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 261/04 rialú ex officio a dhéanamh ar an gcineál éagórach a d’fhéadfadh a bheith ar an gclásal a cuireadh isteach sa chonradh iompair nach gceadaíonn don phaisinéir a chearta a aistriú, nuair is é an t-aistrí a thionscnaíonn an chaingean, aistrí nach bhfuil, murab ionann agus an t-aistreoir, ina thomhaltóir nó úsáideoir?

4)

I gcás go bhfuil sé oiriúnach an rialú ex officio a dhéanamh, an féidir an ceanglas chun an tomhaltóir a chur ar an eolas agus a shuí an agraíonn sé cineál éagórach an chlásail nó an nglacann sé leis a fhágaint ar lár i bhfianaise an ghnímh chríochnaithigh dá éileamh a aistriú de shárú ar an téarma a d’fhéadfadh a bheith éagórach nach gceadaíonn aistriú an éilimh?


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu (IO 2004 L 46, lch. 1).

(2)  IO 1993 L 95, lch. 29.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/27


Iarraidh ar réamhrialú ón SA (an Pholainn) an 18 Eanáir 2023 – F S.A. v Dyrektor Krajowej Informacji Skarbowej

(Cás C-18/23)

(2023/C 155/34)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Wojewódzki Sąd Administracyjny w Gliwicach

Páirtithe sna príomimeachtaí

Iarratasóir: F S.A.

Cosantóir: Dyrektor Krajowej Informacji Skarbowej

An cheist a tharchuirtear:

An gcaithfear forálacha Rialachán Uimh. 2009/65/CE Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI) (1) agus go háirithe Airteagal 29(1) de, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 18, 49 agus 63 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar an dlí náisiúnta ceanglais fhoirmiúla a leagan síos, amhail na cinn atá i gceist sna príomhimeachtaí, maidir le díolúintí ó cháin ioncaim do ghnóthais chomhinfheistíochta a bhfuil a n-oifig chláraithe acu i mBallstát den Aontas Eorpach seachas Poblacht na Polainne nó i Stát eile den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, eadhon an ceanglas go mbeidh [gnóthais den sórt sin] á mbainistiú ag eintitis sheachtracha a chuireann a ngníomhaíochtaí i gcrích ar bhonn údarú arna eisiúint ag na húdaráis inniúla chun margaí airgeadais an Stáit ina bhfuil suíomh na n-eintiteas sin a mhaoirsiú?


(1)  IO 2009 L 302, lch. 32.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/28


Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin) a taisceadh an 19 Eanáir 2023 – ND v DR

(Cás C-21/23, Lindenapotheke)

(2023/C 155/35)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Cosantóir agus achomharcóir ar phointe dlí: ND

Iarratasóir agus freagróir san achomharc ar phointe dlí: DR

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

Leis na rialacha i gCaibidil III den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (1), an gcuirtear cosc ar rialacha náisiúnta lena dtugtar – in éineacht le cumhachtaí idirghabhála na n-údarás maoirseachta i dtaobh an Rialachán a mhaoirsiú agus a fhorfheidhmiú agus roghanna leigheasanna dlí na n-ábhar sonraí – an chumhacht d’iomaitheoirí chun caingean a thabhairt i gcoinne an tsáraitheora os comhair na gcúirteanna sibhialta i leith sáruithe ar an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí i bhfianaise an choisc ar chleachtais tráchtála mhíchothroma?

2.

An ionann na sonraí a iontrálann custaiméirí poitigéara, atá ag gníomhú mar dhíoltóir ar ardán díolacháin ar líne, agus iad ag ordú leigheasanna ar an ardán nach mór a cheannach ó phoitigéir, ach ní leigheasanna a bhfuil oideas ag teastáil ina leith (ainm an chustaiméara, seoladh seachadta agus faisnéis arna teastáil chun na leigheasanna nach mór a cheannach ó phoitigéir arna n-ordú a shainoiriúint) agus sonraí a bhaineann leis an tsláinte de réir bhrí Airteagal 9(1) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus Airteagal 8(1) den Treoir um Chosaint Sonraí (2)?


(1)  Rialachán (AE) 2016/679 an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1).

(2)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO 1995 L 281, lch. 31).


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/29


Iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation du Grand-Duché de Luxembourg (Lucsamburg) a taisceadh an 23 Eanair 2023 – FV v Caisse pour l’avenir des enfants

(Cás C-27/23, Hocinx) (1)

(2023/C 155/36)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Cour de cassation du Grand-Duché de Luxembourg

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: FV

Cosantóir: Caisse pour l’avenir des enfants

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An gcuirtear cosc, le prionsabal na córa comhionainne arna ráthú ag Airteagal 45 CFAE agus ag Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 (2) agus le hAirteagal 67 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 (3) agus Airteagal 60 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 (4), ar fhorálacha arna n-achtú ag Ballstát nach bhféadfaidh oibrithe trasteorann liúntas teaghlaigh a fháil, liúntas a bhaineann lena ghníomhú mar dhuine fostaithe sa Bhallstát sin, le haghaidh leanaí a chuirtear faoina gcúram faoi ordú cúirte, cé go bhfuil aon leanbh a chuirtear faoi chúram faoi ordú cúirte agus atá ina chónaí sa Bhallstát sin i dteideal an liúntas sin a fháil, liúntas a íoctar leis an duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil coimeád an linbh acu agus a bhfuil cónaí oifigiúil ar an leanbh leo agus lena bhfuil sé nó sí ag maireachtáil i ndáiríre agus ar bhonn leanúnach? An bhfuil tionchar le himirt ar fhreagra na ceiste sin toisc go bhfuil an t-oibrí trasteorann ag soláthar maidir le cothabháil an linbh sin?


(1)  Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d'fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le saorghluaiseacht oibrithe laistigh den Aontas (IO 2011 L 141, lch. 1).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO 2004 L 166, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a chur chun feidhme (IO 2009 L 284, lch. 1).


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/29


Iarraidh ar réamhrialú ó Landesgericht Korneuburg (an Ostair) a taisceadh an 24 Eanáir 2023 – AA AG v VM, AG GmbH

(Cás C-33/23, Schwarzder (1))

(2023/C 155/37)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landesgericht Korneuburg

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir: AA AG

Freagróirí: VM, AG GmbH

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcaithfear Airteagal 3(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 (2), arna léamh i gcomhar leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hAeriompar an 21 Meitheamh 1999, arna leasú le Cinneadh Uimh. 2/2010 ó Chomhchoiste Aeriompair an Aontais Eorpaigh/na hEilvéise an 26 Samhain 2010 (3), a léiriú sa chaoi go dtagann nasc eitilte idir dhá eitilt ag imeacht ó chríoch Chónaidhm na hEilvéise agus ag a bhfuil agastad i gcríoch Bhallstáit agus ceann scríbe deiridh i gcríoch triú Stát (agus, thairis sin, inar aeriompróir Comhphobail an t-aeriompróir oibriúcháin) faoi raon feidhme Rialachán Uimh. 261/2004?

2.

An gcaithfear Airteagal 3(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004, arna léamh i gcomhar leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hAeriompar (CAI) an 21 Meitheamh 1999, arna leasú le Cinneadh Uimh. 2/2010, a léiriú sa chaoi go dtagann nasc eitilte idir dhá eitilt ag imeacht ó chríoch tríú Stát, ag a bhfuil agastad i gcríoch Bhallstáit agus ceann scríbe deiridh i gcríoch Chónaidhm na hEilvéise agus inar aeriompróir Comhphobail an t-aeriompróir oibriúcháin faoi raon feidhme Rialachán Uimh. 261/2004?


(1)  Is ainm bréige ainm an cháis seo, nach gcomhfhreagraíonn d’fhíorainm aon cheann de na páirtithe sna himeachtaí.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO 2004 L 46, lch. 1).

(3)  Cinneadh Uimh. 2/2010 ó Chomhchoiste Aeriompair an Aontais Eorpaigh/na hEilvéise a bunaíodh faoin gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hAeriompar an 26 Samhain 2010, lena gcuirtear Iarscríbhinn nua in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hAeriompar (IO 2010 L 347, lch. 54).


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/30


Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Okręgowy w Koszalinie (an Pholainn) a taisceadh an 24 Eanáir 2023 – RF v Getin Noble Bank S.A.

(Cás C-34/23, Getin Noble Bank)

(2023/C 155/38)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Okręgowy w Koszalinie

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: RF

Cosantóir: Getin Noble Bank S.A.

An cheist a tharchuirtear:

An mbaineann an toirmeasc in Airteagal 70(1) de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CÉ, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, go heisiach leis an gceart chun leasanna urrúis a fhorfheidhmiú i leith éileamh airgid trí fhorghníomhú éigeantach, nó freisin leis an gceart chun aon nós imeachta a thionscnamh chun bearta réamhchúraim a thabhairt i gcoinne institiúid atá faoi réiteach?


(1)  IO 2014 L 173, lch. 190.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/30


Iarraidh ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione (an Iodáil) a taisceadh an 25 Eanáir 2023 – Agenzia delle Entrate v PR

(Cás C-37/23, Giocevi (1))

(2023/C 155/39)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Corte suprema di cassazione

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Agenzia delle Entrate

Cosantóir: PR

An cheist a tharchuirtear:

An gcuirtear cosc leis na prionsabail atá leagtha amach in ordú [an 15 Iúil 2015,] Agenzia delle Entra v Nuova Invincibile srl, C-82/14, EU:C:2015:510, agus i mbreithiúnas an 17 Iúil 2008, An Coimisiún v an Iodáil, C-132/06, EU:C:2008:412, ar fhoráil reachtach, amhail an fhoráil a eascraíonn as Airteagal 33(28) de Legge (Dlí) Uimh. 183 de 2011, a cheadaíonn do cháiníocóirí aisíocaíocht a fháil, ag ráta 60 %, den CBL a íocadh sa tréimhse idir Aibreán 2009 agus Nollaig 2010, maidir leis an gcrith talún a raibh tionchar aige ar chríoch Abruzzo an 6 Aibreán 2009?


(1)  Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/31


Iarraidh ar réamhrialú ón Nederlandstalige Ondernemingsrechtbank Brussel (an Bheilg) arna taisceadh an 31 Eanáir 2023 — A, B, C, D v MS Amlin Insurance SE

(Cás C-45/23, MS Amlin Insurance)

(2023/C 155/40)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Nederlandstalige Ondernemingsrechtbank Brussel

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: A, B, C, D

Cosantóir: MS Amlin Insurance SE

An cheist a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagal 17(1) de Threoir 2015/2302 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil nasctha, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 90/314/CEE ón gComhairle, a léiriú sa chiall go bhfuil feidhm ag an urrús a cheanglaítear leis an bhforáil sin chomh maith maidir le haisíoc na suimeanna go léir a d’íoc taistealaithe nó a íocadh thar a gceann cheana féin i gcás ina bhfoirceannann an taistealaí an conradh taistil láneagraithe ar bhonn cúinsí dosheachanta agus eisceachtúla de réir bhrí Airteagal 12(2) den treoir sin agus go ndearbhaítear an t-eagraí a bheith dócmhainneach tar éis fhoirceannadh an chonartha taistil láneagraithe ar an bhforas sin, ach sula n-aisíoctar na méideanna sin go hiarbhír leis an taistealaí, agus dá dheasca sin go bhfulaingíonn an taistealaí sin caillteanas airgeadais agus mar thoradh air sin go bhfuil riosca eacnamaíoch ag baint leis i gcás leachtú an eagraí?


(1)  IO L 2015, 326, lch. 1.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/31


Iarraidh ar réamhrialú ón Upravno sodišče Republike Slovenije (an tSlóivéin) arna taisceadh an 6 Feabhra 2023 – Y.N. v Poblacht na Slóivéine

(Cás C-58/23 Abboudnam (1))

(2023/C 155/41)

Teanga an cháis: an tSlóivéinis

An chúirt a rinne an tarchur

Upravno sodišče Republike Slovenije

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Y.N.

Cosantóir: Poblacht na Slóivéine

An cheist a tharchuirtear

An gá Airteagal 46(4) de Threoir 2013/32/EU (2) arna léamh i gcomhar le hAirteagal 47 den Chairt (3), a léiriú mar chosc ar riail nós imeachta náisiúnta, amhail an dara habairt d’Airteagal 70(1) ZMZ-1, lena foráiltear, maidir le hachomharc a thaisceadh i gcoinne cinnidh lena ndiúltaíonn an t-údarás inniúil d’iarratas atá faoi réir an nós imeachta brostaithe toisc go bhfuil sé go follasach gan bhunús, teorainn ama trí lá ón bhfógra a fháil maidir le cinneadh, lena n-áirítear laethanta saoire poiblí, a fhéadfaidh dul in éag ag deireadh an chéad lá oibre ina dhiaidh sin?


(1)  Cumadh ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé do fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

(2)  Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (athmhúnlú) (IO 2013 L 180, lch. 60).

(3)  Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (IO 2012 C 326, lch. 391).


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/32


Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin) a taisceadh an 8 Feabhra 2023 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne S.Z.

(Cás C-67/23, W. GmbH)

(2023/C 155/42)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Cúisí: S.Z.

Údarás coigistíochta: W. GmbH.

Páirtí eile sna himeachtaí: Der Generalbundesanwalt beim Bundesgerichtshof

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcaithfear an coincheap “de tionscnamh Bhurma/Mhaenmar” in Airteagal 2(2)(a)(i) de Rialachán (CE) Uimh. 194/2008 (1) a léiriú sa chaoi nach ndéantar, le haon cheann de na hoibríochtaí próiseála thíosluaite arna ndéanamh i dtríú tír (sa chás seo, an Téaváin) ar lomáin téice a fhástar in Maenmar, an tionscnamh a athrú agus, dá bhrí sin, gur fós “earraí de thionscnamh Bhurma/Mhaenmar” an téac arna phróiseáil dá réir sin:

Na géaga agus an choirt a bhaint de lomáin téice;

Lomáin téice a shábhadh ina gcearnóga téice (na géaga agus an choirt a bhaint den téac agus é a shábhadh i gciúbóidigh adhmaid;

Lomáin téice a shábhadh ina bplainc nó ina gcláir (adhmad sáfa)?

2.

An gcaithfear an coincheap “arna n-onnmhairiú ó Bhurma/Mhaenmar” in Airteagal 2(2)(a)(ii) de Rialachán Uimh. 194/2008 a léiriú sa chaoi nach gcumhdaítear leis sin ach earraí arna n-allmhairiú isteach san Aontas Eorpach go díreach ó Mhaenmar agus, dá bhrí sin, nach dtagann earraí arna dtabhairt ar dtús go dtí tríú tír (sa chás seo, an Téaváin) agus arna n-iompar ar aghaidh ón áit sin isteach san Aontas Eorpach faoin Rialachán, agus sin mar a bhíonn, beag beann ar cé acu an ndearnadh obair nó próiseáil orthu i dtríú Stát, nó nach ndearnadh, ar bhealach lena dtugtar stádas tionscnaimh dá bharr?

3.

An gcaithfear Airteagal 2(2)(a)(i) de Rialachán Uimh. 194/2008 a léiriú sa chaoi nach bhfuil teastas tionscnaimh arna eisiúint ag tríú Stát (sa chás seo, an Téaváin), ina ndeimhnítear go bhfuil tionscnamh an Stáit sin faighte ag lomáin téice de bhunadh Mhaenmar, arna sábhadh i ngiotaí nó ar thomhas áirithe, de bharr na próiseála sin sa triú Stát, ina cheangal agus measúnú á dhéanamh cé acu an raibh ann do shárú ar an gcosc ar allmhairiú in Airteagal 2(2) de Rialachán Uimh. 194/2008?


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 194/2008 ón gComhairle an 25 Feabhra 2008 lena leasaítear agus lena leathnítear na bearta sriantacha i gcoinne Burma/Meanmar agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 817/2006 (IO 2008, L 66, lch. 1).


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/33


Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (an Ungáir) an 14 Feabhra 2023 — FJ v Agrárminiszter

(Cás C-79/23 Kaszamás) (1)

(2023/C 155/43)

Teanga an cháis: an Ungáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Fővárosi Törvényszék

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: FJ

Cosantóir: Agrárminiszter

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

An bhfuil feidhm ag an gcoincheap “cinntiúchán” arna shainmhíniú in Airteagal 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 maidir leis an gcomhbheartas talamhaíochta a mhaoiniú (2) agus Airteagal 58(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1122/2009 (3) á léiriú agus á chur i bhfeidhm?

2)

I gcás go dtugtar freagra dearfach ar an gceist roimhe seo, an gcaithfear an coincheap “cinntiúchán” arna shainmhíniú in Airteagal 35 de Rialachán Uimh. 1290/2005 a léiriú sa chaoi nach mór a mheas gurb í bliain féilire an chéad chinntiúcháin príomha riaracháin nó breithiúnach an bhliain féilire ina ndéanann an t-údarás a bhfuil an nós imeachta riaracháin a tionscnaíodh ar bhonn an éilimh os a chomhair an méid seo a leanas:

an chéad ghníomhaíocht atá dírithe ar fhianaise a fháil lena n-aithnítear gurb ann do neamhrialtacht, arb é, sa chás seo, an bhliain inar scríobhadh an gníomh ina bhfuil torthaí na seiceála ar an láthair, nó

an chéad chinneadh maidir le substaint an cháis atá bunaithe ar an ngníomhaíocht sin atá dírithe ar fhianaise a fháil, nó

i gcomhthéacs an nós imeachta, an cinneadh deiridh agus críochnaitheach lena gcinntear an eisiamh?

3)

An bhfuil tionchar ag an bhfíoras gur féidir an measúnú scríofa atá sa chinntiúchán a aistarraingt nó athbhreithniú a dhéanamh air ina dhiaidh sin mar thoradh ar cheart an pháirtí leasmhair achomharc a dhéanamh faoin reachtaíocht agus ní mar thoradh ar athruithe ar an nós imeachta riaracháin nó breithiúnach ar an bhfreagra a thugtar ar an gceist roimhe seo?

4)

Más rud é gurb í bliain féilire an chinntiúcháin bliain féilire an chéad ghníomhaíocht atá dírithe ar fhianaise a fháil agus, mar a tharla sa chás seo, gurb ionann an ghníomhaíocht sin agus seiceáil ar an láthair a rinneadh ag tráthanna éagsúla, an gcaithfear an coincheap “an chéad ghníomhaíocht atá dírithe ar fhianaise a fháil” d’Airteagal 35 de Rialachán Uimh. 1290/2005 a léiriú sa chaoi gurb ionann sin agus an chéad seiceáil ar an láthair de chuid an údaráis nó sa chaoi gurb ionann sin agus an tseiceáil dheireanach ar an láthair, inar cuireadh na breithnithe agus an fhianaise arna dtabhairt ag an bpáirtí leasmhar san áireamh?

5)

I gcás go dtugtar freagra diúltach ar an gcéad cheist, an athraítear, mar gheall ar sin, aon chuid d’inneachar an chinntiúchán arna shainiú roimhe seo nach mór a chur san áireamh i leith Airteagal 58(3) de Rialachán Uimh. 1122/2009?


(1)  Ainm dlítheanach atá in ainm an cháis seo. Ní bhaineann sé le fíorainm aon cheann de na páirtithe sna himeachtaí.

(2)  IO 2005 L 209, lch. 1.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1122/2009 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2009 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle a chur chun feidhme maidir leis an tras-chomhlíonadh, le modhnú agus leis an gcóras riaracháin agus rialaithe comhtháite, faoi na scéimeanna tacaíochta dírí d'fheirmeoirí dá bhforáiltear sa Rialachán sin, mar aon le Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle a chur chun feidhme maidir leis an tras-chomhlíonadh faoin scéim tacaíochta a fhoráiltear d'earnáil na fíona (IO 2009 L 316, lch. 65).


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/34


Iarraidh ar réamhrialú ó Sofiyski gradski sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 14 Feabhra 2023 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne V.S.

(Cás C-80/23, Ministerstvo na vatreshnite raboti)

(2023/C 155/44)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Sofiyski gradski sad

Cúisí

V. S.

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcomhlíontar an ceanglas maidir le “fíorghá” a mheas, dá bhforáiltear in Airteagal 10 de Threoir 2016/680 (1), mar a léiríonn an Chúirt Bhreithiúnas é i mír 133 de [bhreithiúnas an 26 Eanáir 2023, Ministerstvo na vatreshnite raboti, C-205/21 (2)], má dhéantar é amháin ar bhonn an chinnidh maidir leis an duine a chúiseamh go foirmiúil agus ar bhonn a diúltaithe scríofa i leith a sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha a bhailiú, nó an bhfuil gá ann go mbeadh ábhar an chomhaid go léir os comhair na cúirte, a chuirtear ar fáil di, faoin dlí náisiúnta, má dhéantar iarratas ar údarú chun tabhairt faoi bhearta imscrúduithe a chuireann isteach ar sféar dlíthiúil daoine nádúrtha nuair a dhéantar an t-iarratas sin i gcás coiriúil?

2.

Más freagra dearfach a thabharfar ar an gcéad cheist – an bhféadfadh an chúirt, tar éis an cáschomhad a bheith curtha ar fáil di, i gcomhthéacs measúnú a dhéanamh maidir le “fíorghá” de bhun Airteagal 10, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 6(a), de Threoir 2016/80 a mheas freisin an bhfuil forais réasúnacha ann le hamhras a bheith ann go ndearna an cúisí an cion coiriúil dá dtagraítear sa chúiseamh?


(1)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO 2016 L 119, lch. 89).

(2)  ECLI:EU:C:2023:49.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/34


Iarraidh ar réamhrialú ón Varhoven kasatsionen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 15 Feabhra 2023 – E.N.I., Y.K.I. v HUK-COBURG-Allgemeine Versicherung AG

(Cás C-86/23, HUK-COBURG-Allgemeine Versicherung)

(2023/C 155/45)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Varhoven kasatsionen sad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóirí ar phointe dlí: E.N.I., Y.K.I.

Freagróir: HUK-COBURG-Allgemeine Versicherung AG

An cheist a tharchuirtear

1.

An gcaithfear Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha (An Róimh II) a léiriú sa chaoi go bhféadfaí foráil den dlí náisiúnta ar nós na forála faoi cheist sna príomhimeachtaí, lena bhforáiltear go ndéanfar bunphrionsabal de chuid dhlí an Bhallstáit, ar nós phrionsabal na cothroime, a chur i bhfeidhm agus an cúiteamh le haghaidh damáiste neamhábhartha á chinneadh i gcásanna inar cailleadh dlúthdhuine mar thoradh ar mhíghníomh, a mheas mar fhoráil shainordaitheach sháraitheach de réir bhrí an Airteagail sin?


(1)  IO 2007 L 199, lch. 40.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/35


Iarraidh ar réamhrialú ón Svea Hovrätt, Patent-och marknadsöverdomstolen (an tSualainn) arna taisceadh an 15 Feabhra 2023 — Parfümerie Akzente GmbH v KTF Organisation AB

(Cás C-88/23, Parfümerie Akzente)

(2023/C 155/46)

Teanga an cháis: an tSualainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Svea Hovrätt, Patent- och marknadsöverdomstolen

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Parfümerie Akzente GmbH

Cosantóir: KTF Organisation AB

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

An gcaithfear Airteagal 3(2) de Threoir 2000/31/CE (1), ag féachaint do dhlí an Aontais i gcoitinne agus a chur chun feidhme éifeachtach a léiriú mar chosc ar reachtaíocht náisiúnta a bhaineann le neamhchur i bhfeidhm rialacha náisiúnta sa raon feidhme, lena n-áirítear rialacha náisiúnta lena gcuirtear Treoir 2005/29/CE (2) chun feidhme, i gcás ina bhfuil an soláthraí seirbhíse bunaithe i mBallstát eile agus go soláthraíonn sé seirbhísí na sochaí faisnéise ó Bhallstát eile agus nach bhfuil aon cheanglas ann le heisceacht a chur i bhfeidhm faoi fhorálacha náisiúnta lena gcuirtear Airteagal 3(4) de Threoir 2000/31 chun feidhme?

2)

An gcumhdaítear le raon feidhme Threoir 2000/31/CE margú táirge ar shuíomh gréasáin an díoltóra agus díol ar líne táirge a líomhnaítear a bheith lipéadaithe de shárú ar na ceanglais is infheidhme maidir leis an táirge i mBallstát an tomhaltóra?

3)

I gcás freagra dearfach ar an dara ceist, an bhfuil ceanglais den chineál sin a bhaineann leis an soláthar agus leis an táirge ann féin eisiata freisin ón raon feidhme, i gcomhréir le hAirteagal 2(h)(ii) de Threoir 2000/31/CE, i gcás inar cuid riachtanach den mhargaíocht agus den díol ar líne é soláthar an táirge féin, nó más rud é go meastar gur cuid choimhdeach agus dhoscartha den mhargaíocht agus den díol ar líne é soláthar an táirge féin?

4)

Agus breithniú á dhéanamh ar Cheisteanna 2 agus 3, cén tábhacht atá leis an bhfíoras go dtagann na ceanglais is infheidhme maidir leis na hearraí féin ó fhorálacha náisiúnta lena ndéantar reachtaíocht earnálach an Aontais a chur chun feidhme agus a chomhlánú, lena n-áirítear Airteagal 8(2) de Threoir 75/324/CEE (3) agus Airteagal 19(5) de Rialachán Uimh. 1223/2009 (4), lena gcuirtear an táirge ar an margadh nó lena gcuirtear an táirge ar fáil don úsáideoir deiridh sa Bhallstát faoi réir chomhlíonadh na gceanglas is infheidhme maidir leis an táirge?


(1)  Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe dlíthiúla áirithe de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach (an Treoir maidir le trádáil leictreonach) (IO 2000 L 178, lch. 1).

(2)  Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagothroma idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoracha 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagothroma”) (IO 2005, L 149, lch. 22).

(3)  Treoir 75/324/CEE ón gComhairle an 20 Bealtaine 1975 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát i ndáil le dáileoirí aerasóil (IO 1975 L 147, lch. 40).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le táirgí cosmaideacha (IO 2009 L 342, lch. 59).


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/36


Achomharc arna thabhairt an 20 Feabhra 2023 ag PNB Banka AS in aghaidh bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra, Comhdhéanamh Méadaithe) a tugadh an 7 Nollaig 2022 i gCás T-275/19, PNB Banka v ECB

(Cás C-99/23 P)

(2023/C 155/47)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: PNB Banka AS (ionadaí: O. Behrends, Rechtsanwalt)

Páirtithe eile sna himeachtaí: An Banc Ceannais Eorpach (BCE), an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar leataobh;

cinneadh an BCE, ar tugadh fógra dó i litir ón 14 Feabhra 2019, cigireacht ar an láthair a dhéanamh ag áitreabh an achomharcóra a dhearbhú a bheith ar neamhní;

a ordú don BCE costais an achomharcóra agus costais an achomhairc seo a íoc, agus

a mhéid nach bhfuil an Chúirt Bhreithiúnais in ann rialú a dhéanamh ar an tsubstaint, an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an achomharc, maíonn an t-achomharcóir saincheist dlí amháin lena líomhnaítear go bhfuil an breithiúnas faoi achomharc lochtach ó thaobh nós imeachta de toisc nár dhéileáil an Chúirt Ghinearálta go cuí leis an tsaincheist maidir le hionadaíocht an achomharcóra i gcomhthéacs an nós imeachta os comhair na Cúirte Ginearálta.

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid nuair a ghlac sí leis nach fadhb í saincheist maidir le sláine an nós imeachta os comhair na Cúirte Ginearálta chomh fada agus is féidir a áitiú nach mbeadh an fhadhb ann dá gcomhlíonfadh an Laitvia, go hipitéiseach, a cuid oibleagáidí. Mar sin sháraigh sí an prionsabal nach ceart do chosaint dhlíthiúil a bheith teoiriciúil agus míthreorach amháin agus ar an gcaoi sin sháraigh sí Airteagal 47 den Chairt.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/37


Achomharc arna thabhairt an 20 Feabhra 2023 ag PNB Banka AS in aghaidh bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra, Comhdhéanamh Méadaithe) a tugadh an 7 Nollaig 2022 i gCás T-301/19, PNB Banka v BCE

(Cás C-100/23 P)

(2023/C 155/48)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: PNB Banka AS (ionadaí: O. Behrends, Rechtsanwalt)

Páirtí eile sna himeachtaí: An Banc Ceannais Eorpach (BCE)

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar leataobh;

cinneadh an BCE, ar tugadh fógra dó i litir ón 1 Márta 2019, an t-achomharcóir a aicmiú mar eintiteas suntasach faoi réir a mhaoirseacht stuamachta dhírigh a dhearbhú a bheith ar neamhní;

a ordú don BCE costais an achomharcóra agus costais an achomhairc seo a íoc, agus

a mhéid nach bhfuil an Chúirt Bhreithiúnais in ann rialú a dhéanamh ar an tsubstaint, an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an achomharc, maíonn an t-achomharcóir saincheist dlí amháin lena líomhnaítear go bhfuil an breithiúnas faoi achomharc lochtach ó thaobh nós imeachta de toisc nár dhéileáil an Chúirt Ghinearálta go cuí leis an tsaincheist maidir le hionadaíocht an achomharcóra i gcomhthéacs an nós imeachta os comhair na Cúirte Ginearálta.

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid nuair a ghlac sí leis nach fadhb í saincheist maidir le sláine an nós imeachta os comhair na Cúirte Ginearálta chomh fada agus is féidir a áitiú nach mbeadh an fhadhb ann dá gcomhlíonfadh an Laitvia, go hipitéiseach, a cuid oibleagáidí. Mar sin sháraigh sí an prionsabal nach ceart do chosaint dhlíthiúil a bheith teoiriciúil agus míthreorach amháin agus ar an gcaoi sin sháraigh sí Airteagal 47 den Chairt.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/37


Achomharc arna thabhairt an 20 Feabhra 2023 ag PNB Banka AS i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra Méadaithe) a tugadh an 7 Nollaig 2022 i gCás T-330/19, PNB Banka v BCE

(Cás C-101/23 P)

(2023/C 155/49)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: PNB Banka AS (ionadaí: O. Behrends, Rechtsanwalt)

Páirtithe eile sna himeachta: an Banc Ceannais Eorpach (BCE), an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní;

a dhearbhú go bhfuil an cinneadh, ar tugadh fógra ina leith an 21 Márta 2019, lenar chinn BCE cur i gcoinne an idirbhirt lenar fuarthas sealúchais cháilitheacha i B, ar neamhní;

a ordú do BCE costais an achomharcóra agus costais an achomhairc seo a íoc, agus

a mhéid nach bhfuil an Chúirt Bhreithiúnais in ann rialú a thabhairt ar shubstaint an cháis, an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-achomharcóir saincheist dlí aonair lena n-éilítear go bhfuil an breithiúnas atá faoi achomharc lochtach ó thaobh nós imeachta de ós rud é nár dheileáil an Chúirt Ghinearálta go cuí leis an gceist maidir le hionadaíocht an achomharcóra i gcomhthéacs an nós imeachta os comhair na Cúirte Ginearálta.

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid nuair a ghlac sí leis nach aon fhadhb í ceist maidir le sláine an nós imeachta os comhair na Cúirte Ginearálta chomh fada is gur féidir an argóint a dhéanamh nach mbeadh ann don fhadhb, go hipitéiseach, dá chomhlíonfadh an Laitvia a hoibleagáidí. Sa chaoi sin, sháraigh sí an prionsabal nár chóir go mbeadh cosaint dhlíthiúil teoiriciúil agus meabhlach amháin, agus mar sin, sháraigh sí Airteagal 47 den Chairt.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/38


Achomharc arna thabhairt an 20 Feabhra 2023 ag PNB Banka AS i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Deichiú Dlísheomra) a tugadh an 7 Nollaig 2022 i gCás T-230/20, PNB Banka v BCE

(Cás C-102/23 P)

(2023/C 155/50)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: PNB Banka AS (ionadaí: O. Behrends, Rechtsanwalt)

Páirtithe eile sna himeachtaí: an Banc Ceannais Eorpach (BCE), Poblacht na Laitvia

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní;

a dhearbhú go bhfuil Cinneadh BCE an 17 Feabhra 2020, ECB-SSM-220-LVPNB-1, WHD-2019-0016 ar neamhní, agus údarú an achomharcóra mar institiúid chreidmheasa a aistarraingt;

a ordú do BCE costais an achomharcóra agus costais an achomhairc seo a íoc, agus

a mhéid nach bhfuil an Chúirt Bhreithiúnais in ann rialú a thabhairt ar shubstaint an cháis, an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Maíonn an t-achomharcóir dhá shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid maidir leis an gcaoi inar dheileáil sí leis an gceist maidir le hionadaíocht an achomharcóra. Tá trí pháirt sa tsaincheist dlí seo.

Ar dtús, chuir an Chúirt Ghinearálta an chéad chuid den nós imeachta um aistarraingt ceadúnais as an áireamh go hearráideach, eadhon ullmhú an chinnidh ag an údarás náisiúnta inniúil.

Sa dara háit, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid maidir le breithiúnas an 5 Samhain 2019, BCE agus Páirtithe Eile v Trasta Komercbanka agus Páirtithe Eile (C-663/17 P, C-665/17 P agus C-669/17 P, EU:C:2019:923) trí chaitheamh leis an mbreithiúnas sin amhail is gur athraíodh an dlí leis agus mar sin trí mhainneachtain a mheas go raibh ar BCE a mhainneachtain roimhe sin, chun na prionsabail lenar sheas an breithiúnas sin a chomhlíonadh, a cheartú.

Sá tríú háit, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid maidir lena measúnú ar iompar BCE i ndiaidh do BCE a sheasamh a athrú i ndiaidh bhreithiúnas an 5 Samhain 2019, BCE agus Páirtithe Eile v Trasta Komercbanka agus Páirtithe Eile (C-663/17 P, C-665/17 P agus C-669/17 P, EU:C:2019:923). Dá bhrí sin, theip ar BCE breithiúnas na Cúirte a chur i bhfeidhm de mheon macánta.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear go bhfuil an breithiúnas atá faoi achomharc lochtach ó thaobh nós imeachta de ós rud é nár dheileáil an Chúirt Ghinearálta go cuí leis an gceist maidir le hionadaíocht an achomharcóra i gcomhthéacs an nós imeachta os comhair na Cúirte Ginearálta.

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid nuair a ghlac sí leis nach aon fhadhb í ceist maidir le sláine an nós imeachta os comhair na Cúirte Ginearálta chomh fada is gur féidir an argóint a dhéanamh nach mbeadh ann don fhadhb, go hipitéiseach, dá chomhlíonfadh an Laitvia a hoibleagáidí. Sa chaoi sin, sháraigh sí an prionsabal nár chóir go mbeadh cosaint dhlíthiúil teoiriciúil agus meabhlach amháin, agus mar sin, sháraigh sí Airteagal 47 den Chairt.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/39


Achomharc arna thabhairt an 15 Feabhra 2023 ag Trasta Komercbanka AS i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra) a tugadh an 30 Meán Fómhair 2022 i gCás T-698/16, Trasta Komercbanka agus Páirtithe Eile v BCE

(Cás C-103/23 P)

(2023/C 155/51)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Trasta Komercbanka AS (ionadaí: A. Rasa)

Páirtithe eile sna himeachtaí: an Banc Ceannais Eorpach, Poblacht na Laitvia, an Coimisiún Eorpach, Ivan Fursin, Igors Buimisters, C & R Invest SIA, Figon Co. Ltd, GCK Holding Netherlands BV, Rikam Holding SA

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní;

a ordú do BCE cúiteamh airgeadais a íoc i leith na díobhála a rinneadh don achomharcóir mar thoradh ar chinneadh BCE ceadúnas an achomharcóra a chúlghairm an 3 Márta 2016 agus ar an iompar gaolmhar a bhfuil tuairisc air san iarratas seo;

a chinneadh gurb ionann an damáiste ábhartha agus EUR 162 milliún ar a laghad mar aon le hús cúiteach ón 3 Márta 2016 go dtí go dtabharfar an breithiúnas sa chás seo agus go mbeidh ús mainneachtana comhfhreagrach ann ó dháta seachadta an bhreithiúnais go dtí go n-íocfar é ina iomláine;

a ordú do BCE costais an iarratais a íoc de bhun Airteagail 134 agus 135 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Sa bhreithiúnas atá faoi achomharc, rinne an Chúirt Ghinearálta sraith earráidí nós imeachta, ar forais iad chun an breithiúnas a chur ar neamhní.

Ós rud é go bhfuil amhras ann go raibh coinbhleacht leasa ag O. Behrends agus é ag déanamh ionadaíocht ar Trasta Komercbanka AS agus ar iarratasóirí eile sna himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta araon, meastar gur sáraíodh ceart an achomharcóra triail chóir a fháil os comhair na Cúirte Ginearálta.

Ina theannta sin, i gcomhréir le dlí na Laitvia, féadfaidh oidhrí Igor Buimisters na himeachtaí a ghlacadh ar láimh.

Ós rud é, dá bhrí sin, go gcinntear leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc oibleagáid Trasta Komercbanka AS costais na n-imeachtaí dlíthiúla a chumhdach, sáraítear leis cearta tríú páirtithe — creidiúnaithe Trasta Komercbanka AS. Dá bhrí sin, sáraítear leis an mbreithiúnas sin cearta tríú páirtithe nach raibh sé de cheart acu páirt a ghlacadh sna himeachtaí dlíthiúla.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/40


Achomharc arna thabhairt an 2 Márta 2023 ag E. Breuninger GmbH & Co i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Dara Dlísheomra Méadaithe) a tugadh an 21 Nollaig 2022 i gCás T-260/21, E. Breuninger GmbH & Co. v an Coimisiún Eorpach

(Cás C-124/23 P)

(2023/C 155/52)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Achomharcóir: E. Breuninger GmbH & Co (ionadaí: R. Velte, Rechtsanwalt)

Páirtithe eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Ghinearálta:

breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 21 Nollaig 2022 i gCás T-260/21, Breuninger v an Coimisiún a chur ar neamhní, a mhéid a dhíbhtear an chaingean leis agus a ordaítear do E. Breuninger GmbH & Co. KG a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc;

rialú a dhéanamh ar shubstaint an cháis agus an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; mar mhalairt air sin, mura dtugann an Chúirt Bhreithiúnais rialú ar an ábhar, an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta chun rialú a thabhairt air i gcomhréir le breithiúnas na Cúirte Breithiúnais; agus

a ordú don Choimisiún Eorpach costais na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta agus na Cúirte Breithiúnais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an achomharc, maíonn an t-achomharcóir ceithre shaincheist dlí:

Ar an gcéad dul síos, áitíonn an t-achomharcóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí ina léiriú ar Airteagal 107(1) CFAE. I gcomhréir lena fhoclaíocht agus lena chuspóir, ní mór an measúnú ar éifeachtaí an chinnidh atá faoi chonspóid a bhunú ar an iomaíocht idir earnálacha táirgthe miondíola fhisicigh a bhfuil tionchar ag an dianghlasáil orthu agus ní ar chur chuige uile-chuideachta lena gcuirtear earnálacha táirgthe nach ndéantar difear dóibh san áireamh. Áitíonn an t-achomharcóir gur theip ar an gCúirt Ghinearálta a aithint, trí bheith i bhfabhar miondíoltóirí fisiceacha amháin chun aimhleasa miondíoltóirí “ilchainéil” amhail an t-achomharcóir, gur saobhadh go mór an iomaíocht i leith miondíoltóirí fisiceacha agus ar líne araon leis an scéim cúnaimh a chonspóidtear.

Ar an dara dul síos, dar leis an achomharcóir, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí lena léiriú ar Airteagal 107(3)(b) CFAE. Mhainnigh sí a mheas gur eisceacht é Airteagal 107(3)(b) CFAE a bhaineann leis na coinníollacha chun Airteagal 101(1) CFAE a chur i bhfeidhm. Mar thoradh ar an earráid mheasúnaithe sin, theip ar an gCúirt Ghinearálta a aithint go ndearna an Coimisiún earráid ina mheasúnú toisc nár chuir sé san áireamh éifeachtaí saofa na scéime cabhrach ar iomaíocht. Ina theannta sin, sáraítear le cineál roghnaitheach na cabhrach a eascraíonn as an gcritéar incháilitheachta maidir le “laghdú ar láimhdeachas uile-chuideachta” prionsabal na córa comhionainne, toisc go ndéileáiltear leis an achomharcóir ar bhealach éagsúil in ainneoin go ndéanann dúnadh in earnáil táirgthe “miondíola fhisicigh” difear dó ar an mbealach céanna leis na hiomaitheoirí a fhaigheann cúnamh.

Ar an tríú dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid ina léiriú agus ina catagóiriú ar Chreat Sealadach an Choimisiúin ar a raibh an scéim cabhrach atá faoi chonspóid bunaithe. Ní éilítear leis an gCreat Sealadach go ndéanfaí bagairt d’inmharthanacht na ngnóthas a bhfuil tionchar ag an dianghlasáil orthu. Ní hé is cuspóir don chabhair tacaíocht a thabhairt do ghnóthais atá i ngátar, ach tacaíocht shealadach a dheonú do ghnóthais a ndearnadh difear dóibh chun a chur ar a gcumas leanúint de bheith ag oibriú sna hearnálacha táirgthe lena mbaineann agus athstruchtúrú atá dian ó thaobh costais de agus do-aisiompaithe a sheachaint. Dá bhrí sin, ní dhéantar foráil sa Chreat Sealadach do mheasúnú uile-chuideachta, ach do mheasúnú ar na hearnálacha táirgthe a mbíonn tionchar ag dúnadh orthu.

Ar an gceathrú dul síos, áitíonn an t-achomharcóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí freisin ina léiriú ar phrionsabal na comhréireachta a leagtar síos in Airteagal 5(4) CFAE. Maíonn an t-achomharcóir nach bhfuil an critéar incháilitheachta atá bunaithe ar mheasúnú uile-chuideachta oiriúnach ná riachtanach chun cuspóir na scéime cúnaimh a bhaint amach, eadhon, go mbeidh earnálacha táirgthe a bhfuil tionchar ag dúnadh a bhaineann le COVID-19 orthu in ann leanúint ar aghaidh de bheith ag feidhmiú trí chostais sheasta nach gcumhdaítear a chúiteamh. Ina theannta sin, níl an saobhadh tromchúiseach ar an iomaíocht a eascraíonn as an mbunchritéar incháilitheachta oiriúnach chun cuspóir na scéime cúnaimh – atá míchuí – a bhaint amach. Ní féidir údar a thabhairt do chomhréireacht na scéime cabhrach atá faoi chonspóid ar bhonn an cheanglais maidir le hacmhainní buiséadacha a úsáid go heacnamaíoch, agus ar an mbonn sin amháin, go háirithe toisc go ndeonaítear an chabhair ar chostas seasta do mhiondíoltóirí fisiceacha is tairbhithe, beag beann ar a dtáirgiúlacht agus a n-acmhainní caipitil.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/41


Achomharc arna thabhairt an 2 Márta 2023 ag FALKE KGaA i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Dara Dlísheomra Méadaithe) a tugadh an 21 Nollaig 2022 i gCás T-306/21, Falke KGaA v an Coimisiún Eorpach

(Cás C-127/23 P)

(2023/C 155/53)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Achomharcóir: FALKE KGaA (ionadaí: R. Velte, Rechtsanwalt)

Páirtithe eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Ghinearálta:

breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 21 Nollaig 2022 i gCás T 306/21, Falke v an Coimisiún a chur ar neamhní, a mhéid a dhíbhtear an chaingean leis, (an chuid oibríochtúil den bhreithiúnas ag (1)) agus a ordaítear do FALKE KGaA a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc (an chuid oibríochtúil den bhreithiúnas ag (2));

rialú a dhéanamh ar shubstaint an cháis agus an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; mar mhalairt air sin, mura dtugann an Chúirt Bhreithiúnais rialú ar an ábhar, an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta chun rialú a thabhairt air i gcomhréir le breithiúnas na Cúirte Breithiúnais; agus

a ordú don Choimisiún Eorpach costais na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta agus na Cúirte Breithiúnais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an achomharc, maíonn an t-achomharcóir ceithre shaincheist dlí:

Ar an gcéad dul síos, áitíonn an t-achomharcóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí ina léiriú ar Airteagal 107(1) CFAE. I gcomhréir lena fhoclaíocht agus lena chuspóir, ní mór an measúnú ar éifeachtaí an chinnidh atá faoi chonspóid a bhunú ar an iomaíocht idir earnálacha táirgthe miondíola fhisicigh a bhfuil tionchar ag an dianghlasáil orthu agus ní ar chur chuige uile-chuideachta lena gcuirtear earnálacha táirgthe nach ndéantar difear dóibh san áireamh. Áitíonn an t-achomharcóir gur theip ar an gCúirt Ghinearálta a aithint, trí bheith i bhfabhar miondíoltóirí fisiceacha amháin chun aimhleasa miondíoltóirí “ilchainéil” amhail an t-achomharcóir, gur saobhadh go mór an iomaíocht i leith miondíoltóirí fisiceacha agus ar líne araon leis an scéim cúnaimh a chonspóidtear.

Ar an dara dul síos, dar leis an achomharcóir, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí lena léiriú ar Airteagal 107(3)(b) CFAE. Mhainnigh sí a mheas gur eisceacht é Airteagal 107(3)(b) CFAE a bhaineann leis na coinníollacha chun Airteagal 101(1) CFAE a chur i bhfeidhm. Mar thoradh ar an earráid mheasúnaithe sin, theip ar an gCúirt Ghinearálta a aithint go ndearna an Coimisiún earráid ina mheasúnú toisc nár chuir sé san áireamh éifeachtaí saofa na scéime cabhrach ar iomaíocht. Ina theannta sin, sáraítear le cineál roghnaitheach na cabhrach a eascraíonn as an gcritéar incháilitheachta maidir le “laghdú ar láimhdeachas uile-chuideachta” prionsabal na córa comhionainne, toisc go ndéileáiltear leis an achomharcóir ar bhealach éagsúil in ainneoin go ndéanann dúnadh in earnáil táirgthe “miondíola fhisicigh” difear dó ar an mbealach céanna leis na hiomaitheoirí a fhaigheann cúnamh.

Ar an tríú dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid ina léiriú agus ina catagóiriú ar Chreat Sealadach an Choimisiúin ar a raibh an scéim cabhrach atá faoi chonspóid bunaithe. Ní éilítear leis an gCreat Sealadach go ndéanfaí bagairt d’inmharthanacht na ngnóthas a bhfuil tionchar ag an dianghlasáil orthu. Ní hé is cuspóir don chabhair tacaíocht a thabhairt do ghnóthais atá i ngátar, ach tacaíocht shealadach a dheonú do ghnóthais a ndearnadh difear dóibh chun a chur ar a gcumas leanúint de bheith ag oibriú sna hearnálacha táirgthe lena mbaineann agus athstruchtúrú atá dian ó thaobh costais de agus do-aisiompaithe a sheachaint. Dá bhrí sin, ní dhéantar foráil sa Chreat Sealadach do mheasúnú uile-chuideachta, ach do mheasúnú ar na hearnálacha táirgthe a mbíonn tionchar ag dúnadh orthu.

Ar an gceathrú dul síos, áitíonn an t-achomharcóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí freisin ina léiriú ar phrionsabal na comhréireachta a leagtar síos in Airteagal 5(4) CFAE. Maíonn an t-achomharcóir nach bhfuil an critéar incháilitheachta atá bunaithe ar mheasúnú uile-chuideachta oiriúnach ná riachtanach chun cuspóir na scéime cúnaimh a bhaint amach, eadhon, go mbeidh earnálacha táirgthe a bhfuil tionchar ag dúnadh a bhaineann le COVID-19 orthu in ann leanúint ar aghaidh de bheith ag feidhmiú trí chostais sheasta nach gcumhdaítear a chúiteamh. Ina theannta sin, níl an saobhadh tromchúiseach ar an iomaíocht a eascraíonn as an mbunchritéar incháilitheachta oiriúnach chun cuspóir na scéime cúnaimh – atá míchuí – a bhaint amach. Ní féidir údar a thabhairt do chomhréireacht na scéime cabhrach atá faoi chonspóid ar bhonn an cheanglais maidir le hacmhainní buiséadacha a úsáid go heacnamaíoch, agus ar an mbonn sin amháin, go háirithe toisc go ndeonaítear an chabhair ar chostas seasta do mhiondíoltóirí fisiceacha is tairbhithe, beag beann ar a dtáirgiúlacht agus a n-acmhainní caipitil.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/42


Caingean arna tabhairt an 10 Márta 2023 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Polainne

(Cás C-147/23)

(2023/C 155/54)

Teanga an cháis: an Pholainnis

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Owsiany-Hornung, J. Baquero Cruz, Gníomhairí)

Cosantóir: Poblacht na Polainne

Barúlacha

Iarrann an Coimisiún Eorpach ar an gCúirt:

a dhearbhú, ós rud é nár ghlac sí na forálacha reachtacha, rialála agus riaracháin go léir is gá chun a bheith i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/1937 an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (1), agus nár chuir sí na forálacha sin in iúl don Choimisiún, gur mhainnigh an Pholainn na hoibleagáidí atá uirthi de bhua Airteagail 26(1) agus (3) den Treoir sin a chomhlíonadh;

a ordú don Pholainn cnapshuim a íoc leis an gCoimisiún de pé mhéid atá níos airde as an dá rogha seo a leanas: (i) méid laethúil de EUR 13 700 méadaithe faoi na laethanta atá imithe idir an lá i ndiaidh dhul in éag na sprice le haghaidh trasuí arna socrú sa Treoir sin agus an lá a cuireadh deireadh leis an sárú, nó, mura gcuireadh deireadh leis, an lá a thugtar an breithiúnas sa chás seo; (ii) cnapshuim d’íosmhéid EUR 3 836 000;

i gcás gur lean an sárú arna cinneadh sa chéad fhleasc go dtí an dáta a thugtar an breithiúnas sa chás seo, a ordú don Pholainn íocaíocht phionósach thréimhsiúil de EUR 53 430 a íoc leis an gCoimisiún in aghaidh gach lá moille ó dháta an bhreithiúnais sin go dtí an dáta ar a gcomhlíonann an Pholainn na hoibleagáidí atá uirthi de bhua na Treorach; agus

a ordú don Pholainn na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Le Treoir, (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, bunaítear córas éifeachtach le haghaidh cosaint daoine a oibríonn d’eagraíocht phoiblí nó phríobháideach nó a bhíonn i dteagmháil leis na heagraíochtaí sin nuair a thuairiscíonn siad sáruithe ar dhlí an Aontais i réimsí áirithe.

I gcomhréir le hAirteagal 26(1) den Treoir sin, bhí ar na Ballstáit na forálacha reachtacha, rialála agus riaracháin is gá chun an Treoir a chomhlíonadh, a chur i bhfeidhm faoin 17 Nollaig 2021 ar a dhéanaí. I gcomhréir le mír 3 den Airteagal sin, bhí ar na Ballstáit téacs na bhforálacha arna nglacadh a chur in iúl don Choimisiún chomh maith.

An 27 Eanáir 2022, sheol an Coimisiún litir fógra fhoirmiúil chuig Poblacht na Polainne. An 15 Iúil 2022, sheol an Coimisiún tuairim réasúnaithe chuici. Mar sin féin, ní raibh na bearta trasuite glactha go fóill ag Poblacht na Polainne agus ní raibh siad curtha in iúl don Choimisiún.


(1)  IO 2019, L 305, lch. 17.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/43


Caingean arna tionscnamh an 14 Márta 2023 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht Chónaidhme na Gearmáine

(Cás C-149/23)

(2023/C 155/55)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Baquero Cruz agus L. Mantl, i gcáil Gníomhairí)

Cosantóir: Poblacht Chónaidhme na Gearmáine

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt Bhreithiúnais:

a dhearbhú gur mhainnigh Poblacht Chónaidhme na Gearmáine na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá a ghlacadh chun Treoir (AE) 2019/1937 (1) a chomhlíonadh nó, in aon chás, gur mhainnigh sí na forálacha sin a chur in iúl don Choimisiún, agus ar an gcaoi sin nach gcomhlíonann sí a hoibleagáidí faoi Airteagal 26(1) agus (3) den Treoir sin;

a ordú do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine cnapshuim a íoc leis an gCoimisiún a fhreagraíonn don tsuim is airde den dá cheann seo a leanas: (i) méid laethúil EUR 61 600 arna hiolrú faoi líon na laethanta idir an lá i ndiaidh dheireadh na tréimhse trasuímh a leagtar síos sa Treoir sin agus an lá a cheartaítear an sárú, nó ina éagmais sin, dáta tabhartha an bhreithiúnais sna himeachtaí seo; (ii) cnapshuim íosta EUR 17 248 000;

a ordú do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine íocaíocht phionósach thréimhsiúil EUR 240 240 in aghaidh an lae a íoc leis an gCoimisiún ó dháta tabhartha an bhreithiúnais sna himeachtaí seo go dtí go mbeidh a hoibleagáidí faoin Treoir sin comhlíonta aici, má leantar den sárú dá dtagraítear i mír 1 go dtí dáta tabhartha an bhreithiúnais sa chás seo;

a ordú do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine na costais a íoc.

Pleádálacha dlí agus príomhargóintí

Lena chaingean, éilíonn an Coimisiún gur mhainnigh Poblacht Chónaidhme na Gearmáine a cuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Threoir 2019/1937 – lena mbunaítear córas éifeachtach chun daoine tuairiscithe atá ag obair san earnáil phríobháideach nó san earnáil phoiblí nó a bhfuil baint acu leis na hearnálacha sin agus a fuair faisnéis faoi sháruithe i gcomhthéacsanna áirithe a chosaint. Faoi Airteagal 26(1) den Treoir sin, ceanglaítear ar na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoi 17 Nollaig 2021 ar a dhéanaí. I gcomhréir le mír 3 den Airteagal sin, ceanglaíodh ar na Ballstáit téacs na bhforálacha a glacadh a chur in iúl don Choimisiún gan mhoill.

Dar leis an gCoimisiún, níl na bearta chun an Treoir a thrasuí go hiomlán glactha go fóill ag an nGearmáin nó, in aon chás, níor cuireadh in iúl don Choimisiún iad níos mó ná 13 mhí i ndiaidh dheireadh na tréimhse trasuímh.


(1)  Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO 2019 L 305, lch. 17).


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/44


Caingean arna tabhairt an 13 Márta 2023 – an Coimisiún Eorpach v Ard-Diúcacht Lucsamburg

(Cás C-150/23)

(2023/C 155/56)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Baquero Cruz, F. Blanc agus T. Materne, Gníomhairí)

Cosantóir: Ard-Diúcacht Lucsamburg

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an Coimisiún Eorpach ar an gCúirt:

a dhearbhú, trí mhainneachtain na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá a ghlacadh chun Treoir (AE) 2019/1937 (1) a chomhlíonadh agus trí mhainneachtain na forálacha sin a chur in iúl don Choimisiún, gur mhainnigh Ard-Diúcacht Lucsamburg na hoibleagáidí atá uirthi de bhun Airteagal 26(1) agus (3) den Treoir sin a chomhlíonadh;

a ordú do Lucsamburg an méid is airde den dá chnapshuim seo a leanas a íoc leis an gCoimisiún: (i) méid EUR 900 in aghaidh an lae, arna méadú faoi líon na laethanta idir an lá tar éis do thréimhse ama an trasuite a leagtar síos sa Treoir sin teacht chun deiridh agus an lá a leigheastar an sárú, nó, in éagmais leighis, an lá a chraoltar an breithiúnas sna himeachtaí seo; (ii) íosmhéid cnapshuime EUR 252 000;

i gcás go leanfadh an mhainneachtain a leagtar amach i bpointe 1 ar aghaidh go dtí an dáta ar a chraoltar an breithiúnas sa chás seo, a ordú do Lucsamburg íocaíocht phionósach thréimhsiúil a dhéanamh de luach EUR 3 150 in aghaidh gach lá moille ó dháta an bhreithiúnais sin go dtí an dáta a chomhlíonann Lucsamburg a oibleagáidí de bhun na Treorach; agus

a ordú do Lucsamburg na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Dar leis an gCoimisiún, cuirtear córas éifeachtúil ar bun le Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais chun daoine tuairiscithe atá ag obair san earnáil phríobháideach nó san earnáil phoiblí nó a bhfuil baint acu leis na hearnálacha sin agus a fuair faisnéis faoi sháruithe i gcomhthéacsanna áirithe a chosaint.

I gcomhréir le hAirteagal 26(1) den Treoir sin, bhí na Ballstáit leis na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 17 Nollaig 2021. I gcomhréir le mír 3 den Airteagal sin, bhí iallach ar na Ballstáit téacs na bhforálacha sin a chur in iúl don Choimisiún láithreach freisin.

Sheol an Coimisiún litir fógra foirmiúil chuig Lucsamburg an 21 Eanáir 2022. Sheol an Coimisiún tuairim reasúnaithe chuige an 15 Iúil 2022. D’ainneoin sin, níor ghlac Lucsamburg na bearta trasuite go fóill ná níor chuir sé in iúl don Choimisiún iad.


(1)  Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO 2019 L 305, lch. 17).


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/45


Caingean arna tabhairt an 13 Márta 2023 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Seice

(Cás C-152/23)

(2023/C 155/57)

Teanga an cháis: an tSeicis

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Salyková, J. Baquero Cruz, Gníomhairí)

Cosantóir: Poblacht na Seice

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt:

a dhearbhú, trí mhainneachtain na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá a ghlacadh chun Treoir (AE) 2019/1937 (1) a chomhlíonadh agus trí mhainneachtain na forálacha sin a chur in iúl don Choimisiún, gur mhainnigh Poblacht na Seice na hoibleagáidí atá uirthi de bhun Airteagal 26(1) agus (3) den Treoir sin a chomhlíonadh;

a ordú do Phoblacht na Seice an méid is airde den dá chnapshuim seo a leanas a íoc leis an gCoimisiún: (i) méid EUR 4 900 in aghaidh an lae, arna méadú faoi líon na laethanta idir an lá tar éis do thréimhse ama an trasuite a leagtar síos sa Treoir sin teacht chun deiridh agus an lá a leigheastar an sárú, nó, in éagmais leighis, an lá a chraoltar an breithiúnas sna himeachtaí seo; (ii) íosmhéid cnapshuime EUR 1 372 000;

i gcás go leanfadh an mhainneachtain a leagtar amach sa chéad phointe ar aghaidh go dtí an dáta ar a chraoltar an breithiúnas sa chás seo, a ordú do Phoblacht na Seice íocaíocht phionósach thréimhsiúil a dhéanamh de luach EUR 19 110 in aghaidh gach lá moille ó dháta an bhreithiúnais sin go dtí an dáta a chomhlíonann Poblacht na Seice a hoibleagáidí faoin Treoir sin; agus

a ordú do Phoblacht na Seice na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Cuirtear córas éifeachtúil ar bun le Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun daoine tuairiscithe atá ag obair san earnáil phríobháideach nó san earnáil phoiblí nó a bhfuil baint acu leis na hearnálacha sin agus a fuair faisnéis faoi sháruithe i gcomhthéacsanna áirithe a chosaint.

I gcomhréir le hAirteagal 26(1) den Treoir sin, bhí na Ballstáit leis na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 17 Nollaig 2021. I gcomhréir le mír 3 den Airteagal sin, bhí iallach ar na Ballstáit téacs na bhforálacha sin a chur in iúl don Choimisiún láithreach freisin.

Sheol an Coimisiún litir fógra foirmiúil chuig Poblacht na Seice an 27 Eanáir 2022. Sheol an Coimisiún tuairim reasúnaithe chuici an 15 Iúil 2022. D’ainneoin sin, níor ghlac Poblacht na Seice na bearta trasuite go fóill ná níor chuir sí in iúl don Choimisiún iad.


(1)  IO 2019 L 305, lch. 17.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/45


Caingean arna tabhairt an 14 Márta 2023 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na hEastóine

(Cás C-154/23)

(2023/C 155/58)

Teanga an cháis: an Eastóinis

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Baquero Cruz agus L. Maran, i gcáil Gníomhairí)

Cosantóir: Poblacht na hEastóine

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an Coimisiún Eorpach ar an gCúirt:

(1)

a dhearbhú, ós rud é nár ghlac sí na forálacha reachtacha, rialála agus riaracháin go léir is gá chun a bheith i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/1937 (1) an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais, agus nár chuir sí na forálacha sin in iúl don Choimisiún, gur mhainnigh Poblacht na hEastóine na hoibleagáidí atá uirthi de bhua Airteagail 26(1) agus (3) den Treoir sin a chomhlíonadh;

(2)

a ordú do Phoblacht na hEastóine cnapshuim a íoc leis an gCoimisiún de pé mhéid atá níos airde as an dá rogha seo a leanas: (i) méid laethúil de EUR 600 méadaithe faoi na laethanta atá imithe idir an lá i ndiaidh dhul in éag na sprice le haghaidh trasuí arna socrú sa Treoir sin agus an lá a cuireadh deireadh leis an sárú, nó, mura gcuireadh deireadh leis, an lá a thugtar an breithiúnas sna himeachtaí seo; (ii) cnapshuim d’íosmhéid EUR 168 000;

(3)

i gcás gur lean an sárú arna cinneadh sa chéad fhleasc go dtí an dáta a thugtar an breithiúnas sna himeachtaí seo, a ordú don Eastóin íocaíocht phionósach thréimhsiúil de EUR 2 340 a íoc leis an gCoimisiún in aghaidh gach lá moille ó dháta an bhreithiúnais sin go dtí an dáta ar a gcomhlíonann an Poblacht na hEastóine na hoibleagáidí atá uirthi de bhua na Treorach; agus

(4)

a ordú do Phoblacht na hEastóine na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Le Treoir, (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, bunaítear córas éifeachtach le haghaidh cosaint daoine a oibríonn d’eagraíocht phoiblí nó phríobháideach nó a bhíonn i dteagmháil leis na heagraíochtaí sin nuair a thuairiscíonn siad sáruithe ar dhlí an Aontais i réimsí áirithe.

I gcomhréir le hAirteagal 26(1) den Treoir sin, bhí ar na Ballstáit na forálacha reachtacha, rialála agus riaracháin is gá chun an Treoir a chomhlíonadh, a chur i bhfeidhm faoin 17 Nollaig 2021 ar a dhéanaí. I gcomhréir le mír 3 den Airteagal sin, bhí ar na Ballstáit téacs na bhforálacha arna nglacadh a chur in iúl don Choimisiún chomh maith.

Ós rud é nach raibh aon chumarsáid faighte aige ón Eastóin maidir le glacadh na bhforálacha is gá chun an Treoir a chomhlíonadh, sheol an Coimisiún litir fógra fhoirmiúil chuig an Eastóine ar an 27 Eanáir 2022. Ós rud é nár chuir Poblacht na hEastóine in iúl go raibh an Treoir trasuite aici, sheol an Coimisiún tuairim réasúnaithe chuig an Eastóin trí litir dár dáta an 15 Iúil 2022, lenar iarr sé uirthi na bearta is gá chun an Treoir a chomhlíonadh a ghlacadh laistigh de dhá mhí ó sheoladh na tuairime réasúnaithe.

Níl na bearta is gá chun an Treoir a thrasuí go hiomlán glactha go fóill ag Poblacht na hEastóine agus níl na bearta sin curtha in iúl don Choimisiún.


(1)  IO 2019, L 305, lch. 17.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/46


Caingean arna tabhairt an 14 Márta 2023 – an Coimisiún Eorpach v an Ungáir

(Cás C-155/23)

(2023/C 155/59)

Teanga an cháis: an Ungáiris

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Baquero Cruz agus A. Tokár, Gníomhairí)

Cosantóir: an Ungáir

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

(1)

a dhearbhú gur mhainnigh an Ungáir a hoibleagáidí faoina bhfuil sí i bhfianaise Airteagal 26(1) agus (3) de Threoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (1) a chomhlíonadh, trí mhainneachtain na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá a ghlacadh chun a leagtar síos sa Treoir sin a chomhlíonadh agus trí mhainneachtain iad sin a chur in iúl don Choimisiún Eorpach.

(2)

a ordú don Ungáir an méid is airde den dá chnapshuim seo a leanas a íoc leis an gCoimisiún Eorpach: i) méid EUR 3 500 in aghaidh an lae, arna méadú faoi líon na laethanta idir an lá a dtagann tréimhse ama an trasuite chun deiridh agus an lá a leigheastar an sárú nó, in éagmais leighis, an lá a thugtar breithiúnas sna himeachtaí seo nó, ii) íosmhéid cnapshuime EUR 980 000.

(3)

i gcás go leanfadh mainneachtain na n-oibleagáidí arna n-éileamh i gcuid (1) den ordú ar aghaidh ar dháta thabhartha an bhreithiúnais sa chás seo, a ordú don Ungáir íocaíocht phionósach thréimhsiúil de luach EUR 13 650 in aghaidh an lae ón lá a thugtar breithiúnas sa chás seo go dtí an dáta a chomhlíontar na hoibleagáidí arna tabhú di i bhfianaise na Treorach sin.

(4)

a ordú don Ungáir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Cuirtear córas éifeachtúil ar bun le Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais le daoine tuairiscithe atá ag obair san earnáil phríobháideach nó san earnáil phoiblí nó a bhfuil baint acu leis na hearnálacha sin agus a fuair faisnéis faoi sháruithe i gcomhthéacsanna áirithe a chosaint. I gcomhréir le hAirteagal 26(1) den Treoir sin, bhí na Ballstáit leis na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 17 Nollaig 2021. Foráiltear le mír (3) den Airteagal sin go gcuirfidh na Ballstáit téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Sheol an Coimisiún litir fógra fhoirmiúil chuig an Ungáir an 27 Eanáir 2022 agus tuairim réasúnaithe an 22 Iúil 2022. D’ainneoin sin, níor ghlac an Ungáir na forálacha is gá chun a leagtar síos sa Treoir sin a chomhlíonadh ná níor chuir sí in iúl don Choimisiún iad.


(1)  IO 2019 L 305, lch. 17


Chúirt Ghinearálta

2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/48


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Márta 2023 – Sánchez-Gavito León v an Chomhairle agus an Coimisiún

(Cás T-100/21) (1)

(An Coiste Comhairleach Idirnáisiúnta um Chadás - Treoir (AE) 2017/876 - Foireann eagraíochta idirnáisiúnta ar ghlac an tAontas Eorpach ballraíocht inti - Comhaontú maidir le coinníollacha imeachta an iarratasóra - Imeachtaí mar gheall ar mhainneachtain in oibleagáidí a chomhlíonadh - I bpáirt-éagmais cuiridh chun gníomhaithe - Gan locus standi - Do-ghlacthacht - Dliteanas - Nach cúisíoch)

(2023/C 155/60)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: María del Carmen Sánchez-Gavito León (Reston, Virginia, na Stáit Aontaithe) (ionadaí: M. Veissiere, Dlíodóir)

Cosantóirí: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. Antoniadis, M. Bauer agus A. Boggio-Tomasaz, Gníomhairí), an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: T. Lilamand agus M. Monfort, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean faoi Airteagal 265 agus 268 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, go ndearbhófaí gur neamhdhleathach ab ea é gur mhainnigh Comhairle an Aontais Eorpaigh agus ag an gCoimisiún Eorpach a n-oibleagáidí a chomhlíonadh a mhéid ar staon na hinstitiúidí sin, go neamhdhleathach, ó bheart a dhéanamh i ndiaidh don iarratasóir glao foirmiúil a chur orthu, ar náisiúnach de chuid na Spáinne agus iar-bhall foirne den Coiste Comhairleach Idirnáisiúnta um Chadás (ICAC) í, ar Coiste é a ghlac an tAontas Eorpach ballraíocht ann le Treoir (AE) 2017/876 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2017 maidir le ballraíocht a ghlacadh ag an Aontas Eorpach sa Coiste Comhairleach Idirnáisiúnta um Chadás (ICAC) (IO 2017 L 134, lch. 23) agus, ar an dara dul síos, go gcúiteofaí í as an dochar a bhain di mar gheall ar iompair na Comhairle, an Choimisiúin agus a ngníomhairí ar staon óna n-oibleagáidí a chomhlíonadh bíodh is gurbh eol dóibh go raibh ciapadh á dhéanamh uirthi ag Stiúrthóir Feidhmiúcháin ICAC, nár chomhlíon an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an comhaontú maidir le coinníollacha imeachta an iarratasóra ó fhoireann rúnaíochta ICAC agus nach raibh leigheas dlí ag an iarratasóir chun a gearáin a chur in iúl.

An chuid oibríochtúil

(1)

Diúltaítear don chaingean.

(2)

Ordaítear don Uasal María del Carmen Sánchez-Gavito León na costais a íoc.


(1)  IO C 182, 10.5.2021.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/48


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Márta 2023 – an Bhulgáir v an Coimisiún

(Cás T-235/21) (1)

(CERT agus CETFT - Caiteachas eisiata ó mhaoiniú - Caiteachas arna thabhú ag an mBulgáir - Gníomhartha cur chun cinn - Tuarascáil imscrúdaithe OLAF - Imréiteach comhréireachta - Dualgas cúiseanna a lua)

(2023/C 155/61)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

Páirtithe

Iarratasóir: Poblacht na Bulgáire (ionadaithe: T. Mitova agus L. Zaharieva, Gníomhairí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Koleva, J. Aquilina agus A. Sauka, Gníomhairí)

Ábhar

Trína chaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann Poblacht na Bulgáire go gcuirfear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/261 ón gCoimisiún an 17 Feabhra 2021 lena n-eisiatear ó mhaoiniú an Aontais Eorpaigh caiteachas áirithe arna thabhú ag na Ballstáit faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (IO 2021 L 59, lch. 10) ar neamhní, a mhéid a bhaineann sé le caiteachas áirithe a thabhaigh sí.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do Phoblacht na Bulgáire na costais a íoc.


(1)  IO C 263, 5.7.2021.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/49


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Márta 2023 – Sympatex Technologies v EUIPO – Liwe Española (Sympathy Inside)

(Cás T-372/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “Sympathy Inside” - Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “INSIDE.” - Foras coibhneasta le diúltú - Baol mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 [anois: Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001] - Fíor-úsáid a bhaint as an marc roimhe seo - An dara fomhír (a) d’Airteagal 15(1) de Rialachán Uimh. 207/2009 [anois: an dara fomhír (a) d’Airteagal 18(1) de Rialachán 2017/1001] - Gan athrú tagtha ar an tsainiúlacht)

(2023/C 155/62)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Sympatex Technologies GmbH (Unterföhring, an Ghearmáin) (ionadaí: E. Strauß, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: G. Predonzani agus D. Gája, Gníomahairí)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idirghabháil os comhair na Cúirte Ginearálta: Liwe Española, SA (Puente Tocinos, an Spáinn) (ionadaí: Á. Pérez Lluna, Dlíodóir)

Ábhar

Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go neamhneofaí an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 26 Aibreán 2021 (Cás R 1777/2018-5).

An chuid oibríochtúil

(1)

Diúltaítear don chaingean.

(2)

Ordaítear do Sympatex Technologies GmbH na costais a íoc.


(1)  IO C 329, 16.8.2021.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/50


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Márta 2023 – Assaad v an Chomhairle

(Cás T-426/21) (1)

(Comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha arna nglacadh in aghaidh Siria - Reo na gcistí - Earráidí measúnachta - Éifeacht chúlghabhálach - Ionchas dlisteanach - Deimhneacht dhlíthiúil - Res judicata)

(2023/C 155/63)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Nizar Assaad (Beirut, An Liobáin) (ionadaithe: M. Lester, KC, G. Martin agus C. Enderby Smith, aturnaetha)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: T. Haas agus M. Bishop, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go neamhnófaí Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/751 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2021 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Siria (IO 2021, L 160, lch. 115), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/743 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO 2021, L 160, lch. 1), Cinneadh (CBES) 2022/849 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Siria (IO 2022, L 148, lch. 52), agus Rialachán cur chun feidhme (AE) 2022/840 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO 2022, L 148, lch. 8), a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin leis.

An chuid oibríochtúil

1)

Neamhnaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/751 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2021 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Siria, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/743 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria, Cinneadh (CBES) 2022/849 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Siria, et le règlement d’exécution (UE) 2022/840 du Conseil, du 30 mai 2022, agus Rialachán cur chun feidhme (AE) 2022/840 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria, a mhéid a bhaineann siad le Nizar Assaad.

2)

Coinnítear éifeachtaí Chinneadh 2022/849 i bhfeidhm ar an Uasal Assaad go dtí an spriocdháta le haghaidh achomhairc, nó, má dhéantar achomharc roimh an spriocdháta sin, go dtí go ndiúltófaí don achomharc.

3)

Ordaítear do Chomhairle an Aontais Eorpaigh na costais a íoc.


(1)  IO C 338, 23.8.2021.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/51


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Márta 2023 – Société des produits Nestlé v EUIPO – The a2 Milk Company (A 2)

(Cás T-759/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach - Marc fíortha A 2 - Clárú idirnáisiúnta níos luaithe - Marc fíortha THE a2 MILK COMPANY THE a2 MILK COMPANY - Foras coibhneasta le diúltú - Dóchúlacht mhearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

(2023/C 155/64)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Société des produits Nestlé SA (Vevey, an Eilvéis) (ionadaithe: A. Jaeger-Lenz agus J. Thomsen, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: E. Nicolás Gómez agus M. Eberl, Gníomhairí)

Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: The a2 Milk Company Ltd (Auckland, an Nua-Shéalainn) (ionadaithe: M. Hawkins, T. Dolde agus C. Zimmer, Dlíodóirí)

Ábhar

Lena chaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar an cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 15 Deireadh Fómhair 2021 (Cás R 2447/2020-4) a chur ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do Société des produits Nestlé SA na costais a íoc.


(1)  IO C 37, 24.1.2022.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/51


Breithiúnais na Cúirte Ginearálta an 8 Márta 2023 – SE v an Coimisiún

(Cás T-763/21) (1)

(Seirbhís shibhialta - Foireann shealadach - Earcaíocht - Clár píolótach an Choimisiúin chun riarthóirí sóisearacha a earcú - Iarratas a dhiúltú - Coinníollacha incháilitheachta - Critéir d’uastréimhse trí bliana de thaithí ghairmiúil - Cóir chomhionann - Idirdhealú bunaithe ar aois)

(2023/C 155/65)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: SE (ionadaithe: L. Levi agus A. Blot, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: B. Schima, L. Vernier agus I. Melo Sampaio, i gcáil Gníomhairí)

Ábhar

Trína chaingean atá bunaithe ar Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, go ndéanfar cinneadh an Choimisiúin Eorpaigh an 23 Aibreán 2021, trínar dhiúltaigh an Coimisiún dá iarratas ar an gclár píolótach “Gairmithe sóisearacha” a chur ar neamhní agus, ar an dara dul síos, cúiteamh as an damáiste a líomhnaítear a bhain dó mar thoradh ar an gcinneadh sin.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do SE na costais a íoc.


(1)  IO C 73, 14.2.2022.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/52


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Márta 2023 – PS v BEI

(Cás T-65/22) (1)

(Seirbhís shibhialta - Foireann BEI - Slándáil shóisialta - Scéim árachais do thionóiscí a tharlaíonn ar láthair na hoibre agus do ghalair cheirde - Easláine iomlán agus bhuan - Bunús proifisiúnta leis an ngalar - Conradh arna thabhairt i gcrích le cuideachta árachais - Raon feidhme na n-oibleagáidí atá ar BEI go fóill)

(2023/C 155/66)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: PS (ionadaí: S. Orlandi, Dlíodóir)

Cosantóir: an Banc Eorpach Infheistíochta (ionadaithe: K. Carr agus E. Manoukian, Gníomhairí, le cúnamh ó A. Dal Ferro, Dlíodóir)

Ábhar:

Lena chaingean faoi Airteagal 270 CFAE agus Airteagal 50a de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, go neamhneofaí an cinneadh ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) an 12 Iúil 2021 a mhéid a diúltaíodh leis an gcinneadh sin EUR 233 500 a íoc leis mar dhamáistí ábhartha agus neamhábhartha, ar an dara dul síos, go n-ordófaí do BEI cúiteamh a íoc leis as an ngalar proifisiúnta a líomhnaítear go bhfuil sé buailte leis agus, ar an tríú dul síos, go n-ordófaí do BEI an tsuim EUR 24 000 a íoc chun an damáiste neamhábhartha líomhainte a chúiteamh i bhfianaise a staide sláinte.

An chuid oibríochtúil

(1)

Diúltaítear don chaingean.

(2)

Ordaítear do PS na costais a íoc.


(1)  IO C 128, 21.3.2022.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/52


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Márta 2023 – Novasol v ECHA

(Cás T-70/22) (1)

(REACH - Ríchíos atá dlite as clárú substainte - Laghdú a thugtar do MFBM - Fíorú an dearbhaithe maidir le méid an fhiontair ag ECHA - Iarratas ar chruthúnas lena léirítear stádas MFBM - Diúltú faisnéis áirithe a sholáthar - Cinneadh lena n-ordaítear go n-aisghabhfaí an t-iarmhéid nach bhfuarthas den ríchíos atá dlite agus lena ngearrtar muirear riaracháin - An coincheap “fiontar gaolmhar” - Moladh Uimh. 2003/361/CE - Oibleagáid maidir le cúiseanna a shonrú)

(2023/C 155/67)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Novasol (Kraainem, an Bheilg) (ionadaithe: C. Alter agus G. Bouton, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ionadaithe: F. Becker, S. Mahoney agus M. Heikkilä, Gníomhairí, le cúnamh ó A. Guillerme, Dlíodóir)

Ábhar

Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go neamhneofaí Cinneadh SME D (2021) 8531-DC ón nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) an 25 Samhain 2021 lena gcinntear nár sholáthair sé an cruthúnas is gá chun laghdú a fháil ar an ríchíos dá bhforáiltear le haghaidh fiontair mheánmhéide agus lena n-éilítear, dá bhrí sin, go n-íocfadh sé a mbeadh idir méid an ríchíosa arna ghlanadh aige cheana féin agus méid an ríchíosa is infheidhme maidir le fiontair mhóra chomh maith le muirear riaracháin ar mhéid EUR 19 900.

An chuid oibríochtúil

(1)

Diúltaítear don chaingean.

(2)

Ordaítear do Novasol na costais a íoc.


(1)  IO C 138, 28.3.2022.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/53


Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 8 Márta 2023 – Kande Mupompa v an Chomhairle

(Cás T-90/22) (1)

(Comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó - Reo na gcistí - Srianta ar ligean isteach ar chríocha na mBallstát - Ainm an iarratasóra a choinneáil ar na liostaí de na daoine atá i gceist - An ceart chun éisteacht a fháil - Cruthúnas gur cuí na hainmneacha a chuimsiú agus a choinneáil ar na liostaí - Earráid fhollasach mheasúnaithe - Buanú na gcúinsí fíorasacha agus dlíthiúla ba bhun le glacadh na mbeart sriantach)

(2023/C 155/68)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Alex Kande Mupompa (Kinshasa, Poblacht Dhaonlathach an Chongó) (ionadaithe: T. Bontinck, P. De Wolf, A. Guillerme agus T. Payan, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: S. Lejeune agus B. Driessen, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí, ar an gcéad dul síos, Cinneadh (CBES) 2021/2181 ón gComhairle an 9 Nollaig 2021, lena leasaítear Cinneadh 2010/788/CBES a bhaineann le bearta sriantacha in aghaidh Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (IO 2021 L 443, lch. 75), agus, ar an dara dul síos, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2177 ón gComhairle an 9 Nollaig 2021, lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe a dhírítear i gcoinne daoine atá ag gníomhú de shárú ar an lánchosc arm maidir le Poblacht Dhaonlathach an Chongó (IO 2021 L 443, lch. 3), a neamhniú, a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin leis.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do Alex Kande Mupompa na costais a íoc.


(1)  IO C 148, 4.4.2022.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/54


Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 8 Márta 2023 – Amisi Kumba v an Chomhairle

(Cás T-92/22) (1)

(An Comhbheartas Eachtrach agus Slándála - Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó - Reo na gcistí - Srian ar ligean isteach ar chríocha na mBallstát - Ainm an iarratasóra a choinneáil ar na liostaí de na daoine atá i gceist - An ceart chun éisteacht a fháil - Cruthúnas go bhfuil bunús maith le cuimsiú agus coinneáil ar na liostaí - Earráid fhollasach measúnaithe - Leanúint leis na himthosca fíorasacha agus dlíthiúla ba chúis le glacadh na mbeart sriantach)

(2023/C 155/69)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Gabriel Amisi Kumba (Kinshasa, Poblacht Dhaonlathach an Chongó) (ionadaithe: T. Bontinck, P. De Wolf, A. Guillerme agus T. Payan, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: B. Driessen agus M.-C. Cadilhac, Gníomhairí)

Ábhar

Trína ghníomhaíocht de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí, ar an gcéad dul síos, Cinneadh (CBES) 2021/2181 ón gComhairle an 9 Nollaig 2021 lena leasaítear Cinneadh 2010/788/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (IO 2021 L 443, lch. 75) agus, ar an dara dul síos, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2177 ón gComhairle an 9 Nollaig 2021, lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe a dhírítear i gcoinne daoine atá ag gníomhú de shárú ar an lánchosc arm maidir le Poblacht Dhaonlathach an Chongó (IO 2021 L 443, lch. 3), a neamhniú, a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin leis.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do Gabriel Amisi Kumba na costais a íoc.


(1)  IO C 148, 4.4.2022.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/54


Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 8 Márta 2023 – Ramazani Shadary v An Chomhairle

(Cás T-93/22) (1)

(An Comhbheartas Eachtrach agus Slándála - Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó - Reo na gcistí - Srian ar ligean isteach ar chríocha na mBallstát - Ainm an iarratasóra a choinneáil ar na liostaí de na daoine atá i gceist - Cruthúnas go bhfuil bunús maith le cuimsiú agus coinneáil ar na liostaí - Athrú ar na himthosca fíorasacha agus dlíthiúla ba chúis le glacadh na mbeart sriantach)

(2023/C 155/70)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Emmanuel Ramazani Shadary (Kinshasa, Poblacht Dhaonlathach an Chongó) (ionadaithe: T. Bontinck, P. De Wolf, A. Guillerme agus T. Payan, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: S. Lejeune agus B. Driessen, Gníomhairí)

Ábhar

Trína ghníomhaíocht de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí, ar an gcéad dul síos, Cinneadh (CBES) 2021/2181 ón gComhairle an 9 Nollaig 2021 lena leasaítear Cinneadh 2010/788/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (IO 2021 L 443, lch. 75) agus, ar an dara dul síos, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2177 ón gComhairle an 9 Nollaig 2021, lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe a dhírítear i gcoinne daoine atá ag gníomhú de shárú ar an lánchosc arm maidir le Poblacht Dhaonlathach an Chongó (IO 2021 L 443, lch. 3), a neamhniú, a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin leis.

An chuid oibríochtúil

An Chúirt:

1.

Déantar Cinneadh (CBES) 2021/2181 ón gComhairle an 9 Nollaig 2021 lena leasaítear Cinneadh 2010/788/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht Dhaonlathach an Chongó agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2177 ón gComhairle an 9 Nollaig 2021, lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe ar dhaoine a ghníomhaíonn de shárú ar an lánchosc arm i dtaca le Poblacht Dhaonlathach an Chongó a neamhniú, a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin le Emmanuel Ramazani Shadary.

2.

Ordaítear do Chomhairle an Aontais Eorpaigh na costais a íoc.


(1)  IO C 148, 4.4.2022.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/55


Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 8 Márta 2023 – Kanyama v An Chomhairle

(Cás T-95/22) (1)

(An Comhbheartas Eachtrach agus Slándála - Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó - Reo na gcistí - Srian ar ligean isteach ar chríocha na mBallstát - Ainm an iarratasóra a choinneáil ar na liostaí de na daoine atá i gceist - An ceart chun éisteacht a fháil - Cruthúnas go bhfuil bunús maith le cuimsiú agus coinneáil ar na liostaí - Earráid fhollasaithe measúnaithe - Leanúint leis na himthosca fíorasacha agus dlíthiúla ba chúis le glacadh na mbeart sriantach)

(2023/C 155/71)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Célestin Kanyama (Kinshasa, Poblacht Dhaonlathach an Chongó) (ionadaithe: T. Bontinck, P. De Wolf, A. Guillerme agus T. Payan, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M.-C. Cadilhac agus S. Lejeune, Gníomhairí)

Ábhar

Trína ghníomhaíocht de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí, ar an gcéad dul síos, Cinneadh (CBES) 2021/2181 ón gComhairle an 9 Nollaig 2021 lena leasaítear Cinneadh 2010/788/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (IO 2021 L 443, lch. 75) agus, ar an dara dul síos, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2177 ón gComhairle an 9 Nollaig 2021, lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe a dhírítear i gcoinne daoine atá ag gníomhú de shárú ar an lánchosc arm maidir le Poblacht Dhaonlathach an Chongó (IO 2021 L 443, lch. 3), a neamhniú, a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin leis.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do Célestin Kanyama na costais a íoc.


(1)  IO C 148, 4.4.2022.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/56


Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 8 Márta 2023 – Kampete v An Chomhairle

(Cás T-96/22) (1)

(An Comhbheartas Eachtrach agus Slándála - Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó - Reo na gcistí - Srian ar ligean isteach ar chríocha na mBallstát - Ainm an iarratasóra a choinneáil ar na liostaí de na daoine atá i gceist - An ceart chun éisteacht a fháil - Cruthúnas go bhfuil bunús maith le cuimsiú agus coinneáil ar na liostaí - Earráid fhollasaithe measúnaithe - Leanúint leis na himthosca fíorasacha agus dlíthiúla ba chúis le glacadh na mbeart sriantach)

(2023/C 155/72)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Ilunga Kampete (Kinshasa, Poblacht Dhaonlathach an Chongó) (ionadaithe: T. Bontinck, P. De Wolf, A. Guillerme agus T. Payan, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: B. Driessen agus M.-C. Cadilhac, Gníomhairí)

Ábhar

Trína ghníomhaíocht de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí, ar an gcéad dul síos, Cinneadh (CBES) 2021/2181 ón gComhairle an 9 Nollaig 2021 lena leasaítear Cinneadh 2010/788/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (IO 2021 L 443, lch. 75) agus, ar an dara dul síos, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2177 ón gComhairle an 9 Nollaig 2021, lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe a dhírítear i gcoinne daoine atá ag gníomhú de shárú ar an lánchosc arm maidir le Poblacht Dhaonlathach an Chongó (IO 2021 L 443, lch. 3), a neamhniú, a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin leis.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do Ilunga Kampete na costais a íoc.


(1)  IO C 148, 4.4.2022.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/56


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Márta 2023 – Boshab v an Chomhairle

(Cás T-98/22) (1)

(Comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha a rinneadh i dtaca leis an staid i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó - Reo na gcistí - Srianta le ligean isteach ar chríoch na mBallstát - Ainm an iarratasóra a choinneáil ar na liostaí de na daoine atá i gceist - An ceart chun éisteacht a fháil - Cruthúnas gur cuí na hainmneacha a chuimsiú agus a choinneáil ar na liostaí - Earráid fhollasach mheasúnaithe - Buanú na gcúinsí fíorasacha agus dlíthiúla ba bhun le glacadh na mbeart sriantacha)

(2023/C 155/73)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Évariste Boshab (Kinshasa, Poblacht Dhaonlathach an Chongó) (ionadaithe: T. Bontinck, P. De Wolf, A. Guillerme agus T. Payan, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: S. Lejeune agus B. Driessen, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go neamhneofaí, ar an gcéad dul síos, Cinneadh (CBES) 2021/2181 ón gComhairle an 9 Nollaig 2021 lena leasaítear Cinneadh 2010/788/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (IO 2021 L 443, lch. 75), agus, ar an dara dul síos, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2177 ón gComhairle an 9 Nollaig 2021 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe a dhírítear i gcoinne daoine atá ag gníomhú de shárú ar an lánchosc arm i dtaca le Poblacht Dhaonlathach an Chongó (IO 2021 L 443, lch. 3), a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin leis.

An chuid oibríochtúil

(1)

Diúltaítear don chaingean.

(2)

Ordaítear don Uasal Évariste Boshab na costais a íoc.


(1)  IO C 148, 4.4.2022.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/57


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Márta 2023 – Gönenç v EUIPO – Solar (termorad ALUMINIUM PANEL RADIATOR)

(Cás T-172/22) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “TERMORAD ALUMINIUM PANEL RADIATOR” - Focalmharc Benelux “THERMRAD” roimhe seo - Foras coibhneasta le diúltú - Baol mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

(2023/C 155/74)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Salim Selahaddin Gönenç (Konya, an Tuirc) (ionadaí: V. Martín Santos, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Eberl agus J. Ivanauskas, Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idirghabháil os comhair na Cúirte Ginearálta: Solar A/S (Vejen, an Danmhairg) (ionadaí: L. Elmgaard Sørensen, Dlíodóir)

Ábhar

Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go neamhneofaí an cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 18 Eanáir 2022 (Cás R 770/2021-2).

An chuid oibríochtúil

(1)

Diúltaítear don chaingean.

(2)

Ordaítear don Uasal Salim Selahaddin Gönenç a chostais féin a íoc chomh maith leis na costais arna dtabhú, mar chuid de na himeachtaí seo, ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) agus ag Solar A/S.


(1)  IO C 207, 23.5.2022.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/58


Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 8 Márta 2023 – Prigozhina v an Chomhairle

(Cás T-212/22) (1)

(Comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha arna nglacadh maidir le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’Úcráin nó ar bagairt iad ar an Úcráin bagairt ar an Úcráin - Reo na gcistí - Srianta ar ligean isteach ar chríocha na mBallstát - Liosta na ndaoine, na n-eintiteas, agus na gcomhlachtaí atá faoi réir ag reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha - Ainm an iarratasóra a chur ar an liosta - Teaghlach duine atá freagrach as gníomhartha lenar mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin - Coincheap an “chomhlachais” - Earráid mheasúnaithe)

(2023/C 155/75)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Violetta Prigozhina (Cathair Pheadair, an Rúis) (ionadaí: M. Cessieux, Dlíodóir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M.-C. Cadilhac agus V. Piessevaux, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní, ar an gcéad dul síos, Cinneadh (CBES) 2022/265 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 42 I, lch. 98), agus, ar an dara dul síos, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/260 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 42 I, lch. 3), sa mhéid go bhfuil a hainm ar liostaí na ndaoine agus na n-eintiteas atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/PESC ón gComhairle an 17 Márta 2014, a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2014 L 78, lch. 16), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014, a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2014 L 78, lch. 6).

An chuid oibríochtúil

1)

Déantar Cinneadh (CBES) 2022/265 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/PESC a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 42 I, lch. 98), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/260 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 42 I, lch. 3), a neamhniú, sa mhéid go bhfuil ainm Violetta Prigozhina curtha san áireamh ar liostaí na ndaoine agus na n-eintiteas atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES agus in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin.

2)

Ordaítear do Chomhairle an Aontais Eorpaigh a costais féin agus na costais sin arna dtabhú ag Violetta Prigozhina a íoc.


(1)  IO C 237, 20.6.2022.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/59


Ordú Leas-Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 28 Feabhra 2023 – Telefónica de España v an Coimisiún

(Cás T-170/22 R-RENV)

(Faoiseamh eatramhach - Conarthaí seirbhíse poiblí - Seirbhísí Tras-Eorpacha le haghaidh Teileamaitic idir Riaracháin (TESTA) - Iarratas ar bhearta eatramhacha - Easpa fumus boni juris)

(2023/C 155/76)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Telefónica de España, SA (Maidrid, an Spáinn) (ionadaithe: F. González-Díaz, J. Blanco Carol, Dlíodóirí, agus P. Stuart, Abhcóide)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. André agus M. Ilkova, Gníomhairí)

Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: BT Global Services Belgium BV (Machelen, an Bheilg) (ionadaithe: V. Dor, A. Lepièce agus M. Vilain XIIII, Dlíodóirí)

Ábhar

Lena chaingean atá bunaithe ar Airteagail 278 agus 279 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, sa chéad áit, go gcuirfí ar fionraí forfheidhmiú Chinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 21 Eanáir 2022 maidir leis an nglao ar thairiscintí DIGIT/A 3/PR/2019/010, dar teideal “Seirbhísí Tras-Eorpacha le haghaidh Teileamaitic idir Riaracháin (TESTA)”, lena gcuirtear ar an eolas é nár glacadh lena thairiscint i gcomhthéacs an nós imeachta soláthair phoiblí agus lena bhfógraítear go síneofar an conradh go luath leis an té a bhain an conradh amach agus, sa dara háit, go n-órdófar don Choimisiún síniú an chonartha sin a chur ar fionraí.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don iarratas ar bhearta eatramhacha.

2)

Cuirtear ordú an 1 Aibreán 2022, Telefónica de España v an Coimisiún (T-170/22 R) ar ceal.

3)

Forchoimeádtar na costais.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/59


Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 1 Márta 2023 – Mazepin v an Chomhairle

(Cás T-743/22 R)

(Faoiseamh eatramhach - An Comhbheartas Eachtrach agus Slándála - Bearta sriantacha arna nglacadh i ndáil le gníomhaíochtaí na Rúise lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin - Reo cistí - Iarratas ar bhearta eatramhacha - Fumus boni juris - Práinn - Leasanna a chothromú)

(2023/C 155/77)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Nikita Dmitrievich Mazepin (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: D. Rovetta, M. Campa, M. Moretto, V. Villante, T. Marembert agus A. Bass, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: J. Rurarz agus P. Mahnič, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean atá bunaithe ar Airteagail 278 agus 279 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, sa chéad áit, go gcuirfí ar fionraí forfheidhmiú Chinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES maidir le bearta sriantacha a bhaineann le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 239, lch. 149), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 maidir le bearta sriantacha a bhaineann le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 239, lch. 1), agus Gníomh ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2022 lena gcoimeádtar a ainm ar an liosta de dhaoine, d’eintitis agus de chomhlachtaí ar a dhírítear leis na bearta sriantacha dá bhforáiltear le Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 maidir le bearta sriantacha a bhaineann le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2014 L 78, lch. 16) arna leasú, agus Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 maidir le bearta sriantacha a bhaineann le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2014 L 78, lch. 6) arna leasú, a mhéid a chuirtear bac air, leis na gníomhartha sin, caibidlíocht a dhéanamh maidir lena earcú mar thiománaí proifisiúnta Formula 1 nó mar thiománaí i gcraobhchomórtais eile i raonrásaíocht carranna a chuirtear ar bun freisin nó amháin ar chríoch an Aontais Eorpaigh chomh maith le bheith rannpháirteach i Grands Prix, trialacha, seisiúin traenála agus seisiúin saora Formula 1 agus i gcraobhchomórtais eile i raonrásaíocht carranna, rásanna, trialacha, seisiúin traenála agus seisiúin saora a chuirtear ar bun ar chríoch an Aontais agus, sa dara háit, go mbronntar air aon bhearta eatramhacha oiriúnacha lena gceadófaí dó caibidlíocht a dhéanamh maidir lena earcú mar thiománaí proifisiúnta Formula 1 nó mar thiománaí i gcraobhchomórtais eile i raonrásaíocht carranna a chuirtear ar bun freisin nó amháin ar chríoch an Aontais, a bheith earcaithe mar thiománaí ag na foirne atá rannpháirteach sna craobhchomórtais atá i gceist agus na cearta a bhaineann leis an earcú sin a fheidhmiú agus na hoibleagáidí a bhaineann leis a chomhlíonadh, lena n-áirítear a bheith rannpháirteach i Grands Prix, trialacha, seisiúin traenála agus seisiúin saora Formula 1 agus i gcraobhchomórtais eile, rásanna, trialacha, seisiúin traenála agus seisiúin saora a chuirtear ar bun ar chríoch an Aontais.

An chuid oibríochtúil

1)

Cuirfear ar fionraí forfheidhmiú Chinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES maidir le bearta sriantacha a bhaineann le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 maidir le bearta sriantacha a bhaineann le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, agus forfheidhmiú Ghníomh ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2022 lena gcoimeádtar ainm Nikita Dmitrievich Mazepin ar an liosta de dhaoine, d’eintitis agus de chomhlachtaí ar a dhírítear leis na bearta sriantacha dá bhforáiltear le Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 maidir le bearta sriantacha a bhaineann le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, arna leasú, agus Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 maidir le bearta sriantacha a bhaineann le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, arna leasú, a mhéid a choimeádtar ainm Mazepin ar an liosta de dhaoine, d’eintitis agus de chomhlachtaí ar a dhírítear leis na bearta sriantacha sin agus a mhéid, amháin, a bhfuil sé riachtanach chun a cheadú dó caibidlíocht a dhéanamh maidir lena earcú mar thiománaí proifisiúnta Formula 1 nó mar thiománaí i gcraobhchomórtais eile i raonrásaíocht carranna a chuirtear ar bun freisin nó amháin ar chríoch an Aontais Eorpaigh, chomh maith le bheith rannpháirteach i Grands Prix, trialacha, seisiúin traenála agus seisiúin saora Formula 1 agus i gcraobhchomórtais, rásanna, trialacha, seisiúin traenála agus seisiúin saora eile i raonrásaíocht carranna a chuirtear ar bun ar chríoch an Aontais. Chuige sin, ní cheadaítear do Mazepin ach, sa chéad áit, dul isteach i gcríoch an Aontais d’fhonn caibidlíocht agus comhaontuithe a dhéanamh le foireann rásaíochta nó le hurraitheoirí nach bhfuil bainteach le gníomhaíochtaí Dmitry Arkadievich Mazepin ná le daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil a n-ainmneacha in Iarscríbhinní Chinneadh 2014/145 agus Rialachán Uimh. 269/2014, sa dara háit, dul isteach i gcríoch an Aontais d’fhonn a bheith rannpháirteach mar phríomhthiománaí nó tiománaí ionadach i gcraobhchomórtais Formula 1 den Fédération internationale de l’automobile (FIA) (an Chónaidhm Idirnáisiúnta Gluaisteán) nó i gcraobhchomórtais eile, i seisiúin traenála, i dtrialacha nó i seisiúin saora, chomh maith le d’fhonn athnuachan a Super Licence a bhaint amach, sa tríú háit, dul isteach i gcríoch an Aontais chun dul faoi réir na scrúduithe leighis a fhorchuireann FIA nó a fhoireann rásaíochta, sa cheathrú háit, dul isteach i gcríoch an Aontais chun bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí rásaíochta, urraíochta agus poiblíochta arna iarraidh sin ag a fhoireann rásaíochta nó a urraitheoirí, sa chúigiú háit, cuntas bainc a oscailt inar féidir tuarastal, préimheanna, liúntais dá fhoireann rásaíochta agus ranníocaíochtaí airgeadais ó urraitheoirí ar ghlac a fhoireann leo a íoc leis agus, sa séú háit, an cuntas bainc agus cárta creidmheasa a úsáid chun táillí a chlúdach lena gceadaítear do thiománaí proifisiúnta a bheith ag taisteal ar chríoch an Aontais, caibidlíocht agus comhaontuithe a dhéanamh le foireann rásaíochta nó le hurraitheoirí agus a bheith rannpháirteach i gcraobhchomórtais, Grands Prix, rásanna, seisiúin traenála, trialacha nó seisiúin saora i mBallstáit an Aontais amháin.

I gcás go n-earcaítear é mar thiománaí Formula 1 nó mar thiománaí i gcraobhchomórtais eile i raonrásaíocht carranna a chuirtear ar bun freisin nó amháin ar chríoch an Aontais, ní mór do Mazepin gealltanas a thabhairt go mbeidh sé ag rásaíocht faoi bhratach neodrach agus gealltanas na dtiománaithe chuige sin a shíniú, mar a éilíonn FIA.

2)

Forchoimeádtar na costais.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/61


Caingean arna tabhairt an 20 Feabhra 2023 – VP v an Pharlaimint

(Cás T-83/23)

(2023/C 155/78)

Teanga an cháis: an Pholainnis

Páirtithe

Iarratasóir: VP (ionadaí: M. Brzozowska, Dlíodóir)

Cosantóir: Parlaimint na hEorpa

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

go neamhneofaí, ar bhonn Airteagal 263 CFAE, Cinneadh D 314619 ó Uachtarán Pharlaimint na hEorpa an 16 Nollaig 2022 lena gcinntear go ndearna an t-iarratasóir ciapadh shíceolaíoch ar chúntóir parlaiminteach creidiúnaithe;

a ordú do Pharlaimint na hEorpa na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, ardaíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

(1)

An chéad saincheist dlí: sárú ar chearta na cosanta agus ar an gceart chun dea-riaracháin;

(2)

An dara saincheist dlí: sárú ar Airteagal 12a(3) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh;

(3)

An tríú saincheist dlí: earráidí follasacha measúnaithe, mainneachtain ar chomhlíonadh na oibleagáide maidir le cúiseanna a shonrú agus sárú ar an dualgas aird a thabhairt ar leas oifigeach.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/61


Caingean arna tabhairt an 20 Feabhra 2023 – D’Agostino v BCE

(Cás T-90/23)

(2023/C 155/79)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóir: Aldo D’Agostino (Napoli, an Iodáil) (ionadaí: M. De Siena, Dlíodóir)

Cosantóir: An Banc Ceannais Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a chinneadh agus a dhearbhú go bhfuil an Banc Ceannais Eorpach (BCE), a ndéanann an tUachtarán Christine Lagarde ionadaíocht thar a cheann, faoi dhliteanas neamhchonarthach:

(a)

trí laghdú luacha a chur ar na hurrúis atá faoi úinéireacht an Aldo D’Agostino ar a dtugtar SI FTSE.COPERP, le caillteanas arb ionann é agus 99,47 % de luach iomlán an chaipitil a infheistíodh, eadhon EUR 846 198,90, ós rud é, an 12 Márta 2020, gur úsáid Christine Lagarde, ina cáil mar Uachtarán an BCE, an frása cáiliúil “Nílimid anseo chun na raonta difríochta a laghdú, ní hé seo feidhm ná misean an BCE”, agus gur tháinig titim shuntasach ar luach na n-urrús ar gach stocmhalartán ar fud an domhain agus laghdú 16,92 % ar Stocmhalartán Milano, eadhon i gcéatadán nach bhfacthas riamh i stair na hinstitiúide sin; úsáideadh an frása i bpreasagallamh a craoladh ar fud an domhain, agus deimhnítear leis nach ráthódh an BCE luach na n-urrús arna n-eisiúint ag tíortha a bhí i gcruachás a thuilleadh agus, dá bhrí sin, léirítear leis athrú iomlán ar an seasamh beartais airgeadaíochta a ghlac an BCE faoi uachtaránacht an Uachtaráin roimhe sin, ar chríochnaigh a shainordú i mí na Samhna 2019;;

(b)

mar gheall go raibh sé ina chúis le laghdú a bheith déanta ar luach shócmhainní an iarratasóra tríd an iompar sin agus mar thoradh ar an titim ghéar ar innéacs Stocmhalartán Milano;

(c)

mar gheall go raibh sé ina chúis le caillteanas airgeadais EUR 841 809,34 i bhfoirm caillteanais iarbhír agus EUR 998 683,90 i bhfoirm caillteanas brabúis;

(d)

mar gheall go raibh sé ina chúis le caillteanas airgeadais EUR 1 840 493,24 san iomlán;

(e)

mar gheall go raibh sé ina chúis le caillteanas neamhairgeadais i bhfoirm fhulaingt shíceolaíoch an iarratasóra agus theaghlach an iarratasóra agus damáiste don onóir, don chlú agus don chéannacht phearsanta agus ghairmiúil atá inchainníochtaithe ag EUR 1 000 000,00;

(f)

mar gheall go raibh sé ina chúis le caillteanas deise;

a ordú don BCE, i bpearsa an Uachtaráin de thuras na huaire, cúiteamh a sholáthar do Aldo D’Agostino as caillteanas airgeadais (lena gcuimsítear caillteanas iarbhír agus caillteanas brabúis), an caillteanas neamhairgeadais a leagtar amach thuas agus caillteanas deiseanna, arna mheasúnú de réir na gcritéar a leagtar amach sna caibidlí agus sna míreanna ábhartha den iarratas, trí íocaíochtaí a dhéanamh sna méideanna seo a leanas:

EUR 1 840 493,24 mar chaillteanas airgeadais;

EUR 1 000 000,00 mar chaillteanas neamhábhartha;

agus, dá bhrí sin, méid iomlán de EUR 2 840 493,24;

an méid arna mheas ag an gCúirt Ghinearálta, de réir a measúnaithe neamhchlaonta féin, maidir le caillteanas deise;

méid an úis mainneachtana arna ríomh ón 12 Márta 2020, dáta an teagmhais ba chúis leis an gcaillteanas, go dtí an dáta a íoctar an cúiteamh go hiarbhír;

mar mhalairt air sin, an t-iarratasóir a chúiteamh trí ordú a thabhairt don BCE, i bpearsa an Uachtaráin de thuras na huaire, cúiteamh a íoc as na haicmí caillteanais a liostaítear thuas, i méideanna atá difriúil ó na cinn thuas, arna mbunú le linn imeachtaí, a mhéid a mheastar a bheith cóir, lena n-áirítear leas a bhaint as tuarascáil ó shaineolaí arna coimisiúnú ag an gCúirt Ghinearálta, de bhun Airteagal 70 de Rialacha Nós Imeachta Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh;

móide ús mainneachtana atá le ríomh ón 12 Márta 2020, dáta an teagmhais ba chúis leis an gcaillteanas, go dtí an dáta a íoctar an cúiteamh go hiarbhír;

a ordú don chosantóir na costais dlí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil an BCE faoi dhliteanas faoin tríú mír d’Airteagal 340 CFAE agus faoi Airteagal 2043 den Codice civile (Cód Sibhialta na hIodáile) as an gcaillteanas airgeadais agus neamhábhartha a d’fhulaing an t-iarratasóir.

2.

An dara saincheist dlí lena dtagraítear do phrionsabail a bunaíodh i gcásdlí an Aontais Eorpaigh, go háirithe i mbreithiúnais an 28 Deireadh Fómhair 2021, Vialto Consulting v an Coimisiún (C-650/19 P, EU:C:2021:879), an 9 Feabhra 2022, QI agus páirtithe eile v an Coimisiún agus an BCE (T-868/16, EU:T:2022:58) agus an 21 Eanáir 2014, Klein v an Coimisiún (T-309/10, EU:T:2014:19).

Leagann an t-iarratasóir amach na coinníollacha nach mór a chomhlíonadh chun go dtabhóidh institiúid de chuid AE dliteanas neamhchonarthach i leith saoránach AE agus éilíonn sé go bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh sa chás seo.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar dhlí príomhúil agus tánaisteach an AE agus mí-úsáid cumhachta ag an Uachtarán.

Éilíonn an t-iarratasóir, an 12 Márta 2020, gur sháraigh an BCE, ag gníomhú dó trína Uachtarán, Airteagal 127 CFAE faoi Chaibidil 2, dar teideal “Beartas Airgeadaíochta”, Airteagail 3, 10, 11, 12, 13 agus 38 de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, agus Airteagal 17.2 agus Airteagal 17.3 de na Rialacha Nós Imeachta a glacadh le cinneadh ón BCE an 19 Feabhra 2004. (1) Maíonn an t-iarratasóir, trí thagairt a dhéanamh do thuarascáil theicniúil atá i gceangal leis, gur comhlíonadh na trí choinníoll nach mór a shásamh chun go dtabhóidh BCE dliteanas, agus nach bhfuil aon chúis eile leis na caillteanais.

4.

Déanann an ceathrú saincheist dlí an caillteanas airgeadais, an caillteanas neamhábhartha agus an caillteanas deise a d'fhulaing an t-iarratasóir a chainníochtú, a bhunú agus a dhoiciméadú.


(1)  Cinneadh 2004/257/CE ón mBanc Ceannais Eorpach an 19 Feabhra 2004 lena nglactar Rialacha Nós Imeachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE/2004/2) (IO 2004 L 80, lch. 33), arna leasú le Cinneadh BCE/2014/1 ón mBanc Ceannais Eorpach an 22 Eanáir 2014 (IO 2014 L 95, lch. 56).


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/63


Caingean arna tabhairt an 23 Feabhra 2023 – Stan v Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh

(Cás T-103/23)

(2023/C 155/80)

Teanga an cháis: an Rómáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Victor-Constantin Stan (Búcairist, an Rómáin) (ionadaí: A. Şandru, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta cinneadh an Bhuan-Dhlísheomra den Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh an 9 Nollaig 2022 i gcás coiriúil Uimh. 1.000026/2022 (“Cinneadh an Bhuan-Dhlísheomra” nó “an cinneadh a chonspóidtear”) agus na gníomhartha ina dhiaidh sin, toisc iad a bheith neamhdhleathach agus gan bhunús, ar bhonn na saincheisteanna dlí a leagtar amach sa chaingean seo a chur ar neamhní, agus, más iomchuí, neamh-infheidhmeacht forálacha an Rialacháin um Nós Imeachta Inmheánach ó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a thagann salach ar Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 a dhearbhú.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir go bunúsach, gur glacadh an cinneadh a chonspóidtear ón gCeathrú Buan-Dlísheomra de shárú ar Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), lena n-éilítear dhá bhuan-chomhaltaí ar an mBuan-Dhlísheomra, in éineacht le hUachtarán i gcomhdhéanamh an Bhuan-Dhlísheomra. D’eisigh Buan-Dhlísheomra nach raibh ann ach buan-chomhalta amháin in éineacht leis an Uachtarán agus an tIonchúisitheoir Eorpach maoirseachta, a bhí rannpháirteach sa chinnteoireacht, atá faoi chonspóid.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/63


Caingean arna tabhairt an 22 Feabhra 2023 – UY v an Coimisiún

(Cás T-108/23)

(2023/C 155/81)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: UY (ionadaí: R. Holzeisen, Dlíodóir)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta na hítimí a leanas a chur ar neamhní:

Cinneadh Cur Chun Feidhme (1) ón gCoimisiún an 3 Meán Fómhair 2022 lena ndeonaítear údarú margaíochta le haghaidh “Spikevax – Elasomeran”, táirge íocshláinte lena úsáid ag an duine, faoi Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh C(2021) 94(final), arna leasú agus arna bhforlíonadh, agus na Cinntí Cur Chun Feidhme roimhe sin a bhí ag teastáil ag an gCinneadh sin;

Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (2) i dtaobh táirgí íocshláinte ardteiripe – abairt dheireanach de Phointe 2.1 de Chuid IV d’Iarscríbhinn I;

Treoir 2009/120/CE ón gCoimisiún an 14 Meán Fómhair 2009 lena leasaítear Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine i dtaobh táirgí íocshláinte ardteiripe (3) – Iarscríbhinn a bhaineann leis an abairt dheireanach de Phointe 2.1 de Chuid IV.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Tá an chaingean bunaithe ar an gcúig saincheist dlí a leanas:

1.

An chéad saincheist dlí: Sárú tromchúiseach ar Airteagail 8, 11, 26, 54, 58, 59, 86 et seq., 101 et seq. de Threoir 2001/83/CE agus ar Chuid I, Cuid III agus Cuid IV a ghabhann le hIarscríbhinn I léi sin, ar Airteagail 3 go 7, 10a, 12, 14-a de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 (4) agus ar Dhearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Géanóm an Duine agus Cearta an Duine mar gheall ar an dul timpeall ar na hardchaighdeáin scrúdaithe a bheartaíodh i leith táirgí íocshláinte géinbhunaithe

Coisceadh cur i bhfeidhm na bhforálacha lena rialaítear údarú margaíochta arna leagan síos i leith táirgí íocshláinte ardteiripe, cé go gcomhfhreagraíonn na substaintí lena mbaineann, a dearbhaíodh gur vacsaíní i gcoinne galair aicídeacha iad, de facto do tháirgí íocshláinte géinbhunaithe.

Ar aon chaoi, níor ghlac an Coiste um Ardtheiripí de chuid GLE páirt sa nós imeachta maidir le húdarú margaíochta, a bhí de dhíth mar gheall amháin ar struchtúr géiniteach agus modh gníomhaíochta na substainte, beag beann ar an aicmiú mar tháirge íocshláinte géinbhunaithe.

Ar aon chaoi, sáraíodh na coinníollacha le haghaidh údarú margaíochta arna leagan síos i dtaobh vacsaíní bunaithe ar innealtóireacht ghéiniteach.

2.

An dara saincheist dlí: Sárú tromchúiseach ar Airteagal 8, 11, 26, 54, 58, 59, 86 et seq. Agus 101 et seq. de Threoir 2001/83/CE, agus ar Chuid I, Cuid III agus Cuid IV d’Iarscríbhinn I a ghabhann léi sin, ar Airteagail 3 go 7, 10a, 12, 14, 14a, 20, 20a, 25a, 57, 81, 84a de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 agus ar Airteagail 5 agus 7 de Rialachán (CE) Uimh 507/2006 (5)

Thiontaigh an Coimisiún Eorpach an chéad údarú margaíochta coinníollach le haghaidh Spikevax (Moderna), ar mholadh ón gCoiste um Tháirgí Íocshláinte lena n-úsáid ag an Duine (CHMP) de chuid GLE, ina údarú margaíochta neamhchoinníollach, nó ina údarú margaíochta gan oibleagáidí sonracha, cé nach ndearnadh staidéir ríbhunúsacha.

3.

An tríú saincheist dlí: Sárú ar Rialachán (AE) Uimh. 536/2014 (6)

Ó 2021 i leith, rinneadh turgnamh neamhdhleathach cógaseolaíochta agus géiniteach, le himpleachtaí faoin dlí coiriúil, ar phobal an Aontais Eorpaigh ar fad.

4.

An ceathrú saincheist dlí: Neamhbhailíocht na gCinntí Cur Chun Feidhme faoi cheist mar gheal ar mí-úsáid agus sárú ar Rialachán (CE) Uimh. 507/2006

5.

An cúigiú saincheist dlí: Neamhbhailíocht na gCinntí Cur Chun Feidhme faoi cheist mar gheall ar sárú tromchúiseach ar Airteagail 168 agus 169 ACFAE agus ar Airteagail 3, 35 agus 38 de Chairt AE


(1)  C(2022)7163 (final).

(2)  IO 2001 L 311, lch. 67.

(3)  IO 2009 L 242, lch. 3.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáide tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO 2004 L 136, lch. 1).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 507/2006 ón gCoimisiún an 29 Márta 2006 maidir le húdarú margaíochta coinníollach le haghaidh táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO 2006 L 92, lch. 6).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 536/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le trialacha cliniciúla ar tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/20/CE (IO 2014 L 158, lch. 1).


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/65


Caingean arna tabhairt an 23 Feabhra 2023 – UY v an Coimisiún

(Cás T-109/23)

(2023/C 155/82)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: UY (ionadaí: R. Holzeisen, Dlíodóir)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh Cur Chun Feidhme (1) ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2022 lena n-eisítear údarú margaíochta do “Comirnaty – tozinameran, vacsaín mRNA (núicléisíd-modhnaithe) in aghaidh COVID-19”, táirge íocshláinte lena úsáid ag an duine, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh C(2020) 9598 (final), lena n-áirítear na leasuithe agus an téacs a cuireadh leis, mar aon le cinntí cur chun feidhme roimhe sin a éilítear leis an gcinneadh sin, a chur ar neamhní;

Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gCód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (2), a mhéid a bhaineann le táirgí íocshláinte ardteiripe – Iarscríbhinn I Cuid IV pointe 2.1, an abairt dheireanach, a chur ar neamhní;

Treoir 2009/120/CE ón gCoimisiún an 14 Meán Fómhair 2009 lena leasaítear Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, a mhéid a bhaineann le táirgí íocshláinte ardteiripe (3) – iarscríbhinn a bhaineann le Cuid IV, pointe 2.1., an abairt dheireanach, a chur ar neamhní.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, ardaíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.

1.

An chéad shaincheist dlí: sárú an-tromchúiseach ar Airteagail 8, 11, 26, 54, 58, 59, 86 et seq., 101 et seq., Iarscríbhinn I, Cuid I, Cuid III, Cuid IV, de Threoir 2001/83 CE, Airteagail 3 go 7, 10a, 12, 14a de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 (4), mar aon le Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir leis an nGéanóm Daonna agus le Cearta an Duine, toisc go ndeachthas timpeall ar na coinníollacha déine trialach dá bhforáiltear le haghaidh táirgí íocshláinte géinteiripe

Dar léi, cuireadh bac ar na rialacha údaraithe dá bhforáiltear le haghaidh táirgí íocshláinte ardteiripe a chur i bhfeidhm, cé gurb ionann na substaintí lena mbaineann, a dearbhaíodh mar vacsaíní i gcoinne galar tógálach, agus táirgí íocshláinte géinteiripe, i ndáiríre.

Sa nós imeachta údaraithe, ar aon nós, mainníodh idirghabháil an choiste ardteiripe de chuid na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí a chinntiú, idirghabháil a éilítear mar gheall ar an teicníc ghéiniteach chun an tsubstaint a cheapadh agus a modh gníomhaíochta, agus sin amháin, cibé acu an rangaítear í mar ghéinteiripe nó nach rangaítear.

Sáraíodh na coinníollacha údaraithe dá bhforáiltear le haghaidh vacsaíní bunaithe ar theicníc ghéiniteach ar aon nós.

2.

An dara saincheist dlí: sárú an-tromchúiseach ar Airteagail 8, 11, 26, 54, 58, 59, 86 et seq., 101 et seq., Iarscríbhinn I, Cuid I, Cuid III, Cuid IV, de Threoir 2001/83/CE, Airteagail 3 go 7, 10a, 12, 14, 14a, 20, 20a, 25a, 57, 81, 84a, de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 agus Airteagail 5 agus 7 de Rialachán (CE) Uimh. 507/2006 (5).

Dar léi, rinne an Coimisiún Eorpach an t-údarú le haghaidh Comirnaty (BioNTech), nach raibh ach ina údarú coinníollach ar dtús, a thiontú ina údarú neamhchoinníollach, is é sin, nach mbaineann aon oibleagáidí leis, ar mholadh ón gCoiste um Tháirgí Íocshláinte lena nÚsáid ag an Duine (CHMP) den Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach, d’ainneoin gur fágadh ar lár staidéir bhunúsacha.

3.

An tríú saincheist dlí: sárú ar Rialachán (AE) Uimh. 536/2014 (6).

Ó 2021 ar aghaidh, tá daonra iomlán an Aontais Eorpaigh curtha faoi thurgnamh cógaisíochta ar theicníc ghéiniteach neamhdhleathach a thagann faoin dlí coiriúil.

4.

An ceathrú saincheist dlí: neamhbhailíocht na gCinntí Cur Chun Feidhme atá faoi chonspóid as mí-úsáid agus sárú ar Rialachán (CE) Uimh. 507/2006.

5.

An cúigiú saincheist dlí: neamhbhailíocht na gCinntí Cur Chun Feidhme atá faoi chonspóid as sárú tromchúiseach ar Airteagail 168 agus 169 CFAE agus ar Airteagail 3, 35 agus 38 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.


(1)  C(2022)7342 (final).

(2)  IO 2011 L 311, lch. 67.

(3)  IO 2009 L 242, lch. 3.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáid tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO 2004 L 136, lch. 1).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 507/2006 ón gCoimisiún an 29 Márta 2006 maidir le húdarú margaíochta coinníollach le haghaidh táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO 2006 L 92, lch. 6).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 536/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le trialacha cliniciúla ar tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/20/CE (IO 2014 L 158, lch. 1).


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/66


Caingean arna tabhairt an 3 Márta 2023 – Insider v EUIPO – Alaj (in Insajderi)

(Cás T-119/23)

(2023/C 155/83)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Insider LLC (Prishtina, Poblacht na Cosaive) (ionadaí: M. Ketler, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Florim Alaj (Zug, an Eilvéis)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha an Aontais Eorpaigh “in Insajderi” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 255 587

Nós imeachta roimh EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 5 Nollaig 2022 i gCás R 1152/2022-5

An t-ordú atá lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO costais na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta arna dtabhú ag an iarratasóir a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(3) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sáruithe ar rialacha nós imeachta a bhaineann leis na himeachtaí os comhair EUIPO;

Sárú ar Airteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/67


Caingean arna tabhairt an 3 Márta 2023– UZ v an Coimisiún agus ECHA

(Cás T-121/23)

(2023/C 155/84)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: UZ (ionadaithe: H. Estreicher, A. Bartl agus M. Escorneboueu, Dlíodóirí)

Cosantóirí: An Coimisiún Eorpach, an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú go bhfuil an t-iarratas inghlactha agus go bhfuil bunús maith leis;

cinneadh ón gCoimisiún Eorpach (grow.f.1(2022)9602146) dar dáta an 21 Nollaig 2022, agus an tuarascáil atá i gceangal leis ó ECHA a chur ar neamhní, maidir le diúltú d’iarraidh ó Concawe, ag gníomhú dó thar ceann a chomhaltaí (lena n-áirítear an t-iarratasóir) go ndéanfaí athbhreithniú ar liostú na substainte feanaintréine mar shubstaint ar ábhar mór imní é;

a ordú do na cosantóirí costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomh-argóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear go ndearna an Coimisiún Eorpach earráid fhollasach measúnaithe trí gan sainordú a thabhairt do ECHA sainchomhad a ullmhú chun athmheastóireacht a dhéanamh ar liostú feanaintréine ar an liosta substaintí inbhreithnithe, in ainneoin gur léirigh cineál na faisnéise nua agus na tuarascála ó ECHA araon go raibh an fhaisnéis nua ábhartha don athmheastóireacht.

2.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear gur ghníomhaigh na cosantóirí ultra vires agus/nó gur sháraigh siad Airteagal 59 REACH trí athmheasúnú cinntitheach a dhéanamh ar díliostú feanaintréine, in ionad a measúnú a theorannú don cheist an bhfuil an fhaisnéis nua iontaofa agus ábhartha don athmheasúnú.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/68


Caingean arna tabhairt an 6 Márta 2023 – Ege İhracatçıları Birliği agus Páirtithe Eile v an Coimisiún

(Cás T-122/23)

(2023/C 155/85)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: Ege İhracatçıları Birliği (Konak, an Tuirc), Akdeniz İhracatçıları Birliği (Yenişehir, an Tuirc), İstanbul İhracatçıları Birliği (Yenibosna, an Tuirc), Doğu Karadeniz İhracatçıları Birliği (Ortahisar, an Tuirc), Denizli İhracatçıları Birliği (Pamukkale, an Tuirc), Abalıoğlu Balık ve Gıda Ürünleri AŞ (Honaz, an Tuirc), Bağcı Balık Gıda ve Enerji Üretimi Sanayi ve Ticaret AŞ (Köyceğiz, an Tuirc), Ertuğ Balık Üretim Tesisi Gıda ve Tarım İşletmeleri Sanayi ve Ticaret AŞ (Bornova, an Tuirc), Gümüşdoğa Su Ürünleri Üretim İhracat ve İthalat AŞ (Milas, an Tuirc), Kemal Balıkçılık İhracat Limited Şirketi (Sancaktepe, an Tuirc), Kılıç Deniz Ürünleri Üretimi İhracat ve İthalat AŞ (Bodrum, an Tuirc), Kuzuoğlu Su Ürünleri Sanayi ve Ticaret AŞ (Merkez, an Tuirc), Liman Entegre Balıkçılık Sanayi ve Ticaret Limited Şirketi (Maltepe, an Tuirc), More Su Ürünleri Ticaret AŞ (Bornova, an Tuirc), Ömer Yavuz Balıkçılık Su Ürünleri ve Ticaret Limited Şirketi (Merkez, an Tuirc), Özpekler İnşaat Taahhüt Dayanıklı Tüketim Malları Su Ürünleri Sanayi ve Ticaret Limited Şirketi (Merkezefendi, an Tuirc), Premier Kültür Balıkçılığı Yatırım ve Pazarlama AŞ (Maltepe, an Tuirc), Selina Balık İşleme Tesisi İthalat İhracat Ticaret AŞ (Seydikemer, an Tuirc), Uluturhan Balıkçılık Turizm Ticaret Limited Şirketi (Dinar, an Tuirc), Yavuzlar Otomotiv Balıkçılık Sanayi ve Ticaret Limited Şirketi (Pamukkale, an Tuirc) (ionadaithe: G. Coppo agus A. Scalini, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2390 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2022 lena leasaítear an dleacht frithchúitimh chinntitheach arna forchur ar allmhairí breac dea-dhathach áirithe de thionscnamh na Tuirce le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/823 tar éis páirt-athbhreithniú eatramhach de bhun Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) (an “Rialachán atá faoi chonspóid”) a chur ar neamhní a mhéid a bhaineann sé leis na hiarratasóirí;

a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn na hiarratasóirí seacht saincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear go sáraítear Airteagail 1(1), 3(2), 5 agus 7 den Bhunrialachán leis an Rialachán atá faoi chonspóid a mhéid a mhainnigh an Coimisiún anailís faoi bhealach a dhéanamh maidir leis an bhfóirdheontas de réir an chileagraim de bhreac ceannaithe.

2.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear go sáraítear Airteagal 22(6) den Bhunrialachán leis an Rialachán atá faoi chonspóid a mhéid a chuir an Coimisiún modheolaíocht nua i bhfeidhm chun an fóirdheontas de réir an chileagraim de bhreac ceannaithe a chinneadh.

3.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear go sáraítear Airteagail 1(1), 3(2), 5 agus 7 den Bhunrialachán leis an Rialachán atá faoi chonspóid a mhéid a rinne an Coimisiún earráidí follasacha agus méid an fhóirdeontais de réir an chileagraim de bhreac ceannaithe á ríomh.

4.

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear go sáraítear Airteagal 22(6) den Bhunrialachán leis an Rialachán atá faoi chonspóid a mhéid a chuir an Coimisiún breac mór san áireamh agus an fóirdheontas de réir an chileagraim de bhreac ceannaithe á ríomh.

5.

An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear go sáraítear Airteagail 1(1), 3(2), 5 agus 7 den Bhunrialachán leis an Rialachán atá faoi chonspóid a mhéid a chuir an Coimisiún breac mór san áireamh agus an fóirdheontas de réir an chileagraim de bhreac ceannaithe á ríomh.

6.

An séú saincheist dlí, lena n-éilítear go sáraítear Airteagal 3 den Bhunrialachán leis an Rialachán atá faoi chonspóid a mhéid a chinn an Coimisiún gur chóir iasachtaí áirithe a bhraitheann ar onnmhairiú arna ndeonú do Gümüşdoğa ag bainc phríobháideacha a shannadh ar Rialtas na Tuirce.

7.

An seachtú saincheist dlí, lena n-éilítear go sáraítear Airteagail 5, 7(2) agus 7(4) den Bhunrialachán leis an Rialachán atá faoi chonspóid a mhéid a rinne an Coimisiún earráidí follasacha agus corrlach fóirdheontais Gümüşdoğa á ríomh.


(1)  IO 2022 L 316, lch. 52.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/69


Caingean arna tabhairt an 9 Márta 2023 – VC v EU-OSHA

(Cás T-126/23)

(2023/C 155/86)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: VC (ionadaithe: J. Rodríguez Cárcamo, S. Centeno Huerta, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA)

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

de bhun Airteagal 263 CFAE, Cinneadh 2023/01 an 18 Eanáir 2023 ó Stiúrthóir Feidhmiúcháin Eatramhach EU-OSHA maidir le heisiamh ó rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair, deontais, duaiseanna, dámhachtainí agus ionstraimí airgeadais a chumhdaítear le buiséad ginearálta an Aontais agus nósanna imeachta dámhachtain a chumhdaítear le CEF ar bhonn Rialachán (AE) 2018/1877 (1) ón gComhairle a chur ar neamhní ina iomláine,

mar mhalairt rogha, de bhun Airteagal 261 CFAE agus Airteagal 143(9) de Rialachán 2018/1046 (2) (an “Rialachán Airgeadais”) pionós eacnamaíoch a chur in áit an bhirt eisiata agus/nó Airteagal 4 den chinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní maidir leis an mbeart foilsithe,

a ordú do EU-OSHA costais na n-imeachtaí seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 106(2) de Rialachán 966/2012 (3) arna leasú le Rialachán 2015/1929 (4) (an “Rialachán Airgeadais is infheidhme ó Eanáir 2016”) arna léamh i gcomhar leis an gceart chun leighis éifeachtaigh, a chosnaítear le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, le luach an smachta reachta a dhearbhaítear in Airteagal 19(1) CAE, le prionsabal an chomhair dhílis, a leagtar síos in Airteagal 4(3) CAE agus le hAirteagal 325(1) CFAE. Maítear nár urramaíodh an cinneadh maidir le fionraí arna ghlacadh ag an údarás breithiúnach náisiúnta inniúil leis an gcinneadh atá faoi chonspóid.

2.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 106(7)(a) den Rialachán Airgeadais is infheidhme ó Eanáir 2016 (atá comhionann le hAirteagal 136(6)(a) den Rialachán Airgeadais) agus earráidí measúnaithe tromchúiseacha. Maítear gur mheas an t-oifigeach údarúcháin inniúil, mar thoradh ar earráidí measúnaithe tromchúiseacha, nach raibh na bearta ceartaitheacha arna nglacadh ag an iarratasóir leordhóthanach chun an bearta eisiata a fhágáil gan feidhm.

3.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar an méid a leagtar síos in Airteagal 106(3) agus (7)(a) agus (d) den Rialachán Airgeadais is infheidhme ó Eanáir 2016, arna léamh i gcomhar le prionsabal na comhréireachta, ós rud é go ndearna an t-oifigeach údarúcháin inniúil earráidí follasacha measúnaithe.

4.

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 140(1) den Rialachán Airgeadais (atá comhionann le hAirteagal 106(16) den Rialachán Airgeadais is infheidhme ó Eanáir 2016), ar Airteagal 140(2)(b) den Rialachán Airgeadais (atá comhionann le hAirteagal 106(17)(b) den Rialachán Airgeadais is infheidhme ó Eanáir 2016) agus ar Airteagal 136(3) den Rialachán Airgeadais, mar gheall ar mhainneachtain cúiseanna a lua leis an gcinneadh foilsithe.

5.

An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 106(13)(a) den Rialachán Airgeadais is infheidhme ó Eanáir 2016. Maítear nach ndearna an t-oifigeach údarúcháin inniúil measúnú ar chur i bhfeidhm pionóis airgid mar mhalairt rogha ar an gcinneadh eisiata, sa chaoi gur cheart an cinneadh a chur ar neamhní mar gheall ar mhainneachtain cúiseanna a lua. In aon chás, iarrtar ar an gCúirt Ghinearálta, i gcás ina gcinneann sí gan an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní ina iomláine, pionós atá réasúnta ag féachaint d’imthosca an cháis a chur in áit an bhirt eisiata, i gcomhréir le hAirteagal 261 CFAE agus Airteagal 143(9) den Rialachán Airgeadais.


(1)  Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/323 (IO 2018 L 307, lch. 1 ).

(2)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014 agus (AE) Uimh. 283/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ( IO 2018 L 193, lch. 1 ).

(3)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle ( IO 2012 L 298, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2015/1929 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Deireadh Fómhair 2015 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 966/2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO 2015 L 286, lch. 1).


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/70


Caingean arna tabhairt an 9 Márta 2023 – eClear v an Coimisiún

(Cás T-127/23)

(2023/C 155/87)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: eClear AG (Beirlín, an Ghearmáin) (ionadaí: R. Thomas, Dlíodóir)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Diúltú intuigthe an 4 Eanáir 2023 d’iarratas an iarratasóra ar rochtain ar dhoiciméid de chuid an Choimisiúin an 14 Meán Fómhair 2022 – tagairt GESTDEM 2022/5489 – lena n-iarrann sé rochtain ar na cinntí go léir maidir le faisnéis faoi tharaifí ceangailteacha ó 2004 i leith a chur ar neamhní;

a ordú don chosantóir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Chun tacú lena chaingean, ardaíonn an t-iarratasóir dhá saincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí: Sárú ar Airteagal 2(1) de Rialachán 1049/2001 (1)

Is doiciméid iad, de réir bhrí Rialachán 1049/2001, na cinntí maidir le faisnéis faoi tharaifí ceangailteacha.

Ina chinneadh ar an gcéad iarratas, níor chuir an Coimisiún san áireamh gur cuireadh chuige cinntí maidir le faisnéis faoi tharaifí ceangailteacha ar pháipéar roimhe seo, agus tagann siad go léir faoin gcoincheap de dhoiciméad i Rialachán 1049/2001;

Measann an Coimisiún, go mícheart, nach doiciméid iad, de réir bhrí Rialachán 1049/2001, na cinntí neamhbhailí maidir le faisnéis faoi tharaifí ceangailteacha nach bhfuil ar fáil don phobal a thuilleadh ar líne. Is doiciméad é a d’fhéadfaí a chur ar fáil don iarratasóir an bunachar sonraí ina iomláine i ndáil le faisnéis faoi tharaifí ceangailteacha.

I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, is doiciméid iad, de réir bhrí an Rialacháin, na cinntí aonair maidir le faisnéis faoi tharaifí ceangailteacha freisin ós rud é go bhfuil rochtain ag oifigigh AE orthu trí na huirlisí atá ar fáil dóibh.

2.

An dara saincheist: Sárú ar Airteagal 42 den Chairt um Chearta Bunúsacha. Measann an t-iarratasóir an méid seo a leanas:

Sárú ar Airteagal 42 den Chairt um Chearta Bunúsacha a bheadh ann dá mbeadh sé mar thoradh ar dhearadh an bhunachair sonraí i ndáil le cinntí maidir le faisnéis faoi tharaifí ceangailteacha nach dtiocfadh cinntí neamhbhailí faoin gcoincheap de dhoiciméad i Rialachán 1049/2001 a thuilleadh, agus ní fhéadfadh an Coimisiún an méid sin a agairt.

Níl aon amhras ach gur doiciméid de réir bhrí Rialachán 1049/2001 iad na cinntí bailí maidir le faisnéis faoi tharaifí ceangailteacha atá ar fáil sa bhunachar.

Dá mbeadh sé mar thoradh ar an gcur chuige iarbhír – sa chás seo, ríomhchlárú bunachair sonraí – atá ag institiúid AE nach dtiocfadh doiciméid áirithe faoi raon feidhme Rialachán 1049/2001, is é a bheadh i gceist leis sin ná cur isteach ar an gceart chun rochtana ar dhoiciméid na hinstitiúide. Ní mór an cur isteach sin a scrúdú i bhfianaise Airteagal 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha.

Sa chás seo, ní léir aon bhunús dlí lena ligfí don Choimisiún cinntí maidir le faisnéis faoi tharaifí ceangailteacha atá tar éis dul in éag a bhaint ó raon feidhme na Cairte um Chearta Bunúsacha.

Thairis sin, ní léir ach an oiread céard iad na leasanna príobháideacha nó poiblí, de réir bhrí an dara fomhír d’Airteagal 15(3) CFAE, a bhí á saothrú trí chur isteach a dhéanamh ar Airteagal 42 den Chairt um Chearta Bunúsacha.


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO 2001 L 145, lch. 43).


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/71


Caingean arna tabhairt an 9 Márta 2023 – Meta Platforms Ireland v an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí

(Cás T-128/23)

(2023/C 155/88)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Meta Platforms Ireland Ltd (Baile Átha Claith, Éire) (ionadaithe: H.-G. Kamann, F. Louis, M. Braun agus A. Vallery, Dlíodóirí, P. Nolan, B. Johnston, C. Monaghan agus D. Breatnach, Aturnaetha, D. McGrath, E. Egan McGrath agus H. Godfrey, Abhcóidí)

Cosantóir: an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí (BECS)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

go gcuirfí ar neamhní ina iomláine Cinneadh Ceangailteach 4/2022 ó BECS maidir leis an díospóid arna tíolacadh ag an údarás maoirseachta Éireannach i leith Meta Platforms Ireland Limited agus a sheirbhíse Instagram (Airteagal 65 RGCS) a glacadh an 5 Nollaig 2022 nó, mar mhalairt rogha, go gcuirfí ar neamhní na codanna ábhartha de; agus

a ordú don chosantóir costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, ardaíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.

(1)

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear gur sháraigh BECS a inniúlacht faoi Airteagal 65 de RGCS.

(2)

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear gur sháraigh BECS Airteagal 6(1)(b) de RGCS trí léiriú ró-chúng a dhéanamh ar choincheap an riachtanais chonarthaigh agus leis an gcaighdeán mícheart dlí sin a chur i bhfeidhm go mícheart ar bhonn léiriú mícheart a dhéanamh ar Théarmaí Úsáide Meta Ireland.

(3)

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear gur sháraigh BECS an ceart chun dea-riaracháin a chumhdaítear in Airteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(4)

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear gur mhainnigh BECS gníomhú mar chomhlacht neamhchlaonta.

(5)

An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear gur sháraigh BECS Airteagal 83 de RGCS agus bunphrionsabail éagsúla lena rialaítear socrú fíneálacha faoi RGCS.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/72


Caingean arna tabhairt an 9 Márta 2023 – Meta Platforms Ireland v an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí

(Cás T-129/23)

(2023/C 155/89)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Meta Platforms Ireland Ltd (Baile Átha Claith, Éire) (ionadaithe: H.-G. Kamann, F. Louis, M. Braun agus A. Vallery, Dlíodóirí, P. Nolan, B. Johnston, C. Monaghan agus D. Breatnach, Aturnaetha, D. McGrath, E. Egan McGrath agus H. Godfrey, Abhcóidí)

Cosantóir: an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí (BECS)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

go gcuirfí ar neamhní ina iomláine Cinneadh Ceangailteach 3/2022 ó BECS maidir leis an díospóid arna tíolacadh ag an údarás maoirseachta Éireannach i leith Meta Platforms Ireland Limited agus a sheirbhíse Facebook (Airteagal 65 RCGS) a glacadh an 5 Nollaig 2022 nó, mar mhalairt rogha, go gcuirfí ar neamhní na codanna ábhartha de; agus

a ordú don chosantóir costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, ardaíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.

(1)

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear gur sháraigh BECS a inniúlacht faoi Airteagal 65 de RGCS.

(2)

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear gur sháraigh BECS Airteagal 6(1)(b) de RGCS trí léiriú ró-chúng a dhéanamh ar choincheap an riachtanais chonarthaigh agus leis an gcaighdeán mícheart dlí sin a chur i bhfeidhm go mícheart ar bhonn léiriú mícheart a dhéanamh ar Théarmaí Úsáide Meta Ireland.

(3)

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear gur sháraigh BECS an ceart chun dea-riaracháin a chumhdaítear in Airteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(4)

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear gur mhainnigh BECS gníomhú mar chomhlacht neamhchlaonta.

(5)

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh BECS Airteagal 83 de RGCS agus bunphrionsabail éagsúla lena rialaítear socrú fíneálacha faoi RCGS.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/73


Caingean arna tabhairt an 10 Márta 2023 – Nike Innovate v EUIPO – Puma (FOOTWARE)

(Cás T-130/23)

(2023/C 155/90)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Nike Innovate CV (Beaverton, Oregon, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaí: J.-C. Rebling, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Puma SE (Herzogenaurach, an Ghearmáin)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “FOOTWARE” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 18 035 847

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 9 Eanáir 2023 i gCás R 2173/2021-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

go seasfadh sí leis an gcinneadh ó Rannán Cúlghairme EUIPO chun an clárú a chaomhnú ina iomláine;

a ordú do EUIPO costais an iarratasóra a íoc.

Saincheisteanna dlí

Sháraigh an Bord Achomhairc, agus chuir sé i bhfeidhm go mícheart, Airteagal 59(1)(a) i gcomhar le hAirteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí léiriú mícheart a dhéanamh ar chineál tréithe cuí lena bhféadfaí an fhoráil sin a shárú;

Sháraigh an Bord Achomhairc, agus chuir sé i bhfeidhm go mícheart, Airteagal 59(1)(a) i gcomhar le hAirteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle gan na bealaí éagsúla a mheas ina n-aithneofaí an trádmharc i ndáil le raon feidhme leathan na n-earraí agus na seirbhísí aonair a thagann faoin gclárú;

Sháraigh an Bord Achomhairc, agus chuir sé i bhfeidhm go mícheart, Airteagal 59(1)(a) i gcomhar le hAirteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle gan a mheas i gceart conas a d’aithneofaí an trádmharc i ndáil leis na hearraí ag grúpaí éagsúla tomhaltóirí a bhfuil eolas difriúil acu ar an mBéarla agus gan a mheas conas a dhéanfaí difear d’aithint an trádmhairc sin leis an tuiscint theangeolaíoch sin;

Chuir an Bord Achomhairc i bhfeidhm go mícheart Airteagal 95(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus sháraigh sé Airteagal 27(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 ón gCoimisiún;

Sháraigh an Bord Achomhairc Airteagal 95(1) de Rialacháin (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/74


Ordú na Cúirte Ginearálta an 9 Márta 2023 – Aitana v EUIPO

(Cás T-355/22) (1)

(2023/C 155/91)

Teanga an cháis: an Spáinnis

D’ordaigh Uachtarán an naoú Dlísheomra an cás a bhaint ón gclár.


(1)  IO C 303 an 8.8.2022.