2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/28


Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin) a taisceadh an 19 Eanáir 2023 – ND v DR

(Cás C-21/23, Lindenapotheke)

(2023/C 155/35)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Cosantóir agus achomharcóir ar phointe dlí: ND

Iarratasóir agus freagróir san achomharc ar phointe dlí: DR

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

Leis na rialacha i gCaibidil III den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (1), an gcuirtear cosc ar rialacha náisiúnta lena dtugtar – in éineacht le cumhachtaí idirghabhála na n-údarás maoirseachta i dtaobh an Rialachán a mhaoirsiú agus a fhorfheidhmiú agus roghanna leigheasanna dlí na n-ábhar sonraí – an chumhacht d’iomaitheoirí chun caingean a thabhairt i gcoinne an tsáraitheora os comhair na gcúirteanna sibhialta i leith sáruithe ar an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí i bhfianaise an choisc ar chleachtais tráchtála mhíchothroma?

2.

An ionann na sonraí a iontrálann custaiméirí poitigéara, atá ag gníomhú mar dhíoltóir ar ardán díolacháin ar líne, agus iad ag ordú leigheasanna ar an ardán nach mór a cheannach ó phoitigéir, ach ní leigheasanna a bhfuil oideas ag teastáil ina leith (ainm an chustaiméara, seoladh seachadta agus faisnéis arna teastáil chun na leigheasanna nach mór a cheannach ó phoitigéir arna n-ordú a shainoiriúint) agus sonraí a bhaineann leis an tsláinte de réir bhrí Airteagal 9(1) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus Airteagal 8(1) den Treoir um Chosaint Sonraí (2)?


(1)  Rialachán (AE) 2016/679 an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1).

(2)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO 1995 L 281, lch. 31).