20.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 104/14


Iarraidh ar réamhrialú ón Simvoulio tis Epikratias (an Ghréig) a taisceadh an 2 Nollaig 2022 – Micreos Food Safety BV v Eniaios Foreas Elegchou Trofimon (EFET)

(Cás C-745/22)

(2023/C 104/17)

Teanga an cháis: an Ghréigis

An chúirt a rinneadh an tarchur

Symvoulio tis Epikrateias

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Micreos Food Safety BV

Cosantóir: Eniaios Foreas Elegchou Trofimon (EFET)

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gá Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 (1) a léiriú sa chiall go dtagann táirge, amhail Listex™ P100 arna dhéanamh ag an iarratasóir, a bhfuil na saintréithe air a thuairiscítear sa tuairim ábhartha ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) an 7 Iúil 2016 agus a chuirtear ar an táirge de bhunadh ainmhíoch, dár leis an iarratasóir, lasmuigh de sheamlais le linn chéimeanna deiridh an phróisis táirgthe agus nach mbeartaítear leis deireadh a chur le héilliú dromchla i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch, ach éilliú dromchla a chosc, faoi raon feidhme Airteagal 3(2) den Rialachán (agus, dá bhrí sin, go bhfuil a dháileadh ar an margadh Eorpach faoi réir réamhúdarú ón gCoimisiún faoi Airteagal 11d den Rialachán)?

I gcás freagra diúltach ar an gcéad cheist,

2.

An gá Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 (2) a léiriú sa chiall gurb ionann táirge thuasluaite an iarratasóra agus breiseán bia nó áis phróiseála (Airteagal 3(2)(a) agus (b) de Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008)?


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais i dtaca le bia de bhunadh ainmhíoch (IO 2004 L 139, lch. 55).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bhia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bhia (IO 2008 L 354, lch. 16).