19.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 359/37


Iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d’État (an Fhrainc) a taisceadh an 15 Meitheamh 2022 – Confédération paysanne v Ministère de l’Agriculture et de la Souveraineté alimentaire, Ministère de l’Économie, des Finances et de la Souveraineté industrielle et numérique

(Cás C-399/22)

(2022/C 359/42)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Conseil d’État

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Confédération paysanne

Cosantóir: Ministère de l’Agriculture et de la Souveraineté alimentaire, Ministère de l’Économie, des Finances et de la Souveraineté industrielle et numérique

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1.

An bhfuil forálacha Rialachán Uimh. 1169/2011 (1), Rialachán Uimh. 1308/2011 (2) Rialachán Uimh. 543/2011 (3) agus Rialachán Uimh. 952/2013 (4) le léiriú mar fhorálacha lena n-údaraítear do Bhallstát beart náisiúnta a ghlacadh lena dtoirmisctear allmhairí, de thionscnamh tíre áirithe, de thorthaí agus glasraí a sháraíonn Airteagal 26 de Rialachán Uimh. 1169/2011 agus 76 de Rialachán Uimh. 1308/2013 toisc nach luaitear orthu an tír nó an chríoch a bhfuil siad dá tionscnamh i ndáiríre, go háirithe nuair atá an faillí sin ollmhór agus go mbeidh sé fíor dheacair iad a rialú nuair a bheidh na táirgí tar éis dul isteach i gcríoch an Aontais?

2.

Sa chás go bhfuil freagra na chéad cheiste dearfach, an bhfuil an Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha, arna cheadú le Cinneadh ón gComhairle an 28 Eanáir 2019 lena leasaítear Prótacail 1 agus 4 ar Chomhaontú Comhlachais Eora-Mheánmhara an 26 Feabhra 1996 lena mbunaítear comhlachas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit agus Maracó, le léiriú ar chaoi a chiallaíonn, maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 9 agus 26 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 agus Airteagal 76 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ar thaobh amháin, go bhfuil Maracó mar thír thionscnaimh ag torthaí agus glasraí a bhaintear i gcríoch an tSahára Thiar agus, ar an taobh eile, go bhfuil údaráis Mharacó inniúil ar na deimhnithe comhréireachta dá bhforáiltear i Rialachán 543/2011 a eisiúint do thorthaí agus do ghlasraí a baineadh sa chríoch sin?

3.

Sa chás go bhfuil freagra an dara ceist dearfach, an bhfuil cinneadh na Comhairle an 28 Eanáir 2019, ag ceadú an chomhaontaithe sin i bhfoirm malartú litreacha, i gcomhréir le hAirteagal 3(5) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, le hAirteagal 21 den Chonradh sin agus le gnáth-phrionsabal an fhéinchinntiúcháin arna mheabhrú, inter alia, in Airteagal 1 de Chairt na Náisiún Aontaithe?

4.

Ar cheart Airteagail 9 agus 26 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 agus Airteagal 76 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a léirmhíniú ar chaoi a chiallaíonn, ag céim na hallmhairithe agus céim an díola don tomhaltóir, nach féidir le pacáistiú ar thorthaí agus glasraí a bhaintear i gcríoch an tSahára Thiar Maracó a lua mar thír thionscnaimh agus nach mór críoch an tSahára Thiar a lua?


(1)  Rialachán (AE) Uimh 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1924/2006 agus (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2002/67/CE agus 2008/5/CE ón gCoimisiún, Treoracha 2002/67/CE agus 2008/5/CE ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 608/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 (IO 2011 L 304, lch. 18 agus ceartúchán IO 2013 L 163, lch. 32).

(2)  Rialachán (AE) Uimh 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht ar na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 (IO 2013 L 347, lch. 671).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh 543/2011 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle maidir leis na hearnálacha torthaí agus glasraí agus na hearnálacha torthaí agus glasraí próiseáilte (IO 2011 L 157, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) Uimh 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear Cód Custaim an Aontais (IO 2013 L 269, lch. 1, agus ceartúchán IO 2013 L 287, lch. 90).