19.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 359/28


Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal d'arrondissement de Luxembourg (Lucsamburg) arna taisceadh an 9 Meitheamh 2022 — CM v DN

(Cás C-372/22)

(2022/C 359/31)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal d'arrondissement de Luxembourg

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: CM

Cosantóir: DN

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An bhfuil feidhm ag Airteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 ón gComhairle an 27 Samhain 2003 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus le freagracht tuismitheora, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1347/2000, (1) maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

iarratas ar chearta rochtana a mhodhnú de réir bhrí Airteagal 2(10) den Rialachán sin arna dhéanamh ag duine ar deonaíodh na cearta sin dó de bhun cinneadh breithiúnach, le héifeacht mhoillithe ar mhaithe le leas na leanaí, ach atá tagtha chun bheith críochnaitheach agus a bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige, a rinneadh sa Stát ina raibh gnáthchónaí ar na leanaí roimhe sin níos mó ná ceithre mhí sula ndearnadh iarratas faoi Airteagal 9(1);

(b)

d'fhonn an riail ghinearálta, lena dtugtar dlínse, dá bhforáiltear in Airteagal 8 den Rialachán sin, a eisiamh,

cé go sonraítear in aithris 12 den rialachán sin go ndéanfar “na forais dlínse in ábhair maidir le freagracht tuismitheora a bhunaítear sa Rialachán reatha a bheartú i bhfianaise leas an linbh, go háirithe i bhfianaise chritéar na gaireachta; ciallaíonn sé [sin] gur cheart go mbeadh an dlínse sa chéad áit ag an mBallstát ina bhfuil gnáthchónaí ar an leanbh, ach amháin i gcásanna áirithe ina mbíonn athrú ar ghnátháit chónaithe an linbh[…]”?

2.

I gcás freagra dearfach ar an gcéad cheist an gcuirtear cosc leis an dlínse atá ann faoi Airteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003, dá bhforáiltear “de mhaolú ar Airteagal 8” den rialachán sin, ar chur i bhfeidhm Airteagal 15 den rialachán sin, dá bhforáiltear “mar eisceacht” agus “i gcás ina dtéann sé sin chun leasa an linbh”?


(1)  IO 2003 L 338, lch. 1.