11.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 283/32


P9_TA(2023)0035

Comhaontú Comhpháirtíochta Deonaí idir an tAontas Eorpach agus an Ghuáin: forfheidhmiú an dlí maidir le foraoisí, agus rialachas agus trádáil táirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach

Rún neamhreachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Feabhra 2023 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle i dtaca le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Deonaí idir an tAontas Eorpach agus Comharphoblacht na Guáine i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil táirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach i dtaca le foraoisí (09272/2022 – C9-0432/2022 – 2022/0142M(NLE))

(2023/C 283/18)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún le haghaidh cinneadh ón gComhairle an 10 Bealtaine 2022 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Deonaí idir an tAontas Eorpach agus Comharphoblacht na Guáine i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil táirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach i dtaca le foraoisí (COM(2022)0200),

ag féachaint do dhréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Deonaí idir an tAontas Eorpach agus Comharphoblacht na Guáine i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil táirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach i dtaca le foraoisí (09272/2022),

ag féachaint don dréacht-Chomhaontú Comhpháirtíochta Deonaí idir an tAontas Eorpach agus Comharphoblacht na Guáine i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil táirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach i dtaca le foraoisí (09271/2022),

ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir leis na chéad fhomhíreanna d’Airteagail 207(3), agus 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(6), an chéad fhomhír, pointe (a)(v), agus Airteagal 218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0432/2022),

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle an 20 Nollaig 2005 maidir le scéim ceadúnúcháin FLEGT a chur ar bun i gcás allmhairí adhmaid sa Chomhphobal Eorpach (1) (Rialachán FLEGT),

ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 lena leagtar síos oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh (2) (Rialachán Adhmaid AE),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640), agus do rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2020 maidir leis (3),

ag féachaint don Chomhaontú a glacadh ag an 21ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (COP21) i bPáras an 12 Nollaig 2015 (Comhaontú Pháras),

ag féachaint do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe,

ag féachaint do rún uaithi an 16 Meán Fómhair 2020 maidir le ról an Aontais maidir le foraoisí an domhain a chosaint agus a athbhunú (4),

ag féachaint don rún uaithi an 22 Deireadh Fómhair 2020 maille le moltaí don Choimisiún maidir le creat dlíthiúil AE chun stop a chur le dífhoraoisiú domhanda atá á thiomáint ag an Aontas agus é a aisiompú (5),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 21 Bealtaine 2003 dar teideal Forest law enforcement, governance and trade (FLEGT): proposal for an EU action plan (COM(2003)0251)[Forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil i dtaca le foraoisí (FLEGT): togra le haghaidh plean gníomhaíochta AE] agus do phlean oibre 2018-2022 maidir lena chur chun feidhme,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2021 maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoise a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas mar aon leis sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 (COM(2021)0706) (An Rialachán maidir le Dífhoraoisiú),

ag féachaint do sheasamh uaithi an 14 Feabhra 2023 (6) ar an dréachtchinneadh ón gComhairle,

ag féachaint do Riail 105(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do thuairim ón gCoiste um Fhorbairt,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A9-0018/2023),

A.

de bhrí, i mí na Samhna 2018, gur thug an tAontas agus an Ghuáin caibidlíochtaí i gcrích maidir le Comhaontú Comhpháirtíochta Deonaí (VPA) i ndáil le Forfheidhmiú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí (FLEGT); de bhrí, an 10 Márta 2022, gur tháinig an Ghuáin agus AE ar chomhaontú maidir le creat cur chun feidhme comhpháirteach nuashonraithe – treochlár mionsonraithe chun VPA a chur chun feidhme, arb é is aidhm dó rialachas foraoise a fheabhsú agus formhaoirseacht a chur ar fáil don trádáil in adhmad dleathach;

B.

de bhrí go bhfuil thart ar 84 % de thalamh na Guáine faoi chumhdach foraoise; de bhrí gurb ionann é sin agus thart ar 18 milliún acra; de bhrí go bhfuil an dara stoc carbóin foraoise per capita is airde ar domhan ag an nGuáin agus go meastar go bhfuil 21,8 billiún tona de dhé-ocsaíd charbóin stóráilte ina foraoisí aici; de bhrí go n-ainmnítear thart ar 13 % d’fhoraoisí na Guáine go foirmiúil mar thailte sráidbhailte Meir-Indiacha; de bhrí go gcumhdaítear formhór na Guáine le héicearéigiún foraoise tais na Guáine;

C.

de bhrí go bhfuil iarrachtaí caomhnaithe á ndéanamh ó 1996 i leith agus go bhfuil an ráta bliantúil dífhoraoisithe sa Ghuáin an-íseal, arb ionann é agus thart ar 0,06 % ar an meán;

D.

de bhrí go bhfuil an leibhéal bithéagsúlachta sa Ghuáin ar cheann de na leibhéil bhithéagsúlachta is airde ar domhan; de bhrí go meastar go bhfuil thart ar 8 000 speiceas plandaí agus os cionn 1 000 speiceas veirteabrach talún i bhforaoisí na Guáine; de bhrí go meastar gur plandaí dúchasacha iad thart ar 5 % de na speicis phlandaí uile atá sa Ghuáin;

E.

de bhrí go bhfuil mianadóireacht neamhdhleathach agus lománaíocht neamhdhleathach fós ina hábhar imní sa Ghuáin, ós rud é go ndéanann an dá chleachtas dochar d’fhoraoisí na tíre; de bhrí gur dóiteáin (50 %) agus mianadóireacht (41 %) is cúis le formhór an dífhoraoisithe sa Ghuáin, bíodh sin dlíthiúil nó neamhdhleathach; de bhrí, cé nach ionann an dífhoraoisiú a tharlaíonn mar thoradh ar thiontú talmhaíochta ach thart ar 5 %, gur ábhar imní é mar sin féin;

F.

de bhrí gurb iad an talmhaíocht, báicsít agus mianadóireacht óir, adhmad, mianadóireacht mianraí agus iascaireacht na príomhghníomhaíochtaí eacnamaíocha sa Ghuáin; de bhrí go meastar go rannchuidíonn tionscal foraoise na Guáine le níos lú ná 2 % dá OTI, figiúr a mheastar a laghdóidh tuilleadh leis an méadú mear atá tagtha ar an earnáil peitriliam ó 2015, nuair a thángthas ar chúltaiscí móra ola in uiscí teorann na Guáine;

G.

de bhrí go gcuireann earnáil na foraoiseachta go suntasach le fás eacnamaíoch na Guáine, ina bhfostaítear thart ar 20 000 duine, go príomha i gceantair thuaithe; de bhrí go rannchuidíonn foraoisí na Guáine le 2 % de OTI agus le 6 % de chruthú iomlán post; de bhrí go méadódh VPA acmhainneacht earnáil na foraoiseachta trí phoist nua a chruthú agus trí rannchuidiú le fás eacnamaíoch inbhuanaithe na tíre;

H.

de bhrí go bhfuil an méid adhmaid a thrádáiltear idir an Ghuáin agus an tAontas Eorpach measartha, agus nárbh ionann ach 8 % onnmhairí adhmaid na Guáine chun na hEorpa in 2018 agus nach ndeachaigh ach thart ar leath an mhéid sin chuig an Aontas Eorpach; de bhrí gurb iad na Stáit Aontaithe an comhpháirtí trádála foriomlán is mó atá ag an nGuáin, agus gurb é Singeapór an dara comhpháirtí trádála foriomlán atá aige; de bhrí gurb é réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise an margadh onnmhairiúcháin is mó atá aige d’adhmad; de bhrí go ndéanfadh VPA níos mó deiseanna a chur ar fáil don Ghuáin chun onnmhairiú chuig an Aontas agus chuig margaí nua, a chuirfeadh lena deiseanna forbartha;

I.

de bhrí gur dhaingnigh an Ghuáin Comhaontú Pháras i mí na Bealtaine 2016 agus go ndearna sí roinnt gealltanas a thabhairt maidir le foraoiseacht inbhuanaithe ina rannchuidiú athbhreithnithe arna chinneadh go náisiúnta, amhail 2 mhilliún heicteár breise d’fhoraoisí a chaomhnú;

J.

de bhrí gur gá don Ghuáin dúshláin a shárú chun feabhas a chur ar dhea-bhail a cuid saoránach, amhail an bhochtaineacht, an neamhionannas agus an t-idirdhealú a chomhrac, go háirithe an t-idirdhealú i gcoinne daoine LADTI agus daoine dúchasacha, chomh maith le héilliú agus deighilt chiníoch agus eitneach agus foréigean a chomhrac, ar ábhair imní leanúnacha iad;

K.

de bhrí go ndearna an Ghuáin gealltanas a thabhairt i leith cistiú a chur ar fáil chun tacú le cur chun feidhme VPA; de bhrí go bhfuil gealltanas tugtha ag an Aontas, ag an Iorua agus ag an Ríocht Aontaithe cistiú breise a chur ar fáil chun na críche sin;

L.

de bhrí gurb é cuspóir an VPA a áirithiú go ndéanfaidh gach lastas adhmaid agus táirgí adhmaid ón nGuáin atá beartaithe do mhargadh an Aontais, Córas na Guáine um Dhearbhú Dlítheoireachta Hondúrach (GTLAS) a chomhlíonadh agus cáiliú, dá bhrí sin, do cheadúnas FLEGT; de bhrí go mbeidh gá leis freisin go ndéanfaidh adhmad intíre agus adhmad atá ceaptha do na margaí onnmhairiúcháin uile GTLAS a chomhlíonadh;

M.

de bhrí go gcumhdaítear le VPA na cúig tháirge adhmaid éigeantacha faoi Rialachán FLEGT – lomáin, adhmad gearrtha, trasnáin iarnróid, sraithadhmad agus veiníre – chomh maith le hadhmad, picéid agus cuaillí próiseáilte, agus siúinéireacht agus cearpantóireacht;

N.

de bhrí, de réir an togra ón gCoimisiún le haghaidh an Rialacháin maidir le Dífhoraoisiú, go gcomhlíonfar go huathoibríoch an ceanglas dlíthiúlachta leis an adhmad a allmhairítear chuig an Aontas faoi cheadúnas FLEGT;

O.

de bhrí go bhforáiltear le VPA do Chomhchoiste Faireacháin agus Athbhreithnithe, a bheidh freagrach as a chur chun feidhme agus as faireachán a dhéanamh air;

P.

de bhrí go dtéann cuspóir agus tairbhí ionchasacha VPAnna FLEGT thar éascú na trádála in adhmad dlíthiúil, mar go bhfuil siad ceaptha freisin chun athruithe córasacha a dhéanamh ar rialachas foraoise, ar fhorfheidhmiú an dlí, ar thrédhearcacht agus ar chuimsiú geallsealbhóirí éagsúla sa phróiseas cinnteoireachta polaitiúla, go háirithe eagraíochtaí na sochaí sibhialta, eagraíochtaí oibrithe agus pobail dhúchasacha, chomh maith le tacaíocht a thabhairt do chomhtháthú eacnamaíoch agus urraim do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe idirnáisiúnta;

Q.

de bhrí go mbaineann tíortha ar fud an domhain a bhfuil margaí rialáilte allmhairiúcháin acu nó a bhfuil sé d’aidhm acu margaí allmhairiúcháin rialáilte a bheith acu le haghaidh adhmad dleathach tairbhe as comhoibriú; de bhrí go mbeadh comhchaighdeáin idirnáisiúnta thar a bheith éifeachtach chun dífhoraoisiú a chomhrac agus chun slándáil dhlíthiúil fhadtéarmach do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí a chur chun cinn;

1.

ag tacú go láidir le tabhairt i gcrích na caibidlíochta maidir le VPA i ndáil le FLEGT idir an tAontas agus an Ghuáin; ag aithint go bhfuil VPA thar a bheith tábhachtach don tír, agus go bhféadfadh sé borradh a chur faoin gcaidreamh trádála idir an tAontas agus an Ghuáin; á chreidiúint go léiríonn an rath a bhí ar na caibidlíochtaí maidir leis an VPA sin a thábhachtaí atá toscaireachtaí an Aontais i dtríú tíortha agus áiritheofar leis nach n-allmhaireofar isteach san Aontas ón nGuáin ach adhmad a ndéanfar lománaíocht dhleathach air, go ndéanfar cleachtais inbhuanaithe maidir le bainistiú foraoisí agus trádáil inbhuanaithe in adhmad a tháirgtear go dleathach a chur chun cinn, agus go bhfeabhsófar rialachas foraoise, forfheidhmiú an dlí (lena n-áirítear oibleagáidí saothair agus ceirde, sláinte agus sábháilteachta), cearta an duine, trédhearcacht, cuntasacht agus athléimneacht institiúideach sa Ghuáin, go gcosnófar an bhithéagsúlacht agus go gcabhrófar maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach, agus ag an am céanna go rannchuideofar leis an gcaidreamh trádála idir an Ghuáin agus AE a fheabhsú;

2.

á aithint gur próiseas fadtéarmach a bheidh i gcur chun feidhme iomlán VPA, próiseas lena gceanglófar réimse leathan reachtaíochta a ghlacadh, mar aon le cumas agus saineolas riaracháin leormhaith, chun é a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú;

3.

á chur in iúl gur geal léi ardleibhéal rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí le linn an phróisis caibidlíochta; á chur i bhfáth go n-éilítear leis na céimeanna cur chun feidhme agus faireacháin fíorchomhairliúcháin agus rannpháirtíocht il-gheallsealbhóirí, lena n-áirítear rannpháirtíocht fhóinteach na sochaí sibhialta, ionadaithe gnó, eagraíochtaí oibrithe agus pobail áitiúla agus dhúchasacha i gcinnteoireacht chun urraim do chearta tionachta talún agus do phrionsabal ‘an tsaorthoilithe, roimh ré agus feasach’ a ráthú; á mheabhrú gur gá feabhas a chur ar an trédhearcacht agus a áirithiú go ndéanfar faisnéis a nochtadh go poiblí ar bhealach éifeachtach agus go ndéanfar doiciméid a chomhroinnt go tráthúil le pobail áitiúla agus le pobail dhúchasacha;

4.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar Thoscaireacht AE sa Ghuáin fothú acmhainneachta leordhóthanach agus tacaíocht lóistíochta agus theicniúil a chur ar fáil faoi chuimsiú na n-ionstraimí comhair um fhorbairt atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo chun a chur ar chumas na Guáine na gealltanais faoi VPA a chomhlíonadh;

5.

á chur in iúl gur geal léi gur glacadh le déanaí an creat cur chun feidhme comhpháirteach agus á iarraidh ar Rialtas na Guáine cur chuige nithiúil, faoi cheangal ama agus intomhaiste a leanúint;

6.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé comhpháirtíochtaí agus sásraí comhair a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt go comhpháirteach ar rialachas foraoisí i ngach gné, lena n-áirítear chun faisnéis a chomhroinnt;

7.

á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na Guáine go dtí seo chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo níos mó trédhearcachta agus á chur in iúl go bhfuil sí ag tnúth le tuilleadh comhair dhearfaigh a bheith ann sa chomhrac i gcoinne na lománaíochta neamhdhleathaí; á chur i bhfáth go gcuireann drochrialachas agus éilliú san earnáil foraoise dlús le lománaíocht neamhdhleathach agus le díghrádú foraoise; ag aithint thiomantas na Guáine do bhainistiú fónta foraoisí agus thoil pholaitiúil na Guáine don bhainistiú sin; á chur i bhfáth go mbraitheann an rath a bheidh ar VPA FLEGT freisin ar dhul i ngleic le calaois agus éilliú feadh shlabhra an tsoláthair adhmaid; ag tathant ar Rialtas na Guáine bailiú sonraí a fheabhsú chun an córas inrianaitheachta a fheabhsú agus leanúint den obair chun deireadh a chur le héilliú forleathan agus aghaidh a thabhairt ar thosca eile lena spreagtar lománaíocht neamhdhleathach agus díghrádú foraoise, agus aird ar leith á tabhairt ar chustaim agus ar údaráis eile a mbeidh ról lárnach acu i gcur chun feidhme agus i bhforfheidhmiú VPA; á chur i bhfáth gur gá deireadh a chur le saoirse ó phionós in earnáil na foraoiseachta trí chosantóirí chearta an duine agus sceithirí comhshaoil a chosaint agus trí leigheasanna éifeachtacha ar sháruithe ar chearta an duine a áirithiú; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, gur dhaingnigh an Ghuáin Comhaontú Escazú agus á chur i bhfáth gur gá a ráthú go dtabharfar aitheantas iomlán do chearta tionachta talún na bpobal áitiúil agus na bpobal dúchasach, go háirithe pobail Mheir-Indiacha, lena n-áirítear i gcomhthéacs na mianadóireachta;

8.

á chur in iúl gur geal léi gur lamháil próiseas caibidlíochta VPA d’earnálacha spriocanna agus tosaíochtaí comhroinnte a shainaithint chun oibriú i dtreo bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí agus comhar trádála, mar aon le deis thábhachtach a chur ar fáil do shochaithe chun bainistiú rannpháirteach a dhéanamh ar a bhforaoisí ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal pobail agus ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal cónaidhme fiú;

9.

á thabhairt chun suntais go gcruthaíonn VPA deis iontach chun borradh a chur faoi chruthú post in earnáil na foraoiseachta; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh cleachtais bainistithe foraoisí agus an trádáil in adhmad a tháirgtear go dleathach inbhuanaithe go sóisialta agus go heacnamaíoch chun a ráthú gur féidir le daoine lena mbaineann, go díreach nó go hindíreach, tairbhe a bhaint as trádáil;

10.

á iarraidh go ndéanfaí anailís inscne a phríomhshruthú i ngach gníomhaíocht agus tionscadal a bhaineann le cur chun feidhme VPA; á iarraidh go ndéanfaí anailís chainníochtúil agus cháilíochtúil, imdhealaithe de réir inscne, ar thionacht talún, ar úinéireacht sócmhainní agus ar chuimsiú airgeadais in earnálacha a bhfuil tionchar ag an trádáil orthu; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú leis na hiarrachtaí sin le hacmhainní teicniúla agus daonna;

11.

á iarraidh ar an gCoimisiún tuairisciú don Pharlaimint go rialta maidir le cur chun feidhme an chomhaontaithe, lena n-áirítear maidir le hobair an Chomhchoiste Faireacháin agus Athbhreithnithe, d’fhonn cinneadh eolasach a chumasú a luaithe a mholfar an gníomh tarmligthe lena n-údaraítear glacadh le ceadúnais FLEGT; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur cheart VPAnna nua le comhpháirtithe nua a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú uileghabhálach a dhéanamh ar thionchar VPA agus ar thionchar an rialacháin maidir le dífhoraoisiú a bheidh ann amach anseo ar oibrithe agus ar tháirgeoirí beaga in earnáil na foraoiseachta agus in earnálacha gaolmhara eile a ndéanfaidh na rialuithe agus seiceálacha méadaithe lománaíochta difear dóibh;

12.

á chur i bhfáth gur gá aghaidh a thabhairt ar ghné réigiúnach na lománaíochta neamhdhleathaí chomh maith le hiompar, próiseáil agus trádáil adhmaid neamhdhleathaigh feadh an tslabhra soláthair; á iarraidh go n-áireofaí sin i bpróiseas meastóireachta VPA;

13.

á chreidiúint go bhfuil ról tábhachtach ag an Aontas maidir le feabhas a chur ar sholáthar adhmaid agus ar thaobh an éilimh de araon chun diúltú d’adhmad a tháirgtear go neamhdhleathach agus cúnamh a thabhairt do thíortha onnmhairiúcháin ina n-iarrachtaí chun lománaíocht neamhdhleathach agus éilliú neamhdhleathach a chomhrac, lena bhfágtar go scriostar a bhforaoisí, gur ann d’athrú aeráide agus sáruithe ar chearta an duine; á aithint go leanfaidh VPAnna de bheith ina chreat dlíthiúil tábhachtach don Aontas agus dá thíortha comhpháirtíochta araon faoin togra nua le haghaidh Rialachán maidir le Dífhoraoisiú; á chur i bhfios go láidir gur baineadh amach an méid sin trí dhea-chomhar agus trí dhea-rannpháirtíocht na dtíortha comhpháirtíochta lena mbaineann; ag tacú leis an gCoimisiún teacht ar chomhpháirtithe ionchasacha breise le haghaidh VPAanna FLEGT sa todhchaí;

14.

ag meabhrú go bhfuil bainistiú agus rialachas inbhuanaithe agus cuimsitheach foraoisí bunriachtanach chun na cuspóirí a leagtar amach i gClár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus i gComhaontú Pháras a bhaint amach, go háirithe trí rannchuidithe arna gcinneadh go náisiúnta; á mheabhrú a mhéid a chuireann an mhianadóireacht le dífhoraoisiú trópaiceach, as a n-eascraíonn creimeadh agus éilliú suntasach ithreach, ilroinnt mhéadaithe foraoisí agus truailliú mearcair aibhneacha agus sruthanna; ag tabhairt dá haire go bhfuil an Ghuáin ag leathnú a tionscail ola, gáis agus mianadóireachta; á iarraidh ar rialtas na Guáine céimeanna breise a ghlacadh chun srian a chur le mianadóireacht neamhdhleathach; á chur in iúl gur ábhar imní di an easpa comhleanúnachais idir rialáil in earnáil na foraoiseachta agus rialáil in earnáil na mianadóireachta; á chur in iúl gur geal léi comhaontuithe eile arb é is aidhm dóibh VPA FLEGT maidir le cúrsaí comhshaoil a chomhlánú;

15.

á chur i bhfáth go mbraitheann an rath a bheidh ar thionscnamh iomlán FLEGT, i measc nithe eile, ar chosaint a thabhairt do chosantóirí agus sceithirí chearta an duine i réimse an chomhshaoil, feabhas a chur ar chumas na bhfiontar beag agus meánmhéide (FBManna) a ngníomhaíochtaí a dhéanamh go dlíthiúil agus cosaint éifeachtach a ráthú don talamh agus aitheantas iomlán a thabhairt do ghnáthchearta na bpobal áitiúil agus na ndaoine dúchasacha, go háirithe na pobail Mheir-Indiacha, lena n-áirítear an ceart a dtoiliú a thabhairt nó a choimeád siar maidir le haon lamháltas adhmaid ar a dtalamh mar ábhar ceartais shóisialta; á chur i bhfáth gur cheart don Aontas cur leis an eolas traidisiúnta atá ag daoine dúchasacha agus ag pobail áitiúla eile maidir le bainistiú inbhuanaithe foraoisí; á mheabhrú, ina leith sin, a thábhachtaí atá sé aon ualach breise riaracháin ar FBManna a chosc agus cúnamh dlíthiúil a chur ar fáil do FBManna chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad comhaontuithe, ionstraimí agus doiciméid idirnáisiúnta nua maidir leis an gcomhshaol;

16.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig Comharphoblacht na Guáine.

(1)  IO L 347, 30.12.2005, lch. 1.

(2)  IO L 295, 12.11.2010, lch. 23.

(3)  IO C 270, 7.7.2021, lch. 2.

(4)  IO C 385, 22.9.2021, lch. 10.

(5)  IO C 404, 6.10.2021, lch. 175.

(6)  Téacsanna arna nglacadh an dáta sin, P9_TA(2023)0034.