52010PC0484




[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH |

An Bhruiséil 15.9.2010

COIM(2010) 484 leagan deireanach

2010/0250 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála

{SEC(2010) 1058}{SEC(2010) 1059}

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. COMHTHÉACS AN TOGRA

Tá aird rialúcháin á díriú ar dhíorthaigh thar an gcuntar mar gheall ar an ngéarchéim airgeadais. Léirigh neaschliseadh Bear Sterns i Márta 2008, mainneachtain Lehman Brothers an 15 Meán Fómhair 2008 agus tarrtháil AIG an lá dár gcionn na heasnaimh i bhfeidhmiú mhargadh na ndíorthach thar an gcuntar. Laistigh den mhargadh sin, dhírigh na rialtóirí aird ar leith ar an ról a bhí ag babhtálacha mainneachtana creidmheasa (Credit Default Swaps – CDS) le linn na géarchéime.

Thug an Coimisiún freagra gasta. Sa Teachtaireacht ginearálta uaidh an 4 Márta 2009 maidir le Driving European Recovery (Téarnamh na hEorpa a Chur Chun Cinn)[1], gheall an Coimisiún go ndéanfaí tionscnaimh chuí a sheachadadh le trédhearcacht a mhéadú agus le dul i ngleic le himní maidir leis an gcobhsaíocht airgeadais, ar bhonn tuarascála maidir le díorthaigh agus táirgí eile a bhfuil struchtúr casta acu. An 3 Iúil 2009, ghlac an Coimisiún leis an gcéad Teachtaireacht[2] inar scrúdaíodh go sonrach an ról a bhí ag díorthaigh sa ghéarchéim airgeadais agus a d’fhéach ar thairbhí agus ar rioscaí mhargaí na ndíorthach. Rinne an Teachtaireacht sin measúnú ar an gcaoi is féidir na rioscaí a aithníodh a laghdú[3].

I Meán Fómhair 2009, chomhaontaigh Ceannairí G20 in Pittsburgh an méid seo a leanas:

Ba cheart gach conradh caighdeánaithe díorthach thar an gcuntar a thrádáil ar mhalartáin nó ar chláir thrádála leictreonacha, nuair is iomchuí, agus a imréiteach trí chontrapháirtithe lárnacha faoi dheireadh na bliana 2012 ar a dhéanaí. Ba cheart conarthaí díorthach thar an gcuntar a thuairisciú do stóir thrádála. Ba cheart go mbeadh conarthaí nach n-imréitítear go lárnach faoi réir riachtanais chaipitil níos airde.

I mí an Mheithimh 2010, dheimhnigh Ceannairí an G20 in Toronto a dtiomantas agus gheall siad freisin dlús a chur faoi bhearta láidre a chur chun feidhme chun “maoirsiú ar thrédhearcacht agus ar rialáil na ndíorthach thar an gcuntar a fheabhsú ar bhealach atá comhsheasmhach agus neamh-idirdhealaitheach go hidirnáisiúnta”.

An 20 Deireadh Fómhair 2009, ghlac an Coimisiún leis an dara Teachtaireacht[4] inar leagadh amach na gníomhaíochtaí beartais todhchaí a raibh sé i gceist ag an gCoimisiún iad a mholadh d’fhonn trédhearcacht mhargadh na ndíorthach a mhéadú, riosca contrapháirtí agus oibriúcháin i dtrádáil a laghdú, agus sláine an mhargaidh agus maoirseacht a fheabhsú. Fógraíodh sa Teachtaireacht sin freisin go raibh sé ar intinn ag an gCoimisiún dul ar aghaidh le tograí reachtacha in 2010, d’fhonn cur chun feidhme ghealltanais an G20 a áirithiú chun díorthaigh chaighdeánaithe a imréiteach[5], agus a áirithiú go gcomhlíonann contrapháirtithe lárnacha caighdeáin arda stuamachta agus rialachán leordhóthanach ar stórtha trádála. Leis an togra seo le haghaidh Rialacháin, seachadtar gealltanais an Choimisiúin dul ar aghaidh go gasta agus go daingean diongbháilte. Cuireann sé san áireamh freisin an tacaíocht láidir agus roinnt mhaith de na bearta a moladh i Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meitheamh 2010, maidir le Derivatives markets: future policy actions (Margaí na ndíorthach: gníomhaíochtaí beartais sa todhchaí) (tuarascáil Langen).

Mar a tugadh le fios cheana féin thuas, is cuid d’iarracht idirnáisiúnta níos leithne é an tionscnamh seo chun cobhsaíocht an chórais airgeadais trí chéile a mhéadú, agus go háirithe margadh na ndíorthach thar an gcuntar. Ag glacadh leis gur margadh domhanda é margadh na ndíorthach thar an gcuntar tá géarghá le cur chuige atá comhordaithe go hidirnáisiúnta. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go gcuirfear san áireamh sa togra seo cad atá i gceist ag dlínsí eile a dhéanamh nó cad go deimhin atá déanta acu cheana féin sa réimse a bhaineann le rialú na ndíorthach thar an gcuntar. Má dhéantar é sin, d’fhéadfaí an riosca a bhaineann le harbatráiste rialaitheach a sheachaint.

Sa chomhthéacs sin, tá an togra seo ag teacht leis an reachtaíocht a glacadh sna Stáit Aontaithe le déanaí maidir le díorthaigh thar an gcuntar, an Frank-Dodd Act mar a thugtar air. Tá raon cur i bhfeidhm den chineál céanna a bheag nó a mhór ag an ionstraim sin. Tá forálacha den chineál céanna ann a iarrann go ndéanfaí conarthaí díorthach thar an gcuntar a thuairisciú agus go ndéanfaí imréiteach ar chonarthaí cáilithe. Ina theannta sin, cuirtear i bhfeidhm ann diancheanglais chaipitil agus chomhthaobhachta do dhíorthaigh thar an gcuntar atá fós imréitithe go déthaobhach. Mar fhocal scoir, cuirtear i bhfeidhm san ionstraim sin creat rialúcháin do stórtha trádála agus déantar uasghrádú ar an gcreat rialúcháin reatha do chontrapháirtithe lárnacha (CPLanna). Ar an gcaoi chéanna is a ndéantar i gcás an togra ón gCoimisiún, foráiltear leis an Frank-Dodd Act forbairt bhreise a dhéanamh ar roinnt rialacha teicniúla.

2. TORTHAÍ NA g COMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNÚ IARMHARTA

Ó Dheireadh Fómhair 2008 i leith, tá seirbhísí an Choimisiúin ag gabháil do chomhairliúchán forleathan atá beagnach leanúnach le páirtithe leasmhara leis an bhfreagra beartais cuí a chinneadh. Is éard a bhí san idirghníomhú seo ná go leor cruinnithe déthaobhacha agus iltaobhacha, dhá chomhairliúchán phoiblí agus comhdháil.

I dtosach báire, bhí aird sheirbhísí an Choimisiúin ag díriú ar mhargadh na Babhtála Mainneachtana Creidmheasa (CDS) amháin. Bhí an-aird á díriú ar an margadh seo de bharr Bear Sterns agus Lehman Brothers. D’fhonn monatóireacht a éascú ar ghealltanas na ndéileálaithe móra sa réimse seo, bhunaigh an Coimisiún an Meitheal um Dhíorthaigh ar a raibh ionadaithe ó na hinstitiúidí airgeadais a thug gealltanas CDS tagartha Eorpach a imréiteach faoi Iúil 2009[6], ionadaithe ó chontrapháirtithe lárnacha, stórtha trádála agus rannpháirtithe ábhartha eile sa mhargadh agus ó údaráis ábhartha Eorpacha (BCE, CESR, CEBS agus CEIOPS)[7] agus náisiúnta (AMF, BaFin[8] agus FSA). I dteannta chruinnithe na Meithle um Dhíorthaigh, thionóil an Coimisiún cruinnithe ad hoc déthaobhacha agus iltaobhacha ar leith le roinnt mhór páirtithe leasmhara sa mhargadh CDS.

Tar éis don tionscal an gealltanas thuasluaite a chomhlíonadh agus d’fhonn bearta reachtacha a ullmhú, bhunaigh an Coimisiún Meitheal Saineolaithe ó na Ballstáit um Dhíorthaigh agus Bonneagair an Mhargaidh. Phléigh an meitheal cineálacha cur chuige rialála le saineolaithe ar ionadaithe iad do na Ballstáit, don BCE, CESR agus CEBS. Tionóladh sraith cruinnithe idir Eanáir agus Iúil 2010.

Fuair an Coimisiún faisnéis luachmhar trí pháirt a ghlacadh i bhfóraim idirnáisiúnta éagsúla, go háirithe Grúpa na Rialtóirí díorthach thar an gcuntar agus Grúpa Bainistíochta Riosca agus Samhaltaithe Choiste Basel. Ina theannta sin, tugadh stádas mar bhreathnadóir don Choimisiún le déanaí ar choiste stiúrtha na meithle comhpháirtí CPSS-IOSCO[9] atá ag déanamh athbhreithnithe faoi láthair ar na moltaí le haghaidh contrapháirtithe lárnacha agus ag ullmhú moltaí le haghaidh stórtha trádála. Ina theannta sin, bhí an Coimisiún páirteach i gcaidreamh go minic le húdaráis lasmuigh den AE, go háirithe údaráis sna Stáit Aontaithe (an CFTC, an SEC,[10] Banc Cúlchiste Feidearálach Nua-Eabhrac agus an Cúlchiste Feidearálach agus Comhdháil na Stát Aontaithe) agus tá sé mar chomhchathaoirleach ar shruth oibre den Bhord um Chobhsaíocht Airgeadais (FSB) a dhíríonn ar dhul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le cur i bhfeidhm na n-oibleagáidí tuairiscithe, imréitigh agus trádála a comhaontaíodh ar leibhéal an G20.

I gcomhthreo le foilsiú na chéad Teachtaireachta, sheol DG MARKT comhchomhairle phoiblí[11] idir an 3 Iúil agus an 31 Lúnasa 2009. Fuair seirbhísí an Choimisiúin 111 freagra. Ceadaíodh 100 díobh seo le foilsiú, agus foilsíodh iad ar shuíomh gréasáin na comhchomhairle[12]. Tá achoimre de na freagraí lena n-áirítear anailís thosaigh ar an gcomhchomhairle phoiblí le páirtithe leasmhara le fáil ar shuíomh gréasáin DG MARKT[13]. Reáchtáladh comhdháil mhór ina dhiaidh sin sa Bhruiséil an 25 Meán Fómhair 2009[14]. Rinne trí phainéal de shaineolaithe, ionadaithe ón tionscal agus rialtóirí ón AE agus ó Stáit Aontaithe Mheiriceá, a dtuairimí maidir leis an ngá atá ann (nó nach bhfuil ann) margadh na ndíorthach thar an gcuntar a leasú a chur i láthair os comhair lucht féachana ina raibh níos mó ná 400 rannpháirtí, agus d’fhreagair na trí phainéal ceisteanna uathu. Dhearbhaigh an chomhdháil na tuairimí agus an fhaisnéis a fuarthas trí chomhchomhairle phoiblí.

Reáchtáladh comhchomhairle oscailte eile idir an 14 Meitheamh agus an 10 Iúil 2010 le haiseolas a fháil ó pháirtithe leasmhara maidir le cruth na mbeart reachtach. Fuair seirbhísí an Choimisiúin 210 freagra, agus bhí formhór na bhfreagraí i bhfabhar na mbeart atá molta.[15]

3. MEASÚNÚ IARMHARTA

Tá measúnú iarmharta ag gabháil leis an Rialachán[16] ina ndéantar anailís ar na roghanna chun an riosca sistéamach a laghdú trí shábháilteacht agus éifeachtúlacht mhargadh na ndíorthach thar an gcuntar a threisiú. Tar éis na hanailíse, is é toradh an mheasúnaithe iarmharta ná go mbainfí na glan-tairbhí is fearr amach dá nglacfaí le bearta a dhéanfadh na nithe seo a leanas:

- cheanglóidís go n-úsáidfí imréiteach trí chontrapháirtí lárnach le haghaidh díorthach thar an gcuntar a chomhlíonann critéir cháilitheachta réamhshainithe;

- spriocanna sonracha a leagan amach le haghaidh caighdeánú próiseas agus cúrsaí dlíthiúla;

- spriocanna sonracha a leagan amach chun idirbhearta na ndíorthach thar an gcuntar a imréiteach go déthaobhach;

- cheanglóidís ar rannpháirtithe sa mhargadh gach faisnéis riachtanach ar phunanna a ndíorthach thar an gcuntar a thuairisciú do stór trádála nó, i gcás nach bhféadfaí a leithéid a dhéanamh, a thuairisciú go díreach do rialtóirí; agus

- cheanglóidís go bhfoilseofaí faisnéis faoi shuíomhanna comhiomlána.

4. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

4.1. Bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh toisc gurb é sin an bunús dlí is iomchuí le haghaidh Rialacháin sa réimse seo. Meastar gur Rialachán an ionstraim dlí is iomchuí le ceanglas éigeantach a thabhairt isteach atá dírithe ar gach gníomhaí d’fhonn na díorthaigh chaighdeánaithe thar an gcuntar a imréiteach trí CPLanna agus d’fhonn a áirithiú go mbeidh CPLanna, a ghlacfaidh le riosca suntasach agus a chomhchruinnóidh é mar thoradh air sin, faoi réir caighdeán stuamachta comhionann san AE. Tá Rialachán ar an ionstraim dlí iomchuí le cumhachtaí nua a thabhairt don ESMA mar an t-údarás aonair a bhfuil an fhreagracht air stórtha trádála a chlárú san AE agus faireachas a dhéanamh orthu.

4.2. Coimhdeacht agus comhréireacht

Tá próiseas comhionann ar leibhéal an AE de dhíth le cinneadh céard iad na díorthaigh thar an gcuntar atá cáilithe lena n-imréiteach éigeantach trí CPLanna. Ní féidir é seo a fhágáil faoi rogha na mBallstát toisc gurb é a thiocfadh as dá bharr ná cur i bhfeidhm difriúil agus neamh-chomhsheasmhach den oibleagáid imréitigh ar fud an AE. Dá bhrí sin, ní mór ról lárnach a thabhairt don Choimisiún Eorpach agus don ESMA leis an aicme cháilithe de dhíorthaigh nach mór a imréiteach go lárnach a shainaithaint. Ina theannta sin, de réir mar a éiríonn úsáid CPLanna éigeantach faoi dhlí an AE, ní mór go mbeidh siad faoi réir ceanglas dian eagraíochta agus stuamachta a bhaineann le gnó a dhéanamh.

Maidir le húdarú agus maoirsiú na CPLanna, tá sé mar aidhm ag an Rialachán cothromaíocht a aimsiú idir an gá le ról lárnach tábhachtach an ESMA, inniúlachtaí na n-údarás náisiúnta, agus leasa údaráis inniúla eile. Déanann sé freagracht fhioscach fhéideartha na mBallstát agus nádúr trasteorann ghnó an CPL a chur san áireamh.

Beidh ról lárnach ag an ESMA i gcoláiste na n-údarás inniúil maidir le CPL a údarú, údarú CPL a tharraingt siar, agus údarú CPL a leasú. D’fhonn próiseas aonair a bhunú agus d’fhonn neamhréitigh idir na Ballstáit a sheachaint, tá an ESMA freagrach freisin as aitheantas a thabhairt do CPL i dtríú tír a fhéachann le seirbhísí imréitigh a chur ar fáil d’eintitis atá bunaithe san Aontas Eorpach, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe.

Maidir leis an gceanglas tuairiscithe, ba cheart é seo a rialáil ar leibhéal an AE toisc go gcuirfidh gach údarás inniúil san Aontas Eorpach spéis san fhaisnéis a thuairiscítear do stór trádála agus toisc an gá atá ann lena áirithiú go mbeidh an leibhéal céanna rochtana gan srian ag gach údarás inniúil ar an bhfaisnéis sin faoi na coinníollacha céanna. Dá bhrí sin, cumhachtaítear an ESMA déileáil le clárú stórtha trádála agus faireachas a dhéanamh orthu.

Ar na cúiseanna sin, tá na forálacha i gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh, toisc nach féidir le Ballstáit cuspóirí an togra a bhaint amach go leordhóthanach agus, dá bhrí sin, is féidir leis an Aontas Eorpach iad a bhaint amach ar bhealach níos fearr.

4.3. Míniú mionsonraithe ar an togra

4.3.1 Teideal I (Ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe)

Tá raon feidhme leathan ag an Rialachán agus leagann sé amach ceanglais chomhionanna a chuimsíonn contrapháirtithe airgeadais, contrapháirtithe neamhairgeadais (os cionn tairseacha áirithe) agus gach catagóir de chonradh díorthach thar an gcuntar. Baineann na codanna stuamachta de le contrapháirtithe lárnacha de bharr na hoibleagáide imréitigh agus, don cheanglas tuairiscithe, le stórtha trádála. Tá sé tábhachtach go dtabharfaí faoi deara, áfach, go mbíonn na ceanglais údaraithe agus mhaoirseachta le haghaidh CPLanna i bhfeidhm gan spleáchas ar an ionstraim airgeadais a imréitíonn na CPLanna: thar an gcuntar nó eile. Déantar an méid sin a shoiléiriú in Airteagal 1(3). Déantar foráil go sainráite do chomhaltaí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais, do chomhlachtaí poiblí atá freagrach as an bhfiachas poiblí a bhainistiú nó as idiragairt ann, agus do bhainc forbartha iltaobhacha, ionas go seachnófaí teorainn a chur lena gcumhachtaí idiragartha leis an margadh a chobhsú, de réir mar a theastódh a leithéid.

4.3.2. Teideal II (Imréiteach, tuairisciú agus maolú riosca díorthach thar an gcuntar)

Tá an chuid seo den rialacháin sár-riachtanach leis an oibleagáid a chur i bhfeidhm chun gach ‘díorthach thar an gcuntar caighdeánaithe’ a imréiteach mar a comhaontaíodh ag an G20. D’fhonn an gealltanas seo a chur i bhfeidhm in oibleagáidí reachtacha, is éard a chiallóidh conarthaí ‘caighdeánaithe’ ná na conarthaí sin atá cáilithe lena n-imréiteach ag CPLanna. D’fhonn é sin a chur i bhfeidhm, bunaítear próiseas leis an Rialachán a chuirfidh san áireamh na gnéithe riosca a bhaineann le himréiteach éigeantach. Ceaptar an próiseas seo d’fhonn a áirithiú go ndéanfaidh oibleagáid imréitigh le haghaidh conarthaí díorthach thar an gcuntar a cuspóir deiridh de riosca a laghdú sa chóras airgeadais a bhaint amach iarbhír, seachas cur leis an riosca: d’fhéadfadh sé go mbeadh torthaí díobhálacha ar chobhsaíocht an chórais dá gcuirfí iallach ar CPL conarthaí thar an gcuntar a imréiteach nach mbeadh sé ábalta a riosca a bhainistiú.

Mar sin féin, d’fhonn próiseas a bhunú ina n-áirithítear go ndéanfar a oiread is féidir conarthaí thar an gcuntar a imréiteach, tugtar isteach dhá chur chuige leis an Rialachán le cinneadh céard iad na conarthaí a imréiteofar:

1. cur chuige ón mbun aníos , ar dá réir a chinneann CPL conarthaí áirithe a imréiteach agus tugann a údarás inniúil údarás dó é sin a dhéanamh. Bíonn sé de dhualgas ar an údarás inniúil ansin cur in iúl don ESMA a luaithe a fhormheasann sé an CPL leis na conarthaí sin a imréiteach. Ansin beidh sé de chumhacht ag an ESMA cinneadh ar cheart oibleagáid imréitigh a bheith i bhfeidhm ar gach ceann de na conarthaí sin san AE nó nár cheart. Beidh ar an ESMA an cinneadh sin a bhunú ar chritéir oibiachtúla áirithe;

2. cur chuige ón mbarr anuas ar dá réir a chinnfidh an ESMA, in éineacht leis an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach, na conarthaí ar cheart a bheith faoi réir na hoibleagáide imréitigh go hionchasach. Is próiseas tábhachtach é seo leis na conarthaí sin sa mhargadh nach bhfuil á n-imréiteach go fóill ag CPL a shainaithint agus a aimsiú.

Tá gá leis an dá chur chuige mar, ar thaobh amháin, nach féidir comhlíonadh ghealltanas imréitigh an G20 a fhágáil go hiomlán faoi thionscnamh na tionsclaíochta. Ar an taobh eile de, bíonn gá le seiceáil rialála ar leibhéal na hEorpa maidir le hoiriúnacht socruithe áirithe roimh theacht i bhfeidhm na hoibleagáide imréitigh.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach féidir leis na contrapháirtithe atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh an ceanglas a sheachaint trí chinneadh gan páirt a ghlacadh in CPL. Mura gcomhlíonann na contrapháirtithe sin na ceanglais rannpháirtíochta nó mura bhfuil spéis acu bheith ina gcomhaltaí imréitigh, ní mór dóibh na socruithe is gá a dhéanamh le comhaltaí imréitigh chun an CPL a rochtain mar chliaint.

Ina theannta sin, agus d’fhonn cruthú bacainní a sheachaint agus d’fhonn nádúr domhanda na ndíorthach thar an gcuntar a chaomhnú, níor cheart go mbeadh cead ag CPLanna gan glacadh ach leis na hidirbhearta sin a tugadh i gcrích ar ionaid feidhmithe a bhfuil gaolmhaireacht phribhléide acu leo nó atá mar chuid den ghrúpa céanna. Ar na cúiseanna sin, ní mór do CPL atá údaraithe conarthaí díorthach cáilithe a imréiteach glacadh le conarthaí dá leithéidí a imréiteach ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, ar neamhaird le hionad an fheidhmithe.

Maidir le contrapháirtithe neamhairgeadais (corparáideach), ní bheidh siad faoi réir ag rialacha an Rialacháin seo i bprionsabal, mura sroicheann suíomhanna a gcuid díorthach thar an gcuntar tairseach agus go meastar tábhacht shistéamach a bheith leo. Toisc go nglactar leis tríd is tríd go gcumhdaíonn a gcuid gníomhaíochtaí díorthach na díorthaigh sin atá nasctha go díreach lena ngníomhaíocht tráchtála seachas le hamhantraíocht, ní chumhdóidh an Rialachán seo suíomhanna na ndíorthach sin.

I dtéarmaí nithiúla, ciallaíonn sé sin nach mbainfidh an oibleagáid imréitigh ach amháin le conarthaí thar an gcuntar de chuid na gcontrapháirtithe neamhairgeadais atá an-ghníomhach i margadh na ndíorthach thar an gcuntar agus mura bhfuil sin ina thoradh díreach ar a ngníomhaíocht tráchtála. Mar shampla, féadfaidh an cás a bheith amhlaidh do sholáthraithe fuinnimh a dhíolann táirgeadh todhchaí, nó do ghnólachtaí talmhaíochta a shocraíonn an praghas ag a ndíolfaidh siad a gcuid barr, aerlínte a shocraíonn an praghas ag a gceannóidh siad breosla sa todhchaí nó aon chuideachtaí tráchtála nach mór dóibh an riosca a éiríonn as a ngníomhaíocht shonrach a fhálú go dlisteanach.

Tá cúiseanna ann, áfach, nach mbronntar díolúine iomlán ó raon feidhme an Rialacháin seo ar chontrapháirtithe neamhairgeadais.

Ar an gcéad dul síos, is rannpháirtithe gníomhacha iad contrapháirtithe neamhairgeadais i margadh na ndíorthach thar an gcuntar agus is minic a bhíonn idirbhearta acu le contrapháirtithe airgeadais. Bheifí ag fáil réidh le héifeachtacht na hoibleagáide imréitigh go hiomlán trí iad a eisiamh. An dara pointe is cóir a dhéanamh ná go bhféadfadh roinnt contrapháirtithe neamhairgeadais suíomhanna tábhachtacha sistéamacha a ghlacadh i ndíorthaigh thar an gcuntar. Ní bheadh sé inghlactha in aon chor contrapháirtithe neamhairgeadais atá ábhartha go sistéamach a bhféadfadh éifeacht dhiúltach shuntasach a bheith ag a mainneachtain ar an margadh a fhágáil go hiomlán lasmuigh de raon feidhme airde rialála. An tríú pointe is cóir a dhéanamh ná go bhféadfadh arbatráiste rialaitheach a bheith ann de thoradh contrapháirtithe neamhairgeadais a fhágáil ar lár ar fad. D’fhéadfadh contrapháirtí airgeadais bealach a fháil timpeall ar na hoibleagáidí atá leagtha amach sa Rialachán trí eintiteas nua neamhairgeadais a bhunú trína ndíreodh sé a ghnó a bhaineann le díorthaigh thar an gcuntar. Ar deireadh, is gá iad a chuimsiú i raon chur i bhfeidhm an Rialacháin chun cóineasú domhanda a áirithiú le tríú tíortha. Níl díolúine iomlán ó oibleagáidí tuairiscithe agus imréitigh i reachtaíocht na Stát Aontaithe do chontrapháirtithe neamhairgeadais.

I bhfianaise an méid thuasluaite, leagann an Rialachán amach próiseas a chuidíonn chun na hinstitiúidí neamhairgeadais a bhfuil suíomhanna tábhachtacha sistéamacha acu i ndíorthaigh thar an gcuntar a aithint agus cuirtear oibleagáidí áirithe atá sonraithe faoin Rialachán mar chúram orthu. Tá an próiseas bunaithe ar dhá thairseach a shainmhíniú:

a) tairseach faisnéise;

b) tairseach imréitigh.

Sonróidh an Coimisiún Eorpach na tairseacha sin ar bhonn dréachtchaighdeáin rialála arna mbeartú ag an ESMA, i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) agus le húdaráis ábhartha eile. Mar shampla, i gcás margaí fuinnimh, bheadh ar an ESMA dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht um Chomhar idir Rialtóirí Fuinnimh arna bunú ag Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 d’fhonn a áirithiú go gcuirfí san áireamh go hiomlán an nósúlacht a bhaineann leis an earnáil fuinnimh.

Leis an tairseach faisnéise beidh deis ag údaráis airgeadais contrapháirtithe neamhairgeadais a bhfuil suíomhanna tábhachtacha carntha acu i ndíorthaigh thar an gcuntar a aithint. Tá sé seo riachtanach, toisc nach mbíonn na contrapháirtithe sin de ghnáth faoi réir ag maoirseacht na n-údarás seo. Sa chleachtas, nuair a fhoráiltear sa Rialachán i gcás go sáraíonn suíomhanna an chontrapháirtí neamhairgeadais an tairseach faisnéise, iarrfar ar an gcontrapháirtí neamhairgeadais an t-údarás inniúil arna shainmhíniú sa Rialachán a chur ar an eolas maidir leis sin. Anuas air sin, beidh an contrapháirtí faoi réir ag an oibleagáid thuairiscithe agus iarrfar air nó uirthi míniú a thabhairt ar cén fáth gur glacadh leis na suíomhanna sin.

Úsáidfear an tairseach imréitigh ar an taobh eile den scéal chun a fháil amach cibé acu a bheidh contrapháirtí neamhairgeadais faoi réir ag an oibleagáid imréitigh nó nach mbeidh. Sa chleachtas, má bhíonn suíomhanna an chontrapháirtí níos airde ná an tairseach sin, ansin beidh an contrapháirtí faoi réir ag an oibleagáid imréitigh i gcás a chuid conarthaí go léir. Má tharlaíonn sé nach mbeidh cuid de na conarthaí sin cáilithe d’imréiteach CPL, beidh an contrapháirtí neamhairgeadais faoi réir ag na ceanglais chaipitil nó chomhthaobhachta arna sonrú sa Rialachán (féach thíos).

Tabharfar sainmhíniú ar an dá thairseach trí ábharthacht shistéamach shuim na nglansuíomhanna agus na neamhchosaintí de réir contrapháirtí agus de réir aicme na ndíorthach a chur san áireamh. Mar sin féin, agus níos tábhachtaí fós, agus mar atá soiléirithe agus deimhnithe thuas, nuair a dhéantar na suíomhanna don tairseach imréitigh a ríomh, tá sé tábhachtach nach gcuirtear conarthaí díorthach san áireamh má rinneadh iad leis na rioscaí ag éirí as gníomhaíocht tráchtála atá intomhaiste go hoibiachtúil a chumhdach.

Toisc nach measfar gach díorthach thar an gcuntar a bheith cáilithe d’imréiteach lárnach, is gá i gcónaí socruithe agus sábháilteacht na gconarthaí sin, a dhéanfar a bhainistiú i gcónaí ar bhonn ‘déthaobhach’ mar a deirtear, a fheabhsú. Dá bhrí sin, ceanglaíonn an Rialachán go n-úsáidfí modhanna leictreonacha agus go mbeadh nósanna imeachta bainistithe riosca ann le malartú comhthaobhachta atá tráthúil, cruinn agus scartha go hiomchuí, agus go mbeadh caipiteal cuí agus comhréireach ann.

Ar deireadh, ní mór do chontrapháirtithe airgeadais agus contrapháirtí neamhairgeadais os cionn na dtairseach imréitigh sonraí faoi aon chonradh díorthach thar an gcuntar a rinne siad a thuairisciú agus sonraí faoi mhodhnú an chonartha sin (lena n-áirítear nuachan agus foirceannadh) a thuairisciú do stór trádála cláraithe. Tá trédhearcacht níos fearr den mhargadh thar an gcuntar ríthábhachtach le haghaidh rialtóirí, lucht ceaptha beartas agus an mhargaidh féin. Sa chás eisceachtúil nach bhfuil sé de chumas ag stór trádála sonraí faoi chonradh maidir le díorthaigh thar an gcuntar ar leith a thaifeadadh, ceanglaítear sa Rialachán gur cheart an fhaisnéis seo a sholáthar díreach don údarás inniúil ábhartha. Beidh sé riachtanach an Coimisiún a chumhachtú le sonraí, cineál, formáid agus minicíocht na dtuarascálacha a chinneadh le haghaidh na gcineálacha éagsúla díorthach, tar éis na ndréachtchaighdeán teicniúil atá le forbairt ag an ESMA.

4.3.3. Teideal III ( Contrapháirtithe lárnacha a údarú agus a mhaoirsiú)

D’fhonn a áirithiú go bhfuil na CPLanna a bhunaítear san Aontas Eorpach sábháilte, beidh údarú CPL faoi réir rochtain a bheith ag an CPL sin ar leachtacht leordhóthanach. D’fhéadfadh leachtacht dá leithéid eascairt as rochtain ar leachtacht an bhainc cheannais nó as rochtain ar leachtacht ó bhanc atá inchairde agus iontaofa, nó ar an dá rud in éineacht.

Ba cheart d’údaráis inniúla náisiúnta bheith freagrach i gcónaí as CPLanna a údarú (lena n-áirítear iad a tharraingt siar) agus maoirseacht a dhéanamh orthu, toisc gurb iad is fearr atá ábalta féachaint ar an gcaoi a bhfeidhmíonn na CPLanna ar bhonn laethúil, athbhreithnithe rialta a dhéanamh, agus gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh nuair is gá. Mar gheall ar thábhacht shistéamach na CPLanna agus nádúr trasteorann a ngníomhaíochtaí, tá sé tábhachtach go mbíonn ról lárnach ag an ESMA sa phróiseas údaraithe. Bainfear é sin amach mar seo a leanas:

- tríd an ngníomh reachtach seo a ghlacadh i bhfoirm Rialacháin, tabharfar ról lárnach don ESMA mar aon le freagracht as a fhorfheidhmiú coitianta agus oibiachtúil a áirithiú, mar atá sonraithe go soiléir i Rialachán an ESMA;

- ceanglófar ar an ESMA líon mór dréachtchaighdeáin theicniúla a fhorbairt i réimsí atá ríthabhachtach le haghaidh chur i bhfeidhm ceart an Rialacháin;

- éascóidh an ESMA glacadh tuairime ag an gcoláiste.

Toisc go meastar CPLanna mar institiúidí atá ábhartha go sistéamach, ní mór do na húdaráis inniúla iomchuí i gcoláiste na n-údarás inniúil pleananna teagmhasacha a shainiú le dul i ngleic le cásanna éigeandála. Ina theannta sin, beidh sé riachtanach go ndéanfaidh an Coimisiún, ina thionscnamh amach anseo ar bhainistíocht agus ar réiteach géarchéime, an beartas sonrach agus na bearta sonracha a shainiú a rachaidh i ngleic le cásanna éigeandála in institiúid atá ábhartha go sistéamach.

Maidir le CPLanna ó thríú tíortha, beidh an fhreagracht dhíreach ar an ESMA CPLanna dá leithéidí a shainaithint, má chomhlíontar coinníollacha áirithe. Go háirithe, ceanglófar leis an aitheantas sin go bhfuil deimhniú tugtha ag an gCoimisiún go bhfuil creat dlíthiúil agus maoirseachta an tríú tír sin coibhéiseach le creat an AE, go bhfuil an CPL údaraithe agus faoi réir ag maoirseacht éifeachtach sa tríú tír sin agus go bhfuil socruithe comhair bunaithe ag an ESMA leis na húdaráis inniúla sa tríú tír. Ní cheadófar do CPL tríú tír dul i mbun gníomhaíochtaí agus seirbhísí san Aontas, mura gcomhlíontar na coinníollacha sin.

4.3.4 Teideal IV (Ceanglais ar chomhpháirtithe lárnacha)

Ceanglais eagraíochtúla

Toisc go ndéanfaidh an Rialachán oibleagáid imréitigh éigeantach a thabhairt isteach le haghaidh díorthach thar an gcuntar, ní mór aird chriticiúil a thabhairt do stóinseacht agus rialáil CPLanna. Ar an gcéad dul síos, ní mór go mbeadh socruithe stóinsithe rialacha i bhfeidhm ag CPL. Freagróidh na socruithe sin do choinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann idir úinéirí, lucht bainistíochta, chomhaltaí imréitigh agus rannpháirtithe indíreacha. Tá tábhacht ar leith ag ról na gcomhaltaí boird neamhspleácha. Sainítear róil agus freagrachtaí an choiste rioscaí go soiléir sa Rialachán freisin: ba cheart dá fheidhm bhainistithe riosca tuairisciú go díreach don bhord agus níor cheart go mbeadh tionchar ag freagracht ghnó ar bith eile uirthi. Ceanglaíonn an Rialachán freisin go nochtaítear socruithe rialaithe go poiblí. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh córais inmheánacha agus nósanna imeachta oibriúcháin agus riaracháin leordhóthanacha ag CPL, agus ba cheart go mbeidís faoi réir iniúchtaí neamhspleácha.

Meastar gur éifeachtaí na bearta seo ar fad chun dul i ngleic le coinbhleachtaí leasa ar bith a d’fhéadfadh cumas imréitigh CPLanna a theorannú ná foirm rialála ar bith eile a d’fhéadfadh tionchar neamh-inmhianaithe a bheith aici ar struchtúir an mhargaidh (e.g. teorannú úinéireachta, agus bheadh gá é seo a leathnú chuig na struchtúir ingearacha, mar a thugtar orthu, ina bhfuil úinéireacht ag malartáin ar CPL).

Ceanglais stuamachta

Toisc go mbeidh an CPL ina chontrapháirtí ar gach suíomh, iompraíonn sé an riosca go dteipfidh ar cheann dá chontrapháirtithe. Ar an gcaoi chéanna, iompraíonn contrapháirtí ar bith de CPL an riosca go dteipfidh ar an CPL féin. Dá bhrí sin, foráiltear sa Rialachán go mbeidh ar CPL neamhchosaint ar riosca creidmheasa a chontrapháirtí a mhaolú trí roinnt meicníochtaí treisithe. Ina measc siúd, d’áireofaí diancheanglais rannpháirtíochta neamh-idirdhealaitheacha, acmhainní airgeadais, agus ráthaíochtaí eile.

De bhrí an róil lárnaigh a bhíonn ag CPL, bíonn sé ina chomhpháirt ríthábhachtach den mhargadh ar a bhfreastalaíonn sé. Dá réir sin, bheadh beagnach gach cliseadh CPL ina theagmhas sistéamach ionchasach don chóras airgeadais. I bhfianaise a róil atá tábhachtach go sistéamach agus i bhfianaise an cheanglais reachtaigh atá molta chun gach díorthach thar an gcuntar ‘caighdeánaithe’ a imréiteach trí CPLanna, ní féidir an iomarca béime a leagan ar an ngá iad a chur faoi dhianrialáil stuamachta ar leibhéal an AE. Ós rud é go bhfuil athrú ar na dlíthe náisiúnta faoi láthair maidir le rialú CPLanna ó Bhallstát amháin go Ballstáit eile níl aon chothromaíocht eatarthu agus d’fhéadfadh sé a bheith níos costasaí seirbhísí CPL trasteorann a sholáthar ná mar atá inmhianaithe, agus gan a bheith chomh sábháilte agus atá inmhianaithe, agus is constaic é maidir le comhtháthú mhargadh airgeadais na hEorpa.

Ceadófar seachfhoinsiú feidhmeanna ag CPL ar an gcoinníoll nach mbeidh tionchar aige ar fheidhmiú ceart an CPL ná ar a chumas rioscaí a bhainistiú, lena n-áirítear na rioscaí a éiríonn as na feidhmeanna seachfhoinsithe. Mar gheall air sin, ní mór do CPLanna monatóireacht a dhéanamh i gcónaí ar na feidhmeanna seachfhoinsithe agus ní mór go mbeadh smacht iomlán acu orthu. Ní mór dóibh na rioscaí a bhíonn os a gcomhair a bhainistiú freisin. Go praiticiúil, ní cheadófar seachfhoinsiú ceann ar bith de na feidhmeanna bainistíochta riosca.

Beidh candam íosta caipitil riachtanach le haghaidh údaraithe chun gníomhartha CPL a fheidhmiú. Tá caipiteal CPL ar an gcosaint dheiridh atá aige i gcás mhainneachtain chomhalta amháin nó níos mó dá chuid, tar éis na n-éarlaisí a bhailiú ón gcomhalta mainneachtana/ó na comhaltaí mainneachtana, ón gciste mainneachtana agus ó acmhainní airgeadais ar bith eile a ídiú. Má shocraíonn CPL cuid dá chaipiteal a úsáid mar acmhainn airgeadais bhreise a úsáidfear chun críocha bainistithe riosca, ní mór go mbeadh an sciar seo de bhreis ar an gcaipiteal a theastaíonn le seirbhísí agus gníomhartha CPL a chomhlíonadh ar bhonn leanúnach.

Ceanglóidh an Rialachán seo ar CPL ciste mainneachtana frithpháirtithe a bheith acu agus beidh ar chomhaltaí an CPL ranníocaíochtaí a dhéanamh leis. Cumasaíonn ciste mainneachtana frithpháirtiú caillteanais, agus dá bhrí sin, is cosaint bhreise atá ann is féidir le CPL a úsáid i gcás dhócmhainneacht ceann amháin nó níos mó dá chomhaltaí.

Tugtar isteach leis an Rialachán rialacha tábhachtacha maidir le leithscaradh agus iniomparthacht suíomhanna agus comhthaobhacht chomhfhreagrach. Tá siad ríthábhachtach chun riosca creidmheasa contrapháirtí a laghdú go héifeachtach trí CPLanna a úsáid, chun cothromaíocht a bhaint amach i measc CPLanna na hEorpa, agus chun leasa dlisteanacha chliaint na gcomhaltaí imréitigh a chosaint. Freagraíonn seo do ghlaoch ó na comhaltaí imréitigh agus óna gcliaint le haghaidh comhchuibhithe agus cosanta níos fearr sa réimse seo. Freagraíonn sé freisin do na saincheisteanna ar leag forléasadh Lehman Brothers béim orthu.

4.3.5 Teideal V (Comh-inoibritheacht)

Uirlis bhun-riachtanach is ea comh-inoibritheacht le comhtháthú éifeachtach an mhargaidh iarthrádála san Eoraip a bhaint amach. Mar sin féin, d’fhéadfadh comh-inoibritheacht CPLanna a neamhchosaint ar rioscaí breise. Dá bhrí sin, bíonn formheas rialála riachtanach sula ndéantar socrú comh-inoibritheach. Ba cheart do CPLanna na rioscaí breise a bhaineann le comh-inoibritheacht a bhreithniú agus a bhainistiú go cúramach, agus na húdaráis inniúla a shásamh maidir le fóntacht na gcóras agus na nósanna imeachta a nglactar leo. I bhfianaise chastacht mhargadh na ndíorthach agus na céime luaithe forbartha d’imréiteach CPL le haghaidh díorthach thar an gcuntar, níl sé iomchuí na forálacha maidir le comh-inoibritheacht a leathnú chuig ionstraimí lasmuigh d’urrúis in airgead tirim ag an tráth seo. Mar sin féin, níor cheart don eisiamh seo teorainn a chur leis an gcumas atá ag CPLanna socruithe dá leithéidí a dhéanamh ar bhealach sábháilte, faoi réir na gcoinníollacha a ndéantar foráil dóibh sa Rialachán.

4.3.6 Teideal VI (Stórtha trádála a chlárú agus faireachas a dhéanamh orthu)

Faoi mar a luaitear thuas (roinn 4.3.2), déantar foráil sa Rialachán do cheanglas le hidirbhearta de dhíorthaigh thar an gcuntar a thuairisciú chun cur le trédhearcacht an mhargaidh seo. Ní mór an fhaisnéis a thuairisciú do stóir thrádála. Coimeádfaidh siad seo faisnéis rialála a bheidh ábhartha do roinnt rialtóirí. I bhfianaise ról lárnach na stórtha trádála i mbailiú na faisnéise rialála, tugann an Rialachán na cumhachtaí don ESMA stórtha thrádála a chlárú, an t-údarás a tharraingt siar agus faireachas a dhéanamh ar stórtha trádála. Dá dtabharfaí cumhachtaí faireachais d’údaráis sa Bhallstát ina bhfuil stór trádála bunaithe, chruthófaí neamhchothromaíocht idir údaráis inniúla na mBallstát éagsúil. Ina theannta sin, toisc nach mbaineann impleachtaí freagrachta fioscaí ar bith le faireachas ar stórtha trádála, níl cur chuige faireachais náisiúnta riachtanach. Cinnteoidh ról an ESMA rochtain gan srian le haghaidh údaráis ábhartha ar fad na hEorpa, agus contrapháirtí uathúil a dhéanann ionadaíocht don Eoraip chun déileáil le húdaráis inniúla na stórtha trádála i dtríú tíortha.

4.3.7 Teideal VII (Ceanglais ar stórtha trádála)

Tá forálacha sa Rialachán a chinnteoidh go gcomhlíonfaidh stórtha trádála sraith caighdeán. Ceaptar iad le déanamh cinnte go bhfuil an fhaisnéis a choimeádann stórtha trádála chun críocha rialála iontaofa, urraithe agus cosanta. Go háirithe, beidh stórtha trádála faoi réir ceanglas eagraíochtúil agus oibríochtúil agus áiritheoidh siad cosaint agus trédhearcacht iomchuí sonraí.

D’fhonn iad a chlárú, ní mór do stórtha trádála a bheith bunaithe san AE. Mar sin féin, féadfaidh an ESMA stór trádála atá bunaithe i dtríú tír a shainaithint má chomhlíonann sé roinnt ceanglas atá ceaptha le dearbhú go bhfuil stór trádála dá leithéid faoi réir rialacha coibhéiseacha agus faireachais iomchuí sa tríú tír sin. D’fhonn a áirithiú nach bhfuil bacainní dlíthiúla ar bith i bhfeidhm a chuirfeadh cosc ar mhalartú frithpháirteach faisnéise agus rochtain gan srian ar shonraí a choimeádfar i stór trádála atá lonnaithe i dtríú tír, foráiltear sa Rialachán don ghá le comhaontú idirnáisiúnta a dhéanamh chuige sin. Sonraítear sa Rialachán mura bhfuil comhaontú den sórt sin i bhfeidhm nach dtabharfaidh an ESMA aitheantas do stór trádála atá bunaithe sa tríú tír sin.

5. FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Ba cheart go gcumhachtófaí an Coimisiún le glacadh le hionstraimí tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis na sonraí a áireofar san fhógra chuig an ESMA agus sa chlár agus leis na critéir le haghaidh chinneadh an ESMA maidir leis an oibleagáid imréitigh, maidir leis an bhfaisnéis agus leis an tairseach imréitigh, maidir leis an aga moille uasta i leith an chonartha, maidir le leachtacht, maidir le hinneachar íosta rialacha rialála, maidir le sonraí faoi choimeád taifead, maidir le hinneachar íosta an phlean leanúnachais ghnó agus na seirbhísí a ráthaítear, maidir le céatadáin agus ionchas ama le haghaidh riachtanas éarlaise, maidir le coinníollacha foircneacha an mhargaidh, maidir le comhthaobhacht ardleachtach agus caolchorrlaigh, maidir le hionstraimí airgeadais ardleachtacha agus teorainneacha comhchruinnithe, maidir le sonraí faoi fheidhmiú tástálacha, maidir le sonraí i dtaobh chur chun feidhme stórtha trádála a chlárófar leis an ESMA, maidir le fíneálacha, agus maidir le sonraí faoin bhfaisnéis ar cheart do stór trádála a chur ar fáil, dá dtagraítear sa Rialachán seo. Ba cheart don ESMA caighdeáin rialála theicniúla a dhréachtú le haghaidh na n-ionstraimí tarmligthe seo, agus measúnuithe iarmharta iomchuí a dhéanamh.

Ba cheart go gcumhachtófaí an Coimisiún le formáid na dtuarascálacha, an choimeádta taifead, agus an fhormáid don iarratas ar chlárúchán a dhéanfaidh stór trádála a chinneadh. De réir Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, leagfar síos roimh ré le Rialachán arna ghlacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach na rialacha ginearálta agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na meicníochtaí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú chumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin. Go dtí go nglacfar an Rialachán nua sin, bíonn feidhm i gcónaí ag Treoir 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún, seachas an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú nach bhfuil feidhm aige.

6. IMPLEACHT BHUISÉADACH

Níl aon impleacht ag an togra do bhuiséad an Aontais.

2010/0250 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[17],

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) An 25 Feabhra 2009, rinne grúpa ardleibhéil saineolaithe faoi chathaoirleacht J. de Larosière tuarascáil a fhoilsiú ar iarratas ón gCoimisiún, agus ba é an tátal a bhí ar an tuarascáil sin go gcaithfí an creat maoirseachta don earnáil airgeadais san Eoraip a neartú chun an riosca a bhainfeadh le géarchéimeanna airgeadais sa todhchaí, agus déine géarchéime den sórt sin, a laghdú. Moladh sa tuarascáil athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar struchtúr na maoirseachta, lena n-áirítear Córas Eorpach Maoirseoirí Airgeadais a bhunú, ina mbeadh trí Údarás Maoirseachta Eorpacha, údarás amháin thar ceann earnáil na n-urrús, údarás eile thar ceann earnáil an árachais agus na bpinsean gairme agus údarás eile thar ceann earnáil na baincéireachta, agus Bord Eorpach um Riosca Sistéamach a bhunú.

(2) Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Márta 2009, dar teideal Driving European Recovery (Téarnamh na hEorpa a Chur Chun Cinn)[18], moladh creat rialála an Aontais a neartú do sheirbhísí airgeadais. Ina Theachtaireacht an 3 Iúil 2009[19], rinne an Coimisiún measúnú ar ról na ndíorthach sa ghéarchéim airgeadais, agus ina Theachtaireacht an 20 Deireadh Fómhair 2009[20] thug an Coimisiún cuntas ar na gníomhaíochtaí a bhfuil sé i gceist aige a dhéanamh leis na rioscaí a bhaineann le díorthaigh a laghdú.

(3) An 23 Meán Fómhair 2009, ghlac an Coimisiún tograí le haghaidh trí Rialachán lena mbunaítear an Córas Eorpach Maoirseoirí Airgeadais, lena n-áirítear trí Údarás Maoirseachta Eorpacha a bhunú a rannchuideoidh le cur i bhfeidhm comhsheasmhach reachtaíocht an Aontais agus chun comhchaighdeáin agus comhchleachtais rialála agus maoirseachta ar ardchaighdeán a bhunú. Is iad sin an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) arna bhunú ag Rialachán .../...AE..., an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) arna bhunú ag Rialachán .../...AE..., agus an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme (EIOPA) arna bhunú ag Rialachán .../...AE....

(4) Bíonn easpa trédhearcachta i gceist le díorthaigh thar an gcuntar toisc gur conarthaí iad a dhéanann páirtithe go príobháideach eatarthu féin agus gurb ag páirtithe an chonartha amháin a bhíonn faisnéis ar bith fúthu ar fáil. Cruthaíonn siad gréasán casta idirthuilleamaíochta, agus dá bhrí sin bíonn sé deacair nádúr agus leibhéal na rioscaí atá i gceist a shainaithint. Léirigh an ghéarchéim airgeadais go méadaíonn saintréithe dá leithéidí neamhchinnteacht nuair a bhíonn strus sa mhargadh agus, dá bhrí sin, bíonn rioscaí ag baint leis na saintréithe seo don chobhsaíocht airgeadais. Leagtar síos sa Rialachán seo coinníollacha chun na rioscaí sin a mhaolú agus trédhearcacht conarthaí díorthach a fheabhsú.

(5) Ag an gcruinniú mullaigh in Pittsburgh an 26 Meán Fómhair 2009, chomhaontaigh Ceannairí an G20 gur cheart gach conradh caighdeánaithe díorthach thar an gcuntar a imréiteach trí chontrapháirtithe lárnacha faoi dheireadh na bliana 2012 ar a dhéanaí, agus gur cheart conarthaí díorthach thar an gcuntar a thuairisciú do stórtha trádála. I mí an Mheithimh 2010, dheimhnigh Ceannairí an G20 in Toronto a dtiomantas agus gheall siad freisin dlús a chur faoi bhearta láidre a chur chun feidhme chun maoirsiú ar thrédhearcacht agus ar rialáil na ndíorthach thar an gcuntar a fheabhsú ar bhealach atá comhsheasmhach agus neamh-idirdhealaitheach go hidirnáisiúnta. Féachfaidh an Coimisiún lena áirithiú go gcuirfidh ár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta na gealltanais sin chun feidhme ar an mbealach céanna.

(6) D’aontaigh an Chomhairle Eorpach, ina Conclúidí an 2 Nollaig 2009, go raibh gá le maolú riosca creidmheasa contrapháirtí a fheabhsú go substaintiúil, agus go raibh sé tábhachtach trédhearcacht, éifeachtúlacht agus sláine a fheabhsú le haghaidh idirbheart díorthach. Sa rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meitheamh 2010 dar teideal Derivatives markets: future policy actions (Margaí na ndíorthach: gníomhaíochtaí beartais sa todhchaí), iarradh imréiteach agus tuairisciú éigeantach le haghaidh díorthach thar an gcuntar.

(7) Feidhmíonn an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo trí chobhsaíocht na margaí airgeadais i gcásanna éigeandála a chosaint agus trína áirithiú go gcuireann údaráis mhaoirseachta náisiúnta rialacha an Aontais i bhfeidhm go comhsheasmhach agus trí easaontuithe a réiteach eatarthu. Cuirtear an cúram air freisin caighdeáin theicniúla rialála atá ceangailteach go dlíthiúil a fhorbairt, agus bíonn ról lárnach aige maidir le contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála a údarú agus a mhaoirsiú.

(8) Tá rialacha aonfhoirmeacha riachtanach le haghaidh conarthaí díorthach a dhéantar a thrádáil thar an gcuntar agus atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, Roinn C, uimhreacha (4) go (10) de Threoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais lena leasaítear Treoracha 85/611/CEE agus 93/6/CEE ón gComhairle agus Treoir 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 93/22/CEE ón gComhairle[21].

(9) Níor éirigh le dreasachtaí chun úsáid na gcontrapháirtithe lárnacha a chur chun cinn d’fhonn a áirithiú go ndéantar díorthaigh chaighdeánaithe thar an gcuntar a imréiteach iarbhír. Dá bhrí sin, tá gá le ceanglais éigeantacha imréitigh trí chontrapháirtí lárnach le haghaidh na ndíorthach sin thar an gcuntar ar féidir iad a imréiteach.

(10) Tá gach dealraitheacht ann go nglacfaidh na Ballstáit bearta náisiúnta éagsúla a d’fhéadfadh bacainní a chur ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus d’fhéadfaidís dul chun dochair rannpháirtithe sa mhargadh agus na cobhsaíochta airgeadais. Tá cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na hoibleagáide imréitigh san Aontas riachtanach freisin d’fhonn leibhéal ard cosanta infheisteoirí a áirithiú agus deis chothrom a chruthú idir na rannpháirtithe sa mhargadh.

(11) D’fhonn a áirithiú go laghdaíonn an oibleagáid imréitigh riosca sistéamach, tá gá le próiseas sainaitheanta le haghaidh aicmí cáilithe díorthach ar cheart dóibh a bheith faoi réir na hoibleagáide sin. Ba cheart a chur san áireamh sa phróiseas sin nach féidir gach díorthach thar an gcuntar a imréitítear trí chontrapháirtí lárnach a mheas mar dhíorthaigh atá oiriúnach d’imréiteach éigeantach trí chontrapháirtí lárnach.

(12) Leagtar amach sa Rialachán seo na critéir a úsáidfear chun cáilitheacht i leith na hoibleagáide imréitigh a chinneadh. I bhfianaise an róil ríthábhachtaigh atá aige, ba cheart don ESMA cinneadh a dhéanamh faoina gcomhlíonann aicme díorthach na critéir cháilitheachta, agus faoin uair a thabharfar feidhm don oibleagáid imréitigh.

(13) D’fhonn conradh díorthach thar an gcuntar a imréiteach, ní mór don dá pháirtí sa chonradh sin toiliú leis. Dá bhrí sin, ba cheart díolúintí ón oibleagáid imréitigh a chur in oiriúint go sonrach, toisc go laghdóidís éifeachtacht na hoibleagáide agus tairbhí an imréitigh lárnaigh, agus d’fhéadfadh arbatráiste rialaitheach idir ghrúpaí de rannpháirtithe sa mhargadh a bheith mar thoradh orthu.

(14) Bíonn riosca creidmheasa contrapháirtí i gceist le díorthaigh thar an gcuntar nach meastar a bheith oiriúnach le haghaidh imréitigh trí chontrapháirtí lárnach agus, dá bhrí sin, ba cheart rialacha a bhunú leis an riosca sin a bhainistiú. Níor cheart go mbeadh na rialacha sin infheidhme ach amháin maidir le rannpháirtithe sa mhargadh atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh.

(15) Ba cheart go mbeadh rialacha i leith oibleagáidí imréitigh agus tuairiscithe agus rialacha i leith teicnící maolaithe riosca le haghaidh conarthaí díorthach thar an gcuntar nach n-imréitítear trí chontrapháirtí lárnach infheidhme maidir le contrapháirtithe airgeadais, eadhon gnólachtaí infheistíochta mar atá leagtha amach i dTreoir 2004/39/CE, institiúidí creidmheasa mar atá sainmhínithe i dTreoir 2006/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 a bhaineann le gabháil le gnó institiúidí creidmheasa agus lena shaothrú (athmhúnlú)[22], gnóthais árachais mar atá sainmhínithe i dTreoir 73/239/CEE [NB: déanfar í a aisghairm le Sócmhainneacht II in 2012], gnóthais árachais mar atá sainmhínithe i dTreoir 2002/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Samhain 2002 maidir le hárachas saoil[23], gnóthais athárachais mar atá sainmhínithe i dTreoir 2005/68/CE, gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe mar ata sainmhínithe i dTreoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe a chomhordú[24], institiúidí le haghaidh sochair scoir ghairme mar atá sainmhínithe i dTreoir 2003/41/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Meitheamh 2003 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí le haghaidh sochair scoir ghairme[25] agus bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha mar atá sainmhínithe i dTreoir 2010/.../AE.

(16) Nuair is iomchuí, ba cheart go mbeadh na rialacha atá infheidhme maidir le contrapháirtithe airgeadais infheidhme freisin maidir le contrapháirtithe neamhairgeadais. Aithnítear go mbaineann contrapháirtithe neamhairgeadais úsáid as conarthaí thar an gcuntar d’fhonn iad féin a chumhdach in aghaidh rioscaí tráchtála atá nasctha go díreach lena gcuid gníomhaíochtaí tráchtála. Dá réir sin, agus cinneadh á dhéanamh faoinar cheart do chontrapháirtí neamhairgeadais a bheith faoi réir na hoibleagáide imréitigh, ba cheart machnamh a dhéanamh ar an gcuspóir lena n-úsáideann an contrapháirtí neamhairgeadais sin díorthaigh thar an gcuntar, agus ar mhéid na neamhchosaintí atá aige sna hionstraimí sin. Agus an tairseach i gcomhair na hoibleagáide imréitigh á leagan síos, ba cheart don ESMA dul i gcomhairle le gach údarás ábhartha, mar shampla rialtóirí atá freagrach as margaí tráchtearraí, d’fhonn a áirithiú go gcuirtear san áireamh go hiomlán nósúlacht na n-earnálacha sin. Ina theannta sin, faoin 31 Nollaig 2013, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar thábhacht shistéamach idirbhearta na ngnólachtaí neamhairgeadais i ndíorthaigh thar an gcuntar in earnálacha difriúla, lena n-áirítear an earnáil fuinnimh.

(17) Ba cheart conradh a dhéanann ciste, bíodh an ciste sin á bhainistiú ag bainisteoir ciste nó ná bíodh, a mheas faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(18) Ba cheart go ndéanfaí bainc cheannais agus comhlachtaí náisiúnta eile a bhfuil feidhmeanna cosúla acu, comhlachtaí poiblí eile a bhfuil sé mar chúram orthu an fiachas poiblí a bhainistiú nó idiragairt ann, agus bainc forbartha iltaobhacha atá liostaithe i Roinn 4.2 de Chuid 1 d’Iarscríbhinn VI de Threoir 2006/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 a bhaineann le gabháil le gnó institiúidí creidmheasa agus lena shaothrú[26] a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo ionas go seachnófaí teorainn a chur lena gcumhachtaí idiragartha leis an margadh a chobhsú, de réir mar a theastódh a leithéid.

(19) Toisc nach bhfuil gach rannpháirtí sa mhargadh atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh ábalta a bheith ina gcomhaltaí imréitigh de chontrapháirtí lárnach, ba cheart an deis a bheith acu contrapháirtí lárnach a rochtain mar chliaint.

(20) D’fhéadfadh saobhadh iomaíoch gan choinne tarlú i margadh na ndíorthach thar an gcuntar má thugtar isteach oibleagáid imréitigh mar aon le próiseas chun cinneadh a dhéanamh cé na contrapháirtithe lárnacha is féidir a úsáid ar mhaithe leis an oibleagáid sin. Mar shampla, d’fhéadfadh contrapháirtí lárnach diúltú idirbhearta a dhéantar ar ionaid trádála áirithe a imréiteach toisc gur le hionad trádála atá in iomaíocht leo é an contrapháirtí lárnach sin. D’fhonn cleachtais idirdhealaitheacha dá leithéidí a sheachaint ba cheart do na contrapháirtithe lárnacha glacadh leis idirbhearta a dhéantar in ionaid dhifriúla a imréiteach, a mhéid is go gcomhlíonann na hionaid sin ceanglais oibríochtúla agus theicniúla arna mbunú ag na contrapháirtithe sin. Ba cheart don Choimisiún, tríd is tríd, leanúint le monatóireacht ghéar a dhéanamh ar an athrú a thagann ar mhargadh na ndíorthach thar an gcuntar agus ba cheart dó, nuair is gá, idiragairt d’fhonn saobhadh iomaíoch dá leithéid a chosc sa Mhargadh Inmheánach.

(21) Tá gá le sonraí iontaofa chun na haicmí ábhartha de dhíorthaigh thar an gcuntar ar cheart dóibh a bheith faoi réir na hoibleagáide imréitigh, na tairseacha a chuirfear i bhfeidhm agus na contrapháirtithe neamhairgeadais eile a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo a shainaithint. Dá bhrí sin, chun críocha rialála, tá sé tábhachtach go ndéantar ceanglas aonfhoirmeach tuairiscithe sonraí maidir le díorthaigh thar an gcuntar a bhunú ar leibhéal an Aontais.

(22) Tá sé tábhachtach go ndéanann rannpháirtithe sa mhargadh na sonraí ar fad faoi na conarthaí díorthach thar an gcuntar a rinne siad a thuairisciú do stórtha trádála. Dá bhrí sin, déanfar faisnéis faoi na rioscaí a bhaineann go dlúth le margaí na ndíorthach thar an gcuntar a stóráil go lárnach agus beidh rochtain éasca ag an ESMA, ag na húdaráis inniúla iomchuí agus ag na bainc cheannais iomchuí den Chóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC) ar an bhfaisnéis sin.

(23) D’fhonn foráil a dhéanamh d’fhorbhreathnú cuimsitheach ar an margadh, ba cheart conarthaí imréitithe agus neamh-imréitithe araon a thuairisciú do stórtha trádála.

(24) Ba cheart feidhm maidir le contrapháirtithe bunaidh an chonartha sin agus le heintiteas ar bith eile a thuairiscíonn thar ceann na gcontrapháirtithe bunaidh sin a bheith ag an oibleagáid leasú nó foirceannadh ar bith a dhéantar ar chonradh a thuairisciú. Maidir le contrapháirtí nó a chuid fostaithe a thuairiscíonn sonraí iomlána conartha do stór trádála thar ceann contrapháirtí eile, de réir an Rialacháin seo, níor cheart dó srian ar bith a shárú maidir le nochtadh.

(25) Ba cheart go mbeadh pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha ann maidir leis na hoibleagáidí imréitigh agus tuairiscithe. Ba cheart do na Ballstáit na pionóis sin a chur i bhfeidhm ar bhealach nach laghdaíonn éifeachtacht na rialacha sin.

(26) Ba cheart go mbeadh údarú contrapháirtí lárnaigh coinníollach ar mhéid íosta de chaipiteal tosaigh. Ba cheart don chaipiteal, i dteannta thuilleamh coimeádta agus cúlchistí an chontrapháirtí sin, a bheith comhréireach le méid agus le gníomhaíocht an chontrapháirtí i gcónaí d’fhonn a áirithiú go bhfuil sé caipitlithe go leormhaith in aghaidh rioscaí oibríochtúla nó iarmharacha agus go mbeadh sé ábalta a oibríochtaí a fhoirceannadh nó a athstruchtúrú go hordúil dá mba ghá sin.

(27) Toisc go dtugtar isteach leis an Rialachán seo oibleagáid dhlíthiúil contrapháirtithe lárnacha sonracha a úsáid ar mhaithe le himréiteach chun críocha rialála, is ríthábhachtach a áirithiú go bhfuil na contrapháirtithe sin sábháilte agus iontaofa agus go gcloíonn siad i gcónaí le ceanglais dhiana eagraíochtúla agus stuamachta a bhaineann le gnó a dhéanamh arna mbunú ag an Rialachán seo. Ba cheart feidhm a bheith acu maidir le himréiteach gach ionstraime airgeadais a ndéileálann na contrapháirtithe sin leo d’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach a áirithiú.

(28) Dá bhrí sin, bheadh sé riachtanach a áirithiú, chun críocha rialála agus comhchuibhithe, nach n-úsáidfeadh contrapháirtithe airgeadais ach amháin na contrapháirtithe lárnacha sin a chloíonn leis na ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán seo.

(29) Tá rialacha díreacha maidir le húdarú agus maoirseacht contrapháirtithe lárnacha ina n-atoradh bunriachtanach den oibleagáid díorthaigh thar an gcuntar a imréiteach. Is iomchuí go bhfanfadh an fhreagracht ar údaráis inniúla náisiúnta as gach gné d’údarú agus de mhaoirseacht na gcontrapháirtithe sin, lena n-áirítear fíorú a dhéanamh go gcloíonn an contrapháirtí is iarratasóir leis an Rialachán seo agus le Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús[27], toisc gurb iad na húdaráis inniúla náisiúnta sin is fearr atá ábalta féachaint ar an gcaoi a bhfeidhmíonn na contrapháirtithe sin ar bhonn laethúil, athbhreithnithe rialta a dhéanamh, agus gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh nuair is gá.

(30) Nuair a bhíonn contrapháirtí lárnach i mbaol dócmhainneachta, d’fhéadfadh an fhreagracht fhioscach a bheith ar an mBallstát ina bhfuil sé bunaithe den chuid is mó. Dá bhrí sin, is é an t-údarás inniúil iomchuí sa Bhallstát sin ar cheart dó an contrapháirtí sin a údarú agus maoirseacht a dhéanamh air. Mar sin féin, ós rud é go bhféadfadh comhaltaí imréitigh contrapháirtí lárnaigh a bheith bunaithe i mBallstáit éagsúla agus gurb iad sin na chéad chomhaltaí a mbeidh tionchar ag mainneachtain an chontrapháirtí lárnaigh orthu, is ríthábhachtach go mbeidh baint ag gach údarás inniúil iomchuí leis an bpróiseas údaraithe agus maoirseachta agus go gcuirfear meicníochtaí iomchuí comhair, lena n-áirítear coláistí, i bhfeidhm. Ar an dóigh sin, seachnófar bearta nó cleachtais náisiúnta a bheadh éagsúil le chéile agus bacainní ar an margadh inmheánach. Ba cheart don ESMA a bheith rannpháirteach i ngach coláiste d’fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus ceart an Rialacháin a áirithiú.

(31) Is gá forálacha maidir le malartú faisnéise idir údaráis inniúla a threisiú agus na dualgais maidir le cúnamh agus comhar eatarthu a neartú. Ós rud é go bhfuil an ghníomhaíocht trasteorann ag dul i méid, ba cheart d’údaráis inniúla an fhaisnéis ábhartha chun a bhfeidhmeanna a chur i gcrích a sholáthar dá chéile d’fhonn forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin a áirithiú, lena n-áirítear i gcásanna ina bhféadfadh sáruithe nó sáruithe amhrasta a bheith ina n-ábhar imní d’údaráis in dhá Bhallstát nó níos mó. Tá dianrúndacht ghairmiúil de dhíth le haghaidh an mhalartaithe faisnéise. Toisc tionchar leathan a bheith ag na conarthaí díorthach thar an gcuntar, is bunriachtanach go mbíonn rochtain ag údaráis iomchuí eile amhail údaráis chánach agus rialtóirí fuinnimh ar an bhfaisnéis a bhíonn de dhíth orthu lena bhfeidhmeanna a chur i gcrích.

(32) I bhfianaise nádúr domhanda na margaí airgeadais, ba cheart go mbeadh freagracht dhíreach ar an ESMA as contrapháirtithe lárnacha atá bunaithe i dtríú tíortha a shainaithint agus, dá réir sin, as cead a thabhairt dóibh seirbhísí imréitigh a chur ar fáil laistigh den Aontas, ar an gcoinníoll go n-aithníonn an Coimisiún go bhfuil creat dlíthiúil agus maoirseachta an tríú tír sin coibhéiseach le creat an Aontais agus ar an gcoinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe eile. Sa chomhthéacs sin, beidh tábhacht faoi leith le comhaontuithe le comhpháirtithe ollmhóra idirnáisiúnta an Aontais d’fhonn a áirithiú go mbeidh deis chothrom ann ar fud an domhain agus d’fhonn cobhsaíocht airgeadais a áirithiú.

(33) Ba cheart socruithe daingne rialachais, lucht bainistíochta sinsearaí a bhfuil dea-cháil orthu agus comhaltaí neamhspleácha a bheith ar an mbord ag na contrapháirtithe lárnacha, beag beann ar a struchtúr úinéireachta. Mar sin féin, d’fhéadfadh socruithe éagsúla rialachais agus úinéireachta a bheadh i bhfeidhm ag contrapháirtí lárnach tionchar a imirt ar a thoilteanas nó ar a chumas táirgí áirithe a imréiteach. Dá bhrí sin, is iomchuí go rachadh comhaltaí neamhspleácha an bhoird agus an coiste rioscaí a bhunóidh an contrapháirtí lárnach i ngleic le coinbhleachtaí leasa a d'fhéadfadh teacht chun cinn laistigh de chontrapháirtí lárnach. Ní mór go mbeadh ionadaíocht leormhaith ag comhaltaí imréitigh agus ag a gcliaint toisc go bhféadfadh tionchar a bheith ag cinntí an chontrapháirtí lárnaigh orthu.

(34) Féadfaidh contrapháirtí lárnach feidhmeanna seachas a fheidhmeanna bainistíochta riosca a sheachfhoinsiú ar an gcoinníoll nach mbeidh tionchar ag na feidhmeanna seachfhoinsithe sin ar fheidhmiú cuí an chontrapháirtí sin agus ar a chumas rioscaí a bhainistiú.

(35) Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh na ceanglais rannpháirtíochta le haghaidh contrapháirtí lárnaigh trédhearcach, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach, agus ba cheart dóibh foráil a dhéanamh do chianrochtain a mhéid nach bhfuil an contrapháirtí sin neamhchosanta ar rioscaí breise.

(36) Ba cheart leibhéal ard cosanta a thabhairt do chliaint na gcomhaltaí imréitigh a imréitíonn a ndíorthaigh thar an gcuntar trí chontrapháirtí lárnach. Braitheann leibhéal iarbhír na cosanta ar an leibhéal leithscartha a roghnaíonn na cliaint sin. Ba cheart d’idirghabhálaithe a sócmhainní a leithscaradh ó shócmhainní a gcliant. Dá bhrí sin, ba cheart do na contrapháirtithe lárnacha taifid chun dáta atá so-aitheanta go héasca a choimeád.

(37) Ba cheart creat bainistithe riosca iontaofa a bheith ag na contrapháirtithe lárnacha le rioscaí creidmheasa, rioscaí leachtachta, rioscaí oibríochtúla agus rioscaí eile a bhainistiú, lena n-áirítear na rioscaí a iompraíonn sé nó a chruthaíonn sé d’eintitis eile mar thoradh ar idirthuilleamaíocht. Ba cheart nósanna imeachta agus meicníochtaí leormhaithe a bheith i bhfeidhm ag an gcontrapháirtí lárnach le déileáil le mainneachtain chomhalta imréitigh. D’fhonn riosca tadhlachta mainneachtana dá leithéid a íoslaghdú, ba cheart don chontrapháirtí lárnach diancheanglais rannpháirtíochta a chur i bhfeidhm, corrlaigh bhunaidh iomchuí a bhailiú, ciste mainneachtana agus acmhainní airgeadais eile a chothabháil le caillteanais ionchais a chumhdach.

(38) D’fhéadfadh iarmhairtí comhthimthriallacha a bheith ag glaonna ar éarlais agus ag caolchorrlaigh. Dá bhrí sin, ba cheart do chontrapháirtithe lárnacha agus d'údaráis inniúla bearta a ghlacadh le hiarmhairtí comhthimthriallacha a d'fhéadfadh teacht chun cinn i gcleachtais bhainistithe riosca arna nglacadh ag contrapháirtithe lárnacha a chosc agus a rialú, a mhéid nach ndéantar dochar d’fhóntacht ná do shláine airgeadais na gcontrapháirtithe sin.

(39) Tá bainistiú neamhchosanta ina chuid bhunriachtanach den phróiseas imréitigh. Ba cheart rochtain ar na foinsí praghsála ábhartha, mar aon lena n-úsáid, a cheadú chun seirbhísí imréitigh i gcoitinne a chur ar fáil. Ba cheart a chur san áireamh sna foinsí praghsála sin foinsí praghsála a bhaineann le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagairtí do dhíorthaigh nó d'ionstraimí airgeadais eile, ach gan a bheith teoranta dóibh sin amháin.

(40) Corrlaigh an phríomhchosaint atá ag an gcontrapháirtí lárnach. Bíodh is gur cheart do na contrapháirtithe lárnacha na corrlaigh a fuair siad a infheistiú ar bhealach sábháilte agus stuama, ba cheart dóibh iarracht ar leith a dhéanamh cosaint leormhaith do chorrlaigh a áirithiú lena chinntiú go ndéantar iad a thabhairt ar ais go tráthúil do na comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana nó do chontrapháirtí lárnach comh-inoibritheach i gcás ina mainníonn an contrapháirtí lárnach atá ag bailiú na gcorrlach sin.

(41) In European Code of Conduct for Clearing and Settlement (An Cód Iompair Eorpach maidir le hImréiteach agus Socrú) an 7 Samhain 2006[28] bunaíodh creat deonach chun naisc a bhunú idir contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála. Mar sin féin, tá earnáil na hiarthrádála ilroinnte i gcónaí ar bhonn náisiúnta. Mar gheall air sin, bíonn trádálacha trasteorann níos costasaí agus cuireann siad isteach ar chomhchuibhiú. Dá bhrí sin, is gá na coinníollacha chun socruithe comh-inoibritheacha a bhunú idir contrapháirtithe lárnacha a leagan síos a mhéid is nach bhfuil na contrapháirtithe iomchuí neamhchosanta ar rioscaí nach bhfuil á mbainistiú i gceart.

(42) Uirlisí tábhachtacha is ea iad socruithe comh-inoibritheachta chun an margadh iarthrádála laistigh den Aontas a chomhtháthú níos fearr, agus ba cheart go ndéanfaí foráil do rialáil. Mar sin féin, d’fhéadfadh contrapháirtithe lárnacha a bheith neamhchosanta ar rioscaí breise de dheasca socruithe comh-inoibritheachta. Mar gheall ar na castachtaí breise a bhaineann le socrú comh-inoibritheachta idir contrapháirtithe lárnacha a imréitíonn conarthaí díorthach thar an gcuntar, is iomchuí ag an tráth seo raon feidhme na socruithe comh-inoibritheachta a shrianadh d’urrúis in airgead tirim. Mar sin féin, faoin 30 Meán Fómhair 2014, ba cheart don ESMA tuarascáil a chur isteach chuig an gCoimisiún maidir lena mbeadh sé iomchuí ionstraimí airgeadais eile a chuimsiú faoin raon feidhme sin.

(43) Bailíonn stórtha trádála sonraí chun críocha rialála, agus baineann na sonraí sin le húdaráis i ngach ceann de na Ballstáit. I bhfianaise nach bhfuil impleacht fhioscach ar bith ag faireachas ar stórtha trádála, agus go mbeidh rochtain ar na sonraí atá á gcoimeád ag stórtha trádála de dhíth ar go leor údarás ar fud na mBallstát, ba cheart don ESMA freagracht a ghlacadh as stórtha trádála a chlárú, a tharraingt siar, agus as faireachas a dhéanamh orthu.

(44) Toisc go mbíonn rialtóirí, contrapháirtithe lárnacha agus rannpháirtithe eile sa mhargadh ag brath ar na sonraí atá á gcoimeád ag stórtha trádála, is gá a áirithiú go mbíonn na stórtha trádála sin faoi réir diancheanglas maidir le coimeád taifead agus bainistíocht sonraí.

(45) Tá trédhearcacht praghsanna agus táillí a bhaineann leis na seirbhísí a chuireann contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála ar fáil riachtanach le cur ar chumas rannpháirtithe sa mhargadh rogha eolasach a dhéanamh.

(46) Ba cheart go mbeadh an ESMA ábalta moladh a thabhairt don Choimisiún maidir le tráthíocaíochtaí pionósacha a fhorchur. Is é is aidhm do na tráthíocaíochtaí pionósacha sin go gcuirfí deireadh le sárú atá dearbhaithe ag an ESMA, go mbeadh aon fhaisnéis iomlán agus chruinn atá iarrtha ag an ESMA tugtha dó agus go rachadh stórtha trádála agus daoine eile faoi imscrúdú. Thairis sin, chun críocha díspreagtha agus chun iallach a chur ar na stórtha trádála an Rialachán a chomhlíonadh, ba cheart go mbeadh sé de chumas ag an gCoimisiún fíneálacha a fhorchur, tar éis iarraidh a fháil ón ESMA, i gcás inar sáraíodh, d'aonghnó nó le faillí, forálacha sonracha an Rialacháin. Beidh an fhíneáil athchomhairleach agus comhréireach le nádúr agus tromchúis an tsáraithe, le fad ama an tsáraithe agus le hacmhainn eacnamaíoch an stóir thrádála lena mbaineann.

(47) D'fhonn maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar stórtha trádála, ba cheart go mbeadh sé de cheart ag an ESMA imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh.

(48) Is bunriachtanach é go dtugann Ballstáit agus an ESMA cosaint don cheart chun príobháideachta atá ag daoine nádúrtha agus sonraí pearsanta á bpróiseáil, de réir Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin[29].

(49) Is tábhachtach cóineasú ceanglas idirnáisiúnta a áirithiú le haghaidh contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála. Leanann an Rialachán seo na moltaí a d’fhorbair CPSS-IOSCO[30] agus CEBC-CESR[31] agus cruthaíonn sé creat Aontais ina bhféadann contrapháirtithe lárnacha feidhmiú go sábháilte. Ba cheart don ESMA na forbairtí sin a chur san áireamh le linn dó na caighdeáin theicniúla rialála a dhréachtú, mar aon leis na treoirlínte agus na moltaí dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

(50) Ba cheart go gcumhachtófaí an Coimisiún le glacadh le hionstraimí tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh maidir leis na sonraí a áireofar san fhógra don ESMA agus sa chlár agus leis na critéir le haghaidh chinneadh an ESMA maidir leis an oibleagáid imréitigh, maidir leis an bhfaisnéis agus leis an tairseach imréitigh, maidir leis an aga moille uasta i leith an chonartha, maidir le leachtacht, maidir le hinneachar íosta rialacha rialála, maidir le sonraí faoi choimeád taifead, maidir le hinneachar íosta an phlean leanúnachais ghnó agus na seirbhísí a ráthaítear, maidir le céatadáin agus ionchas ama le haghaidh riachtanas éarlaise, maidir le coinníollacha foircneacha an mhargaidh, maidir le comhthaobhacht ardleachtach agus caolchorrlaigh, maidir le hionstraimí airgeadais ardleachtacha agus teorainneacha comhchruinnithe, maidir le sonraí faoi fheidhmiú tástálacha, maidir le sonraí i dtaobh chur i bhfeidhm stórtha trádála a chlárófar leis an ESMA, maidir le fíneálacha, agus maidir le sonraí faoin bhfaisnéis ba cheart do stór trádála a chur ar fáil, dá dtagraítear sa Rialachán seo. Agus na hionstraimí tarmligthe á sainmhíniú, ba cheart don Choimisiún saineolas na nÚdarás Maoirseachta Eorpach iomchuí a úsáid (ESMA, ÚBE agus EIOPA). I bhfianaise shaineolas an ESMA maidir le saincheisteanna a bhaineann le hurrúis agus le margaí na n-urrús, ba cheart go mbeadh ról lárnach ag an ESMA ó thaobh comhairle a chur ar an gCoimisiún faoi ullmhúchán na n-ionstraimí tarmligthe. Mar sin féin, ba cheart don ESMA, nuair is iomchuí, dul i gcomhchomhairle go dlúth leis an dá Údarás Maoirseachta eile san Eoraip.

(51) De réir Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, leagfar síos roimh ré le Rialachán arna ghlacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach na rialacha ginearálta agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na meicníochtaí maidir leis an rialú a dhéanfaidh na Ballstáit ar fheidhmiú chumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin. Go dtí go nglacfar leis an Rialachán nua sin, beidh feidhm i gcónaí le Treoir 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún, seachas an nós imeachta rialála lena ngabhann grinnscrúdú nach bhfuil feidhm aige.

(52) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, mar atá ceanglais aonfhoirmeacha a leagan síos le haghaidh conarthaí díorthach thar an gcuntar agus freisin ceanglais aonfhoirmeacha a leagan síos le haghaidh fheidhmiú ghníomhaíochtaí contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála, a ghnóthú go leordhóthanach, agus dá bhrí sin, gur fearr, de bharr fhairsinge na gníomhaíochta, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(53) I bhfianaise na rialacha maidir le córais chomh-inoibritheacha, measadh gurbh iomchuí Treoir 98/26/CE a leasú le cearta oibreora córais a chuireann urrús comhthaobhach ar fáil d’oibreoir córais ghlactha a chosaint i gcás imeachtaí dócmhainneachta in aghaidh oibreoir an chórais ghlactha sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Teideal I Ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe

Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme

1. Leagtar amach sa Rialachán seo ceanglais chomhionanna le haghaidh conarthaí díorthach atá leagtha amach in Iarscríbhinn I Roinn C uimhreacha (4) go (10) de Threoir 2004/39/CE a thrádáiltear thar an gcuntar, agus leagtar amach ceanglais chomhionanna le haghaidh fheidhmiú ghníomhaíochtaí contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála.

2. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le contrapháirtithe lárnacha, contrapháirtithe airgeadais agus stórtha trádála. Beidh feidhm aige maidir le contrapháirtithe neamhairgeadais nuair a fhoráiltear dá leithéid.

3. Ní bheidh feidhm ag Teideal V ach amháin maidir le hurrúis inaistrithe agus le hionstraimí margadh airgid, mar atá sainmhínithe in Airteagal 4(1) pointe 18 (a) agus (b) agus pointe 19 de Threoir 2004/39/CE.

4. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leo seo a leanas:

(a) Comhaltaí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus comhlachtaí náisiúnta eile a bhfuil na feidhmeanna céanna acu agus comhlachtaí poiblí eile a bhfuil sé de chúram orthu an fiachas poiblí a bhainistiú nó idiragairt ann;

(b) Bainc forbartha iltaobhacha, mar atá liostaithe faoi Roinn 4.2 de Chuid 1 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir 2006/48/CE.

Airteagal 2 Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) ciallaíonn ‘contrapháirtí lárnach’ eintiteas a idirchuireann é féin go dlíthiúil idir contrapháirtithe sna conarthaí a thrádáiltear laistigh de mhargadh airgeadais amháin nó níos mó, a bhíonn ina cheannaitheoir ag gach díoltóir agus ina dhíoltóir ag gach ceannaitheoir agus atá freagrach as córas imréitigh a fheidhmiú;

(2) ciallaíonn ‘stór trádála’ eintiteas a dhéanann taifid ó dhíorthaigh thar an gcuntar a bhailiú agus a chothabháil go lárnach;

(3) ciallaíonn ‘imréiteach’ an próiseas chun suíomhanna socraíochta a bhunú, lena n-áirítear glansuíomhanna a ríomh, agus an próiseas le seiceáil go bhfuil ionstraimí airgeadais, airgead tirim nó an dá rud ar fáil leis na neamhchosaintí ag éirí as idirbheart a urrú;

(4) ciallaíonn ‘aicme díorthach’ roinnt conarthaí díorthach thar an gcuntar a bhfuil saintréithe bunriachtanacha coiteanna acu;

(5) ciallaíonn ‘díorthaigh thar an gcuntar’ conarthaí díorthach nach bhfeidhmítear iad ar mhargadh rialáilte mar a shainmhínítear in Airteagal 4 (1) pointe 14 de Threoir 2004/39/CE;

(6) ciallaíonn ‘contrapháirtí airgeadais’ gnólachtaí infheistíochta mar atá leagtha amach i dTreoir 2004/39/CE, institiúidí creidmheasa mar atá sainmhínithe i dTreoir 2006/48/CE, gnóthais árachais mar atá sainmhínithe i dTreoir 73/239/CE, gnóthais árachais mar atá sainmhínithe i dTreoir 2002/83/CE, gnóthais athárachais mar atá sainmhínithe i dTreoir 2005/68/CE, gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) mar atá sainmhínithe i dTreoir 2009/65/CE, institiúidí le haghaidh sochair scoir ghairme mar atá sainmhínithe i dTreoir 2003/41/CE agus bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha mar atá sainmhínithe i dTreoir 2010/.../AE;

(7) ciallaíonn ‘contrapháirtí neamhairgeadais’ gnóthas atá bunaithe san Aontas seachas na heintitis dá dtagraítear i bpointe (6);

(8) ciallaíonn ‘riosca creidmheasa contrapháirtí’ an riosca a mhainníonn contrapháirtí in idirbheart roimh shocraíocht chríochnaitheach shreafaí airgid an idirbhirt;

(9) ciallaíonn ‘socrú comh-inoibritheachta’ socrú idir dhá chontrapháirtí lárnach nó níos mó lena mbaineann idirbhearta a fheidhmiú thar chórais éagsúla;

(10) ciallaíonn ‘údarás inniúil’ an t-údarás atá ainmnithe ag gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 18;

(11) ciallaíonn ‘comhalta imréitigh’ gnóthas a bhíonn rannpháirteach i gcontrapháirtí lárnach agus atá freagrach as na hoibleagáidí airgeadais ag éirí as an rannpháirtíocht sin a chomhlíonadh;

(12) ciallaíonn ‘cliant’ gnóthas a bhfuil gaol conarthach aige le comhalta imréitigh a chuireann ar chumas an ghnóthais sin a idirbhearta leis an gcontrapháirtí lárnach sin a imréiteach;

(13) ciallaíonn ‘sealúchas cáilitheach’ sealúchas díreach nó indíreach ar bith i gcontrapháirtí lárnach nó i stór trádála ina bhfuil 10 % nó níos mó den chaipiteal nó de na cearta vótála i gceist, mar atá leagtha amach in Airteagail 9 agus 10 de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisiúnaithe a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialaithe[32], agus na coinníollacha maidir le comhiomlánú de atá leagtha amach in Airteagal 12(4) agus (5) den Treoir sin á gcur san áireamh, nó a chiallaíonn gur féidir tionchar suntasach a imirt ar bhainistiú an chontrapháirtí lárnaigh nó an stóir thrádála ina bhfuil an sealúchas sin ar marthain;

(14) ciallaíonn ‘máthairchuideachta’ máthairchuideachta de réir bhrí Airteagail 1 agus 2 de Threoir 83/349/CEE ón gComhairle[33];

(15) ciallaíonn ‘fochuideachta’ gnóthas fochuideachta de réir bhrí Airteagail 1 agus 2 de Threoir 83/349/CEE ón gComhairle, lena n-áirítear fochuideachta ar bith d’fhochuideachta máthairchuideachta deiridh;

(16) ciallaíonn ‘rialú’ rialú mar atá sainmhínithe in Airteagal 1 de Threoir 83/349/CEE;

(17) ciallaíonn ‘dlúthnaisc’ staid ina bhfuil beirt nó níos mó de dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha nasctha mar seo a leanas:

(a) rannpháirtíocht a chiallaíonn úinéireacht dhíreach ar 20 % nó níos mó de na cearta vótála nó de chaipiteal gnóthais, nó úinéireacht trí na nithe seo a rialú,

(b) rialú a chiallaíonn an ghaolmhaireacht idir máthairchuideachta agus fochuideachta, sna cásanna ar fad dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus (2) de Threoir 83/349/CEE, nó gaolmhaireacht chomhchosúil idir duine nádúrtha nó duine dlítheanach ar bith agus gnóthas, agus meastar freisin gurb ionann gnóthas fochuideachta ar bith de ghnóthas fochuideachta agus fochuideachta den mháthairchuideachta atá i gceannas ar na gnóthais sin.Maidir le cás ina bhfuil beirt nó níos mó daoine nádúrtha nó dlítheanacha nasctha go buan leis an duine céanna trí ghaolmhaireacht rialaithe, measfar freisin go bhfuil dlúthnasc idir dhaoine den sórt sin.

(18) ciallaíonn ‘caipiteal’ caipiteal de réir bhrí Airteagal 22 de Threoir 86/635/CEE an 8 Nollaig 1986 maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite banc agus institiúidí airgeadais eile[34] sa mhéid is go bhfuil sé íoctha, móide na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, comhghabhann sé na caillteanais i gcásanna gnóthais leantaigh, agus i gcás féimheachta nó leachtaithe rangaítear é i ndiaidh gach éilimh eile;

(19) ciallaíonn ‘cúlchistí’ cúlchistí mar atá leagtha amach in Airteagal 9 de Threoir 78/660/CEE an 25 Iúil 1978 bunaithe ar Airteagal 53 (3) (g) den Chonradh maidir le cuntais bhliantúla cineálacha áirithe cuideachtaí[35] agus brabúis agus caillteanais a thugtar ar aghaidh mar thoradh ar chur i bhfeidhm an bhrabúis nó an chaillteanais dheiridh;

(20) ciallaíonn ‘an bord’ an bord riaracháin nó maoirseachta, nó an dá rud, i gcomhréir le dlí náisiúnta na gcuideachtaí;

(21) ciallaíonn ‘comhalta neamhspleách den bhord’ comhalta den bhord nach bhfuil gaol gnó, fola nó gaol eile aige/aici a bheadh ina chúis coinbhleachta leasa leis an gcontrapháirtí lárnach, lena scairshealbhóir(í) rialaithe nó lena lucht bainistíochta nó lena chomhaltaí imréitigh nó lena lucht bainistíochta;

(22) ciallaíonn ‘lucht bainistíochta sinsearaí’ an duine nó na daoine a bhainistíonn gnó an chontrapháirtí lárnaigh iarbhír agus comhalta nó comhaltaí feidhmiúcháin an bhoird.

Teideal II Imréiteach, tuairisciú agus maolú riosca díorthach thar an gcuntar

Airteagal 3 Oibleagáid imréitigh

1. Imréiteoidh contrapháirtí airgeadais gach conradh díorthach thar an gcuntar a mheastar cáilithe de bhun Airteagal 4 agus a dhéantar le contrapháirtithe airgeadais eile sna contrapháirtithe lárnacha inniúla atá liostaithe sa chlár dá thagraítear in Airteagal 4(4).

Bainfidh an oibleagáid imréitigh freisin le contrapháirtithe airgeadais agus leis na contrapháirtithe neamhairgeadais dá dtagraítear in Airteagal 7(2) a dhéanann conarthaí cáilithe díorthach thar an gcuntar le heintitis ó thríú tíortha.

2. Ar mhaithe leis an oibleagáid imréitigh faoi mhír 1 a chomhlíonadh, tiocfaidh contrapháirtithe airgeadais agus na contrapháirtithe neamhairgeadais dá dtagraítear in Airteagal 7(2) chun bheith ina gcomhalta imréitigh nó ina gcliant.

Airteagal 4 Cáilitheacht don oibleagáid imréitigh

1. I gcás ina n-údaraíonn údarás inniúil do chontrapháirtí lárnach aicme díorthach a imréiteach faoi Airteagail 10 nó 11, tabharfaidh sé fógra don ESMA láithreach maidir leis an údarú sin agus iarrfaidh sé cinneadh ar cháilitheacht i leith na hoibleagáide imréitigh dá tagraítear in Airteagal 3.

2. Tabharfaidh an ESMA, tar éis dó an fógra agus an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 a fháil, aghaidh laistigh de shé mhí, ar chinneadh chuig an údarás inniúil ag lua an méid seo a leanas:

(a) cibé acu atá nó nach bhfuil an aicme díorthach sin cáilithe don oibleagáid imréitigh de bhun Airteagal 3;

(b) an dáta óna mbeidh feidhm ag an oibleagáid imréitigh.

3. Bunóidh an ESMA a chinneadh ar na critéir seo a leanas:

(a) laghdú ar riosca sistéamach sa chóras airgeadais;

(b) leachtacht chonarthaí;

(c) infhaighteacht faisnéise praghsála;

(d) cumas an chontrapháirtí lárnaigh líon na gconarthaí a láimhseáil;

(e) leibhéal na cosanta do chliaint a chuireann an contrapháirtí lárnach ar fáil.

Roimh dó cinneadh a dhéanamh, déanfaidh an ESMA comhairliúchán poiblí agus, nuair is iomchuí, rachaidh sé i gcomhairle leis na húdaráis inniúla i dtríú tíortha.

4. Déanfaidh an ESMA cinneadh ar bith a dhéantar faoi mhír 2 a fhoilsiú i gclár go pras. Sa chlár sin, beidh aicmí cáilithe na ndíorthach agus na contrapháirtithe lárnacha atá údaraithe chun iad a imréiteach. Déanfaidh an ESMA an clár sin a thabhairt suas chun dáta go rialta.

Déanfaidh an ESMA athbhreithniú rialta ar a chinntí agus leasóidh sé iad nuair is iomchuí.

5. Déanfaidh an ESMA, ar a thionscnamh féin agus i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS), aicmí na gconarthaí díorthach ar cheart a áireamh ina chlár poiblí ach nach bhfuil údarás faighte go fóill ag contrapháirtí lárnach ar bith ina leith, a shainaithint agus fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leo.

6. Tarmligtear cumhachtaí chuig an gCoimisiún chun caighdeáin rialála theicniúla a ghlacadh ina sonraítear na nithe seo a leanas:

(a) na sonraí a áireofar san fhógra dá dtagraítear i mír 1;

(b) na critéir dá dtagraítear i mír 3;

(c) na sonraí a áireofar sa chlár dá dtagraítear i mír 4.

Ag úsáid na sonraí i mír 4 féadfar aicme na ndíorthach atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh a shainaithint go beacht agus gan athbhrí ar a laghad.

Glacfar na dréachtchaighdeáin rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcomhréir le hAirteagail [7 go 7d] de Rialachán …/… [Rialachán an ESMA].

Cuirfidh an ESMA dréachtaí de na caighdeáin rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2012.

Airteagal 5 Rochtain ar chontrapháirtí lárnach

Contrapháirtí lárnach atá údaraithe chun conarthaí díorthach thar an gcuntar atá cáilithe a imréiteach, glacfaidh sé conarthaí dá leithéidí a imréiteach ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, beag beann ar ionad an fhorfheidhmithe.

Airteagal 6 Oibleagáid maidir le tuairisciú

1. Déanfaidh contrapháirtithe airgeadais sonraí faoi aon chonradh díorthach thar an gcuntar a rinne siad agus sonraí faoi mhodhnú nó faoi fhoirceannadh an chonartha sin a thuairisciú do stór trádála atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 51. Tuairisceofar na sonraí tráth nach déanaí ná an chéad lá oibre eile tar éis an conradh a fhorfheidhmiú, a imréiteach nó a mhodhnú.

Féadfaidh eintitis eile modhnú nó foirceannadh dá leithéidí dá dtagraítear i mír 1 a thuairisciú thar ceann na gcontrapháirtithe bunaidh a mhéid is go dtuairiscítear sonraí ar fad an chonartha agus go seachnaítear dúbailt.

2. I gcás nach bhfuil stór trádála in ann sonraí faoi chonradh díorthach thar an gcuntar a thaifeadadh, tuairisceoidh contrapháirtithe airgeadais na sonraí faoina gcuid suíomhanna sna conarthaí sin don údarás inniúil arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 48 de Threoir 2004/39/CE.

Beidh na sonraí a thuairisceofaí don stór trádála, agus an méid sin ar a laghad, le tuairisciú don údarás inniúil.

3. Féadfaidh contrapháirtí atá faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe tuairisciú na sonraí faoin gconradh díorthach thar an gcuntar a tharmligean chuig an gcontrapháirtí eile.

Maidir le contrapháirtí a thuairiscíonn sonraí iomlána conartha do stór trádála thar ceann contrapháirtí eile, ní bhreithneofar é a bheith ag sárú aon srian maidir le nochtadh faisnéise arna fhorchur ag an gconradh sin nó ag aon fhoráil reachtach, rialúcháin nó riaracháin ar bith.

Níor cheart go mbeadh aon dliteanas ar an eintiteas tuairiscithe nó a stiúrthóirí nó a fhostaithe ag éirí as an nochtadh sin.

4. Tarmligtear cumhachtaí chuig an gCoimisiún chun sonraí agus cineál na dtuarascálacha a dtagraítear dóibh i míreanna 1 agus 2 a chinneadh le haghaidh na n-aicmí éagsúla díorthach.

Beidh an méid seo a leanas, ar a laghad, sna tuarascálacha sin:

(a) na páirtithe sa chonradh agus, murab ionann iad, tairbhí na gceart agus na n-oibleagáidí a thagann as a shainaithint mar is iomchuí;

(b) tuairiscítear príomhthréithe an chonartha, lena n-áirítear an cineál conartha, an bun atá leis, aibíocht agus luach barúlach.

Glacfar leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcomhréir le [hAirteagail 7 go 7d] de Rialachán …/… [Rialachán an ESMA].

Forbróidh an ESMA dréachtchaighdeán theicniúla rialála lena gcur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2012.

5. Lena áirithiú go gcuirfear míreanna 1 agus 2 i bhfeidhm de réir coinníollacha aonfhoirmeacha, tugtar cumhachtaí don Choimisiún chun formáid agus minicíocht na dtuarascálacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a chinneadh le haghaidh na n-aicmí éagsúla díorthach. Glacfar leis na dréachtchaighdeáin cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcomhréir le [hAirteagal 7e] de Rialachán …/… [Rialachán an ESMA].

Forbróidh an ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme lena gcur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2012.

Airteagal 7 Contrapháirtithe neamhairgeadais

1. I gcás ina bhfaigheann contrapháirtí neamhairgeadais suíomhanna i gconarthaí díorthach thar an gcuntar a sháraíonn an tairseach faisnéise atá le cinneadh de bhun mhír 3(a), tabharfaidh sé fógra ina thaobh sin don údarás inniúil arna ainmniú de réir Airteagal 48 de Threoir 2004/39/CE , agus tabharfaidh sé údar leis na suíomhanna sin a fháil.

Beidh an contrapháirtí neamhairgeadais faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe atá leagtha amach in Airteagal 6(1).

2. I gcás ina bhfaigheann contrapháirtí neamhairgeadais suíomhanna i gconarthaí díorthach thar an gcuntar a sháraíonn an tairseach imréitigh atá le cinneadh de bhun mhír 3(b), beidh sé faoi réir na hoibleagáide imréitigh atá leagtha amach in Airteagal 3 maidir lena chonarthaí díorthach thar an gcuntar ar fad.

Áiritheoidh an t-údarás inniúil arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 48 de Threoir 2004/39/CE go gcomhlíonfar an oibleagáid faoin gcéad fhomhír.

3. Tarmligtear cumhachtaí chuig an gCoimisiún chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh ina sonraítear:

(a) an tairseach faisnéise;

(b) an tairseach imréitigh.

Le linn na tairseacha sin a chinneadh, cuirfear ábharthacht shistéamach shuim na nglansuíomhanna agus na neamhchosaintí de réir contrapháirtí agus de réir aicme na ndíorthach san áireamh.

Glacfar leis na caighdeáin rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcomhréir le hAirteagail [7 go 7d] de Rialachán …/… [Rialachán an ESMA].

Cuirfidh an ESMA, i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) agus le húdaráis ábhartha eile, dréachtaí de na caighdeáin rialála sin faoi bhráid an Choimisiún faoin 30 Meitheamh 2012 ar a dhéanaí.

4. Conarthaí díorthach thar an gcuntar a dhéanann comhpháirtí neamhairgeadais, agus atá intomhaiste go hoibiachtúil toisc go bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíocht tráchtála an chontrapháirtí sin, ní chuirfear san áireamh iad nuair a bheidh na suíomhanna dá dtagraítear i mír 2 á ríomh.

5. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhairle leis an ESMA, an BERS agus údaráis iomchuí eile athbhreithniú tréimhsiúil ar na tairseacha a bunaíodh i mír 3 agus leasóidh sé iad de réir mar is gá.

Airteagal 8 Modhanna maolaithe riosca do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe ag contrapháirtí lárnach

1. Comhpháirtithe airgeadais nó na comhpháirtithe neamhairgeadais dá dtagraítear in Airteagal 7(2), a dhéanann conradh díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe ag contrapháirtí lárnach, áiritheoidh siad go bhfuil nósanna imeachta agus socruithe iomchuí i bhfeidhm chun riosca creidmheasa agus oibriúcháin a thomhas agus a mhaolú agus chun monatóireacht a dhéanamh air, lena n-áirítear an méid seo a leanas, ar a laghad:

(a) modhanna leictreonacha, nuair is féidir, lena áirithiú go ndeimhneofar téarmaí an chonartha díorthach thar an gcuntar go tráthúil;

(b) próisis láidre, acmhainneacha agus so-iniúchta d’fhonn punanna a réiteach, an riosca gaolmhar a bhainistiú agus díospóidí idir páirtithe a shainaithint go luath agus a réiteach, agus monatóireacht a dhéanamh ar luach na gconarthaí amuigh.

Chun críocha phointe (b), déanfar luach na gconarthaí amuigh a mharcáil go laethúil ón margadh agus ceanglóidh nósanna imeachta na bainistíochta riosca comhthaobhacht a mhalartú go tráthúil agus go beacht agus é lánscartha go hiomchuí nó caipiteal a shealbhú go hiomchuí agus go comhréireach.

2. Tarmligtear cumhachtaí chuig an gCoimisiún chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh ina sonraítear an t-aga moille uasta idir conradh díorthach thar an gcuntar a dhéanamh agus an deimhniú dá dtagraítear i mír 1 (a).

Glacfar leis na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcomhréir le hAirteagail [7 go 7d] de Rialachán …/… [Rialachán an ESMA].

Cuirfidh an ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2012.

3. Tarmligtear cumhachtaí chuig an gCoimisiún chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh ina sonraítear na socruithe agus leibhéil chomhthaobhachta agus chaipitil a bhfuil gá leo chun mír 1(b) agus an dara fomhír de mhír 1 a chomhlíonadh.

Ag brath ar nádúr dlíthiúil an chontrapháirtí, glacfar leis na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcomhréir le hAirteagail [7 go 7d] de Rialachán AE…/…[ÚBE], le hAirteagail [7 go 7d] de Rialachán AE…/…[ESMA] nó le hAirteagail [7 go 7d] de Rialachán AE…/…[ EIOPA].

Cuirfidh an ÚBE, an ESMA agus an EIOPA dréacht comhpháirteach de na caighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2012.

Airteagal 9 Pionóis

1. Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar na rialacha faoin Teideal seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Áireofar fíneálacha riaracháin ar a laghad ar na pionóis sin. Beidh na pionóis a ndéanfar foráil dóibh éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach.

2. Áiritheoidh Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chontrapháirtithe airgeadais, agus ar chontrapháirtithe neamhairgeadais nuair is iomchuí, gach pionós a forchuireadh i leith sáruithe ar Airteagail 3 go 8 a nochtadh don phobal, mura gcuirfeadh nochtadh den chineál sin na margaí airgeadais i mbaol mór nó mura ndéanfadh sé damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin 30 Meitheamh 2012 ar a dhéanaí faoi na rialacha dá dtagraítear i mír 1. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon leasú a dhéanfar air ina dhiaidh sin.

3. Fíoróidh an Coimisiún, le cúnamh ón ESMA, go ndéanfar na pionóis riaracháin dá dtagraítear i mír 1 agus na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 7(1) agus (2) a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus go seasmhach.

Teideal III Contrapháirtithe lárnacha a údarú agus a mhaoirsiú

Caibidil 1 Coinníollacha agus Nósanna Imeachta chun contrapháirtí lárnach a údarú

Airteagal 10 Contrapháirtí lárnach a údarú

1. I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag contrapháirtí lárnach, ar duine dlítheanach é atá bunaithe san Aontas agus a bhfuil fáil aige ar leachtacht leormhaith chun a sheirbhísí agus a ghníomhaíochtaí a chomhlíonadh, cuirfidh sé iarratas ar údarú chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe.

D’fhéadfadh leachtacht dá leithéid teacht as rochtain ar leachtacht an bhainc cheannais nó as rochtain ar leachtacht ó bhanc tráchtála atá inchairde agus iontaofa, nó ar an dá rud in éineacht. D’fhéadfadh rochtain ar leachtacht a bheith de thoradh ar údarú a bronnadh i gcomhréir le hAirteagal 6 de Threoir 2006/48/CE nó mar gheall ar shocruithe iomchuí eile.

2. Beidh éifeacht leis an údarú i gcríoch iomlán an Aontais.

3. Sonrófar san údarú na seirbhísí nó gníomhaíochtaí a bhfuil an contrapháirtí lárnach údaraithe a sholáthar nó a chomhlíonadh lena n-áirítear aicmí na n-ionstraimí airgeadais a chuimsítear faoin údarú.

4. Comhlíonfaidh contrapháirtí lárnach na coinníollacha atá riachtanach don údarú bunaidh i gcónaí.

Tabharfaidh contrapháirtí lárnach, gan aon mhoill mhíchuí, fógra don údarás inniúil i dtaobh aon athruithe ábhartha ar choinníollacha an údaraithe bhunaidh.

5. Tarmligtear cumhachtaí chuig an gCoimisiún chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh ina sonraítear na critéir maidir le leachtacht leormhaith dá dtagraítear i mír 1.

Glacfar na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcomhréir le hAirteagail [7 go 7d] de Rialachán …/… [Rialachán an ESMA].

Cuirfidh an ÚBE, i gcomhairle leis an ESMA, dréacht de na caighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2012.

Airteagal 11 Gníomhaíochtaí agus seirbhísí a leathnú

1. Cuirfidh contrapháirtí lárnach atá ag iarraidh a ghnó a leathnú chun seirbhísí agus gníomhaíochtaí breise a áireamh nach bhfuil clúdaithe faoin údarú bunaidh iarratas ar leathnú isteach. Measfar gur leathnú ar an údarú sin é seirbhísí imréitigh a thairiscint in airgeadra eile nó in ionstraimí airgeadais atá éagsúil go mór ó thaobh a saintréithe riosca leis na cinn a bhfuil an contrapháirtí lárnach údaraithe ina leith cheana féin.

Is de réir an nós imeachta faoi Airteagal 13 a leathnófar údarú.

2. I gcás ina bhfuil contrapháirtí lárnach ag iarraidh a ghnó a leathnú isteach i mBallstát seachas sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe, tabharfaidh údarás inniúil Bhallstát na bunaíochta fógra láithreach d’údarás inniúil an Bhallstáit eile sin.

Airteagal 12 Ceanglais chaipitil

1. Beidh EUR 5 mhilliún ar a laghad de chaipiteal tosaigh atá buan, infhaighte agus leithleach ag contrapháirtí lárnach de bhun Airteagal 10.

2. Beidh a dhóthain caipitil, in éineacht le tuilleamh coimeádta agus cúlchistí an chontrapháirtí lárnaigh, ann i gcónaí chun foirceannadh nó athstruchtúrú ordúil na ngníomhaíochtaí a áirithiú thar réimse ama iomchuí agus go mbeidh an contrapháirtí lárnach cosanta go leormhaith ar rioscaí oibriúcháin agus iarmharacha.

3. Tarmligtear cumhachtaí chuig an gCoimisiún chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh ina sonraítear caipiteal, tuilleamh coimeádta agus cúlchistí an chontrapháirtí lárnaigh dá dtagraítear i mír 2.

Glacfar leis na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcomhréir le hAirteagail [7 go 7d] de Rialachán …/… [Rialachán an ESMA].

Cuirfidh an ESMA, i gcomhairle leis an ÚBE, dréacht de na caighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2012.

Airteagal 13 Nós imeachta chun údarú a dheonú agus a dhiúltú

1. Ní dheonóidh an t-údarás inniúil údarú ach amháin i gcás ina bhfuil sé lánsásta go gcomhlíonann an contrapháirtí lárnach a rinne iarratas na ceanglais ar fad atá leagtha amach sa Rialachán seo, na ceanglais ar glacadh leo de bhun Threoir 98/26/CE, agus go dtí go mbeidh comhthuairim dhearfach faighte ón gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 15 mar aon le tuairim ón ESMA.

2. Soláthróidh an contrapháirtí lárnach iarrthach an fhaisnéis ar fad atá riachtanach ionas gur féidir leis an údarás inniúil é féin a shásamh gur bhunaigh an contrapháirtí lárnach a rinne iarratas, nuair a údaraíodh ar dtús é, na socruithe ar fad atá riachtanach chun a oibleagáidí atá leagtha amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh.

3. Cuirfidh an t-údarás inniúil in iúl i scríbhinn don contrapháirtí lárnach a rinne iarratas ar deonaíodh nó nár deonaíodh an t-údarú laistigh de shé mhí tar éis iarratas iomlán a bheith curtha faoina bhráid.

Airteagal 14 Coláistí

1. Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an contrapháirtí lárnach bunaithe coláiste a bhunú agus déanfaidh sé cathaoirleacht air chun feidhmiú na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagail 10, 11, 46 agus 48 a éascú.

Is éard a bheidh sa choláiste:

(a) ESMA;

(b) údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an contrapháirtí lárnach bunaithe;

(c) na húdaráis áitiúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhaltaí imréitigh an chontrapháirtí lárnaigh atá bunaithe sna trí Bhallstát a dhéanann na ranníocaíochtaí is mó le ciste mainneachtana an chontrapháirtí lárnaigh dá dtagraítear in Airteagal 40 ar bhonn comhiomlán;

(d) na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar mhargaí rialáilte nó ar shaoráidí trádála iltaobhacha, a soláthraíonn an contrapháirtí lárnach seirbhísí dóibh, nó ar an dá rud;

(e) na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar chontrapháirtithe lárnacha ar bunaíodh socruithe comh-inoibritheachta leo;

(f) an t-údarás atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an gcontrapháirtí lárnach agus na bainc cheannais a eisíonn na hairgeadraí is mó a bhaineann leis na hionstraimí airgeadais a imréitítear.

2. Áiritheoidh an coláiste, gan dochar d’fhreagrachtaí na n-údarás inniúil faoin Rialachán seo:

(a) go n-ullmhófar an chomhthuairim dá dtagraítear in Airteagal 15;

(b) go ndéanfar malartú faisnéise, lena n-áirítear iarrataí ar fhaisnéis de bhun Airteagal 21;

(c) go gcomhaontófar cúraimí a chur ar na comhaltaí go deonach;

(d) go gcinnfear cláir scrúdaithe mhaoirseachta bunaithe ar mheasúnú riosca an chontrapháirtí lárnaigh;

(e) go bhfeabhsófar éifeachtúlacht na maoirseachta trí dheireadh a chur le dúbláil ceanglas maoirseachta nach bhfuil gá léi;

(f) comhsheasmhacht maidir le cleachtais mhaoirseachta a chur i bhfeidhm;

(g) go gcinnfear nósanna imeachta agus pleananna teagmhasacha le tabhairt faoi chásanna géarchéime, dá dtagraítear in Airteagal 22.

3. Beidh bunú agus feidhmiú an choláiste bunaithe ar chomhaontú i scríbhinn idir a chomhaltaí ar fad.

Sa chomhaontú sin cinnfear na socruithe praiticiúla maidir le feidhmiú an choláiste agus féadfar cúraimí a chinneadh lena gcur de chúram ar údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an contrapháirtí lárnach bunaithe nó ar chomhalta eile den choláiste.

Airteagal 15 Comhthuairim

1. Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstát ina bhfuil an contrapháirtí lárnach bunaithe, measúnú riosca ar an CPL agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid an choláiste.

Tiocfaidh an coláiste ar comhthuairim maidir leis an tuarascáil sin dhá mhí tar éis dó í a fháil.

2. Cabhróidh an ESMA leis an gcoláiste comhthuairim a ghlacadh i gcomhréir lena chumhachtaí chun easaontuithe a shocrú faoi Airteagal 11 de Rialachán …/… [Rialachán an ESMA ] agus an fheidhm chomhordaithe ghinearálta atá aige faoi Airteagal 16 den Rialachán céanna. Ní bheidh aon chearta vótála aige ar chomhthuairimí an choláiste.

Airteagal 16 Údarú a tharraingt siar

1. Déanfaidh an t-údarás inniúil an t-údarú a tharraingt siar in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a) i gcás nár úsáid an contrapháirtí lárnach an t-údarú laistigh de 12 mhí, i gcás ina dtréigeann sé an t-údarú go sainráite nó i gcás nach bhfuil seirbhísí ar bith curtha ar fáil aige nó aon ghníomhaíocht déanta aige i rith na sé mhí roimhe sin;

(b) i gcás ina bhfuair an contrapháirtí lárnach an t-údarú trí ráitis bhréige a dhéanamh nó ar aon mhodhanna neamhrialta eile;

(c) i gcás nach bhfuil an contrapháirtí lárnach ag comhlíonadh na gcoinníollacha faoinar deonaíodh an t-údarú a thuilleadh;

(d) i gcás ina bhfuil sé tar éis na ceanglais atá leagtha amach sa Rialachán seo a shárú go córasach agus go tromchúiseach;

2. Féadfaidh an ESMA agus aon chomhalta eile den choláiste a iarraidh, tráth ar bith, go scrúdóidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an contrapháirtí lárnach bunaithe féachaint an bhfuil an contrapháirtí lárnach fós ag comhlíonadh na gcoinníollacha faoina ndeonaítear an t-údarás.

3. Féadfaidh an t-údarás inniúil an tarraingt siar a theorannú ionas nach mbainfidh sé ach le seirbhís, gníomhaíocht, nó ionstraim neamhairgeadais ar leith.

Airteagal 17 Athbhreithniú agus meastóireacht

Déanfaidh na húdaráis áitiúla, uair sa bhliain ar a laghad, athbhreithniú ar na socruithe, ar na straitéisí, ar na próisis agus ar na meicníochtaí a chuireann contrapháirtí lárnach i bhfeidhm maidir le comhlíonadh an Rialacháin seo agus déanfaidh siad meastóireacht ar na rioscaí margaidh, oibriúcháin agus leachtachta a bhfuil an contrapháirtí lárnach nó a d’fhéadfadh an contrapháirtí lárnach a bheith neamhchosanta orthu.

Tabharfar aird san athbhreithniú agus sa mheastóireacht ar mhéid, ar thábhacht chórasach, ar nádúr, ar scála agus ar chastacht ghníomhaíochtaí an chontrapháirtí lárnaigh.

Caibidil 2Maoirseacht a dhéanamh ar chontrapháirtithe lárnacha

Airteagal 18 Údaráis inniúla

1. Ainmneoidh gach Ballstát ar leith an t-údarás inniúil a bheidh freagrach as na dualgais a thagann as an Rialachán seo a chomhlíonadh chun na contrapháirtithe lárnacha atá bunaithe ina gcríocha a údarú agus a mhaoirsiú agus cuirfidh sé an Coimisiún agus an ESMA ar an eolas faoin méid sin.

I gcás ina n-ainmníonn Ballstát níos mó ná údarás inniúil amháin, cinnfidh sé go soiléir na róil faoi seach agus ainmneoidh sé údarás amháin le bheith freagrach as comhar agus as malartú faisnéise leis an gCoimisiún, leis an ESMA agus le húdaráis inniúla na mBallstát eile a chomhordú i gcomhréir le hAirteagal 19 go 22.

2. Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe is gá ag na húdaráis inniúla chun a gcuid feidhmeanna a fheidhmiú.

3. Cinnteoidh gach Ballstát gur féidir bearta riaracháin iomchuí, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a dhéanamh in aghaidh na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach nó a fhorchur orthu i gcás nár comhlíonadh na forálacha sa Rialachán seo.

Beidh na bearta sin éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach.

4. Foilseoidh an ESMA liosta de na húdaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le mír 1 ar a shuíomh gréasáin.

Caibidil 3 Comhar

Airteagal 19 Comhar idir údaráis

1. Comhoibreoidh na húdaráis inniúla go dlúth le chéile agus leis an ESMA.

2. Tabharfaidh na húdaráis inniúla, i bhfeidhmiú a ndualgas ginearálta, aird mar is cuí ar an tionchar a d’fhéadfadh a gcinntí a imirt ar chobhsaíocht an chórais airgeadais sna Ballstáit eile ar fad lena mbaineann, go háirithe ar na cásanna éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 22, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil ag an am.

Airteagal 20 Rúndacht ghairmiúil

1. Beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla maidir leis na daoine ar fad a oibríonn nó a d'oibrigh leis na húdaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 18, leis an ESMA, nó le hiniúchóirí agus saineolaithe atá faoi ordú na n-údarás inniúil nó an ESMA.

Ní féidir aon fhaisnéis rúnda a d’fhéadfaidís a fháil i mbun a gcuid dualgas a sceitheadh le duine nó le húdarás ar bith, seachas i bhfoirm achoimre nó i bhfoirm chomhiomláin ionas nach bhféadfaí contrapháirtí lárnach ar leith, stór trádála ar leith ná aon duine eile a shainaithint, gan dochar do chásanna a chumhdaítear faoin dlí coiriúil ná d'fhorálacha eile an Rialacháin seo.

2. I gcás inar dearbhaíodh go bhfuil contrapháirtí lárnach ina fhéimheach nó i gcás ina bhfuil sé á fhoirceannadh go héigeantach, is féidir faisnéis rúnda nach mbaineann le tríú páirtithe a sceitheadh in imeachtaí sibhialta nó tráchtála más gá sin chun an t-imeacht a sheoladh.

3. Gan dochar do chásanna a chumhdaítear faoin dlí coiriúil, ní féidir leis na húdaráis inniúla, an ESMA, na comhlachtaí nó na daoine nádúrtha nó dlítheanacha nach údaráis inniúla iad a fhaigheann faisnéis rúnda de bhun an Rialacháin seo an fhaisnéis sin a úsáid ach amháin i bhfeidhmiú a ndualgas agus chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú, i gcás na n-údarás inniúil, laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo nó, i gcás údarás eile, comhlachtaí nó daoine dlítheanacha, chun na críche ar soláthraíodh an fhaisnéis sin dóibh nó laistigh de chomhthéacs imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin a bhaineann go sonrach le feidhmiú na bhfeidhmeanna sin, nó chun an dá chríoch sin. I gcás ina dtoilíonn an ESMA, an t-údarás inniúil nó údarás, comhlacht nó duine eile a bhfuil faisnéis á soláthar acu leis, féadfaidh an t-údarás a fhaigheann an fhaisnéis í a úsáid chun críocha eile.

4. Beidh aon fhaisnéis rúnda a gheofar, a mhalartófar nó a tharchuirfear de bhun an Rialacháin seo faoi réir choinníollacha na rúndachta gairmiúla atá leagtha síos i míreanna 1, 2 agus 3.

Mar sin féin, ní chuirfidh na coinníollacha sin bac ar an ESMA, ar na húdaráis inniúla, ná ar na bainc cheannais iomchuí faisnéis rúnda a mhalartú ná a tharchur i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le haon reachtaíocht eile is infheidhme maidir le gnólachtaí infheistíochta, institiúidí creidmheasa, cistí pinsean, gnóthais chomhinfheistíochta d'urrúis inaistrithe, bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha, idirghabhálaithe árachais agus athárachais, gnóthais árachais, margaí rialáilte ná oibreoirí margaidh ná ar shlí eile le toiliú ón údarás inniúil nó ó údarás nó comhlacht nó duine dlítheanach nó nádúrtha eile a chuir an fhaisnéis sin in iúl.

5. Ní chuirfidh míreanna 1, 2 agus 3 bac ar na húdaráis inniúla faisnéis rúnda, nach bhfuarthas ó údarás inniúil de chuid Ballstáit eile, a mhalartú ná a tharchur, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 21 Malartú faisnéise

1. Déanfaidh na húdaráis inniúla, aon fhaisnéis atá de dhíth chun a ndualgais a chomhlíonadh faoin Rialachán seo a thabhairt don ESMA agus dá chéile.

2. Údaráis inniúla agus comhlachtaí eile nó daoine dlítheanacha agus nádúrtha a fhaigheann faisnéis rúnda i bhfeidhmiú a ndualgas faoin Rialachán seo, ní úsáidfidh siad an fhaisnéis sin ach nuair a bheidh siad i mbun a ndualgas.

3. Déanfaidh an ESMA faisnéis rúnda a bhaineann le comhlíonadh a ndualgas a tharchur chuig na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na contrapháirtithe lárnacha. Déanfaidh na húdaráis inniúla agus údaráis iomchuí eile an fhaisnéis atá de dhíth orthu maidir le feidhmiú a ndualgas atá leagtha amach sa Rialachán seo a chur in iúl don ESMA agus d’údaráis inniúla eile.

4. Cuirfidh údaráis inniúla faisnéis in iúl do bhainc cheannais an CEBC i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin ábhartha maidir le feidhmiú a gcuid dualgas.

Airteagal 22 Cásanna éigeandála

Cuirfidh an t-údarás inniúil nó aon údarás inniúil eile in iúl don ESMA, don choláiste agus d’aon údaráis iomchuí eile, gan aon mhoill mhíchuí, faoi aon chás éigeandála a bhaineann le contrapháirtí lárnach, lena n-áirítear forbairtí i margaí airgeadais, a d’fhéadfadh éifeacht dhíobhálach a bheith acu ar chobhsaíocht an chórais airgeadais in aon cheann de na Ballstáit ina bhfuil an contrapháirtí lárnach nó ceann dá chomhaltaí imréitigh bunaithe.

Caibidil 4 Caidreamh le tríú tíortha

Airteagal 23 Tríú tíortha

1. Ní fhéadfaidh contrapháirtí lárnach atá bunaithe i dtríú tír seirbhísí imréitigh a sholáthar d’eintitis atá bunaithe san Aontas ach amháin má thugann an ESMA aitheantas don chontrapháirtí lárnach sin.

2. Tabharfaidh an ESMA aitheantas do chontrapháirtí lárnach ó thríú tír i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) go bhfuil Cinneadh glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 3;

(b) go bhfuil an contrapháirtí lárnach údaraithe sa tríú tír sin agus go bhfuil sé faoi réir maoirseachta éifeachtaí inti;

(c) gur bunaíodh socruithe comhair i mír 4.

3. Féadfaidh an Coimisiún glacadh le Cinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 69(2), lena gcinntear go n-áirithíonn socruithe dlíthiúla agus maoirseachta tríú tír go gcomhlíonann na contrapháirtithe lárnacha atá údaraithe sa tríú tír sin ceanglais atá ceangailteach ó thaobh dlí de agus atá cothrom leis na ceanglais a thagann as an Rialachán seo agus go bhfuil na contrapháirtithe lárnacha sin faoi réir maoirseachta éifeachtaí agus forfheidhmithe ar bhonn leanúnach sa tríú tír sin.

4. Bunóidh an ESMA socruithe comhair le húdaráis inniúla iomchuí na dtríú tíortha a sainaithnítear go bhfuil a gcreataí dlí agus maoirseachta coibhéiseach leis an Rialachán seo i gcomhréir le mír 3. Sonróidh na socruithe sin an méid seo a leanas, ar a laghad:

(a) an mheicníocht don mhalartú faisnéise idir an ESMA agus údaráis inniúla na dtríú tíortha lena mbaineann;

(b) na nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta.

TEIDEAL IV Ceanglais ar chontrapháirtithe lárnacha

Caibidil 1 Ceanglais eagraíochtúla

Airteagal 24 Forálacha ginearálta

1. Beidh ag contrapháirtí lárnach socruithe daingne rialachais, lena n-áirítear struchtúr soiléir eagraíochtúil a mbeidh freagrachtaí dea-shainithe, trédhearcacha agus comhsheasmhacha ann, próisis éifeachtacha chun rioscaí atá sé nó a d’fhéadfadh sé a bheith neamhchosanta orthu a shainaithint, a bhainistiú, a thuairisciú agus monatóireacht a dhéanamh orthu, mar aon le meicníochtaí leordhóthanacha um rialú inmheánach, lena n-áirítear nósanna imeachta fónta ó thaobh an riaracháin agus na cuntasaíochta.

2. Glacfaidh contrapháirtithe lárnacha beartais agus nósanna imeachta atá éifeachtach a ndóthain chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, lena n-áirítear forálacha uile an Rialacháin seo a bheith á gcomhlíonadh ag a bhainisteoirí agus a fhostaithe.

3. Coinneoidh agus oibreoidh contrapháirtithe lárnacha struchtúr eagraíochtúil a áirithíonn leanúnachas agus feidhmiú ordúil i gcomhlíonadh a sheirbhísí agus a ghníomhaíochtaí. Bainfidh sé leas as córais, acmhainní agus nósanna imeachta atá iomchuí agus comhréireach.

4. Déanfaidh contrapháirtithe lárnacha idirdhealú soiléir idir na freagrachtaí tuairiscithe do bhainistiú riosca agus na freagrachtaí a bhaineann le hoibríochtaí eile an chontrapháirtí lárnaigh.

5. Déanfaidh contrapháirtithe lárnacha beartas luach saothair a ghlacadh, a chur chun feidhme agus a chothabháil, beartas lena gcuirfear bainistiú riosca fónta agus éifeachtach chun cinn agus nach gcruthóidh dreasachtaí chun caighdeáin riosca a mhaolú,.

6. Cothabhálfaidh contrapháirtithe lárnacha córais teicneolaíochta faisnéise atá leordhóthanach chun déileáil le castacht, éagsúlacht agus cineálacha na seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí a chomhlíontar d’fhonn ardchaighdeáin slándála agus sláine agus rúndacht na faisnéise a choinnítear a áirithiú.

7. Cuirfidh contrapháirtithe lárnacha a socruithe rialachais agus na rialacha lena rialaítear na contrapháirtithe lárnacha ar fáil don phobal.

8. Déanfar iniúchtaí rialta agus neamhspleácha ar na contrapháirtithe lárnacha. Cuirfear torthaí na n-iniúchtaí seo in iúl don bhord agus cuirfear ar fáil don údarás inniúil iad.

9. Tarmligtear cumhachtaí chuig an gCoimisiún chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh ina leagtar síos íosmhéid inneachair a bheidh sna rialacha agus socruithe rialachais dá dtagraítear i míreanna 1 go 8.

Glacfar leis na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcomhréir le hAirteagail [7 go 7d] de Rialachán …/… [Rialachán an ESMA].

Cuirfidh an ESMA dréachtaí de na caighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2012.

Airteagal 25 Lucht bainistíochta sinsearaí agus an Bord

1. Beidh dea-cháil ar lucht bainistíochta sinsearaí agus beidh a ndóthain taithí acu le háirithiú go ndéanfar bainistiú fónta stuama ar an gcontrapháirtí lárnach.

2. Beidh bord ag an gcontrapháirtí lárnach a mbeidh aon trian ar a laghad dá chomhaltaí neamhspleách agus beidh beirt chomhaltaí neamhspleácha ar a laghad ar an mbord i gcónaí. Ní bheidh cúiteamh na gcomhaltaí neamhspleácha ná na gcomhaltaí neamhfheidhmiúcháin eile den bhord nasctha le feidhmíocht ghnó an chontrapháirtí lárnaigh.

Beidh a ndóthain saineolais ar sheirbhísí airgeadais, seirbhísí bainistithe riosca agus seirbhísí imréitigh ag comhaltaí an bhoird, lena n-áirítear a chomhaltaí neamhspleácha, agus beidh dea-cháil orthu.

3. Cinnfidh contrapháirtí lárnach róil agus freagrachtaí an bhoird go soiléir agus cuirfidh sé miontuairiscí na gcruinnithe boird ar fáil don údarás inniúil.

Airteagal 26 Coiste riosca

1. Bunóidh an contrapháirtí lárnach coiste riosca, ar a mbeidh ionadaithe a chomhaltaí imréitigh agus comhaltaí neamhspleácha an bhoird. Féadfaidh an coiste riosca cuireadh a thabhairt d’fhostaithe an chontrapháirtí lárnaigh freastal ar choistí bainistithe riosca ach gan vóta a bheith acu. Beidh comhairle an choiste riosca neamhspleách ar aon tionchar díreach ó lucht bainistíochta an chontrapháirtí lárnaigh.

2. Déanfaidh an contrapháirtí lárnach an sainordú, na socruithe rialachais chun a neamhspleáchas a áirithiú, na nósanna imeachta oibriúcháin, na critéir iontrála agus an mheicníocht toghcháin le haghaidh chomhaltaí an choiste riosca a chinneadh go soiléir. Beidh na socruithe rialachais ar fáil don phobal, agus cinnfidh siad, ar a laghad, go mbeidh an coiste riosca faoi chathaoirleacht comhalta neamhspleách den bhord, go dtuairisceoidh sé go díreach don bhord agus go reáchtálfaidh sé cruinnithe rialta.

3. Cuirfidh an coiste bainistithe riosca aon socruithe a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar bhainistiú riosca an chontrapháirtí lárnaigh in iúl don choiste riosca, lena n-áirítear, athrú suntasach ar a shamhail riosca, na nósanna imeachta mainneachtana, na critéir chun comhaltaí imréitigh a ghlacadh nó imréiteach aicmí nua ionstraimí ach gan a bheith teoranta do na rudaí sin. Ní theastaíonn comhairle an choiste riosca d’oibríochtaí laethúla an chontrapháirtí lárnaigh ná i gcásanna éigeandála.

4. Gan dochar do cheart na n-údarás inniúil a bheith curtha ar an eolas mar is cuí, beidh comhaltaí an choiste riosca faoi cheangal ag forálacha rúndachta. I gcás ina gcinneann cathaoirleach an choiste riosca go bhfuil coinbhleacht leasa nó go bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith ag comhalta ar cheist ar leith, ní bheidh cead ag an gcomhalta sin vótáil ar an gceist sin.

5. Cuirfidh contrapháirtí lárnach an t-údarás inniúil ar an eolas go pras faoi aon chinneadh ina gcinneann an bord gan comhairle an choiste riosca a leanúint.

6. Ceadóidh contrapháirtí lárnach cliaint na gcomhaltaí imréitigh a bheith ina gcomhaltaí den choiste riosca nó, mar mhalairt rogha, bunóidh sé meicníochtaí comhairle iomchuí a áiritheoidh go ndéanfar ionadaíocht leormhaith ar leasanna na gcomhaltaí imréitigh.

Airteagal 27 Coimeád taifead

1. Coimeádfaidh contrapháirtí lárnach na taifid ar fad ar na seirbhísí agus ar an ngníomhaíocht a sholáthrófar, ar feadh deich mbliana ar a laghad, ionas gur féidir leis an údarás inniúil monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas faoin Rialachán seo.

2. Coimeádfaidh contrapháirtí lárnach an fhaisnéis ar fad ar na conarthaí a bheidh próiseáilte aige ar feadh deich mbliana ar a laghad tar éis conradh a fhoirceannadh. Beifear in ann, ar a laghad, téarmaí bunaidh idirbhirt a shainaithint sula ndéanfaidh an contrapháirtí lárnach sin é a imréiteach, de dhroim na faisnéise sin.

3. Cuirfidh contrapháirtí lárnach na taifid agus an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 agus an fhaisnéis ar fad ar shuíomhanna na gconarthaí imréitithe, beag beann ar an ionad ina ndearnadh na hidirbhearta, ar fáil don údarás inniúil agus don ESMA arna iarraidh sin dó.

4. Tarmligtear cumhachtaí chuig an gCoimisiún chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh ina leagtar síos mionsonraí na dtaifead agus na faisnéise atá le coimeád dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.

Glacfar na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcomhréir le hAirteagail [7 go 7d] de Rialachán …/… [Rialachán an ESMA].

Cuirfidh an ESMA dréachtaí de na caighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2012.

5. D’fhonn a áirithiú go gcuirfear mír 1 i bhfeidhm de réir coinníollacha comhsheasmhacha, tugtar cumhachtaí don Choimisiún formáid na dtaifead agus na faisnéise atá le coinneáil a chinneadh.

Glacfar leis na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcomhréir le [hAirteagal 7e] de Rialachán …/… [Rialachán ESMA].

Cuirfidh an ESMA dréachtaí ar na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2012.

Airteagal 28 Scairshealbhóirí agus comhaltaí a bhfuil sealúchas cáilitheach acu

1. Ní údaróidh an t-údarás inniúil contrapháirtí lárnach go dtí go mbeidh sé curtha ar an eolas faoi chéannacht na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí, cibé acu an scairshealbhóirí díreacha nó neamhdhíreacha, daoine dlítheanacha nó nádúrtha iad, a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu agus faoi mhéideanna na sealúchas sin.

2. Diúltóidh an t-údarás inniúil contrapháirtí lárnach a údarú murar deimhin leis oiriúnacht na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu sa chontrapháirtí lárnach, ag féachaint don ghá le bainistíocht fhónta agus stuama an chontrapháirtí lárnaigh a áirithiú.

3. I gcás ina bhfuil dlúthnaisc idir an contrapháirtí lárnach agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile, ní dheonóidh an t-údarás inniúil údarú ach amháin i gcás nach gcuirfidh na naisc sin bac ar fheidhmeanna maoirseachta an údaráis inniúil a fheidhmiú go héifeachtach.

4. I gcás ina n-imríonn na daoine dá dtagraítear i mír 1 tionchar ar dócha é go ndéanfaidh sé dochar do bhainistíocht fhónta agus stuama an chontrapháirtí lárnaigh, déanfaidh an t-údarás inniúil gach beart is iomchuí chun deireadh a chur leis na cúinsí sin.

5. Diúltóidh an t-údarás inniúil údarú a dheonú i gcás ina bhfágann dlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin tríú tír lena rialaítear duine nádúrtha nó dlítheanach nó daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil dlúthnaisc ag an gcontrapháirtí lárnach leo, nó deacrachtaí ó thaobh iad a chur i bhfeidhm, nach féidir feidhmeanna maoirseachta an údaráis inniúil a fheidhmiú go héifeachtach.

Airteagal 29 Faisnéis a thabhairt d’údaráis inniúla

1. Cuirfidh an contrapháirtí lárnach an t-údarás inniúil ar an eolas faoi aon athruithe ar a bhainistíocht, agus soláthróidh sé an fhaisnéis go léir is gá don údarás inniúil le measúnú a dhéanamh faoinar leor dea-cháil agus taithí chomhaltaí an bhoird.

Más dócha go ndéanfaidh iompar comhalta den bhord dochar do bhainistíocht fhónta agus stuama an chontrapháirtí lárnaigh, déanfaidh an t-údarás inniúil na bearta is iomchuí, lena n-áirítear an comhalta sin a bhriseadh ón mbord.

2. Duine nádúrtha nó duine dlítheanach ar bith nó daoine den sórt sin ag gníomhú de chomhbheart (dá ngairtear “an faighteoir beartaithe’ anseo feasta), a bhfuil cinneadh déanta acu sealúchas cáilitheach i gcontrapháirtí lárnach a fháil, go díreach nó go hindíreach, nó sealúchas cáilitheach den sórt sin i gcontrapháirtí lárnach a mhéadú tuilleadh, go díreach nó go hindíreach, a fhágfadh go mbainfeadh céatadán na gceart vótála nó an chaipitil atá ar teachtadh 10 %, 20 %, 30 % nó 50 % amach nó go sáródh sé an céatadán sin nó chun go dtiocfadh an contrapháirtí lárnach chun bheith ina fhochuideachta (dá ngairtear “an éadáil bheartaithe’ anseo feasta), tabharfaidh siad fógra i scríbhinn do na húdaráis inniúla ar dtús faoin gcontrapháirtí lárnach ina bhfuil siad ag iarraidh sealúchas cáilitheach a fháil nó a mhéadú, ag léiriú méid an tsealúchais atá beartaithe agus na faisnéise cuí dá dtagraítear in Airteagal 30(4).

Aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil cinneadh déanta aige sealúchas cáilitheach i gcontrapháirtí lárnach a dhiúscairt go díreach nó go hindíreach, tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don údarás inniúil ar dtús ina thaobh sin, agus tabharfaidh sé méid an tsealúchais atá beartaithe le fios. Tabharfaidh duine den sórt sin fógra don údarás inniúil ar an mbealach céanna i gcás ina bhfuil cinneadh déanta aige a shealúchas cáilitheach a laghdú ionas go dtitfeadh céatadán na gceart vótála nó an chaipitil atá ar teachtadh faoi bhun 10 % 20 %, 30 % nó 50 % nó ionas go scoirfeadh an contrapháirtí lárnach de bheith mar fhochuideachta aige.

Ar shlí phras agus laistigh de dhá lá oibre tar éis an fógra dá dtagraítear i mír 2 a fháil, agus tar éis an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a fháil, admhóidh an t-údarás inniúil i scríbhinn chuig an bhfaighteoir beartaithe nó chuig an díoltóir, go bhfuil sé faighte aige.

Beidh seasca lá oibre ar a mhéid ag an údarás inniúil ón dáta a n-admhófar i scríbhinn go bhfuil an fógra agus na doiciméid ar fad atá ag gabháil leis an bhfógra faighte aige ar bhonn an liosta dá dtagraítear in Airteagal 30(4) (dá ngairtear ‘an tréimhse mheasúnaithe’ anseo feasta), chun an measúnú a dhéanamh a ndéantar foráil dó in Airteagal 30(1) (dá ngairtear ‘an measúnú’ anseo feasta).

Cuirfidh an t-údarás inniúil an faighteoir beartaithe nó an díoltóir ar an eolas faoi dháta éagtha na tréimhse measúnaithe nuair a admhóidh sé go bhfuil an fógra faighte.

3. Féadfaidh an t-údarás inniúil, más gá, le linn na tréimhse measúnaithe agus tráth nach déanaí ná an 50ú lá oibre den tréimhse mheasúnaithe, aon fhaisnéis bhreise a iarraidh a bhfuil gá léi chun an measúnú a chur i gcrích. Déanfar an t-iarratas sin i scríbhinn agus sonrófar an fhaisnéis bhreise is gá ann.

Brisfear an tréimhse mheasúnaithe ar feadh tréimhse idir dáta an iarratais ar fhaisnéis ón údarás inniúil agus an dáta a gheobhaidh an faighteoir beartaithe an freagra. Ní sháróidh an briseadh 20 lá oibre. Beidh sé de rogha ag an údarás inniúil iarratais bhreise a dhéanamh ar chomhlánú nó ar shoiléiriú faisnéise ach ní gá go mbrisfear an tréimhse mheasúnaithe dá bharr.

4. Féadfaidh an t-údarás inniúil an briseadh dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 3 a fhadú ar feadh tríocha lá oibre ar a laghad i gcás ina bhfuil an faighteoir beartaithe nó an díoltóir:

(a) lonnaithe nó rialaithe lasmuigh den Aontas;

(b) ina dhuine nádúrtha nó dlítheanach nach bhfuil faoi réir maoirseachta faoin Rialachán seo ná faoi Threoracha 73/239/CEE, 85/611/CEE, 92/49/CEE, 2002/83/CE, 2003/41/CE, 2004/39/CE, 2005/68/CE, 2006/48/CE, 2009/65/CE nó 2010/.../AE (AIFM).

5. I gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil, nuair a bheidh an measúnú críochnaithe, cur i gcoinne na héadála beartaithe, cuirfidh sé an faighteoir beartaithe ar an eolas faoi i scríbhinn agus tabharfaidh sé na cúiseanna leis an gcinneadh sin laistigh de dhá lá oibre agus gan an tréimhse mheasúnaithe a shárú. Faoi réir an dlí náisiúnta, féadfar ráiteas iomchuí faoi na cúiseanna leis an gcinneadh a chur ar fáil don phobal ar iarratas ón bhfaighteoir beartaithe. Mar sin féin, féadfaidh Ballstáit údarás inniúil a cheadú nochtadh dá leithéid a dhéanamh in éagmais iarratais ón bhfaighteoir beartaithe.

6. I gcás nach gcuirfidh an t-údarás inniúil i gcoinne na héadála beartaithe laistigh den tréimhse mheasúnaithe, measfar an éadáil bheartaithe a bheith ceadaithe.

7. Féadfaidh an t-údarás inniúil uastréimhse a shocrú chun an éadáil bheartaithe a dhéanamh agus í a fhadú nuair is iomchuí.

8. Ní fhorchuirfidh Ballstáit ceanglais atá níos déine ná na ceanglais atá leagtha amach sa Rialachán seo, maidir le fógra a thabhairt don údarás inniúil faoi chearta vótála nó caipiteal a fháil go díreach nó go hindíreach agus formheas a fháil ina leith uaidh.

Airteagal 30 Measúnú

1. I gcás ina bhfuil an fógra a ndéantar foráil dó in Airteagal 29(2) agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 29(3) á measúnú, déanfaidh an t-údarás inniúil, oiriúnacht an fhaighteora bheartaithe agus fóntacht airgeadais na héadála beartaithe a mheas i leith na gcritéar seo a leanas d’fhonn bainistiú fónta agus stuama an chontrapháirtí lárnaigh ina bhfuil an éadáil bheartaithe a áirithiú, agus ag féachaint don tionchar is dócha a bheidh ag an bhfaighteoir beartaithe ar an gcontrapháirtí lárnach:

(a) dea-cháil agus fóntacht airgeadais an fhaighteora bheartaithe;

(b) clú agus taithí aon duine a stiúrfaidh gnó an chontrapháirtí lárnaigh mar thoradh ar an éadáil bheartaithe;

(c) an mbeidh an contrapháirtí lárnach in ann na forálacha atá leagtha amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh agus leanúint dá gcomhlíonadh;

(d) an bhfuil forais réasúnta ann le bheith in amhras go bhfuil nó go raibh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoirí de réir bhrí Airteagal 1 de Threoir 2005/60/CE[36] nó iarracht air á dhéanamh, nó go bhféadfadh an éadáil bheartaithe an riosca ina leith a mhéadú.

I gcás ina bhfuil fóntacht airgeadais an fhaighteora bheartaithe á mheasúnú, tabharfaidh an t-údarás inniúil aird ar leith ar an gcineál gnó a dhéantar agus atáthar ag brath a dhéanamh sa gcontrapháirtí lárnach ina bhfuil an éadáil beartaithe.

I gcás ina bhfuil inniúlacht an Rialachán seo a chomhlíonadh á mheasúnú, tabharfaidh an t-údarás inniúil aird ar leith air faoina bhfuil struchtúr ag an ngrúpa a mbeidh sé mar chuid de lenar féidir maoirseacht éifeachtach a dhéanamh, faisnéis a mhalartú go héifeachtach i measc na n-údarás inniúil agus leithdháileadh na bhfreagrachtaí i measc na n-údarás inniúil a chinneadh.

2. Ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla cur i gcoinne na héadála beartaithe, ach amháin i gcás ina bhfuil forais réasúnta ann lena dhéanamh ar bhonn na gcritéar atá leagtha amach i mír 1 nó i gcás inar chuir an faighteoir beartaithe faisnéis neamhiomlán ar fáil.

3. Ní forchuirfidh na Ballstáit aon choinníollacha roimh ré maidir le leibhéal an tsealúchais nach mór a fháil ná ní cheadóidh siad a n-údaráis inniúla an éadáil bheartaithe a scrúdú i dtéarmaí riachtanais eacnamaíocha an mhargaidh.

4. Cuirfidh na Ballstáit liosta ar fáil don phobal ina mbeidh an fhaisnéis atá de dhíth chun an measúnú a dhéanamh sonraithe agus ní foláir é a sholáthar do na húdaráis inniúla tráth an fhógra dá dtagraítear in Airteagal 29(2) a thabhairt. Beidh an fhaisnéis atá de dhíth comhréireach agus oiriúnaithe do nádúr an fhaighteora bheartaithe agus na héadála beartaithe. Ní éileoidh na Ballstáit faisnéis nach bhfuil ábhartha chun scrúdú stuamachta a dhéanamh.

5. D'ainneoin Airteagal 29(2), (3) agus (4), i gcás inar tugadh fógra don údarás inniúil faoi dhá thogra nó níos mó chun sealúchais cháilitheacha a fháil nó a mhéadú sa chontrapháirtí lárnach céanna, caithfidh an t-údarás inniúil leis na faighteoirí beartaithe ar mhodh neamh-idirdhealaitheach.

6. Oibreoidh na húdaráis inniúla iomchuí i gcomhairle iomlán le chéile nuair a bheidh an measúnú á dhéanamh i gcás inar ceann díobh seo a leanas an faighteoir beartaithe:

(a) institiúid chreidmheasa, gnóthas árachais, gnóthas athárachais, gnólacht infheistíochta, oibreoir margaidh, oibreoir córas socraíochta urrús, cuideachta bainistíochta gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe nó bainisteoir cistí infheistíochta malartacha atá údaraithe i mBallstát eile é an faighteoir beartaithe;

(b) máthairchuideachta institiúide creidmheasa, gnóthas árachais, gnóthas athárachais, gnólacht infheistíochta, oibreoir margaidh, oibreoir córas socraíochta urrús, cuideachta bainistíochta gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe nó bainisteoir cistí infheistíochta malartacha atá údaraithe i mBallstát eile;

(c) duine nádúrtha nó duine dlítheanach a rialaíonn institiúid chreidmheasa, gnóthas árachais, gnóthas athárachais, gnólacht infheistíochta, oibreoir margaidh, oibreoir córas socraíochta urrús, cuideachta bainistíochta gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe nó bainisteoir cistí infheistíochta malartacha atá údaraithe i mBallstát eile é an faighteoir beartaithe.

7. Soláthróidh na húdaráis inniúla, gan aon mhoill mhíchuí, aon fhaisnéis dá chéile atá de dhíth nó atá ábhartha chun an measúnú a dhéanamh. Cuirfidh na húdaráis inniúla, arna iarraidh sin orthu, an fhaisnéis ábhartha ar fad in iúl dá chéile agus cuirfidh siad an fhaisnéis ábhartha ar fad in iúl ar a dtionscnamh féin. Léireofar aon tuairimí nó cuntair a chuireann an t-údarás inniúil atá freagrach as an bhfaighteoir beartaithe in iúl i gcinneadh ón údarás inniúil lenar údaraíodh an contrapháirtí lárnach ina bhfuil an éadáil beartaithe.

Airteagal 31 Coinbhleachtaí leasa

1. Déanfaidh contrapháirtí lárnach socruithe eagrúcháin agus riaracháin éifeachtacha i scríbhinn a chothabháil agus a oibriú chun aon choinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann idir é féin, lena n-áirítear a bhainisteoirí, a fhostaithe, nó aon duine a bhfuil baint dhíreach nó indíreach aige leo trí rialú nó dlúthnaisc, agus a chomhaltaí imréitigh nó a gcliaint nó eatarthu. Déanfaidh sé nósanna imeachta réitithe sásúla a chothabháil agus a chur chun feidhme nuair a thagann coinbhleachtaí leasa féideartha chun cinn.

2. I gcás nach leor na socruithe eagrúcháin ná riaracháin atá ag contrapháirtí lárnach ar mhaithe le coinbhleachtaí leasa a bhainistiú le go n-áiritheofar, le muinín réasúnach, go ndéanfar an baol damáiste do leasanna comhalta imréitigh nó do leasanna cliaint a chosc, nochtfaidh sé go soiléir nádúr ginearálta nó foinsí na gcoinbhleachtaí leasa don chomhalta imréitigh sula nglacfar le hidirbhearta nua ón gcomhalta imréitigh sin. Mura bhfuil an cliant ar eolas ag an gcontrapháirtí lárnach, cuirfidh sé an comhalta imréitigh a bhfuil a chliaint i gceist ar an eolas.

3. Aon chúinsí a bhfuil an contrapháirtí lárnach ar an eolas fúthu nó ar cheart dó a bheith ar an eolas fúthu, a d’fhéadfadh coinbhleacht leasa a chur faoi deara mar thoradh ar struchtúr agus ar ghníomhaíochtaí gnó na ngnóthas eile a bhfuil gaol máthairchuideachta nó fochuideachta aige leo, ní foláir na cúinsí sin a chur san áireamh sna socruithe i scríbhinn freisin, i gcás inar máthairchuideachta nó fochuideachta é an contrapháirtí lárnach.

4. Cuimseoidh na socruithe i scríbhinn arna mbunú i gcomhréir le mír 1 an méid seo a leanas:

(a) na cúinsí ar coinbhleacht leasa iad nó a d’fheadfadh coinbhleacht leasa a chur faoi deara, lena mbaineann baol ábhartha damáiste do leasanna ceann amháin nó níos mó de na comhaltaí imréitigh nó de na cliaint;

(b) nósanna imeachta le leanúint agus bearta le glacadh leo d’fhonn coinbhleachtaí den chineál sin a bhainistiú.

5. Déanfaidh contrapháirtí lárnach gach beart réasúnta le cosc a chur ar aon mhí-úsáid faisnéise atá á coimeád ina córais agus cuirfidh sé cosc ar úsáid na faisnéise sin a choimeádtar i gcomhair gníomhaíochtaí eile gnó. Ní úsáidfidh duine nádúrtha ná dlítheanach a bhfuil caidreamh máthairchuideachta nó fochuideachta aige leis an gcontrapháirtí lárnach faisnéis íogair arna taifead i gcontrapháirtí lárnach amháin chun críocha tráchtála.

Airteagal 32 Leanúnachas gnó

1. Ceapfaidh contrapháirtí lárnach beartas leormhaith um leanúnachas gnó agus plean athshlánaithe ó thubaiste a mbeidh sé d’aidhm acu a fheidhmeanna a choinneáil slán agus a athshlánú go tráthúil agus a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh, agus cuirfidh an contrapháirtí lárnach iad sin i bhfeidhm agus coinneoidh sé ar bun iad. Beifear in ann na hidirbhearta ar fad a athshlánú tráth an bhriste de dhroim an phlean sin, ionas gur féidir leis an gcontrapháirtí lárnach leanúint ag oibriú faoi chinnteacht agus socraíocht a dhéanamh ar an dáta sceidealta.

2. Tarmligtear cumhachtaí chuig an gCoimisiún chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh ina leagtar síos an íosmhéid inneachair a bheidh sa phlean leanúnachais gnó agus íosleibhéal na seirbhísí a ráthóidh an plean athshlánaithe ó thubhaiste.

Glacfar na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcomhréir le hAirteagail [7 go 7d] de Rialachán …/… [Rialachán an ESMA].

Cuirfidh an ESMA dréachtaí de na caighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2012.

Airteagal 33 Eisfhoinsiú

1. I gcás ina ndéanann contrapháirtí lárnach feidhmeanna, seirbhísí nó gníomhaíochtaí oibríochtúla a eisfhoinsiú, leanfaidh sé de bheith freagrach go hiomlán as a oibleagáidí go léir a chomhlíonadh faoin Rialachán seo agus comhlíonfaidh sé na coinníollacha seo a leanas i gcónaí:

(a) ní tharmligtear freagrachtaí an chontrapháirtí lárnaigh mar thoradh ar eisfhoinsiú;

(b) ní thagann athrú ar chaidreamh agus oibleagáidí an chontrapháirtí lárnaigh i leith a chomhaltaí imréitigh ná i leith a gcliaint nuair is iomchuí;

(c) ní athróidh na coinníollacha chun contrapháirtí lárnach a údarú;

(d) ní chuireann eisfhoinsiú cosc ar fheidhmeanna maoirseachta a fheidhmiú;

(e) ní fhágtar an contrapháirtí lárnach gan na córais agus rialtáin atá de dhíth chun na rioscaí a bhfuil aghaidh le thabhairt orthu a bhainistiú de thoradh eisfhoinsiú;

(f) coinníonn an contrapháirtí lárnach an saineolas is gá chun meastóireacht a dhéanamh ar chaighdeán na seirbhísí a sholáthraítear, ar leordhóthanacht an tsoláthraí seirbhísí ó thaobh eagair agus caipitil; agus chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar na feidhmeanna eisfhoinsithe agus na rioscaí a bhaineann le heisfhoinsiú a bhainistiú agus ní mór dó maoirseacht a dhéanamh ar na feidhmeanna sin agus na rioscaí sin a bhainistiú i gcónaí;

(g) bíonn rochtain dhíreach ag an gcontrapháirtí lárnach ar fhaisnéis ábhartha na bhfeidhmeanna eisfhoinsithe;

(h) bíonn an soláthraí seirbhísí ag comhoibriú go díreach leis an údarás inniúil maidir leis na gníomhaíochtaí eisfhoinsithe;

(i) tugann an soláthraí seirbhísí cosaint d’aon fhaisnéis rúnda agus íogair a bhaineann leis an gcontrapháirtí lárnach agus lena chomhaltaí imréitigh agus cliaint.

2. Cuirfidh an t-údarás inniúil de cheangal ar an gcontrapháirtí lárnach a chearta agus a oibleagáidí agus cearta agus oibleagáidí a sholáthraí seirbhísí a leithdháileadh agus a leagan amach go soiléir, i gcomhaontú scríofa.

3. An fhaisnéis ar fad atá de dhíth ionas gur féidir leis an údarás inniúil measúnú a dhéanamh ar an dóigh ina gcomhlíontar ceanglais an Rialacháin seo i bhfeidhmiú na ngníomhaíochtaí eisfhoinsithe, cuirfidh contrapháirtí lárnach an fhaisnéis sin ar fáil nuair a iarrtar í.

Caibidil 2 Rialacha maidir le gnó a dhéanamh

Airteagal 34 Forálacha ginearálta

1. Nuair a bheidh seirbhísí á soláthar dá gcomhaltaí imréitigh, agus nuair is iomchuí, dá gcliaint, gníomhóidh contrapháirtí lárnach go cothrom agus go gairmiúil ar mhaithe le leasanna na gcomhaltaí imréitigh agus cliant agus le bainistiú riosca fónta.

2. Beidh rialacha trédhearcacha maidir le láimhseáil gearán ag an gcontrapháirtí lárnach.

Airteagal 35 Ceanglais rannpháirtíochta

1. Bunóidh contrapháirtí lárnach catagóirí na gcomhaltaí imréitigh atá inghlactha agus na critéir iontrála. Beidh na critéir sin neamh-idirdhealaitheach, trédhearcach agus oibiachtúil ionas gur féidir rochtain chothrom agus oscailte ar an gcontrapháirtí lárnach a áirithiú agus áiritheofar leo go mbeidh acmhainní airgeadais leordhóthanacha agus cumas oibríochtúil leordhóthanach ag comhaltaí imréitigh chun na hoibleagáidí a bhaineann le bheith páirteach i gcontrapháirtí lárnach a chomhlíonadh. Ní cheadófar critéir a úsáid a chuireann srian le rochtain ach amháin sa mhéid is gurb é rialú an riosca atá ann don chontrapháirtí lárnach an cuspóir atá leo.

2. Áiritheoidh contrapháirtí lárnach go gcomhlíonfar cur i bhfeidhm na gcritéar dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn leanúnach agus go mbeidh fáil go tráthúil ar an bhfaisnéis a bhaineann leis an measúnú. Déanfaidh contrapháirtí lárnach, uair sa bhliain ar a laghad, athbhreithniú cuimsitheach ar chomhaltaí imréitigh a bheidh ag comhlíonadh na bhforálacha san airteagal seo.

3. Beidh na hacmhainní airgeadais breise agus an cumas oibríochtúil atá de dhíth chun an ghníomhaíocht seo a chomhlíonadh ag comhaltaí imréitigh a dhéanann idirbhearta a imréiteach thar ceann a gcliant. Cuirfidh comhaltaí imréitigh, arna iarraidh sin dóibh, an contrapháirtí lárnach ar an eolas faoi na critéir agus na socruithe a ghlacann siad ionas go mbeidh fáil ag a gcliaint ar sheirbhísí an chontrapháirtí lárnaigh.

4. Beidh nósanna imeachta oibiachtúla agus trédhearcacha ag an gcontrapháirtí lárnach maidir le comhaltaí imréitigh nach gcomhlíonann na critéir dá dtagraítear i mír 1 a thuilleadh a chur ar fionraí agus a scor go hordúil.

5. Ní féidir le contrapháirtí lárnach rochtain a dhiúltú do chomhaltaí imréitigh a chomhlíonann na critéir dá dtagraítear i mír 1 ach amháin má thugtar údar cuí leis i scríbhinn agus má tá sé bunaithe ar anailís riosca chuimsitheach.

6. Féadfaidh contrapháirtí lárnach dualgais bhreise shonracha a fhorchur ar chomhaltaí imréitigh, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do, rannpháirtíocht i gceantanna maidir le suíomh comhalta imréitigh mhainneachtana. Beidh oibleagáidí breise den chineál sin i gcomhréir leis an riosca a bhaineann leis an gcomhalta imréitigh agus ní chuirfidh siad srian leis na catagóirí comhaltaí imréitigh ar féidir leo a bheith rannpháirteach.

Airteagal 36 Trédhearcacht

1. Nochtfaidh contrapháirtí lárnach go poiblí na praghsanna agus na táillí a bhaineann leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil. Nochtfaidh sé na praghsanna agus táillí ar sheirbhísí singile agus feidhmeanna singile a chuirtear ar fáil ar leithligh, lena n-airítear lascainí agus aisíocaíochtaí mar aon leis na coinníollacha chun tairbhe a bhaint as na laghduithe sin. Ligfidh sé dá chomhaltaí imréitigh agus, nuair is iomchuí, dá gcliaint rochtain leithleach a bheith acu ar sheirbhísí ar leith.

2. Déanfaidh contrapháirtí lárnach na rioscaí a bhaineann leis na seirbhísí a sholáthraítear a nochtadh do chomhaltaí imréitigh agus do chliaint.

3. Nochtfaidh contrapháirtí lárnach go poiblí an fhaisnéis faoi phraghsanna a úsáidtear chun neamhchosaintí ag deireadh an lae maidir lena chomhaltaí imréitigh a ríomh agus chun líon na n-idirbheart a imréitítear i leith gach aicme ionstraimí a ríomh.

Airteagal 37 Leithscaradh agus iniomparthacht

1. Coimeádfaidh contrapháirtí lárnach taifid agus cuntais ionas gur féidir leis, tráth ar bith agus gan mhoill, sócmhainní agus suíomhanna comhalta imréitigh amháin a shainaithint agus a leithscaradh ó shócmhainní agus ó shuíomhanna aon chomhalta imréitigh eile agus óna shócmhainní féin.

2. Ceanglóidh contrapháirtí lárnach ar gach comhalta imréitigh sócmhainní agus suíomhanna an chomhalta imréitigh sin a idirdhealú agus a leithscaradh ó shócmhainní agus ó shuíomhanna a chliant sna cuntais leis an gcontrapháirtí lárnach. Ceadóidh contrapháirtí lárnach do chliaint leithscaradh níos mionsonraithe sócmhainní agus suíomhanna a bheith acu. Déanfaidh contrapháirtí lárnach na rioscaí agus na costais a bhaineann leis na leibhéil éagsúla leithscartha a nochtadh don phobal.

3. Ag brath ar leibhéal an leithscartha a roghnaíonn cliant, áiritheoidh an contrapháirtí lárnach go mbeidh sé in ann a shócmhainní agus a shuíomhanna a aistriú chuig comhalta imréitigh eile arna iarraidh sin dó le linn teagmhas seolta réamhshainithe, gan toiliú ón gcomhalta imréitigh agus laistigh de thréimhse tarchuir réamhshainithe. Ní bheidh aon oibleagáid ar an gcomhalta imréitigh eile é sin a dhéanamh ach amháin i gcás ina ndeachaigh sé i gcaidreamh conarthach roimhe sin chun na críche sin.

4. Ar an gcoinníoll nach bhfuil an cliant neamhchosanta ar mhainneachtain an chomhalta imréitigh trína bhfuil rochtain aige ar an gcontrapháirtí lárnach ná ar mhainneachtain aon chliant eile, beidh feidhm ag Iarscríbhinn III, Cuid 2, pointe 6 de Threoir 2006/48/CE.

5. Beidh forlámhas ag na ceanglais atá leagtha amach i míreanna 1 go 4 ar aon dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin de chuid na mBallstát a thagann salach orthu agus a chuireann cosc ar na páirtithe iad a chomhlíonadh.

Caibidil 3Ceanglais stuamachta

Airteagal 38 Neamhchosaint a bhainistiú

Déanfaidh contrapháirtí lárnach a neamhchosaint leachtachta agus creidmheasa ar gach comhalta imréitigh agus, nuair is iomchuí, ar contrapháirtí lárnach eile a bhfuil socrú comh-inoibritheach déanta aige leis a thomhas agus a mheasúnú ar bhonn fíorama nó ar bhonn ama atá gar dó. Beidh fáil ag contrapháirtí lárnach ar na foinsí praghsála ábhartha go tráthúil agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach chun a neamhchosaintí a thomhas go héifeachtach.

Airteagal 39 Ceanglais éarlaise

1. Déanfaidh contrapháirtí lárnach éarlaisí ar mhaithe le teorannú neamhchosaintí creidmheasa a fhorchur, a ghlaoch agus a bhailiú óna chomhaltaí imréitigh, agus, nuair is iomchuí, ó chontrapháirtithe lárnacha a bhfuil socruithe comh-inoibritheacha acu. Beidh na héarlaisí sin leordhóthanach chun neamhchosaintí féideartha a mheasann an contrapháirtí lárnach a thiocfaidh chun cinn roimh leachtú na suíomhanna ábhartha a chlúdach. Beidh siad leordhóthanach chun caillteanais a chlúdach a eascraíonn as ar a laghad 99 faoin gcéad de ghluaiseachtaí na neamhchosaintí thar thréimhse ionchais cuí agus áiritheoidh siad go ndéanfaidh contrapháirtí lárnach urrús comhthaobhach a sholáthar go hiomlán dá neamhchosaintí ar a chomhaltaí imréitigh ar fad, agus, nuair is iomchuí, ar chontrapháirtithe lárnacha a bhfuil socruithe comh-inoibritheacha acu, ar bhonn laethúil ar a laghad.

2. Glacfaidh contrapháirtí lárnach samhlacha agus paraiméadair maidir lena cheanglais éarlaise a leagan síos a léireoidh saintréithe riosca na dtáirgí a imréitítear agus a dhéanfaidh an tréimhse idir éarlaisí a bhailiú, leachtacht mhargaidh agus athruithe a d’fhéadfadh a bheith ann le linn an idirbhirt a chur san áireamh. Deimhneoidh an t-údarás inniúil na samhlacha agus na paraiméadair agus beidh siad faoi réir comhthuairime ón gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 15.

3. Déanfaidh contrapháirtí lárnach éarlaisí a ghlaoch agus a bhailiú laistigh de lá amháin ar a laghad, nuair a shárófar tairseacha réamhshainithe.

4. Déanfaidh contrapháirtí lárnach na héarlaisí arna gcur suas ag gach comhalta imréitigh agus, nuair is iomchuí, ag na contrapháirtithe lárnacha sin a bhfuil socruithe comh-inoibritheacha acu a leithscaradh, agus áiritheoidh sé go mbeidh gach éarlais arna cur suas i gcoinne mhainneachtain na gcomhaltaí imréitigh eile, an institiúid lena dtaisctear iad, agus an contrapháirtí lárnach é féin cosanta ar aon chaillteanas eile a d’fhéadfadh a bheith ag an gcontrapháirtí lárnach.

5. Tarmligtear cumhachtaí chuig an gCoimisiún chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh ina sonraítear an céatadán iomchuí agus tréimhse ionchais iomchuí, dá dtagraítear i mír 1, atá le háireamh le haghaidh aicmí éagsúla na n-ionstraimí airgeadais.

Glacfar leis na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcomhréir le hAirteagail [7 go 7d] de Rialachán …/… [Rialachán an ESMA].

Cuirfidh an ESMA, i gcomhairle leis an ÚBE, dréachtaí de na caighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2012.

Airteagal 40 Ciste mainneachtana

1. Coinneoidh contrapháirtí lárnach ciste mainneachtana chun caillteanais ag eascairt as mainneachtain a chlúdach, lena n-áirítear nós imeachta dócmhainneachta comhalta imréitigh amháin nó níos mó a oscailt.

2. Socróidh contrapháirtí lárnach íosmhéid na ranníocaíochtaí i leith an chiste mhainneachtana agus na critéir chun ranníocaíochtaí comhaltaí imréitigh aonair a ríomh. Beidh na ranníocaíochtaí i gcomhréir le neamhchosaintí gach aon chomhalta imréitigh, lena áirithiú gur féidir leis an gcontrapháirtí lárnach mainneachtain an chomhalta imréitigh a bhfuil na neamhchosaintí is mó aige ina leith a sheasamh, nó chun mainneachtain ag an dara agus an tríú comhalta imréitigh is mó a sheasamh más mó suim a neamhchosaintí.

3. Féadfaidh contrapháirtí lárnach níos mó ná ciste mainneachtana amháin a bhunú le haghaidh na n-aicmí ionstraimí éagsúla a dhéanann sé a imréiteach.

Airteagal 41 Rialuithe riosca eile

1. I dteannta an chaipitil a cheanglaítear in Airteagal 12, cothabhálfaidh contrapháirtí lárnach acmhainní airgeadais ar leor iad chun caillteanais a d’fhéadfadh a bheith ann agus a sháródh na caillteanais atá le clúdach ag na ceanglais éarlaise agus an ciste mainneachtana a chlúdach. Féadfaidh acmhainní den chineál sin aon chiste imréitigh eile arna sholáthar ag comhaltaí imréitigh nó ag páirtithe eile, socruithe maidir le caillteanais a roinnt, socruithe árachais, cistí dílse contrapháirtí lárnaigh, ráthaíochtaí máthairchuideachtaí, nó forálacha dá samhail a áireamh. Beidh acmhainní dá samhail ar fáil gan srian agus ní úsáidfear iad chun na caillteanais oibriúcháin a chlúdach.

2. Déanfaidh contrapháirtí lárnach forbairt ar chásanna de dhálaí margaidh atá foircneach ach sochreidte, a chuimsíonn na tréimhsí ba luainí a chonacthas sna margaí a soláthraíonn an contrapháirtí lárnach a sheirbhísí dóibh. Cuirfidh an ciste mainneachtana dá dtagraítear in Airteagal 40 agus na sócmhainní airgeadais eile dá dtagraítear i mír 1 ar chumas an chontrapháirtí lárnaigh i gcónaí mainneachtain an dá chomhalta imréitigh a bhfuil na neamhchosaintí is mó aige ina leith a sheasamh agus cuirfidh sé ar chumas an chomhpháirtí sin laghduithe tapa ar leachtacht mhargaidh agus sócmhainní airgeadais a dhíoltar go tobann a sheasamh.

3. Gheobhaidh contrapháirtí lárnach na línte creidmheasa nó socruithe dá samhail atá de dhíth chun a riachtanais leachtachta a chlúdach ar eagla nach féidir teacht láithreach bonn ar na sócmhainní airgeadais atá ar fáil dó. Ní féidir le gach comhalta imréitigh, máthairchuideachta nó fochuideachta an chomhalta imréitigh níos lú ná 25 faoin gcéad de na línte creidmheasa a theastaíonn ó chontrapháirtí lárnach a sholáthar.

4. Féadfaidh contrapháirtí lárnach a chur de cheangal ar chomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana cistí breise a sholáthar má mhainníonn comhalta imréitigh eile. Beidh neamhchosaintí teoranta i leith an contrapháirtí lárnaigh ag comhaltaí imréitigh an chontrapháirtí sin.

5. Tarmligtear cumhachtaí chuig an gCoimisiún chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh ina sonraítear na coinníollacha foircneacha dá dtagraítear i mír 2 a sheasfaidh an contrapháirtí lárnach.

Glacfar leis na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcomhréir le hAirteagail 7 go 7d de Rialachán …/… [Rialachán an ESMA].

Cuirfidh an ESMA, i gcomhairle leis an ÚBE, dréachtaí de na caighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2012.

Airteagal 42 Mainneachtain i bhfoirm chascáide

1. Bainfidh contrapháirtí lárnach leas as na héarlaisí arna gcur suas ag comhalta imréitigh mainneachtana sula mbainfidh sé leas as sócmhainní airgeadais eile chun caillteanais a chlúdach.

2. I gcás nach leor na héarlaisí a chuireann an comhalta imréitigh mainneachtana suas chun na caillteanais arna dtabhú ag contrapháirtí lárnach a chlúdach, bainfidh an contrapháirtí lárnach leas as ranníocaíocht an chomhalta mhainneachtana i leith an chiste mhainneachtana chun na caillteanais sin a chlúdach.

3. Ní bhainfidh contrapháirtí lárnach leas as ranníocaíochtaí i leith an chiste mhainneachtana agus as ranníocaíochtaí eile arna ndéanamh ag comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana go dtí go mbeidh ranníocaíochtaí an chomhalta imréitigh mhainneachtana, agus nuair is iomchuí, cistí dílse an chontrapháirtí lárnaigh dá dtagraítear in Airteagal 41 (1) ídithe aige.

4. Ní bheidh cead ag contrapháirtí lárnach na héarlaisí a chuireann comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana suas a úsáid chun caillteanais a eascraíonn as mainneachtain comhalta imréitigh eile a chlúdach.

Airteagal 43 Ceanglais maidir le comhthaobhacht

1. Ní ghlacfaidh contrapháirtí lárnach ach le comthaobhacht fhíorleachtach lena mbaineann riosca íosta creidmheasa agus margaidh chun a neamhchosaint ar a chomhaltaí imréitigh a chlúdach. Cuirfidh sé caolchorrlaigh leordhóthanacha i bhfeidhm maidir le luachanna sócmhainne a léireoidh go bhféadfaidh laghdú teacht ar luach thar an tréimhse idir a luacháil deiridh agus an tráth faoinar féidir glacadh leis go réasúnach go déanfar iad a leachtú. Cuirfear san áireamh ann an riosca leachtachta tar éis mhainneachtain rannpháirtí sa mhargadh agus comhchruinniú riosca ar shócmhainní áirithe, rud a d’fhéadfadh bunú na comhthaobhachta inghlactha agus na gcaolchorrlach ábhartha a chur faoi deara.

2. Féadfaidh contrapháirtí lárnach, nuair is iomchuí agus nuair is ciallmhar a dhóthain, glacadh leis an ábhar is bunús leis an gconaradh díorthach nó leis an ionstraim airgeadais a thionscnaíonn neamhchosaint an chontrapháirtí lárnaigh mar chomhthaobhacht chun a cheanglais éarlaise a chlúdach.

3. Tarmligtear cumhachtaí chuig an gCoimisiún chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh ina sonraítear an cineál comhthaobhachta ar féidir a mheas gur comhthaobhacht fhíorleachtach í agus na caolchorrlaigh dá dtagraítear i mír 1.

Glacfar na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcomhréir le hAirteagail [7 go 7d] de Rialachán …/… [Rialachán an ESMA].

Cuirfidh an ESMA, i gcomhairle leis an CEBC agus leis an ÚBE, dréachtaí de na caighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2012.

Airteagal 44 Beartas infheistíochta

1. Ní infheisteoidh contrapháirtí lárnach a acmhainní airgeadais in ionstraimí airgeadais fíorleachtacha mura mbainfidh riosca íosta margaidh agus creidmheasa leo. Beifear in ann na hinfheistíochtaí sin a leachtú go tapa gan ach éifeacht dhíobhálach an-bheag a imirt ar phraghsanna.

2. Déanfar ionstraimí airgeadais a chuirfear suas mar éarlaisí a chur i dtaisce le hoibreoirí córais socraíochta urrús lena n-áirithítear rochtain neamh-idirdhealaitheach ar chontrapháirtithe lárnacha agus lánchosaint na n-ionstraimí sin. Beidh rochtain phras ag contrapháirtí lárnach ar na hionstraimí airgeadais nuair is gá.

3. Ní dhéanfaidh contrapháirtí lárnach a chaipiteal ná na suimeanna ag eascairt as na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 39, 40 agus 41 a infheistiú ina urrúis féin ná in urrúis a mháthairchuideachta ná a fhochuideachta.

4. Cuirfidh contrapháirtí lárnach a neamhchosaintí foriomlána ar riosca creidmheasa i leith féichiúnaithe aonair san áireamh nuair a bheidh a chinneadh infheistíochta á dhéanamh aige agus áiritheoidh sé go bhfanfaidh a neamhchosaint fhoriomlán ar riosca i leith aon fhéichiúnaí ar leith laistigh de theorainneacha comhchruinnithe inghlactha.

1. Tarmligtear cumhachtaí chuig an gCoimisiún chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh ina leagtar síos na hionstraimí airgeadais fíorleachtacha dá dtagraítear i mír 1 agus na teorainneacha comhchruinnithe dá dtagraítear i mír 4.

Glacfar na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcomhréir le hAirteagail [7 go 7d] de Rialachán …/… [Rialachán an ESMA].

Cuirfidh an ESMA, i gcomhairle leis an ÚBE, dréachtaí de na caighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2012.

Airteagal 45 Nósanna imeachta mainneachtana

1. Beidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag contrapháirtí lárnach a bheidh le leanúint i gcás nach gcomhlíonfaidh comhalta imréitigh na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 35 laistigh den teorainn ama agus de réir na nósanna imeachta arna mbunú ag an gcontrapháirtí lárnach. Tabharfaidh an contrapháirtí lárnach breac-chuntas ar na nósanna imeachta a bheidh le leanúint i gcás nach suífidh contrapháirtí lárnach go bhfuil comhalta imréitigh dócmhainneach.

2. Déanfaidh contrapháirtí lárnach beart pras chun brúnna leachtachta agus caillteanais ag eascairt as mainneachtain a shrianadh agus áiritheoidh sé nach gcuirfidh leachtú suíomhanna de chuid aon chomhaltaí imréitigh isteach ar a n-oibríochtaí ná nach ndéanfaidh sé comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana a neamhchosaint ar chaillteanais nach féidir leo a réamh-mheas ná a rialú.

3. Cuirfidh an contrapháirtí lárnach an t-údarás inniúil ar an eolas go pras. Cuirfidh an t-údarás inniúil an t-údarás atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an gcomhalta imréitigh mainneachtana ar an eolas láithreach i gcás ina measann an contrapháirtí lárnach nach mbeidh an comhalta imréitigh in ann a oibleagáidí a chomhlíonadh amach anseo agus nuair atá sé beartaithe ag an gcontrapháirtí lárnach a fhógairt gur mhainnigh sé.

4. Suífidh contrapháirtí lárnach gur féidir a nósanna imeachta mainneachtana a fhorfheidhmiú. Glacfaidh sé na céimeanna réasúnta ar fad lena áirithiú go bhfuil na cumhachtaí dlíthiúla aige suíomhanna dílsithe an chomhalta imréitigh mhainneachtana a leachtú agus suíomhanna chliaint an chomhalta imréitigh mhainneachtana a leachtú nó a aistriú.

Airteagal 46 Athbhreithniú ar shamhlacha, tástáil struis agus aistástáil

1. Déanfaidh contrapháirtí lárnach athbhreithniú rialta ar na samhlacha agus ar na paraiméadair ar glacadh leo chun a cheanglais éarlaise, ranníocaíochtaí i leith ciste mhainneachtana, ceanglais chomhthaobhachta agus meicníochtaí rialaithe riosca eile a ríomh. Cuirfidh sé tástálacha struis diana agus rialta i bhfeidhm ar na samhlacha chun a solúbthacht faoi dhálaí margaidh sochreidte ach foircneacha a mheas agus déanfaidh sé aistástálacha chun iontaofacht na modheolaíochta ar glacadh léi a mheas. Cuirfidh an contrapháirtí lárnach an t-údarás inniúil ar an eolas faoi thorthaí na dtástálacha a rinneadh agus gheobhaidh sé bailíochtú uaidh sula nglacfar le haon athrú ar na samhlacha agus ar na paraiméadair.

2. Déanfaidh contrapháirtí lárnach tástáil rialta ar phríomhghnéithe a nósanna imeachta mainneachtana agus glacfaidh sé na céimeanna réasúnta ar fad lena áirithiú go dtuigfidh na comhaltaí imréitigh ar fad iad agus go mbeidh socraíochtaí iomchuí i bhfeidhm acu le freagairt do theagmhas mainneachtana.

3. Nochtfaidh contrapháirtí lárnach go poiblí faisnéis ríthábhachtach ar a shamhail bhainistithe riosca agus toimhdí ar glacadh leo chun na tástálacha struis a dtagraítear dóibh i mír 1 a dhéanamh.

4. Tarmligtear cumhachtaí chuig an gCoimisiún chun caighdeáin rialála theicniúla a ghlacadh ina sonraítear an méid seo a leanas:

(a) na cineálacha tástálacha a bheidh le déanamh le haghaidh aicmí éagsúla d’ionstraimí airgeadais agus punanna;

(b) rannpháirtíocht comhaltaí imréitigh nó páirtithe eile sna tástálacha;

(c) minicíocht na dtástálacha;

(d) tréimhse ionchais na dtástálacha;

(e) an fhaisnéis ríthábhachtach dá dtagraítear i mír 3.

Glacfar na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcomhréir le hAirteagail [7 go 7d] de Rialachán …/… [Rialachán an ESMA].

Cuirfidh an ESMA, i gcomhairle leis an ÚBE, dréachtaí de na caighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2012.

Airteagal 47 Socraíocht

1. Bainfidh contrapháirtí lárnach leas as airgead bainc lárnaigh, nuair a bheidh a leithéid ar fáil, chun a chuid idirbhearta a shocrú. Déanfar bearta chun srian dian a chur le riosca creidmheasa agus leachtachta sna cásanna sin nuair nach féidir teacht ar airgead bainc lárnaigh.

2. Tabharfaidh contrapháirtí lárnach le fios go soiléir na hoibleagáidí atá air maidir le hionstraimí airgeadais a sholáthar, lena n-áirítear an bhfuil sé d’oibleagáid air ionstraim airgeadais a sheachadadh nó a fháil mar sheachadadh agus an slánaíonn sé na rannpháirtithe le haghaidh caillteanas a tharlaíonn le linn an phróisis seachadta.

3. I gcás ina bhfuil oibleagáid ar chontrapháirtí lárnach ionstraimí airgeadais a sheachadadh nó a fháil mar sheachadadh, déanfaidh an contrapháirtí lárnach an príomhriosca a dhíchur trí mheicníochtaí maidir le soláthar in áit íocaíochta a úsáid a mhéid is féidir.

Teideal V Socruithe comh-inoibritheachta

Airteagal 48 Socruithe comh-inoibritheachta

1. Féadfaidh contrapháirtí lárnach socrú comh-inoibritheachta a dhéanamh le contrapháirtí lárnach eile má chomhlíontar na ceanglais de bhun Airteagail 49 agus 50.

2. Nuair atá socrú comh-inoibritheachta á dhéanamh le contrapháirtí lárnach eile d’fhonn seirbhísí a sholáthar go hionad trádála faoi leith, beidh rochtain neamh-idirdhealaitheach ag an gcontrapháirtí lárnach ar na sonraí atá riachtanach dó chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh ón ionad trádála sin agus ar an gcóras socraíochta ábhartha.

3. Nuair a bhítear ag déanamh socrú comh-inoibritheachta nó ag rochtain fotha sonraí nó córas socraíochta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, ní chuirfear aon srian i bhfeidhm go díreach nó go hindíreach ach amháin chun aon riosca a eascraíonn ón socrú nó ón rochtain sin a rialú.

.

Airteagal 49 Bainistiú riosca

1. Déanfaidh na contrapháirtithe lárnacha sin atá ag déanamh socraithe comh-inoibritheachta:

(a) beartais leordhóthanacha, nósanna imeachta leordhóthanacha agus córais leordhóthanacha a chur i bhfeidhm chun riosca breise a eascraíonn ón socrú a aithint, monatóireacht a dhéanamh orthu agus iad a bhainistiú ionas go mbeidh siad in ann a n-oibleagáidí a chomhlíonadh ar shlí thráthúil;

(c) comhaontú a dhéanamh faoina gcearta agus a n-oibleagáidí faoi seach, lena n-áirítear an dlí is infheidhme a rialaíonn an caidreamh eatarthu;

(c) rioscaí creidmheasa agus leachtachta a aithint, monatóireacht a dhéanamh orthu agus iad a bhainistiú go héifeachtach ionas nach mbeidh tionchar ag mainneachtain comhalta imréitigh contrapháirtí lárnaigh amháin ar chontrapháirtí lárnach comh-inoibritheach;

(d) an idirthuilleamaíocht agus na comhghaoil a d’fheadfadh teacht chun cinn ó shocrú comh-inoibritheachta agus a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar chreidmheas agus na rioscaí leachtachta a bhaineann le comhdhlúthú comhaltaí imréitigh agus le hacmhainní comhroinnte airgeadais, iad sin a aithint, monatóireacht a dhéanamh orthu agus dul i ngleic leo.

Chun críocha phointe (b), úsáidfidh comhpháirtithe lárnacha na rialacha céanna maidir leis an bpointe a dtagann orduithe aistrithe isteach ina gcórais faoi seach mar aon leis an bpointe do-athraitheachta mar atá leagtha amach i dTreoir 98/26/CE nuair is iomchuí.

Chun críocha phointe (c), beidh cuntas imlíne i dtéarmaí an tsocraithe faoi conas a bhainisteofar iarmhairt na mainneachtana sa chás go loiceann ceann de na comhpháirtithe lárnacha a bhfuil socrú comh-inoibritheachta curtha i gcrích leis.

Chun críocha phointe (d), beidh smacht daingean faoin socrú ag na comhpháirtithe lárnacha ar ath-fhiach-urrú comhthaobhachta na gcomhaltaí imréitigh, má cheadaíonn na húdaráis inniúla a leithéid. Tabharfar breac-chuntas sa chomhaontú ar conas ar tugadh aghaidh ar na rioscaí sin agus cuirfear cuimsiú leordhóthanach agus an gá maidir le teorainn a chur le tadhlacht san áireamh.

2. Nuair nach ionann na córais bhainistithe riosca a úsáideann na contrapháirtithe lárnacha chun a neamhchosaint ar a gcomhaltaí imréitigh agus a neamhchosaintí frithpháirteacha a chumhdach, déanfaidh na contrapháirtithe lárnacha na difríochtaí sin a aithint, déanfaidh siad measúnú ar an mbaol a d’fhéadfadh a bheith ann dá mbarr, agus déanfaidh siad bearta, lena n-áirítear acmhainní breise airgeadais a fháil, a dhéanfaidh maolú ar an tionchar a bheidh acu ar na socruithe comh-inoibritheachta mar aon leis na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith acu ó thaobh riosca tadhlachta agus áiritheoidh siad nach mbeidh tionchar ag na difríochtaí sin ar chumas gach contrapháirtí lárnaigh iarmhairtí mainneachtana comhalta imréitigh a bhainistiú.

Airteagal 50 Socrú comh-inoibritheachta a fhormheas

1. Ní mór formheas roimh ré a fháil ó údaráis inniúla na gcomhpháirtithe lárnacha lena mbaineann chun socrú comh-inoibritheachta a dhéanamh. Beidh feidhm ag an nós imeachta de bhun Airteagal 13.

2. Ní thabharfaidh na húdaráis inniúla formheas don socrú comh-inoibritheachta ach amháin má chomhlíontar na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 49 agus má cheadaíonn na coinníollacha teicniúla maidir le hidirbheart a imréiteach faoi théarmaí an chomhaontaithe do na margaí airgeadais feidhmiú go réidh ordúil agus nach mbaineann an socrú an bonn d’éifeacht na maoirseachta.

3. I gcás ina measann údarás inniúil nach gcomhlíontar na ceanglais atá leagtha amach i mír 2, tabharfaidh sé mínithe i scríbhinn maidir lena chomaoineacha riosca do na húdaráis inniúla agus do na comhpháirtithe lárnacha eile lena mbaineann. Cuirfidh sé an ESMA ar an eolas freisin, agus eiseoidh sé sin tuairim ar bhailíocht éifeachtach na gcomaoineacha riosca mar fhorais chun comhaontú comh-inoibritheachta a dhiúltú. Cuirfear tuairim an ESMA ar fáil do na comhpháirtithe lárnacha ar fad lena mbaineann. I gcás ina bhfuil difear idir measúnú an ESMA agus an measúnú a rinne an t-údarás inniúil iomchuí, déanfaidh an t-údarás sin machnamh ar a chás arís, agus tuairim an ESMA á chur san áireamh aige.

4. Eiseoidh an ESMA treoirlínte nó moltaí faoin 30 Meitheamh 2012 d'fhonn measúnuithe comhsheasmacha, éifeachtúla agus éifeachtacha a bhunú maidir le socruithe comh-inoibritheachta, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 8 de Rialachán …/… [Rialachán an ESMA]

Teideal VI Stórtha trádála a chlárú agus faireachas a dhéanamh orthu

Caibidil 1 Coinníollacha agus nósanna imeachta maidir le stór trádála a chlárú

Airteagal 51 Stór trádála a chlárú

1. Cláróidh stór trádála é féin leis an ESMA chun críocha Airteagal 6.

2. D’fhonn go gclárófar stór trádála ní mór dó a bheith ina dhuine dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus ceanglais Teideal VII a chomhlíonadh.

3. Beidh éifeacht le clárú stóir thrádála i gcríoch iomlán an Aontais.

4. Comhlíonfaidh stór trádála cláraithe coinníollacha bunaidh an chlárúcháin i gcónaí. Tabharfaidh stór trádála fógra, gan aon mhoill mhíchuí, don ESMA i dtaobh aon athruithe ábhartha ar choinníollacha an chlárúcháin bhunaidh.

Airteagal 52 Iarratas ar chlárúchán

1. Cuirfidh stór trádála iarratas ar chlárúchán faoi bhráid an ESMA.

2. Laistigh de dheich lá oibre ón tráth a bhfaightear an t-iarratas, déanfaidh an ESMA measúnú faoina bhfuil an t–iarratas comhlánaithe ina iomláine.

Mura bhfuil an t–iarratas comhlánaithe ina iomláine, leagfaidh an ESMA spriocdháta síos a mbeidh ar an stór trádála faisnéis bhreise a sholáthar faoi.

Tar éis don ESMA a mheasúnú go bhfuil an t-iarratas iomlán, tabharfaidh sé fógra dá réir don stór trádála.

3. Tarmligtear cumhachtaí chuig an gCoimisiún chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh ina leagtar síos mionsonraí maidir le hiarratas ar chlárúchán a dhéanamh chuig an ESMA dá dtagraítear i mír 1.

Glacfar na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcomhréir le hAirteagail [7 go 7d] de Rialachán …/… [Rialachán an ESMA].

Cuirfidh an ESMA dréachtaí de na caighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2012.

4. D’fhonn a áirithiú go gcuirfear mír 1 i bhfeidhm go comhsheasmhach, tugtar cumhachtaí don Choimisiún caighdeáin forfheidhmithe a ghlacadh d’fhonn formáid an iarratais ar chlárú chuig an ESMA a áirithiú.

Glacfar na caighdeáin cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcomhréir le hAirteagal 7e de Rialachán …/… [Rialachán an ESMA].

Cuirfidh an ESMA dréachtaí de na caighdeáin sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2012.

Airteagal 53 Scrúdú an iarratais

1. Scrúdóidh an ESMA, laistigh de dhaichead lá oibre ón bhfógra dá dtagraítear sa tríú fomhír d'Airteagal 52(2), an t–iarratas ar chlárúchán a scrúdú bunaithe ar an gcaoi a gcomhlíonann an stór trádála na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagail 64 go 67 agus déanfaidh sé Cinneadh a bheidh lán-réasúnaithe é a chlárú nó diúltú don iarratas.

2. Tiocfaidh an Cinneadh arna eisiúint ag an ESMA de bhun mhír 1 i bhfeidhm ar an gcúigiú lá oibre tar éis a ghlactha.

Airteagal 54 Fógra a thabhairt faoin gCinneadh

1. Sa chás ina ndéanann an ESMA Cinneadh clárú a dhéanamh, a dhiúltú nó a tharraingt siar, tabharfaidh sé fógra don stór trádála laistigh de 5 lá oibre mar aon le míniú lán-réasúnaithe faoina Chinneadh.

2. Cuirfidh an ESMA aon Chinneadh dá dtagraítear i mír 1 in iúl don Choimisiún.

3. Foilseoidh an ESMA liosta na stór trádála atá cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo ar a shuíomh gréasáin. Tabharfar an liosta sin cothrom le dáta laistigh de 5 lá oibre tar éis Cinneadh a ghlacadh dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 55 Fíneálacha

1. Ar iarratas ón ESMA, féadfaidh an Coimisiún, le cinneadh, fíneáil a fhorchur ar stór trádála más rud é, d'aon ghnó nó le faillí, gur sháraigh an stór trádála Airteagail 63(1), 64, 65, 66 agus 67 míreanna 1 agus 2 den Rialachán seo.

2. Beidh na fíneálacha dá dtagraítear i mír 1 athchomhairleach agus comhréireach le nádúr agus le tromchúis an tsáraithe, le fad an tsáraithe agus le hacmhainn eacnamaíoch an stóir thrádála lena mbaineann. Ní rachaidh méid na fíneála thar 20 faoin gcéad den ioncam bliantúil nó den láimhdeachas bliantúil a bhí ag an stór trádála sa bhliain ghnó roimhe sin.

3. D'ainneoin mhír 2, i gcás inar ghnóthaigh an stór trádála go díreach nó go hindíreach tairbhe airgeadais inchainníochtaithe ón sárú, beidh méid na fíneála cothrom leis an tairbhe sin ar a laghad.

4. Tarmligtear cumhachtaí chuig an gCoimisiún chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh maidir le:

(a) critéir mhionsonraithe maidir le méid na fíneála a leagan síos;

(b) nósanna imeachta d'fhiosrúcháin, do bhearta gaolmhara agus do thuairisciú, chomh maith le rialacha nós imeachta le haghaidh cinnteoireachta, lena n-áirítear forálacha ar chearta cosanta, rochtain ar chomhaid, ionadaíocht dhlíthiúil, rúndacht agus forálacha ama mar aon le cainníochtú agus bailiú na bhfíneálacha.

Glacfar na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcomhréir le hAirteagail [7 go 7d] de Rialachán …/… [Rialachán an ESMA].

Cuirfidh an ESMA dréacht de na caighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2012 ar a dhéanaí.

Airteagal 56 Tráthíocaíochtaí pionósacha

1. Féadfaidh an Coimisiún, le cinneadh, ar iarratas an ESMA, tráthíocaíochtaí pionósacha a fhorchur ar aon duine atá fostaithe ag stór trádála nó ar a shon nó bainteach leis, d’fhonn iallach a chur orthu:

(a) deireadh a chur le sárú;

(b) faisnéis iomlán agus chruinn a iarrtar ar an ESMA de bhun Airteagal 61(2) a chur ar fáil;

(c) dul faoi imscrúdú agus go háirithe taifid, sonraí, nósanna imeachta nó aon ábhar eile is gá a thabhairt i bhfoirm iomlán agus aon fhaisnéis eile a thugtar in imscrúdú arna sheoladh ag an ESMA de bhun Airteagal 61(2) a chomhlánú agus a cheartú;

(c) dul faoi chigireacht ar an láthair arna ordú ag an ESMA de bhun Airteagal 61(2).

2. Beidh na tráthíocaíochtaí pionósacha dá bhforáiltear éifeachtach agus comhréireach. Forchuirfear méid na dtráthíocaíochtaí pionósacha de réir gach lá moille. Ní rachaidh sé thar 5% den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin agus déanfar é a ríomh ón dáta a shonraítear sa chinneadh.

Airteagal 57 Éisteacht na ndaoine lena mbaineann

1. Sula ndéanfar cinneadh maidir le fíneáil nó le tráthíocaíocht phionósach mar a fhoráiltear dó in Airteagail 55 agus 56, tabharfaidh an Coimisiún caoi do na daoine lena mbaineann éisteacht a fháil sna hábhair sin ar chuir an Coimisiún ina gcoinne.

Ní bhunóidh an Coimisiún a chinntí ach ar na hagóidí sin arbh fhéidir leis na páirtithe lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt ina leith.

2. Déanfar cearta cosanta na ndaoine lena mbaineann a urramú go hiomlán le linn na n-imeachtaí.

Beidh siad i dteideal fáil a bheith acu ar chomhad an Choimisiúin, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní chuimseoidh ceart rochtana ar an gcomhad faisnéis rúnda eile ná doiciméid inmheánacha an Choimisiúin.

Airteagal 58 Forálacha is coiteann d'fhíneálacha agus do thráthíocaíochtaí pionósacha

1. Déanfaidh an Coimisiún gach fíneáil agus gach tráthíocaíocht phionósach a fhorchuirtear i gcomhréir le hAirteagail 55 agus 56 a nochtadh don phobal.

2. Is de chineál riaracháin iad na fíneálacha agus na tráthíocaíochtaí pionósacha a fhorchuirtear de bhun Airteagal 55 agus Airteagal 56.

Airteagal 59 Athbhreithniú na Cúirte Breithiúnais

Beidh dlínse neamhtheoranta ag an gCúirt Bhreithiúnais athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí lenar shocraigh an Coimisiún fíneáil nó lenar fhorchuir sé tráthíocaíocht phionósach. Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais an fhíneáil nó an tráthíocaíocht phionósach a fhorchuirfear a chealú, a ísliú, nó a mhéadú.

Airteagal 60 Clárúchán a tharraingt siar

1. Déanfaidh an ESMA clárúchán stóir thrádála a tharraingt siar sna cásanna seo a leanas:

(a) má thréigeann an stór trádála an clárúchán go sainráite nó nach bhfuil seirbhísí ar bith curtha ar fáil aige i rith na sé mhí roimhe sin;

(b) má fuair an stór trádála an clárúchán trí ráitis bhréige a dhéanamh nó ar mhodhanna neamhrialta ar bith eile;

(c) mura gcomhlíonann an stór trádála na coinníollacha faoinar cláraíodh é a thuilleadh;

(d) má sháraigh an stór trádála forálacha an Rialacháin seo go tromchúiseach arís agus arís eile.

2. Más rud é go measann an t–údarás inniúil i mBallstát ina gcuireann an stór trádála a sheirbhísí ar fáil agus ina mbíonn sé i mbun a chuid gníomhaíochtaí nach bhfuil ceann de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 comhlíonta, féadfaidh sé a iarraidh ar an ESMA scrúdú a dhéanamh féachaint an bhfuil na coinníollacha maidir leis an gclárúchán a tharraingt siar comhlíonta. I gcás ina ndéanann an ESMA cinneadh gan an clárú a tharraingt siar ón stór trádála lena mbaineann, tabharfaidh sé na cúiseanna ar fad lena chinneadh.

Airteagal 61 Faireachas a dhéanamh ar stór trádála

1. Déanfaidh an ESMA monatóireacht ar chur i bhfeidhm Airteagail 64 go 67.

2. Beidh na cumhachtaí seo a leanas ag an ESMA d’fhonn na dualgais atá leagtha amach in Airteagail 51 go 60, 62 agus 63 a chomhlíonadh:

(a) rochtain a fháil ar aon doiciméad i bhfoirm ar bith agus cóip de a fháil nó a dhéanamh;

(b) faisnéis a éileamh ó dhuine ar bith agus, más gá, duine a thoghairm agus ceisteanna a chur air nó uirthi d'fhonn faisnéis a fháil;

(c) tabhairt faoi chigireachtaí ar an láthair le fógra nó dá uireasa;

(d) taifid a éileamh de thrácht teileafóin agus sonraí.

Caibidil 2Caidreamh le tríú tíortha

Airteagal 62 Comhaontuithe idirnáisiúnta

Cuirfidh an Coimisiún, nuair is iomchuí, tograí faoi bhráid na Comhairle maidir le caibidlíocht le tríú tír amháin nó níos mó faoi rochtain fhrithpháirteach ar chonarthaí díorthach thar an gcuntar atá á gcoinneáil i stóir thrádála atá bunaithe i tríú tíortha, nó faisnéis a mhalartú fúthu, i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin bainteach le cur i bhfeidhm dhualgais na n-údarás inniúil faoin Rialachán seo.

Airteagal 63 Comhionannas agus aitheantas

1. Ní fhéadfaidh stór trádála atá bunaithe i dtríú tír a sheirbhísí agus a chuid gníomhaíochtaí a sholáthar d’eintitis atá bunaithe san Aontas chun críocha Airteagal 6 ach amháin má thugann an ESMA aitheantas don stór trádála sin.

2. Tabharfaidh an ESMA aitheantas do stór trádála ó thríú tír má shásaítear na coinníollacha seo a leanas:

(a) go bhfuil an stór trádála údaraithe ag an tríú tír sin agus go bhfuil sé faoi réir faireachais éifeachtaí na tíre sin;

(b) go bhfuil Cinneadh glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 3;

(c) go bhfuil comhaontú idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 62 déanta ag an Aontas leis an tríú tír sin;

(d) gur bunaíodh socruithe comhair de bhun mhír 4 lena áirithiú go mbeidh rochtain láithreach agus leanúnach ag údaráis an Aontais ar gach faisnéis is gá.

3. Féadfaidh an Coimisiún glacadh le Cinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 69(2), lena gcinntear go n-áirithíonn socruithe dlíthiúla agus maoirseachta tríú tír go gcomhlíonann na stóir thrádála atá údaraithe sa tríú tír sin ceanglais atá ceangailteach ó thaobh dlí de agus atá cothrom leis na ceanglais atá leagtha amach sa Rialachán seo agus go bhfuil na stóir thrádála sin faoi réir maoirseachta éifeachtaí agus forfheidhmithe ar bhonn leanúnach sa tríú tír sin.

4. Bunóidh an ESMA socruithe comhair le húdaráis inniúla iomchuí na dtríú tíortha a meastar go bhfuil a gcreataí dlí agus maoirseachta coibhéiseach leis an Rialachán seo i gcomhréir le mír 3. Áiritheoidh a leithéid de shocruithe go mbeidh rochtain láithreach agus leanúnach ag údaráis an Aontais ar gach faisnéis atá riachtanach chun a ndualgais a fheidhmiú. Sonróidh na socruithe sin an méid seo a leanas, ar a laghad:

(a) an mheicníocht i gcomhair malartú faisnéise idir an ESMA agus aon údarás eile de chuid an Aontais a bhfuil freagrachtaí á bhfeidhmiú aige i gcomhréir leis an Rialachán seo agus údaráis inniúla na dtríú tíortha lena mbaineann;

(b) na nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta.

Teideal VII Ceanglais a bhaineann le stórtha trádála

Airteagal 64 Ceanglais ghinearálta

1. Beidh socruithe daingne rialachais, lena n-áirítear struchtúr soiléir eagraíochtúil a mbeidh freagrachtaí soiléire trédhearcacha ann, mar aon le meicníochtaí leordhóthanacha um rialú inmheánach, ag stór trádála, lena n-áirítear nósanna imeachta fónta riaracháin agus cuntasaíochta, lena gcuirtear cosc ar fhaisnéis atá faoi rún a nochtadh.

2. Cuirfidh stór trádála beartais leordhóthanacha agus nósanna imeachta leordhóthanacha ar bun chun go gcomhlíonfaidh sé féin agus a chuid bainisteoirí agus fostaithe forálacha uile an Rialacháin seo.

3. Coinneoidh stór trádála struchtúr eagrúcháin leordhóthanach ar bun agus feidhmeoidh sé é chun leanúnachas agus feidhmiú ordúil an stóir thrádála a áirithiú agus é ag comhlíonadh a sheirbhísí agus a ghníomhaíochtaí. Bainfidh sé leas as córais, acmhainní agus nósanna imeachta atá iomchuí agus comhréireach.

4. Beidh a ndóthain scileanna agus taithí ag lucht bainistíochta sinsearaí stóir thrádála agus ag comhaltaí an bhoird, agus an oiread sin dea-cháil orthu agus an oiread sin taithí acu lena áirithiú go ndéanfaidh siad bainistiú fónta stuama ar an stór trádála.

5. Beidh ceangalais oibiachtúla, neamh-idirdhealaitheacha ag stór trádála maidir le rochtain agus le rannpháirtíocht agus nochtfar iad sin don phobal. Ní cheadófar critéir a úsáid a chuireann srian le rochtain ach amháin sa mhéid is gurb é rialú an riosca atá ann do na sonraí atá á gcothabháil ag stór trádála an aidhm atá leo.

6. Nochtfaidh stór trádála go poiblí na praghsanna agus na táillí a bhaineann leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil. Nochtfaidh sé na praghsanna agus táillí ar sheirbhísí singile agus feidhmeanna singile a chuirtear ar fáil ar leithligh, lena n-airítear lascainí agus aisíocaíochtaí mar aon leis na coinníollacha chun tairbhe a bhaint as na laghduithe sin. Ceadóidh sé d’eintitis tuairiscithe seirbhísí sonracha a rochtain ar leithligh. Beidh na praghsanna agus na táillí a ghearrann stór trádála ag brath ar gcostas a bhaineann leo.

Airteagal 65 Iontaofacht oibriúcháin

1. Aithneoidh stór trádála na foinsí riosca oibriúcháin go léir agus déanfaidh sé iad a íoslaghdú trí chórais, rialtáin agus nósanna imeachta atá iomchuí a fhorbairt. Beidh a leithéid de chórais iontaofa agus slán agus beidh cumas leordhóthanach iontu chun an fhaisnéis go léir a fhaightear a láimhseáil.

2. Ceapfaidh stór trádála beartas leormhaith um leanúnachas gnó agus plean athshlánaithe ó thubaiste a mbeidh sé d’aidhm leo a fheidhmeanna a choinneáil slán agus a athshlánú go tráthúil agus a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh, agus cuirfidh an stór trádála iad sin i bhfeidhm agus coinneoidh sé ar bun iad. Beidh foráil sa phlean do shaoráidí cúltaca a bhunú, ar a laghad.

Airteagal 66 Cosaint agus taifeadadh

1. Áiritheoidh stór trádála rúndacht, sláine agus cosaint na faisnéise a fhaightear faoi Airteagal 6.

2. Déanfaidh stór trádála an fhaisnéis a fhaightear faoi Airteagal 6 a thaifead go tapa agus cothabhálfaidh sé é ar feadh deich mbliana ó fhoirceannadh na gconarthaí bainteacha. Bainfidh sé leas as nósanna imeachta atá tráthúil agus éifeachtúil chun athruithe a dhéantar ar fhaisnéis a taifeadadh agus a doiciméadú.

3. Déanfaidh stór trádála suíomhanna a áireamh de réir aicme díorthach agus de réir eintiteas tuairiscithe bunaithe ar shonraí na gconarthaí díorthach a tuairiscíodh i gcomhréir le hAirteagal 6.

4. Ceadóidh stór trádála do na páirtithe i gconradh faisnéis faoin gconradh sin a rochtain agus a cheartú tráth ar bith.

5. Déanfaidh stór trádála gach beart réasúnta le cosc a chur le mí-úsáid faisnéise atá á coimeád ina córais agus cuirfidh sé cosc le húsáid na faisnéise sin a choimeádtar i gcomhair gníomhaíochtaí eile gnó.

Ní úsáidfear faisnéis rúnda arna taifeadadh i stór trádála amháin chun críocha tráchtála ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil caidreamh máthairchuideachta nó fochuideachta aige nó aici leis an stór trádála.

Airteagal 67 Trédhearcacht agus infhaighteacht sonraí

1. Foilseoidh stór trádála faisnéis faoi shuíomhanna comhiomlána de réir aicme na ndíorthach ar na conarthaí a thuairiscítear dó.

2. Cuirfidh stór trádála an fhaisnéis riachtanach ar fáil do na heintitis seo a leanas:

(a) ESMA;

(b) na húdaráis inniúla a dhéanann maoirsiú ar ghnóthais atá faoi réir oibleagáid tuairiscithe Airteagal 6;

(c) na húdaráis inniúla a dhéanann maoirsiú ar chontrapháirtithe lárnacha a fhaigheann rochtain ar an stór trádála;

(d) bainc cheannais ábhartha an CEBC.

3. Roinnfidh an ESMA le húdaráis iomchuí eile an fhaisnéis sin atá riachtanach maidir le feidhmiú a gcuid dualgas.

4. Tarmligtear cumhachtaí chuig an gCoimisiún chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh ina leagtar síos mionsonraí maidir leis an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.

Glacfar na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcomhréir le hAirteagail [7 go 7d] de Rialachán …/… [Rialachán an ESMA].

Cuirfidh an ESMA dréacht de na caighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2012 ar a dhéanaí.

Teideal VIII Forálacha idirthréimhseacha agus críochnaitheacha

Airteagal 68 Tuarascálacha agus Athbhreithniú

1. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na socruithe institiúideacha agus maoirseachta faoi Teideal III agus go mór mór faoi ról agus faoi fhreagrachtaí an ESMA agus tabharfaidh sé tuarascáil fúthu faoin 31 Nollaig 2013 ar a dhéanaí. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar aon le haon tograí iomchuí.

Faoin dáta céanna, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar thábhacht shistéamach idirbhearta na ngnólachtaí neamhairgeadais i ndíorthaigh thar an gcuntar i gcomhar leis an ESMA agus na húdaráis earnála iomchuí.

2. Cuirfidh an ESMA tuarascálacha faoi bhráid an Choimisiún ar chur i bhfeidhm an dualgais imréitithe faoi Theideal II agus ar chuimsiú idirbhearta eile maidir le haicmí ionstraimí airgeadais seachas urrúis inaistrithe agus ionstraimí margaidh airgid faoi raon feidhme na socruithe comh-inoibritheachta faoi Theideal V.

Cuirfear na tuarascálacha sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2014 ar a dhéanaí.

3. Oibreoidh an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit agus leis an ESMA, agus tar éis measúnú a iarraidh ar an CEBC, dréachtóidh sé tuarascáil bhliantúil ina mbeidh measúnú ar aon riosca sistéamach a d’fhéadfadh a bheith ann de thoradh socruithe comh-inoibritheachta agus na himpleachtaí ó thaobh costais de a d’fhéadfadh a bheith i gceist.

Díreofar sa tuarascáil ar a laghad ar líon agus ar chastacht a leithéid de shocruithe agus ar leordhóthanacht na gcóras agus na samhlacha bainistithe riosca. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar aon le haon tograí iomchuí.

Cuirfidh an CEBC measúnú ar fáil don Choimisiún faoi aon riosca sistéamach a d’fhéadfadh a bheith ann de thoradh socruithe comh-inoibritheachta agus na himpleachtaí ó thaobh costais de a d’fhéadfadh a bheith i gceist.

Airteagal 69 Nós imeachta coiste

1. Gheobhaidh an Coimisiún cúnamh ón gCoiste Eorpach um Urrúis a bunaíodh le Cinneadh 2001/528/CE ón gCoimisiún[37].

2 I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

3. Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

Airteagal 70 Leasú ar Threoir 98/26/CE

In Airteagal 9(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

“I gcás inar chuir oibreoir córais urrús comhthaobhach ar fáil d’oibreoir córais eile maidir le córas comh-inoibritheach, ní bheidh tionchar ag imeachtaí dócmhainneachta in aghaidh an oibreoir córais is faighteoir ar chearta an oibreora córais a sholáthraíonn an t-urrús comhthaobhach."

Airteagal 71 Forálacha idirthréimhseacha

1. I gcás contrapháirtí lárnach a údaraíodh sa Bhallstát inar bunaíodh é chun seirbhísí a chur ar fáil roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, iarrfaidh sé údarú chun críocha an Rialacháin seo faoin [ dhá bhliain i ndiaidh a theacht i bhfeidhm ] ar a dhéanaí.

2. I gcás conarthaí díorthach a tugadh i gcrích roimh dháta curtha i bhfeidhm an rialacháin seo maidir le clárú stóir thrádála i gcomhair an chineál sin conartha tuairisceofar iad chuig an stór trádála sin laistigh de 120 lá ó dáta cláraithe an stóir thrádála sin leis an ESMA.

Airteagal 72 Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh ag [...],

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

[1] COIM(2009) 114.http://eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=COM:2009:0114:FIN:EN:PDF.

[2] Ensuring efficient, safe and sound derivatives markets (Margaí díorthach éifeachtacha, sábháilte agus iontaofa a áirithiú), COIM(2009)332. Tá fáil ar an doiciméad ar http://eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=COM:2009:0332:FIN:EN:PDF.

[3] Tá Doiciméad Inmheánach Oibre leis an Teachtaireacht seo ina bhfuil forbhreathnú ar (i) mhargaí na ndíorthach agus ar (ii) dheighleoga mhargadh na ndíorthach thar an gcuntar, mar aon le measúnú ar éifeachtacht na mbeart reatha le rioscaí a laghdú, go háirithe maidir le CDS. Tá fáil ar an doiciméad ar http://ec.europa.eu/internal_market/docs/derivatives/report_en.pdf.

[4] Ensuring efficient, safe and sound derivatives markets: Future policy actions (Margaí díorthach éifeachtúla, sábháilte agus iontaofa a áirithiú: Gníomhaíochtaí beartais sa todhchaí), COIM(2009)563. Le fáil ar http://eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=COM:2009:0563:FIN:EN:PDF.

[5] http://www.g20.org/Documents/pittsburgh_summit_leaders_statement_250909.pdf

[6] Is féidir an litir ghealltanais agus liosta sínitheoirí na litreach a fháil ar shuíomh gréasáin DG MARKT ar http://ec.europa.eu/internal_market/financial-markets/derivatives/index_en.htm#cds.

[7] Faoi seach, an Banc Ceannais Eorpach, Coiste na Rialtóirí um Urrúis Eorpacha, Coiste Eorpach na Maoirseoirí Baincéireachta, agus an Coiste Maoirseoirí Árachais agus Pinsin Ghairme Eorpacha.

[8] Faoi seach, l’Autorité des marchés financiers, Bundesanstalt für Finanzdienstleistungsaufsicht agus Financial Services Authority.

[9] Faoi seach, an Coiste ar Chórais Íocaíochta agus Socraíochta agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús.

[10] Faoi seach, Commodity Futures Trading Commission agus Securities and Exchange Commission.

[11] http://ec.europa.eu/internal_market/consultations/2009/derivatives_en.htm.

[12] http://circa.europa.eu/Public/irc/markt/markt_consultations/library?l=/financial_services/derivatives_ derivatives&vm=detailed&sb=Title.

[13] http://ec.europa.eu/internal_market/consultations/docs/2009/derivatives/summaryderivcons_en.pdf.

[14] Tá taifeadtaí agus doiciméid ón gcomhdháil le fáil ar shuíomh gréasáin DG MARKT ar http://ec.europa.eu/internal_market/financial-markets/derivatives/index_en.htm#conference.

[15] Tá na freagraí nach bhfuil faoi rún le fáil ar:http://circa.europa.eu/Public/irc/markt/markt_consultations/library?l=/financial_services/infrastructures&vm=detailed&sb=Title.

[16] Tá tuarascáil an mheasúnaithe iarmharta le fáil ar http://ec.europa.eu/internal_market/financial-markets/index_en.htm.

[17] IO C , , lch. .

[18] Driving European Recovery (Téarnamh na hEorpa a Chur Chun Cinn) - COIM(2009) 114.

[19] Ensuring efficient, safe and sound derivatives markets (Margaí díorthach éifeachtacha, sábháilte agus iontaofa a áirithiú), COIM(2009)332.

[20] Ensuring efficient, safe and sound derivatives markets: Future policy actions (Margaí díorthach éifeachtúla, sábháilte agus iontaofa a áirithiú: Gníomhaíochtaí beartais sa todhchaí), COIM(2009)563.

[21] IO L 145, 30.4.2004, lch. 1.

[22] IO L 177, 30.6.2006, lch. 1.

[23] IO L 345, 19.12.2002, lch. 1.

[24] IO L 302, 17.11.2009, lch. 32.

[25] IO L 235, 23.9.2003, lch. 10.

[26] IO L 177, 30.6.2006, lch. 1.

[27] IO L 166, 11.6.1998, lch. 45.

[28] http://ec.europa.eu/internal_market/financial-markets/docs/code/code_en.pdf

[29] IO L 281, 23..1.1995, lch. 31.

[30] Coiste ar Chórais Íocaíochta agus Socraíochta (CPSS) na mbanc ceannais den Ghrúpa Deich dTír agus Coiste Teicniúil na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús.

[31] Córas Eorpach na mBanc Ceannais agus Coiste na Rialtóirí um Urrúis Eorpacha.

[32] IO L 390, 31.12.2004, lch. 38.

[33] IO L 193, 18.7.1983, lch. 1.

[34] IO L 372, 31.12.1986, lch. 1.

[35] IO L 222, 14.8.1978, lch. 11.

[36] IO L 309, 25.11.2005, lch. 15.

[37] IO L 191, 13.7.2001, lch.45.