52008PC0071




[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

An Bhruiséil, 11.2.2008

COIM(2008) 71 críochnaitheach

2008/0032 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena n-oiriúnaítear ionstraimí áirithe, atá faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh, do Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, mar atá arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE, maidir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú Oiriúnú don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú Cuid a ceathair

(arna thíolacadh ag an gCoimisiún)

CLÁR NA nÁBHAR

IARSCRÍBHINN 8

1. Fiontraíocht 8

1.1. Treoir 97/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1997 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann leis na bearta i gcoinne astú truailleán gásach agus cáithníneach ó innill dócháin inmheánaigh atá le suiteáil in innealra soghluaiste neamhbhóthair 8

1.2. Treoir 98/79/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 1998 maidir le feistí liachta diagnóiseacha in vitro 10

1.3. Treoir 1999/5/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 1999 maidir le Trealamh Raidió agus Trealamh Teirminéil Teileachumarsáide agus le hAitheantas Frithpháirteach a gComhréireachta 12

1.4. Rialachán (CE) Uimh. 141/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1999 maidir le Táirgí Íocshláinte Dílleachta 14

1.5. Treoir 2001/20/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Aibreán 2001 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát maidir le dea-chleachtas cliniciúil a chur chun feidhme i stiúradh trialacha cliniciúla ar tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine 15

1.6. Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gCód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta 16

1.7. Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hinnealra, agus lena leasaítear Treoir 95/16/CE (athmhúnlú) 19

2. An Comhshaol 20

2.1. Treoir 96/59/CE ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 1996 maidir le diúscairt défheinilí polaclóirínithe agus trífheinilí polaclóirínithe 20

2.2. Treoir 98/83/CE ón gComhairle an 3 Samhain 1998 maidir le cáilíocht an uisce a bheartaítear lena ól ag an duine 21

2.3. Rialachán (CE) Uimh. 2037/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin 23

2.4. Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le Clár Eorpach ar Scaoileadh amach agus Aistriú Truailleán a bhunú agus lena leasaítear Treoracha 91/689/CEE agus 96/61/CE ón gComhairle 26

2.5. Treoir 2006/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2006 maidir le cáilíocht uisce snámha a bhainistiú agus lena n-aisghairtear Treoir 76/160/CEE 27

2.6. Treoir 2006/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le dramhaíl ó na tionscail eastóscacha a bhainistiú agus lena leasaítear Treoir 2004/35/CE 29

3. Eurostat 30

3.1. Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 1995 maidir le hinnéacsanna comhchuibhithe praghsanna tomhaltóirí 30

3.2. Rialachán (CE) Uimh. 577/98 ón gComhairle an 9 Márta 1998 maidir le suirbhé samplach ar an bhfórsa saothair a eagrú sa Chomhphobal 32

3.3. Rialachán (CE) Uimh. 1165/98 ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le Staidreamh Gearrthréimhseach 34

3.4. Rialachán (CE) Uimh. 530/1999 ón gComhairle an 9 Márta 1999 maidir le staidreamh struchtúrach ar thuilleamh agus ar chostais saothair 42

3.5. Rialachán (CE) Uimh. 450/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2003 maidir le hinnéacs na gcostas saothair 43

3.6. Rialachán (CE) Uimh. 1552/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le staidreamh i ndáil le gairmoiliúint i ngnóthais 46

4. An Margadh inmheánach 48

4.1. Rialachán (CE) Uimh. 2195/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Samhain 2002 maidir le stór focal comhchoiteann um sholáthar (CPV) 48

4.2. Treoir 2004/17/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena gcomhordaítear na nósanna imeachta um sholáthar de chuid eintiteas a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist 50

4.3. Treoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí oibreacha poiblí, conarthaí soláthair phoiblí agus conarthaí seirbhíse poiblí a chomhordú 52

5. Sláinte agus Cosaint Tomhaltóirí 55

5.1. Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le hábhar salaithe i mbia 55

5.2. Treoir 93/74/CEE ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 1993 maidir le hábhair bheatha chun críocha áirithe cothaitheacha 56

5.3. Treoir 96/23/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1996 maidir le bearta chun monatóireacht a dhéanamh ar shubstaintí áirithe agus ar a n-iarmhair in ainmhithe beo agus i dtáirgí agus lena n-aisghairtear Treoracha 85/358/CEE agus 86/469/CEE agus Cinntí 89/187/CEE agus 91/664/CEE 58

5.4. Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 1997 maidir le bianna núíosacha agus comhábhair núíosacha bia 61

5.5. Cinneadh Uimh. 2119/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear gréasán chun faireachas eipidéimeolaíoch agus rialú a dhéanamh ar ghalair thógálacha sa Chomhphobal 62

5.6. Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Márta 2000 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hearraí bia a lipéadú, a thíolacadh agus a fhógairt 64

5.7. Treoir 2001/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2001 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le táirgí tobac a mhonarú, a thíolacadh agus a dhíol 67

5.8. Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí 69

5.9. Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar amach nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia 70

5.10. Rialachán (EC) Uimh. 1774/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Deireadh Fómhair 2002 lena leagtar síos rialacha sláinte a bhaineann le seachtháirgí ainmhíocha nach bhfuil beartaithe mar bhia don duine 72

5.11. Treoir 2002/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 2003 lena leagtar síos caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta do bhailiú, do thástáil, do phróiseáil, do stóráil agus do dháileadh fhuil agus chomhábhair fola an duine agus lena leasaítear Treoir 2001/83/CE 81

5.12. Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe 83

5.13. Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Samhain 2003 maidir le blastáin deataigh a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid i mbianna nó ar bhianna 85

5.14. Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le salmonella agus le hoibreáin zónóiseacha bhia-iompartha a rialú 85

5.15. Treoir 2004/23/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 i dtaobh caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta a leagan síos do dheonú, soláthar, tástáil, próiseáil, caomhnú, stóráil agus dáileadh fíochán agus ceall daonna 88

5.16. Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh dlí beatha agus bia, rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe a áirithiú 91

5.17. Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus nithe a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia agus lena n-aisghairtear Treoracha 80/590/CEE agus 89/109/CEE 93

6. Fuinneamh agus Iompar 96

6.1. Treoir 96/98/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 1996 maidir le trealamh muirí 96

6.2. Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Samhain 2002 lena mbunaítear Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a chosc (COSS) agus lena leasaítear na Rialacháin maidir le Sábháilteacht Mhuirí agus Truailliú ó Longa a chosc 98

6.3. Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2003 maidir le Tuairisciú ar Tharluithe in Eitlíocht Shibhialta 99

6.4. Treoir 2004/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le Sábháilteacht Aerárthaí Tríú Tíortha a úsáideann Aerfoirt an Chomhphobail 100

6.5. Rialachán (CE) Uimh. 868/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le cosaint ar fhóirdheonú agus ar chleachtais éagóracha praghsála a dhéanann díobháil d'aeriompróirí Comhphobail agus iad ag soláthar aersheirbhísí ó thíortha nach comhaltaí den Chomhphobal Eorpach 102

6.6. Treoir 2004/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceanglais íosta sábháilteachta le haghaidh tollán sa Líonra Bóithre Tras-Eorpach 103

6.7. Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2005 maidir le liosta Comhphobail d’aeriompróirí a tharraingt suas a mbeidh cosc orthu oibríochtaí a sholáthar laistigh den Chomhphobal agus maidir le paisinéirí aeriompair a chur ar an eolas faoi chéannacht an aeriompróra oibríochta agus lena n-aisghairtear Airteagal 9 de Threoir 2004/36/CE 104

2008/0032 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena n-oiriúnaítear ionstraimí áirithe, atá faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh, do Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, mar atá arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE, maidir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú Oiriúnú don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú Cuid a ceathair

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 47(2), 55, 71(1), 80(2), 95, 152(4)(a) agus (b), 175(1) agus 285(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún[1],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[2],

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach[3],

Tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh[4],

De bharr an méid seo a leanas:

1. Leasaítear Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[5] le Cinneadh 2006/512/CE, lena dtugtar isteach nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú maidir le bearta a bhfuil raon feidhme ginearálta acu agus a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha d’ionstraim bhunúsach a leasú, ar ionstraim í a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh, inter alia , trí chuid de na heilimintí sin a scriosadh nó tríd an ionstraim a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi.

2. I gcomhréir leis an Dearbhú Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún[6] maidir le Cinneadh 2006/512/CE, chun go mbeidh an nós imeachta nua seo infheidhme maidir le hionstraimí a ghlacfar de réir an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 251 den Chonradh agus atá i bhfeidhm cheana féin, ní mór na hionstraimí sin a oiriúnú i gcomhréir leis na nósanna imeachta is infheidhme.

3. Is leis na nósanna imeachta coiste amháin a bhaineann na leasuithe is cóir a dhéanamh chuige sin ar na hionstraimí agus ní gá go ndéanfaidh na Ballstáit trasuí i gcás treoracha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Oiriúnaítear leis seo na hionstraimí atá liostaithe san Iarscríbhinn, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn sin, do Chinneadh 1999/468/CE, mar atá arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE.

Airteagal 2

Glacfar le tagairtí d'fhorálacha na n-ionstraimí atá liostaithe san Iarscríbhinn mar thagairtí do na forálacha sin mar atá arna leasú leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

FIONTRAÍOCHT

Treoir 97/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1997 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann leis na bearta i gcoinne astú truailleán gásach agus cáithníneach ó innill dócháin inmheánaigh atá le suiteáil in innealra soghluaiste neamhbhóthair[7]

Maidir le Treoir 97/68/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na coinníollacha a leagan síos faoinar gá leasuithe riachtanacha a ghlacadh, i bhfianaise oiriúnaithe d'ascnamh teicniúil. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir sin a leasú, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 97/68/CE mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deireanaí in Airteagal 4(2):

"Leasóidh an Coimisiún Iarscríbhinn VIII. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 15(2)."

(2) Cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 4 d'Airteagal 7a:

Oiriúnóidh an Coimisiún Iarscríbhinn VII chun an fhaisnéis bhreise agus shonrach a fhéadfar a éileamh maidir leis an deimhniú cineál-cheadaithe le haghaidh inneall a shuiteálfar i soithí uiscebhealaigh intíre a chomhtháthú. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 15(2)."

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

"Airteagal 14

Glacfaidh an Coimisiún aon leasuithe is gá chun na hIarscríbhinní a oiriúnú d'ascnamh teicniúil, cé is moite de na ceanglais a shonraítear i Roinn 1, Ranna 2.1 go 2.8 agus Roinn 4 d'Iarscríbhinn I.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 15(2)."

(4) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14a:

"Airteagal 14a

Déanfaidh an Coimisiún staidéar ar dheacrachtaí teicniúla féideartha i dtaca le ceanglais chéim II a chomhlíonadh maidir le húsáidí áirithe na n-inneall, go háirithe innealra soghluaiste a bhfuil innill d'aicmí SH:2 agus SH:3 suiteáilte iontu. Más é toradh staidéar an Choimisiúin nach féidir le hinnealra soghluaiste áirithe, ar chúiseanna teicniúla, go háirithe innill úsáide proifisiúnta, innill ilsuímh agus innill láimhe, na spriocdhátaí seo a chomhlíonadh, cuirfidh an Coimisiún isteach, faoin 31 Nollaig 2003, tuarascáil agus na tograí iomchuí in éineacht léi, le haghaidh síntí ar na tréimhsí dá dtagraítear in Airteagal 9a(7) agus/nó tuilleadh maoluithe, nach mó ná cúig bliana, ach amháin in imthosca eisceachtúla, le haghaidh a leithéid d'innealra.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 15(2)."

(5) Leasaítear Airteagal 15 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

(b) scriostar mír 3.

(6) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deireanaí de phointe 4.1.2.7 d'Iarscríbhinn I:

"Sainmhíneoidh an Coimisiún an limistéar faoi rialú a bheidh infheidhme maidir leis an gcéatadán nach féidir a shárú agus na coinníollacha oibriúcháin atá eisiata don inneall. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 15(2)."

(7) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na míre deireanaí de phointe 1.3.2 d'Iarscríbhinn III:

"Roimh an t-ord tástála ilchodach idir dúiseacht fhuar/the a thabhairt isteach, leasóidh an Coimisiún na siombailí (Iarscríbhinn I, Roinn 2.18), an t-ord tástála (Iarscríbhinn III) agus na cothromóidí ríomhaireachta (Iarscríbhinn III, Foscríbhinn III). Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 15(2)."

Treoir 98/79/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 1998 maidir le feistí liachta diagnóiseacha in vitro[8]

Maidir le Treoir 98/79/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún sonraíochtaí teicniúla comhchoiteanna a ghlacadh chun critéir meastóireachta agus athmheastóireachta feidhmíochta iomchuí, critéir scaoilte baisce agus modhanna tagartha agus ábhair tagartha a bhunú, agus bearta monatóireachta sláinte áirithe a ghlacadh, agus Iarscríbhinn II a leasú. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 98/79/CE a leasú nó a fhorlíonadh, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Nuair nach féidir, ar mhórchúiseanna práinne, cloí leis na gnáth-theorainneacha ama don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá bhforáiltear in Airteagal 5a (6) de Chinneadh 1999/468/CE chun toirmisc, srianta nó ceanglais áirithe a ghlacadh maidir le táirgí áirithe.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 98/79/CE mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír d'Airteagal 5(3):

"Leagfaidh an Coimisiún síos na sonraíochtaí teicniúla comhchoiteanna a fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 7(3)."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

"Airteagal 7

1. Beidh an Coiste arna bhunú le hAirteagal 6(2) de Threoir 90/385/CEE (dá dtagraítear “an Coiste” anseo feasta) de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse atá leagtha síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

4. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de."

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10(5):

“5. Glacfaidh na Ballstáit na bearta go léir is gá chun a áirithiú go gclárófar na fógraí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 láithreach sa bhunachar sonraí a thuairiscítear in Airteagal 12.

Glacfar na nósanna imeachta maidir leis an Airteagal seo a chur chun feidhme agus go háirithe na nósanna imeachta sin a thagraíonn don fhógra agus do choincheap an athraithe shuntasaigh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2)"

(4) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11(5):

“5. Arna iarraidh sin, cuirfidh an Ballstát na Ballstáit eile ar an eolas faoi na sonraí dá dtagraítear i míreanna 1 go 4. Glacfar na nósanna imeachta maidir leis an Airteagal seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2)."

(5) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12(3):

“3. Glacfar na nósanna imeachta maidir leis an Airteagal seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2)."

(6) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

"Airteagal 13

I gcás go bhfuil Ballstát den tuairim, i ndáil le táirge áirithe nó grúpa táirgí áirithe, gur chóir toirmeasc nó srian a chur le hinfhaighteacht na dtáirgí sin nó iad a chur faoi réir ceanglas áirithe, chun cosaint sláinte agus sábháilteachta a áirithiú agus/nó chun comhlíonadh ceanglas maidir le sláinte phoiblí de bhun Airteagal 36 den Chonradh a áirithiú, féadfaidh sé aon bhearta idirthréimhseacha a bhfuil gá agus bunús leo a ghlacadh. Cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile go léir ar an eolas ansin, ag tabhairt na gcúiseanna lena chinneadh. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara agus leis na Ballstáit agus, aon áit a bhfuil údar leis na bearta náisiúnta, glacfaidh sé na bearta Comhphobail is gá.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 7(3). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 7(4)."

(7) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14(1):

“1. I gcás go bhfuil Ballstát den tuairim gur gá ceann de na gníomhartha seo a leanas, cuirfidh sé iarraidh chuí-réasúnaithe isteach chuig an gCoimisiún agus iarrfaidh sé air na bearta is gá a ghlacadh:

(a) gur chóir liosta na bhfeistí in Iarscríbhinn II a leasú nó a shíneadh;

(b) gur chóir comhréireacht feiste nó catagóire feistí a bhunú, de mhaolú ó fhorálacha Airteagal 9, trí nós imeachta ar leith amháin nó níos mó as measc na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 9 a chur i bhfeidhm.

Glacfar na bearta dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 7(3).

Glacfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7(2), na bearta dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo."

Treoir 1999/5/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 1999 maidir le Trealamh Raidió agus Trealamh Teirminéil Teileachumarsáide agus le hAitheantas Frithpháirteach a gComhréireachta[9]

Maidir le Treoir 1999/5/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún Cinneadh a ghlacadh lena sonrófar, i gcás gaireas laistigh d'aicmí áirithe trealaimh nó gaireas de chineálacha áirithe, cibé de na ceanglais bhreise a mbeidh feidhm acu, an dáta a dtiocfaidh siad i bhfeidhm a chinneadh, lena n-áirítear, nuair is iomchuí, idirthréimhse maidir le ceanglais fhíor-riachtanacha bhreise le haghaidh aicmí sonracha trealaimh nó le haghaidh gaireas de chineálacha áirithe, agus Cinneadh a dhéanamh maidir le foirm an aitheantóra aicme trealaimh atá le greamú de chineálacha áirithe trealaimh raidió. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir sin a leasú, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 1999/5/CE mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(3):

“3. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go dtógfar gaireas laistigh d'aicmí áirithe trealaimh nó gaireas de chineálacha áirithe sa chaoi is:

(a) go n-oibreoidh sé trí ghréasáin in éineacht le gairis eile agus gur féidir é a nascadh le comhéadain den chineál iomchuí ar fud an Chomhphobail; agus/nó

(b) nach ndéanfaidh sé díobháil don ghréasán ná a oibriú agus nach mbainfidh sé mí-úsáid as acmhainní gréasáin ar bhealach a dhéanfadh dochar neamh-inghlactha don tseirbhís; agus/nó

(c) go n-ionchorpróidh sé cosaintí chun a áirithiú go gcosnaítear sonraí pearsanta agus príobháideacht an úsáideora agus an tsíntiúsóra; agus/nó

(d) go dtacóidh sé le gnéithe áirithe a áirithíonn go seachnaítear calaois; agus/nó

(e) go dtacóidh sé le gnéithe áirithe a áirithíonn rochtain ar sheirbhísí éigeandála; agus/nó

(f) go dtacóidh sé le gnéithe áirithe chun a úsáid a éascú d'úsáideoirí le míchumas.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 15."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6(2):

“2. Agus Cinneadh á dhéanamh maidir le ceanglais fhíor-riachtanacha faoi Airteagal 3(3) a chur i bhfeidhm, socróidh an Coimisiún an dáta a chuirfear na ceanglais i bhfeidhm.

Más rud é go gcinnfear gur gá d'aicme trealaimh ceanglais fhíor-riachtanacha áirithe a chomhlíonadh faoi Airteagal 3(3), féadfar leanúint d'aon ghaireas as an aicme trealaimh i dtrácht, a cuireadh ar an margadh den chéad uair roimh an dáta ar a gcuirfear Cinneadh an Choimisiúin i bhfeidhm, a chur ar an margadh ar feadh tréimhse réasúnaí.

Glacfar na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 15."

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

"Airteagal 15

N ós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú

I gcás go dtagrófar don Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

(4) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 5 d’Iarscríbhinn VII:

“5. Ní foláir go mbeidh an t-aitheantóir aicme trealaimh i bhfoirm a chinnfidh an Coimisiún.

Beidh na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 15."

Rialachán (CE) Uimh. 141/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1999 maidir le Táirgí Íocshláinte Dílleachta[10]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 141/2000, ba chóir go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún sainmhínithe ar 'táirge íocshláinte dá shamhail' agus ar 'barr cliniciúil' a ghlacadh. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag an mbeart seo agus gur ceapadh é chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, nó chun a eilimintí a fhorlíonadh, ní foláir é a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 141/2000 mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(2):

“2. Glacfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 10a(2), na forálacha is gá chun an chéad mhír den Airteagal seo a chur chun feidhme i bhfoirm Rialacháin cur chun feidhme."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(8):

“8. Déanfaidh an Ghníomhaireacht tuairim chríochnaitheach an Choiste a chur ar aghaidh láithreach chuig an gCoimisiún, a ghlacfaidh Cinneadh laistigh de 30 lá ón tuairim a fháil. Nuair a tharlaíonn, i gcásanna eisceachtúla, nach bhfuil an dréachtchinneadh i gcomhréir le tuairim an Choiste, glacfar an Cinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 10a(2). Tabharfar fógra don urraitheoir maidir leis an gCinneadh agus cuirfear in iúl é don Ghníomhaireacht agus d'údaráis inniúla na mBallstát."

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8(4):

“4. Glacfaidh an Coimisiún sainmhínithe ar 'táirge íocshláinte dá shamhail' agus ar 'barr cliniciúil' i bhfoirm Rialacháin cur chun feidhme.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 10a(3)."

(4) Cuirtear isteach an tAirteagal 10a seo a leanas:

"Airteagal 10a

1. Beidh an Buanchoiste um Tháirgí Íocshláinte lena n-úsáid ag an Duine de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

Treoir 2001/20/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Aibreán 2001 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát maidir le dea-chleachtas cliniciúil a chur chun feidhme i stiúradh trialacha cliniciúla ar tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine[11]

Maidir le Treoir 2001/20/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, ceanglais shonracha a leagan síos agus forálacha áirithe a oiriúnú. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir sin a leasú, agus í a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Leasaítear Treoir 2001/20/CE mar a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13(1):

“1. Glacfaidh na Ballstáit gach beart iomchuí chun a áirithiú go mbeidh monarú nó allmhairiú táirgí íocshláinte imscrúdaitheacha faoi réir seilbh údaraithe.

Leagfaidh an Coimisiún síos na ceanglais go léir nach foláir don iarratasóir agus, ina dhiaidh sin, do shealbhóir an údaraithe a chomhlíonadh chun an t-údarú a fháil.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 21(3)."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20:

"Airteagal 20

Oiriúnóidh an Coimisiún an Treoir seo chun ascnamh eolaíoch agus teicniúil a chur san áireamh.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 21(3)."

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21:

"Airteagal 21

1. Beidh an Buanchoiste um Tháirgí Íocshláinte lena n-úsáid ag an Duine, dá dtagraítear in Airteagal 121(1) de Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(*), de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

_____________________________________

(*) IO L 311, 28.11.2001, lch. 67."

Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gCód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta[12]

Maidir le Treoir 2001/82/CEE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, forálacha agus Iarscríbhinní áirithe a oiriúnú agus coinníollacha sonracha a chur i bhfeidhm. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir sin a leasú agus/nó a forlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2001/82/CE mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10(3):

“3. De mhaolú ar Airteagal 11, bunóidh an Coimisiún liosta substaintí atá fíor-riachtanach i gcóireáil Equidae agus a mbeidh tréimhse aistarraingthe nach lú ná sé mhí i bhfeidhm dóibh i gcomhréir leis na meicníochtaí rialaithe atá leagtha síos i gCinneadh 93/623/CEE agus i gCinneadh 2000/68/CE.

Glacfar an beart seo, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 89(2a)."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír d'Airteagal 11(2):

"Féadfaidh an Coimisiún, áfach, na tréimhsí aistarraingthe sonracha seo a leasú. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 89(2a)."

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ceathrú fomhír d'Airteagal 13(1):

"Fadófar, áfach, an tréimhse deich mbliana dá bhforáiltear sa dara fomhír go 13 bliana i gcás táirgí íocshláinte tréidliachta le haghaidh iasc nó beach nó speiceas eile arna n-ainmniú ag an gCoimisiún.

Glacfar an beart sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 89(2a)."

(4) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír d'Airteagal 17(1):

"Más léir go bhfuil sé dlisteanaithe ag fianaise eolaíoch nua, féadfaidh an Coimisiún pointí (b) agus (c) den chéad fhomhír a oiriúnú. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 89(2a)."

(5) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír d'Airteagal 39(1):

"Glacfaidh an Coimisiún na socruithe seo i bhfoirm Rialacháin cur chun feidhme. Glacfar an Rialachán sin, beart a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 89(2a)."

(6) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 50a(2):

“2. Glacfaidh an Coimisiún aon leasuithe is gá chun forálacha mhír 1 a oiriúnú d'fhonn ascnamh eolaíoch agus teicniúil a chur san áireamh.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 89(2a)."

(7) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre d'Airteagal 51:

"Glacfaidh an Coimisiún na prionsabail agus na treoirlínte den dea-chleachtas monaróireachta le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta dá dtagraítear in Airteagal 50(f) i bhfoirm Treorach a bheidh dírithe ar na Ballstáit. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 89(2a)."

(8) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (aa) d'Airteagal 67:

“(aa) táirgí íocshláinte tréidliachta le haghaidh bia-ainmhithe.

Féadfaidh na Ballstáit, áfach, díolúintí a dheonú ón gceanglas seo i gcomhréir leis na critéir atá leagtha síos ag an gCoimisiún. Glacfar na critéir sin, beart a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 89(2a).

Féadfaidh na Ballstáit leanúint d'fhorálacha náisiúnta a chur i bhfeidhm go dtí:

(i) an dáta a chuirfear an Cinneadh arna ghlacadh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír i bhfeidhm; nó

(ii) an 1 Eanáir 2007, sa chás nár glacadh a leithéid de chinneadh faoi cheann an 31 Nollaig 2006;"

(9) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 68(3):

“3. Féadfaidh an Coimisiún aon leasuithe ar an liosta substaintí dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 89(2a)."

(10) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 75(6):

“6. Féadfaidh an Coimisiún mír 5 a leasú i bhfianaise na taithí a fuarthas óna oibriú.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 89(2a)."

(11) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 79:

"Airteagal 79

Glacfaidh an Coimisiún aon leasuithe is gá chun Airteagail 72 go 78 a thabhairt suas chun dáta d'fhonn ascnamh eolaíoch agus teicniúil a chur san áireamh.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 89(2a)."

(12) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 88:

"Airteagal 88

Glacfaidh an Coimisiún aon athruithe is gá chun Iarscríbhinn I a oiriúnú chun ascnamh teicniúil a chur san áireamh.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 89(2a)."

(13) Leasaítear Airteagal 89 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an mhír 2a seo a leanas isteach:

“2a. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4. Foilseofar rialacha nós imeachta an Bhuanchoiste."

Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hinnealra, agus lena leasaítear Treoir 95/16/CE (athmhúnlú)[13]

Maidir le Treoir 2006/42/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún coinníollacha a leagan síos chun liosta táscach na gcomhpháirteanna sábháilteachta a thabhairt suas chun dáta agus do na bearta maidir le srianta ar innealra a d'fhéadfadh bheith contúirteach a chur ar an margadh. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir sin a leasú, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2006/42/CE mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8(1):

“1. Féadfaidh an Coimisiún aon bheart iomchuí a ghlacadh i ndáil leis an méid a leanas:

(a) liosta táscach na gcomhpháirteanna sábháilteachta in Iarscríbhinn V dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 2 a thabhairt suas chun dáta;

(b) an tsrian ar innealra dá dtagraítear in Airteagal 9 a chur ar an margadh.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 22(3)."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9(3):

“3. Sna cásanna a dtagraítear dóibh i mír 1, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara eile ag cur in iúl na mbeart a bhfuil sé ar intinn aige a ghlacadh, d'fhonn leibhéal ard cosanta do shláinte agus do shábháilteacht an duine a áirithiú ar leibhéal an Chomhphobail.

Agus aird chuí á tabhairt ar thorthaí an chomhairliúcháin seo, glacfaidh sé na bearta is gá.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 22(3)."

(3) Leasaítear Airteagal 22 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

(b) Scriostar mír 4.

AN COMHSHAOL

Treoir 96/59/CE ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 1996 maidir le diúscairt défheinilí polaclóirínithe agus trífheinilí polaclóirínithe[14]

Maidir le Treoir 96/59/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na modhanna tagartha tomhais a shocrú chun an t-inneachar PCB atá in ábhair éillithe a chinneadh agus na caighdeáin theicniúla i gcomhair modhanna eile diúscartha PCBanna a shocrú agus, más gá, chun críche Airteagal 9(1)(b) agus (c) amháin, substaintí eile nach bhfuil chomh contúirteach céanna a chinneadh mar mhalairt ar PCBanna. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun Treoir 96/59/CE a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 96/59/CE mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

"Airteagal 10

1. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 10a(2), liosta ainmneacha táirgthe i gcomhair toilleoirí, friotóirí agus cornaí ionduchtais ina bhfuil PCBanna a chur ar fáil.

2. Déanfaidh an Coimisiún:

(a) na modhanna tagartha tomhais a shocrú chun an t-inneachar PCB atá in ábhair éillithe a chinneadh. Fanfaidh aon tomhais a rinneadh roimh na modhanna tagartha a chinneadh bailí;

(b) más gá, chun críche phointí (b) agus (c) d'Airteagal 9(1) amháin, substaintí eile nach bhfuil chomh contúirteach céanna a chinneadh mar mhalairt ar PCBanna.

Féadfaidh an Coimisiún caighdeáin theicniúla a shocrú i gcomhair modhanna eile diúscartha PCBanna dá dtagraítear sa dara habairt d'Airteagal 8(2).

Glacfar na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 10a(3)".

(2) Cuirtear isteach an tAirteagal 10a seo a leanas:

"Airteagal 10a

1. Beidh an Coiste arna bhunú le hAirteagal 18 de Threoir 2006/12/CE (*), dá ngairtear "an Coiste" anseo feasta, de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

3. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

_____________________________________

(*) IO L 114, 27.4.2006"

Treoir 98/83/CE ón gComhairle an 3 Samhain 1998 maidir le cáilíocht an uisce a bheartaítear lena ól ag an duine[15]

Maidir le Treoir 98/83/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún Iarscríbhinní II agus III a oiriúnú d'ascnamh teicniúil agus eolaíoch agus sonraí áirithe maidir le monatóireacht a leagan amach in Iarscríbhinn II. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 98/83/CE a leasú, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 98/83/CE mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7(4):

"4. Féadfar treoirlínte Comhphobail maidir leis an monatóireacht a fhorordaítear leis an Airteagal seo a tharraingt suas i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 12(2)."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11(2).

"2. Ar a laghad gach cúig bliana, leasóidh an Coimisiún Iarscríbhinní II agus III chun na hoiriúnuithe is gá d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil a dhéanamh.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 12(3)."

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12(3):

"3. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

(4) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13(4):

"4. Cinnfear na formáidí agus an fhaisnéis íosta le haghaidh na dtuarascálacha dá bhforáiltear i mír 2 ag féachaint go háirithe do na bearta dá dtagraítear in Airteagal 3(2), Airteagal 5(2) agus (3), Airteagal 7(2), Airteagal 8, Airteagal 9(6) agus (7) agus Airteagal 15(1), agus leasófar iad, más gá, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 12(2)."

(5) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13(6):

"6. In éineacht leis an gcéad tuarascáil ar an Treoir seo mar a luaitear i mír 2, soláthróidh na Ballstáit, freisin, tuarascáil a bheidh le cur ar aghaidh chuig an gCoimisiún maidir leis na bearta a ghlac siad nó a bhfuil sé beartaithe acu a ghlacadh chun a n-oibleagáidí a chomhall de bhun Airteagal 6(3) agus de bhun nóta 10 de chuid B d'Iarscríbhinn I. De réir mar is iomchuí, cuirfear isteach togra maidir le formáid na tuarascála seo i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 12(2)."

(6) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15(3):

"3. Scrúdófar an t-iarraidh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 12(2)."

(7) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1 de nóta 10 de chuid C d'Iarscríbhinn I:

"Glacfaidh an Coimisiún na bearta a cheanglaítear faoi Nóta 8 maidir le minicíochtaí monatóireachta, agus faoi Nóta 9 maidir le minicíochtaí monatóireachta, modhanna monatóireachta agus na suíomhanna is ábhartha le haghaidh pointí monatóireachta in Iarscríbhinn II. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis na nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 12(3).

Agus na bearta seo á leagan amach, cuirfidh an Coimisiún san áireamh, inter alia , na forálacha ábhartha faoin reachtaíocht atá ann cheana nó cláir monatóireachta iomchuí, lena n-áirítear torthaí na monatóireachta mar a dhíorthaigh siad uathu."

(8) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 1 d'Iarscríbhinn III:

"Tugtar na prionsabail seo a leanas i dtaca le modhanna i gcomhair paraiméadar micribhitheolaíoch mar thagairt, aon uair a thugtar modh CEN/ISO, nó mar threoir, ar feitheamh go bhféadfadh an Coimisiún tuilleadh modhanna idirnáisiúnta CEN/ISO i gcomhair na bparaiméadar seo a ghlacadh sa todhchaí. Féadfaidh na Ballstáit modhanna malartacha a úsáid, ar choinníoll go gcomhlíonfar forálacha Airteagal 7(5).

Glacfar na bearta sin maidir le modhanna idirnáisiúnta CEN/ISO breise, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, inter alia , trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 12(3)."

Rialachán (CE) Uimh. 2037/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin[16]

Maidir le Rialachán (CE) 2037/2000, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún Iarscríbhinn VI a leasú; an leibhéal ríofa de bhróimíd mheitile is féidir a chur ar an margadh nó a fhéadfaidh allmhaireoirí nó táirgeoirí a úsáid ar a gcuntas féin chun críche Coraintín agus Réamhlastais a leagan síos agus a laghdú; meicníocht a chinneadh chun cuótaí na leibhéal ríofa de bhróimíd mheitile a leithdháileadh ar gach táirgeoir agus allmhaireoir; modhnuithe a ghlacadh, más gá, agus nuair is iomchuí, tréimhsí ama chun na húsáidí criticiúla halón atá liostaithe in Iarscríbhinn VII a chéimniú amach; Cinneadh a dhéanamh maidir leis an dáta deiridh don toirmeasc ar úsáid hidreaclórafluaracarbón a oiriúnú nó gan a oiriúnú; an liosta agus na dátaí maidir le rialú ar úsáid hidreaclórafluaracarbón a mhodhnú; an liosta míreanna a bhaineann leis an iarratas ar cheadúnas allmhairiúcháin agus Iarscríbhinn IV a mhodhnú, liosta na dtáirgí ina bhfuil substaintí rialaithe agus liosta na gcód den Ainmníocht Chomhcheangailte in Iarscríbhinn V a leasú; agus an dáta a chur ar aghaidh a dtoirmisctear halón atá aisghafa, athchúrsáilte nó athghinte a onnmhairiú le haghaidh úsáidí criticiúla, agus na ceanglais tuairiscithe a mhodhnú. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) 2037/2000 a leasú, nó a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2037/2000 mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an 16ú fleasc d'Airteagal 2 ar "oibreán próiseála":

"ciallaíonn -'oibreán próiseála' substaintí rialaithe a úsáidtear mar oibreáin phróiseála ceimiceán sna próisis arna liostú in Iarscríbhinn VI, i suiteálacha atá ann cheana an 1 Meán Fómhair 1997, agus nuair atá na hastaíochtaí neamhshuntasach. Bunóidh an Coimisiún, i bhfianaise na gcritéar sin, agus i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 18(2), liosta gnóthas ina gceadófar substaintí rialaithe a úsáid mar oibreáin phróiseála, ag leagan síos uasteorainneacha astaíochta le haghaidh gach gnóthas lena mbaineann.

I bhfianaise faisnéise nua nó forbairtí teicniúla, lena n-áirítear an t-athbhreithniú dá bhforáiltear i gCinneadh X/14 ó Chruinniú na gComhpháirtithe don Phrótacal, féadfaidh an Coimisiún:

(a) an liosta gnóthas dá dtagraítear thuas a leasú i gcomhréir leis na nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 18(2);

(b) Iarscríbhinn VI a leasú. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3)."

(3) Leasaítear Airteagal 4 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír de phointe (iii) de mhír 2:

"Glacfaidh an Coimisiún bearta chun an leibhéal ríofa de bhróimíd mheitile a fhéadfaidh táirgeoirí agus allmhaireoirí a chur ar an margadh nó a úsáid ar a gcuntas féin chun críche coraintín agus réamhlastais a laghdú i bhfianaise infhaighteachta teicniúla agus eacnamaíche substaintí malartacha nó teicneolaíochtaí malartacha, agus i bhfianaise na bhforbairtí idirnáisiúnta ábhartha faoin bPrótacal. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3)."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii) de mhír 3:

"(ii) Féadfaidh an Coimisiún an mheicníocht chun cuótaí na leibhéal ríofa a leithdháileadh ar gach táirgeoir agus allmhaireoir, arna leagan amach in (d), (e) agus (f) agus atá infheidhme don tréimhse 1 Eanáir 2003 go 31 Nollaig 2003 agus do gach tréimhse 12 mí ina dhiaidh sin, a leasú.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3)."

(c) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iv) de mhír 4:

"(iv) Ní bheidh feidhm ag mír 1(c) maidir le halóin atá aisghafa, athchúrsáilte nó athghinte i gcórais atá ann cheana chun cosaint a thabhairt ó dhóiteán a chur ar an margadh ná a úsáid go dtí 31 Nollaig 2002 ná maidir le halóin le haghaidh úsáidí criticiúla a chur ar an margadh ná a úsáid mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn VII. Tabharfaidh údaráis inniúla na mBallstát fógra gach bliain don Choimisiún maidir leis na cainníochtaí halón a úsáideadh le haghaidh úsáidí criticiúla, na bearta a glacadh chun a n-astaíochtaí a laghdú agus meastachán ar astaíochtaí dá leithéidí, agus na gníomhaíochtaí reatha chun malairtí leormhaithe a shainaithint agus a úsáid.

Athbhreithneoidh an Coimisiún, gach bliain, na húsáidí criticiúla arna liostú in Iarscríbhinn VII agus, más gá, glacfaidh sé modhnuithe agus, nuair is iomchuí, tréimhsí ama i gcomhair céimniú amach, ag tabhairt airde ar infhaighteacht malairtí atá indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch nó ar theicneolaíochtaí atá inghlactha ó thaobh an chomhshaoil agus na sláinte de.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia , trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3)."

(4) Leasaítear Airteagal 5 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cúigiú fomhír de phointe (c)(v) de mhír 1:

"Cuirfidh an Coimisiún toradh an athbhreithnithe faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Déanfaidh sé cinneadh, de réir mar is iomchuí, maidir leis an dáta 1 Eanáir 2015 a oiriúnú nó a fhágáil mar atá. Glacfar an beart sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3)."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6. Féadfaidh an Coimisiún, i bhfianaise na taithí ó fheidhmiú an Rialacháin seo nó chun ascnamh teicniúil a léiriú, an liosta agus na dátaí arna leagan amach i mír 1 a leasú, ach gan na tréimhsí arna socrú inti a shíneadh i gcás ar bith, gan dochar do na díolúintí dá bhforáiltear i mír 7.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia , trína fhorlíonadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3)."

(5) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6(5):

“5. Féadfaidh an Coimisiún an liosta míreanna a luaitear i mír 3 agus in Iarscríbhinn IV a leasú.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3)."

(6) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9(2):

“2. Tugtar liosta táirgí ina bhfuil substaintí rialaithe agus liosta na gcód den Ainmníocht Chomhcheangailte in Iarscríbhinn V chun treoir a thabhairt d'údaráis chustaim na mBallstát. Féadfaidh an Coimisiún cur leis an liosta sin, míreanna a scriosadh as nó é a leasú i bhfianaise na liostaí arna mbunú ag na Comhpháirtithe.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3)."

(7) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d) d'Airteagal 11(1):

"(d) halón atá aisghafa, athchúrsáilte agus athghinte a stóráiltear le haghaidh úsáidí criticiúla i saoráidí a údaraíonn nó a oibríonn údarás inniúil chun usáidí criticiúla arna liostú in Iarscríbhinn VII go dtí 31 Nollaig 2009 a shásamh, agus táirgí agus trealamh ina bhfuil halón chun úsáidí criticiúla arna liostú in Iarscríbhinn VII a shásamh. Tar éis athbhreithniú arna dhéanamh ag an gCoimisiún faoin 1 Eanáir 2005 ar onnmhairithe de halón den sórt sin atá aisghafa, athchúrsáilte agus athghinte le haghaidh úsáidí criticiúla, féadfaidh an Coimisiún onnmhairithe dá leithéidí a thoirmeasc roimh an 31 Nollaig 2009. Glacfar an beart sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3)."

(8) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18(3):

"3. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

(9) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19(6):

"6. Féadfaidh an Coimisiún na ceanglais tuairiscithe arna leagan síos i míreanna 1 go 4 a leasú chun tiomantais faoin bPrótacal a chomhall nó chun cur i bhfeidhm praiticiúil na gceanglas tuairiscithe sin a fheabhsú.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3)."

Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le Clár Eorpach ar Scaoileadh amach agus Aistriú Truailleán a bhunú agus lena leasaítear Treoracha 91/689/CEE agus 96/61/CE ón gComhairle[17]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 166/2006, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na bearta dá dtagraítear in Airteagal 8(3) a ghlacadh; Iarscríbhinní II nó III a ghabhann leis an Rialachán seo a oiriúnú d'ascnamh eolaíoch nó teicniúil; agus Iarscríbhinní II agus III a ghabhann leis an Rialachán seo a oiriúnú de thoradh gur ghlac Cruinniú na gComhpháirtithe do Phrótacal UNECE um Chláir Eorpacha ar Scaoileadh amach agus Aistriú Truailleán aon leasú ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an bPrótacal seo. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 a leasú, nó a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8(3):

"3. I gcás go gcinnfidh an Coimisiún nach bhfuil aon sonraí ann ar an scaoileadh ó fhoinsí idirleata, glacfar bearta chun tuairisciú a thionscnamh ar scaoileadh truailleán ábhartha ó fhoinse idirleata amháin nó níos mó ag úsáid, nuair is iomchuí, modheolaíochtaí atá faofa go hidirnáisiúnta.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 19(3)."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18:

"Airteagal 18

Leasuithe ar na hIarscríbhinní

Déanfaidh an Coimisiún na leasuithe is gá ar na hIarscríbhinní chun na gcríoch seo a leanas:

(a) Iarscríbhinní II nó III a oiriúnú d'ascnamh eolaíoch nó teicniúil;

(b) Iarscríbhinní II agus III a oiriúnú de thoradh gur ghlac Cruinniú na gComhpháirtithe don Phrótacal aon leasú ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an bPrótacal.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 19(3)."

(3) Cuirtear mír 3 mar a leanas le hAirteagal 19:

"3. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go 4 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

Treoir 2006/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2006 maidir le cáilíocht uisce snámha a bhainistiú agus lena n-aisghairtear Treoir 76/160/CEE[18]

Maidir le Treoir 2006/7/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na modhanna anailíse i gcomhair na bparaiméadar agus rialacha samplála arna leagan amach in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn V faoi seach a oiriúnú i bhfianaise ascnaimh eolaíoch agus theicniúil, agus an caighdeán EN/ISO maidir le comhionannas modhanna micribhitheolaíocha a shonrú. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2006/7/CE a leasú, agus chun an Treoir sin a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2006/7/CE mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

"Airteagal 15

"1. I gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 16(2), leagfaidh an Coimisiún síos an méid seo a leanas:

(a) rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 8(1), Airteagal 12(1)(a) agus Airteagal 12(4) a chur chun feidhme;

(b) treoirlínte i gcomhair modha chomhchoitinn chun samplaí aonair a mheasúnú."

2. Glacfaidh an Coimisiún na bearta seo a leanas:

(a) sonraíocht an chaighdeáin EN/ISO maidir le comhionannas modhanna micribhitheolaíocha a shonrú chun críocha Airteagal 3(9);

(b) aon leasuithe is gá chun na modhanna anailíse i gcomhair na bparaiméadar arna leagan amach in Iarscríbhinn I a oiriúnú i bhfianaise ascnaimh eolaíoch agus theicniúil;

(c) aon leasuithe is gá chun Iarscríbhinn V a oiriúnú i bhfianaise ascnaimh eolaíoch agus theicniúil.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, inter alia , trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 16(3)."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16(3):

"3. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

Treoir 2006/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le dramhaíl ó na tionscail eastóscacha a bhainistiú agus lena leasaítear Treoir 2004/35/CE[19]

Maidir le Treoir 2006/21/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na forálacha is gá maidir le cur chun feidhme Airteagal 13(6) a ghlacadh, na ceanglais theicniúla maidir le tréithriú dramhaíola in Iarscríbhinn II a chomhlánú, an sainmhíniú i bpointe 3 d'Airteagal 3 a léiriú, na critéir maidir le haicmiú saoráidí dramhaíola a shainmhíniú i gcomhréir le hIarscríbhinn III, caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh modhanna samplála agus anailíse a chinneadh, agus na hIarscríbhinní a oiriúnú d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2006/21/CE a leasú, agus chun Treoir 2006/21/CE a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2006/21/CE mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22:

"Airteagal 22

1. Faoi cheann an 1 Bealtaine 2008, glacfaidh an Coimisiún an méid a leanas i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 23(2):

(a) na forálacha is gá chun an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 7(5) agus Airteagal 12(6) a chomhchuibhiú agus a tharchur go tráthrialta;

(b) treoirlínte teicniúla maidir leis an ráthaíocht airgeadais a bhunú i gcomhréir le ceanglais Airteagal 14(2)

(c) treoirlínte teicniúla maidir le hiniúchtaí i gcomhréir le hAirteagal 17.

2. Faoi cheann an 1 Bealtaine 2008, leagfaidh an Coimisiún síos na forálacha is gá maidir leis an méid seo a leanas, ag tabhairt tosaíochta do (b), (c) agus (d):

(a) Airteagal 13(6) a chur chun feidhme, lena n-áirítear na ceanglais theicniúla a bhaineann le ciainíd so-díthiomsaithe le haigéad lag agus a modh tomhais a shainmhíniú;

(b) na ceanglais theicniúla maidir le dramhaíl a thréithriú agus atá in Iarscríbhinn II a chomhlánú;

(c) an sainmhíniú atá in Airteagal 3(3) a léiriú;

(d) na critéir maidir le haicmiú saoráidí dramhaíola a shainmhíniú i gcomhréir le hIarscríbhinn III;

(e) aon chaighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh modhanna samplála agus anailíse is gá chun an Treoir seo a chur chun feidhme a chinneadh. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, inter alia , trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 23(3).

3. Déanfaidh an Coimisiún na leasuithe is gá ar na hIarscríbhinní chun iad a oiriúnú d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 23(3)."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23(3):

"3. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

EUROSTAT

Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 1995 maidir le hinnéacsanna comhchuibhithe praghsanna tomhaltóirí[20]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 2494/95, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún rialacha a ghlacadh lena n-áiritheofar, trína leanúint, comparáideacht idir HICPanna agus chun a n-iontaofacht agus a n-ábharthacht a chothabháil agus a fheabhsú. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 a leasú, trína fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 mar seo a leanas:

(1) In Airteagal 3, cuirtear "in Airteagal 14(2)" in ionad "in Airteagal 14".

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4(3):

"Glacfaidh an Coimisiún (Eurostat), rialacha lena n-áiritheofar, trína leanúint, comparáideacht idir HICPanna. Glacfar na bearta seo, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(3)."

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(3):

"3. Glacfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle le BCE, bearta cur chun feidhme don Rialachán seo a bheidh riachtanach chun comparáideacht idir HICPanna a áirithiú agus chun a n-iontaofacht agus a n-ábharthacht a chothabháil agus a fheabhsú. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(3)."

(4) In Airteagal 8(3), cuirtear "in Airteagal 14(2)" in ionad "in Airteagal 14".

(5) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

"Airteagal 9

Torthaí a sholáthar

Déanfaidh na Ballstáit próiseáil ar na sonraí a bhailítear chun na HICPanna a sholáthar, agus is innéacs de chineál Laspeyres a bheidh ann, lena gcuimseofar na catagóirí don aicmiú idirnáisiúnta Coicop (aicmiú ar thomhailt aonair de réir cuspóra) (*), a oiriúnóidh an Coimisiún chun HICPanna comparáideacha a bhunú. Cinnfidh an Coimisiún na modhanna, nósanna imeachta agus foirmlí chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais chomparáideachta. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia , trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(3).

(*) Arna fhoilsiú ag na Náisiúin Aontaithe, sraith F Uimh. 2, athbhreithniú 3, tábla 6.1, arna leasú ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) (DES/NI/86.9), Páras 1986."

(6) In Airteagal 11, cuirtear "in Airteagal 14(2)" in ionad "in Airteagal 14".

(7) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

"Airteagal 14

Coiste

1. Beidh an Coiste um an gClár Staidrimh, arna bhunú le Cinneadh 89/382/CEE, Euratom (*) ón gComhairle de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

______________________________________

(*) IO L 181, 28.6.1989, lch. 47."

(8) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15(2):

"Sna tuarascálacha sin, tabharfaidh an Coimisiún a thuairimí uaidh i dtaobh oibriú na nósanna imeachta a thuairiscítear in Airteagal 14 agus molfaidh sé aon leasuithe a mheasfaidh sé a bheith iomchuí."

Rialachán (CE) Uimh. 577/98 ón gComhairle an 9 Márta 1998 maidir le suirbhé samplach ar an bhfórsa saothair a eagrú sa Chomhphobal[21]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 577/98, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún athróga breise a chur leis, na sainmhínithe, na rialacha maidir le seiceáil agus códú na n-athróg a oiriúnú, agus liosta d'athróga struchtúracha, an samplamhéid íosta agus minicíocht an bhailithe a tharraingt suas. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 577/98 a leasú, agus a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 577/98 mar seo a leanas:

(1) Sa tríú fleasc den chúigiú mír d'Airteagal 1 cuirtear "in Airteagal 8(2)" in ionad "in Airteagal 8".

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4(2), (3) agus (4):

"2. Féadfar an fhaisnéis a thugtar i mír 1 a fhorlíonadh trí fhoireann bhreise athróg, dá dtagraítear "modúl ad hoc" anseo feasta.

Glacfaidh an Coimisiún, gach bliain, clár ilbhliantúil de mhodúil ad hoc:

- sonrófar leis an gclár seo, i gcás gach modúil ad hoc, an t-ábhar, an tréimhse tagartha, an samplamhéid (atá comhionann nó níos lú ná an méid dá bhforáiltear in Airteagal 3), chomh maith leis an spriocam a ndéanfar na torthaí a tharchur (a d'fhéadfadh bheith difriúil ón spriocam dá bhforáiltear in Airteagal 6),

- tarraingeofar suas liosta na mBallstát agus na réigiún lena mbaineann chomh maith le liosta mionsonraithe na faisnéise a bhaileofar i modúl ad hoc dhá mhí dhéag ar a laghad roimh thús na tréimhse tagartha a fhoráiltear don mhodúl sin,

- ní beidh níos mó ná aon athróg déag i mhodúl ad hoc.

Glacfar na bearta sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 8(3).

3. Glacfaidh an Coimisiún na sainmhínithe, na rialacha maidir le seiceáil, códú na n-athróg, oiriúnú liosta na n-athróg suirbhéanna is gá a dhéanamh i ngeall ar fhorbairt teicníochtaí agus coincheapa, chomh maith le liosta prionsabal chun ceisteanna a fhoirmliú a bhaineann le staid an tsaothair. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 8(3).

4. Ar thogra ón gCoimisiún, féadfar liosta athróg, dá ngairtear "athróga struchtúracha" anseo feasta, a shainaithint i measc shaintréithe an tsuirbhé atá sonraithe i mír 1, agus nach foláir a thiomsú mar mheáin bhliantúla ag tagairt do 52 seachtain seachas mar mheáin ráithiúla. Tarraingeoidh an Coimisiún suas an liosta de na hathróga struchtúracha, an samplamhéid íosta agus minicíocht an bhailithe. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 8(3). Féadfaidh an Spáinn, an Fhionlainn agus an Ríocht Aontaithe na hathróga struchtúracha a thiomsú ag tagairt do ráithe amháin i rith idirthréimhse go dtí deireadh 2007."

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

"Airteagal 8

Coiste

1. Beidh an Coiste um an gClár Staidrimh, arna bhunú le Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle(*) de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse atá leagtha síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

__________________________________

(*) IO L 181, 28.6.1989, lch. 47."

Rialachán (CE) Uimh. 1165/98 ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le Staidreamh Gearrthréimhseach[22]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1165/98, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na scéimeanna samplála Eorpacha a fheabhsú agus a chur chun feidhme, na hIarscríbhinní a oiriúnú agus na bearta maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme a chinneadh, lena n-áirítear na bearta chun forbairtí eacnamaíocha agus teicniúla a bhaineann le bailiú agus próiseáil staitistiúil sonraí agus tarchur na n-athróg a chur san áireamh. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 1165/98 a leasú, inter alia , trína fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1165/98 mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2(d) d'Airteagal 4:

"(d) rannpháirtíocht i scéimeanna samplála Eorpacha arna gcomhordú ag Eurostat chun meastacháin Eorpacha a sholáthar.

Beidh sonraí na scéimeanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír mar a shonraítear iad san hIarscríbhinní. Glacfaidh an Coimisiún bearta maidir lena bhformheas agus lena gcur chun feidhme. Glacfar leis na bearta seo, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia , trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3)."

(2) In Airteagal 16(1), cuirtear "in Airteagal 18(2)" in ionad "in Airteagal 18".

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17 agus Airteagal 18:

"Airteagal 17

Bearta cur chun feid hme

Cinnfidh an Coimisiún na bearta lena gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme, lena n-áirítear na bearta chun forbairtí eacnamaíocha agus teicniúla a bhaineann le bailiú agus próiseáil staitistiúil sonraí agus tarchur na n-athróg a chur san áireamh. Agus é á dhéanamh amhlaidh, tabharfar aird ar an bprionsabal nach foláir gur mó sochair an bhirt ná costas an bhirt, agus ar an bprionsabal nach mbeidh aon mhóracmhainní breise i gceist cibé do na Ballstáit ná do ghnóthais i gcomparáid le forálacha bunaidh an Rialacháin seo. Áireofar, go háirithe, sna bearta lena gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme:

(a) úsáid aonad ar leith (Airteagal 2);

(b) liosta na n-athróg a thabhairt suas chun dáta (Airteagal 3);

(c) sainmhínithe agus foirmeacha iomchuí na n-athróg arna dtarchur (Airteagal 3);

(d) an mhinicíocht do thiomsú an staidrimh (Airteagal 5);

(e) na leibhéil miondealaithe agus comhshuimithe atá le cur i bhfeidhm ar na hathróga (Airteagal 6);

(f) na spriocdhátaí don tarchur (Airteagal 8);

(g) na critéir maidir le cáilíocht a thomhas (Airteagal 10);

(h) na hidirthréimhsí agus maoluithe a dheonaítear i rith na hidirthréimhse (Airteagal 13);

(i) staidéir thrialacha a thionscnamh (Airteagal 16);

(j) scéimeanna samplála Eorpacha a bhunú (Airteagal 4);

(k) an chéad bhonnbhliain a bheidh le cur i bhfeidhm i gcomhair amshraitheanna in NACE Rev. 2;

(l) maidir le hamshraitheanna roimh 2009, iad a tharchur i gcomhréir le NACE Rev.2, leibhéal an mhionsonraithe, an fhoirm, an chéad tréimhse tagartha, agus an tréimhse tagartha.

Glacfar na bearta dá dtagraítear i bpointí (h) agus (i) i gcomhréir leis na nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).

Glacfar na bearta dá dtagraítear i bpointí (a) go (g) agus (j) go (l), bearta a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia , trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3).

Airteagal 18

Coiste

1. Beidh an Coiste um an gClár Staidrimh, arna bhunú le Cinneadh 89/382/CEE, Euratom (*) ón gComhairle de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

____________________________________

(*) IO L 181, 28.6.1989, lch. 47."

(4) Leasaítear Iarscríbhinn A ('Tionscal') mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) (' Raon feidhme' ):

"(a) Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Iarscríbhinn seo maidir leis na gníomhaíochtaí go léir a liostaítear i Ranna B go E de NACE Rev. 2, nó de réir mar a bheidh, maidir leis na táirgí go léir a liostaítear i Ranna B go E de CPA. Ní éilítear an fhaisnéis le haghaidh 37, 38.1, 38.2 agus 39 de NACE Rev. 2. Féadfaidh an Coimisiún liosta na ngníomhaíochtaí a athbhreithniú. Glacfar na bearta seo, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3). "

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3(b) ( 'Aonad breathnadóireachta' ):

"3. Is féidir leis an gCoimisiún a chinneadh go n-úsáidfear aonaid breathnadóireachta eile. Glacfar na bearta seo, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3)."

(c) Leasaítear pointe (c) ( 'Liosta na n-athróg' ) mar seo a leanas:

(i) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deiridh de mhír 2:

"Cinnfidh an Coimisiún na coinníollacha chun an cháilíocht sonraí is gá a áirithiú. Glacfar na bearta seo, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3)."

(ii) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:

"3. Ag tosú le tús na chéad tréimhse tagartha féadfar an fhaisnéis maidir le horduithe nua (Uimhreacha 130, 131, 132) a neasú le treoirtháscaire malartach, a fhéadfar a ríomh ó shonraí as suirbhéanna faoi thuairimí lucht gnó. Ceadófar an neastachán seo ar feadh tréimhse cúig bliana ón dáta a thiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm. Déanfar an tréimhse seo a fhadú suas go cúig bliana eile mura gcinneann an Coimisiún a mhalairt. Glacfar na bearta seo, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3).

4. Ag tosú le tús na chéad tréimhse tagartha féadfar an fhaisnéis maidir le daoine fostaithe (Uimh. 210) a neasú le líon na bhfostaithe (Uimh.211). Ceadófar an neastachán seo ar feadh tréimhse cúig bliana ón dáta a thiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm. Déanfar an tréimhse seo a fhadú suas go cúig bliana eile mura gcinneann an Coimisiún a mhalairt. Glacfar na bearta seo, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3)."

(iii) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deiridh de mhír 8:

"Féadfaidh an Coimisiún liosta na ngníomhaíochtaí a athbhreithniú. Glacfar na bearta seo, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3). "

(iv) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deiridh de mhír 10:

"Féadfaidh an Coimisiún liosta na ngníomhaíochtaí a athbhreithniú. Glacfar na bearta seo, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3)."

(d) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2(d) ( 'Foirm '):

"2. Sa bhreis air sin, tarchuirfear an athróg táirgeachta (Uimh. 110) agus athróg na n-uaireanta a oibríodh (Uimh. 220) i bhfoirm atá coigeartaithe don lá oibre.

Aon áit a léiríonn athróga eile éifeachtaí an lae oibre, féadfaidh na Ballstáit na hathróga sin a tharchur, freisin, i bhfoirm atá coigeartaithe don lá oibre. Féadfaidh an Coimisiún liosta na n-athróga atá le tarchur i bhfoirm atá coigeartaithe don lá oibre a leasú. Glacfar na bearta seo, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3)."

(e) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f) (' Leibhéal an mhionsonraithe' ) de mhíreanna 8 agus 9:

"8. Maidir le hathróg an phraghais allmhairithe (Uimh.340), féadfaidh an Coimisiún na téarmaí a chinneadh chun scéim samplála Eorpach a chur i bhfeidhm mar a shainmhínítear i bpointe (d) den chéad fhomhír d'Airteagal 4(2). Glacfar na bearta seo, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3).

9. Tarchuirfear na hathróga maidir leis na margaí neamh-intíre (Uimhreacha 122, 132 agus 312) i gcomhréir leis an idirdhealú go limistéar an euro agus go limistéar neamh-euro. Cuirfear an t-idirdhealú i bhfeidhm maidir leis an tionscal iomlán a shainmhínítear mar NACE Rev.2 (Ranna B go E), na príomhghrúpaí tionscail (MIG), an Roinn (1 litir) agus Rannán leibhéal 2-dhigit de NACE Rev.2. Ní éilítear an fhaisnéis maidir le NACE Rev.2 (D agus E) i gcás athróg 122. Sa bhreis air sin, tarchuirfear athróg an phraghais allmhairithe (Uimh. 340) i gcomhréir leis an idirdhealú go limistéar an euro agus go limistéar neamh-euro. Cuirfear an t-idirdhealú i bhfeidhm maidir leis an tionscal iomlán a shainmhínítear mar CPA (Ranna B go E), na príomhghrúpaí tionscail (MIG), an Roinn (1 litir) agus Rannán leibhéal 2-dhigit de CPA. Maidir leis an idirdhealú go limistéar euro agus go limistéar neamh-euro, féadfaidh an Coimisiún na téarmaí a chinneadh chun scéimeanna samplála Eorpacha a chur i bhfeidhm mar a shainmhínítear i bpointe (d) den chéad fhomhír d'Airteagal 4(2). Glacfar na bearta seo, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3). Féadfaidh an scéim samplála Eorpach an raon feidhme atá ag athróg an phraghais allmhairithe a theorannú do tháirgí a allmhairiú ó thíortha nach bhfuil i limistéar an euro. Ní gá do na Ballstáit sin nach bhfuil an euro acu mar airgeadra an t-idirdhealú go limistéar euro agus go neamh-euro a tharchur i gcás athróga 122, 132, 312 agus 340."

(f) I bpointe (j) ( 'Idirthréimhse' ), cuirtear tagairtí d'Airteagal 18(2) in ionad na dtagairtí go léir d'Airteagal 18.

(5) Leasaítear Iarscríbhinn B ('Tógáil') mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4(b) ( 'Aonad breathnadóireachta' ):

"4. Is féidir leis an gCoimisiún a chinneadh go n-úsáidfear aonaid breathnadóireachta eile. Glacfar na bearta seo, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3)."

(b) Leasaítear pointe (c) ( 'Liosta na n-athróg' ) mar seo a leanas:

(i) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3. Ag tosú le tús na chéad tréimhse tagartha féadfar an fhaisnéis maidir le daoine fostaithe (Uimh. 210) a neasú le líon na bhfostaithe (Uimh.211). Ceadófar an neastachán seo ar feadh tréimhse cúig bliana ón dáta a thiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm. Déanfar an nós imeachta seo a fhadú suas go cúig bliana eile mura gcinneann an Coimisiún a mhalairt. Glacfar na bearta seo, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3)."

(ii) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na fomhíre deiridh de mhír (6):

"Cinnfidh an Coimisiún tráth nach déanaí ná 11 Lúnasa 2008 cibé an ceart Airteagal 17(b) a agairt chun athróg an phraghais aschuir a chur in ionad athróg an chostais tógála, le héifeacht ón mbonnbhliain 2010. Glacfar na bearta seo, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3)."

(c) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2(d) (' Foirm '):

"2. Sa bhreis air sin, tarchuirfear na hathróga táirgeachta (Uimhreacha 110, 115, 116) agus athróg na n-uaireanta a oibríodh (Uimh. 220) i bhfoirm atá coigeartaithe don lá oibre. Aon áit a léiríonn athróga eile éifeachtaí an lae oibre, féadfaidh na Ballstáit na hathróga sin a tharchur, freisin, i bhfoirm atá coigeartaithe don lá oibre. Féadfaidh an Coimisiún liosta na n-athróga atá le tarchur i bhfoirm atá coigeartaithe don lá oibre a leasú. Glacfar na bearta seo, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3)."

(d) I bpointe (j) ( 'Idirthréimhse' ), cuirtear tagairtí d'Airteagal 18(2) in ionad na dtagairtí go léir d'Airteagal 18.

(6) Leasaítear Iarscríbhinn C ('Trádáil mhiondíola agus deisiú') mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2(b) ( 'Aonad breathnadóireachta' ):

"2. Is féidir leis an gCoimisiún a chinneadh go n-úsáidfear aonaid breathnadóireachta eile. Glacfar na bearta seo, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3)."

(b) Leasaítear pointe (c) ( 'Liosta na n-athróg' ) mar seo a leanas:

(i) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3. Ag tosú le tús na chéad tréimhse tagartha féadfar an fhaisnéis maidir le daoine fostaithe (Uimh. 210) a neasú le líon na bhfostaithe (Uimh.211). Ceadófar an neastachán seo ar feadh tréimhse cúig bliana ón dáta a thiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm. Déanfar an tréimhse seo a fhadú suas go cúig bliana eile mura gcinneann an Coimisiún a mhalairt. Glacfar na bearta seo, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3)."

(ii) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na fomhíre deiridh de mhír 4:

"Cinnfidh an Coimisiún tráth nach déanaí ná 11 Lúnasa 2008 cibé an ceart Airteagal 17(b) a agairt, chun athróg na n-uaireanta a oibríodh (Uimh. 220) agus an athróg d'ollphá agus d'olltuarastal (Uimh. 230) a áireamh le héifeacht ón mbonnbhliain 2010. Glacfar na bearta seo, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3)."

(c) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2(d) ( 'Foirm' ):

"2. Tarchuirfear athróg an láimhdeachais (Uimh. 120) agus athróg mhéid na ndíolachán (Uimh. 123) i bhfoirm atá coigeartaithe don lá oibre. Aon áit a léiríonn athróga eile éifeachtaí an lae oibre, féadfaidh na Ballstáit na hathróga sin a tharchur, freisin, i bhfoirm atá coigeartaithe don lá oibre. Féadfaidh an Coimisiún liosta na n-athróga atá le tarchur i bhfoirm atá coigeartaithe don lá oibre a leasú. Glacfar na bearta seo, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3)."

(d) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2(g) ( 'Spriocdhátaí chun sonraí a tharchur' ):

"2. Tarchuirfear na hathróga maidir le láimhdeachas (Uimh.120) agus díbhoilsceoir na ndíolachán/méid na ndíolachán (Uimhreacha 330/123) laistigh de mhí amháin i gcomhair leibhéal an mhionsonraithe atá sonraithe i mír 3 faoi cheannteideal (f) den Iarscríbhinn seo. Féadfaidh na Ballstáit roghnú na hathróga maidir le láimhdeachas (Uimh. 120) agus díbhoilsceoir na ndíolachán/méid na ndíolachán (Uimhreacha 330/123) a áireamh trí ionchur atá i gcomhréir le leithdháileadh scéime samplála Eorpaí mar a shainmhínítear i bpointe (d) den chéad fhomhír d'Airteagal 4(2). Is é an Coimisiún a chinnfidh téarmaí an leithdháilte. Glacfar na bearta seo, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3)."

(e) I bpointe (j) ( 'Idirthréimhse' ), cuirtear tagairtí d'Airteagal 18(2) in ionad na dtagairtí go léir d'Airteagal 18.

(7) Leasaítear Iarscríbhinn D ('Seirbhísí eile') mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2(b) ( 'Aonad breathnadóireachta' ):

"2. Is féidir leis an gCoimisiún a chinneadh go n-úsáidfear aonaid breathnadóireachta eile. Glacfar na bearta seo, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3)."

(b) Leasaítear pointe (c) ( 'Liosta na n-athróg' ) mar seo a leanas:

(i) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Ag tosú le tús na chéad tréimhse tagartha féadfar an fhaisnéis maidir le daoine fostaithe (Uimh. 210) a neasú le líon na bhfostaithe (Uimh.211). Ceadófar an neastachán seo ar feadh tréimhse cúig bliana ón dáta a thiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm. Déanfar an tréimhse seo a fhadú suas go cúig bliana eile mura gcinneann an Coimisiún a mhalairt. Glacfar na bearta seo, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3)."

(ii) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na fomhíre deiridh de mhír 4:

"Cinnfidh an Coimisiún tráth nach déanaí ná 11 Lúnasa 2008 cibé an ceart Airteagal 17(b) a agairt, chun athróg na n-uaireanta a oibríodh (Uimh. 220) agus an athróg d'ollphá agus d'olltuarastal (Uimh. 230) a áireamh le héifeacht ón mbonnbhliain 2010. Glacfar na bearta seo, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3)."

(c) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2(d) (' Foirm '):

"2. Tarchuirfear athróg an láimhdeachais (Uimh. 120), freisin, i bhfoirm atá coigeartaithe don lá oibre. Aon áit a léiríonn athróga eile éifeachtaí an lae oibre, féadfaidh na Ballstáit na hathróga sin a tharchur, freisin, i bhfoirm atá coigeartaithe don lá oibre. Féadfaidh an Coimisiún liosta na n-athróga atá le tarchur i bhfoirm atá coigeartaithe don lá oibre a leasú. Glacfar na bearta seo, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3)."

(d) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairt deiridh de phointe (e) ( 'Tréimhse tagartha') :

"Cinnfidh an Coimisiún tráth nach déanaí ná 11 Lúnasa 2008 cibé an ceart Airteagal 17(d) a agairt i ndáil leis an minicíocht do thiomsú athróg an láimhdeachais a athbhreithniú. Glacfar na bearta seo, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3)."

(e) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6(f) (' Leibhéal an mhionsonraithe' ):

"6. Féadfaidh an Coimisiún liosta na ngníomhaíochtaí agus na ngrúpálacha a leasú tráth nach déanaí ná 11 Lúnasa 2008. Glacfar na bearta seo, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3)."

(f) I bpointe (i) ( 'An chéad tréimhse tagartha' ) agus (j) (' Idirthréimhse '), cuirtear tagairtí d'Airteagal 18(2) in ionad na dtagairtí go léir d'Airteagal 18.

Rialachán (CE) Uimh. 530/1999 ón gComhairle an 9 Márta 1999 maidir le staidreamh struchtúrach ar thuilleamh agus ar chostais saothair[23]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 530/1999, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún an sainmhíniú agus an miondealú ar an bhfaisnéis atá le soláthar a oiriúnú, agus na critéir maidir le meastóireacht ar cháilíocht a leagan síos. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 530/2004 a leasú, agus a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 530/1999 mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11 agus Airteagal 12:

"Airteagal 11

Bearta cur chun feidhme

Glacfaidh an Coimisiún na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear bearta chun athruithe eacnamaíocha agus teicniúla a chur san áireamh, le haghaidh gach tréimhse tagartha naoi mí roimh thús na tréimhse tagartha ar a laghad:

(i) an sainmhíniú agus an miondealú ar an bhfaisnéise atá le soláthar (Airteagal 6),

(ii) an fhormáid theicniúil iomchuí chun na torthaí a tharchur (Airteagal 9),

(iii) na critéir maidir le meastóireacht ar cháilíocht (Airteagal 10),

(iv) na maoluithe, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, le haghaidh na mblianta 2004 agus 2006 faoi seach (Airteagal 13(2)).

Glacfar na bearta dá dtagraítear i bpointí (ii) agus (iv) i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2).

Glacfar na bearta dá dtagraítear i bpointí (i) agus (iii), bearta a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 12(3).

Airteagal 12

Coiste

1. Beidh an Coiste um an gClár Staidrimh, arna bhunú le Cinneadh 89/382/CEE, Euratom(*) de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse atá leagtha síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

___________________________________

(*) IO L 181, 28.6.1989, lch. 47."

Rialachán (CE) Uimh. 450/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2003 maidir le hinnéacs na gcostas saothair[24]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 450/2003, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na sainmhínithe a oiriúnú agus na sonraíochtaí teicniúla a leasú, ranna nua a chur ar áireamh sa suirbhé, miondealú na n-innéacsanna de réir gníomhaíochtaí eacnamaíocha a oiriúnú, na critéir cáilíochta a shainmhíniú, staidéir indéantachta a bhunú agus cinntí a dhéanamh de réir thorthaí na staidéar sin, agus an mhodheolaíocht a chuirfear i bhfeidhm chun an innéacs a shlabhrú a chinneadh. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 450/2003 a leasú agus a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 450/2003 mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2(4):

"4. Féadfaidh an Coimisiún bearta a ghlacadh chun sonraíocht theicniúil an innéacs a ath-shainmhíniú agus an struchtúr ualaithe a athbhreithniú. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 12(3)."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(2):

"2. Is é an Coimisiún a chinnfidh, ag cur na staidéar indéantachta dá dtagraítear in Airteagal 10 san áireamh, go n-áireofar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá sainmhínithe i Ranna O go S de NACE Rev.2 faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia , trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 12(3)."

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

"Airteagal 4

Miondealú ar na hathróga

1. Miondealófar na sonraí de réir gníomhaíochtaí eacnamaíocha mar a sainmhínítear i ranna NACE Rev.2 agus trí thuilleadh díshuimithe, arna sainmhíniú ag an gCoimisiún, gan leibhéal rannáin NACE Rev.2 (leibhéal 2-dhigit) ná grúpálacha rannán a shárú, ag cur na ranníocaíochtaí d'fhostaíocht iomlán agus do chostais saothair ar leibhéil an Chomhphobail agus ar an leibhéal náisiúnta san áireamh. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia , trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 12(3).

Soláthrófar innéacsanna na gcostas saothair ar bhonn leithleach i gcás na dtrí chatagóir de chostais saothair a shainaithnítear thíos:

(a) costais saothair iomlána;

(b) pá agus tuarastail, arna sainmhíniú trí thagairt do mhír D.11 in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1726/1999;

(c) ranníocaíochtaí sóisialta na bhfostóirí móide cánacha a íocann an fostóir lúide fóirdheontais a fhaigheann an fostóir, mar a shainmhínítear trí shuim mhíreanna D.12 agus D.4 lúide D.5 in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1726/1999.

2. Soláthrófar innéacs ina dtabharfar meastachán ar na costais saothair iomlána, cé is moite de bhónais, innéacs ina sainmhínítear na bónais trí D.11112 in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1726/1999, agus beidh sé miondealaithe de réir gníomhaíochtaí eacnamaíocha arna sainmhíniú ag an gCoimisiún agus bunaithe ar aicmiú NACE Rev.2, ag cur na staidéar indéantachta arna sainmhíniú in Airteagal 10 san áireamh. Glacfar leis na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia , trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 12(3)."

(4) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

"Airteagal 8

Cáilíocht

1. Sásóidh na sonraí reatha agus na cúlsonraí arna dtarchur critéir leithleacha cáilíochta arna sainmhíniú ag an gCoimisiún. Glacfar an beart sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia , trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 12(3).

2. Cuirfidh na Ballstáit tuarascálacha bliantúla ar cháilíocht faoi bhráid an Choimisiúin amhail ó 2003 ar aghaidh. Is é an Coimisiún a shainmhíneoidh inneachar na dtuarascálacha sin. Glacfar an beart sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia , trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 12(3)."

(5) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11 agus Airteagal 12:

"Airteagal 11

Bearta cur chun feidhme

Glacfaidh an Coimisiún na bearta chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, go háirithe bearta chun athruithe eacnamaíocha agus teicniúla a chur san áireamh:

(a) sainmhíniú, i gcomhréir le hAirteagal 4(1), ar na fo-rannáin a áireofar sa struchtúr socraithe;

(b) sonraíocht theicniúil an innéacs (Airteagal 2);

(c) ranna O go S de NACE Rev.2 a chur ar áireamh (Airteagal 3);

(d) miondealú ar na hinnéacsanna de réir gníomhaíochtaí eacnamaíocha (Airteagal 4);

(e) an fhormáid ina ndéanfar na torthaí a tharchur agus na nósanna imeachta coigeartaithe a chuirfear i bhfeidhm (Airteagal 6);

(f) na critéir leithleacha cáilíochta i gcomhair na sonraí reatha agus na cúlsonraí arna dtarchur agus inneachar na dtuarascálacha ar cháilíocht (Airteagal 8);

(g) an idirthréimhse (Airteagal 9);

(h) staidéir indéantachta a bhunú agus cinntí a dhéanamh de réir thorthaí na staidéar sin (Airteagal 10); agus

(i) an mhodheolaíocht a chuirfear i bhfeidhm chun an t-innéacs a shlabhrú (Iarscríbhinn).

Glacfar na bearta dá dtagraítear i bpointí (e), (g) agus (h) i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 12(2).

Glacfar na bearta dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c), (d), (f) agus (i), bearta a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 12(3).

Airteagal 12

Coiste

1. Beidh an Coiste um an gClár Staidrimh, arna bhunú le Cinneadh 89/382/CEE, Euratom(*) de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse atá leagtha síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

_____________________________________

(*) IO L 181, 28.6.1989, lch. 47."

Rialachán (CE) Uimh. 1552/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le staidreamh i ndáil le gairmoiliúint i ngnóthais[25]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1552/2005, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na sainmhínithe agus na modhanna samplála a oiriúnú, na sonraí sonracha a bheidh le bailiú a shainmhíniú agus na ceanglais maidir le cáilíocht na sonraí agus na socruithe tarchurtha a chinneadh. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 1552/2005 a leasú, agus a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1552/2005 mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(2):

"2. Ag tabhairt airde ar dháileadh sonrach na ngnóthas, de réir méide, ar leibhéal náisiúnta agus na riachtanais atá ag athrú maidir leis an mbeart is gá a ghlacadh, féadfaidh na Ballstáit an sainmhíniú ar an aonad staidrimh a shíneadh ar a gcríoch. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, freisin, an sainmhíniú seo a shíneadh dá mba rud é go gcuirfeadh sé go suntasach le hionadaíocht agus cáilíocht thoradh an tsuirbhé sa Bhallstát lena mbaineann. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(3)."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7(3):

"3. Cinnfidh an Coimisiún an modh samplála agus na ceanglais maidir le cruinneas, méideanna na samplaí a éilítear chun na ceanglais sin a chomhlíonadh, agus na sonraíochtaí mionsonraithe de NACE Rev.2 agus na catagóirí méide ina bhféadfar na torthaí a mhiondealú. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(3)."

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8(2):

"2. Cinnfidh an Coimisiún na sonraí sonracha a bhaileofar maidir le gnóthais oiliúna agus neamhoiliúna agus na cineálacha éagsúla gairmoiliúna. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(3)."

(4) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9(4):

"4. Cinnfidh an Coimisiún na ceanglais maidir le cáilíocht na sonraí a bhaileofar agus a tharchuirfear le haghaidh staidrimh Comhphobail i ndáil le gairmoiliúint i ngnóthais, struchtúr na dtuarascálacha ar cháilíocht dá dtagraítear i mír 2 agus na bearta go léir is gá chun measúnú a dhéanamh ar cháilíocht na sonraí agus chun feabhas a chur orthu. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(3)."

(5) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10(2):

"2. Socróidh an Coimisiún an chéad bhliain tagartha nach foláir sonraí a bhailiú ina leith. Glacfar an beart sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia , trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(3)."

(6) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13 agus Airteagal 14:

"Airteagal 13

Bearta cur chun feidhme

Glacfar na bearta cur chun feidhme maidir leis an bhformáid theicniúil iomchuí agus leis an gcaighdeán idirmhalartaithe do na sonraí a tharchuirtear go leictreonach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 14(2).

Glacfar na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear na bearta chun na hathruithe eacnamaíocha agus teicniúla maidir le bailiú, tarchur agus próiseáil na sonraí a chur san áireamh, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 14(3).

Airteagal 14

Coiste

1. Beidh an Coiste um an gClár Staidrimh, arna bhunú le Cinneadh 89/382/CEE, Euratom(*) de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse atá leagtha síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

________________________________

(*) IO L 181, 28.6.1989, lch. 47."

AN MARGADH INMHEÁNACH

Rialachán (CE) Uimh. 2195/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Samhain 2002 maidir le stór focal comhchoiteann um sholáthar (CPV)[26]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 2195/2002, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún struchtúr agus cóid an stór focal comhchoiteann um sholáthar (CPV – Common Procurement Vocabulary ) a thabhairt suas chun dáta agus coigeartuithe teicniúla a dhéanamh ar iomlán na nIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo chun uirlis atá oiriúnaithe dá riachtanais agus d'fhorbairtí sa mhargadh a chur ar fáil d'úsáideoirí. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 2195/2002 a leasú, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Nuair nach féidir, ar mhórchúiseanna práinne, cloí leis na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, ní foláir go mbeidh an Coimisiún in ann leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá bhforáiltear in Airteagal 5a (6) de Chinneadh 1999/468/CE chun leasuithe de chineál teicniúil amháin a ghlacadh.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2195/2002 mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2 agus Airteagal 3:

"Airteagal 2

Glacfaidh an Coimisiún na forálacha is gá chun CPV a athbhreithniú. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 3(2). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 3(3).

Airteagal 3

1. Beidh an Coiste arna bhunú le Cinneadh 71/306/CEE ón gComhairle(*), (dá ngairtear "an Coiste" anseo feasta) de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

3. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

________________________________________

(*) IO L 185, 16.8.1971, lch. 15. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 77/63/CEE (IO L 13, 15.1.1977, lch. 15)."

Treoir 2004/17/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena gcomhordaítear na nósanna imeachta um sholáthar de chuid eintiteas a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist[27]

Maidir le Treoir 2004/17/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún coigeartuithe teicniúla a dhéanamh ar eilimintí áirithe den téacs agus a iarscríbhinní, i bhfianaise ascnaimh theicniúil nó forbairtí sna Ballstáit, agus na tairseacha chun an córas seo a chur i bhfeidhm a athbhreithniú. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 17/2004/CE a leasú, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Ar mhaithe le héifeachtacht, agus de bharr ceanglas ama a thig ó rialacha ríomhaireachta agus foilsithe dá bhforáiltear, ba chóir na gnáth-theorainneacha ama atá infheidhme faoi chuimsiú an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a ghiorrú chun tairseacha áirithe a athbhreithniú.

Nuair nach féidir, ar mhórchúiseanna práinne, cloí leis na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, ba chóir go mbeadh an Coimisiún in ann leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá bhforáiltear in Airteagal 5a (6) de Chinneadh 1999/468/CE chun leasuithe de chineál teicniúil amháin a ghlacadh.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2004/17/CE mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 68:

"Airteagal 68

Coiste

1. Beidh an Coiste arna bhunú le Cinneadh 71/306/CEE ón gComhairle(*), (dá ngairtear "an Coiste" anseo feasta) de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

3. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

4. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus 5(b) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Dhá sheachtain a bheidh sna teorainneacha ama atá leagtha síos in Airteagal 5a (3)(c), 4(b) agus (4)(e) de Chinneadh 1999/468/CE.

5. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) (2), (4) agus (6), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

_________________________________________

(*) IO L 185, 16.8.1971, lch. 15. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 77/63/CEE (IO L 13, 15.1.1977, lch. 15)."

(2) Leasaítear Airteagal 69 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 1:

"Fíoróidh an Coimisiún na tairseacha atá bunaithe in Airteagal 16 gach dara bliain amhail ón 30 Aibreán 2004, agus athbhreithneoidh sé iad, más gá, maidir leis an dara fomhír. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 68(4). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 68(5)."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 2:

"Nuair atá an t-athbhreithniú dá bhforáiltear i mír 1 á dhéanamh, cuirfidh an Coimisiún na tairseacha dá bhforáiltear in Airteagal 61 (na comórtais) ar chomhréim leis an tairseach athbhreithnithe is infheidhme maidir le conarthaí seirbhísí. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 68(4). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 68(5)."

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 70:

"Airteagal 70

Leasuithe

1. Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 68(2), an méid seo a leanas a leasú:

(a) an nós imeachta maidir leis na sonraí dá dtagraítear in Iarscríbhinn XX a tharchur agus a fhoilsiú ar fhorais a bhaineann le hascnamh teicniúil nó ar chúiseanna riaracháin;

(b) na nósanna imeachta maidir le dréachtú, tarchur, glacadh, aistriú, bailiú agus dáileadh na bhfógraí dá dtagraítear in Airteagail 41, 42, 43 agus 63;

(c) ar mhaithe le simpliú i gcomhréir le hAirteagal 67(3), na nósanna imeachta maidir le húsáid, dréachtú, tarchur, glacadh, aistriú, bailiú agus dáileadh na dtuarascálacha staidrimh dá dtagraítear in Airteagal 67(1) agus (2).

2. Féadfaidh an Coimisiún na heilimintí seo a leanas a leasú:

(a) liosta na n-eintiteas conarthachta in Iarscríbhinní I go X chun go gcomhallfaidh siad na critéir atá leagtha amach in Airteagail 2 go 7;

(b) na nósanna imeachta maidir leis na tagairtí sonracha do shuíomhanna áirithe san ainmníocht CPV sna fógraí;

(c) na huimhreacha tagartha san ainmníocht atá leagtha amach in Iarscríbhinn XVII, sa mhéid is nach n-athróidh sí raon feidhme na Treorach, agus na nósanna imeachta tagartha sna fógraí do shuíomhanna áirithe san ainmníocht sin laistigh de na catagóirí seirbhísí atá liostaithe sna hIarscríbhinní i dtrácht;

(d) na huimhreacha tagartha san ainmníocht atá leagtha amach in Iarscríbhinn XII, sa mhéid is nach n-athróidh sí raon feidhme na Treorach, agus na nósanna imeachta tagartha do shuíomhanna áirithe san ainmníocht sin sna fógraí;

(e) Iarscríbhinn XI;

(f) mionsonraí agus saintréithe teicniúla na ngléasanna a ghlacann go leictreonach dá dtagraítear i bpointí (a), (f) agus (g) d'Iarscríbhinn XXIV;

(g) na nósanna imeachta teicniúla do na modhanna ríomhaireachta dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 69(1) agus (2).

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 68(3). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 68(5)."

Treoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí oibreacha poiblí, conarthaí soláthair phoiblí agus conarthaí seirbhíse poiblí a chomhordú[28]

Maidir le Treoir 2004/18/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún coigeartuithe teicniúla a dhéanamh ar eilimintí áirithe den téacs agus a iarscríbhinní, i bhfianaise ascnaimh theicniúil nó forbairtí sna Ballstáit, agus na tairseacha chun an córas seo a chur i bhfeidhm a athbhreithniú. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2004/18/CE a leasú, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Ar mhaithe le héifeachtacht, agus de bharr ceanglas ama a thig ó rialacha ríomhaireachta agus foilsithe dá bhforáiltear, ba chóir na gnáth-theorainneacha ama atá infheidhme faoi chuimsiú an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a ghiorrú chun tairseacha áirithe a athbhreithniú.

Nuair nach féidir, ar mhórchúiseanna práinne, cloí leis na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, ba chóir go mbeadh an Coimisiún in ann leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá bhforáiltear in Airteagal 5a (6) de Chinneadh 1999/468/CE chun leasuithe de chineál teicniúil amháin a ghlacadh.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2004/18/CE mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 77:

"Airteagal 77

Coiste

1. Beidh an Coiste arna bhunú le Cinneadh 71/306/CEE ón gComhairle(*), (dá ngairtear "an Coiste" anseo feasta) de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

3. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'Airteagal 8 de.

4. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus 5(b) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de. Dhá sheachtain a bheidh sna teorainneacha ama dá bhforáiltear in Airteagal 5a(3)(c), (4)(b) agus (4)(e), de Chinneadh 1999/468/CE.

5. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) (2), (4) agus (6), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

_____________________________________

(*) IO L 185, 16.8.1971, lch. 15. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 77/63/CEE (IO L 13, 15.1.1977, lch. 15)."

(2) Leasaítear Airteagal 78 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 1:

"Fíoróidh an Coimisiún na tairseacha atá bunaithe in Airteagal 7 gach dara bhliain amhail ón 30 Aibreán 2004 agus athbhreithneoidh sé iad más gá. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 77(4). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 77(5)."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Nuair atá an t-athbhreithniú dá bhforáiltear i mír 1 á dhéanamh, cuirfidh an Coimisiún na tairseacha seo a leanas ar chomhréim:

(a) na tairseacha dá bhforáiltear i bpointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 8, in Airteagal 56 agus sa chéad fhomhír d'Airteagal 63(1), leis an tairseach athbhreithnithe atá infheidhme maidir leis na conarthaí oibreacha poiblí;

(b) na tairseacha dá bhforáiltear i bpointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 8, agus i bpointe (a) d'Airteagal 67(1), leis an tairseach athbhreithnithe atá infheidhme maidir le conarthaí seirbhíse poiblí arna dhéanamh ag na húdaráis chonarthachta dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV;

(c) an tairseach dá bhforáiltear i bpointí (b) agus (c) d'Airteagal 67(1), leis an tairseach athbhreithnithe atá infheidhme maidir leis na conarthaí seirbhíse poiblí arna ndámhachtain ag na húdaráis chonarthachta nach dtagraítear dóibh in Iarscríbhinn IV.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 77(4). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 77(5)."

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 79:

"Airteagal 79

Leasuithe

1. Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 77(2), an méid seo a leanas a leasú:

(a) na nósanna imeachta maidir le dréachtú, tarchur, glacadh, aistriú, bailiú agus dáileadh na bhfógraí dá dtagraítear in Airteagail 35, 58, 64 agus 69 agus leis na tuarascálacha staidrimh dá bhforáiltear sa cheathrú fomhír d'Airteagal 35(4) agus in Airteagal 75 agus Airteagal 76;

(b) na nósanna imeachta chun na sonraí dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII a tharchur agus a fhoilsiú ar fhorais a bhaineann le hascnamh teicniúil nó ar chúiseanna riaracháin.

2. Féadfaidh an Coimisiún na heilimintí seo a leanas a leasú:

(a) nósanna imeachta teicniúla na modhanna ríomhaireachta dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 78(1) agus in Airteagal 78(3);

(b) na nósanna imeachta maidir leis na tagairtí sonracha do shuíomhanna áirithe san ainmníocht CPV sna fógraí;

(c) liostaí na gcomhlachtaí agus na gcatagóirí comhlachtaí arna rialú faoin dlí poiblí dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, nuair is léir, ar bhonn fhógraí na mBallstát, gur gá a dhéanamh amhlaidh;

(d) liosta na n-údarás rialtais lárnach dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV, tar éis na n-oiriúnuithe is gá chun éifeacht a thabhairt don Chomhaontú;

(e) na huimhreacha tagartha san ainmníocht atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, sa mhéid is nach n-athróidh sí raon feidhme na Treorach seo, agus na nósanna imeachta tagartha do shuíomhanna áirithe san ainmníocht sin sna fógraí;

(f) na huimhreacha tagartha san ainmníocht atá leagtha amach in Iarscríbhinn II, sa mhéid is nach n-athróidh sí raon feidhme na Treorach seo, agus na nósanna imeachta tagartha sna fógraí do shuíomhanna áirithe san ainmníocht sin laistigh de na catagóirí seirbhísí atá liostaithe san Iarscríbhinn i dtrácht;

(g) nósanna imeachta agus saintréithe teicniúla na ngléasanna a ghlacann go leictreonach, dá dtagraítear i bpointí (a), (f) agus (g) d'Iarscríbhinn X;

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 77(4). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 77(5)."

SLÁINTE AGUS COSAINT TOMHALTÓIRÍ

Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le hábhar salaithe i mbia[29]

Maidir le Rialachán (CEE) Uimh. 315/93, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún tualaingí uasta a leagan síos d'ábhar salaithe sonrach. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

D'fhéadfadh aon mhoill a bhainfeadh le tualaingí uasta a leagan síos d'ábhar salaithe sonrach a bheith ina bhagairt do shláinte an duine nó do shláinte ainmhithe. Nuair nach féidir, ar mhórchúiseanna práinne, cloí leis na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá bhforáiltear in Airteagal 5a (6) de Chinneadh 1999/468/CE chun na tualaingí seo a ghlacadh.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 315/93 mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre d'Airteagal 2(3):

"D'fhonn an tsláinte phoiblí a chosaint agus de bhun mhír 1, féadfaidh an Coimisiún, nuair is gá, na tualaingí uasta d'ábhar salaithe sonrach a leagan síos. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 8(3). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 8(4).

(2) In Airteagal 4(2), cuirtear "Airteagal 8(2)" in ionad "Airteagal 8".

(3) Sa ceathrú fomhír d'Airteagal 5(3), cuirtear "Airteagal 8(2)" in ionad "Airteagal 8".

(4) Leasaítear Airteagal 8 mar seo a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

(b) cuirtear isteach an mhír 4 seo a leanas:

"4. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de."

Treoir 93/74/CEE ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 1993 maidir le hábhair bheatha chun críocha áirithe cothaitheacha[30]

Maidir le Treoir 93/74/CEE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún forálacha ginearálta a ghlacadh maidir leis an bhfaisnéis atá ar áireamh sa liosta úsáidí atá beartaithe agus leasuithe a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le forbairtí i bhfios eolaíoch agus teicniúil, ar an liosta úsáidí atá beartaithe agus na forálacha ginearálta i dtaca leis an bhfaisnéis atá ar áireamh sa liosta úsáidí atá beartaithe a chur i bhfeidhm. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 93/74/CEE a leasú, nó lena forlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Tá ról níos tábhachtaí de réir a chéile ag ábhair bheatha chun críocha áirithe cothaitheacha i gcothú peataí agus i dtógáil beostoic. Ní mór comhdhéanamh agus ullmhú na n-ábhar beatha seo a dhearadh sa chaoi is go sásóidh siad riachtanais chothaitheacha na gcatagóirí peataí nó beostoic a bhféadfaí dochar a dhéanamh dá bpróiseas asamhlaithe agus ionsúcháin nó dá meitibileacht, ar feadh meandair, go sealadach nó ar bhealach do-aisiompaithe. Is gá, ar an ábhar sin, an fhaisnéis bheacht agus shuntasach go léir a thabhairt d'úsáideoir na n-ábhar beatha sin, láithreach bonn, chun cur ar a chumas rogha iomchuí a dhéanamh. De thoradh air sin agus, ar mhaithe le héifeachtacht, ní foláir na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a ghiorrú chun forálacha ginearálta maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear sa liosta úsáidí atá beartaithe a ghlacadh, agus i gcomhréir le forbairtí i bhfios eolaíoch agus teicniúil, chun leasuithe ar liosta na n-úsáidí atá beartaithe a ghlacadh agus na forálacha ginearálta a ghlacadh maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear sa liosta úsáidí atá beartaithe a chur i bhfeidhm.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 93/74/CEE mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

"Airteagal 6

Glacfaidh an Coimisiún:

(a) liosta na n-úsáidí atá beartaithe mar atá leagtha amach san Iarscríbhinn, tráth nach déanaí ná 30 Meitheamh 1994, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 9(2). Beidh ar áireamh sa liosta sin:

- an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5(1)(b), (c), (d) agus (e), agus,

- más iomchuí, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5(2), agus sa dara fomhír d'Airteagal 4(2);

(b) na forálacha ginearálta maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear na tualaingí is infheidhme;

(c) na leasuithe ar na bearta a glacadh i gcomhréir le pointí (a) agus (b) i bhfianaise na bhforbairtí i bhfios eolaíoch agus teicniúil.

Glacfar na bearta dá bhforáiltear i bpointí (b) agus (c), a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, inter alia , trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 9(3).

(2) In Airteagal 8(2), cuirtear "Airteagal 9(2)" in ionad "Airteagal 9".

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9(3):

"3. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus 5(b) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Is dhá mhí, mí amháin agus dhá mhí faoi seach a bheidh sna teorainneacha ama dá bhforáiltear in Airteagal 5a(3)(c), (4)(b) agus (4)(e) de Chinneadh 1999/468/CE."

Treoir 96/23/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1996 maidir le bearta chun monatóireacht a dhéanamh ar shubstaintí áirithe agus ar a n-iarmhair in ainmhithe beo agus i dtáirgí agus lena n-aisghairtear Treoracha 85/358/CEE agus 86/469/CEE agus Cinntí 89/187/CEE agus 91/664/CEE[31]

Maidir le Treoir 96/23/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghlacadh. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir sin a leasú, agus a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi, ba chóir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 96/23/CE mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

"Airteagal 6

1. Ní foláir don phlean bheith i gcomhréir leis na leibhéil agus na minicíochtaí samplála arna leagan síos in Iarscríbhinn IV. Féadfaidh an Coimisiún, áfach, arna iarraidh sin ag Ballstát, na híoscheanglais rialaithe arna leagan síos in Iarscríbhinn IV a choigeartú ar an gcoinníoll go gcruthaítear go soiléir go méadaíonn a leithéidí de choigeartuithe éifeachtúlacht fhoriomlán an phlean i leith an Bhallstáit lena mbaineann agus nach laghdaíonn siad ar chor ar bith a chumas chun iarmhair, nó cásanna, de chóireáil neamhdhlíthiúil a shainaithint le substaintí arna liostú in Iarscríbhinn I. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 33(4).

2. Déanfaidh an Coimisiún athscrúdú ar na grúpaí iarmhar atá le seiceáil i gcomhréir le hIarscríbhinn II agus cinnfidh sé na leibhéil agus na minicíochtaí samplála a chuimsíonn na hainmhithe agus na táirgí dá dtagraítear in Airteagal 3 agus nach bhfuil leagtha síos cheana féin in Iarscríbhinn IV, agus déanfar amhlaidh den chéad uair, laistigh de 18 mí ón Treoir seo a ghlacadh. Agus an méid seo á dhéanamh, cuirfear san áireamh an taithí a fuarthas faoi bhearta náisiúnta atá ann cheana agus ó fhaisnéis a cuireadh ar aghaidh chuig an gCoimisiún de bhun na gceanglas Comhphobail atá ann cheana agus beidh na grúpaí sonracha táirgí sin faoi réir monatóireachta le haghaidh iarmhar. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, inter alia , trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 33(4)."

(2) Leasaítear Airteagal 8 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír agus an tríú fomhír de mhír 1:

"Chomh luath agus a dheimhneoidh an Coimisiún a gcomhlíonadh, cuirfidh sé na pleananna ar aghaidh le haghaidh formheasa i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 33(3).

D'fhonn na hathruithe sa staid i mBallstát áirithe nó i réigiún ar leith de a chur san áireamh, mar aon le torthaí na suirbhéanna náisiúnta nó iniúchtaí a rinneadh faoi chuimsiú Airteagal 16 agus Airteagal 17, féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin ag an mBallstát lena mbaineann, nó ar a thionscnamh féin, Cinneadh a dhéanamh, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 33(2), maidir le plean a faomhadh roimh ré de bhun mhír 2 a leasú nó cur leis."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cúigiú fomhír de mhír 2:

"I gcás go bhfuil tráchtaí ann ó na Ballstáit nó i gcás go bhfuil an Coimisiún den tuairim nach bhfuil an nuashonrú i gcomhréir nó go bhfuil sé easpach, cuirfidh an Coimisiún na pleananna nuashonraithe faoi bhráid an Bhuanchoiste Tréidliachta, agus ní foláir don Choiste sin gníomhú i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 33(3)."

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír d'Airteagal 14(1):

"Tarraingeofar suas liosta de shaotharlanna ainmnithe den sórt sin i gcomhréir leis an nós imeachta arna leagan síos in Airteagal 33(3)."

(4) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír d'Airteagal 15(1) :

"Sonróidh an Coimisiún na rialacha mionsonraithe maidir le samplaí oifigiúla a ghlacadh agus an gnáthamh agus na modhanna tagartha a úsáidfear chun samplaí oifigiúla den sórt sin a anailísiú. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 33(4)."

(5) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an séú fomhír d'Airteagal 20(2):

"I bhfianaise thuairim na saineolaithe, féadfar bearta a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 33(2)."

(6) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír d'Airteagal 21(1) agus (2):

"Glacfaidh an Ballstát lena mbaineann na bearta is gá chun torthaí na bhfíoruithe seo a chur san áireamh agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas maidir leis na bearta a ghlacfar. I gcás go bhfuil an Coimisiún den tuairim go bhfuil na bearta arna nglacadh easpach, déanfaidh sé, tar éis dul i gcomhairle leis an mBallstát i dtrácht agus ag féachaint do na bearta is gá chun an tsláinte phoiblí a chosaint, bearta iomchuí a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 33(2).

2. Cinnfear na rialacha ginearálta maidir leis an Airteagal seo a chur chun feidhme, go háirithe maidir leis an minicíocht agus an modh ina seolfar na fíoruithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 (lena n-áirítear comhar leis na húdaráis inniúla), i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 33(3)."

(7) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 29(2):

"2. I gcás nach gcomhlíonfar ceanglais mhír 1, féadfar iniamh tríú tíre ar liostaí na dtríú tíortha arna leagan síos le reachtaíocht an Chomhphobail nó de thoradh an tsochair réamhliostaithe a chur ar fionraí i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 33(3), arna iarraidh sin dó ag Ballstát nó ag an gCoimisiún as a thionscnamh féin."

(8) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre d'Airteagal 30(3):

"3. Más rud é, i gcásanna a bhaineann le tríú tíortha a bhfuil comhaontuithe coibhéise curtha i gcrích acu leis an gComhphobal, go bhfuil an Coimisiún den tuairim, tar éis dó dul i mbun fiosrúcháin le húdaráis inniúla na dtríú tíortha i dtrácht, gur theip orthu a n-oibleagáidí agus na ráthaíochtaí arna dtabhairt sna pleananna dá dtagraítear in Airteagal 29(1) a chomhlíonadh, ní cheadóidh sé a thuilleadh don tír sin, faoin nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 33(2), sochar a bhaint as na comhaontuithe sin i gcomhair na n-ainmhithe agus na dtáirgí i dtrácht go dtí go gceartaíonn an tír i dtrácht a n-earráidí. Aisghairfear an fionraí faoin nós imeachta céanna."

(9) Scriostar Airteagal 32.

(10) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 33:

"Airteagal 33

1. Beidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe arna bhunú de bhun Airteagal 58 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002(*) de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. I gcás go dtagrófar don Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE.

Cúig lá dhéag a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. I gcás go dtagrófar don Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

4. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

_____________________________

(*) IO L 31, 1.2.2002, lch. 1."

Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 1997 maidir le bianna núíosacha agus comhábhair núíosacha bia[32]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 258/97, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na rialacha mionsonraithe maidir le cosaint sonraí a ghlacadh. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun Rialachán (CE) Uimh. 258/97 a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 mar seo a leanas:

(1) In Airteagal 1(3), cuirtear "Airteagal 13(2)" in ionad "Airteagal 13".

(2) Sa dara fomhír d'Airteagal 3(4) cuirtear "Airteagal 13(2)" in ionad "Airteagal 13".

(3) In Airteagal 4(5), cuirtear "Airteagal 13(2)" in ionad "Airteagal 13".

(4) In Airteagal 7(1), cuirtear "Airteagal 13(2)" in ionad "Airteagal 13".

(5) In Airteagal 8(3), cuirtear "Airteagal 13(2)" in ionad "Airteagal 13".

(6) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

"Airteagal 10

Glacfaidh an Coimisiún na rialacha mionsonraithe maidir leis na sonraí arna soláthar ag an iarrthóir a chosaint. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 13(3)."

(7) In Airteagal 12(2), cuirtear "Airteagal 13(2)" in ionad "Airteagal 13".

(8) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír d'Airteagal 13:

"3. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'Airteagal 8 de."

Cinneadh Uimh. 2119/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear gréasán chun faireachas eipidéimeolaíoch agus rialú a dhéanamh ar ghalair thógálacha sa Chomhphobal[33]

Maidir le Cinneadh 2119/98/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na galair thógálacha agus na critéir chun na galair sin a roghnú a leagan síos chun go bhfolófar iad faoi ghréasán an Chomhphobail, mar aon leis na modhanna faireachais eipidéimeolaíocha agus micribhitheolaíocha. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Chinneadh 2119/98/CE a leasú, agus é a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

D'fhonn gréasán an Chomhphobail a dhéanamh oibríoch agus éifeachtúil maidir le faireachas eipidéimeolaíoch agus chun faisnéis aonfhoirmeach a bhunú laistigh den chreat seo, ba chóir na galair thógálacha atá le cuimsiú sa ghréasán, mar aon leis na critéir a bhaineann le roghnú na ngalar seo agus na modhanna faireachais eipidéimeolaíocha agus micribhitheolaíocha, a chinneadh chomh luath agus a shainaithnítear an galar. Ar mhaithe le héifeachtacht, ba chóir na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a ghiorrú chun cinntí a ghlacadh lena gcinnteofar na galair thógálacha, na critéir maidir le roghnú na ngalar seo agus na modhanna monatóireachta eipidéimeolaíocha agus micribhitheolaíocha, agus maidir leis na leasuithe ar an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2119/98/CE ina bhfuil liosta de chatagóirí na ngalar tógálach.

Nuair a tharlaíonn staid éigeandála maidir leis an gcuma atá ar ghalar tógálach tromchúiseach nó le forbairtí nua i ngalar tógálach tromchúiseach, ba chóir an córas faireachais eipidéimeolaíoch a chur i ngníomh chomh luath agus is féidir, chun an daonra agus an tsláinte phoiblí a chosaint. Nuair nach féidir, ar mhórchúiseanna práinne, na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a chomhlíonadh, ba chóir go mbeadh an Coimisiún in ann leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE chun cinntí a ghlacadh lena gcinnteofar na galair thógálacha, na critéir maidir le roghnú na ngalar seo agus na modhanna faireachais eipidéimeolaíocha agus micribhitheolaíocha, agus maidir leis na leasuithe ar an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2119/98/CE ina bhfuil liosta de chatagóirí na ngalar tógálach.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2119/98/CE mar seo a leanas:

(1) Leasaítear Airteagal 3 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na bhfocal tosaigh:

"D'fhonn oibríocht éifeachtúil ghréasán an Chomhphobail maidir le faireachas eipidéimeolaíoch agus le faisnéis aonfhoirmeach a chur i gcrích laistigh den chreat seo, glacfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:"

(b) Cuirtear an dara fomhír nua agus an tríú fomhír nua seo a leanas leis:

"Glacfar na bearta dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (e), a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, inter alia , trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 7(3). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 7(4) a úsáid.

Glacfar na bearta dá dtagraítear i bpointí (c), (d), (f), (g) agus (h) i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7(2)."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6(5):

"5. Bunófar nósanna imeachta maidir leis an bhfaisnéis agus comhairliúchán dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 agus nósanna imeachta maidir leis an gcomhordú dá dtagraítear i míreanna 1 agus 4 i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7(2)."

(3) Leasaítear Airteagal 7 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus (5)(b), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Is dhá mhí, mí amháin agus dhá mhí faoi seach a bheidh sna teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 5a(3)(c), (4)(b) agus (4)(e) de Chinneadh 1999/468/CE."

(b) Cuirtear isteach an mhír 4 seo a leanas:

"4. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8."

(4) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

"Airteagal 8

Féadfaidh an Coimisiún an Iarscríbhinn a leasú nó a fhorlíonadh. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Chinneadh seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 7(3). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 7(4).”

Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Márta 2000 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hearraí bia a lipéadú, a thíolacadh agus a fhógairt[34]

Maidir le Treoir 2000/13/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na bearta is gá dá cur chun feidhme a ghlacadh. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2000/13/CE a leasú agus/nó a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Ar chúiseanna éifeachtachta, ba chóir na gnáth-theorainneacha ama is infheidhme maidir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a ghiorrú chun liostaí de chatagóirí áirithe bia a leasú.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2000/13/CE mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4(3):

"3. Glacfaidh an Coimisiún na forálacha Comhphobail dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 20(3)."

(2) Leasaítear Airteagal 6 mar seo a leanas:

(a) cuirtear an téacs seo a leanas in ionad phointe (d) den dara fomhír de mhír 3a:

"(d) maidir le táirgí eile, ós rud é gur bearta iad a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 20(3)."

(b) cuirtear an téacs seo a leanas in ionad an dara fleasc den dara fomhír de mhír 6:

"- ní foláir na comhábhair a bhaineann le ceann de na catagóirí a líostaítear in Iarscríbhinn II a ainmniú le hainm na catagóire sin, agus a n-ainm sonrach nó a n-ainm CE ina dhiaidh; sa chás go mbaineann comhábhar le níos mó ná catagóir amháin, tabharfar an chatagóir iomchuí don phríomhfheidhm le fios i gcás an earra bia lena mbaineann;

glacfar na leasuithe ar an Iarscríbhinn i dtrácht i bhfianaise na bhforbairtí i bhfios eolaíoch agus teicniúil, bearta a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 20(4);

ní foláir, áfach, go gcomhlánfar an ainmníocht "stáirse modhnaithe" a liostaítear in Iarscríbhinn II le faisnéis ar a bhunadh plandúil sonrach, nuair a d'fheadfadh glútan a bheith sa chomhábhar sin,"

(c) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír de mhír 7:

"Glacfaidh an Coimisiún na forálacha Comhphobail dá dtagraítear sa mhír seo. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 20(3)."

(d) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír de mhír 11:

"Gan dochar don dara fomhír, féadfaidh an Coimisiún Iarscríbhinn IIIa a leasú, tar éis tuairim a fháil ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia ar bhonn Airteagal 29 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia(*). Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 20(4)."

(3) Leasaítear Airteagal 7 mar seo a leanas:

(a) cuirtear an téacs seo a leanas in ionad phointe (d) de mhír 2:

"(d) sna cásanna a chinnfidh an Coimisiún; déanfar Cinneadh maidir leis na cásanna sin, beart a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 20(3)."

(b) cuirtear an téacs seo a leanas in ionad phointe (d) de mhír 3:

"(d) sna cásanna a chinnfidh an Coimisiún; déanfar Cinneadh maidir leis na cásanna sin, beart a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 20(3)."

(c) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú habairt de mhír 4:

"Glacfaidh an Coimisiún na forálacha Comhphobail seo. Glacfar an beart sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 20(3);"

(4) Leasaítear Airteagal 8 mar seo a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír de mhír 4:

"Féadfaidh an Coimisiún an liosta seo a fhorlíonadh. Glacfar an beart sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 20(3);"

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

"Glacfaidh an Coimisiún na forálacha Comhphobail dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1, i bpointí (b) agus (d) de mhír 2, agus sa dara fomhír de mhír 5. Glacfar an beart sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 20(3);"

(5) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír d'Airteagal 11(2):

"Glacfaidh an Coimisiún na forálacha Comhphobail dá dtagraítear sa mhír seo. Glacfar an beart sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 20(3)."

(6) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16(1):

"1. Áiritheoidh na Ballstáit go dtoirmiscfear earraí bia a dhíol nach bhfuil a gcuid mionsonraí, dá bhforáiltear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4(2), tugtha i dteanga a thuigfidh an tomhaltóir go héasca, ach amháin má thugtar faisnéis don tomhaltóir trí bhearta eile, a chinnfear maidir le mionsonra lipéadaithe amháin nó níos mó. Déanfar an Cinneadh sin, bearta a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, i gcomhréir leis an an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 20(3)."

(7) Leasaítear Airteagal 20 mar seo a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'Airteagal 8 de."

(b) cuirtear isteach an mhír 4 seo a leanas:

"4. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus 5(a) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Is dhá mhí, mí amháin agus dhá mhí faoi seach a bheidh sna teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 5a(3)(c), (4)(b) agus (4)(e) de Chinneadh 1999/468/CE."

(8) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21:

"Airteagal 21

Nuair is gá bearta idirthréimhseacha chun cur i bhfeidhm na Treorach seo a éascú, glacfaidh an Coimisiún iad. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 20(3).

_____________________________

(*) IO L 31, 1.2.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1642/2003 (IO L 245, 29.9.2003, lch. 4)."

Treoir 2001/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2001 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le táirgí tobac a mhonarú, a thíolacadh agus a dhíol[35]

Maidir le Treoir 2001/37/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún rialacha maidir le grianghraif dhaite nó léaráidí ar tháirgí tobac a ghlacadh agus na forálacha maidir le modhanna tomhais agus na forálacha maidir le rabhaidh sláinte a oiriúnú d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2001/37/CE a leasú, nó lena forlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Is bearta de chineál teicniúil, iad na leasuithe ar na modheolaíochtaí tomhais, atá bunaithe ar chomhairle eolaíoch agus ar phléití ar leibhéal idirnáisiúnta laistigh de Chreat-Choinbhinsiún na hEagraíochta Sláinte Domhanda maidir le Rialú Tobac agus ba chóir iad a chur chun feidhme laistigh de reachtaíocht an AE gan mhoill. Dá bhrí sin, ar mhaithe le héifeachtacht, ba chóir na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a ghiorrú chun na modhanna tomhais agus na sainmhínithe lena mbaineann a oiriúnú d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2001/37/CE mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre d'Airteagal 5(3):

"Glacfaidh an Coimisiún na rialacha maidir le grianghraif dhaite nó léaráidí eile a úsáid chun iarmhairtí sláinte ó chaitheamh tobac a thaispeáint agus a mhíniú d'fhonn a áirithiú nach mbainfear an bonn d'fhorálacha an mhargaidh inmheánaigh. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 10(3)."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

"Airteagal 9

Oiriúnuithe

1. Is é an Coimisiún a chinnfidh an t-oiriúnú ar na modhanna tomhais arna leagan síos in Airteagal 4 agus ar na sainmhínithe lena mbaineann d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 10(4).

2. Is é an Coimisiún a chinnfidh an t-oiriúnú ar rabhaidh sláinte a thaispeánfar ar aonad-phaicéid táirgí tobac mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn I d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil agus minicíocht uainíochta na rabhadh sláinte. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 10(3).

3. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin arna leagan síos in Airteagal 10(2), marcáil táirgí tobac chun críocha aitheantais agus rianaithe a oiriúnú d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil."

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

"Airteagal 10

Nós anna imeachta coiste

1. Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

3. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

4. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus (5)(b), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Is dhá mhí, mí amháin agus dhá mhí faoi seach a bheidh sna teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 5a(3)(c), (4)(b) agus (4)(e) de Chinneadh 1999/468/CE."

Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí[36]

Maidir le Treoir 2001/95/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na príomhrialacha agus na nósanna imeachta fógartha maidir le rioscaí tromchúiseacha ó tháirgí a leagan amach agus a oiriúnú. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir sin a leasú, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Ar mhaithe le héifeachtacht agus, go háirithe, toisc go bhfuil sé ina réamhchoinníoll i gcomhair feidhmiú ceart an chórais mear-fholáirimh go mbeadh na príomhrialacha agus nósanna imeachta maidir le fógraí i dtaobh rioscaí tromchúiseacha ó tháirgí leordhóthanach, ba chóir na teorainneacha ama a bhaineann leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a ghiorrú.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2001/95/CE mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) d'Airteagal 4(1)

"(a) cinnfidh an Coimisiún na ceanglais maidir lena bhfuil sé beartaithe a áirithiú go sásóidh na táirgí a chomhlíonann na caighdeáin seo an ceanglas sábháilteachta ginearálta; glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 15(4)."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír d'Airteagal 5(3):

"Oiriúnóidh an Coimisiún na ceanglais shonracha i ndáil leis an oibleagáid maidir le faisnéis atá leagtha síos in Iarscríbhinn I a sholáthar. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 15(5)."

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12(3):

"Leagtar amach nósanna imeachta mionsonraithe le haghaidh RAPEX in Iarscríbhinn II. Is é an Coimisiún a oiriúnóidh iad. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 15(5)."

(4) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

"Airteagal 15

"1. Beidh Coiste de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

3. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Cúig lá dhéag a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

4. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

5. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus (5)(b), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Is dhá mhí, mí amháin agus dhá mhí faoi seach a bheidh sna teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 5a(3)(c), (4)(b) agus (4)(e) de Chinneadh 1999/468/CE."

Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar amach nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia[37]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na forálacha a ghlacadh maidir le líon agus ainmneacha na bPainéal Eolaíoch, na rialacha nós imeachta maidir le hiarratas ar thuairim a thíolacadh don Údarás agus critéir maidir le hinstitiúid a iniamh ar liosta na n-eagraíochtaí inniúla arna n-ainmniú ag na Ballstáit. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 a leasú, agus a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír d'Airteagal 28(4):

"Féadfaidh an Coimisiún líon agus ainmneacha na bPainéal Eolaíoch a oiriúnú i bhfianaise forbairtí teicniúla agus eolaíocha, arna iarraidh sin ag an Údarás. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 58(3)."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 29(6):

"6. Leagfaidh an Coimisiún síos rialacha cur chun feidhme an Airteagail seo tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás. Sonróidh na rialacha seo go háirithe:

(a) an nós imeachta atá le cur i bhfeidhm ag an Údarás maidir leis na hiarrataí a chuirfear ar aghaidh chuige;

(b) na treoirlínte a rialaíonn an mheastóireacht eolaíoch ar shubstaintí, táirgí agus próisis atá faoi réir, faoi reachtaíocht an Chomhphobail, córais réamhúdarúcháin nó iontrála ar liosta dearfach, go háirithe sa chás ina bhforáiltear sa reachtaíocht, nó ina gceadaítear sa reachtaíocht, sainchomhad a thíolacadh ag an iarratasóir chun na críche seo.

Glacfar an beart dá dtagraítear i bpointe (a), a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 58(3).

Glacfar na treoirlínte dá dtagraítear i bpointe (b) i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 58(2)."

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 36(3):

"3. Glacfaidh an Coimisiún na rialacha cur chun feidhme do mhíreanna 1 agus 2 tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás. Sonróidh na rialacha sin, go háirithe, na critéir maidir le hinstitiúid a iniamh ar liosta na n-eagraíochtaí inniúla arna n-ainmniú ag na Ballstáit, na socruithe maidir leis na ceanglais cáilíochta chomhchuibhithe a leagan amach agus na rialacha airgeadais lena rialófar aon tacaíocht airgeadais. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 58(3)."

(4) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3 d'Airteagal 58:

"2. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse atá leagtha síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'Airteagal 8 de.

Rialachán (EC) Uimh. 1774/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Deireadh Fómhair 2002 lena leagtar síos rialacha sláinte a bhaineann le seachtháirgí ainmhíocha nach bhfuil beartaithe mar bhia don duine[38]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún rialacha a leagan síos maidir le hábhair ó sheachtháirgí ainmhíocha de chatagóirí 1, 2 agus 3 a dhiúscairt, a phróiseáil, a allmhairiú/onnmhairiú agus a chlaochlú, mar aon le rialacha maidir le seachtháirgí ainmhíocha a thig ó chríocha atá faoi réir srianta sláinte ainmhithe agus leasacháin orgánacha agus feabhsaithe ithreach a chur ar an margadh; na coinníollacha chun bia peataí agus amhábhar le haghaidh táirgeadh bia peataí a allmhairiú ó thríú tíortha a shainmhíniú mar aon le ceanglais sláinteachais shonracha nó mhalartacha arna leagan síos sna hIarscríbhinní a shainmhíniú. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, agus é a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Nuair nach féidir, ar mhórchúiseanna práinne, na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a chomhlíonadh, ba chóir go mbeadh an Coimisiún in ann leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE chun rialacha a ghlacadh i dtaca le seachtháirgí ainmhíocha, nó táirgí a díorthaíodh astu, agus a thig ó chríocha atá faoi réir srianta sláinte ainmhithe a chur ar an margadh, agus chun rialacha malartacha a ghlacadh i gcomhair cásanna sonracha a bhaineann le seachtháirgí ainmhíocha, nó le táirgí a díorthaíodh astu, agus a thig ó chríocha atá faoi réir srianta sláinte ainmhithe a chur ar an margadh agus chun leasuithe a dhéanamh ar na hIarscríbhinní.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(2):

"2. Féadfaidh na Ballstáit, áfach, rialáil a dhéanamh faoin dlí náisiúnta ar tháirgí nach dtagraítear dóibh in Iarscríbhinní VII agus VIII a allmhairiú agus a chur ar an margadh, ar feitheamh go nglacfaidh an Coimisiún cinneadh. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 33(3). Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas láithreach bonn maidir leis an úsáid a bhainfidh siad as an deis seo."

(2) Leasaítear Airteagal 4 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e) de mhír 2:

"(e) i bhfianaise forbairtí i bhfios eolaíoch, a diúscraíodh trí mheáin eile a d'fhormheas an Coimisiún tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste eolaíoch iomchuí. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 33(3). Féadfaidh na meáin seo na meáin dá bhforáiltear i bpointí (a) go (d) den mhír seo a fhorlíonadh nó iad a ionadú."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte de mhír 4:

"Ní dhéanfar ábhar de chatagóir 1 a allmhairiú ná a onnmhairiú ach amháin i gcomhréir leis an Rialachán seo nó le rialacha arna leagan síos ag an gCoimisiún. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 33(3)."

(3) Leasaítear Airteagal 5 mar seo a leanas:

(a) Leasaítear mír 2 mar seo a leanas:

(i) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c)(i):

"(i) i gcás ábhair phrótéinigh iarmhartaigh, a úsáidtear mar leasachán orgánach nó mar fheabhsaitheoir ithreach i gcomhlíonadh na gceanglas, más ann dóibh, arna leagan síos ag an gCoimisiún tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste eolaíoch iomchuí; glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 33(3),"

(ii) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

"(d) i gcás ábhair de bhunadh éisc, stóráilte mar shadhlas nó mar mhúirín i gcomhréir le rialacha arna nglacadh ag an gCoimisiún; glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 33(3);"

(iii) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e)(iii):

"(iii) a chlaochlaítear i monarcha bithgháis nó mar mhúirín i gcomhréir le rialacha arna leagan síos ag an gCoimisiún; glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 33(3);"

(iv) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

"(g) a diúscraíodh trí mheáin eile, nó a úsáideadh ar bhealaí eile, i gcomhréir leis na rialacha arna leagan síos ag an gCoimisiún tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste eolaíoch iomchuí; glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 33(3). Féadfaidh na meáin seo nó na bealaí seo na meáin agus na bealaí dá bhforáiltear i bpointí (a) go (f) den mhír seo a fhorlíonadh nó a ionadú."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4. Ní dhéanfar ábhar de chatagóir 2 a chur ar an margadh ná a onnmhairiú ach amháin i gcomhréir leis an Rialachán seo nó le rialacha arna leagan síos ag an gCoimisiún. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 33(3)."

(4) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (g), (h) agus (i) d'Airteagal 6(2):

"(g) i gcás dramhaíola ó lónadóireacht dá dtagraítear i mír 1(1), a chlaochlaítear i monarcha bithgháis nó mar mhúirín i gcomhréir le rialacha arna leagan síos ag an gCoimisiún, nó, ar feitheamh go nglacfar a leithéidí de rialacha, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta; glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 33(3);

(h) i gcás ábhair de bhunadh éisc, atá stóráilte mar shadhlas nó mar mhúirín i gcomhréir le rialacha arna nglacadh ag an gCoimisiún; glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 33(3); nó

(i) a diúscraíodh trí mheáin eile, nó a úsáideadh ar bhealaí eile, i gcomhréir leis na rialacha arna leagan síos ag an gCoimisiún tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste eolaíoch iomchuí; glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 33(3). Féadfaidh na meáin seo nó na bealaí seo na meáin agus na bealaí dá bhforáiltear i bpointí (a) go (h) a fhorlíonadh nó a ionadú."

(5) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12(5):

"5. Féadfaidh an Coimisiún na ceanglais atá i míreanna 2 agus 3 a leasú i bhfianaise forbairtí i bhfios eolaíoch, tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste eolaíoch iomchuí. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 33(3)."

(6) Leasaítear Airteagal 16(3) mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

"(d) na ceanglais arna leagan síos in Iarscríbhinní VII agus VIII, nó rialacha mionsonraithe a bheidh le leagan síos ag an gCoimisiún a chomhlíonadh. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 33(3). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 33(4)."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh den dara fomhír:

"Féadfar coinníollacha eile seachas na coinníollacha sin a leagtar amach sa chéad fhomhír a leagan síos i gcásanna sonracha trí chinntí arna nglacadh ag an gCoimisiún. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 33(3). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 33(4).”

(7) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20(2):

"2. Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfar leasacháin orgánacha agus feabhsaitheoirí ithreach, cé is moite de na cinn a tháirgtear as aoileach agus as ábhar ó chonair an díleá, a chur ar an margadh ná a onnmhairiú ach amháin má chomhlíonann siad ceanglais, más ann dóibh, arna leagan síos ag an gCoimisiún tar éis dó dul i gcomhairle leis an gcoiste eolaíoch iomchuí. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 33(3)."

(8) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22(2):

"2. Glacfar rialacha maidir leis an Airteagal seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear rialacha a bhaineann le bearta rialaithe, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 33(2). Féadfaidh an Coimisiún maoluithe ó mhír 1(a) den Airteagal seo a dheonú i ndáil le héisc agus ainmhithe fionnaidh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gcoiste eolaíoch iomchuí. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 33(3)."

(9) Leasaítear Airteagal 23 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d) de mhír 2:

"(d) Sa bhreis air sin, féadfaidh na Ballstáit, faoi mhaoirseacht na n-údarás inniúil, úsáid ábhair ó Chatagóir 1 dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(b)(ii) a údarú chun speicis éan neicreafagach atá i mbaol nó faoi dhianchosaint a chothú i gcomhréir le rialacha arna leagan síos ag an gCoimisiún tar éis dó dul i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 33(3)."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"5. Féadfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe maidir le bearta fíoraithe a ghlacadh. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 33(3)."

(10) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25(3):

"3. Féadfaidh an Coimisiún socruithe mionsonraithe a leagan síos chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear rialacha maidir le minicíocht na seiceálacha agus modhanna tagartha le haghaidh anailísí micribhitheolaíocha. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 33(3)."

(11) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 26(5):

"5. Féadfaidh an Coimisiún socruithe mionsonraithe a leagan síos chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear rialacha maidir le minicíocht na seiceálacha agus modhanna tagartha le haghaidh anailísí micribhitheolaíocha. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 33(3)."

(12) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 28(2):

"Ceadófar, áfach, bia peataí, agus amhábhar le haghaidh táirgeadh bia peataí, a díorthaíodh ó ainmhithe a cóireáladh le substaintí áirithe a thoirmisctear i gcomhréir le Treoir 96/22/CE, a allmhairiú ó thríú tíortha, ar an gcoinníoll go mbeidh a leithéid d'amhábhar marcáilte go buan agus faoi choinníollacha sonracha arna leagan síos ag an gCoimisiún. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 33(3)."

(13) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 32(1):

"1. Tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste eolaíoch iomchuí maidir le haon cheist a d'fhéadfadh tionchar bheith aici ar shláinte ainmhithe nó ar shláinte phoiblí, féadfaidh an Coimisiún na hIarscríbhinní a leasú nó a fhorlíonadh nó aon bhearta idirthréimhseacha iomchuí a ghlacadh. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 33(3). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 33(4).

(14) Leasaítear Airteagal 33 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de";

(b) Cuirtear mír 4 leis:

"4. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) (2), (4) agus (6), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

(15) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4 de Chaibidil III d'Iarscríbhinn II:

"4. Féadfaidh an Coimisiún eiseamláir le haghaidh an doiciméid tráchtála a leagan síos. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 33(3)."

(16) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 11 de Chuid B de Chaibidil II d'Iarscríbhinn III:

"11. Ní foláir fuíolluisce a chóireáil chun a áirithiú, a mhéad is féidir, nach bhfanann aon phaitigin san uisce. Féadfaidh an Coimisiún ceanglais shonracha a leagan síos maidir le cóireáil fuíolluisce ó mhonarchana idirmheánacha de Chatagóir 1 agus Catagóir 2. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 33(3)."

(17) Leasaítear Iarscríbhinn V mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4 de Chaibidil II:

"4. Ní foláir fuíolluisce a thig ón earnáil neamhghlan a chóireáil chun a áirithiú, a mhéad is féidir go praiticiúil, nach bhfanann aon phaitigin san uisce. Féadfaidh an Coimisiún ceanglais shonracha a leagan síos maidir le cóireáil fuíolluisce ó mhonarchana próiseála. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 33(3)."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 5 de Chaibidil V:

"5. Féadfaidh an Coimisiún nósanna imeachta bailíochtaithe bunaithe ar mhodhanna tástála a leagan síos. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 33(3)."

(18) Leasaítear Iarscríbhinn VI mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 8 de Chuid C de Chaibidil I:

"8. Ní foláir táirgí próiseáilte a díorthaíodh ó ábhar de Chatagóir 1 nó 2, cé is moite de tháirgí leachtacha le haghaidh bithgháis nó monarchana múirín, a mharcáil go buan, trí bholadh nuair is féidir go teicniúil é, ag úsáid córais formheasta ag údarás inniúil. Féadfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe maidir lena leithéid de mharcáil a leagan síos. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 33(3)."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2(b) de Chaibidil III:

"(b) i bpróiseas leanúnach ag an teocht 140°C 2 bhar (2000 hPa) ar feadh ocht nóiméad, nó faoi choinníollacha coibhéiseacha arna leagan síos ag an gCoimisiún; glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 33(3)."

(19) Leasaítear Iarscríbhinn VII mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 13(b) de Cuid C de Chaibidil II:

"(b) athphróiseáilte i monarcha próiseála arna fhormheas de bhun an Rialacháin seo nó dí-éillithe trí chóireáil arna údarú ag údarás inniúil. Féadfaidh an Coimisiún liosta cóireálacha ceadaithe a tharraingt suas; glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 33(3). Ní ceadmhach an choinsíneacht a scaoileadh go dtí go ndéanfaidh údarás inniúil cóireáil uirthi agus tástáil le haghaidh salmonella i gcomhréir le mír 10 de Chaibidil I, agus go bhfaighfear toradh diúltach."

(b) Leasaítear Caibidil V mar seo a leanas:

(i) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1 de Chuid A:

"1. Ní foláir bainne amh agus gruth buí a tháirgeadh faoi choinníollacha a thugann ráthaíochtaí leormhaithe maidir le sláinte ainmhithe. Féadfaidh an Coimisiún a leithéid de choinníollacha a leagan síos. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 33(3)."

(ii) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6 de Chuid B :

"6. Sa chás ina sainaithnítear baol go dtabharfaí isteach galar andúchasach nó aon riosca eile do shláinte ainmhithe, féadfaidh an Coimisiún coinníollacha breise a leagan síos chun sláinte ainmhithe a chosaint. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 33(3)."

(c) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3(c) de Chuid B de Chaibidil VI:

"(c) próiseas coibhéiseach táirgthe arna fhormheas ag an gCoimisiún. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 33(3)."

(d) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1 de Chuid A de Chaibidil VII:

"1. Ní foláir fosfáit déchailciam a tháirgeadh le próiseas:

(a) a áiritheoidh go bhfuil an t-ábhar cnáimhe go léir de Chatagóir 3 meilte go mín agus díbhealaithe le huisce te agus cóireáilte le haigéad hidreaclórach caolaithe (ag íostiúchan 4% agus le pH níos lú ná 1.5) thar tréimhse dhá lá ar a laghad;

(b) tar éis an nós imeachta ag (a), go gcóireálfar an licéar fosfarach le haol, a mbeidh deascán fosfáite déchailciam ag pH 4 go 7 mar thoradh air; agus

(c) ag an gcéim deiridh triomaítear an deascán fosfáite déchailciam le teocht ionraoin idir 65°C agus 325°C agus teocht deiridh idir 30°C agus 65°C, nó

trí phróiseas coibhéiseach arna fhormheas ag an gCoimisiún. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 33(3)."

(e) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1 de Chuid A de Chaibidil VIII:

"1. Ní foláir fosfáit tríchailciam a tháirgeadh le próiseas a áiritheoidh:

(a) go bhfuil an t-ábhar cnáimhe go léir de Chatagóir 3 meilte go mín agus díbhealaithe i bhfrithshreabh le huisce te (sliseanna cnáimhe níos lú ná 14 mm);

(b) cócaireacht leanúnach le gal ag 145°C ar feadh 30 nóiméad ag 4 bhar;

(c) go scartar an brat próitéine ón hiodrocsapaitít (fosfáit tríchailciam) trí lártheifneoiriú; agus

(d) gránú na fosfáite tríchailciam tar éis í a thriomú i sreabhleaba le haer ag teocht 200°C; nó

trí phróiseas coibhéiseach táirgthe arna fhormheas ag an gCoimisiún. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 33(3)."

(20) Leasaítear Iarscríbhinn VIII mar seo a leanas:

(a) Leasaítear Cuid A d'Iarscríbhinn IV mar seo a leanas:

(i) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ceathrú fleasc de phointe 3(b)(ii):

"- aon chóireáil eile arna fhoráil ag an gCoimisiún; glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 33(3)."

(ii) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4:

"4. Féadfaidh an Coimisiún na coinníollacha sonracha a leagan síos, nuair is gá, i ndáil le hallmhairiú táirgí le húsáid i ndiagnóis in vitro agus in imoibreáin saotharlainne. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 33(3)."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2(e) de Chuid A de Chaibidil VI:

"(e) leasaithe trí phróiseas eile seachas súdaireacht, arna shonrú ag an gCoimisiún; glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 33(3)."

(c) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4(a)(iii) de Chuid A de Chaibidil VII:

"(iii) leasaithe trí phróiseas eile seachas súdaireacht, arna fhormheas ag an gCoimisiún; glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 33(3)."

Treoir 2002/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 2003 lena leagtar síos caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta do bhailiú, do thástáil, do phróiseáil, do stóráil agus do dháileadh fhuil agus chomhábhair fola an duine agus lena leasaítear Treoir 2001/83/CE[39]

Maidir le Treoir 2002/98/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na ceanglais theicniúla arna leagan amach in Iarscríbhinní I go IV a oiriúnú d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2002/98/CE a leasú, nó a forlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Maidir le stóráil, iompair, dáileadh, cáilíocht agus sábháilteacht fola, chomh maith le ceanglais atá infheidhme maidir le fuilaistriúcháin uathlógacha, tá pléití leanúnacha ar siúl faoi láthair laistigh de Chomhairle na hEorpa. Má táthar ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh sa chomhthéacs seo agus gur léir go bhfuil coinníollacha nua ann atá aitheanta ar bhonn idirnáisiúnta, ba chóir reachtaíocht an AE a oiriúnú dá réir gan mhoill. Ar mhaithe le héifeacht, ba chóir na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a ghiorrú chun na ceanglais maidir le stóráil, iompair, dáileadh, cáilíocht agus sábháilteacht fola, chomh maith le ceanglais atá infheidhme maidir le fuilaistriúcháin uathlógacha, arna leagan amach in Iarscríbhinní I go IV, a oiriúnú d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil.

Sa chás go léiríonn forbairtí eolaíocha agus teicniúla gur chóir faisnéis bhreise a sholáthar do dheontóirí nó a fháil ó dheontóirí, ionas, mar shampla, nach gcuirfeadh deontóirí sláinte daoine eile i mbaol, ba chóir oiriúnú a dhéanamh gan mhoill. Ar an gcuma chéanna, má léiríonn an t-ascnamh eolaíoch go bhfuil critéir incháilitheachta nua ann maidir le hoiriúnacht deontóirí nua fola agus plasma, ba chóir critéir nua iarchuir a chur leis an liosta láithreach bonn. Nuair nach féidir, ar mhórchúiseanna práinne, na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a chomhlíonadh, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE chun na ceanglais theicniúla maidir le faisnéis atá le soláthar do dheontóirí nó le fáil ó dheontóirí, mar aon le ceanglais i ndáil le hoiriúnacht deontóirí fola agus plasma, arna leagan amach in Iarscríbhinní I go IV, a oiriúnú d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2002/98/CE mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 28:

"Airteagal 28

Nósanna imeachta coiste

1. Beidh Coiste de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

4. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus (5)(b), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Is dhá mhí, mí amháin agus dhá mhí faoi seach a bheidh sna teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 5a(3)(c), (4)(b) agus (4)(e) de Chinneadh 1999/468/CE.

5. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de."

(2) Leasaítear Airteagal 29 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

"Cinnfidh an Coimisiún an t-athrú a bheidh le déanamh ar na ceanglais theicniúla arna leagan amach in Iarscríbhinní I go IV chun iad a chur in oiriúint d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 28(3). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 28(5) maidir le ceanglais theicniúla arna leagan amach in Iarscríbhinní III agus IV.”

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh den dara mír:

"Cinnfidh an Coimisiún na ceanglais theicniúla seo a leanas agus a n-oiriúnú d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil:"

(c) Cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

"Glacfar na ceanglais theicniúla dá dtagraítear i bpointí (a), (h) agus (i) den dara mír, bearta a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 28(3).

Glacfar na ceanglais theicniúla dá dtagraítear i bpointí (b), (c), (d), (e), (f) agus (g) den dara mír, bearta a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 28(4). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 28(5) maidir le ceanglais theicniúla dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) den dara mír.”

Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe[40]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, i bhfianaise na bhforbairtí eolaíocha agus an ascnaimh theicniúil, catagóirí breise de bhreiseáin i gcothú ainmhithe agus feidhmghrúpaí breise a bhunú, na leasuithe ar Iarscríbhinn III agus ar choinníollacha ginearálta Iarscríbhinn IV a ghlacadh chun an t-ascnamh teicniúil agus forbairtí eolaíocha a chur san áireamh agus leasuithe ar Iarscríbhinn II a ghlacadh. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 a leasú, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Is éard atá sna breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe substaintí, miocrorgánaigh nó ullmhóidí a chuirtear d'aontoisc le hábhair bheatha ainmhithe nó leis an uisce chun, go háirithe, ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh: riachtanais chothaitheacha na n-ainmhithe a shásamh, éifeacht dhearfach a bheith acu ar shaintréithe na mbeathaí ainmhithe nó na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch, ar dhath na n-iasc nó na n-éan ornáideach, ar na hiarmhairtí atá ag táirgeadh ainmhithe ar an gcomhshaol, ar tháirgeadh, aschur agus leas na ainmhithe. D'fhonn na feabhais a thabharfadh úsáid dá leithéidí de bhreiseáin a áirithiú agus, dá thoradh, méadú i dtáirgiúlacht agus i gcáilíocht an táirgthe ainmhithe, ní foláir an rochtain a bheidh ag na breiseáin ar an margadh a dhéanamh éasca agus tapa. Ar mhaithe le héifeachtacht, ní foláir na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a ghiorrú chun na bearta sin lena mbunaítear catagóirí breise de bhreiseáin i gcothú ainmhithe agus na feidhmghrúpaí forlíontacha a ghlacadh agus chun na leasuithe ar Iarscríbhinní II, III agus IV a ghlacadh.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(5):

"5. Más iomchuí, féadfaidh an Coimisiún, i bhfianaise na bhforbairtí eolaíocha nó an ascnaimh theicniúil, na coinníollacha ginearálta arna leagan síos in Iarscríbhinn IV a oiriúnú. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 22(4)"

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6(3):

"3. Más iomchuí, bunóidh an Coimisiún, i bhfianaise na bhforbairtí eolaíocha nó an ascnaimh theicniúil, catagóirí breise de bhreiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus feidhmghrúpaí forlíontacha. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 22(4)."

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír d'Airteagal 7(5):

"Tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás, féadfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe breise a leagan síos chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme. Ba cheart go ndéanfadh na rialacha seo idirdhealú, más iomchuí, idir na ceanglais maidir le breiseáin i mbeathaí bia-ainmhithe agus na ceanglais maidir le beathaí d'ainmhithe eile, go háirithe peataí. Áireofar sna rialacha cur chun feidhme forálacha lena gceadófar nósanna imeachta simplithe a chur i bhfeidhm chun breiseáin atá údaraithe lena n-úsáid i mbia a údarú. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 22(3)."

(4) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16(6):

"Féadfaidh an Coimisiún leasuithe ar Iarscríbhinn III a ghlacadh chun ascnamh teicniúil agus forbairtí eolaíocha a chur san áireamh. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 22(4)."

(5) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír d'Airteagal 21:

"Glacfar rialacha mionsonraithe maidir le hIarscríbhinn II a chur chun feidhme agus aon leasuithe ar an Iarscríbhinn sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

Féadfaidh an Coimisiún Iarscríbhinn II a leasú. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 22(4)."

(6) Leasaítear Airteagal 22 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

(b) Cuirtear isteach an mhír 4 seo a leanas:

"4. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus 5(b) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Is dhá mhí, mí amháin agus dhá mhí faoi seach a bheidh sna teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 5a(3)(c), (4)(b) agus (4)(e) de Chinneadh 1999/468/CE."

Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Samhain 2003 maidir le blastáin deataigh a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid i mbianna nó ar bhianna[41]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghlacadh. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 a leasú trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18:

"Airteagal 18

Leasuithe

1. Glacfaidh an Coimisiún leasuithe ar na hIarscríbhinní tar éis dó dul i gcomhairle leis an Údarás chun chúnamh eolaíoch agus/nó teicniúil a fháil. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 19(3).

2. Glacfar leasuithe ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 6(1) i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 19(2) tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás chun chúnamh eolaíoch agus/nó teicniúil a fháil."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19(3):

"3. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le salmonella agus le hoibreáin zónóiseacha bhia-iompartha a rialú[42]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún spriocanna an Chomhphobail a ghlacadh chun leitheadúlacht zónóisí agus oibreán zónóiseach a laghdú, modhanna sonracha rialaithe agus rialacha sonracha a bhaineann leis na critéir chun meastóireacht a dhéanamh ar mhodhanna tástála a ghlacadh, agus freagrachtaí agus cúraimí a leagan síos do na saotharlanna tagartha agus do na rialacha maidir le rialuithe an Chomhphobail a chur chun feidhme. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán sin a leasú, agus a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003 mar seo a leanas:

(1) Leasaítear Airteagal 4 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír de mhír 1:

"Bunóidh an Coimisiún na spriocanna, agus aon leasuithe orthu. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia , trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(3)."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) de mhír 6:

“(a) Féadfaidh an Coimisiún Iarscríbhinn I a leasú chun na gcríoch atá liostaithe i bpointe (b), tar éis dó, go háirithe, na critéir arna liostú i bpointe (c) a chur san áireamh. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(3)."

(c) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

"7. Féadfaidh an Coimisiún Iarscríbhinn III a leasú nó a fhorlíonadh. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(3)."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(6):

"6. Féadfaidh an Coimisiún na ceanglais agus na rialacha maidir leis na rialacha íosta samplála arna leagan síos in Iarscríbhinn II a leasú, a oiriúnú nó a fhorlíonadh, tar éis dó, go háirithe, na critéir arna liostú i bpointe (c) d'Airteagal 4(6) a chur san áireamh. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(3)."

(3) Leasaítear Airteagal 8(1) mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na bhfocal tosaigh:

"Ar thionscnamh an Choimisiúin nó arna iarraidh ag Ballstát:"

(b) Cuirtear an dara fomhír seo a leanas leis:

"Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(3)."

(4) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9(4):

"4. Gan dochar d'Airteagal 5(6), féadfaidh an Coimisiún rialacha sonracha a leagan síos maidir le go socróidh na Ballstáit na critéir dá dtagraítear in Airteagal 5(5) agus i mír 2 den Airteagal seo. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(3)."

(5) Leasaítear Airteagal 10 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na dara habairte i mír 4 :

"Déanfar tréada agus bólachtaí a thástáil le haghaidh zónóisí agus oibreán zónóiseach arna liostú sa chéad cholún d'Iarscríbhinn I, nó, más gá, chun cuspóir a bhaineann le ráthaíochtaí coibhéiseacha arna leagan síos i mír 1 a bhaint amach, le haghaidh a leithéidí de zónóisí agus d'oibréain zónóiseacha agus a bheidh sonraithe ag an gCoimisiún. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(3)."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"5. Féadfar an Ballstát cinn scríbe a údarú, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 14(2), a cheangal ar feadh idirthréimhse go gcomhlíonfaidh torthaí na tástála dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo na critéir chéanna agus atá leagtha síos faoina chlár náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 5(5). Féadfar an t-údarú a tharraigt siar agus, gan dochar d'Airteagal 5(6), féadfaidh an Coimisiún rialacha sonracha maidir lena leithéidí de chritéir a leagan síos. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(3)."

(6) Leasaítear Airteagal 11 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Leagfaidh an Coimisiún síos na freagrachtaí agus na cúraimí a bheith ar shaotharlanna tagartha an Chomhphobail, go háirithe maidir le comhordú a ngníomhaíochtaí agus gníomhaíochtaí na saotharlann tagartha náisiúnta. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(3)."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4. Féadfaidh an Coimisiún freagrachtaí agus cúraimí áirithe a bheidh ar na saotharlanna tagartha náisiúnta a leagan síos, go háirithe maidir le comhordú a ngníomhaíochtaí agus gníomhaíochtaí na saotharlann ábhartha sna Ballstáit arna n-ainmniú faoi Airteagal 12(1)(a). Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(3)."

(7) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír d'Airteagal 12(3):

"Nuair is gá, féadfaidh an Coimisiún modhanna eile tástála a fhormheas. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(3)."

(8) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

"Airteagal 13

Bearta cur chun feidhme agus bearta idirthréimhseacha

Féadfaidh an Coimisiún bearta idirthréimhseacha nó bearta cur chun feidhme iomchuí, lena n-áirítear na leasuithe is gá ar dheimhnithe sláintíochta, a ghlacadh. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia , trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(3)."

(9) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14(3):

"3. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

(10) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17(2):

"2. Leagfaidh an Coimisiún síos rialacha maidir leis an Airteagal seo a chur chun feidhme, go háirithe rialacha a rialaíonn an nós imeachta le haghaidh comhair le húdaráis inniúla náisiúnta. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 14(3)."

Treoir 2004/23/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 i dtaobh caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta a leagan síos do dheonú, soláthar, tástáil, próiseáil, caomhnú, stóráil agus dáileadh fíochán agus ceall daonna[43]

Maidir le Treoir 2004/23/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún ceanglais inrianaitheachta maidir le fíocháin agus cealla agus na nósanna imeachta forfheidhmithe gaolmhara a leagan síos, mar aon le ceanglais theicniúla áirithe a bhaineann le, inter alia , corás creidiúnaithe do bhunaíochtaí fíocháin agus do dheonú, soláthar, tástáil, próiseáil, caomhnú, stóráil agus dáileadh fíochán agus ceall daonna. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 91/676/CE a leasú, agus a forlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Nuair a úsáidtear fíocháin agus cealla chun críocha forchuir i gcorp an duine tá baol ann i gcónaí go dtarchuirfí galar nó go mbeadh éifeachtaí díobhálacha ionchasacha eile aige don fhaighteoir. Féadfar an baol sin a laghdú trí na dheontóirí a roghnú go cúramach agus trí gach deonadh a thástáil go cúramach. Go háirithe, a bhuíochas d'ascnamh eolaíoch, d'fhéadfaí critéir nua incháilitheachta chun deontóirí a roghnú agus ceanglais nua maidir le tástálacha saotharlainne a fhorbairt, agus ba chóir, ar an ábhar sin, iad a chur chun feidhme laistigh de reachtaíocht an AE gan mhoill chun deontóirí ionchasacha a d'fhéadfadh sláinte daoine eile a chur i mbaol a eisiamh. Ar mhaithe le héifeachtacht, ba chóir na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a ghiorrú chun cinntí a ghlacadh maidir le critéir roghnúcháin do dheontóirí fíochán agus/nó ceall agus do na tástálacha saotharlainne is gá a dhéanamh ar dheontóirí.

Tá stóráil, iompar agus dáileadh fíochán agus ceall ina ábhar caibidle laistigh de Chomhairle na hEorpa. Ba chóir aon dul chun cinn a dhéanfar sa chomhthéacs seo, a léireodh coinníollacha nua atá aitheanta ar bhonn idirnáisiúnta, a chur chun feidhme laistigh de reachtaíocht an AE gan mhoill. Ar mhaithe le héifeachtacht, ba cheart na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a ghiorrú chun go nglacfar cinntí maidir le próiseáil, stóráil agus dáileadh fíochán agus ceall.

Sa chás go soláthraíonn forbairtí eolaíocha agus teicniúla maidir le critéir roghnúcháin agus tástálacha saotharlainne do dheontóirí fianaise nua ar ghalair a tharchuirtear trí dheonú, ba chóir reachtaíocht an Chomhphobail a oiriúnú go tapa ar an ábhar sin. Nuair nach féidir, ar mhórchúiseanna práinne, cloí leis na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE chun cinntí a ghlacadh maidir le critéir roghnúcháin a bhaineann le deontóirí fíochán agus/nó ceall agus le tástálacha saotharlainne is gá a dhéanamh ar dheontóirí.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2004/23/CE mar seo a leanas:

(1) Leasaítear Airteagal 8 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"5. Glacfaidh an Coimisiún na ceanglais inrianaitheachta maidir le fíocháin agus cealla, agus maidir le táirgí agus ábhair a thagann i dteagmháil leis na fíocháin agus na cealla seo agus a mbíonn tionchar acu ar a gcáilíocht agus a sábháilteacht. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 29(3)."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

"6. Bunóidh an Coimisiún na nósanna imeachta maidir le hinrianaitheacht a áirithiú ar leibhéal an Chomhphobail. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 29(3)."

(2) Leasaítear Airteagal 28 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása tosaigh:

"Cinnfidh an Coimisiún na ceanglais theicniúla seo a leanas agus a n-oiriúnú d'ascnamh eolaíoch agus teicniúil:"

(b) Cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

"1. Glacfar na ceanglais theicniúla dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c), (f), (g) agus (i), bearta a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 29(3).

2. Glacfar na ceanglais theicniúla dá dtagraítear i bpointí (d), (e) agus (h), bearta a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 29(4). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 29(5) maidir le ceanglais theicniúla dá dtagraítear i bpointí (d) agus (e) d'Airteagal 28.”

(4) Leasaítear Airteagal 29 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

(b) Cuirtear isteach na míreanna 4 agus 5 seo a leanas:

"4. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1) go (4) agus (5)(b), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Is dhá mhí, mí amháin agus dhá mhí faoi seach a bheidh sna teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 5a(3)(c), (4)(b) agus (4)(e) de Chinneadh 1999/468/CE.

5. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8."

Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh dlí beatha agus bia, rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe a áirithiú[44]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na bearta cur chun feidhme maidir le modhanna samplála agus anailíse a ghlacadh, na coinníollacha faoinar féidir cóireálacha speisialta a dhéanamh a shainmhíniú, na rátaí íosta le haghaidh aon táillí nó muirear a thabhairt suas chun dáta, na himthosca ina mbeidh deimhniúchán oifigiúil ag teastáil a shainmhíniú, liostaí na saotharlann tagartha Comhphobail a leasú agus a thabhairt suas chun dáta, na critéir a leagan síos maidir le rioscaí a bhaineann le táirgí a onnmhaireofar go dtí an Comhphobal agus le coinníollacha allmhairithe sonracha a mheasúnú. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, nó a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 mar seo a leanas:

(1) Leasaítear Airteagal 11(4) mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása tosaigh:

"Féadfaidh an Coimisiún na bearta cur chun feidhme seo a leanas a ghlacadh:"

(b) Cuirtear an dara fomhír seo a leanas leis:

"Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 62(4)."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20(2):

"2. Áiritheoidh an t-údarás inniúil go gcuirfear na cóireálacha speisialta i gcrích i mbunaíochtaí atá faoina rialú, nó faoi rialú Ballstáit eile, agus i gcomhréir leis na coinníollacha atá sainmhínithe ag an gCoimisiún. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 62(4). Nuair nach bhfuil a leithéid de choinníollacha ann, cuirfear na cóireálacha speisialta i gcrích i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta."

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír d'Airteagal 27(3):

"Tabharfaidh an Coimisiún na rátaí dá bhforáiltear i Roinn B d'Iarscríbhinn IV agus i Roinn B d'Iarscríbhinn V suas chun dáta gach dara bliain ar a laghad, go háirithe chun boilsciú a chur san áireamh. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 62(4)."

(4) Leasaítear Airteagal 30(1) mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása tosaigh:

"Gan dochar do na ceanglais i dtaca le deimhniú oifigiúil arna nglacadh chun críocha sláinte ainmhithe nó leasa ainmhithe, féadfaidh an Coimisiún na ceanglais seo a leanas a ghlacadh:"

(b) Cuirtear an dara fomhír nua agus an tríú fomhír nua seo a leanas leis:

"Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 62(4).

Glacfar na bearta dá dtagraítear i bpointí (b) go (g) i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 62(3):"

(5) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 32(5):

"5. Féadfaidh an Coimisiún saotharlanna tagartha Comhphobail inniúla eile sna réimsí a luaitear in Airteagal 1 a áireamh in Iarscríbhinn VII. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 62(4). Féadfar Iarscríbhinn VII a thabhairt suas chun dáta i gcomhréir leis an nós imeachta céanna."

(6) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír d'Airteagal 46(3):

"Is é an Coimisiún a leagfaidh síos na critéir maidir le rioscaí a chinneadh chun críocha an mheasúnaithe ar rioscaí dá dtagraítear i bpointe (a). Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 62(4)."

(7) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 48(1):

"1. Sa mhéid is nach ndéantar foráil i reachtaíocht an Chomhphobail do na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe atá le comhlíonadh nuair a allmhairítear táirgí ó thríú tíortha nó ó réigiúin i dtríú tíortha, agus go háirithe le Rialachán (CE) Uimh. 854/2004, leagfaidh an Coimisiún síos iad más gá. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 62(4)."

(8) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 62(4):

"4. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'Airteagal 8 de."

(9) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 63(2):

"2. D'fhonn sainiúlacht Rialachán (CEE) Uimh.2092/91, Rialachán (CEE) Uimh. 2081/92 agus Rialachán (CEE) 2082/92 a chur san áireamh, d'fhéadfadh bearta sonracha a ghlacfaidh an Coimisiún foráil a dhéanamh do na maoluithe agus na coigeartuithe is gá ar na rialacha arna leagan síos sa Rialachán seo. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 62(4)."

(10) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 64:

"Airteagal 64

Leasuithe ar na hIarscríbhinní agus tagairtí do chaighdeáin Eorpacha

Glacfar na bearta seo a leanas, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 62(4)."

1) féadfar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a thabhairt suas chun dáta, cé is moite d'Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn IV agus Iarscríbhinn V, gan dochar d'Airteagal 27(3), go háirithe chun athruithe riaracháin agus ascnamh eolaíoch agus/nó teicniúil a chur san áireamh;

2) féadfar na tagairtí do na caighdeáin Eorpacha dá dtagraítear sa Rialachán seo a thabhairt suas chun dáta i gcás go leasóidh an Coiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) na tagairtí sin."

Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus nithe a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia agus lena n-aisghairtear Treoracha 80/590/CEE agus 89/109/CEE[45]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún bearta sonracha a ghlacadh le haghaidh grúpaí ábhar agus nithe, údarú Comhphobail le haghaidh substainte a ghlacadh, mar aon leis an údarú sin a athrú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 a leasú, agus a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

D'fhonn iomaíochas agus nuálaíocht thionscal na hEorpa a neartú, ba chóir ábhair agus nithe a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia a chur ar an margadh chomh luath agus is féidir a luaithe is a áiritheofar a sábháilteacht. Ar mhaithe le héifeachtacht, ba cheart na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a ghiorrú chun go nglacfar liosta na substaintí a n-údarófar le húsáid i monarú ábhar agus nithe; liosta(í) substaintí údaraithe a ionchorpraítear in ábhair nó nithe gníomhacha nó cliste a bheidh i dtadhall le bia, liosta(í) ábhar nó nithe gníomhacha nó cliste agus, nuair is gá, coinníollacha speisialta úsáide le haghaidh na substaintí seo agus/nó na n-ábhar agus na nithe ina n-ionchorpraítear iad; caighdeáin íonachta; coinníollacha speisialta úsáide le haghaidh substaintí áirithe agus/nó ábhar nó nithe ina n-úsáidtear iad; teorainneacha sonracha maidir le haistriú comhábhar áirithe nó grúpaí de chomhábhair isteach i mbia nó ar bhia; leasuithe ar na treoracha sonracha reatha maidir le hábhair agus nithe; údaruithe Comhphobail mar aon lena n-athrú, a bhfionraí nó a gcúlghairm.

Nuair nach féidir, ar mhórchúiseanna práinne, cloí leis na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE chun bearta sonracha a ghlacadh maidir le húdaruithe Comhphobail a athrú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 mar seo a leanas:

(1) Leasaítear Airteagal 5 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 1:

"Maidir leis na ngrúpaí ábhar agus nithe arna liostú in Iarscríbhinn I agus, nuair is iomchuí, maidir le comhcheangail de na hábhair agus na nithe sin nó ábhair agus nithe athchúrsáilte arna n-úsáid chun monarú a dhéanamh ar na hábhair agus na nithe sin, féadfaidh an Coimisiún bearta sonracha a ghlacadh nó a leasú."

(b) Cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis:

"Glacfaidh an Coimisiún na bearta sonracha dá dtagraítear i bpointe (m) i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

Glacfar na bearta sonracha dá dtagraítear i bpointí (f), (g), (h), (i), (j), (k), (l) agus (n), bearta a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 23(3).

Glacfar na bearta sonracha dá dtagraítear i bpointí (a) go (e), bearta a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 23(4)."

(c) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Féadfaidh an Coimisiún na treoracha sonracha atá ann cheana maidir le hábhair agus nithe a leasú. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 23(4)."

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11(3):

"Glacfaidh an Coimisiún údarú Comhphobail i bhfoirm birt shonraigh dá dtagraítear i mír 1. Glacfar an beart sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 23(4)."

(4) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12(6):

"Glacfaidh an Coimisiún beart sonrach críochnaitheach maidir le húdarú a athrú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm. Glacfar an beart sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 23(4). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 23(5).”

(5) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22:

"Airteagal 22

Glacfaidh an Coimisiún leasuithe ar Iarscríbhinní I agus II. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 23(3)."

(6) Leasaítear Airteagal 23 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

(b) Cuirtear isteach na míreanna 4 agus 5 seo a leanas:

"4. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1) go (4) agus (5)(b), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Is dhá mhí, mí amháin agus dhá mhí faoi seach a bheidh sna teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 5a(3)(c), (4)(b) agus (4)(e) de Chinneadh 1999/468/CE.

5. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de."

FUINNEAMH AGUS IOMPAR

Treoir 96/98/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 1996 maidir le trealamh muirí[46]

Maidir le Treoir 96/98/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún caighdeáin tástála a ghlacadh i gcás go dteipeann ar eagraíochtaí idirnáisiúnta nó go ndiúltaíonn siad iad a ghlacadh nó iad a ghlacadh laistigh de thréimhse réasúnach, an trealamh in Iarscríbhinn A.2 a aistriú go hIarscríbhinn A.1, agus trealamh atá nuálaíoch ar bhonn teicniúil a chur ar bord in imthosca eisceachtúla. Ba chóir, freisin, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, chun críocha na Treorach seo, leasuithe leantacha ar ionstraimí idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm, Iarscríbhinn A a thabhairt suas chun dáta, an deis a chur isteach maidir le modúil áirithe a úsáid don trealamh atá liostaithe in Iarscríbhinn A.1, na colúin atá sna modúl don mheasúnú ar chomhlíonadh a leasú, agus eagraíochtaí caighdeánaithe a áireamh sa sainmhíniú ar na "caighdeáin tástála" dá bhforáiltear in Airteagal 2. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 96/98/CE a leasú, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 96/98/CE mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7(5) agus (6):

"5. I gcás go dteipeann ar na heagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO), nó go ndiúltaíonn siad, na caighdeáin tástála iomchuí maidir le trealamh sonrach a ghlacadh tar éis tréimhse réasúnaí, féadfar caighdeáin atá bunaithe ar obair na n-eagraíochtaí caighdeánaithe Eorpacha a ghlacadh. Glacfar an beart sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3).

6. Nuair a ghlacfar, nó mar is iomchuí, nuair a thiocfaidh na caighdeáin tástála dá dtagraítear i mír 1 nó 5 maidir le trealamh sonrach i bhfeidhm, féadfar an trealamh sin a aistriú ó Iarscríbhinn A.2 go hIarscríbhinn A.1. Glacfar an beart sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3).

Beidh feidhm ag forálacha Airteagal 5 maidir leis an trealamh sin ó dháta an aistrithe sin."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhleisce d'Airteagal 13(2):

"- tá call leis na bearta, cuirfidh sé an Ballstát a thionscain é agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach bonn; nuair a chuirtear an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 síos do lochtanna sna caighdeáin tástála, cuirfidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na páirtithe lena mbaineann, an t-ábhar faoi bhráid an choiste dá dtagraítear in Airteagal 18(1), laistigh de thréimhse dhá mhí, má bheartaíonn an Ballstát a rinne an cinneadh cloí leis, agus tionscnóidh sé an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 18(2)."

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14(5):

"5. Cuirtear an trealamh dá dtagraítear i mír 1 isteach in Iarscríbhinn A.2. Glacfar an beart sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3)."

(4) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre d'Airteagal 17:

"Féadfar an Treoir seo a leasú d'fhonn:

(a) leasuithe leantacha ar ionstraimí idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm chun críocha na Treorach seo;

(b) Iarscríbhinn A a thabhairt suas chun dáta, trí threalamh nua a thabhairt isteach agus trí threalamh a aistriú ó Iarscríbhinn A.2 go hIarscríbhinn A.1 agus a mhalairt;

(c) an deis modúil B + C agus modúl H a úsáid do threalamh arna liostú in Iarscríbhinn A.1, agus trí na colúin atá sna modúil don mheastóireacht ar chomhlíonadh a leasú;

(d) eagraíochtaí caighdeánaithe eile a áireamh sa sainmhíniú ar na "caighdeáin tástála" atá in Airteagal 2.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 18(3)."

(5) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18:

"Airteagal 18

1. Beidh an Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a chosc (COSS) arna bhunú le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002(*) de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Dhá mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'Airteagal 8 de.

(*) IO L 324, 29.11.2002, lch. 1."

Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Samhain 2002 lena mbunaítear Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a chosc (COSS) agus lena leasaítear na Rialacháin maidir le Sábháilteacht Mhuirí agus Truailliú ó Longa a chosc[47]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún Airteagal 2(2) a leasú chun tagairt a áireamh ann d'ionstraimí an Chomhphobail lena dtugtar cumhachtaí cur chun feidhme do COSS ar cumhachtaí iad a thiocfaidh i bhfeidhm tar éis an Rialachán seo a ghlacadh. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 a leasú, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

"1. Beidh an Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a chosc (dá ngairtear 'COSS' anseo feasta) de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Aon mhí amháin a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

"Airteagal 7

Cumhachtaí COSS

Feidhmeoidh COSS na cumhachtaí a dtugtar dó de bhua na reachtaíochta Comhphobail atá i bhfeidhm. Féadfar Airteagal 2(2) a leasú leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 3(3) chun tagairt a áireamh ann d'ionstraimí an Chomhphobail lena dtugtar cumhachtaí cur chun feidhme do COSS ar cumhachtaí iad a thiocfaidh i bhfeidhm tar éis an Rialachán seo a ghlacadh. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 3(3)."

Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2003 maidir le Tuairisciú ar Tharluithe in Eitlíocht Shibhialta[48]

Maidir le Treoir 2003/42/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na hIarscríbhinní a leasú chun na samplaí a fhorleathnú nó a athrú; chun malartú faisnéise a éascú; agus chun bearta maidir le scaipeadh faisnéise ar pháirtithe leasmhara a ghlacadh. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2003/42/CE a leasú, agus lena forlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2003/42/CE mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(2):

"2. Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh na hIarscríbhinní a leasú chun na samplaí a fhorleathnú nó a athrú. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 10(3)."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7(2):

"2. Gan dochar do chearta rochtana an phobail ar dhoiciméid an Choimisiúin, mar atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh.1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), glacfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, bearta maidir le scaipeadh na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 agus na coinníollacha bainteacha ar pháirtithe leasmhara. Beidh na bearta seo, a fhéadfaidh a bheith ina mbearta ginearálta nó ina mbearta leithleacha, bunaithe ar an ngá atá ann:

- an fhaisnéis a theastaíonn ó dhaoine agus ó eagraíochtaí chun feabhas a chur ar shábháilteacht in eitlíocht shibhialta a sholáthar dóibh;

- teorainn a chur le scaipeadh faisnéise agus gan ach an fhaisnéis sin a éilítear chun críocha a húsáideoirí a scaipeadh, d'fhonn rúndacht chuí na faisnéise sin a áirithiú.

Glacfar na bearta leithleacha i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

Glacfar na bearta ginearálta, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 10(3).

Beidh an cinneadh maidir le scaipeadh faisnéise faoin mír seo teoranta don mhéid a éilítear chun críocha a húsáideoirí, gan dochar d'fhorálacha Airteagal 8.

_____________________

(*) IO L 145, 31.5.2001, lch. 43."

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

"Airteagal 10

1. Beidh Coiste arna thionscnamh le hAirteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de."

Treoir 2004/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le Sábháilteacht Aerárthaí Tríú Tíortha a úsáideann Aerfoirt an Chomhphobail[49]

Maidir le Treoir 2004/36/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún bearta a ghlacadh chun faisnéis a fuarthas trí imscrúduithe rampaí arna ndéanamh faoi Chlár SAFA de chuid an Chomhphobail Eorpaigh (CE) a scaipeadh ar pháirtithe leasmhara, agus bearta a ghlacadh lena leasaítear Iarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir, agus lena leagtar síos eilimintí na nósanna imeachta teicniúla a bhaineann le seoladh agus tuairisciú imscrúduithe rampaí SAFA. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2004/36/CE a leasú, agus a forlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2004/36/CE mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6(3):

"3. Gan dochar do chearta rochtana an phobail ar dhoiciméid an Choimisiúin, mar atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh.1049/2001, glacfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, bearta maidir le scaipeadh na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 agus na coinníollacha bainteacha ar pháirtithe leasmhara. Beidh na bearta seo, a fhéadfaidh a bheith ina mbearta ginearálta nó ina mbearta leithleacha, bunaithe ar an ngá atá ann:

- an fhaisnéis a theastaíonn ó dhaoine agus ó eagraíochtaí chun feabhas a chur ar shábháilteacht in eitlíocht shibhialta a sholáthar dóibh;

- teorainn a chur le scaipeadh faisnéise agus gan ach an fhaisnéis sin a éilítear chun críocha a húsáideoirí a scaipeadh, d'fhonn rúndacht chuí na faisnéise sin a áirithiú.

Glacfar na bearta leithleacha i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 10(3).

Glacfar na bearta ginearálta, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, trína forlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 10(4)."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

"Airteagal 10

1. Beidh an Coiste arna bhunú le hAirteagal 12 de Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91(*) de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

3. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

4. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

5. Thairis sin, féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle leis an gCoiste maidir le haon ábhar a bhaineann leis an Treoir seo a chur i bhfeidhm.

_________________________________

(*) IO L 373, 31.12.1991, lch. 4."

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

"Airteagal 12

Féadfaidh an Coimisiún na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo a leasú.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 10(4)."

Rialachán (CE) Uimh. 868/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le cosaint ar fhóirdheonú agus ar chleachtais éagóracha praghsála a dhéanann díobháil d'aeriompróirí Comhphobail agus iad ag soláthar aersheirbhísí ó thíortha nach comhaltaí den Chomhphobal Eorpach[50]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 868/2004, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún modheolaíocht mhionsonraithe a fhorbairt chun a shuíomh go bhfuil cleachtais éagóracha praghsála ann. Ba chóir go gcuimseodh an mhodheolaíocht seo, inter alia , an chaoi ina measúnófar gnáthphraghsáil iomaíoch, costais iarbhír agus corrlaigh bhrabúis réasúnacha i gcomhthéacs sonrach na hearnála eitlíochta. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 868/2004 a leasú, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 868/2004 mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(3):

"3. Forbróidh an Coimisiún modheolaíocht mhionsonraithe chun a shuíomh go bhfuil cleachtais éagóracha praghsála ann. Ba chóir go gcuimseodh an mhodheolaíocht seo, inter alia , an chaoi ina measúnófar gnáthphraghsáil iomaíoch, costais iarbhír agus corrlaigh bhrabúis réasúnacha i gcomhthéacs sonrach na hearnála eitlíochta. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 15(3a)."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

"Airteagal 15

Nós imeachta coiste

1. Beidh Coiste arna bhunú le hAirteagal 11 de Rialachán (CEE) Uimh. 2408/92(*) de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

3. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3a. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

________________________________

(*) IO L 240, 24.8.1992, lch. 8."

Treoir 2004/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceanglais íosta sábháilteachta le haghaidh tollán sa Líonra Bóithre Tras-Eorpach[51]

Maidir le Treoir 2004/54/CE, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na leasuithe is gá a dhéanamh chun na hIarscríbhinní a oiriúnú d'ascnamh teicniúil. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Threoir 2004/54/CE a leasú, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2004/54/CE mar seo a leanas:

1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:

"Airteagal 16

Oiriúnú d'ascnamh teicniúil

Oiriúnóidh an Coimisiún na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo d'ascnamh teicniúil. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 17(3)."

2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17:

"Airteagal 17

Coiste

1. Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse atá leagtha síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'Airteagal 8 de."

Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2005 maidir le liosta Comhphobail d’aeriompróirí a tharraingt suas a mbeidh cosc orthu oibríochtaí a sholáthar laistigh den Chomhphobal agus maidir le paisinéirí aeriompair a chur ar an eolas faoi chéannacht an aeriompróra oibríochta agus lena n-aisghairtear Airteagal 9 de Threoir 2004/36/CE[52]

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na critéir chomhchoiteanna maidir le cosc oibríochta a chur ar aeriompróir a mhodhnú chun forbairtí eolaíocha agus teicniúla a chur san áireamh. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2003 a leasú, agus é a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Ar mhaithe le héifeachtacht, ba chóir na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a ghiorrú chun modhnú a dhéanamh ar an Iarscríbhinn ina leagtar amach na critéir chomhchoiteanna maidir le cosc oibríochta ar chúiseanna sábháilteachta a bhreithniú.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(2):

"2. Leagfar amach na critéir chomhchoiteanna maidir le cosc oibríochta ar aeriompróir, a bhunófar ar na caighdeáin sábháilteachta ábhartha, san Iarscríbhinn (agus dá ngairtear na critéir chomhchoiteanna anseo feasta). Féadfaidh an Coimisiún an Iarscríbhinn a mhodhnú, go háirithe chun forbairtí eolaíocha agus teicniúla a chur san áireamh. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Treoir seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 15(4)."

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

"Airteagal 15

1. Beidh an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 (an Coiste) de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

3. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

4. I gcás go dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus (5)(b), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Mí amháin a bheidh sna tréimhsí ama atá leagtha síos in Airteagal 5a(3)(c), (4)(b) agus (4)(e) de Chinneadh 1999/468/CE.

5. Féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle leis an gCoiste i dtaca le haon ábhar eile a bhaineann leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

Innéacs croineolaíoch

(1) Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le hábhar salaithe i mbia – Leathanach 55.

(2) Treoir 93/74/CEE ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 1993 maidir le hábhair bheatha chun críocha áirithe cothaitheacha – Leathanach 56.

(3) Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 1995 maidir le hinnéacsanna comhchuibhithe praghsanna tomhaltóirí- Leathanach 30.

(4) Treoir 96/23/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1996 maidir le bearta chun monatóireacht a dhéanamh ar shubstaintí áirithe agus ar a n-iarmhair in ainmhithe beo agus i dtáirgí agus lena n-aisghairtear Treoracha 85/358/CEE agus 86/469/CEE agus Cinntí 89/187/CEE agus 91/664/CEE - Leathanach 58.

(5) Treoir 96/59/CE ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 1996 maidir le diúscairt défheinilí polaclóirínithe agus trífheinilí polaclóirínithe - Leathanach 20.

(6) Treoir 96/98/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 1996 maidir le trealamh muirí – Leathanach 96.

(7) Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 1997 maidir le bianna núíosacha agus comhábhair núíosacha bia – Leathanach 61.

(8) Treoir 97/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1997 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann leis na bearta i gcoinne astú truailleán gásach agus cáithníneach ó innill dócháin inmheánaigh atá le suiteáil in innealra soghluaiste neamhbhóthair – Leathanach 8.

(9) Rialachán (CE) Uimh. 577/98 ón gComhairle an 9 Márta 1998 maidir le suirbhé samplach ar an bhfórsa saothair a eagrú sa Chomhphobal – Leathanach 32.

(10) Rialachán (CE) Uimh. 1165/98 ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le Staidreamh Gearrthréimhseach – Leathanach 34.

(11) Cinneadh Uimh. 2119/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear gréasán chun faireachas eipidéimeolaíoch agus rialú a dhéanamh ar ghalair thógálacha sa Chomhphobal – Leathanach 62.

(12) Treoir 98/79/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 1998 maidir le feistí liachta diagnóiseacha in vitro – Leathanach 10.

(13) Treoir 98/83/CE ón gComhairle an 3 Samhain 1998 maidir le cáilíocht an uisce a bheartaítear lena ól ag an duine – Leathanach 21.

(14) Treoir 1999/5/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 1999 maidir le Trealamh Raidió agus Trealamh Teirminéil Teileachumarsáide agus le hAitheantas Frithpháirteach a gComhréireachta – Leathanach 12.

(15) Rialachán (CE) Uimh. 530/1999 ón gComhairle an 9 Márta 1999 maidir le staidreamh struchtúrach ar thuilleamh agus ar chostais saothair – Leathanach 42.

(16) Rialachán (CE) Uimh. 141/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1999 maidir le Táirgí Íocshláinte Dílleachta – Leathanach 14.

(17) Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Márta 2000 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hearraí bia a lipéadú, a thíolacadh agus a fhógairt – Leathanach 64.

(18) Rialachán (CE) Uimh. 2037/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin – Leathanach 23.

(19) Treoir 2001/20/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Aibreán 2001 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát maidir le dea-chleachtas cliniciúil a chur chun feidhme i stiúradh trialacha cliniciúla ar tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine – Leathanach 15.

(20) Treoir 2001/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2001 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le táirgí tobac a mhonarú, a thíolacadh agus a dhíol – Leathanach 67.

(21) Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gCód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta – Leathanach 16.

(22) Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí – Leathanach 69.

(23) R5.9. Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar amach nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia – Leathanach 70.

(24) Rialachán (EC) Uimh. 1774/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Deireadh Fómhair 2002 lena leagtar síos rialacha sláinte a bhaineann le seachtháirgí ainmhíocha nach bhfuil beartaithe mar bhia don duine – Leathanach 72.

(25) Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Samhain 2002 lena mbunaítear Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a chosc (COSS) agus lena leasaítear na Rialacháin maidir le Sábháilteacht Mhuirí agus Truailliú ó Longa a chosc – Leathanach 98.

(26) Rialachán (CE) Uimh. 2195/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Samhain 2002 maidir le stór focal comhchoiteann um sholáthar (CPV) – Leathanach 48.

(27) Treoir 2002/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 2003 lena leagtar síos caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta do bhailiú, do thástáil, do phróiseáil, do stóráil agus do dháileadh fhuil agus chomhábhair fola an duine agus lena leasaítear Treoir 2001/83/CE – Leathanach 81.

(28) Rialachán (CE) Uimh. 450/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2003 maidir le hinnéacs na gcostas saothair – Leathanach 43.

(29) Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2003 maidir le Tuairisciú ar Tharluithe in Eitlíocht Shibhialta – Leathanach 99.

(30) Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe – Leathanach 83.

(31) Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Samhain 2003 maidir le blastáin deataigh a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid i mbianna nó ar bhianna – Leathanach 85.

(32) Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le salmonella agus le hoibreáin zónóiseacha bhia-iompartha a rialú – Leathanach 85.

(33) Treoir 2004/17/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena gcomhordaítear na nósanna imeachta um sholáthar de chuid eintiteas a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist – Leathanach 50.

(34) Treoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí oibreacha poiblí, conarthaí soláthair phoiblí agus conarthaí seirbhíse poiblí a chomhordú – Leathanach 52.

(35) Treoir 2004/23/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 i dtaobh caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta a leagan síos do dheonú, soláthar, tástáil, próiseáil, caomhnú, stóráil agus dáileadh fíochán agus ceall daonna – Leathanach 88.

(36) Treoir 2004/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le Sábháilteacht Aerárthaí Tríú Tíortha a úsáideann Aerfoirt an Chomhphobail – Leathanach 88.

(37) Rialachán (CE) Uimh. 868/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le cosaint ar fhóirdheonú agus ar chleachtais éagóracha praghsála a dhéanann díobháil d'aeriompróirí Comhphobail agus iad ag soláthar aersheirbhísí ó thíortha nach comhaltaí den Chomhphobal Eorpach – Leathanach 102.

(38) Treoir 2004/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceanglais íosta sábháilteachta le haghaidh tollán sa Líonra Bóithre Tras-Eorpach – Leathanach 103.

(39) Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh dlí beatha agus bia, rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe a áirithiú – Leathanach 91.

(40) Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus nithe a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia agus lena n aisghairtear Treoracha 80/590/CEE agus 89/109/CEE – Leathanach 93.

(41) Rialachán (CE) Uimh. 1552/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le staidreamh i ndáil le gairmoiliúint i ngnóthais – Leathanach 46.

(42) Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2005 maidir le liosta Comhphobail d’aeriompróirí a tharraingt suas a mbeidh cosc orthu oibríochtaí a sholáthar laistigh den Chomhphobal agus maidir le paisinéirí aeriompair a chur ar an eolas faoi chéannacht an aeriompróra oibríochta agus lena n aisghairtear Airteagal 9 de Threoir 2004/36/CE – Leathanach 104.

(43) Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le Clár Eorpach ar Scaoileadh amach agus Aistriú Truailleán a bhunú agus lena leasaítear Treoracha 91/689/CEE agus 96/61/CE ón gComhairle – Leathanach 26.

(44) Treoir 2006/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2006 maidir le cáilíocht uisce snámha a bhainistiú agus lena n-aisghairtear Treoir 76/160/CEE – Leathanach .

(45) Treoir 2006/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le dramhaíl ó na tionscail eastóscacha a bhainistiú agus lena leasaítear Treoir 2004/35/CE – Leathanach 29.

(46) Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hinnealra, agus lena leasaítear Treoir 95/16/CE (athmhúnlú) – Leathanach 19. [pic][pic]

[1] IO C […], […], lch. […].

[2] IO C […], […], lch. […].

[3] IO C […], […], lch. […].

[4] IO C […], […], lch. […].

[5] IO L 184, 17.7.1999, lch.23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).

[6] IO C 255, 21.10.2006, lch. 1.

[7] IO L 59, 27.2.1998, lch. 1.

[8] IO L 331, 7.12.1998, lch. 1.

[9] IO L 91, 7.4.1999, lch. 10.

[10] IO L 18, 22.1.2000, lch. 1.

[11] IO L 121, 1.5.2001, lch. 34.

[12] IO L 311, 28.11.2001, lch. 1.

[13] IO L 157, 9.6.2006, lch. 24.

[14] IO L 243, 24.9.1996, lch. 31.

[15] IO L 330, 5.12.1998, lch. 32

[16] IO L 244, 29.9.2000, lch. 1.

[17] IO L 33, 4.2.2006, lch. 1.

[18] IO L 64, 4.3.2006, lch. 37.

[19] IO L 102, 11.4.2006, lch. 15.

[20] IO L 257, 27.10.1995, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

[21] IO L 77, 14.3.1998, lch. 3. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1372/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 315, 3.12.2007, lch. 42).

[22] IO L 162, 5.6.1998, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1).

[23] IO L 63, 12.3.1999, lch. 6. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 393, 31.12.2006, lch. 1).

[24] IO L 69, 13.3.2003, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 393, 31.12.2006, lch. 1).

[25] IO L 255, 30.9.2005, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 393, 31.12.2006, lch. 1).

[26] IO L 340, 16.12.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 2151/2003 (IO L 329, 17.12.2003, lch. 1).

[27] IO L 134, 30.4.2004, lch. 1.

[28] IO L 134, 30.4.2004, lch. 114.

[29] IO L 37, 13.2.1993, lch. 1.

[30] IO L 237, 22.9.1993, lch. 23.

[31] IO L 125, 23.5.1996, lch. 10. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2006/104/CE (IO L 363, 20.12.2006, lch. 352).

[32] IO L 43, 14.2.1997 lch. 1.

[33] IO L 268, 3.10.1998, lch. 1. Cinneadh mar atá arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

[34] IO L 109, 6.5.2000, lch. 29. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2006/142/CE ón gCoimisiún (IO L 368, 23.12.2006, lch. 110).

[35] IO L 194, 18.7.2001, lch. 26.

[36] IO L 11, 15.1.2002, lch. 4.

[37] IO L 31, 1.2.2002. lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 575/2006 (IO L 100, 8.4.2006, lch. 3).

[38] IO L 273, 10.10.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 829/2007 (IO L 191, 21.7.2007, lch. 1).

[39] IO L 33, 8.2.2003, lch. 30.

[40] IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.

[41] IO L 309, 26.11.2003, lch. 1

[42] IO L 325, 12.12.2003, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1237/2007 ón gCoimisiún, lch. 5.

[43] IO L 102, 7.4.2004, lch. 48.

[44] IO L 165, 30.4.2004, lch. 1; leagan ceartaithe: IO L 191, 28.5.2004, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1791/2006 ón gComhairle (IO L 363, 20.12.2006, lch. 1).

[45] IO L 338, 13.11.2004, lch. 4.

[46] IO L 46, 17.2.1997, lch. 25.

[47] IO L 324, 29.11.2002, lch. 1

[48] IO L 167, 4.7.2003, lch. 23

[49] IO L 143, 30.4.2004, lch. 76.

[50] IO L 162, 30.4.2004, lch. 1

[51] IO L 167, 30.4.2004, lch. 39.

[52] IO L 344, 27.12.2005, lch. 15.