26.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 24/33 |
TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2023/171 ÓN gCOIMISIÚN
an 28 Deireadh Fómhair 2022
lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine i leith cróimiam heicsifhiúsach mar oibreán in aghaidh creimeadh i dteaschaidéil ionsúite gáis
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (1), agus go háirithe Airteagal 5(1), pointe (a), di,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Treoir 2011/65/AE ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh na substaintí guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin i dtrealamh leictreach agus leictreonach a chuirtear ar an margadh. Níl feidhm ag an srian sin maidir le feidhmeanna díolmhaithe áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin. |
(2) |
Liostaítear catagóirí an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a bhfuil feidhm ag Treoir 2011/65/AE ina leith in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin. |
(3) |
Is substaint é cróimiam heicsifhiúsach a bhfuil srian uirthi agus a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. |
(4) |
An 23 Nollaig 2020, fuair an Coimisiún iarratas a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 5(3) de Threoir 2011/65/AE maidir le díolúine a liostú in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin, i leith cróimiam heicsifhiúsach a úsáid mar oibreán in aghaidh creimeadh i leacht oibrithe an chiorcaid shéalaithe atá déanta as cruach charbóin de theaschaidéil ionsúite gáis (“an díolúine a iarradh”). |
(5) |
Teastaíonn leictreachas ó theaschaidéil ionsúite gáis le haghaidh feidhmeanna cúnta amhail leacht oibrithe a chaidéalú tríd an gcóras. Tagann na teaschaidéil ionsúite gáis a dtugtar tuairisc orthu sa díolúine a iarradh faoi chatagóir 1 “fearais mhóra tí” d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. |
(6) |
Sa mheastóireacht a rinneadh ar an iarratas ar dhíolúine, a raibh staidéar measúnaithe teicniúil agus eolaíoch mar chuid di (2), thángthas ar an gconclúid gur dodhéanta go heolaíoch agus go teicniúil cróimiam heicsifhiúsach sa tuaslagán cuisneáin a ionadú, agus nach féidir le teicneolaíochtaí téimh eile lena gcuirtear deireadh le cróimiam heicsifhiúsach a úsáid i bhfoirm crómáite sóidiam an fheidhmiúlacht agus an fheidhmíocht chomhionann a sholáthar. Is féidir go deimhin le teaschaidéil ionsúite gáis éifeachtúlacht fuinnimh níos airde a sholáthar ná teicneolaíochtaí coirí comhdhlúthúcháin, is féidir leo cuidiú leis na córais sin a ionadú agus d’fhéadfadh coigiltis astaíochtaí dé-ocsaíde a bheith mar thoradh orthu. Dá bhrí sin, thángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht sin gur comhlíonadh ceann ar a laghad de na coinníollacha ábhartha a shonraítear in Airteagal 5(1), pointe (a), de Threoir 2011/65/AE, eadhon gur dócha gur mó tionchair dhiúltacha iomlána don chomhshaol, don tsláinte agus do shábháilteacht an tomhaltóra a bhaineann le cróimiam heicsifhiúsach a ionadú sna húsáidí a chumhdaítear leis an iarratas ar dhíolúine, ná na tairbhí iomlána don chomhshaol, don tsláinte agus do shábháilteacht an tomhaltóra. Mar chuid den mheastóireacht, rinneadh comhairliúcháin le páirtithe leasmhara mar a cheanglaítear le hAirteagal 5(7) de Threoir 2011/65/AE. Cuireadh na barúlacha a fuarthas le linn na gcomhairliúchán sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin tiomnaithe. |
(7) |
Meastar gur leor uastiúchan 0,7 % cróimiam heicsifhiúsach de réir meáchain sa tuaslagán cuisneáin maidir leis an díolúine a iarradh. |
(8) |
Maidir le substaintí a chur ar an margadh lena n-úsáid agus úsáid na substaintí sin a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (3), tá siad faoi réir ceanglas údaraithe faoin Rialachán sin. Liostaítear san Iarscríbhinn sin roinnt comhdhúl cróimiam heicsifhiúsaigh, lena n-áirítear crómáit sóidiam. Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus ag Treoir 2011/65/AE gan dochar dá chéile. Maidir le comhdhúil cróimiam heicsifhiúsaigh a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a úsáid agus maidir leis an gcomhdhúil sin a chur ar an margadh lena húsáid, tá na nithe sin faoi réir údarú faoin Rialachán sin. Ní dhéanann deonú díolúine faoi Threoir 2011/65/AE difear don cheanglas údaraithe sin faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus ní dhéanfadh deonú údaraithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 difear don ghá atá le díolúine a fháil faoi Threoir 2011/65/AE. Níor thángthas ar aon chúis ar dá réir a ndéanfadh deonú na díolúine a iarradh faoi Threoir 2011/65/AE an chosaint don chomhshaol agus don tsláinte a thugtar le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a lagú. |
(9) |
Is iomchuí, dá bhrí sin, an díolúine a iarradh a dheonú trí na feidhmeanna a gcumhdaítear léi in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE a áireamh i dtaca le trealamh leictreach agus leictreonach i gcatagóir 1. |
(10) |
Tuartar go mbeidh gá le níos mó ná 5 bliana chun teacht ar dheiseanna chun an cion cróimiam heicsifhiúsaigh a laghdú agus/nó úsáid cróimiam heicsifhiúsaigh a ionadú nó a dhíothú. Dá bhrí sin, is iomchuí an díolúine a iarradh a dheonú go dtí an 31 Nollaig 2026, i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2011/65/AE. |
(11) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/65/AE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.
Airteagal 2
1. Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31 Lúnasa 2023 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Meán Fómhair 2023.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna déanamh sa Bhruiséil, an 28 Deireadh Fómhair 2022
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 174, 1.7.2011, lch. 88.
(2) Staidéar chun measúnú a dhéanamh ar na hiarrataí ar athnuachan 12 dhíolúine ó Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE - Athbhreithniú ar an iarraidh ar leasú ar dhíolúine III-9: tuarascáil chríochnaitheach.
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, cuirtear an iontráil 9(a)-III seo a leanas isteach:
“9(a)-III |
Suas le 0,7 % cróimiam heicsifhiúsach de réir meáchain, a úsáidtear mar oibreán in aghaidh creimeadh i leacht oibrithe an chiorcaid shéalaithe atá déanta as cruach charbóin de theaschaidéil ionsúite gáis le haghaidh téamh spáis agus uisce |
Tá sé sin infheidhme maidir le catagóir 1 agus rachaidh sé in éag an 31 Nollaig 2026.”. |