30.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 173/52


RIALACHÁN (AE) 2022/1037 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Meitheamh 2022

lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le húsáid glicilipidí mar leasaitheach i ndeochanna

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia (1), agus go háirithe Airteagail 10(3) agus 14 de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bhia (2), agus go háirithe Airteagal 7(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 leagtar síos liosta Aontais de bhreiseáin bhia atá formheasta le húsáid i mbia agus coinníollacha a n-úsáide.

(2)

Leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún (3), leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh breiseáin bia a liostaítear in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008.

(3)

Féadfar liosta an Aontais de bhreiseáin bhia agus na sonraíochtaí le haghaidh breiseáin bhia a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008, ar thionscnamh an Choimisiúin nó tar éis iarratas a fháil ó Bhallstát nó ó pháirtí leasmhar.

(4)

I mí na Nollag 2019, cuireadh iarratas faoi bhráid an Choimisiúin ar údarú maidir le glicilipidí a úsáid mar leasaitheach i ndeochanna blaistithe, i roinnt táirgí eile a thagann faoi chatagóir 14.1 (“deochanna neamhalcólacha”), i mbeoir agus i ndeochanna braiche nach bhfuil alcól iontu.

(5)

Rinne an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) meastóireacht ar shábháilteacht na húsáide atá beartaithe do ghlicilipidí mar bhreiseán bia. Sa tuairim ón Údarás (4) a glacadh an 4 Bealtaine 2021, leagadh síos iontógáil laethúil inghlactha (“ADI”) 10 mg/kg de mheáchan coirp (bw) in aghaidh an lae. Thug an tÚdarás dá aire go bhfuil an meastachán nochta is airde, 3,1 mg/kg bw i lapadáin, laistigh den ADI atá leagtha síos, agus tháinig sé ar an gconclúid nach ábhar imní é ó thaobh sábháilteachta de an nochtadh do ghlicilipidí a bhaineann leis na húsáidí agus na leibhéil úsáide atá beartaithe ag an iarratasóir.

(6)

Táirgtear glicilipidí leis an bhfungas Dacryopinax spathularia trí phróiseas coipthe. Nuair a úsáidtear glicilipidí mar leasaitheach, cuireann siad fad le seilfré deochanna trí na deochanna sin a chosaint ar mheathlú ó mhiocrorgánaigh agus coisceann siad fás miocrorgánach pataigineach. Gníomhaíonn glicilipidí i gcoinne giosta, múscán agus baictéir Ghram-dheimhneacha, agus féadtar iad a úsáid de rogha ar leasaitheacha eile a údaraítear i ndeochanna faoi láthair.

(7)

Dá bhrí sin, is iomchuí úsáid glicilipidí mar leasaitheach sna deochanna a chumhdaítear leis an iarratas a údarú, agus E 246 a shannadh mar E-uimhir don bhreiseán sin.

(8)

Ba cheart na sonraíochtaí le haghaidh glicilipidí (E 246) a áireamh san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 toisc go n-áirítear an breiseán sin ar liosta an Aontais de bhreiseáin bhia a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 den chéad uair.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin (CE) Uimh. 1333/2008 agus (AE) Uimh. 231/2012 a leasú dá réir sin.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Meitheamh 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 354, 31.12.2008, lch. 16.

(2)  IO L 354, 31.12.2008, lch. 1.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún an 9 Márta 2012 lena leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh breiseáin bia a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III de Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 83, 22.3.2012, lch. 1).

(4)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(6):6609


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 mar a leanas:

(a)

I gCuid B, pointe 3 “Breiseáin bia seachas dathanna agus milseoirí”, cuirtear an iontráil nua seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála a bhaineann le breiseán bia E 243:

“E 246

Glicilipidí”

(b)

Leasaítear Cuid E mar a leanas:

(1)

I gCatagóir 14.1.4 (Deochanna blaistithe), cuirtear an iontráil a bhaineann le E 246 (Glicilipidí) isteach i ndiaidh na hiontrála a bhaineann le E 242:

 

“E 246

Glicilipidí

50

 

gan deochanna déiríochta a áireamh”

(2)

I gCatagóir 14.1.5.2 (Eile), cuirtear an iontráil a bhaineann le E 246 (Glicilipidí) isteach i ndiaidh na hiontrála a bhaineann le E 242:

 

“E 246

Glicilipidí

20

(93)

tiúcháin leachtacha tae agus tiúcháin leachtacha torthaí agus tiúcháin insilte luibhe amháin”

(3)

I gCatagóir 14.2.1 (Beoir agus deochanna braiche), cuirtear an iontráil a bhaineann le E 246 (Glicilipidí) isteach i ndiaidh na hiontrála a bhaineann le E 220 - 228:

 

“E 246

Glicilipidí

50

 

beoir agus deochanna braiche nach bhfuil alcól iontu amháin”


IARSCRÍBHINN II

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012, cuirtear an iontráil nua seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála a bhaineann le breiseán bia E 243:

E 246 glicilipidí

Comhchiallaigh

 

Sainmhíniú

Na glicilipidí a tharlaíonn go nádúrtha, faightear iad trí phróiseas coipthe ina n-úsáidtear an tréithchineál tíopa fhiáin MUCL 53181 den fungas Dacryopinax spathularia (glóthbeacán inite). Úsáidtear glúcós mar fhoinse charbóin. Sa phróiseas iartheachtach saor ó thuaslagóirí cuimsítear scagachán agus micreascagachán chun cealla miocróbacha, agus cuimsítear deascadh agus níochán le huisce maolánaithe chun íonúchán a dhéanamh. Déantar an táirge a phaistéaradh agus a spraethriomú. Sa phróiseas táirgthe, ní dhéantar na glicilipidí a mhodhnú go ceimiceach ná a gcomhdhéanamh nádúrtha a athrú.

Uimhir CAS

2205009-17-0

Ainm ceimiceach

Glicilipidí ó Dacryopinax spathularia

Measúnacht

Rud nach lú ná cion iomlán glicilipidí de 93 % ar an mbonn triomaithe.

Tuairisc

Púdar atá idir béas agus donn éadrom, sainbholadh lag

Sainaithint

 

Intuaslagthacht

Comhlíonta (10 g/l in uisce)

pH

Idir 5,0 agus 7,0 (10 g/l in uisce)

Moirtiúlacht

28 NTU ar a mhéad (10 g/l in uisce)

Íonacht

 

Cion uisce

5 % ar a mhéad (Modh Karl Fischer)

Próitéin

3 % ar a mhéad (fachtóir N x 6,25)

Saill

2 % ar a mhéad (meá-mhéadrach)

Sóidiam

3,3 % ar a mhéad

Arsanaic

1 mg/kg ar a mhéad

Luaidhe

0,7 mg/kg ar a mhéad

Caidmiam

0,1 mg/kg ar a mhéad

Mearcair

0,1 mg/kg ar a mhéid

Nicil

2 mg/kg ar a mhéad

Critéir mhicribhitheolaíochta

 

Comháireamh aeróbach iomlán

100 coilíneacht in aghaidh an ghraim ar a mhéad

Giosta agus múscáin

10 gcoilíneacht in aghaidh an ghraim ar a mhéad

Baictéir dhrólannacha

3 MPN in aghaidh an ghraim ar a mhéad

Salmonella spp.

Neamhláithreach in 25g”