19.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 256/53


RIALACHÁN (AE) 2021/1175 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Iúil 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húsáid polól i dtáirgí áirithe milseogra fuinneamhlaghdaithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia (1), agus go háirithe Airteagal 10(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 liosta an Aontais de na breiseáin bia atá formheasta le húsáid i mbia agus coinníollacha a n-úsáide.

(2)

Féadfar an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) ar thionscnamh an Choimisiúin nó tar éis iarratas a fháil.

(3)

An 18 Nollaig 2018, cuireadh iarratas isteach le húdarú a fháil chun polóil a úsáid mar mhilseoir i milseogra crua fuinneamhlaghdaithe (candaí agus líreacáin), milseogra bog (candaí coganta, gumaí torthaí agus táirgí siúcra cúir/leamhacháin), liocras, eithneagán agus prásóg; paistilí scornaí le haghaidh chumhrú na hanála a bhfuil blas láidir orthu agus micrimhilseáin le haghaidh chumhrú na hanála. Cuireadh an t-iarratas sin ar fáil do na Ballstáit ina dhiaidh sin de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008.

(4)

Is milseoirí ar bheagán calraí iad polóil agus féadfar iad a úsáid in ionad siúcraí calracha, go páirteach nó go hiomlán, i dtáirgí áirithe milseogra. Is é an toradh atá air sin laghdú ar líon na gcalraí i dtáirgí milseogra agus táirgeadh táirgí fuinneamhlaghdaithe do thomhaltóirí i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008. Trí úsáid a bhaint as polóil agus siúcraí i milseogra fuinneamhlaghdaithe, soláthraítear milseacht i dtáirgí agus na feidhmiúlachtaí inmhianaithe agus na tréithe orgánaileipteacha nach féidir a bhaint amach le comhábhair eile nó trí gan ach polóil a úsáid.

(5)

Meastar go bhfuil úsáid theoranta polól mar mhilseoirí inghlactha i mbia ar choinníoll go gcuirtear a ngníomhaíocht phurgóideach san áireamh (3). Ní cheadaíonn Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 polóil a úsáid i ndeochanna de ghnáth mar gheall ar na héifeachtaí purgóideacha a leanann iad. Mar sin féin, nuair a úsáidtear polóil i mbianna soladacha, na táirgí milseogra a mbaineann an cur i bhfeidhm leo, cuir i gcás, ní dócha gurb iad na polóil is cúis le haon siomptóm purgóideach neamh-inmhianaithe ag tomhaltas faoi bhun 20 g de pholóil in aghaidh an lae ó gach foinse (4). Dá bhrí sin, ceadaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 cheana féin polóil a úsáid ag quantum satis i gcatagóir bia 05.2 “Milseogra eile lena n-áirítear micrimhilseáin le haghaidh chumhrú na hanála” chun ionadú iomlán a dhéanamh ar shiúcraí i dtáirgí nach bhfuil aon siúcra breise curtha leo, i measc cuspóirí eile. An leathnú úsáide atá beartaithe, ní bhaineann sé ach le hionadú páirteach ar shiúcraí sna cineálacha céanna táirgí, agus dá bhrí sin is ar leibhéal nach bhfuil aon bhaint ag siomptóim phurgóideacha neamh-inmhianaithe leis a bheadh na polóil á n-úsáid.

(6)

De bhun Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008, tá an Coimisiún chun tuairim an Údaráis a lorg d’fhonn liosta an Aontais de bhreiseáin bia a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 a thabhairt cothrom le dáta, ach amháin i gcás nach dóigh nach mbeadh tionchar aige sin ar shláinte an duine. An t-údarú maidir le polóil a úsáid mar mhilseoirí i milseoga fuinneamhlaghdaithe, is nuashonrú é ar an liosta sin nach dóigh go mbeadh tionchar aige ar shláinte an duine, mar aon lena n-úsáid atá údaraithe cheana féin i milseogra nach bhfuil aon siúcra breise curtha leo. Dá bhrí sin, ní gá tuairim an Údaráis a iarraidh. Chun a áirithiú go bhfaighidh tomhaltóirí faisnéis leordhóthanach, ní mór an ráiteas éigeantach “d’fhéadfadh éifeachtaí purgóideacha a bheith mar thoradh ar thomhaltas iomarcach” i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a bheith san áireamh ar an lipéadú ar bhianna a bhfuil níos mó ná 10 % de pholóil bhreise iontu a údaraítear de bhun Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008.

(7)

Mar thoradh air sin, is iomchuí úsáid polól mar mhilseoir a údarú i dtáirgí áirithe fuinneamhlaghdaithe dá dtagraítear sa chéad abairt d’aithris (3) i bhfochatagóir bia 05.2 “Milseogra eile lena n-áirítear micrimhilseáin le haghdaidh chumhrú na hanála” ag quantum satis.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 a leasú dá réir sin.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Iúil 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 354, 31.12.2008, lch. 16.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bia (IO L 354, 31.12.2008, lch. 1).

(3)  Tuarascáil ón gCoiste Eolaíoch um Bia (CEB) maidir le milseoirí (CEB, 1984), Tuairim ón gCoiste Eolaíoch um Bia maidir le hEiríotról (tuairim an 5 Márta 2003).

(4)  Tuarascáil ón gCoiste Eolaíoch um Bia (CEB) maidir le milseoirí (Tuairim a nochtadh an 11 Nollaig 1987 agus an 10 Samhain 1988)

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1924/2006 agus (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2002/67/CE agus 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).


IARSCRÍBHINN

I gCuid E d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008, i gcatagóir bia 05.2 “Milseogra eile lena n-áirítear micrimhilseáin le haghaidh chumhrú na hanála”, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas i ndiaidh iontráil Ghrúpa IV “Polóil” atá údaraithe ach srian air “le haghaidh torthaí criostalaithe amháin atá fuinneamhlaghdaithe nó nach bhfuil aon siúcra breise curtha leo”:

 

“Grúpa IV

Polóil

quantum satis

 

ní bheidh ach candaí crua agus líreacáin, candaí coganta, gumaí torthaí agus táirgí siúcra cúir/leamhacháin, liocras, eithneagán, prásóg, micrimhilseáin le haghaidh chumhrú na hanála agus paistilí scornaí um chumhrú anála a bhfuil blas láidir orthu agus iad fuinneamhlaghdaithe nó nach bhfuil aon siúcra breise curtha leo”