5.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 156/21


RIALACHÁN (AE) 2021/693 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Aibreán 2021

lena mbunaítear an Clár um Cheartas agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1382/2013

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 81(1) agus (2) agus Airteagal 82(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), tá an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Is comhluachanna ag na Ballstáit na luachanna sin i sochaí ina bhfuil an t-iolrachas, an neamh-idirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir i réim. Sonraítear tuilleadh in Airteagal 3 CAE gurb é is aidhm don Aontas an tsíocháin, a chuid luachanna agus dea-bhail a chuid pobal a chur chun cinn agus, i measc nithe eile, go bhfuil sé chun saibhreas a éagsúlachta cultúrtha agus teanga a urramú, agus chun a áirithiú go ndéanfar oidhreacht chultúrtha na hEorpa a choimiriciú agus a fheabhsú. Déantar na luachanna sin a dhearbhú agus a chur in iúl tuilleadh sna cearta, sna saoirsí agus sna prionsabail a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an “Chairt”).

(2)

Tá sé ríthábhachtach leanúint go gníomhach de na cearta agus na luachanna sin a chothú, a chosaint, a chur chun cinn, a fhorfheidhmiú agus a chomhroinnt i measc na saoránach agus na bpobal agus ní mór go leanfadh siad de bheith i gcroílár thionscadal an Aontais, ós rud é go bhféadfadh éifeachtaí díobhálacha a bheith aige ar an Aontas ina iomláine dá dtiocfadh meath ar na cearta agus ar na luachanna sin i mBallstát ar bith. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh i mbuiséad ginearálta an Aontais do Chiste nua um Cheartas, Cearta agus Luachanna a chuimseoidh an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/692 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus an Clár um Cheartas. Tráth a gcaithfidh sochaithe Eorpacha aghaidh a thabhairt ar an antoisceachas, ar an radacachas agus ar easaontais, agus ina bhfuil an spás don tsochaí shibhialta neamhspleách ag laghdú, is tábhachtaí ná riamh ceartas, cearta agus luachanna an Aontais a chur chun cinn, a neartú, agus a chosaint, mar atá: cearta an duine, meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta agus an meas ar chearta an duine. Beidh impleachtaí móra díreacha aige seo ar an saol polaitiúil, sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíoch san Aontas. Mar chuid den Chiste nua um Cheartas, Cearta agus Luachanna, leanfaidh an Clár um Cheartas (an “Clár”) i gcomhréir leis an gClár um Cheartas don tréimhse 2014 go 2020, arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1382/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) de bheith ag tacú le forbairt bhreise a dhéanamh ar réimse ceartais an Aontais, réimse atá bunaithe ar an smacht reachta, ar neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na breithiúnachta, ar aitheantas frithpháirteach agus muinín fhrithpháirteach, ar rochtain ar cheartas agus ar chomhar trasteorann. Leis an gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna, tabharfar le chéile Clár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht do 2014-2020 arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus an Clár um an Eoraip ar son na Saoránach arna bhunú ag Rialachán (AE) Uimh. 390/2014 ón gComhairle (6).

(3)

Ba cheart an Clár a bhunú ar feadh tréimhse 7 mbliana chun a ré a ailíniú le ré an chreata airgeadais ilbhliantúil a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (7).

(4)

Déanfar an Ciste um Cheartas, Cearta agus Luachanna agus an dá chlár cistiúcháin atá mar bhonn faoi, a dhíriú ar dhaoine agus ar eintitis a rannchuidíonn le beocht agus beatha a chur sna luachanna agus san éagsúlacht shaibhir is coiteann dúinn, agus sna cearta agus sa chomhionannas. Is é an cuspóir deiridh ná sochaí atá bunaithe ar chearta agus atá comhionann, oscailte, iolraíoch, cuimsitheach agus daonlathach a chothú agus a choinneáil ar bun. Áirítear leis sin sochaí shibhialta bhríomhar agus chumhachtaithe mar phríomhgheallsealbhóir, a spreagann rannpháirtíocht dhaonlathach, shibhialta agus shóisialta na ndaoine agus a chothaíonn éagsúlacht shaibhir shochaí na hEorpa, ar bhonn na luachanna, na staire agus ar na cuimhne is coiteann dúinn. Le hAirteagal 11 CAE ceanglaítear go gcoimeádfaidh institiúidí an Aontais idirphlé oscailte, trédhearcach, tráthrialta ar siúl leis an tsochaí shibhialta agus go dtabharfaidh siad, ar dhóigheanna iomchuí, an deis do shaoránaigh agus do chomhlachais ionadaíochta, a dtuairimí a chur in iúl agus a mhalartú go poiblí i ngach réimse de ghníomhaíocht an Aontais.

(5)

Foráiltear leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) do limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chruthú, le hurraim do chearta bunúsacha agus do chórais agus do thraidisiúin dhlíthiúla éagsúla na mBallstát. Is den réamhriachtanas é an smacht reachta, cearta bunúsacha agus an daonlathas san Aontas a urramú agus a chur chun cinn má táthar chun gach ceart agus oibleagáid a chumhdaítear sna Conarthaí a chosaint, agus chun muinín na ndaoine as an Aontas a chothú. Tá ról tábhachtach ag an gcaoi a gcuirtear an smacht reachta i bhfeidhm sna Ballstáit i dtaca le muinín fhrithpháirteach a áirithiú i measc na mBallstát agus idir a gcórais dlí. Chun na críche sin, ba cheart go nglacfadh an tAontas bearta chun comhar breithiúnach a fhorbairt in ábhair shibhialta agus choiriúla. Agus limistéar Eorpach ceartais á fhorbairt tuilleadh, ba cheart go ndéanfaí urraim do chearta bunúsacha agus do phrionsabail agus luachanna comhchoiteanna, amhail an neamh-idirdhealú agus an chóir chomhionann ar bhonn aon cheann de na forais a liostaítear in Airteagal 21 den Chairt, de bhreis ar an dlúthpháirtíocht, rochtain éifeachtach chomhionann ar an gceartas do chách, an smacht reachta, an daonlathas agus córas breithiúnach neamhspleách dea-fheidhmiúil, a áirithiú agus a chothú ag gach leibhéal.

(6)

Ba cheart go leanfadh an maoiniú de bheith ar cheann de na móruirlisí lena ndéanfar na spriocanna uaillmhianacha atá leagtha síos sna Conarthaí a chur chun feidhme go rathúil. I measc bearta eile, tá Clár um Cheartas a bheadh solúbtha agus éifeachtach ríthábhachtach chun pleanáil agus cur chun feidhme na spriocanna sin a éascú. Ba cheart an Clár a chur chun feidhme ar bhealach atá éasca le húsáid don úsáideoir, mar shampla trí nós imeachta iarratais agus tuairiscithe atá éasca le húsáid don úsáideoir, agus ba cheart é a bheith dírithe ar chumhdach cothrom geografach. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar inrochtaineacht an Chláir do gach cineál tairbhí. Laistigh d'imchlúdach airgeadais an Chláir, ba cheart solúbthacht áirithe maidir le leithdháileadh na gcistí i measc cuspóirí sonracha a chaomhnú. Ba cheart an lamháil solúbthachta a leithdháileadh, mar thosaíocht, ar ghníomhaíochtaí a thacaíonn le cur chun cinn an smachta reachta.

(7)

Maidir lena áirithiú go ndéanfaí limistéar saoirse, slándála agus ceartais do chách a bhunú de réir a chéile, tá an tAontas le bearta a ghlacadh a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus choiriúla bunaithe ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh i leith breithiúnas agus cinntí breithiúnacha, arb é dúshraith an chomhair bhreithiúnaigh é laistigh den Aontas ó bhí Comhairle Eorpach Tampere ann an 15 agus an 16 Deireadh Fómhair 1999. Éilíonn aitheantas frithpháirteach ardleibhéal muiníne frithpháirtí i measc na mBallstát. Tá bearta chun dlíthe na mBallstát a chomhfhogasú glactha cheana i roinnt réimsí d’fhonn aitheantas frithpháirteach a éascú agus muinín fhrithpháirteach a chothú. Tá ríthábhacht ag baint le limistéar ceartais dea-fheidhmiúil, ina gcuirtear deireadh le constaicí ar imeachtaí breithiúnacha trasteorann agus ar an rochtain ar cheartas i gcásanna trasteorann, chun fás eacnamaíoch agus comhtháthú breise a áirithiú. Ag an am céanna, tá gá le limistéar Eorpach ceartais a fheidhmíonn mar is cuí agus a chuimsíonn córais náisiúnta dlí atá éifeachtúil, neamhspleách agus ar ardchaighdeán, chomh maith le leibhéal is airde muiníne frithpháirtí, ionas go mbeadh rath ar an margadh inmheánach agus go gcosnófaí luachanna comhchoiteanna an Aontais.

(8)

Ba cheart go n-áireodh rochtain ar cheartas, go háirithe, rochtain ar chúirteanna, ar mhalairt modhanna le díospóidí a réiteach, agus ar shealbhóirí oifige poiblí a bhfuil oibleagáid le dlí orthu comhairle neamhspleách agus neamhchlaonta dlí a sholáthar do pháirtithe.

(9)

Tá lánurraimú don smacht reachta, agus do chur chun cinn an smachta reachta, fíor-riachtanach le haghaidh ardleibhéal muiníne frithpháirtí i réimse an cheartais agus na ngnóthaí baile, go háirithe le haghaidh comhar breithiúnach éifeachtach in ábhair shibhialta agus choiriúla atá bunaithe ar aitheantas frithpháirteach. Tá an smacht reachta ar cheann de na luachanna coiteanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE, agus is léiriú nithiúil ar an smacht reachta prionsabal na cosanta breithiúnaí éifeachtaí dá bhforáiltear le hAirteagal 19(1) CAE agus le hAirteagal 47 den Chairt. Déanann cur chun cinn an smachta reachta, trí thacú le hiarrachtaí a dhéantar neamhspleáchas, trédhearcacht, cuntasacht, cáilíocht agus éifeachtúlacht na gcóras ceartais náisiúnta a fheabhsú, an mhuinín a neartú, rud atá fíor-riachtanach le haghaidh comhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus choiriúla. Tá neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na mbreithiúna ina mbunchuid den cheart chun triail chóir a fháil agus tá siad lárnach le haghaidh luachanna Eorpacha a chosaint. Ina theannta sin, le córais cheartais éifeachtúla le teorainneacha ama réasúnacha maidir le himeachtaí, tugtar deimhneacht dhlíthiúil do na páirtithe go léir lena mbaineann.

(10)

De bhun phointe (h) d'Airteagail 81(2) agus pointe (c) d'Airteagal 82(1) CFAE, tá an tAontas le tacú le hoiliúint na breithiúnachta agus na foirne breithiúnaí mar mhodh chun comhar breithiúnach a fhorbairt in ábhair shibhialta agus choiriúla bunaithe ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh ar bhreithiúnais agus ar chinntí breithiúnacha. Is uirlis thábhachtach í oiliúint a chur ar fáil do ghairmithe ceartais chun tuiscint choiteann a chothú i dtaobh na dóighe is fearr leis an smacht reachta agus cearta bunúsacha a chur chun feidhme agus a chosaint. Rannchuidíonn an méid sin le limistéar Eorpach ceartais a thógáil trí chultúr breithiúnach coiteann a chruthú i measc gairmithe ceartais na mBallstát. Tá sé ríthábhachtach a áirithiú go gcuirfear an dlí i bhfeidhm go neamh-idirdhealaitheach, go ceart, go comhleanúnach agus go comhsheasmhach san Aontas agus muinín agus tuiscint fhrithpháirteach idir gairmithe ceartais in imeachtaí trasteorann a áirithiú. Ba cheart na gníomhaíochtaí oiliúna a fhaigheann tacaíocht ón gClár a bheith bunaithe ar mheasúnuithe fónta ar riachtanais oiliúna, ba cheart dóibh úsáid a bhaint as modheolaíocht úrscothach, ba cheart dóibh imeachtaí trasteorann a mbíonn gairmithe ceartais ó Bhallstáit éagsúla rannpháírteach iontu a áirithiú, ba cheart gnéithe gníomhacha foghlama agus líonraithe a chuimsiú iontu agus ba cheart dóibh a bheith inbhuanaithe. Ba cheart a áireamh ar na gníomhaíochtaí sin oiliúint maidir le téarmaíocht dlí, dlí sibhialta agus coiriúil, agus cearta bunúsacha, agus maidir le haitheantas frithpháirteach chomh maith le coimircí nós imeachta. Ba cheart, freisin, go n-áireodh na gníomhaíochtaí sin cúrsaí oiliúna do bhreithiúna, do dhlíodóirí agus d’ionchúisitheoirí i dtaca leis na dúshláin agus na constaicí a mbíonn ar dhaoine aghaidh a thabhairt orthu, ar daoine iad a mbíonn orthu dul i ngleic le hidirdhealú go minic nó daoine i staid leochaileach, amhail mná, leanaí, mionlaigh, daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha, aiteacha agus idirghnéasacha (LGBTIQ), daoine faoi mhíchumas, íospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe, an fhoréigin baile nó an fhoréigin i ndlúthchaidreamh, agus cineálacha eile foréigin idirphearsanta. Ba cheart go ndéanfaí na cúrsaí oiliúna sin a eagrú le rannpháirtíocht dhíreach ó na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar na daoine sin nó a thugann tacaíocht dóibh agus i gcás inar féidir, le rannpháirtíocht na ndaoine sin. Ag cur san áireamh an fhíric go bhfuil mná íseal-ionadaithe sna poist shinsearacha laistigh den bhreithiúnacht, ba cheart go spreagfaí banbhreithiúna, ban-ionchúisitheoirí agus mná sna gairmeacha dlí eile chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí oiliúna.

(11)

Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart an téarma “an bhreithiúnacht agus an fhoireann bhreithiúnach” a léiriú go forleathan go gcuirfear san áireamh breithiúna, ionchúisitheoirí, foireann de chuid na cúirte agus de chuid foireann oifige an ionchúisitheora, chomh maith le gairmithe ceartais eile a bhfuil baint acu leis an mbreithiúnacht nó atá ag glacadh páirt i riaradh an cheartais, beag beann ar an sainmhíniú sa dlí náisiúnta, an stádas dlíthiúil nó an eagraíocht inmheánach, amhail dlíodóirí, nótairí, báillí, oifigigh forfheidhmithe, cleachtóirí dócmhainneachta, idirghabhálaithe, ateangairí agus aistritheoirí cúirte, saineolaithe cúirte, foireann príosúin agus oifigigh phromhaidh.

(12)

Féadfaidh gníomhaithe éagsúla a bheith i gceist le hoiliúint bhreithiúnach, amhail údaráis dhlíthiúla, bhreithiúnacha agus riaracháin, institiúidí acadúla, comhlachtaí náisiúnta na mBallstát atá freagrach as an oiliúint bhreithiúnach, eagraíochtaí oiliúna nó líonraí ar an leibhéal Eorpach nó líonraí de chomhordaitheoirí cúirte maidir le dlí an Aontais. Maidir le comhlachtaí agus eintiteas a shaothraíonn leas ginearálta Eorpach i réimse oiliúna na breithiúnachta agus na foirne breithiúnaí, amhail an Gréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach (“GEOB”), Acadamh an Dlí Eorpaigh (“ERA”), Gréasán Eorpach na gComhairlí um na Breithiúnachta (“ENCJ”), Comhlachas Chomhairlí Stáit agus Uas-Dlínsí Riaracháin an Aontais Eorpaigh, Líonra Uachtaráin na gCúirteanna Breithiúnacha Uachtaracha den Aontas Eorpach (EUSJC) agus an Institiúid Eorpach um Riarachán Poiblí (EIPA), bíonn ról leanúnach acu i gcur chun cinn clár oiliúna a bhfuil gné cheart Eorpach iontu don bhreithiúnacht agus don fhoireann bhreithiúnach, agus d’fhéadfaí, dá bhrí sin, tacaíocht leordhóthanach airgeadais a dheonú do chomhlachtaí nó eintitis den sórt sin i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na critéir a leagtar amach sna cláir oibre arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun an Rialacháin seo.

(13)

Ba cheart don chlár tacú le clár oibre bliantúil GEOB, ar gníomhaire riachtanach é i dtaca le hoiliúint bhreithiúnach. Is cás eisceachtúil é GEOB arae is é an t-aon líonra é ar leibhéal an Aontais a thugann le chéile comhlachtaí oiliúna breithiúnaí na mBallstát. Tá sé i riocht uathúil chun malartuithe a eagrú do bhreithiúna agus ionchúisitheoirí nua agus dóibh siúd a bhfuil taithí acu idir na Ballstáit uile ar aon agus chun obair na gcomhlachtaí náisiúnta oiliúna breithiúnaí a chomhordú maidir le gníomhaíochtaí oiliúna a eagrú ar dhlí an Aontais agus chun cleachtais mhaithe oiliúna a chur chun cinn. Ina theannta sin soláthraíonn GEOB gníomhaíochtaí oiliúna den scoth, agus sin ar dhóigh chost-éifeachtúil ar leibhéal an Aontais. Ina theannta sin, cuimsítear leis comhlachtaí oiliúna breithiúnaí ó thíortha is iarrthóirí mar chomhaltaí is breathnóirí. Ba cheart a áireamh i dtuarascáil bhliantúil GEOB faisnéis maidir leis an oiliúint arna cur ar fáil, imdhealaithe, inter alia, de réir catagóir foirne.

(14)

Ba cheart do bhearta faoin gClár tacú le haitheantas frithpháirteach feabhsaithe maidir le breithiúnais agus cinntí breithiúnacha in ábhair shibhialta agus choiriúla, le muinín fhrithpháirteach idir na Ballstáit agus leis an gcomhfhogasú reachtaíochta is gá chun comhar idir na húdaráis ábhartha go léir, lena n-áirítear trí mhodhanna leictreonacha, a éascú. Ba cheart don Chlár freisin tacú le cosaint dlí maidir le cearta daoine aonair in ábhair shibhialta agus thráchtála. Ba cheart dó freisin cóineasú sa dlí sibhialta a chur chun cinn, rud a chabhróidh le deireadh a chur le constaicí ar fheidhmiú sásúil agus feidhmiú éifeachtach nósanna imeachta breithiúnacha agus seachbhreithiúnacha, chun leas gach páirtí i ndíospóid shibhialta a dhéanamh. Ar deireadh, chun tacú le forfheidhmiú éifeachtach agus cur i bhfeidhm praiticiúil dhlí an Aontais maidir le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta, ba cheart don Chlár tacú le feidhmiú an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh in ábhair shibhialta agus thráchtála a bunaíodh le Cinneadh 2001/470/CE ón gComhairle (8). In ábhair chóiriúla, ba cheart don chlár cuidiú le rialacha agus nósanna imeachta a chur chun feidhme agus a chothú chun aitheantas breithiúnais agus cinntí ar fud an Aontais a áirithiú. Ba cheart dó comhar a éascú agus rannchuidiú le deireadh a chur le constaicí ar chomhar éifeachtach agus ar mhuinín fhrithpháirteach. Ba cheart don chlár freisin rannchuidiú le rochtain ar an gceartas a éascú, trí chearta íospartaigh na coireachta agus cearta nós imeachta daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine atá cúisithe in imeachtaí coiriúla a chur chun cinn agus trí thacaíocht a thabhairt dóibh.

(15)

De bhun Airteagal 3 CAE, Airteagal 24 den Chairt agus de bhun Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, ba cheart don Chlár tacú le cearta an linbh a chosaint, agus ba cheart dó cur chun cinn chearta an linbh a phríomhshruthú i gcur chun feidhme a chuid gníomhaíochtaí go léir. Chuige sin, ba cheart aird ar leith a dhíriú ar na gníomhaíochtaí atá dírithe ar chearta an linbh a chosaint i gcomhthéacs an cheartais choiriúil agus shibhialta, lena n-áirítear cosaint leanaí atá in éineacht le tuismitheoirí atá faoi choinneáil, leanaí tuismitheoirí atá i bpríosún, leanaí a bhfuil ina amhrasaigh nó ar daoine iad atá cúisithe in imeachtaí coiriúla.

(16)

Le Clár um Cheartas 2014-2020 cumasaíodh gníomhaíochtaí oiliúna a bhaineann le dlí an Aontais a sholáthar, go háirithe i dtaca le raon feidhme agus cur i bhfeidhm na Cairte, agus iad spriocdhírithe ar an mbreithiúnacht agus ar an bhfoireann bhreithiúnach. Ina conclúidí dar dáta an 12 Deireadh Fómhair 2017 i dtaca le le cur i bhfeidhm na Cairte in 2016, mheabhraigh an Chomhairle an tábhacht a bhaineann le feasacht a mhúscailt maidir le cur i bhfeidhm na Cairte, lena n-áirítear i measc lucht ceaptha beartas, cleachtóirí dlí agus sealbhóirí ceart iad féin, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, d'fhonn cearta bunúsacha a phríomhshruthú ar bhealach comhsheasmhach, tá sé riachtanach tacaíocht airgeadais a leathnú chuig gníomhaíochtaí múscailte feasachta d'údaráis phoiblí seachas údaráis bhreithiúnacha agus cleachtóirí dlí.

(17)

De bhun Airteagal 67 CFAE, ba cheart don Aontas a bheith ina limistéar saoirse, slándála agus ceartais ina n-urramófaí cearta bunúsacha. Tá rochtain neamh-idirdhealaitheach ar an gceartas do gach duine ríthábhachtach chuige seo. Chun rochtain éifeachtach ar an gceartas a éascú, agus d'fhonn an mhuinín fhrithpháirteach atá fíor-riachtanach chun feidhmiú sásúil limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais a chothú, is gá tacaíocht airgeadais a leathnú chuig gníomhaíochtaí ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil de chuid údaráis seachas údaráis bhreithiúnacha, de chuid cleachtóirí dlí agus de chuid eagraíochtaí na sochaí sibhialta, a rannchuidíonn leis na cuspóirí sin. Ba cheart tacaíocht a thabhairt, go háirithe, do ghníomhaíochtaí lena n-éascaítear rochtain éifeachtach agus chomhionann ar cheartas do dhaoine a mbíonn orthu aghaidh a thabhairt ar idirdhealú go minic nó daoine i suíomh leochaileach. Tá sé tábhachtach tacú le gníomhaíochtaí abhcóideachta de chuid eagraíochtaí na sochaí sibhialta, amhail líonrú, dlíthíocht, feachtasaíocht, cumarsáid agus gníomhaíochtaí faire eile. Sa chomhthéacs sin, tá ról tábhachtach freisin ag gairmithe ceartais a bhaineann leis na breithiúna agus a oibríonn d'eagraíochtaí na sochaí sibhialta.

(18)

I gcomhréir le hAirteagail 8 agus 10 CFAE, ba cheart go ndéanfaí leis an gClár, ina gcuid gníomhaíochtaí uile, tacú le príomhshruthú inscne agus le príomhshruthú cuspóirí an neamh-idirdhealaithe. Thairis sin, dearbhaíonn Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas an ceart chun inniúlacht dhlítheanach iomlán agus rochtain ar cheartas do dhaoine faoi mhíchumas. Le meastóireacht eatramhach ar an gClár agus le meastóireacht deiridh ar an gClár, ba cheart measúnú a dhéanamh ar thionchair inscne chun measúnú a dhéanamh ar a mhéid a rannchuidítear, a bhuí leis an gClár, le comhionannas inscne, agus chun a mheas nach bhfuil tionchair dhiúltacha neamhbheartaithe ag an gClár ar chomhionannas inscne, i gcomhréir le pointe 16 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le smacht buiséadach, comhar in ábhair bhuiséadacha agus bainistíocht fhónta airgeadais, chomh maith le tionchair ar acmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (9) (“Comhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020”). Sa chomhthéacs seo agus cineál agus méid éagsúil na ngníomhaíochtaí i dtaca le cuspóirí sonracha an Chláir á gcur san áireamh, beidh sé tábhachtach go ndéanfar sonraí aonair arna mbailiú ag tionscnóirí tionscadal a mhiondealú de réir inscne cibé uair is féidir. Tá sé tábhachtach freisin faisnéis a chur ar fáil d'iarratasóirí maidir le conas comhionannas inscne a chur san áireamh, lena n-áirítear faisnéis ar uirlisí príomhshruthaithe inscne a úsáid amhail buiséadú inscne agus measúnuithe tionchair inscne i gcás inar gá. Ba cheart comhionannas inscne a chur san áireamh nuair a théitear i gcomhairle le saineolaithe agus geallsealbhóirí.

(19)

Ba cheart don chlár freisin, ina chuid gníomhaíochtaí go léir, i gcás inarb ábhartha, tacú le cearta íospartach in ábhair shibhialta agus chóiriúla araon agus ba cheart dó na cearta sin a chosaint. Chuige sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar chur chun feidhme feabhsaithe ionstraimí éagsúla an Aontais le haghaidh cosaint d'íospartaigh, agus comhordúcháin agus ba cheart aird a thabhairt ar ghníomhaíochtaí atá dírithe ar mhalartú dea-chleachtais idir cúirteanna agus dlíodóir a bhíonn ag déileáil le cásanna foréigin. Ba cheart don Chlár tacú freisin leis an bhfeasacht mhéadaithe ar ionstraimí comhshásaimh a fheabhsú agus le húsáid mhéadaithe na n-ionstraimí sin.

(20)

Ba cheart go rannchuideodh na gníomhaíochtaí atá cumhdaithe ag an gClár le limistéar Eorpach ceartais a chruthú, ag cothú neamhspleáchas agus éifeachtúlacht an chórais dlí, trí chomhar agus líonrú trasteorann a mhéadú, atá ina bhonn don mhuinín fhrithpháirteach idir breithiúntacht na mBallstát agus trí dhlí an Aontais a chur i bhfeidhm go ceart, go comhleanúnach agus go comhsheasmhach. Ba cheart do ghníomhaíochtaí cistiúcháin rannchuidiú le tuiscint choiteann ar luachanna an Aontais agus ar an smacht reachta, eolas níos fearr ar dhlí an Aontais agus ar bheartais an Aontais, eolas agus dea-chleachtais a roinnt maidir le hionstraimí an chomhair bhreithiúnaigh a úsáid ag na geallsealbhóirí go léir lena mbaineann, agus le hiomadú agus cur chun cinn réiteach digiteach idir-inoibritheach a thacaíonn le comhar trasteorann leanúnach agus éifeachtach, agus ba cheart bonn fónta anailíse a sholáthar leo chun tacú le forbairt, forfheidhmiú agus cur chun feidhme dhlíthe agus bheartais an Aontais agus le tuiscint chuí orthu. Le hidirghabháil an Aontais is féidir na gníomhaíochtaí sin a shaothrú go comhsheasmhach ar fud an Aontais agus barainneachtaí scála a ghiniúint léi. Thairis sin, is fearr is féidir leis an Aontas Eorpach ná na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar ghnóthaí trasteorann agus clár Eorpach um fhoghlaim fhrithpháirteach a chur ar fáil agus an dea-chleachtais a chomhroinnt.

(21)

Ba cheart go rannchuideodh an Clár freisin le comhar idir na Ballstáit a fheabhsú aon uair atá diminsean seachtrach ag dlí an Aontais, iarmhairtí seachtracha á gcur san áireamh, d'fhonn rochtain ar cheartas a fheabhsú agus chun dul i ngleic le dúshláin bhreithiúnacha agus nós imeachta a éascú.

(22)

Ba cheart don Choimisiún comhsheasmhacht, comhlántacht agus sineirgí ginearálta a áirithiú le hobair chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, go háirithe Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), agus ba cheart dó obair gníomhaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta eile a chur san áireamh sna limistéir a chumhdaítear leis an gClár.

(23)

Chun leithdháileadh éifeachtach cistí a áirithiú ó bhuiséad ginearálta an Aontais, is gá breisluach Aontais sna gníomhaíochtaí go léir a dhéantar faoin gClár a áirithiú, agus is gá a gcomhsheasmhacht le gníomhaíochtaí eile de chuid an Aontais a áirithiú freisin. Ba cheart féachaint le comhsheasmhacht, comhlántacht agus sineirgí idir cláir chistiúcháin a thacaíonn le réimsí beartais a bhfuil dlúthcheangal acu lena chéile, go háirithe leis an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna, agus leis an gClár um an Margadh Aonair, arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), le cláir i réimsí na bainistíochta teorann agus na slándála, go háirithe an Ciste um Thearmann, um Imirce agus um Lánpháirtiú agus an Ciste um Shlándáil Inmheánach, le cláir i réimse an bhonneagair straitéisigh, go háirithe Clár Digiteach na hEorpa arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), Erasmus+ arna bhunú le Rialachán (AE) XXXX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), An Fhís Eorpach, arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) , an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais agus Clár LIFE arna bhunú le Rialachán (AE) XXXX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14).

(24)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais do ré iomlán an Chláir arb éard atá le bheith ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí phointe 18 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(25)

I gcomhréir le hAirteagal 193(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) (“An Rialachán Airgeadais”), féadfar deontas a dhámhachtain le haghaidh gníomhaíocht atá tosaithe cheana, ar choinníoll gur féidir leis an iarratasóir a thaispeáint gur gá tús a chur leis an ngníomhaíocht sula síneofar an comhaontú deontais. Mar sin féin, ní incháilithe na costais a thabhófar roimh an dáta a thíolacfar an t-iarratas ar dheontas, ach amháin i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo. Chun aon chur isteach a sheachaint ar thacaíocht ón Aontas, a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna an Aontais, ba cheart é abheith indéanta, ar feadh tréimhse teoranta ama ag tús chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, go mbeadh costais a tabhaíodh i leith gníomhaíochtaí lena dtacaítear faoin Rialachan ar cuireadh tús leo a mheas a bheith incháilithea ón 1 Eanáir 2021, fiú más rud é gur tabhaíodh iad sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas.

(26)

Tá feidhm ag an Rialachán Airgeadais maidir leis an gClár. Leagtar síos leis an Rialachán Airgeadais rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, bainistíocht indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha.

(27)

Maidir leis na cineálacha cistiúcháin agus na modhanna cur chun feidhme atá le húsáid faoin Rialachán seo, is ar bhonn a n-acmhainneacht cuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a thabhairt ba cheart iad a roghnú, lena n-áirítear, go háirithe, costais na rialuithe, an t-ualach riaracháin, acmhainneacht na ngeallsealbhóirí ábhartha agus na dtairbhithe spriocdhírithe, agus an riosca neamhchomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Chuige sin ba cheart cuimhneamh ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus costais aonaid, agus as maoiniú nach mbaineann le costais, rud dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais.

(28)

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (17), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (18) agus (AE) 2017/1939 (19) ón gComhairle, táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tá an chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Tugtar de chumhacht do OIPE, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), a imscrúdú agus a ionchúiseamh. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tá aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistiú ón Aontas chun comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, chun na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus chun a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

(29)

Féadfaidh tríú tíortha ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) a bheith páirteach i gcláir de chuid an Aontais faoi chuimsiú an chomhair arna bhunú faoin gComhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (21), ina ndéantar foráil do chur chun feidhme na gclár ar bhonn cinneadh arna ghlacadh faoin gComhaontú sin. Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach freisin ar bhonn ionstraimí dlí eile. Ba cheart foráil ar leith a thabhairt isteach leis an Rialachán seo lena gcuirfear de cheangal ar thríú tíortha na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don oifigeach údarúcháin freagrach, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú go cuimsitheach.

(30)

Tá feidhm ag rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE maidir leis an Rialachán seo. Leis an Rialachán Airgeadais a leagtar síos na rialacha sin agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta chun an buiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna agus cur chun feidhme indíreach, agus foráiltear leo maidir le seiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Áirítear freisin leis na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

(31)

De bhun Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle (22), tá daoine agus comhlachtaí agus institiúidí poiblí agus/nó príobháideacha ábhartha i dtíortha agus críocha thar lear incháilithe do chistiú faoi réir rialacha agus chuspóirí an Chláir agus faoi réir aon socrú féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear.

(32)

Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais Comhaontú Pháras arna nglacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, tá an Clár ceaptha rannchuidiú le gníomhaíocht ar son na haeráide a phríomhshruthú agus leis an sprioc fhoriomlán 30 % de bhuiséad an Aontais a bheith ag tacú leis na cuspóirí aeráide a bhaint amach, chomh maith leis an uaillmhian 7,5 % de bhuiséad an Aontais chun caiteachais bhithéagsúlachta in 2024 agus 10 % in 2026 agus 2027 a léiriú, agus na forluíonna atá ann cheana idir na spriocanna aeráide agus bithéagsúlachta a mheas ag an am céanna. Ba cheart, leis an gClár, tacú le gníomhaíochtaí lena n-urramaítear caighdeáin agus tosaíochtaí aeráide agus comhshaoil an Aontais agus prionsabal “gan dochar a dhéanamh” an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Ba cheart gníomhaíochtaí ábhartha a shainaithint le linn ullmhú agus chur chun feidhme an Chláir, agus athmheasúnú a dhéanamh orthu i gcomhthéacs na meastóireachtaí agus na bpróiseas athbhreithnithe ábhartha.

(33)

De bhun mhíreanna 22 agus 23 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (23) , ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an gClár seo ar bhonn na faisnéise arna bailiú i gcomhréir le ceanglais faireacháin shonracha, agus ag an am céanna ualach riaracháin, go háirithe ar na Ballstáit, agus ró-rialáil, á seachaint. Ar na ceanglais sin ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Chláir ar an talamh. Ba cheart don Choimisiún tuairisciú chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle go bliantúil ar fheidhmíocht an Chláir, laistigh de na sásraí tuairiscithe atá ann faoi láthair, go háirithe Scórchlár Cheartas AE.

(34)

D'fhonn measúnú éifeachtach ar dhul chun cinn an Chláir i dtreo a chuspóirí a bhaint amach a áirithiú, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le táscairí a leagtar amach in Airteagail 13 agus 15 agus in Iarscríbhinn II. Tá sé tábhachtach, go háirithe, don Choimisiún dul i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus na comhairliúcháin sin a dhéanamh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(35)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24).

(36)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon cuidiú le forbairt bhreise ar limistéar Eorpach ceartais a bheidh bunaithe ar an smacht reachta, aitheantas frithpháirteach agus muinín fhrithpháirteach, go háirithe trí chomhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus choiriúla a chur chun cinn, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(37)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1382/2013 a aisghairm.

(38)

D’fhonn leanúnachas a áirithiú maidir le tacaíocht a sholáthar sa réimse beartais ábhartha agus chun ligean don chur chun feidhme tosú ó thús chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, ba cheart don Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith aige, le héifeacht chúlghabhalach, ón 1 Eanáir 2021.

(39)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(40)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo an Clár um Cheartas (an “Clár”) ar feadh ré chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, faoi mar a leagtar síos é i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle.

Leagtar síos leis cuspóirí an Chláir, an buiséad don tréimhse 2021-2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2

Sainmhíniú

Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “an bhreithiúnacht agus an fhoireann bhreithiúnach” breithiúna, ionchúisitheoirí agus comhaltaí foirne oifigí na gcúirteanna agus oifigí na n-ionchúisitheoirí, chomh maith le haon ghairmithe ceartais eile a bhfuil baint acu leis an mbreithiúnacht.

Airteagal 3

Cuspóirí an chláir

1.   Tá sé mar chuspóir ginearálta ag an gClár rannchuidiú le forbairt bhreise a dhéanamh ar limistéar Eorpach ceartais atá bunaithe ar an smacht reachta, lena n-áirítear neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na breithiúnachta, ar aitheantas frithpháirteach agus ar mhuinín fhrithpháirteach, agus ar chomhar breithiúnach agus ar an gcaoi sin an daonlathas, an smacht reachta agus cosaint na gceart bunúsach a neartú freisin;

2.   Faoi chuimsiú an chuspóra ghinearálta a leagtar amach i mír 1, beidh na cuspóirí sonracha seo a leanas ag an gClár:

(a)

comhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus choiriúla a éascú agus tacú leis an gcomhar sin, agus an smacht reachta agus neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na breithiúnachta a chur chun cinn, lena n-áirítear trí thacú leis na hiarrachtaí chun feabhas a chur ar éifeachtacht na gcóras ceartais náisiúnta agus ar fhorfheidhmiú éifeachtach na gcinntí;

(b)

tacú le hoiliúint bhreithiúnach agus í a chur chun cinn, d'fhonn cultúr coiteann dlíthiúil agus breithiúnach chomh maith le cultúr atá bunaithe ar an smacht reachta a chothú, agus tacú le cur chun feidhme comhsheasmhach agus éifeachtach ionstraimí dlí an Aontais atá ábhartha i gcomhthéacs an Chláir seo agus an cur chun feidhme comhsheasmhach agus éifeachtach sin a chur chun cinn;

(c)

rochtain éifeachtach agus neamh-idirdhealaitheach ar an gceartas, agus leigheas éifeachtach, do gach duine, a éascú, lena n-áirítear trí mheáin leictreonacha (r-cheartas), trí nósanna imeachta sibhialta agus coiriúla éifeachtacha a chur chun cinn agus trí chearta íospartaigh uile na coireachta a chur chun cinn agus tacú leo, chomh maith le cearta nós imeachta daoine ar amhrastaigh agus daoine atá cúisithe in imeachtaí coiriúla iad.

Airteagal 4

Príomhshruthú

I gcur chun feidhme a ghníomhaíochtaí uile, féachfaidh an Clár le comhionannas inscne, cearta an linbh, inter alia trí cheartas lena dtacaítear le leanaí, cosaint íospartaigh agus cur i bhfeidhm éifeachtach phrionsabal na gceart comhionann agus an neamh-idirdhealaithe a chur chun cinn, bunaithe ar aon cheann de na forais a liostaítear in Airteagal 21 den Chairt, i gcomhréir le hAirteagal 21 den Chairt agus laistigh de na teorainneacha a shocraítear in Airteagal 51 den Chairt.

Airteagal 5

Buiséad

1.   Is é EUR 305 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

2.   Féadfar an méid a leagtar amach i mír 1 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus cúnamh riaracháin chun an Clár a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena n-áirítear córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha.

3.   I gcomhréir le pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais, i gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo agus a shonraítear sa chinneadh maoiniúcháin agus ar feadh tréimhse theoranta, féadfar a mheas gurb incháilithe ón 1 Eanáir 2021 gníomhaíochtaí lena dtacaítear faoin Rialachán seo agus na costais bhunúsacha, fiú má cuireadh chun feidhme iad agus má tabhaíodh iad sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas.

4.   Laistigh d'imchlúdach airgeadais don Chlár, leithdháilfear méideanna ar gach cuspóir sonrach i gcomhréir leis na céatadáin a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

5.   Féadfar acmhainní arna leithdháileadh ar Bhallstáit faoin mbainistíocht chomhroinnte a aistriú chuig an gClár, ar iarraidh ón mBallstát lena mbaineann, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 26 de Rialachán (AE) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir, agus Ciste Muirí agus Iascaigh agus Dobharshaothraithe na hEorpa agus rialacha airgeadais dóibh siúd agus don Chiste Tearmainn agus Imirce, don Chiste Slándála Inmheánaí agus don Ionstraim um Thacaíocht Airgeadais do Bhainistíocht Teorann agus don Bheartas Víosa (“Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027”); Déanfaidh an Coimisiún na hacmhainní sin a chur chun feidhme go díreach i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le pointe (c) den fhomhír sin. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann a dhéanamh.

Airteagal 6

Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár

Féadfaidh na tríú tíortha seo a leanas a bheith rannpháírteach sa Chlár:

(a)

comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar comhaltaí iad de LEE, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch;

(b)

tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais faoi seach, nó i gcomhaontuithe comhchosúla, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(c)

tíortha Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe comhchosúla agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin.

(d)

tríú tíortha eile, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír in aon chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll, maidir leis an gcomhaontú:

(i)

go n-áirithítear leis cothromaíocht i dtaca le ranníocaíochtaí agus sochair an tríú tír atá rannpháirteach sna cláir de chuid an Aontais;

(ii)

go leagtar síos leis coinníollacha na rannpháirtíochta sna cláir, lena n-áirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais a dhéantar le cláir aonair agus na costais riaracháin a bhaineann leo;

(iii)

nach dtugtar leis aon chumhacht chinnteoireachta don tríú tír i dtaca le clár an Aontais;

(iv)

go ráthaíonn sé cearta an Aontais bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus a leasanna airgeadais a chosaint.

Is éard a bheidh sna ranníocaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (d)(ii) den chéad fhomhír ioncaim shannta i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 7

Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas

1.   Maidir leis an gClár a chur chun feidhme, is faoi bhainistíocht dhíreach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais a dhéanfar é nó is faoi bhainistíocht indíreach a dhéanfaidh na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír d'Airteagal 62(1) den Rialachán sin é.

2.   Féadfaidh an Clár cistiú a sholáthar ar cheann de na bealaí a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais.

3.   Féadfaidh ranníocaíochtaí le sásra árachais fhrithpháirtigh an baol a bhaineann le gnóthú na gcistí atá dlite ag faighteoirí a chumhdach agus measfar gur ráthaíocht leordhóthanach é faoin Rialachán Airgeadais. Beidh feidhm ag na forálacha a leagtar síos in Airteagal 37(7) de Rialachán (AE) 2021/695.

Airteagal 8

Cineálacha gníomhaíochta

Gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le cuspóir a bhaint amach a leagtar amach in Airteagal 3, féadfaidh siad cistiú a fháil faoin Rialachán seo. Go háirithe, beidh na gníomhaíochtaí seo a leanas incháilithe le haghaidh cistiúcháin.

(a)

múscailt feasachta agus faisnéis a chur chun cinn agus a scaipeadh chun eolas a fheabhsú ar bheartais an Aontais agus ar dhlí an Aontais lena n-áirítear dlí substainteach agus dlí nós imeachta, ionstraimí comhair bhreithiúnaigh, cásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus dlí comparáideach agus caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta, lena n-áirítear tuiscint ar idirghníomhaíocht idir réimsí dlí éagsúla;

(b)

foghlaim fhrithpháirteach agus dea-chleachtais a mhalartú i measc geallsealbhóirí chun feabhas a chur ar an eolas agus ar an tuiscint fhrithpháirteach ar an dlí sibhialta agus ar an dlí coiriúil agus ar chórais dhlíthiúla agus bhreithiúnacha na mBallstát, lena n-áirítear an smacht reachta agus rochtain ar cheartas, agus chun fheabhas a chur ar mhuinín fhrithpháirteach;

(c)

gníomhaíochtaí anailíse agus faireacháin chun feabhas a chur ar an eolas agus ar an tuiscint ar na constaicí a d'fhéadfadh a bheith ar dhea-fheidhmiú limistéir Eorpaigh cheartais agus chun cur chun feidhme dhlí an Aontais agus beartais sna Ballstáit a fheabhsú, amhail gníomhaíochtaí lena n-áirítear bailiú sonraí agus staidrimh; forbairt modheolaíochtaí coiteanna agus, i gcás inarb iomchuí, táscairí nó tagarmharcanna; staidéir, taighde, anailísí agus suirbhéanna; meastóireachtaí; measúnú tionchair; agus forbairt agus foilsiú treoracha, tuarascálacha agus ábhair oideachais;

(d)

geallsealbhóirí ábhartha a chur faoi oiliúint chun eolas ar bheartais an Aontais agus ar dhlí an Aontais a fheabhsú, lena n-áirítear an dlí substainteach agus an dlí nós imeachta, cearta bunúsacha, úsáid ionstraimí comhair bhreithiúnaigh an Aontais, cá-dlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an dlítheangeolaíocht agus an dlí comparáideach;

(e)

forbairt agus cothabháil a dhéanamh ar theicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC) agus ar uirlisí ríomhcheartais chomh maith, agus príobháideacht cuntais agus cosaint sonraí á gcur san áireamh chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht córas breithiúnach agus ar an gcomhar eatarthu trí bhíthin TFC, lena n-áirítear trí idir-inoibritheacht trasteorann córas agus feidhmchlár;

(f)

forbairt acmhainneachta a dhéanamh ar líonraí tábhachtacha ar an leibhéal Eorpach agus ar líonraí breithiúnacha Eorpacha, lena n-áirítear líonraí arna mbunú le dlí an Aontais chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú éifeachtach dhlí an Aontais a áirithiú, chun dlí an Aontais, luachanna, spriocanna beartais agus straitéisí i réimsí an Chláir a chur chun cinn agus a fhorbairt tuilleadh;

(g)

tacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus geallsealbhóirí neamhbhrabúsacha atá gníomhach sna réimsí a chumhdaítear leis an gClár a n-acmhainneacht chun freagairt agus chun abhcóidíocht a dhéanamh a fheabhsú chomh maith le rochtain leormhaith a áirithiú do gach saoránach ar a seirbhísí, gníomhaíochtaí comhairleoireachta agus tacaíochta, agus rannchuidiú á dhéanamh freisin, sa chaoi sin, leis an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha a neartú;

(h)

eolas ar an gClár, chomh maith le scaipeadh, inaistritheacht agus trédhearcacht a thorthaí a fheabhsú agus for-rochtain do na saoránaigh a chothú, lena n-áirítear fóraim le haghaidh díospóireacht a eagrú do gheallsealbhóirí.

CAIBIDIL II

DEONTAIS

Airteagal 9

Deontais

1.   Déanfar deontais faoin gClár a thabhairt agus a bhainistiú i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

2.   Féadfaidh comhaltaí den choiste meastóireachta a bheith ina shaineolaithe seachtracha.

Airteagal 10

Cistiú carnach agus malartach

1.   Féadfaidh gníomhaíocht a fuair ranníocaíocht faoin gClár ranníocaíocht a fháil freisin ó chlár eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear cistí faoi bhainistíocht chomhroinnte, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna. Beidh feidhm ag rialacha an Chláír ábhartha de chuid an Aontais maidir leis an rannchuidiú comhfhreagrach leis an ngníomhaíocht. Ní rachaidh an cistiú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta. Féadfar an tacaíocht ó chláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid lena leagtar amach na coinníollacha don tacaíocht.

2.   Gníomhaíochtaí ar bronnadh lipéad Séala Barr Feabhais orthu faoin gClár, féadfaidh siad tacaíocht a fháil ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa nó Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, i gcomhréir le hAirteagal 73(4) de Rialachán na bhForálacha Coiteanna 2021-2027 má chomhlíonann siad na coinníollacha carnacha uile seo a leanas:

(a)

rinneadh measúnú orthu i nglao ar thograí faoin gClár;

(b)

comhlíonann siad na ceanglais íosta cáilíochta a bhaineann leis an nglao sin ar thograí;

(c)

ní féidir iad a mhaoiniú faoin nglao sin ar thograí de dheasca srianta buiséadacha.

Airteagal 11

Eintitis incháilithe

1.   Chomh maith leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 197 den Rialachán Airgeadais, beidh feidhm ag na critéir incháilitheachta a leagtar amach i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo.

2.   Beidh na heintitis seo a leanas incháilithe:

(a)

aon eintiteas dlítheanach atá bunaithe in aon cheann acu seo a leanas:

(i)

Ballstát nó tír nó críoch thar lear atá bainteach leis an mBallstát sin;

(ii)

tríú tír atá comhlachaithe leis an gClár;

(b)

aon eintiteas dlítheanach a cruthaíodh faoi dhlí an Aontais, nó aon eagraíocht idirnáisiúnta;

3.   Leis an gClár, tacófar le caiteachas GEOB a bhaineann lena chlár oibre buan agus déanfar aon deontas oibríochtúil ar chuige sin é a dhámhachtain gan glao ar thograí i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

CAIBIDIL III

CLÁRSCEIDEALÚ, FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS RIALÚ

Airteagal 12

Clár oibre

1.   Is le cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais a chuirfear an Clár chun feidhme.

2.   Glacfaidh an Coimisiún an clár oibre trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 18.

Airteagal 13

Faireachán agus tuairisciú

Leagtar amach in Iarscríbhinn II na táscairí chun tuairisciú a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo ghnóthú na gcuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar síos in Airteagal 3.

Chun a áirithiú go ndéanfar measúnú éifeachtach ar dhul chun cinn an Chláir i dtreo ghnóthú a chuspóirí, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 15, chun Iarscríbhinn II a leasú i dtaca leis na táscairí i gcás ina measfar gur gá sin agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.

Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar thorthaí an Chláir ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí de chuid an Aontais agus, i gcás inarb iomchuí, ar Bhallstáit.

Tabharfaidh an Coimisiún tuairisc ar bhonn bliantúil maidir le feidhmíocht an Chláir do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle laistigh de na sásraí tuairiscithe atá ann cheana, go háirithe Scórchlár Ceartais AE. Go háirithe, tuairisceoidh an Coimisiún maidir le húsáid na gcistí a leithdháilfear ar gach cuspóir sonrach. Sa tuarascáil uaidh, sonrófar na cineálacha gníomhaíochtaí a bhfuil cistiú faighte acu, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bhaineann le comhionannas inscne a chur chun cinn. Ar bhonn na tuarascála sin, féadfaidh Parlaimint na hEorpa moltaí a dhéanamh. Cuirfidh an Coimisiún na moltaí sin san áireamh mar is cuí.

Airteagal 14

Meastóireacht

1.   Déanfar meastóireachtaí ar an gClár go tráthúil sa dóigh agus go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta.

2.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht eatramhach ar an gClár a luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil faoi chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná 4 bliana ó thosach a chur chun feidhme.

3.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gClár ag deireadh chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná 4 bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1.

4.   Cuirfidh an Coimisiún conclúidí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha féin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

Airteagal 15

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 13 a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2027.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 13 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula ndéanfaidh sé gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Tiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 13 i bhfeidhm mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 16

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach sa Chlár trí bhíthin cinneadh arna ghlacadh de bhun comhaontú idirnáisiúnta nó ar bhonn aon ionstraime dlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí chun a n-inniúlachtaí faoi seach a fheidhmiú go cuimsitheach. I gcás OLAF, áiritheofar sna cearta sin an ceart imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, faoi mar a fhoráiltear dó le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 17

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

Tabharfaidh faighteoirí cistithe de chuid an Aontais aitheantas d'fhoinse na gcistí sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe de chuid an Aontais, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú acu, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár, leis na gníomhaíochtaí arna ndéanamh de bhun an Chláir agus leis na torthaí a baineadh amach.

Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar an gClár ina rannchuidiú freisin chun cumarsáid chorporáideach a dhéanamh i ndáil le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.

Airteagal 18

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 19

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1382/2013 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

Airteagal 20

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúint de na gníomhaíochtaí, ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí, arna dtionscnamh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1382/2013, ar rialachán é a leanfaidh d'fheidhm a bheith aige maidir leis na gníomhaíochtaí sin go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

2.   Féadfaidh imchlúdach airgeadais an Chláir na speansais theicniúla agus riaracháin is gá a chumhdach chun an t-aistriú idir an Clár agus na bearta arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1382/2013 a áirithiú freisin.

3.   Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil i mbuiséad an Aontais tar éis 2027 chun an caiteachas dá bhforáiltear in Airteagal 5(2) a chumhdach, ionas go mbeifear in ann gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.

Airteagal 21

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Aibreán 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 178.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint ha hEorpa an 17 Aibreán 2019 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léámh an 19 Aibreán 2021 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Aibreán 2021 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

(3)  Rialachán (AE) 2021/692 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna agus lena n-aisghairtear Rialachán 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh 390/2014 ón gComhairle. (Féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1382/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Cheartas don tréimhse 2014 go 2020 (IO L 354, 28.12.2013, lch. 73).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht don tréimhse 2014-2020 (IO L 354, 28.12.2013, lch. 62)

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 390/2014 ón gComhairle an 14 Aibreán 2014 lena mbunaítear an clár um an Eoraip ar son na Saoránach don tréimhse 2014-2020 (IO L 115, 17.4.2014, lch. 3).

(7)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).

(8)  Cinneadh 2001/470/CE ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 lena mbunaítear Gréasán Breithiúnach Eorpach in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 174, 27.6.2001, lch. 25).

(9)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.

(10)  Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir le clár a bhunú don mhargadh inmheánach, d’iomaíochas fiontar, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, dom réimse plandaí, ainmhithe, bia agus beatha, agus staitisticí Eorpacha ( Clár an Mhargaidh Aonair) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014 agus (AE) Uimh. 652/2014 (IO L 153, 3.5.2021, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár um Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240 (IO L 166, 11.5.2021, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) XXXX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an XXX lena mbunaítear Erasmus +: Clár an Aontais um oideachas agus oiliúint, an óige agus an spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 (Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(13)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 ag bunú An Fhís Eorpach - an Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE) XXXX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an XXX maidir le Clár a bhunú don Chomhshaol agus Gníomhaíocht Aeráide (LIFE), agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 (Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(15)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(16)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(17)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch.1).

(18)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(19)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(20)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

(21)  IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(22)  Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).

(23)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(24)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).


IARSCRÍBHINN I

Laistigh d'imchlúdach airgeadais an Chláir, leithdháilfear méideanna le haghaidh gach cuspóra sonraigh mar a leanas:

(a)

27 % le haghaidh an chuspóra shonraigh dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 3(2);

(b)

36 % le haghaidh an chuspóra shonraigh dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 3(2);

(c)

27 % le haghaidh an chuspóra shonraigh dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 3(2);

(d)

10 % le haghaidh aon cheann de na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3(2).


IARSCRÍBHINN II

TÁSCAIRÍ

Déanfar faireachán ar an gClár ar bhonn sraith táscairí atá beartaithe tomhas a dhéanamh ar a mhéid atá cuspóirí ginearálta agus sonracha an Chláir bainte amach agus d'fhonn na hualaí agus na costais riaracháin a íoslaghdú. Chun na críche sin, agus cearta a bhaineann le príobháideachas agus le cosaint sonraí á n-urramú san am céanna, baileofar sonraí maidir leis an tsraith seo a leanas de tháscairí:

(1)

líon comhaltaí na breithiúnachta agus na foirne breithiúnaí a ghlac páirt i ngníomhaíochtaí oiliúna (lena n-áirítear malartuithe foirne, cuairteanna staidéir, ceardlanna agus seimineáir) arna gcistiú ag an gClár, lena n-áirítear trí dheontas oibriúcháin GEOB;

(2)

líon eagraíochtaí na sochaí sibhialta a fhaigheann tacaíocht ón gClár;

(3)

líon na malartuithe faisnéise sa Chóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS)

(4)

líon na n-amas ar an tairseach Eorpach don r-Cheartas/ar na leathanaigh a thugann aghaidh ar an ngá atá le faisnéis maidir le cásanna sibhialta agus cóiriúla trasteorann;

(5)

líon na ndaoine de réir cuspóir sonrach a thairbhigh ó na gníomhaíochtaí a leanas:

(a)

gníomhaíochtaí foghlamtha frithpháirteacha agus malartú dea-chleachtas

(b)

gníomhaíochtaí a bhaineann le múscailt feasachta, le faisnéis agus le scaipeadh na faisnéise.

Déanfar na sonraí aonair uile a mhiondealú de réir inscne cibé uair is féidir. Beidh na meastóireachtaí idirthréimhseacha agus deiridh dírithe ar gach ceann de na cuspóirí sonracha, agus áireofar iontu peirspictíocht comhionannas inscne, agus déanfar meastóireacht ar thionchair ar chomhionannas inscne.