31.12.2008   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

7


RIALACHÁN (CE) Uimh. 1332/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Nollaig 2008

maidir le heinsímí bia agus lena leasaítear Treoir 83/417/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle, Treoir 2000/13/CE, Treoir 2001/112/CE ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 258/97

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is gné riachtanach den mhargadh inmheánach é saorghluaiseacht bia atá sábháilte agus folláin, agus cuireann sé go mór le sláinte agus le folláine na saoránach, agus lena leasanna sóisialta agus eacnamaíocha.

(2)

Ba cheart go n–áiritheofaí ardleibhéal cosanta do bheatha agus do shláinte an duine agus beartais an Chomhphobail á saothrú.

(3)

Ní rialáiltear einsímí bia faoi láthair seachas na heinsímí a úsáidtear mar bhreiseáin bia nó, má rialáiltear, is mar áiseanna próiseála a rialáiltear iad, faoi reachtaíocht na mBallstát. D'fhéadfadh difríochtaí idir dhlíthe náisiúnta, idir rialacháin náisiúnta agus idir fhorálacha náisiúnta riaracháin maidir le measúnú agus le húdarú einsímí bia bac a chur ar shaorghluaiseacht einsímí bia, rud a chruthódh tosca d'iomaíocht éagothrom agus iomaíocht éagórach. Is gá, dá bhrí sin, rialacha Comhphobail a ghlacadh lena ndéanfar comhchuibhiú ar na forálacha náisiúnta a bhaineann le húsáid einsímí i mbianna.

(4)

Níor cheart go gcumhdófaí leis an Rialachán seo ach einsímí a chuirtear le bia chun feidhm theicneolaíoch a chomhlíonadh i monarú, i bpróiseáil, in ullmhú, i gcóireáil, i bpacáistiú, in iompar nó i stóráil an bhia sin, lena n–áirítear einsímí a úsáidtear mar áiseanna próiseála (dá ngairfear ‘einsímí bia’ anseo feasta). Níor cheart, dá bhrí sin, go gcuimseodh raon feidhme an Rialacháin seo einsímí nach gcuirtear le bia chun feidhm theicneolaíoch a chomhlíonadh, ach a cheaptar lena gcaitheamh ag an duine, amhail einsímí le feidhm chothaitheach nó díleách. Níor cheart go measfaí gur einsímí bia na saothráin mhicribhitheolaíocha a úsáidtear go traidisiúnta chun bia amhail cáis agus fíon a tháirgeadh, agus a d'fhéadfadh einsímí a tháirgeadh go teagmhasach, ach nach go sonrach le haghaidh einsímí a tháirgeadh a úsáidtear iad.

(5)

Einsímí bia a úsáidtear go heisiach chun breiseáin bia a tháirgeadh agus a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia (3) ba cheart iad a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo, os rud é go ndearnadh measúnú agus rialáil cheana ar shábháilteacht na mbianna sin. Ach nuair a úsáidtear na heinsímí bia sin mar einsímí i mbia, cumhdaítear leis an Rialachán seo iad.

(6)

Níor cheart einsímí bia a fhormheas ná a úsáid seachas má chomhlíonann siad na critéir a leagtar síos sa Rialachán seo. Caithfidh einsímí bia a bheith sábháilte nuair a úsáidtear iad, caithfidh gá teicneolaíoch a bheith ann lena n–úsáid agus níor cheart go gcuirfeadh a n-úsáid an tomhaltóir amú. Áirítear leis an tomhaltóir a chur amú saincheisteanna a bhaineann le cineál, le húire, agus le cáilíocht na gcomhábhar a úsáidtear, le nádúrthacht táirge nó le nádúrthacht an phróisis táirgthe, nó le cáilíocht chothaitheach an táirge, ach níl sé teoranta dóibh sin. Ba cheart go gcuirfí san áireamh, agus einsímí bia á bhformheas, na tosca eile atá ábhartha maidir leis an ábhar atá á mheas, lena n–áirítear tosca sochaíocha, tosca eacnamaíocha, tosca traidisiúnta, tosca eitice agus tosca comhshaoil, prionsabal an réamhchúraim agus a indéanta is atá sé rialuithe a dhéanamh.

(7)

Ceadaítear roinnt einsímí bia d'úsáidí sonracha, mar shampla, i súnna torthaí agus i dtáirgí áirithe dá leithéid agus i lachtphróitéiní áirithe arna gceapadh lena gcaitheamh ag an duine, agus le húsáid i gcleachtais agus i bpróisis údaraithe áirithe fíoneolaíochta. Ba cheart go gcomhlíonfadh úsáid einsímí bia den sórt sin an Rialachán seo agus na forálacha sonracha a leagtar síos i reachtaíocht ábhartha an Chomhphobail. Ba cheart go leasófaí, dá bhrí sin, Treoir 2001/112/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le súnna torthaí agus maidir le táirgí áirithe dá leithéid a cheaptar lena gcaitheamh ag an duine (4), Treoir 83/417/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1983 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le lachtphróitéiní áirithe (cáiséiní agus cáiséineáití) ar lena gcaitheamh ag an duine a cheapfar iad (5) agus Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le comheagrú mhargadh an fhíona (6) dá réir. Ós rud é gur cheart go gcumhdódh an Rialachán seo na heinsímí bia uile, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 1997 maidir le bianna núíosacha agus comhábhair núíosacha bia (7) a leasú dá réir.

(8)

Ba cheart go gcuirfí einsímí bia a gceadaítear a n–úsáid laistigh den Chomhphobal ar liosta Comhphobail inar cheart go dtabharfaí tuairisc shoiléir ar na heinsímí agus go sonrófaí aon choinníollacha a rialaíonn a n–úsáid, lena n–áirítear, i gcás inar gá, faisnéis maidir lena bhfeidhm sa bhia deiridh. Ba cheart an liosta sin a fhorlíonadh le sonraíochtaí, go háirithe maidir lena dtionscnamh, lena n–áirítear, i gcás inarb ábhartha, faisnéis faoina n–airíonna ailléirgineacha, agus le critéir íonachta.

(9)

D'fhonn comhchuibheas a áirithiú, ba cheart gurb i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bia a dhéanfaí measúnú riosca ar einsímí bia agus a chuirfí ar an liosta Comhphobail iad (8).

(10)

Faoi Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta an dlí bia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (9), ní mór dul i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (dá ngairfear ‘an tÚdarás’ anseo feasta) maidir le hábhair ar dóigh go mbeadh tionchar acu ar shláinte an phobail.

(11)

Ba cheart go mbeadh einsím bia a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia agus maidir le beatha atá géinmhodhnaithe (10) údaraithe i gcomhréir leis an Rialachán sin agus faoin Rialachán seo araon.

(12)

Einsím bia atá ar an liosta Comhphobail cheana féin faoin Rialachán seo, agus a tháirgtear le modhanna táirgthe nó ag úsáid ábhar tosaigh a bhfuil difríocht shuntasach idir iad agus na modhanna a chuimsítear i measúnú riosca an Údaráis, nó nach ionann iad agus na heinsímí bia a chumhdaíonn an t–údarú agus na sonraíochtaí faoin Rialachán seo, ba cheart iad a chur faoi bhráid an Údaráis d'fhonn go ndéanfaí meastóireacht orthu. D'fhéadfadh sé go gciallódh ‘difríocht shuntasach’, inter alia, athrú ar an modh táirgthe ó eastócadh as planda chuig táirgeadh trí choipeadh le miocrorgánach nó modhnú géiniteach ar an mbun-mhiocrorgánach, athrú ar na hábhair tosaigh, nó athrú ar mhéid na gcáithníní.

(13)

Ós rud é go bhfuil a lán einsímí bia ar mhargadh an Chomhphobail cheana féin, ba cheart go bhforálfaí go n–áiritheofaí go ndéanfaí an t–athrú chuig liosta Comhphobail einsímí bia ar bhealach rianúil agus nach gcuirfí isteach ar an margadh einsímí bia atá ann. Ba cheart go leor ama a thabhairt d'iarratasóirí chun a cheadú dóibh an fhaisnéis a chur ar fáil is gá chun measúnú riosca a dhéanamh ar na táirgí sin. Ba cheart, mar sin, tréimhse thosaigh dhá bhliain a cheadú tar éis dháta chur i bhfeidhm na mbeart cur chun feidhme a leagfar síos i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 [lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteanna údaraithe maidir le breiseáin bia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bia], d'fhonn go leor ama a thabhairt d'iarratasóirí chun an fhaisnéis a sholáthar faoi na heinsímí atá ann cheana féin agus a fhéadfar a áireamh ar an liosta Comhphobail a dhréachtófar faoin Rialachán seo. Ba cheart freisin go bhféadfaí iarratais a chur isteach ar údarú einsímí nua le linn na tréimhse tosaigh dhá bhliain. Ba cheart go ndéanfadh an tÚdarás meastóireacht gan mhoill ar gach iarratas i ndáil le heinsímí ar cuireadh faisnéis leordhóthanach ar fáil fúthu le linn na tréimhse sin.

(14)

Chun go dtabharfar cothrom na féinne do na hiarratasóirí ar fad, ba cheart an liosta Comhphobail a dhréachtú in aon chéim amháin. Ba cheart an liosta sin a bhunú tar éis a chríochnaithe don mheasúnú riosca ar na heinsímí bia uile ar cuireadh faisnéis leordhóthanach isteach fúthu le linn na tréimhse tosaigh dhá bhliain. Mar sin féin, ba cheart go bhfoilseofaí measúnuithe riosca an Údaráis ar einsímí aonair chomh luath agus a gcuirtear críoch leo.

(15)

Meastar go gcuirfear isteach líon suntasach iarratas le linn na tréimhse tosaigh dhá bhliain. D'fhéadfadh sé, dá bhrí sin, go dteastódh tréimhse fhada sula dtabharfaí an measúnú riosca orthu sin i gcrích agus sula dtarraingeofaí suas an liosta Comhphobail. D'fhonn rochtain chomhionann ar an margadh d'einsímí bia nua a áirithiú tar éis na tréimhse tosaigh dhá bhliain, ba cheart foráil a dhéanamh d'idirthréimhse ina bhféadfaí einsímí bia agus bia ina n–úsáidtear einsímí bia a chur ar an margadh agus a úsáid, i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta atá ann sna Ballstáit, go dtí go mbeadh an liosta Comhphobail tarraingthe suas.

(16)

Ba cheart an einsím bia E 1103 Inbhéartáis agus an einsím bia E 1105 Lísisím, a údaraíodh mar bhreiseáin bia faoi Threoir 95/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 1995 maidir le breiseáin bia seachas dathanna agus milsitheoirí (11), agus na coinníollacha a rialaíonn a n–úsáid, a thabhairt ar aghaidh ó Threoir 95/2/CE agus a chur ar an liosta Comhphobail nuair a tharraingeofar suas é faoin Rialachán seo. Ina theannta sin, údaraítear le Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle úiréáis, béite–glúcanáis agus lísisím a úsáid i bhfíon faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 423/2008 ón gCoimisiún an 8 Bealtaine 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe áirithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle a chur chun feidhme agus lena mbunaítear cód Comhphobail um chleachtais agus próisis fíoneolaíochta (12). Is einsímí bia iad na substaintí sin agus ba cheart go dtiocfaidís faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart, dá bhrí sin, go gcuirfí ar an liosta Comhphobail freisin iad nuair a tharraingeofar suas é, maidir lena n–úsáid i bhfíon i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 agus i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 423/2008.

(17)

Leanfaidh einsímí bia de bheith faoi réir na n–oibleagáidí ginearálta maidir le lipéadú dá bhforáiltear i dTreoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Márta 2000 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le lipéadú, cur i láthair agus fógraíocht ar earraí bia (13) agus, de réir mar a bheidh, i Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus i Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le hinrianaitheacht agus le lipéadú orgánach géinmhodhnaithe agus maidir le hinrianaitheacht bia agus táirgí beatha a tháirgtear ó orgánaigh ghéinmhodhnaithe (14). Ina theannta sin, ba cheart go n-áireofaí faoin Rialachán seo forálacha sonracha maidir le lipéadú d'einsímí bia a dhíoltar mar einsímí bia leis an monaróir nó leis an tomhaltóir.

(18)

Cuimsítear einsímí bia faoin sainmhíniú a dhéantar ar bhia i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus dá bhrí sin, nuair a úsáidtear i mbia iad, ceanglaítear iad a shonrú mar chomhábhair ar lipéid bia i gcomhréir le Treoir 2000/13/CE. Ba cheart einsímí bia a ainmniú de réir a bhfeidhme teicneolaí i mbia, agus ainm sonrach na heinsíme bia a bheith ina dhiaidh sin. Ba cheart go bhforálfaí, áfach, do mhaolú ar na forálacha maidir le lipéadú i gcásanna nach mbeidh aon fheidhm theicneolaíoch ag an einsím sa táirge deiridh ach go bhfuil sí san earra bia de thoradh comhábhair amháin nó níos mó ná comhábhar amháin de chomhábhair an earra bia a bhfuil sí ann nó má úsáidtear mar áis próiseála í. Ba cheart Treoir 2000/13/CE a leasú dá réir.

(19)

Ba cheart go ndéanfaí breathnú leanúnach ar einsímí bia agus go ndéanfaí athmheastóireacht orthu aon uair is gá i bhfianaise na gcoinníollacha athraitheacha a rialaíonn a n–úsáid agus i bhfianaise faisnéise eolaíche nua.

(20)

Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (15).

(21)

Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún bearta idirthréimhseacha iomchuí a ghlacadh. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a cheapfar iad, inter alia lena fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ba cheart iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(22)

D'fhonn an dlí Comhphobail maidir le heinsímí bia a fhorbairt agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhealach comhréireach agus éifeachtach, is gá sonraí a bhailiú, faisnéis a roinnt agus obair a chomhordú idir na Ballstáit. Chuige sin, d'fhéadfadh sé gur mhaith an rud staidéir a dhéanamh ar shaincheisteanna ar leith d'fhonn an próiseas cinnteoireachta a éascú. Is iomchuí don Chomhphobal an staidéar sin a mhaoiniú mar chuid dá nós imeachta buiséadach. Tagann maoiniú beart den sórt sin faoi Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla chun fíorú chomhlíonadh an dlí beatha agus bia, rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe a áirithiú (16).

(23)

Cuirfidh na Ballstáit rialuithe oifigiúla i gcrích chun a cheangal go ndéanfar de réir an Rialacháin seo i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004.

(24)

Ó tharla nach féidir cuspóir an Rialacháin seo, eadhon rialacha Comhphobail a leagan síos maidir le heinsímí bia, a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr dá bhrí sin, ar mhaithe le haontacht an mhargaidh agus le hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le heinsímí bia a úsáidtear i mbianna, lena n-áirítear einsímí a úsáidtear mar áiseanna próiseála, d'fhonn a áirithiú go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach ar bhealach éifeachtach agus ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus ardleibhéal cosanta don tomhaltóir á n-áirithiú ag an am céanna, lena n–áirítear cosaint do leasanna an tomhaltóra a áirithiú agus cleachtais chóra trádála i mbia agus, i gcás inarb iomchuí, caomhnú an chomhshaoil a chur san áireamh.

Chun na críocha sin, foráiltear leis an Rialachán seo:

(a)

liosta Comhphobail einsímí bia formheasta;

(b)

coinníollacha maidir le húsáid einsímí bia i mbianna;

(c)

rialacha maidir le lipéadú einsímí bia a dhíoltar mar einsímí bia.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le heinsímí bia a shainmhínítear in Airteagal 3.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le heinsímí bia nuair is le haghaidh na nithe seo a leanas a tháirgeadh a úsáidfear iad agus sa mhéid gur le haghaidh na nithe seo a leanas a tháirgeadh a úsáidfear iad:

(a)

breiseáin bia a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008;

(b)

áiseanna próiseála.

3.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar d'aon rialacha sonracha Comhphobail maidir le húsáid einsímí bia:

(a)

i mbianna sonracha;

(b)

chun críocha seachas na críocha a chumhdaítear faoin Rialachán seo.

4.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le saothráin mhicribhitheolaíocha a úsáidtear go traidisiúnta chun bia a tháirgeadh agus a d'fhéadfadh einsímí a tháirgeadh go teagmhasach ach nach go sonrach le haghaidh einsímí a tháirgeadh a úsáidtear iad.

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, i Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus i Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008.

2.   Beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas freisin:

(a)

ciallaíonn ‘einsím bia’ táirge a fhaightear ó phlandaí, ó ainmhithe nó ó mhiocrorgánaigh nó ó tháirgí díobh sin, lena n–áirítear táirge a fhaightear trí phróiseas coipthe ina n–úsáidtear miocrorgánaigh:

(i)

ina bhfuil einsím amháin nó níos mó ná einsím amháin atá in ann imoibriú sonrach bithcheimiceach a chatalú; agus

(ii)

a chuirtear le bia chun críche teicneolaíche ag céim ar bith den mhonarú, den phróiseáil, den ullmhú, den chóireáil, den phacáistiú, den iompar nó den stóráil;

(b)

ciallaíonn ‘ullmhóid einsímí bia’ foirmliú arb éard atá ann einsím bia amháin nó níos mó ná einsím bia amháin ina gcorpraítear substaintí amhail breiseáin bia agus/nó comhábhair eile bia d'fhonn a stóráil, a ndíol, a gcaighdeánú, a gcaolú nó a dtuaslagadh a éascú.

CAIBIDIL II

LIOSTA COMHPHOBAIL D'EINSÍMÍ BIA A FORMHEASADH

Airteagal 4

Liosta Comhphobail d'einsímí bia

Ní fhéadfar ach einsímí bia a áirítear ar an liosta Comhphobail a chur ar an margadh mar einsímí bia nó a úsáid i mbianna, i gcomhréir leis na sonraíochtaí agus leis na coinníollacha úsáide dá bhforáiltear in Airteagal 7(2).

Airteagal 5

Toirmeasc ar einsímí bia neamhchomhlíontacha agus/nó ar bhia neamhchomhlíontach

Ní chuirfidh aon duine einsím bia ná aon bhia inar úsáideadh einsím bia den sórt sin ar an margadh mura gcomhlíonann úsáid na heinsíme bia sin an Rialachán seo agus a bhearta cur chun feidhme.

Airteagal 6

Coinníollacha ginearálta maidir le heinsímí bia a chur ar an liosta Comhphobail

Ní fhéadfar einsím bia a chur ar an liosta Comhphobail seachas má chomhlíonann sí na coinníollacha seo a leanas agus, i gcás inarb ábhartha, tosca dlisteanacha eile:

(a)

nach údar imní í, ar bhonn na fianaise eolaíche atá ar fáil, ó thaobh shláinte an tomhaltóra de, ar an leibhéal a bheartaítear í a úsáid;

(b)

go bhfuil gá teicneolaíoch réasúnta ann léi, agus

(c)

nach gcuireann a húsáid an tomhaltóir amú. Áirítear leis an tomhaltóir a chur amú saincheisteanna a bhaineann le cineál, le húire agus le cáilíocht na gcomhábhar a úsáidtear, le nádúrthacht táirge nó le nádúrthacht an phróisis táirgthe, nó le cáilíocht chothaitheach an táirge, ach níl sé teoranta dóibh sin.

Airteagal 7

Inneachar an liosta Comhphobail d'einsímí bia

1.   Féadfar einsím bia a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 6 a chur ar an liosta Comhphobail, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008.

2.   Sonrófar an méid seo a leanas nuair a bheidh einsím bia á cur ar an liosta:

(a)

ainm na heinsíme bia;

(b)

sonraíochtaí na heinsíme bia, lena n–áirítear a tionscnamh, a critéir íonachta agus aon fhaisnéis eile a mbeidh gá léi;

(c)

na bianna ar féidir an einsím bia a chur leo;

(d)

na coinníollacha faoinar féidir an einsím bia a úsáid; ní shocrófar aon uasleibhéal d'einsím bia, i gcás inarb iomchuí. Sa chás sin, úsáidfear an einsím bia i gcomhréir le prionsabal an quantum satis;

(e)

más iomchuí, cé acu an bhfuil, nó nach bhfuil, aon srianta ar an einsím bia a dhíol go díreach leis an dtomhaltóir deiridh;

(f)

i gcás inar gá, ceanglais shonracha maidir le lipéadú ar bhia inar úsáideadh na heinsímí bia, d'fhonn a áirithiú go gcuirfí an tomhaltóir deiridh ar an eolas faoi riocht fisiciúil an bhia nó faoin gcóireáil shonrach a rinneadh air.

3.   Leasófar an liosta Comhphobail i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008.

Airteagal 8

Einsímí bia a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003

1.   Ní fhéadfar einsím bia a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 a áireamh ar an liosta Comhphobail i gcomhréir leis an Rialachán seo ach amháin nuair a chumhdaítear faoi údarú í i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

2.   Nuair a tháirgtear einsím bia atá ar an liosta Comhphobail cheana féin ó fhoinse dhifriúil a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, ní bheidh údarú nua de dhíth air faoin Rialachán seo, chomh fada agus go gcumhdaítear an fhoinse nua faoi údarú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus go gcomhlíonann an einsím bia na sonraíochtaí a bunaíodh faoin Rialachán seo.

Airteagal 9

Cinntí léirmhínithe

I gcás inar gá, féadfar a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2) cé acu:

(a)

an gcomhlíonann substaint áirithe an sainmhíniú ar einsím bia in Airteagal 3;

(b)

an mbaineann bia áirithe le catagóir bia ar an liosta Comhphobail d'einsímí bia.

CAIBIDIL III

LIPÉADÚ

Airteagal 10

Lipéadú ar einsímí bia agus ar ullmhóidí einsímí bia nach lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a cheaptar iad

1.   Breiseáin bia agus ullmhóidí einsímí bia nach lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a cheaptar iad, bídís á ndíol ina gceann agus ina gceann nó measctha lena chéile agus/nó le comhábhair eile bia mar a shainmhínítear in Airteagal 6(4) de Threoir 2000/13/CE iad, ní fhéadfar iad a chur ar an margadh mura mbeidh an lipéadú dá bhforáiltear in Airteagal 11 den Rialachán seo orthu, a chaithfidh a bheith sofheicthe, soléite agus doscriosta. Beidh an fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 11 i dteanga ar furasta do cheannaitheoirí í a thuiscint.

2.   Laistigh dá chríoch féin, is féidir leis an mBallstát ina bhfuil an t–earra á chur ar an margadh, a ordú, i gcomhréir leis an gConradh, go dtabharfar an fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 11 i dteanga amháin nó i mbreis agus teanga amháin de theangacha oifigiúla an Chomhphobail, a chinnfidh an Ballstát sin. Ní choiscfidh sé sin an fhaisnéis sin a thabhairt i líon teangacha.

Airteagal 11

Ceanglais ghinearálta maidir le lipéadú d'einsímí bia agus d'ullmhóidí einsímí bia nach lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a cheaptar iad

1.   I gcás ina ndíolfar einsímí bia agus ullmhóidí einsímí bia nach lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a cheaptar iad, ina gceann agus ina gceann nó measctha lena chéile agus/nó le comhábhair eile bia, beidh an fhaisnéis a leanas ar a bpacáistiú nó ar a gcoimeádáin:

(a)

an t–ainm a leagtar síos faoin Rialachán seo maidir le gach einsím bia nó cur síos díolacháin lena n–áirítear ainm gach einsíme bia nó in éagmais ainm den sórt sin, an t–ainm inghlactha a leagtar síos de réir ainmníocht an Aontais Idirnáisiúnta um Bithcheimic agus Bitheolaíocht Mhóilíneach (IUBMB);

(b)

an ráiteas ‘le húsáid i mbia’ nó an ráiteas ‘úsáid shrianta i mbia’ nó tagairt níos sainiúla don úsáid a bheartaítear di i mbia;

(c)

na coinníollacha speisialta stórála agus/nó úsáide, más gá;

(d)

marc lena sainaithnítear an bhaisc nó an luchtóg;

(e)

treoracha úsáide, dá mba rud é go gcuirfí cosc ar cheartúsáid an bhreiseáin bia toisc na treoracha a bheith fágtha ar lár;

(f)

ainm nó ainm gnó agus seoladh an mhonaróra, an phacálaithe nó an díoltóra;

(g)

sonrú maidir le líon uasta gach comhpháirte nó gach grúpa comhpháirteanna atá faoi réir srianta cainníochta i mbia agus/nó faisnéis iomchuí atá soiléir agus sothuigthe agus a chuirfidh ar chumas an cheannaitheora an Rialachán seo nó dlí ábhartha eile Comhphobail a chomhlíonadh; i gcás ina mbainfidh an teorainn cainníochta chéanna le grúpa comhpháirteanna a úsáidtear ina gceann agus ina gceann nó i dteannta a chéile, féadfar an céatadán iomlán a thabhairt mar fhigiúr amháin; cuirfear an teorainn ar chainníocht in iúl trí uimhreacha nó trí phrionsabal an quantum satis;

(h)

an chainníocht ghlan;

(i)

gníomhaíocht na heinsíme bia nó na n–einsímí bia;

(j)

an dáta íosmharthanachta nó an dáta éaga;

(k)

i gcás inarb ábhartha, faisnéis ar einsím bia nó ar shubstaintí eile dá dtagraítear san Airteagal seo agus a liostaítear in Iarscríbhinn IIIa a ghabhann le Treoir 2000/13/CE.

2.   I gcás ina ndíolfar einsímí bia agus/nó ullmhóidí einsímí bia measctha lena chéile agus/nó le comhábhair eile bia, beidh liosta de na comhábhair uile ar a bpacáistiú nó ar a gcoimeádáin, de réir ord a gcéatadáin meáchain anuas.

3.   Beidh liosta de na comhpháirteanna uile ina gcéatadáin den mheáchan iomlán anuas ar phacáistiú nó ar choimeádáin ullmhóidí einsímí bia.

4.   De mhaolú ar mhír 1, ar mhír 2 agus ar mhír 3, an fhaisnéis a cheanglaítear a thabhairt i mír 1 pointe (e) go pointe (g) agus i mír 2 agus i mír 3, féadfaidh sé gur ar na doiciméid sin amháin a bhaineann leis an gcoinsíneacht a bheidís, doiciméid atá le soláthar leis an seachadadh nó roimhe, ar choinníoll go mbeidh an sonrú ‘ná miondíoltar’ le feiceáil ar chuid shofheicthe de phacáistiú nó de choimeádán an táirge a bheidh i gceist.

5.   De mhaolú ar mhír 1, ar mhír 2, agus ar mhír 3, i gcás ina soláthrófar einsímí bia agus ullmhóidí einsímí bia i dtancaeir, féadfaidh an fhaisnéis uile a bheith ar na doiciméid sin amháin a ghabhann leis an gcoinsíneacht agus a sholáthrófar leis an seachadadh.

Airteagal 12

Lipéadú ar einsímí bia agus ar ullmhóidí einsímí bia nach lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a cheaptar iad

1.   Gan dochar do Threoir 2000/13/CE, do Threoir 89/396/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1989 maidir le sonruithe nó marcanna lena sainaithnítear an luchtóg lena mbaineann earra bia (17) agus do Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, einsímí bia agus ullmhóidí einsímí bia a dhíoltar ina gceann agus ina gceann nó measctha lena chéile agus/nó le comhábhair eile bia agus ar lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a cheaptar iad, ní fhéadfar iad a chur ar an margadh mura mbeidh an fhaisnéis a leanas ar an bpacáistiú:

(a)

an t–ainm a leagtar síos faoin Rialachán seo maidir le gach einsím bia nó cur síos díolacháin lena n–áirítear ainm gach einsíme bia nó in éagmais ainm den sórt sin, an t–ainm inghlactha a leagtar síos de réir ainmníocht an IUBMB;

(b)

an ráiteas ‘le húsáid i mbia’ nó an ráiteas ‘úsáid shrianta i mbia’ nó tagairt níos sainiúla don úsáid a cheaptar di i mbia.

2.   Dá réir sin, don fhaisnéis dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 13(2) de Threoir 2000/13/CE.

Airteagal 13

Ceanglais eile maidir le lipéadú

Beidh feidhm ag Airteagal 10 go hAirteagal 12 gan dochar do dhlíthe, do rialacháin, ná d'fhorálacha riaracháin níos mionsonraithe agus níos cuimsithí a bhaineann le meáchain agus le tomhais, nó a bhfuil feidhm acu maidir le cur i láthair, le haicmiú, le pacáistiú agus le lipéadú ar shubstaintí agus ar ullmhóidí contúirteacha, nó a bhfuil feidhm acu maidir le substaintí agus le hullmhóidí den sórt sin a iompar.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA NÓS IMEACHTA AGUS CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 14

Oibleagáid maidir le faisnéis

1.   Cuirfidh táirgeoir nó úsáideoir einsíme bia aon fhaisnéis nua eolaíoch nó aon fhaisnéis nua theicniúil a d'fhéadfadh difear a dhéanamh don mheasúnú ar shábháilteacht na heinsíme bia in iúl don Choimisiún láithreach.

2.   I gcás einsíme bia arna formheas cheana féin faoin Rialachán seo agus a ullmhaítear le modhanna táirgthe nó ag úsáid ábhar tosaigh a bhfuil difríocht shuntasach idir iad agus na modhanna táirge nó na hábhair tosaigh a áiríodh i measúnú riosca an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (dá ngairfear ‘an tÚdarás’ anseo feasta), ba cheart don táirgeoir nó don úsáideoir na sonraí is gá a chur faoi bhráid an Choimisiúin sula gcuirfear an einsím bia ar an margadh, le go mbeidh an tÚdarás in ann meastóireacht a dhéanamh uirthi maidir leis an modh táirgthe modhnaithe nó maidir leis na saintréithe modhnaithe.

3.   Ar iarratas uaidh, cuirfidh táirgeoir nó úsáideoir einsíme bia an Coimisiún ar an eolas maidir le húsáid iarbhír na heinsíme bia. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil do na Ballstáit.

Airteagal 15

An Coiste

1.   Tabharfaidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 16

Maoiniú Comhphobail ar bheartais chomhchuibhithe

Is é Airteagal 66(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 a bheidh mar bhunús dlí do mhaoiniú beart a eascróidh as an Rialachán seo.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 17

An liosta Comhphobail d'einsímí bia a bhunú

1.   Tarraingeofar suas an liosta Comhphobail d'einsímí bia ar bhonn iarratas a dhéanfar de bhun mhír 2.

2.   Féadfaidh páirtithe leasmhara iarratais a chur isteach chun einsím bia a chur ar an liosta Comhphobail.

Is é an spriocdháta chun iarratais den sórt sin a chur isteach 24 mhí tar éis dháta chur i bhfeidhm na mbeart cur chun feidhme a leagfar síos i gcomhréir le hAirteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008.

3.   Bunóidh an Coimisiún Clár de na heinsímí bia uile a bheidh le breithniú lena n–áireamh ar an liosta Comhphobail agus ar tíolacadh iarratas ina leith lena gcomhlíontar na critéir bailíochta a leagfar síos i gcomhréir le hAirteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo (dá ngairfear ‘an Clár’ anseo feasta). Cuirfear an Clár ar fáil don phobal.

Cuirfidh an Coimisiún na hiarratais faoi bhráid an Údaráis d'fhonn a thuairim a fháil.

4.   Glacfaidh an Coimisiún an liosta Comhphobail i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 a luaithe a eiseoidh an tÚdarás tuairim faoi gach einsím bia a áirítear sa Chlár.

De mhaolú ar an nós imeachta sin, áfach:

(a)

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 5(1) de Rialachán Uimh. 1331/2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bia] maidir le glacadh a thuairime ag an Údarás;

(b)

glacfaidh an Coimisiún an liosta Comhphobail den chéad uair tar éis don Údarás a thuairim a thabhairt uaidh maidir leis na heinsímí bia uile a liostaítear sa Chlár.

5.   Más gá, glacfar aon bhearta idirthréimhseacha chun críocha an Airteagail seo a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 15(3).

Airteagal 18

Bearta idirthréimhseacha

1.   D'ainneoin Airteagal 7 agus Airteagal 17 den Rialachán seo, áireofar na heinsímí bia seo a leanas ar an liosta Comhphobail, nuair a dhréachtófar é:

(a)

E 1103 Inbhéartáis agus E 1105 Lísisím, mar aon leis na coinníollacha a rialaíonn a n-úsáid mar a shonraítear in Iarscríbhinn I agus i gCuid C d'Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 95/2/CE iad;

(b)

Úiréáis, béite–glúcanáis agus lísisím le húsáid i bhfíon i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 agus le rialacha cur chun feidhme an Rialacháin sin.

2.   Einsímí bia, ullmhóidí einsímí bia agus bia ina bhfuil einsímí bia a cuireadh ar an margadh nó a lipéadaíodh roimh 20 Éanair 2010 agus nach gcomhlíonann forálacha Airteagal 10 go hAirteagal 12, féadfar iad a chur ar an margadh go dtí a ndáta íosmharthanachta nó a ndáta éaga.

Airteagal 19

Leasuithe ar Threoir 83/417/CEE

I dTreoir 83/417/CEE, in Iarscríbhinn I, Roinn III(d), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na bhfleascanna:

‘—

binid a chomhlíonfaidh ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le heinsímí bia (*);

einsímí eile téachta bainne a chomhlíonfaidh ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008.

Airteagal 20

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999

Cuirtear an mhír seo a leanas le hAirteagal 43 de Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999:

‘3.   Einsímí agus ullmhóidí einsímeacha a úsáidtear sna cleachtais agus sna próisis fíoneolaíochta atá údaraithe agus a liostaítear in Iarscríbhinn IV, comhlíonfaidh siad ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an an 16 Nollaig 2008 maidir le heinsímí bia (**).

Airteagal 21

Leasuithe ar Threoir 2000/13/CE

Leasaítear leis seo Treoir 2000/13/CE mar seo a leanas:

1)

leasaítear Airteagal 6(4) mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

ciallóidh “comhábhar” aon substaint, lena n–áirítear breiseáin agus einsímí, a úsáidtear i monarú nó in ullmhú earra bia agus atá fós ann san earra críochnaithe, más i bhfoirm athraithe féin é.’;

(b)

i bpointe (c)(ii), cuirtear ‘breiseáin agus einsímí’ in ionad an fhocail tosaigh ‘breiseáin’;

(c)

i bpointe (c)(iii) cuirtear ‘breiseáin nó einsímí nó blastáin’ in ionad na bhfocal ‘breiseáin nó blastáin’;

2)

cuirtear an fhleasc seo a leanas le hAirteagal 6(6):

‘—

einsímí seachas na heinsímí dá dtagraítear i mír 4(c)(ii), saineofar iad le hainm ceann de na catagóirí comhábhar a liostaítear in Iarscríbhinn II, agus lena n–ainm sonrach ina dhiaidh sin,’.

Airteagal 22

Leasuithe ar Threoir 2001/112/CE

I dTreoir 2001/112/CE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ceathrú, an cúigiú agus an séú fleasc d'Iarscríbhinn 1, Cuid II(2):

‘—

Einsímí peicteolaíocha a chomhlíonfaidh ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le heinsímí bia (***);

Einsímí próitéalaíocha a chomhlíonfaidh ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008;

Einsímí amalaíocha a chomhlíonfaidh ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008.

Airteagal 23

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 258/97

I Rialachán (CE) Uimh. 258/97 cuirtear an pointe seo a leanas le hAirteagal 2(1):

‘(d)

einsímí bia a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le heinsímí bia (****).

Airteagal 24

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 4 ó dháta chur i bhfeidhm an liosta Comhphobail. Go dtí an dáta sin, leanfaidh forálacha náisiúnta maidir le heinsímí bia agus bia a tháirgtear le heinsímí bia a chur ar an margadh agus a úsáid d'fheidhm a bheith acu sna Ballstáit.

Beidh feidhm ag Airteagal 10 go hAirteagal 13 ón 20 Éanair 2010.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 16 Nollaig 2008.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

B. LE MAIRE


(1)  IO C 168, 20.7.2007, lch. 34.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Iúil 2007 (IO C 175 E, 10.7.2008, lch. 162), Comhsheasamh ón gComhairle an 10 Márta 2008 (IO C 111 E, 6.5.2008, lch. 32), Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Iúil 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 18 Samhain 2008.

(3)  Féach leathanach 16 den Iris Oifigúil.

(4)  IO L 10, 12.1.2002, lch. 58.

(5)  IO L 237, 26.8.1983, lch. 25.

(6)  IO L 179, 14.7.1999, lch. 1.

(7)  IO L 43, 14.2.1997, lch. 1.

(8)  Féach leathanach 1 den Iris Oifigúil seo.

(9)  IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.

(10)  IO L 268, 18.10.2003, lch. 1.

(11)  IO L 61, 18.3.1995, lch. 1.

(12)  IO L 127, 15.5.2008, lch. 13.

(13)  IO L 109, 6.5.2000, lch. 29.

(14)  IO L 268, 18.10.2003, lch. 24.

(15)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(16)  IO L 165, 30.4.2004, lch. 1. Leagan ceartaithe in IO L 191, 28.5.2004, lch. 1.

(17)  IO L 186, 30.6.1989, lch. 21.