10.12.2007   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/79


RIALACHÁN (CE) UIMH. 1393/2007 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Samhain 2007

maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó in ábhair tráchtála a sheirbheáil sna Ballstáit (‘doiciméid a sheirbheáil’), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1348/2000 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 61(c) agus an dara fleasc d’Airteagal 67(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá sé curtha roimhe ag an Aontas an tAontas a chothabháil agus a fhorbairt mar limistéar saoirse, slándála agus ceartais, ina n-áirithítear saorghluaiseacht daoine. Chun limistéar den sórt sin a bhunú, glacfaidh an Comhphobal, i measc beart eile, na bearta a bhaineann leis an gcomhar breithiúnach in ábhair shibhialta a bhfuil gá leo chun go n-oibreoidh an margadh inmheánach mar is cuí.

(2)

Éilíonn oibriú cuí an mhargaidh inmheánaigh go bhfeabhsófaí agus go mbrostófaí tarchur doiciméad breithiúnach agus doiciméad seachbhreithiúnach in ábhair shibhialta nó in ábhair tráchtála atá le seirbheáil idir na Ballstáit.

(3)

Dhréachtaigh an Chomhairle, le Gníomh dar dáta an 26 Bealtaine 1997 (3), Coinbhinsiún maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó in ábhair tráchtála a sheirbheáil i mBallstáit an Aontais Eorpaigh agus mhol sí go nglacfadh na Ballstáit é i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach. Níor tháinig an Coinbhinsiún sin i bhfeidhm. Ba cheart go n-áiritheofaí an leanúnachas maidir le torthaí na caibidlíochta a rinneadh chun an Coinbhinsiún a thabhairt i gcrích.

(4)

An 29 Bealtaine 2000 ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 1348/2000 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta agus in ábhair tráchtála a sheirbheáil sna Ballstáit (4). Tá príomhábhar an Rialacháin sin bunaithe ar an gCoinbhinsiún.

(5)

An 1 Deireadh Fómhair 2004 ghlac an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1348/2000. Is é an tátal a bhaintear as sa tuarascáil gur chuir cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1348/2000 feabhas go ginearálta ar tharchur agus ar sheirbheáil doiciméad idir Bhallstáit agus gur bhrostaigh sé tarchur agus seirbheáil doiciméad idir Bhallstáit ó tháinig sé i bhfeidhm sa bhliain 2001 ach, mar sin féin, nach bhfuil cur chun feidhme forálacha áirithe iomlán sásúil.

(6)

Éilíonn éifeachtacht agus luas i nósanna imeachta breithiúnacha in ábhair shibhialta go dtarchuirfí doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha go díreach agus faoi luas idir chomhlachtaí áitiúla a ainmneoidh na Ballstáit. Féadfaidh na Ballstáit a lua go bhfuil rún acu gan ach gníomhaireacht tarchuir nó gníomhaireacht fála amháin a ainmniú nó gan ach gníomhaireacht amháin a ainmniú leis an dá fheidhm sin a chur i gcrích, ar feadh tréimhse cúig bliana. Ach féadfar an t-ainmniú sin a athnuachan gach cúig bliana.

(7)

Ar mhaithe le luas an tarchuir dlitear gach modh iomchuí a úsáid, ar chuntar go gcloítear le coinníollacha áirithe a bhaineann le hinléiteacht agus le hiontaofacht an doiciméid a fhaightear. Éilíonn slándáil tarchuir go mbeadh foirm chaighdeánach ag gabháil leis an doiciméad atá le tarchur, a bheidh le comhlánú i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla na háite ina bhfuil an tseirbheáil le déanamh, nó i dteanga eile a nglacann an Ballstát atá i gceist léi.

(8)

Níor cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le doiciméad a sheirbheáil ar ionadaí údaraithe an pháirtí sa Bhallstát i gcás ina dtarlóidh na himeachtaí gan aird ar an áit a bhfuil cónaí ar an bpáirtí sin.

(9)

Ba cheart seirbheáil doiciméid a dhéanamh an túisce is féidir, agus ar aon chuma laistigh de mhí ón tráth a bhfaighidh an ghníomhaireacht fála an doiciméad.

(10)

Le héifeachtúlacht an Rialacháin seo a áirithiú, níor cheart go dtabharfaí deis diúltú do sheirbheáil doiciméad seachas i gcásanna eisceachtúla.

(11)

D’fhonn tarchur agus seirbheáil doiciméad idir Bhallstáit a éascú, ba cheart na foirmeacha caighdeánacha atá leagtha amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a úsáid.

(12)

Ba cheart go gcuirfeadh an ghníomhaireacht fála an seolaí ar an eolas i scríbhinn agus ag úsáid na foirme caighdeánaí, go bhféadfaidh sé seirbheáil an doiciméid a dhiúltú tráth na seirbheála nó tríd an doiciméad a sheoladh ar ais chuig an ngníomhaireacht fála laistigh de sheachtain mura mbeidh sé i dteanga a thuigeann sé nó mura mbeidh sé i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla áit na seirbheála. Ba cheart go mbeadh feidhm ag an riail seo chomh maith maidir leis an tseirbheáil a dhéanfaí ina dhiaidh sin nuair a bheadh a cheart diúltaithe curtha chun feidhme ag an seolaí. Ba cheart go mbeadh feidhm ag na rialacha diúltaithe maidir le seirbheáil ó ghníomhairí taidhleoireachta nó consalacha, maidir le seirbheáil trí sheirbhísí poist, agus maidir le seirbheáil dhíreach. Ba cheart a dheimhniú gur féidir seirbheáil doiciméid a dhiúltaítear a leigheas trí aistriúchán ar an doiciméad a sheirbheáil ar an seolaí.

(13)

Ar mhaithe le luas an tarchuir dlitear doiciméid a sheirbheáil laistigh de chúpla lá ón uair a bhfaightear doiciméad. Ach mura mbeidh an tseirbheáil déanta i ndiaidh míosa, ba cheart don ghníomhaireacht fála an ghníomhaireacht tarchuir a chur ar an eolas. Níor cheart go dtuigfí gur cheart an iarraidh a chur ar ais chuig an ngníomhaireacht tarchuir ar dhul in éag don tréimhse sin i gcás inar léir go bhfuil sé indéanta an tseirbheáil a dhéanamh laistigh de thréimhse réasúnta.

(14)

Ba cheart go leanfadh an ghníomhaireacht fála ag déanamh na mbeart ar fad is gá le seirbheáil an doiciméid a dhéanamh chomh maith i gcásanna nach raibh sé indéanta an tseirbheáil a dhéanamh laistigh den mhí de bhrí, mar shampla, go raibh an cosantóir as baile ar saoire, nó go raibh sé as láthair ón oifig ar chúrsaí gnó. Ach ionas nach mbeadh dualgas síoraí ar an ngníomhaireacht fála céimeanna a thógáil le seirbheáil an doiciméid a dhéanamh, ba cheart go mbeadh an ghníomhaireacht tarchuir ábalta teorainn ama a shonrú ar an bhfoirm chaighdeánach nach mbeadh seirbheáil riachtanach a thuilleadh ina diaidh.

(15)

I bhfianaise na ndifríochtaí atá idir na Ballstáit maidir lena rialacha nós imeachta, ní hionann an dáta ábhartha chun seirbheáil a dhéanamh i mBallstát amháin agus i mBallstát eile. Ag féachaint do shuímh den sórt sin agus do na deacrachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann, ba cheart go bhforálfadh an Rialachán seo do chóras inarb é dlí an Bhallstáit a ndírítear air a chinnfeadh dáta na seirbheála. Ach i gcás ina gcaithfear doiciméad a sheirbheáil laistigh de thréimhse áirithe de réir dlí Ballstáit, is é an dáta ba cheart a chur san áireamh maidir leis an iarratasóir an dáta a chinnfidh dlí an Bhallstáit sin. Is i líon teoranta Ballstát atá córas seo an dáta dhúbailte i bhfeidhm. Ba cheart do na Ballstáit sin a chuireann an córas seo i bhfeidhm é sin a chur in iúl don Choimisiún agus ba cheart don Choimisiún an fhaisnéis sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus í a chur ar fáil tríd an Líonra Breithiúnach Eorpach in Ábhair Shibhialta agus in Ábhair Tráchtála a bunaíodh le Cinneadh 2001/470/CE ón gComhairle (5).

(16)

D’fhonn rochtain ar cheartas a éascú, ba cheart gurbh ionann na costais a bhainfeadh le dul i muinín oifigigh bhreithiúnaigh nó duine inniúil faoi dhlí an Bhallstáit a ndírítear air agus táille shocraithe aonair a bheadh leagtha síos ag an mBallstát sin roimh ré agus a thugann aird ar phrionsabal na comhréireachta agus ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe. Níor cheart go gcoiscfeadh an ceanglas ar tháille shocraithe aonair deis a bheith ag na Ballstáit táillí éagsúla a shocrú do chineálacha éagsúla seirbheála fad a urramóidh siad na prionsabail sin.

(17)

Ba cheart go mbeadh sé de shaoirse ag gach Ballstát seirbheáil doiciméad a dhéanamh go díreach trí sheirbhísí poist ar dhaoine a mbeadh cónaí orthu i mBallstát eile trí litir chláraithe lena ndéanfaí admháil ar an bhfáil, nó a comhshamhail, a chur in iúl.

(18)

Ba cheart go bhféadfadh aon duine a mbeadh leas aige in imeacht breithiúnach seirbheáil doiciméad a dhéanamh go díreach trí na hoifigigh bhreithiúnacha, trí fheidhmeannaigh nó trí dhaoine inniúla eile ón mBallstát a ndírítear air, i gcás ina gceadaítear an tseirbheáil dhíreach sin faoi dhlí an Bhallstáit sin.

(19)

Ba cheart go ndréachtódh an Coimisiún lámhleabhar ina mbeadh an fhaisnéis a bhaineann le cur i bhfeidhm cuí an Rialacháin seo, agus ba cheart an lámhleabhar sin a chur ar fáil tríd an Líonra Breithiúnach Eorpach in Ábhair Shibhialta agus in Ábhair Tráchtála. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh lena chinntiú go bhfuil an fhaisnéis sin cothrom le dáta agus iomlán, go háirithe ó thaobh shonraí teagmhála na ngníomhaireachtaí fála agus na ngníomhaireachtaí tarchuir.

(20)

Agus na tréimhsí agus na teorainneacha ama dá bhforáiltear sa Rialachán seo á ríomh, ba cheart go mbeadh feidhm ag Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle an 3 Meitheamh 1971 lena gcinntear na rialacha is infheidhme maidir le tréimhsí, le dátaí agus le teorainneacha ama (6) a bheadh i bhfeidhm.

(21)

Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ina leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (7).

(22)

Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na foirmeacha caighdeánacha atá leagtha amach sna hIarscríbhinní a thabhairt cothrom le dáta nó leasuithe teicniúla a dhéanamh orthu. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad le heilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú/a scriosadh, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(23)

Tá forlámhas ag an Rialachán seo, i gcaidreamh idir na Ballstáit ar páirtithe iad ann, ar na forálacha atá sna comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha nó i socruithe a bhfuil an raon feidhme céanna acu, a thug na Ballstáit i gcrích, agus go háirithe ar an bPrótacal atá i gceangal le Coinbhinsiún na Bruiséile an 27 Meán Fómhair 1968 (8) agus ar Choinbhinsiún na Háige an 15 Samhain 1965 (9). Ní choisceann an Rialachán seo ar Bhallstáit comhaontuithe nó socruithe a chothabháil nó a chur i gcrích chun tarchur doiciméad a bhrostú nó a shimpliú, ar chuntar go mbeidh na comhaontuithe nó na socruithe sin ag luí leis an Rialachán seo.

(24)

Ba cheart go mbeadh cosaint oiriúnach ag an bhfaisnéis a tharchuirfí de bhun an Rialacháin seo. Tagann an t-ábhar seo faoi raon feidhme Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine a chosaint ó thaobh sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (10), agus faoi raon feidhme Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (11).

(25)

Tráth nach deireanaí ná an 1 Meitheamh 2011 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus aon leasuithe is cosúil is gá a dhéanamh a mholadh.

(26)

Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr dá bhrí sin, de bharr fhairsinge nó iarmhairtí na gníomhaíochta, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(27)

D’fhonn na forálacha a dhéanamh níos sorochtana agus níos inléite, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1348/2000 a aisghairm agus an Rialachán seo a chur ina ionad.

(28)

I gcomhréir le hAirteagal 3 den Phrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, tá páirt á glacadh ag an Ríocht Aontaithe agus ag Éirinn i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(29)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, níl páirt á glacadh ag an Danmhairg i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal ar an Danmhairg ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo in ábhair shibhialta agus in ábhair tráchtála i gcás nach foláir doiciméad breithiúnach nó doiciméad seachbhreithiúnach a tharchur ó Bhallstát amháin chuig Ballstát eile lena sheirbheáil ann. Ní bhainfidh sé, go háirithe, le hábhair ioncaim, le hábhair custaim ná le hábhair riaracháin ná le dliteanas an Stáit i leith gníomhartha agus neamhghníomhartha i bhfeidhmiú údarás an stáit (‘acta iure imperii’).

2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo i gcás nach eol seoladh an duine a bhfuil an doiciméad le seirbheáil air.

3.   Sa Rialachán seo, ciallóidh an téarma ‘Ballstát’ na Ballstáit seachas an Danmhairg.

Airteagal 2

Gníomhaireachtaí tarchuir agus gníomhaireachtaí fála

1.   Ainmneoidh gach Ballstát na hoifigigh phoiblí, na húdaráis nó na daoine eile, dá ngairfear ‘gníomhaireachtaí tarchuir’ anseo feasta, a bheidh inniúil chun doiciméid bhreithiúnacha nó doiciméid sheachbhreithiúnacha a bheidh le seirbheáil i mBallstát eile a tharchur.

2.   Ainmneoidh gach Ballstát na hoifigigh phoiblí, na húdaráis nó na daoine eile, dá ngairfear ‘gníomhaireachtaí fála’ anseo feasta, a bheidh inniúil chun doiciméid bhreithiúnacha nó doiciméid sheachbhreithiúnacha a fháil ó Bhallstát eile.

3.   Féadfaidh Ballstát gníomhaireacht tarchuir amháin agus gníomhaireacht fála amháin nó gníomhaireacht amháin a chuirfeadh an dá fheidhm sin i gcrích a ainmniú. Féadfaidh Stát cónaidhme, Stát ina bhfuil feidhm ag dlíchórais éagsúla nó Stát a bhfuil aonaid chríche fhéinrialaithe ann breis agus gníomhaireacht amháin den sórt sin a ainmniú. Beidh éifeacht leis an ainmniú sin go ceann tréimhse cúig bliana agus féadfar é a athnuachan gach cúig bliana.

4.   Cuirfidh gach Ballstát an fhaisnéis seo a leanas ar fáil don Choimisiún:

(a)

ainmneacha agus seoltaí na ngníomhaireachtaí fála dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3;

(b)

na limistéir gheografacha ina bhfuil dlínse acu;

(c)

na meáin atá ar fáil dóibh chun doiciméid a fháil; agus

(d)

na teangacha is féidir a úsáid chun an fhoirm chaighdeánach atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a chomhlánú.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon mhodhnú a dhéanfar ar an bhfaisnéis sin ina dhiaidh sin.

Airteagal 3

Comhlacht lárnach

Ainmneoidh gach Ballstát comhlacht lárnach a mbeidh na cúraimí seo a leanas de fhreagracht air:

(a)

faisnéis a sholáthar do na gníomhaireachtaí tarchuir;

(b)

réitigh a lorg ar aon deacrachtaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus doiciméid atá le seirbheáil á dtarchur;

(c)

iarraidh ar sheirbheáil a chur ar aghaidh chuig an ngníomhaireacht fála inniúil arna iarraidh sin do ghníomhaireacht tarchuir i gcásanna eisceachtúla.

Féadfaidh Stát cónaidhme, Stát ina bhfuil dlíchórais éagsúla i bhfeidhm nó Stát a bhfuil aonaid chríche fhéinrialaithe ann breis agus comhlacht lárnach amháin a ainmniú.

CAIBIDIL II

DOICIMÉID BHREITHIÚNACHA

Roinn 1

Doiciméid bhreithiúnacha a tharchur agus a sheirbheáil

Airteagal 4

Doiciméid a tharchur

1.   Déanfar doiciméid bhreithiúnacha a tharchur go díreach agus an túisce is féidir idir na gníomhaireachtaí arna n-ainmniú de bhun Airteagal 2.

2.   Féadfar doiciméid, iarrataí, daingnithe, admhálacha, deimhnithe agus aon cháipéis eile a tharchur idir gníomhaireachtaí tarchuir agus gníomhaireachtaí fála trí aon mheán iomchuí, ar chuntar go mbeidh ábhar an doiciméid a fuarthas dílis cruinn i gcomparáid le hábhar an doiciméid arna tharchur agus go mbeidh an fhaisnéis go léir ann inléite go héasca.

3.   Beidh iarraidh a dhréachtófar ag baint úsáide as an bhfoirm chaighdeánach atá leagtha amach in Iarscríbhinn I ag gabháil leis an doiciméad a bheidh le tarchur. Déanfar an fhoirm a chomhlánú i dteanga oifigiúil an Bhallstáit a ndírítear air nó, má tá teangacha oifigiúla éagsúla sa Bhallstát sin, i dteanga nó i gceann de theangacha oifigiúla na háite ina ndéanfar an tseirbheáil, nó i dteanga eile ar chuir an Ballstát sin in iúl go bhféadfadh sé glacadh léi. Cuirfidh gach Ballstát in iúl an teanga oifigiúil nó na teangacha oifigiúla de chuid institiúidí an Aontais Eorpaigh seachas a cheann féin a bheidh inghlactha aige leis an bhfoirm a chomhlánú.

4.   Beidh na doiciméid agus na cáipéisí uile a tharchuirfear díolmhaithe ó fhíorú nó ó aon fhoirmiúlacht den sórt sin.

5.   Nuair is mian leis an ngníomhaireacht tarchuir go gcuirfí cóip den doiciméad ar ais chuici maille leis an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 10, seolfaidh sí an doiciméad i ndúblach.

Airteagal 5

Doiciméid a aistriú

1.   Cuirfidh an ghníomhaireacht tarchuir a gcuireann an t-iarratasóir an doiciméad chuici lena tarchur an duine sin ar an eolas go bhféadfadh an seolaí diúltú glacadh leis an doiciméad mura mbeidh sé i gceann de na teangacha dá bhforáiltear in Airteagal 8.

2.   Is ar an iarratasóir a thitfidh aon chostais ar aistriúchán roimh tharchur an doiciméid, gan dochar d’aon chinneadh a d’fhéadfadh cúirt nó údarás inniúil a dhéanamh ina dhiaidh sin maidir le dliteanas i leith na gcostas sin.

Airteagal 6

Doiciméid a fháil ag gníomhaireacht fála

1.   Ar dhoiciméad a fháil, cuirfidh gníomhaireacht fála admháil chuig an ngníomhaireacht tarchuir trí na meáin tarchuir is tapúla is féidir, a luaithe is féidir agus ar aon chuma laistigh de sheacht lá ón tráth a bhfuarthas é, ag baint úsáide as an bhfoirm chaighdeánach atá leagtha amach in Iarscríbhinn I.

2.   I gcás nach bhféadfar an iarraidh ar sheirbheáil a chomhlíonadh ar bhonn na faisnéise nó na ndoiciméad a tarchuireadh, rachaidh an ghníomhaireacht fála i dteagmháil leis an ngníomhaireacht tarchuir tríd an meán tarchuir is tapúla is féidir chun an fhaisnéis nó na doiciméid atá in easnamh a fháil.

3.   Más follas go bhfuil an iarraidh ar sheirbheáil lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo nó mura féidir an tseirbheáil a dhéanamh de bharr neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha foirmiúla riachtanacha, déanfar an t-iarratas agus na doiciméid a tarchuireadh a chur ar ais, nuair a gheofar iad, chuig an ngníomhaireacht tarchuir, maille leis an bhfógra aischuir, ag baint úsáide as an bhfoirm chaighdeánach atá leagtha amach in Iarscríbhinn I.

4.   Gníomhaireacht fála a gheobhaidh doiciméad le seirbheáil ach nach mbeidh dlínse chríche aici chun é a sheirbheáil, cuirfidh sí ar aghaidh é, maille leis an iarraidh, chuig an ngníomhaireacht fála a bhfuil dlínse chríche aici sa Bhallstát céanna má chomhlíonann an iarraidh na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 4(3) agus cuirfidh sí an ghníomhaireacht tarchuir ar an eolas dá réir, ag baint úsáide as an bhfoirm chaighdeánach atá leagtha amach in Iarscríbhinn I. Cuirfidh an ghníomhaireacht fála sin an ghníomhaireacht tarchuir ar an eolas, ar an modh dá bhforáiltear i mír 1, nuair a gheobhaidh sí an doiciméad.

Airteagal 7

Doiciméid a sheirbheáil

1.   Déanfaidh an ghníomhaireacht fála an doiciméad a sheirbheáil í féin, nó áiritheoidh sí go seirbheálfar é, i gcomhréir le dlí an Bhallstáit a ndírítear air nó ar mhodh leithleach arna iarraidh sin don ghníomhaireacht tarchuir, ach amháin mura mbeidh an modh sin ag luí le dlí an Bhallstáit sin.

2.   Déanfaidh an ghníomhaireacht fála na bearta ar fad is gá le seirbheáil an doiciméid a dhéanamh a luaithe is féidir, agus ar aon chuma laistigh de mhí ón uair a bhfuarthas é. Mura mbeidh sé indéanta an tseirbheáil a dhéanamh laistigh de mhí ón uair a bhfaightear é, déanfaidh an ghníomhaireacht fála an méid seo a leanas:

(a)

cuirfidh sí an ghníomhaireacht tarchuir ar an eolas láithreach leis an deimhniú atá san fhoirm chaighdeánach atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, a dhréachtófar faoi na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 10(2); agus

(b)

leanfaidh sí de na bearta ar fad is gá a dhéanamh leis an doiciméad a sheirbheáil, mura mbeidh a mhalairt luaite ag an ngníomhaireacht tarchuir, i gcás inar cosúil go bhfuil sé indéanta an tseirbheáil a dhéanamh laistigh de thréimhse réasúnta.

Airteagal 8

Diúltú glacadh le doiciméad

1.   Cuirfidh an ghníomhaireacht fála an seolaí ar an eolas, ag baint úsáide as an bhfoirm chaighdeánach atá leagtha amach in Iarscríbhinn II go bhféadfadh sé nó sí diúltú an doiciméad atá le seirbheáil a ghlacadh tráth na seirbheála nó diúltú é a ghlacadh trína sheoladh ar ais chuig an ngníomhaireacht fála laistigh de sheachtain mura mbeidh sé scríofa, nó mura mbeidh aistriúchán ag gabháil leis, i gceann de na teangacha seo a leanas:

(a)

teanga a thuigeann an seolaí;

(b)

teanga oifigiúil an Bhallstáit a ndírítear air nó, má tá teangacha oifigiúla éagsúla sa Bhallstát sin, teanga oifigiúil nó ceann de theangacha oifigiúla na háite ina ndéanfar an tseirbheáil.

2.   I gcás ina gcuirfear an ghníomhaireacht fála ar an eolas go ndiúltaíonn an seolaí glacadh leis an doiciméad i gcomhréir le mír 1, cuirfidh sí an ghníomhaireacht tarchuir ar an eolas láithreach leis an deimhniú dá bhforáiltear in Airteagal 10 agus cuirfidh sí an iarraidh agus na doiciméid a n-iarrtar aistriúchán orthu ar ais.

3.   Má dhiúltaigh an seolaí glacadh leis an doiciméad de bhun mhír 1, is féidir seirbheáil an doiciméid a leigheas tríd an doiciméad lena ngabhfaidh aistriúchán den doiciméad i dteanga dá bhforáiltear i mír 1 a sheirbheáil ar an seolaí i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo. Sa chás sin, is é dáta seirbheála an doiciméad an dáta a seirbheáiltear an doiciméad a bhfuil an t-aistriúchán ag gabháil leis i gcomhréir le dlí an Bhallstáit a ndírítear air. Ach i gcás ina gcaithfear doiciméad a sheirbheáil laistigh de thréimhse áirithe i gcomhréir le dlí Ballstáit, is é an dáta a chuirfear san áireamh maidir leis an iarratasóir dáta seirbheála an doiciméid tosaigh arna chinneadh de bhun Airteagal 9(2).

4.   Beidh feidhm ag mír 1, mír 2 agus mír 3 freisin maidir leis an modh tarchuir agus seirbheála doiciméad breithiúnach dá bhforáiltear in Roinn 2.

5.   Chun críocha mhír 1, déanfaidh na gníomhairí taidhleoireachta nó consalacha, i gcás inar i gcomhréir le hAirteagal 13 a dhéantar an tseirbheáil, nó an t-údarás nó an duine, i gcás inar i gcomhréir le hAirteagal 14 a dhéantar an tseirbheáil, an seolaí a chur ar an eolas go dtig leis diúltú glacadh leis an doiciméad agus nach mór aon doiciméad a dhiúltaítear a sheoladh chuig na gníomhairí sin nó chuig an údarás sin nó chuig an duine sin faoi seach.

Airteagal 9

Dáta seirbheála

1.   Gan dochar d’Airteagal 8, is é dáta seirbheála doiciméid de bhun Airteagal 7 an dáta ar seirbheáladh é i gcomhréir le dlí an Bhallstáit a ndírítear air.

2.   Ach i gcás ina gcaithfear doiciméad a sheirbheáil laistigh de thréimhse áirithe i gcomhréir le dlí Ballstáit, is é an dáta a chuirfear san áireamh maidir leis an iarratasóir an dáta a chinnfear le dlí an Bhallstáit sin.

3.   Beidh feidhm ag mír 1 agus ag mír 2 freisin maidir leis an modh tarchuir agus seirbheála doiciméad breithiúnach dá bhforáiltear i Roinn 2.

Airteagal 10

Deimhniú seirbheála agus cóip den doiciméad a seirbheáladh

1.   Nuair a bheidh na foirmiúlachtaí maidir leis an doiciméad a sheirbheáil críochnaithe, dréachtófar deimhniú comhlánaithe maidir leis na foirmiúlachtaí, san fhoirm chaighdeánach atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, agus seolfar chuig an ngníomhaireacht tarchuir é, maille le cóip den doiciméad arna sheirbheáil, i gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 4(5).

2.   Déanfar an deimhniú a chomhlánú i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit tionscnaimh, nó i dteanga eile ar chuir an Ballstát tionscnaimh in iúl go bhféadfadh sé glacadh léi. Cuirfidh gach Ballstát in iúl an teanga oifigiúil nó na teangacha oifigiúla de chuid institiúidí an Aontais Eorpaigh seachas a cheann féin atá inghlactha aige leis an bhfoirm a chomhlánú.

Airteagal 11

Costais seirbheála

1.   Ní bheidh cánacha ná costais le híoc ná le haisíoc i leith seirbhísí arna soláthar ag an mBallstát a ndírítear air maidir le doiciméid bhreithiúnacha a thagann ó Bhallstát a sheirbheáil.

2.   Is é an t-iarratasóir, áfach, a íocfaidh nó a aisíocfaidh na costais a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a)

dul i muinín oifigigh bhreithiúnaigh nó duine atá inniúil faoi dhlí an Bhallstáit a ndírítear air;

(b)

modh áirithe seirbheála a úsáid.

Beidh na costais a bhainfidh le dul i muinín oifigigh bhreithiúnaigh nó le dul i muinín duine atá inniúil faoi dhlí an Bhallstáit a ndírítear air ar comhréir le táille shocraithe aonair a bheidh leagtha síos ag an mBallstát sin roimh ré agus a thabharfaidh aird ar phrionsabail na comhréireachta agus an neamh-idirdhealaithe. Cuirfidh na Ballstáit na táillí socraithe sin in iúl don Choimisiún.

Roinn 2

Modhanna Eile Chun Doiciméid Bhreithiúnacha A Tharchur Agus A Sheirbheáil

Airteagal 12

Tarchur trí chainéil taidhleoireachta nó chonsalacha

Beidh sé de shaoirse ag gach Ballstát, i gcásanna eisceachtúla, cainéil chonsalacha nó taidhleoireachta a úsáid le doiciméid bhreithiúnacha a sheoladh ar aghaidh, chun críche seirbheála, chuig na gníomhaireachtaí sin de chuid Ballstáit eile a ainmneofar de bhun Airteagal 2 nó Airteagal 3.

Airteagal 13

Seirbheáil ó ghníomhairí taidhleoireachta nó consalacha

1.   Beidh sé de shaoirse ag gach Ballstát doiciméid bhreithiúnacha a sheirbheáil ar dhaoine a bhfuil cónaí orthu i mBallstát eile trína ghníomhairí taidhleoireachta nó trína ghníomhairí consalacha go díreach, gan aon éigeantas a chur i bhfeidhm.

2.   Féadfaidh aon Bhallstát a chur in iúl, i gcomhréir le hAirteagal 23(1), go bhfuil sé i gcoinne seirbheála den sórt sin ar a chríoch, mura mbeidh na doiciméid le seirbheáil ar náisiúnaigh de chuid an Bhallstáit óna dtionscnaíonn na doiciméid sin.

Airteagal 14

Seirbheáil trí sheirbhísí poist

Beidh sé de shaoirse ag gach Ballstát seirbheáil doiciméad breithiúnach a dhéanamh go díreach trí sheirbhísí poist chuig daoine a bhfuil cónaí orthu i mBallstát eile trí litir chláraithe lena ndéanfar admháil nó a comhshamhail a chur in iúl.

Airteagal 15

Seirbheáil dhíreach

Féadfaidh aon duine a bhfuil leas aige in imeacht breithiúnach seirbheáil doiciméad breithiúnach a dhéanamh go díreach trí na hoifigigh bhreithiúnacha, trí oifigigh nó trí dhaoine inniúla eile ón mBallstát a ndírítear air, i gcás ina gceadófar an tseirbheáil dhíreach sin faoi dhlí an Bhallstáit sin.

CAIBIDIL III

DOICIMÉID SHEACHBHREITHIÚNACHA

Airteagal 16

Tarchur

Féadfar doiciméid sheachbhreithiúnacha a tharchur lena seirbheáil i mBallstát eile i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 17

Rialacha cur chun feidhme

Na bearta a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a bhaineann leis na foirmeacha caighdeánacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II a thabhairt cothrom le dáta nó le leasuithe teicniúla a dhéanamh orthu, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 18(2).

Airteagal 18

An Coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 19

Nuair nach dtiocfaidh an cosantóir i láthair

1.   I gcás nárbh fholáir eascaire toghairme nó doiciméad coibhéiseach a tharchur chuig Ballstát eile chun críche seirbheála faoi fhorálacha an Rialacháin seo agus nár tháinig an cosantóir i láthair, ní thabharfar breithiúnas go dtí go mbeidh sé suite:

(a)

go ndearnadh an doiciméad a sheirbheáil trí mhodh arna fhorordú ag dlí inmheánach an Bhallstáit a ndírítear air chun doiciméid a sheirbheáil in imeachtaí inmheánacha ar dhaoine atá laistigh dá chríoch; nó

(b)

go ndearnadh an doiciméad a sheachadadh iarbhír ar an gcosantóir nó ar a áit chónaithe trí mhodh eile dá bhforáiltear sa Rialachán seo;

agus go ndearnadh, i gceachtar den dá chás sin, an tseirbheáil nó an seachadadh in am trátha chun a chur ar chumas an chosantóra cosaint a dhéanamh.

2.   Féadfaidh gach Ballstát a chur in iúl, i gcomhréir le hAirteagal 23(1), go bhféadfaidh an breitheamh, d’ainneoin fhorálacha mhír 1, breith a thabhairt fiú mura mbeidh deimhniú seirbheála nó seachadta faighte, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

gur tarchuireadh an doiciméad trí cheann de na modhanna dá bhforáiltear sa Rialachán seo;

(b)

go bhfuil tréimhse ama nach lú ná sé mhí caite ó dháta tharchuír an doiciméid, tréimhse a mheasann an breitheamh sa chás áirithe sin a bheith leordhóthanach;

(c)

nach bhfuil deimhniú d’aon sórt faighte, cé go bhfuil gach iarracht réasúnta déanta chun é a fháil trí údaráis nó trí chomhlachtaí inniúla an Bhallstáit a ndírítear air.

3.   D’ainneoin mhír 1 agus mhír 2, féadfaidh an breitheamh, i gcás práinne, aon bhearta sealadacha nó cosanta a ordú.

4.   Nuair ba ghá eascaire toghairme nó doiciméad coibhéiseach a tharchur chuig Ballstát eile chun críche seirbheála faoi fhorálacha an Rialacháin seo agus nuair atá breithiúnas taifeadta i gcoinne cosantóir nár láithrigh, beidh de chumhacht ag an mbreitheamh faoiseamh a thabhairt don chosantóir ó éifeachtaí dhul in éag na tréimhse chun achomharc a dhéanamh i gcoinne an bhreithiúnais má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

nach raibh eolas ag an gcosantóir, gan aon locht air féin, faoin doiciméad in am trátha chun cosaint a dhéanamh nó ar an mbreithiúnas in am trátha chun achomharc a dhéanamh; agus

(b)

gur nocht an cosantóir cosaint prima facie ar an gcaingean de bhua an tuillteanais.

Ní fhéadfar iarratas ar fhaoiseamh a thaisceadh ach amháin laistigh de thréimhse réasúnta tar éis don chosantóir a bheith ar an eolas faoin mbreithiúnas.

Féadfaidh gach Ballstát a fhógairt, i gcomhréir le hAirteagal 23(1), nach dtabharfar aird ar an iarratas má thaisctear é tar éis dul in éag do thréimhse a luafar san fhógra sin, tréimhse nach lú ar aon chuma ná bliain tar éis dháta an bhreithiúnais.

5.   Ní bheidh feidhm ag mír 4 maidir le breithiúnais a bhaineann le stádas nó le hinniúlacht daoine.

Airteagal 20

Caidreamh le comhaontuithe nó le socruithe ar páirtithe na Ballstáit iontu

1.   Sna hábhair a bhfuil feidhm aige maidir leo, beidh forlámhas ag an Rialachán seo ar na forálacha atá sna comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha nó sna socruithe déthaobhacha nó iltaobhacha a chuir na Ballstáit i gcrích, agus go háirithe Airteagal IV den Phrótacal a ghabhann le Coinbhinsiún na Bruiséile 1968, agus Coinbhinsiún na Háige an 15 Samhain 1965.

2.   Ní choiscfidh an Rialachán seo ar Bhallstáit aonair comhaontuithe nó socruithe a chothabháil nó a thabhairt i gcrích chun tarchur doiciméad a bhrostú tuilleadh nó a shimpliú, ar chuntar go mbeidh siad ag luí leis an Rialachán seo.

3.   Seolfaidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún:

(a)

cóip de na comhaontuithe nó de na socruithe dá dtagraítear i mír 2 a tugadh i gcrích idir na Ballstáit mar aon le dréachtaí de chomhaontuithe nó de shocruithe den sórt sin a bhfuil, sé beartaithe acu a ghlacadh; agus

(b)

aon séanadh nó aon leasuithe a rinneadh ar na comhaontuithe nó ar na socruithe sin.

Airteagal 21

Cúnamh dlíthiúil

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chur i bhfeidhm Airteagal 23 de Choinbhinsiún an 17 Iúil 1905 maidir le nós imeachta sibhialta, Airteagal 24 de Choinbhinsiún an 1 Márta 1954 maidir le nós imeachta sibhialta ná Airteagal 13 de Choinbhinsiún an 25 Deireadh Fómhair 1980 maidir le rochtain idirnáisiúnta ar cheartas idir na Ballstáit ar páirtithe sna Coinbhinsiúin sin iad.

Airteagal 22

Faisnéis a tharchuirfear a chosaint

1.   Ní bhainfidh an ghníomhaireacht fála úsáid as faisnéis, lena n-áirítear go háirithe sonraí pearsanta, arna tarchur faoin Rialachán seo ach amháin chun na críche ar chuici a tarchuireadh í.

2.   Déanfaidh gníomhaireachtaí fála rúndacht faisnéise den sórt sin a áirithiú i gcomhréir lena ndlí náisiúnta.

3.   Ní dhéanfaidh mír 1 ná mír 2 difear do dhlíthe náisiúnta lena gcumasaítear daoine is ábhair do shonraí a chur ar an eolas maidir leis an úsáid a bhaintear as faisnéis arna tarchur faoin Rialachán seo.

4.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo dochar do Threoir 95/46/CE ná do Threoir 2002/58/CE.

Airteagal 23

Cumarsáid agus foilsiú

1.   Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 2, 3, 4, 10, 11, 13, 15 agus 19 in iúl don Choimisiún. Más rud é go gcaithfear doiciméad a sheirbheáil de réir a ndlí laistigh de thréimhse áirithe mar a luaitear in Airteagal 8(3) agus in Airteagal 9(2), cuirfidh na Ballstáit é sin in iúl don Choimisiún.

2.   Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis a chuirtear in iúl dó i gcomhréir le mír 1 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, seachas seoltaí agus sonraí teagmhála eile na ngníomhaireachtaí agus na gcomhlachtaí lárnacha agus na limistéir gheografacha ina bhfuil dlínse acu.

3.   Dréachtóidh an Coimisiún lámhleabhar, a thabharfar cothrom le dáta go rialta, ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear in mír 1, agus a chuirfear ar fáil go leictreonach, go háirithe tríd an Líonra Breithiúnach Eorpach in Ábhair Shibhialta agus Tráchtála.

Airteagal 24

Athbhreithniú

Tráth nach déanaí ná an 1 Meitheamh 2011, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, faoi bhráid na Comhairle agus faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ina mbeidh aird speisialta ar éifeachtúlacht na ngníomhaireachtaí a ainmneofar de bhun Airteagal 2, agus freisin ar chur i bhfeidhm praiticiúil Airteagal 3(c) agus Airteagal 9. Beidh moltaí ag gabháil leis an tuarascáil sin maidir le hoiriúnú an Rialacháin seo, más gá, i gcomhréir le héabhlóid na gcóras fógartha.

Airteagal 25

Aisghairm

1.   Déanfar Rialachán (CE) Uimh. 1348/2000 a aisghairm le héifeacht ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

2.   Forléireofar tagairtí don Rialachán aisghairthe mar thagairtí don Rialachán seo agus ba cheart iad a léamh i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn III.

Airteagal 26

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 13 Samhain 2008 seachas Airteagal 23 a mbeidh feidhm aige ón 13 Lúnasa 2008.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát i gcomhréir leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 13 Samhain 2007

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. LOBO ANTUNES


(1)  IO C 88, 11.4.2006, lch. 7.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Iúil 2006 (IO C 303 E, 13.12.2006, lch. 69), Comhsheasamh ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 (IO C 193 E, 21.8.2007, lch. 13) agus Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Deireadh Fómhair 2007.

(3)  IO C 261, 27.8.1997, lch. 1. An lá ar dréachtaíodh an Coinbhinsiún thug an Chomhairle dá haire an tuarascáil mhínitheach faoin gCoinbhinsiún a leagtar amach ar leathanach 26 den Iris Oifigiúil réamhluaite.

(4)  IO L 160, 30.6.2000, lch. 37.

(5)  IO L 174, 27.6.2001, lch. 25.

(6)  IO L 124, 8.6.1971, lch. 1.

(7)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).

(8)  Coinbhinsiún na Bruiséile an 27 Meán Fómhair 1968 ar Dhlínse agus ar Fhorghníomhú Breithiúnas in Ábhair Shibhialta agus Tráchtála (IO L 299, 31.12.1972, lch. 32; leagan comhdhlúite, IO C 27, 26.1.1998, lch. 1).

(9)  Coinbhinsiún na Háige an 15 Samhain 1965 ar Dhoiciméid Bhreithiúnacha agus Sheachbhreithiúnacha in Ábhair Shibhialta nó Tráchtála a Sheirbheáil thar lear.

(10)  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31. Treoir arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

(11)  IO L 201, 31.7.2002, lch. 37. Treoir arna leasú le Treoir 2006/24/CE (IO L 105, 13.4.2006, lch. 54).


IARSCRÍBHINN I

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image


IARSCRÍBHINN II

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image

Image


IARSCRÍBHINN III

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) Uimh. 1348/2000

An Rialachán seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(1), an chéad abairt

Airteagal 1(1), an dara habairt

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(3)

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 6

Airteagal 7(1)

Airteagal 7(1)

Airteagal 7(2) an chéad abairt

Airteagal 7(2) an chéad abairt

Airteagal 7(2) an dara habairt

Airteagal 7(2) an dara habairt (an abairtín réamhráiteach) agus Airteagal 7(2)(a)

Airteagal 7(2)(b)

Airteagal 7(2) an tríú habairt

Airteagal 8(1) an abairtín réamhráiteach

Airteagal 8(1) an abairtín réamhráiteach

Airteagal 8(1)(a)

Airteagal 8(1)(b)

Airteagal 8(1)(b)

Airteagal 8(1)(a)

Airteagal 8(2)

Airteagal 8(2)

Airteagal 8(3) go (5)

Airteagal 9(1) agus (2)

Airteagal 9(1) agus (2)

Airteagal 9(3)

Airteagal 9(3)

Airteagal 10

Airteagal 10

Airteagal 11(1)

Airteagal 11(1)

Airteagal 11(2)

Airteagal 11(2) an chéad fhomhír

Airteagal 11(2) an dara fomhír

Airteagal 12

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 13

Airteagal 14(1)

Airteagal 14

Airteagal 14(2)

Airteagal 15(1)

Airteagal 15

Airteagal 15(2)

Airteagal 16

Airteagal 16

Airteagal 17, an abairtín réamhráiteach

Airteagal 17

Airteagal 17(a) go (c)

Airteagal 18(1) agus (2)

Airteagal 18(1) agus (2)

Airteagal 18(3)

Airteagal 19

Airteagal 19

Airteagal 20

Airteagal 20

Airteagal 21

Airteagal 21

Airteagal 22

Airteagal 22

Airteagal 23(1)

Airteagal 23(1) an chéad abairt

Airteagal 23(1) an dara habairt

Airteagal 23(2)

Airteagal 23(2)

Airteagal 23(3)

Airteagal 24

Airteagal 24

Airteagal 25

Airteagal 25

Airteagal 26

Iarscríbhinn

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III