7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/23


Airteagal 15

1.   Tabharfaidh an Chomhairle Eorpach don Aontas an spreagadh is gá dá fhorbairt agus saineoidh sí na treoirlínte agus na tosaíochtaí polaitiúla ginearálta. Ní fheidhmeoidh sí feidhmeanna reachtacha.

2.   Beidh an Chomhairle Eorpach comhdhéanta de Chinn Stáit nó Rialtais na mBallstát mar aon lena hUachtarán agus Uachtarán an Choimisiúin. Glacfaidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála páirt ina cuid oibre.

3.   Tiocfaidh an Chomhairle Eorpach le chéile faoi dhó gach sé mhí arna comóradh ag a hUachtarán. Nuair a éileoidh an clár oibre é, féadfaidh comhaltaí na Comhairle Eorpaí a chinneadh go mbeidh aire de chúnamh ag gach duine acu, agus, i gcás Uachtarán an Choimisiúin, go mbeidh comhalta den Choimisiún de chúnamh aige. Nuair a éileoidh an staid amhlaidh, déanfaidh an tUachtarán cruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach a chomóradh.

4.   Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sna Conarthaí, glacfar cinntí na Comhairle Eorpaí trí chomhthoil.

5.   Toghfaidh an Chomhairle Eorpach a hUachtarán, trí thromlach cáilithe, go ceann téarma dhá bhliain go leith, a bheidh inathnuaite uair amháin. Mura féidir dó feidhmiú nó i gcás mí-iompar tromchúiseach, féadfaidh an Chomhairle Eorpach téarma oifige an Uachtaráin a chríochnú i gcomhréir leis an nós imeachta céanna.

6.   I dtaca le hUachtarán na Comhairle Eorpaí:

(a)

beidh sé i gceannas ar an gComhairle Eorpach agus stiúrfaidh sé a himeachtaí;

(b)

i gcomhar le hUachtarán an Choimisiúin, agus ar bhonn imeachtaí na Comhairle Gnóthaí Ginearálta, áiritheoidh sé ullmhúchán agus leanúnachas imeachtaí na Comhairle Eorpaí;

(c)

féachfaidh sé le comhchuibheas agus comhthoil a éascú sa Chomhairle Eorpach;

(d)

tíolacfaidh sé tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa tar éis gach ceann de chruinnithe na Comhairle Eorpaí.

Áiritheoidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí ar a leibhéal féin agus sa cháil sin ionadaíocht sheachtrach an Aontais maidir le saincheisteanna a bhaineann lena chomhbheartas eachtrach agus slándála, ach sin gan dochar do chumhachtaí Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.

Ní fhéadfaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí oifig náisiúnta a shealbhú.