7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/186


Airteagal 319

(sean-Airteagal 276 CCE)

1.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di ar mholadh ón gComhairle, urscaoileadh a thabhairt don Choimisiún i leith an buiséad a chur i ngníomh. Chun na críche sin, déanfaidh Parlaimint na hEorpa, i ndiaidh na Comhairle, scrúdú ar na cuntais, ar an ráiteas airgeadais agus ar an tuarascáil mheastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 318, ar thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí, maille le freagraí na n-institiúidí faoi iniúchadh ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí, ar an ráiteas dearbhaithe dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 287(1) agus ar aon tuarascálacha speisialta ábhartha ón gCúirt Iniúchóirí.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa, sula dtabharfaidh sí urscaoileadh don Choimisiún nó chun aon chríche eile faoi chuimsiú fheidhmiú chumhachtaí an Choimisiúin i leith an buiséad a chur i ngníomh, a iarraidh an Coimisiún a éisteacht ar chur i ngníomh an chaiteachais nó ar oibriú na gcóras rialú airgeadais. Cuirfidh an Coimisiún gach eolas is gá faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa arna iarraidh sin di.

3.   Déanfaidh an Coimisiún gach dícheall chun go gcuirfear na barúlacha i gcrích atá i gceangal leis na cinntí urscaoilte maille le barúlacha eile Pharlaimint na hEorpa maidir leis an gcaiteachas a chur i ngníomh agus na gluaiseanna a bheidh in éineacht leis na moltaí urscaoilte arna nglacadh ag an gComhairle.

Arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar na bearta a bheidh glactha i bhfianaise na mbarúlacha agus na ngluaiseanna sin agus go háirithe ar na teagaisc a bheidh tugtha do na ranna atá freagrach as an mbuiséad a chur i ngníomh. Cuirfear na tuarascálacha sin chun na Cúirte Iniúchóirí freisin.