7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/185


Airteagal 315

(sean-Airteagal 273 CCE)

Más rud é, i dtosach bliana airgeadais, nach bhfuil an buiséad glactha go cinntitheach fós, féadfar suim nach mó ná an dóú cuid déag de na leithreasaí buiséid don bhliain airgeadais roimhe sin a chaitheamh gach mí i leith aon chaibidle den bhuiséad, de réir fhorálacha na rialachán a bheidh déanta de bhun Airteagal 322, ach ní bheidh d'éifeacht leis an socrú sin go gcuirfear ar láimh an Choimisiúin leithreasaí de bhreis ar an dóú cuid déag díobh siúd dá bhforáiltear sa chaibidil sin den dréachtbhuiséad atá á ullmhú.

Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, agus ar chuntar go gcomhlíontar na coinníollacha eile atá leagtha síos sa chéad fhomhír, caiteachas de bhreis ar an dóú cuid déag a údarú i gcomhréir leis na rialacháin a dhéanfar de bhun Airteagal 322. Cuirfidh an Chomhairle an cinneadh ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa láithreach.

Leagfar síos leis an gcinneadh dá dtagraítear sa dara mír na bearta is gá a bhaineann le hacmhainní chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm, i gcomhréir leis na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 311.

Tiocfaidh sé i bhfeidhm tríocha lá tar éis a ghlactha ach amháin más rud é nach mbeidh Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í, tar éis a chinneadh an caiteachas sin a laghdú laistigh den teorainn ama sin.