7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/178


Airteagal 304

(sean-Airteagal 262 CCE)

Rachaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún i gcomhairle leis an gCoiste sna cásanna dá bhforáiltear sna Conarthaí. Féadfaidh na hinstitiúidí sin dul i gcomhairle leis an gCoiste i ngach cás inar cuí leo é. Féadfaidh an Coiste, ar a thionscnamh féin, tuairim a thabhairt i gcásanna inar cuí leis é.

Má mheasann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún gur gá sin, sonróidh siad don Choiste, chun a thuairim a thíolacadh, tréimhse nach giorra ná mí ón dáta ar a bhfaighidh an cathaoirleach scéala dá réir sin. Mura mbeidh tuairim faighte ar an tréimhse sin a bheith caite, ní chuirfidh sin cosc le dul ar aghaidh tuilleadh.

Cuirfear ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún tuairim an Choiste, maille le taifead ar na himeachtaí.