7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/131


Airteagal 188

(sean-Airteagal 172 CCE)

Déanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 187 a ghlacadh.

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, na forálacha dá dtagraítear in Airteagail 183, 184 agus 185 a ghlacadh. Beidh gá le comhaontú na mBallstát i dtrácht chun na cláir fhorlíontacha a ghlacadh.