7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/124


Airteagal 170

(sean-Airteagal 154 CCE)

1.   D'fhonn rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagail 26 agus 174 agus d'fhonn cumasú do shaoránaigh an Aontais, d'oibreoirí eacnamaíocha agus do phobail réigiúnacha agus áitiúla tairbhiú go hiomlán de na buntáistí a chinfidh ó limistéar gan teorainneacha inmheánacha a chur ar bun, rannchuideoidh an tAontas le gréasáin thras-Eorpacha a bhunú agus a fhorbairt in earnálacha bhonneagair an iompair, na teileachumarsáide agus an fhuinnimh.

2.   Faoi chuimsiú córas margaí a bheidh ar oscailt agus iomaíoch, beidh sé d'aidhm ag gníomhaíocht an Aontais taobhú le hidirnascadh agus le hidirinoibritheacht na ngréasán náisiúnta agus le rochtain ar na gréasáin sin. Tabharfaidh sí aird go háirithe ar a riachtanaí atá sé na réigiúin oileánacha, talamhiata agus forimeallacha a cheangal le réigiúin láir an Aontais.