7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/107


Airteagal 138

(sean-Airteagal 111(4) CCE)

1.   D'fhonn ionad an euro sa chóras idirnáisiúnta airgeadaíochta a áirithiú, glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh lena mbunófar na comhsheasaimh ar ábhair ina bhfuil leas ar leith don aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta laistigh de na hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais inniúla agus de na comhdhálacha idirnáisiúnta airgeadais inniúla. Gníomhóidh an Chomhairle tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach.

2.   Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, bearta iomchuí a ghlacadh chun ionadaíocht aontaithe laistigh de na hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais inniúla agus de na comhdhálacha idirnáisiúnta airgeadais inniúla a áirithiú. Gníomhóidh an Chomhairle tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach.

3.   Ní ghlacfaidh páirt sa vótáil maidir leis na bearta atá luaite i míreanna 1 agus 2 ach comhaltaí sin na Comhairle a ionadaíonn do Bhallstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

Saineofar tromlach cáilithe chomhaltaí eile na Comhairle i gcomhréir le hAirteagal 238(3)(a).