7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/105


Airteagal 134

(sean-Airteagal 114 CCE)

1.   Chun comhordú bheartais na mBallstát a chur ar aghaidh a mhéad is gá ar mhaithe le hoibriú an mhargaidh inmheánaigh, bunaítear leis seo Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadais.

2.   Beidh sé de chúram ar an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais:

tuairimí a thabhairt, arna iarraidh sin don Chomhairle nó don Choimisiún nó ar a thionscnamh féin, le cur faoi bhráid na n-institiúidí sin;

cor eacnamaíoch agus airgeadais na mBallstát agus an Aontais a choimeád faoi léirmheas agus tuarascáil a dhéanamh go tráthrialta don Chomhairle agus don Choimisiún, go háirithe ar an gcaidreamh airgeadais le tríú tíortha agus le hinstitiúidí idirnáisiúnta;

gan dochar d'Airteagal 240, rannchuidiú le hullmhú obair na Comhairle dá dtagraítear in Airteagail 66, 75, 121(2), (3), (4) agus (6), 122, 124, 125, 126, 127(6), 128(2), 129(3) agus (4), 138, 140(2) agus (3), 143, 144(2) agus (3) agus in Airteagal 219, agus na cúraimí comhairleacha agus ullmhúcháin arna sannadh ag an gComhairle dó a chur i gcrích;

an cor a scrúdú, ar a laghad uair sa bhliain, maidir le gluaiseacht chaipitil agus saoirse íocaíochtaí, mar a leanann siad ó chur chun feidhme na gConarthaí agus beart arna nglacadh ag an gComhairle; folóidh an scrúdú gach beart a bhaineann le gluaiseachtaí caipitil agus le híocaíochtaí; déanfaidh an Coiste tuarascáil don Choimisiún agus don Chomhairle ar thoradh an scrúdaithe sin.

Ceapfaidh na Ballstáit, an Coimisiún agus an Banc Ceannais Eorpach faoi seach dhá chomhalta ar a mhéad den Choiste.

3.   Déanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach agus leis an gCoiste dá dtagraítear san Airteagal seo, forálacha mionsonraithe maidir le comhdhéanamh an Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais a leagan síos. Cuirfidh Uachtarán na Comhairle Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi chinneadh den sórt sin.

4.   De bhreis ar na cúraimí atá leagtha amach i mír 2, má tá agus fad atá Ballstáit a bhfuil maolú acu dá dtagraítear in Airteagal 139 ann, coimeádfaidh an Coiste cor airgeadaíochta agus airgeadais maille le córas ginearálta íocaíochtaí na mBallstát sin faoi léirmheas agus déanfaidh sé tuarascáil go tráthrialta don Chomhairle agus don Choimisiún ar an ábhar sin.