7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/56


Airteagal 20

(sean-Airteagal 17 CCE)

1.   Tionscnaítear leis seo saoránacht den Aontas. Is saoránach den Aontas é gach duine a bhfuil náisiúntacht Bhallstáit aige. Beidh saoránacht an Aontais ann de bhreis ar an tsaoránacht náisiúnta agus ní ghabhfaidh sí a hionad.

2.   Beidh ag saoránaigh an Aontais na cearta dá bhforáiltear sna Conarthaí, agus beidh siad faoi réir na ndualgas dá bhforáiltear iontu. Beidh acu, inter alia:

(a)

an ceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát;

(b)

an ceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus i dtoghcháin bhardasacha sa Bhallstát ina gcónaíonn siad, faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin;

(c)

an ceart chun cosaint a fháil ar chríoch tríú tír nach bhfuil ionadaíocht inti ag an mBallstát ar náisiúnaigh de iad ó údaráis taidhleoireachta agus chonsalacha aon Bhallstáit faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin;

(d)

an ceart chun achainí a dhéanamh chuig Parlaimint na hEorpa, dul ar iontaoibh an Ombudsman Eorpaigh, agus dul i dteagmháil le hinstitiúidí agus comhlachtaí comhairleacha an Aontais in aon cheann de theangacha na gConarthaí agus freagra a fháil sa teanga chéanna.

Feidhmeofar na cearta sin faoi na coinníollacha agus na teorainneacha a shainítear leis na Conarthaí agus leis na bearta arna nglacadh dá mbun.