12006E093

Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (Leagan comhdhlúite) - Cuid a Trí - Bear tais an Chomhphobail - TEIDEAL VI - Comhrialacha maidir le hiomaíocht, le cánachas agus le comhfhogasú reachtaíochta - Caibidil 2 - Forálacha cánachais - Airteagal 93

Official Journal C 321 E , 29/12/2006 P. 0079 - 0079
Official Journal C 325 , 24/12/2002 P. 0069 - Consolidated version
Official Journal C 340 , 10/11/1997 P. 0213 - Consolidated version
Official Journal C 224 , 31/08/1992 P. 0032 - Consolidated version
(EEC Treaty - no official publication available)


Airteagal 93

Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, na forálacha maidir le comhchuibhiú reachtaíochta a bhaineann le cánacha láimhdeachais, dleachtanna máil agus cineálacha eile cánachais indírigh a mhéad is gá an comhchuibhiú sin chun bunú agus oibriú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú laistigh den tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 14.

--------------------------------------------------