21.6.2005 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
377 |
IONSTRAIM CHRÍOCHNAITHEACH
I. TÉACS NA hIONSTRAIME CRÍOCHNAITHÍ
1. |
Tá na Lánchumhachtaigh: ÓNA SHOILSE RÍ NA mBEILGEACH, Ó PHOBLACHT NA BULGÁIRE, Ó UACHTARÁN PHOBLACHT NA SEICE, ÓNA SOILSE BANRÍON NA DANMHAIRGE, Ó UACHTARÁN PHOBLACHT CHÓNAIDHME NA GEARMÁINE, Ó UACHTARÁN PHOBLACHT NA hEASTÓINE, Ó UACHTARÁN NA POBLACHTA HEILLÉANAÍ, ÓNA SHOILSE RÍ NA SPÁINNE, Ó UACHTARÁN PHOBLACHT NA FRAINCE, Ó UACHTARÁN NA hÉIREANN, Ó UACHTARÁN PHOBLACHT NA hIODÁILE, Ó UACHTARÁN PHOBLACHT NA CIPIRE, Ó UACHTARÁN PHOBLACHT NA LAITVIA, Ó UACHTARÁN PHOBLACHT NA LIOTUÁINE, ÓNa MHÓRGACHT RÍOGA ARD‐DIÚC LUCSAMBURG, Ó UACHTARÁN PHOBLACHT NA hUNGÁIRE, Ó UACHTARÁN MHÁLTA, ÓNA SOILSE BANRÍON NA hÍSILTÍRE, Ó UACHTARÁN CÓNAIDHME PHOBLACHT NA hOSTAIRE, Ó UACHTARÁN PHOBLACHT NA POLAINNE, Ó UACHTARÁN PHOBLACHT NA PORTAINGÉILE, Ó UACHTARÁN NA RÓMÁINE, Ó UACHTARÁN PHOBLACHT NA SLÓIVÉINE, Ó UACHTARÁN PHOBLACHT NA SLÓVAICE, Ó UACHTARÁN PHOBLACHT NA FIONLAINNE, Ó RIALTAS RÍOCHT NA SUALAINNE, ÓNA SOILSE BANRÍON RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN, Ag teacht le chéile dóibh i Lucsamburg an cúigiú lá fichead d'Aibreán sa bhliain dhá mhíle is a cúig chun an Conradh a shíniú idir Ríocht na Beilge, Poblacht na Seice, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na hEastóine, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Éire, Poblacht na hIodáile, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Poblacht na hUngáire, Poblacht Mhálta, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Polainne, Poblacht na Portaingéile, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice, Poblacht na Fionlainne, Ríocht na Sualainne, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (Ballstáit an Aontais Eorpaigh) agus Poblacht na Bulgáire agus an Rómáin i dtaobh aontachas Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine leis an Aontas Eorpach. Tar éis a thabhairt dá n-aire gur tarraingíodh na téacsanna seo a leanas suas agus gur glacadh iad sa Chomhdháil idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na Bulgáire agus an Rómáin i dtaobh aontachas Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine leis an Aontas Eorpach:
|
2. |
Tá na hArdpháirtithe Conarthacha tar éis teacht ar chomhaontú polaitiúil maidir le sraith oiriúnuithe is gá de thoradh an aontachais ar ghníomhartha arna nglacadh ag na hinstitiúidí agus iarrann siad ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún na hoiriúnuithe sin, arna gcríochnú agus arna dtabhairt suas chun dáta mar is gá d'fhonn éabhlóid dhlí an Aontais a chur san áireamh, a ghlacadh roimh an aontachas i gcomhréir le hAirteagal 56 den Phrótacal Aontachais nó, de réir mar a bheidh, i gcomhréir le hAirteagal 56 den Ionstraim Aontachais, dá dtagraítear in Airteagal 4(3) den Chonradh Aontachais. |
3. |
Gabhann na hArdpháirtithe Conarthacha orthu féin gach faisnéis is gá do chur i bhfeidhm an Phrótacail Aontachais nó, de réir mar a bheidh, do chur i bhfeidhm na hIonstraime Aontachais a chur in iúl don Choimisiún agus dá chéile. Nuair is gá, soláthrófar an fhaisnéis sin in am trátha roimh dháta an aontachais chun gur féidir an Prótacal Aontachais nó, de réir mar a bheidh, an Ionstraim Aontachais a chur i bhfeidhm go hiomlán ó dháta an aontachais, go háirithe a mhéad a bhaineann le hoibriú an mhargaidh inmheánaigh. Sa chomhthéacs seo, tá sé rí‐thábhachtach go ndéanfaí na bearta arna nglacadh ag an mBulgáir agus ag an Rómáin a chur in iúl go luath faoi Airteagal 53 den Phrótacal Aontachais nó, de réir mar a bheidh, faoi Airteagal 53 den Ionstraim Aontachais. Féadfaidh an Coimisiún Poblacht na Bulgáire agus an Rómáin a chur ar an eolas faoin am ar faoina cheann a mheasann sé atá sé iomchuí faisnéis shonrach a fháil nó a sheoladh. Faoi cheann lá seo an tsínithe, soláthraíodh liosta do na Páirtithe Conarthacha ina leagtar amach na hoibleagáidí faisnéise i réimse na tréidliachta. |
4. |
Thug na Lánchumhachtaigh dá n-aire freisin na Dearbhuithe seo a leanas a rinneadh agus atá i gceangal leis an Ionstraim Chríochnaitheach seo:
|
5. |
Thug na Lánchumhachtaigh dá n-aire an Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Bulgáire agus an Rómáin maidir le nós imeachta faisnéise agus comhairliúcháin chun cinntí áirithe agus bearta eile a ghlacadh i rith na tréimhse roimh an aontachas agus atá i gceangal leis an Ionstraim Chríochnaitheach seo. |
Съставено в Люксембург на двадесет и пети април две хиляди и пета година.
Hecho en Luxemburgo, el veinticinco de abril del dos mil cinco.
V Lucemburku dne dvacátého pátého dubna dva tisíce pět.
Udfærdiget i Luxembourg den femogtyvende april to tusind og fire.
Geschehen zu Luxemburg am fünfundzwanzigsten April zweitausendfünf.
Kahe tuhande viienda aasta aprillikuu kahekümne viiendal päeval Luxembourgis.
'Εγινε στo Λουξεμβούργο, στις είκοσι πέντε Απριλίου δύο χιλιάδες πέντε.
Done at Luxembourg on the twenty‐fifth day of April in the year two thousand and five.
Fait à Luxembourg, le vingt‐cinq avril deux mille cinq.
Fatto a Lussembourgo, addi' venticinque aprile duemilacinque.
Luksemburgā, divtūkstoš piektā gada divdesmit piektajā aprīlī.
Priimta du tūkstančiai penktų metų balandžio dvidešimt penktą dieną Liuksemburge.
Kelt Luxembourgban, a kettőezer ötödik év április huszonötödik napján.
Magħmul fil-Lussemburgu, fil-ħamsa u għoxrin jum ta' April tas-sena elfejn u ħamsa.
Gedaan te Luxemburg, de vijfentwintigste april tweeduizend vijf.
Sporządzono w Luksemburgu dnia dwudziestego piątego kwietnia roku dwutysięcznego piątego.
Feito em Luxemburgo, em vinte e cinco de Abril de dois mil e cinco.
Întocmit la Luxemburg la douăzecişicinci aprilie anul două mii cinci.
V Luxembourgu, petindvajsetega aprila leta dva tisoč pet.
V Luxemburgu dňa dvadsiateho piateho apríla dvetisícpäť.
Tehty Luxemburgissa kahdentenakymmenentenäviidentenä päivänä huhtikuuta vuonna kaksituhattaviisi.
Som skedde i Luxemburg den tjugofemte april tjugohundrafem.
Pour Sa Majesté le Roi des Belges
Voor Zijne Majesteit de Koning der Belgen
Für Seine Majestät den König der Belgier
Cette signature engage également la Communauté française, la Communauté flamande, la Communauté germanophone, la Région wallonne, la Région flamande et la Région de Bruxelles-Capitale.
Deze handtekening verbindt eveneens de Vlaamse Gemeenschap, de Franse Gemeenschap, de Duitstalige Gemeenschap, het Vlaamse Gewest, het Waalse Gewest en het Brussels Hoofdstedelijk Gewest.
Diese Unterschrift bindet zugleich die Deutschsprachige Gemeinschaft, die Flämische Gemeinschaft, die Französische Gemeinschaft, die Wallonische Region, die Flämische Region und die Region Brüssel-Hauptstadt.
За Република България
Za prezidenta České republiky
For Hendes Majestæt Danmarks Dronning
Für den Präsidenten der Bundesrepublik Deutschland
Eesti Vabariigi Presidendi nimel
Για τον Πρόεδρο της Ελληνικής Δημοκρατίας
Por Su Majestad el Rey de España
Pour le Président de la République française
Thar ceann Uachtarán na hÉireann
For the President of Ireland
Per il Presidente della Repubblica italiana
Για τον Πρόεδρο της Κυπριακής Δημοκρατίας
Latvijas Republikas Valsts prezidentes vārdā
Lietuvos Respublikos Prezidento vardu
Pour Son Altesse Royale le Grand-Duc de Luxembourg
A Magyar Köztársaság Elnöke részéről
Għall-President ta' Malta
Voor Hare Majesteit de Koningin der Nederlanden
Für den Bundespräsidenten der Republik Österreich
Za Prezydenta Rzeczypospolitej Polskiej
Pelo Presidente da República Portuguesa
Pentru Preşedintele României
Za predsednika Republike Slovenije
Za prezidenta Slovenskej republiky
Suomen Tasavallan Presidentin puolesta
För Republiken Finlands President
För Konungariket Sveriges regering
For Her Majesty the Queen of the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland
II. DEARBHUITHE
A. DEARBHUITHE COMHPHÁIRTEACHA Ó NA BALLSTÁIT LÁITHREACHA
1. Dearbhú comhpháirteach maidir le saorghluaiseacht oibrithe: an Bhulgáir
Cuireann an tAontas Eorpach an bhéim ar eilimintí láidre na difreála agus na solúbthachta sa socrú maidir le saorghluaiseacht oibrithe. Déanfaidh na Ballstáit a ndícheall rochtain mhéadaithe ar mhargadh an tsaothair a dheonú do náisiúnaigh Bhulgáracha faoin dlí náisiúnta d'fhonn an comhfhogasú don acquis a bhrostú. Dá thoradh sin, ba chóir go dtiocfadh feabhas substaintiúil ar na deiseanna fostaíochta san Aontas Eorpach do náisiúnaigh Bhulgáracha amhail ó aontachas na Bulgáire. Ina theannta sin, bainfidh Ballstáit AE leas iomlán as an socrú arna bheartú chun gluaiseacht a luaithe is féidir go dtí lánchur i bhfeidhm an acquis maidir le saorghluaiseacht oibrithe.
2. Dearbhú comhpháirteach maidir le léagúim ghráinneacha: an Bhulgáir
I ndáil le léagúim ghráinneacha, tá achar 18 047 heicteár tugtha san áireamh chun uasteorainn náisiúnta na Bulgáire a ríomh in Iarscríbhinn VIIIA a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 an 29 Meán Fómhair 2003 (IO L 270, 21.10.2003, lch. 1).
3. Dearbhú comhpháirteach maidir le saorghluaiseacht oibrithe: an Rómáin
Cuireann an tAontas Eorpach an bhéim ar eilimintí láidre na difreála agus na solúbthachta sa socrú maidir le saorghluaiseacht oibrithe. Déanfaidh na Ballstáit a ndícheall rochtain mhéadaithe ar mhargadh an tsaothair a dheonú do náisiúnaigh Rómánacha faoin dlí náisiúnta d'fhonn an comhfhogasú don acquis a bhrostú. Dá thoradh sin, ba chóir go dtiocfadh feabhas substaintiúil ar na deiseanna fostaíochta san Aontas Eorpach do náisiúnaigh Rómánacha amhail ó aontachas na Rómáine. Ina theannta sin, bainfidh Ballstáit AE leas iomlán as an socrú arna bheartú chun gluaiseacht a luaithe is féidir go dtí lánchur i bhfeidhm an acquis maidir le saorghluaiseacht oibrithe.
4. Dearbhú comhpháirteach maidir le forbairt na tuaithe: an Bhulgáir agus an Rómáin
I dtaca leis na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí d'fhorbairt na tuaithe a thig ó Roinn Treoraíochta CETRT don Bhulgáir agus don Rómáin i rith na tréimhse trí bliana 2007—2009 atá luaite in Airteagal 34(2) den Phrótacal Aontachais agus in Airteagal 34(2) den Ionstraim Aontachais, tugann an tAontas dá aire gur féidir bheith ag súil leis na cionrannta seo a leanas:
(EUR milliún, praghsanna 2004) |
||||
|
2007 |
2008 |
2009 |
2007-2009 |
An Bhulgáir |
183 |
244 |
306 |
733 |
An Rómáin |
577 |
770 |
961 |
2 308 |
Iomlán |
760 |
1 014 |
1 267 |
3 041 |
Beidh cionrannta forbartha tuaithe na Bulgáire agus na Rómáine thar an tréimhse trí bliana 2007-2009 bunaithe ar chur i bhfeidhm na rialacha atá ann nó na rialacha a chineann ó aon athchóirithe beartais a tharlóidh idir an dá linn.
B. DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH Ó NA BALLSTÁIT LÁITHREACHA AGUS ÓN gCOIMISIÚN
5. Dearbhú comhpháirteach maidir le hullmhúcháin na Bulgáire agus na Rómáine don aontachas
Leanfaidh an tAontas Eorpach d'fhaireachán géar a dhéanamh ar ullmhúcháin agus gnóthachtála na Bulgáire agus na Rómáine, lena n‐áirítear cur chun feidhme éifeachtúil na ngealltanas arna nglacadh ar láimh i ngach réimse den acquis.
Meabhraítear don Aontas Eorpach conclúidí na hUachtaránachta do Chomhairle Eorpach an 16/17 Nollaig 2004, go háirithe pointí 8 agus 12 ina gcuirtear i bhfios go láidir, i gcás na Rómáine, go dtabharfar aird ar leith ar an ullmhúchán i réimsí an Cheartais agus na nGnóthaí Baile, na hIomaíochta agus an Chomhshaoil, agus, i gcás na Bulgáire, go dtabharfar aird ar leith ar an ullmhúchán i réimse an Cheartais agus na nGnóthaí Baile. Leanfaidh an Coimisiún de thuarascálacha bliantúla a thíolacadh maidir le dul chun cinn na Bulgáire agus na Rómáine i dtreo an aontachais, mar aon le moltaí más iomchuí. Meabhraítear don Aontas Eorpach go ndéantar foráil i gclásail choimirce maidir le bearta chun díriú ar fhadhbanna tromchúiseacha a fhéadfaidh teacht chun cinn roimh an aontachas nó sna trí bliana tar éis an aontachais, de réir mar a bheidh.
C. DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH Ó ROINNT DE NA BALLSTÁIT LÁITHREACHA
6. Dearbhú comhpháirteach ó Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus ó Phoblacht na hOstaire maidir le saorghluaiseacht oibrithe: an Bhulgáir agus an Rómáin
An fhoclaíocht de phointe 13 de na bearta idirthréimhseacha maidir le saorghluaiseacht oibrithe faoi Threoir 96/71/CE in Iarscríbhinní VI agus VII a ghabhann leis an bPrótacal Aontachais agus leis an Ionstraim Aontachais araon, tuigtear do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus do Phoblacht na hOstaire i gcomhaontú leis an gCoimisiún go gciallaíonn sí go bhféadfaidh ‘réigiúin áirithe’ an chríoch náisiúnta iomlán a chuimsiú freisin, nuair is iomchuí.
D. DEARBHÚ Ó PHOBLACHT NA BULGÁIRE
7. Dearbhú ó Phoblacht na Bulgáire maidir le húsáid na haibítre coireallaí san Aontas Eorpach
Agus an Bhulgáiris á haithint mar theanga údarásach do na Conarthaí agus mar theanga oifigiúil agus oibre a úsáidfidh institiúidí an Aontais Eorpaigh, beidh an aibítir choireallach ar cheann de na trí haibítir a úsáidtear go hoifigiúil san Aontas Eorpach. Is rannchuidiú sonrach ón mBulgáir le héagsúlacht teanga agus chultúrtha an Aontais an chuid shubstaintiúil sin d'oidhreacht chultúrtha na hEorpa.
III. MALARTÚ LITREACHA
Malartú litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Bulgáire agus an Rómáin maidir le nós imeachta faisnéise agus comhairliúcháin chun cinntí áirithe agus bearta eile a ghlacadh i rith na tréimhse roimh an aontachas
A Chara,
Tá sé d'onóir agam tagairt don cheist maidir le nós imeachta faisnéise agus comhairliúcháin chun cinntí áirithe agus bearta eile a ghlacadh i rith na tréimhse roimh aontachas do thíre leis an Aontas Eorpach a tógadh faoi chuimsiú chaibidlíocht an aontachais.
Deimhním leis seo go dtig leis an Aontas Eorpach nós imeachta den sórt sin a chomhaontú, sna téarmaí atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an litir seo, a d'fhéadfaí a chur i bhfeidhm amhail ón 1 Deireadh Fómhair 2004.
Bheinn faoi chomaoin agat ach a dheimhniú go bhfuil do Rialtas i gcomhaontú le hinneachar na litreach seo.
Is mise le mórmheas,
A Chara,
Is mian liom a chur in iúl duit go bhfuarthas do litir atá mar a leanas:
‘Tá sé d'onóir agam tagairt don cheist maidir le nós imeachta faisnéise agus comhairliúcháin chun cinntí áirithe agus bearta eile a ghlacadh i rith na tréimhse roimh aontachas do thíre leis an Aontas Eorpach a tógadh faoi chuimsiú chaibidlíocht an aontachais.
Deimhním leis seo go dtig leis an Aontas Eorpach nós imeachta den sórt sin a chomhaontú, sna téarmaí atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an litir seo, a d'fhéadfaí a chur i bhfeidhm amhail ón 1 Deireadh Fómhair 2004.
Bheinn faoi chomaoin agat ach a dheimhniú go bhfuil do Rialtas i gcomhaontú le hinneachar na litreach seo.’
Tá sé d'onóir agam a dheimhniú go bhfuil mo Rialtas i gcomhaontú le hinneachar na litreach sin.
Is mise le mórmheas,
IARSCRÍBHINN
Nós imeachta faisnéise agus comhairliúcháin chun cinntí áirithe agus bearta eile a ghlacadh i rith na tréimhse roimh an aontachas
I.
1. |
D'fhonn a áirithiú go mbeidh faisnéis leormhaith ar fáil ag Poblacht na Bulgáire agus ag an Rómáin, dá ngairtear na ‘Stáit aontacha’ anseo feasta, cuirfear na Stáit aontacha ar an eolas faoi aon togra, cumarsáid, moladh nó tionscnamh a bhféadfadh cinntí ó institiúidí nó comhlachtaí an Aontais Eorpaigh a theacht as, tar éis é a sheoladh chuig an gComhairle. |
2. |
Cuirfear an comhairliúchán ar siúl de bhun iarratais réasúnaithe ó Stát aontach ina leagfar amach go sainráite a leasanna mar chomhalta todhchaí den Aontas agus ina gcuirfidh sé a bharúlacha in iúl. |
3. |
De ghnáth, ní bheidh cinntí riaracháin ina siocair le comhairliúchán. |
4. |
Cuirfear an comhairliúchán ar siúl i gCoiste Eatramhach ar a mbeidh ionadaithe ón Aontas agus ó na Stáit aontacha. Amach ó agóid réasúnaithe ó Stát aontach, féadfar an comhairliúchán a chur ar siúl i bhfoirm malairte teachtaireachtaí trí mheáin leictreonacha, go háirithe i dtaca leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála. |
5. |
Ar thaobh an Aontais, is iad a bheidh ina gcomhaltaí den Choiste Eatramhach, comhaltaí de Choiste na mBuanionadaithe nó daoine a bheidh ainmnithe acu chuige sin. Nuair is iomchuí, féadfaidh sé gurb iad Comhaltaí an Choiste Pholaitiúil agus Slándála a bheidh ina gcomhaltaí. Iarrfar ar an gCoimisiún a bheith ionadaithe san obair sin. |
6. |
Beidh rúnaíocht de chúnamh ag an gCoiste Eatramhach, arb éard é rúnaíocht na Comhdhála, arna coimeád ar bun chuige sin. |
7. |
Cuirfear an comhairliúchán ar siúl de ghnáth a luaithe a bheidh an réamhobair arna seoladh ar leibhéal an Aontais d'fhonn go nglacfadh an Chomhairle cinntí nó comhsheasaimh tar éis treoirlínte comhchoiteanna a sholáthar chun gur féidir an comhairliúchán sin a shocrú go fóinteach. |
8. |
Má bhíonn deacrachtaí tromchúiseacha ann fós i ndiaidh an chomhairliúcháin, féadfar an cheist a thógáil ar leibhéal aireachta arna iarraidh sin do Stát aontach. |
9. |
Beidh feidhm ag na forálacha sin thuas, mutatis mutandis, maidir le cinntí Bhord Gobharnóirí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta. |
10. |
Beidh feidhm ag an nós imeachta atá leagtha síos sna míreanna thuas freisin maidir le haon chinneadh a ghlacfaidh na Stáit aontacha agus a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do na gealltanais a leanann óna stádas mar chomhaltaí todhchaí den Aontas. |
II.
11. |
Glacfaidh an tAontas agus Poblacht na Bulgáire agus an Rómáin na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfaidh a n-aontachas leis na comhaontuithe nó na coinbhinsiúin dá dtagraítear in Airteagail 3(3), 6(2) agus 6(6) den Phrótacal i dtaobh na gcoinníollacha agus na socruithe chun Poblacht na Bulgáire agus an Rómáin a ligean isteach san Aontas Eorpach agus in Airteagail 3(3), 6(2) agus 6(6) den Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine, comhtharlú le teacht i bhfeidhm an Chonartha Aontachais, a mhéad is féidir agus faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa Phrótacal sin agus san Ionstraim sin. |
12. |
A mhéad nach bhfuil sna comhaontuithe nó sna coinbhinsiúin idir Ballstáit ach dréachtaí, agus gur dócha nach féidir iad a shíniú sa tréimhse roimh an aontachas, iarrfar ar na Stáit aontacha, i ndiaidh an Conradh Aontachais a shíniú agus i gcomhréir le nósanna imeachta iomchuí, a bheith comhlachaithe in ullmhú na ndréachtaí sin de mheon dearfach agus ar dhóigh a éascóidh a dtabhairt i gcrích. |
13. |
I dtaca leis na prótacail, dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 6(2) den Phrótacal i dtaobh na gcoinníollacha agus na socruithe chun Poblacht na Bulgáire agus an Rómáin a ligean isteach san Aontas Eorpach agus sa dara fomhír d'Airteagal 6(2) den Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine, a chaibidil leis na páirtithe comhchonarthacha, beidh ionadaithe na Stát aontach comhlachaithe san obair mar bhreathnadóirí in éineacht le hionadaithe na mBallstát láithreach. |
14. |
Féadfaidh comhaontuithe áirithe neamhfhabhair arna dtabhairt i gcrích ag an gComhphobal, a fhanfaidh i bhfeidhm tar éis dháta an aontachais, a bheith ina n-ábhar oiriúnuithe nó coigeartuithe chun aird a thabhairt ar mhéadú an Aontais. Déanfaidh an Comhphobal na hoiriúnuithe nó na coigeartuithe sin a chaibidil i gcomhlachas le hionadaithe na Stát aontach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear sa mhír sin roimhe seo. |
III.
15. |
Tarraingeoidh na hinstitiúidí suas i dtráth cuí na téacsanna dá dtagraítear in Airteagail 58 agus 60 den Phrótacal i dtaobh na gcoinníollacha agus na socruithe chun Poblacht na Bulgáire agus an Rómáin a ligean isteach san Aontas Eorpach agus in Airteagail 58 agus 60 den Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine. Chuige sin, déanfaidh Rialtas Phoblacht na Bulgáire agus Rialtas na Rómáine aistriúcháin de na téacsanna sin a sholáthar go tráthúil do na hinstitiúidí. |