12003TN06/02



Official Journal L 236 , 23/09/2003 P. 0814 - 0814


2. SAOIRSE SEIRBHÍSÍ A SHOLÁTHAR

1. 31994 L 0019: Treoir 94/19/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 1994 maidir le scéimeanna ráthaithe éarlaisí (IO L 135, 31.5.1994, lch. 5).

De mhaolú ar Airteagal 7(1) de Threoir 97/19/CE, ní bheidh feidhm ag an íosleibhéal ráthaíochta san Eastóin go dtí an 31 Nollaig 2007. Áiritheoidh an Eastóin go bhforálfaidh a scéim ráthaithe éarlaisí do chumhdach nach lú ná EUR 6391 go dtí an 31 Nollaig 2005 agus do chumhdach nach lú ná EUR 12782 ón 1 Eanáir 2006 go dtí an 31 Nollaig 2007.

Le linn na hidirthréimhse, coinneoidh na Ballstáit eile an ceart acu féin cosc a chur le brainse d'institiúid Eastónach chreidmheasa atá bunaithe ar a gcríocha oibriú muna bhfuil, agus go dtí go bhfuil, brainse den sórt sin tar éis dul isteach i scéim ráthaithe éarlaisí laistigh de chríocha an Bhallstáit i dtrácht atá aitheanta go hoifigiúil d'fhonn an difear idir an leibhéal Eastónach ráthaíochta agus an t-íosleibhéal dá dtagraítear in Airteagal 7(1) a chumhdach. An ceanglas ar bhrainse d'institiúid Eastónach chreidmheasa atá ag oibriú sa Bhallstát i dtrácht foráil don íosleibhéal ráthaíochta dá dtagraítear in Airteagal 7(1), féadfar é a chomhall freisin tríd an scéim Eastónach ráthaithe éarlaisí.

2. 31997 L 0009: Treoir 97/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Márta 1997 maidir le scéimeanna cúitimh d'infheisteoirí (IO L 84, 26.3.1997, lch. 22).

De mhaolú ar Airteagal 4(1) de Threoir 97/9/CE, ní bheidh feidhm ag an íosleibhéal cúitimh san Eastóin go dtí an 31 Nollaig 2007. Áiritheoidh an Eastóin go bhforálfaidh a scéim chúitimh d'infheisteoirí do chumhdach nach lú ná EUR 6391 go dtí an 31 Nollaig 2005 agus do chumhdach nach lú ná EUR 12782 ón 1 Eanáir 2006 go dtí an 31 Nollaig 2007.

Le linn na hidirthréimhse, coinneoidh na Ballstáit eile an ceart acu féin cosc a chur le brainse de ghnólacht Eastónach infheistíochta atá bunaithe ar a gcríocha oibriú muna bhfuil, agus go dtí go bhfuil, brainse den sórt sin tar éis dul isteach i scéim chúitimh d'infheisteoirí laistigh de chríocha an Bhallstáit i dtrácht atá aitheanta go hoifigiúil d'fhonn an difear idir an leibhéal Eastónach cúitimh agus an t-íosleibhéal dá dtagraítear in Airteagal 4(1) a chumhdach. An ceanglas ar bhrainse de ghnólacht Eastónach infheistíochta atá ag oibriú sa Bhallstát i dtrácht foráil don íosleibhéal cúitimh dá dtagraítear in Airteagal 4(1), féadfar é a chomhall freisin tríd an scéim Eastónach chúitimh infheisteoirí.

--------------------------------------------------