01996L0071 — GA — 30.07.2020 — 001.003


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

DIRECTIVE 96/71/EC OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL

of 16 December 1996

concerning the posting of workers in the framework of the provision of services

(IO L 018 21.1.1997, lch. 1)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

TREOIR (AE) 2018/957 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 28 Meitheamh 2018

  L 173

16

9.7.2018


Arna ceartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 091, 29.3.2019, lch.  77 (2018/957)




▼B

DIRECTIVE 96/71/EC OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL

of 16 December 1996

concerning the posting of workers in the framework of the provision of services



Article 1

▼M1

Ábhar agus raon feidhme

▼M1

(–1)  
Leis an Treoir seo áiritheofar cosaint na n-oibrithe ar postú le linn a bpostú maidir leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, trí fhorálacha éigeantacha is gá a urramú a leagan síos i ndáil le coinníollacha oibre agus cosaint shláinte agus shábháilteacht na n-oibrithe.
(–1a)  
Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear ar dhóigh ar bith d’fheidhmiú na gceart bunúsach mar atá siad aitheanta sna Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear an ceart nó an tsaoirse chun dul ar stailc nó gníomh eile a dhéanamh a chumhdaítear leis na córais shonracha chaidrimh thionsclaíoch atá sna Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus/nó leis an gcleachtas náisiúnta. Ná ní dhéanfaidh sí difear don cheart chun comhaontaithe comhchoiteanna a chaibidil, a thabhairt i gcrích agus a fhorfheidhmiú nó chun gníomhaíocht chomhchoiteann a ghlacadh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus/nó leis an gcleachtas náisiúnta.

▼B

1.  
This Directive shall apply to undertakings established in a Member State which, in the framework of the transnational provision of services, post workers, in accordance with paragraph 3, to the territory of a Member State.
2.  
This Directive shall not apply to merchant navy undertakings as regards seagoing personnel.
3.  

This Directive shall apply to the extent that the undertakings referred to in paragraph 1 take one of the following transnational measures:

(a) 

post workers to the territory of a Member State on their account and under their direction, under a contract concluded between the undertaking making the posting and the party for whom the services are intended, operating in that Member State, provided there is an employment relationship between the undertaking making the posting and the worker during the period of posting; or

(b) 

post workers to an establishment or to an undertaking owned by the group in the territory of a Member State, provided there is an employment relationship between the undertaking making the posting and the worker during the period of posting; or

▼M1

(c) 

i gcás gur gnóthas fostaíochta sealadaí nó gníomhaireacht socrúcháin shealadaigh é, déanfaidh na gnóthais oibrí a fhruiliú le gnóthas úsáideora atá bunaithe nó ag feidhmiú ar chríoch Bhallstáit, ar choinníoll go bhfuil caidreamh fostaíochta idir an gnóthas fostaíochta sealadaí nó gníomhaireacht socrúcháin shealadaigh agus an t-oibrí le linn na tréimhse postúcháin.

▼M1

I gcás ina ndearna gnóthas fostaíochta sealadaí nó gníomhaireacht socrúcháin shealadaigh oibrí a fhruiliú le gnóthas úsáideora mar a thagraítear dó i bpointe (c) agus i gcás ina bhfuil ar an oibrí sin obair a dhéanamh i gcomhthéacs faoi chuimsiú soláthar trasnáisiúnta seirbhíse de réir bhrí phointe (a), pointe (b) nó pointe (c) ag an ngnóthas úsáideora ar chríoch Bhallstáit nach é an Ballstát ina mbíonn an t-oibrí ag obair don ghnóthas fostaíochta sealadaí nó don ghníomhaireacht socrúcháin shealadaigh de ghnáth, nó don ghnóthas úsáideora, measfar an t-oibrí sin a bheith postaithe chuig críoch an Bhallstáit sin ag an ngnóthas fostaíochta sealadaí nó ag an ngníomhaireacht socrúcháin shealadaigh a bhfuil caidreamh fostaíochta ag an oibrí leo. Measfar gur gnóthas mar a thagraítear dó i mír 1 é an gnóthas fostaíochta sealadaí nó an ghníomhaireacht socrúcháin shealadaigh, agus comhlíonfaidh sé forálacha ábhartha na Treorach seo agus forálacha ábhartha Threoir 2014/67/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) go hiomlán.

Cuirfidh an gnóthas úsáideora an gnóthas fostaíochta sealadaí nó an ghníomhaireacht socrúcháin shealadaigh ónar fruilíodh an t-oibrí ar an eolas i dtráth cuí sula dtosóidh an obair dá dtagraítear sa dara fomhír.

▼B

4.  
Undertakings established in a non-member State must not be given more favourable treatment than undertakings established in a Member State.

Article 2

Definition

1.  
For the purposes of this Directive, ‘posted worker’ means a worker who, for a limited period, carries out his work in the territory of a Member State other than the State in which he normally works.
2.  
For the purposes of this Directive, the definition of a worker is that which applies in the law of the Member State to whose territory the worker is posted.

Article 3

Terms and conditions of employment

▼M1

1.  

Áiritheoidh na Ballstáit, cibé dlí is infheidhme maidir leis an gcaidreamh fostaíochta, go ndéanfaidh gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 1(1), ar bhonn na córa comhionainne, i dtaca le hoibrithe a dhéantar a phostú chuig a gcríoch, téarmaí agus coinníollacha fostaíochta a ráthú dóibh lena gclúdaítear na nithe seo a leanas a leagtar síos sa Bhallstát ina ndéantar an obair:

— 
le foráil reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin, agus/nó
— 
le comhaontuithe comhchoiteanna nó le dámhachtainí eadrána ar dearbhaíodh iad a bheith infheidhme go huilíoch nó a bhfuil feidhm acu ar shlí eile i gcomhréir le mír 8:
(a) 

tréimhsí oibre uasta agus tréimhsí sosa íosta;

(b) 

saoire bhliantúil íoctha íosta;

(c) 

luach saothair, lena n-áirítear rátaí ragoibre; níl feidhm ag an bpointe seo maidir le scéimeanna pinsin ceirde fhorlíontacha;

(d) 

na coinníollacha a bhaineann le hoibrithe a fhruiliú, go háirithe an soláthar oibrithe ó ghnóthais fostaíochta sealadaí;

(e) 

sláinte, sábháilteacht agus sláinteachas ag an obair;

(f) 

bearta cosanta i ndáil le téarmaí agus coinníollacha fostaíochta do mhná torracha nó do mhná a shaolaigh páiste le gairid, do leanaí agus do dhaoine óga;

(g) 

cóir chomhionann idir fir agus mná agus forálacha eile maidir le neamh-idirdhealú;

(h) 

coinníollacha cóiríochta na n-oibrithe i gcás ina gcuireann an fostóir ar fáil é d’oibrithe atá i bhfad óna ngnátháit oibre;

(i) 

liúntais nó aisíocaíocht ar chaiteachas chun speansais taistil, béilí agus lóistín a chumhdach d’oibrithe atá as baile i ngeall ar chúinsí gairmiúla.

Níl feidhm ag pointe (i) ach amháin maidir le caiteachas taistil, béilí agus lóistín arna dtabhú ag oibrithe ar postú nuair a bhíonn orthu a bheith ag teacht agus ag imeacht ón ngnátháit oibre ar chríoch an Bhallstáit ar ann atá na hoibrithe sin ar postú, nó i gcás ina seoltar na hoibrithe ar bhonn sealadach ag an bhfostóir ón ngnátháit oibre sin go háit oibre eile.

Chun críocha na Treorach seo, is é dlí náisiúnta agus/nó cleachtas náisiúnta an Bhallstáit a ndéantar an t-oibrí a chur ar postú ar a chríoch a chinnfidh coincheap an luacha saothair agus ciallaíonn sé sin na comhghnéithe uile den luach saothar atá éigeantach faoin dlí náisiúnta, rialachán nó foráil riaracháin, nó faoi chomhaontuithe comhchoiteanna nó dámhachtainí eadrána ar dearbhaíodh sa Bhallstát sin iad a bheith infheidhme go huilíoch nó a bhfuil feidhm acu ar shlí eile i gcomhréir le mír 8.

Gan dochar d’Airteagal 5 de Threoir 2014/67/AE, déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus/nó leis an gcleachtas náisiúnta, gan moill mhíchuí agus ar bhealach trédhearcach, an fhaisnéis maidir le téarmaí agus coinníollacha fostaíochta a fhoilsiú ar an suíomh gréasáin aonair náisiúnta dá dtagraítear san Airteagal sin, lena n-áirítear na comhghnéithe den luach saothair dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo agus na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta uile i gcomhréir le mír 1a den Airteagal seo.

Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis arna soláthar ar an suíomh gréasáin aonair náisiúnta cruinn agus cothrom le dáta. Foilseoidh an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin seoltaí na suíomhanna gréasáin aonair náisiúnta.

I gcás nach soiléiríonn an fhaisnéis ar an suíomh gréasáin aonair náisiúnta, contrártha d’Airteagal 5 de Threoir 2014/67/AE, na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta atá le cur i bhfeidhm, cuirfear an cúinse sin san áireamh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus/nó leis an gcleachtas náisiúnta, agus pionóis á gcinneadh i gcás sáruithe ar na forálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo, a mhéid is gá chun a gcomhréireacht a áirithiú.

▼M1

1a.  

I gcás ina maireann ré phostaithe níos mó ná 12 mhí, déanfaidh na Ballstáit a áirithiú, beag beann ar an dlí is infheidhme maidir leis an gcaidreamh fostaíochta, go n-urramaíonn na gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 1(1), ar bhonn na córa comhionainne, d’oibrithe atá ar postú ar a gcríoch, chomh maith leis na téarmaí agus coinníollacha fostaíochta mar a thagraítear dóibh i mír 1 den Airteagal seo, na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta uile atá leagtha síos sa Bhallstát ina ndéantar an obair:

— 
le foráil reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin, agus/nó
— 
le comhaontuithe comhchoiteanna nó le dámhachtainí eadrána ar dearbhaíodh iad a bheith infheidhme go huilíoch nó a bhfuil feidhm acu ar shlí eile i gcomhréir le mír 8.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) 

nósanna imeachta, foirmiúlachtaí agus coinníollacha maidir leis an gconradh fostaíochta a chur i gcrích agus a fhoirceannadh, lena n-áirítear clásail neamhiomaíochta;

(b) 

scéimeanna pinsin scoir ceirde forlíontacha.

Sa chás go dtíolacann an soláthraí seirbhíse fógra réasúnaithe, déanfaidh an Ballstát ina soláthraítear an tseirbhís an tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fhadú chuig 18 mí.

I gcás ina gcuireann gnóthas dá dtagraítear in Airteagal 1(1) oibrí ar postú in ionad oibrí eile ar postú atá i mbun an chúraim chéanna san áit chéanna, is é tréimhse an phostaithe, chun críocha na míre seo, ré charnach na dtréimhsí ar postú ag na hoibrithe aonair ar postú lena mbaineann.

Cinnfear an coincheap “an cúram céanna san áit chéanna” dá dtagraítear sa cheathrú fomhír den mhír seo agus cineál na seirbhíse atá le soláthar, an obair atá le déanamh agus seoladh/seoltaí an ionaid oibre, inter alia, á gcur san áireamh.

1b.  
Forálfaidh na Ballstáit go ráthóidh na gnóthais dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 1(3) d’oibrithe ar postú na téarmaí agus coinníollacha fostaíochta atá infheidhme de bhun Airteagal 5 de Threoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ) maidir le hoibrithe gníomhaireachta sealadacha arna bhfruiliú ag gníomhaireachtaí oibre sealadaí atá bunaithe sa Bhallstát ina ndéantar an obair.

Cuirfidh an gnóthas úsáideora na gnóthais dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 1(3) ar an eolas maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta a chuireann sé i bhfeidhm i ndáil leis na coinníollacha oibre agus an luach saothar a mhéid atá cumhdaithe faoin gcéad fhomhír den mhír seo.

▼B

2.  
In the case of initial assembly and/or first installation of goods where this is an integral part of a contract for the supply of goods and necessary for taking the goods supplied into use and carried out by the skilled and/or specialist workers of the supplying undertaking, the first subparagraph of paragraph 1 (b) and (c) shall not apply, if the period of posting does not exceed eight days.

This provision shall not apply to activities in the field of building work listed in the Annex.

3.  
Member States may, after consulting employers and labour, in accordance with the traditions and practices of each Member State, decide not to apply the first subparagraph of paragraph 1 (c) in the cases referred to in Article 1 (3) (a) and (b) when the length of the posting does not exceed one month.
4.  
Member States may, in accordance with national laws and/or practices, provide that exemptions may be made from the first subparagraph of paragraph 1 (c) in the cases referred to in Article 1 (3) (a) and (b) and from a decision by a Member State within the meaning of paragraph 3 of this Article, by means of collective agreements within the meaning of paragraph 8 of this Article, concerning one or more sectors of activity, where the length of the posting does not exceed one month.
5.  
Member States may provide for exemptions to be granted from the first subparagraph of paragraph 1 (b) and (c) in the cases referred to in Article 1 (3) (a) and (b) on the grounds that the amount of work to be done is not significant.

Member States availing themselves of the option referred to in the first subparagraph shall lay down the criteria which the work to be performed must meet in order to be considered as ‘non-significant’.

6.  
The length of the posting shall be calculated on the basis of a reference period of one year from the beginning of the posting.

For the purpose of such calculations, account shall be taken of any previous periods for which the post has been filled by a posted worker.

▼M1

7.  
Ní chuirfidh mír 1 go mír 6 cosc ar théarmaí agus ar choinníollacha fostaíochta ar fabhraí do na hoibrithe iad a chur i bhfeidhm.

Liúntais a bhaineann go sonrach leis an bpostú, measfar gur cuid den luach saothair iad, ach amháin i gcás ina n-íoctar iad mar aisíocaíocht ar chaiteachas arna thabhú iarbhír mar gheall ar an bpostú, amhail caiteachas ar thaisteal, béilí agus lóistín. ►C1  Gan dochar do phointe (i) den chéad fhomhír de mhír 1, déanfaidh an fostóir caiteachas den sórt sin a aisíoc leis an oibrí ar postú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus/nó leis an gcleachtas náisiúnta is infheidhme maidir le caidreamh fostaíochta. ◄

Mura gcinnfear leis na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta is infheidhme maidir leis an gcaidreamh fostaíochta an mar aisíocaíocht ar chaiteachas arna thabhú iarbhír mar gheall ar an bpostú nó an mar chuid de luach saothair a dhéantar gnéithe den liúntas a bhaineann go sonrach leis an bpostú a íoc agus, sa chás sin, mura gcinnfear leo cé na gnéithe atá i gceist, measfar gur mar aisíocaíocht ar chaiteachas a dhéantar an liúntas ar fad a íoc.

▼B

8.  
‘Collective agreements or arbitration awards which have been declared universally applicable’ means collective agreements or arbitration awards which must be observed by all undertakings in the geographical area and in the profession or industry concerned.

▼M1

In éagmais, nó i dteannta, córas chun a dhearbhú go bhfuil comhaontuithe comhchoiteanna nó dámhachtainí eadrána infheidhme go huilíoch de réir bhrí na chéad fhomhíre, féadfaidh na Ballstáit, má chinneann siad amhlaidh, an méid seo a leanas a bheith mar bhonn acu:

— 
comhaontuithe comhchoiteanna nó dámhachtainí eadrána is infheidhme go ginearálta maidir le gach gnóthas comhchosúil sa limistéar geografach agus sa ghairm nó sa tionscal lena mbaineann, agus/nó
— 
comhaontuithe comhchoiteanna arna dtabhairt i gcrích ag na heagraíochtaí fostóirí agus saothair is ionadaíche ar an leibhéal náisiúnta agus a chuirtear i bhfeidhm ar fud na críche náisiúnta,

ar choinníoll go n-áirithítear, agus na comhaontuithe nó na dámhachtainí sin á gcur i bhfeidhm maidir le gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 1(1), go mbeidh cóir chomhionann ann maidir leis na hábhair a liostaítear sa chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo agus, i gcás inarb infheidhme, i ndáil le téarmaí agus coinníollacha fostaíochta a bheidh le ráthú d’oibrithe ar postú i gcomhréir le mír 1a den Airteagal seo, idir na gnóthais sin agus na gnóthais eile dá dtagraítear san fhomhír seo agus ar cosúil a gcás.

Measfar go mbeidh cóir chomhionann ann, laistigh de bhrí an Airteagail seo, i gcásanna ina bhfuil gnóthais náisiúnta i gcásanna cosúil lena chéile:

— 
faoi réir na n-oibleagáidí céanna leis na gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 1(1) i dtaca le hábhair a liostaítear sa chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo agus, más infheidhme, i ndáil leis na téarmaí agus coinníollacha fostaíochta a bheidh le ráthú d’oibrithe ar postú i gcomhréir le mír 1a den Airteagal seo, agus
— 
faoi cheangal oibleagáidí den sórt sin a chomhlíonadh agus na héifeachtaí céanna i bhfeidhm iontu.

▼B

Equality of treatment, within the meaning of this Article, shall be deemed to exist where national undertakings in a similar position:

— 
are subject, in the place in question or in the sector concerned, to the same obligations as posting undertakings as regards the matters listed in the first subparagraph of paragraph 1, and
— 
are required to fulfil such obligations with the same effects.

▼M1

9.  
Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfaidh gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 1(1), sa bhreis ar na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta dá dtagraítear i mír 1b den Airteagal seo, téarmaí agus coinníollacha eile is infheidhme maidir le hoibrithe gníomhaireachta sealadacha sa Bhallstát ina mbeidh an obair á déanamh, a ráthú d’oibrithe dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 1(3).
10.  
Leis an Treoir seo, ní chuirfear bac ar na Ballstáit téarmaí agus coinníollacha fostaíochta a bhaineann le hábhair nach iad na hábhair dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 iad, a chur i bhfeidhm, i gcomhréir leis na Conarthaí, maidir le gnóthais náisiúnta agus gnóthais ó Bhallstáit eile, ar bhonn na córa comhionainne, i gcás forálacha beartais phoiblí.

▼B

Article 4

Cooperation on information

1.  
For the purposes of implementing this Directive, Member States shall, in accordance with national legislation and/or practice, designate one or more liaison offices or one or more competent national bodies.

▼M1

2.  
Déanfaidh na Ballstáit foráil do chomhar idir na húdaráis nó na comhlachtaí inniúla, lena n-áirítear údaráis phoiblí atá freagrach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, as faireachán a dhéanamh ar na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta dá dtagraítear in Airteagal 3, lena n-áirítear ar leibhéal an Aontais. Is éard a bheidh i gceist le comhar den sórt sin freagairt a thabhairt ar iarrataí réasúnaithe ó na húdaráis nó comhlachtaí sin ar fhaisnéis maidir le fruiliú trasnáisiúnta oibrithe, agus dul i ngleic le mí-úsáidí follasacha nó cásanna féideartha de ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha, amhail cásanna trasnáisiúnta d’obair neamhdhearbhaithe agus féinfhostaíocht bhréagach atá nasctha le hoibrithe a phostú. I gcás nach mbeidh an fhaisnéis a d’iarr údarás inniúil nó comhlacht inniúil an Bhallstáit a ndéantar an t-oibrí a chur ar postú ar a chríoch ag údarás inniúil nó comhlacht inniúil an Bhallstáit óna ndéantar an t-oibrí a phostú, lorgóidh sé an fhaisnéis sin ó údaráis nó comhlachtaí eile sa Bhallstát sin. I gcás ina mbeidh moill leanúnach ann agus faisnéis á cur ar fáil don Bhallstát a ndéantar an t-oibrí a chur ar postú ar a chríoch, cuirfear an Coimisiún ar an eolas agus déanfaidh sé na bearta iomchuí.

▼B

The Commission and the public authorities referred to in the first subparagraph shall cooperate closely in order to examine any difficulties which might arise in the application of Article 3 (10).

Mutual administrative assistance shall be provided free of charge.

3.  
Each Member State shall take the appropriate measures to make the information on the terms and conditions of employment referred to in Article 3 generally available.
4.  
Each Member State shall notify the other Member States and the Commission of the liaison offices and/or competent bodies referred to in paragraph 1.

▼M1

Airteagal 5

Faireachán, rialú agus forfheidhmiú

Beidh an Ballstát a ndéantar an t-oibrí a chur ar postú ar a chríoch agus an Ballstát óna ndéantar an t-oibrí a phostú freagrach as faireachán, rialú agus forfheidhmiú na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo agus i dTreoir 2014/67/AE agus déanfaidh siad na bearta iomchuí i gcás mainneachtain an Treoir seo a chomhlíonadh.

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Áiritheoidh na Ballstáit, go háirithe, go mbeidh nósanna imeachta leordhóthanacha ar fáil d’oibrithe agus/nó d’ionadaithe oibrithe chun na hoibleagáidí faoin Treoir seo a fhorfheidhmiú.

I gcás ina suitear, tar éis measúnú foriomlán ag Ballstát de bhun Airteagal 4 de Threoir 2014/67/AE, go bhfuil gnóthas ag tabhairt le tuiscint go míchuí nó go calaoiseach go dtagann cás oibrí faoi raon feidhme na Treorach seo, áiritheoidh an Ballstát sin go dtairbheoidh an t-oibrí den dlí ábhartha agus den chleachtas ábhartha.

Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh sé mar thoradh ar an Airteagal seo go mbeidh an t-oibrí lena mbaineann faoi réir coinníollacha is lú fabhar ná na coinníollacha is infheidhme maidir le hoibrithe ar postú.

▼B

Article 6

Jurisdiction

In order to enforce the right to the terms and conditions of employment guaranteed in Article 3, judicial proceedings may be instituted in the Member State in whose territory the worker is or was posted, without prejudice, where applicable, to the right, under existing international conventions on jurisdiction, to institute proceedings in another State.

Article 7

Implementation

Member States shall adopt the laws, regulations and administrative provisions necessary to comply with this Directive by 16 December 1999 at the latest. They shall forthwith inform the Commission thereof.

When Member States adopt these provisions, they shall contain a reference to this Directive or shall be accompanied by such reference on the occasion of their official publication. The methods of making such reference shall be laid down by Member States.

Article 8

Commission review

By 16 December 2001 at the latest, the Commission shall review the operation of this Directive with a view to proposing the necessary amendments to the Council where appropriate.

Article 9

This Directive is addressed to the Member States.




ANNEX

▼M1

Sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(2), áirítear an obair foirgníochta uile a bhaineann le tógáil, deisiú, cothabháil, athchóiriú nó leagan foirgneamh, agus go háirithe an obair seo a leanas:

▼B

1. 

excavation

2. 

earthmoving

3. 

actual building work

4. 

assembly and dismantling of prefabricated elements

5. 

fitting out or installation

6. 

alterations

7. 

renovation

8. 

repairs

9. 

dismantling

10. 

demolition

11. 

maintenance

12. 

upkeep, painting and cleaning work

13. 

improvements.



( 1 ) Treoir 2014/67/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le forfheidhmiú Threoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (“Rialachán IMI”) (IO L 159, 28.5.2014, lch. 11).

( 2 ) Treoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le hobair ghníomhaireachta shealadach (IO L 327, 5.12.2008, lch. 9).