19.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 359/28 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal d'arrondissement de Luxembourg (Lucsamburg) arna taisceadh an 9 Meitheamh 2022 — CM v DN
(Cás C-372/22)
(2022/C 359/31)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunal d'arrondissement de Luxembourg
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: CM
Cosantóir: DN
Na ceisteanna a tharchuirtear
1. |
An bhfuil feidhm ag Airteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 ón gComhairle an 27 Samhain 2003 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus le freagracht tuismitheora, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1347/2000, (1) maidir leis na nithe seo a leanas:
cé go sonraítear in aithris 12 den rialachán sin go ndéanfar “na forais dlínse in ábhair maidir le freagracht tuismitheora a bhunaítear sa Rialachán reatha a bheartú i bhfianaise leas an linbh, go háirithe i bhfianaise chritéar na gaireachta; ciallaíonn sé [sin] gur cheart go mbeadh an dlínse sa chéad áit ag an mBallstát ina bhfuil gnáthchónaí ar an leanbh, ach amháin i gcásanna áirithe ina mbíonn athrú ar ghnátháit chónaithe an linbh[…]”? |
2. |
I gcás freagra dearfach ar an gcéad cheist an gcuirtear cosc leis an dlínse atá ann faoi Airteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003, dá bhforáiltear “de mhaolú ar Airteagal 8” den rialachán sin, ar chur i bhfeidhm Airteagal 15 den rialachán sin, dá bhforáiltear “mar eisceacht” agus “i gcás ina dtéann sé sin chun leasa an linbh”? |