BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

28 Deireadh Fómhair 2022 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Nós imeachta práinne um réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla – An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Airteagal 50 – An Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme – Airteagal 54 – Prionsabal ne bis in idem – Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le heiseachadadh – Eiseachadadh náisiúnaigh tríú Stát chuig na Stáit Aontaithe faoi chonradh déthaobhach arna thabhairt i gcrích ag Ballstát – Náisiúnach a ciontaíodh go críochnaitheach i leith na bhfíoras céanna agus a chuir an phianbhreith a gearradh air isteach ina hiomláine i mBallstát eile)

I gCás C‑435/22 PPU,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE, ó Oberlandesgericht München (Uaschúirt Réigiúnach München, an Ghearmáin), trí bhreith an 21 Meitheamh 2022, a fuarthas ag an gCúirt Bhreithiúnais an 1 Iúil 2022, sna himeachtaí coiriúla i gcoinne

HF,

tríú páirtí:

Generalstaatsanwaltschaft München,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, A. Prechal, E. Regan, P. G. Xuereb, L. S. Rossi, D. Gratsias agus M. L. Arastey Sahún (Rapóirtéir), Uachtaráin Dlísheomra, S. Rodin, F. Biltgen, N. Piçarra, N. Wahl, I. Ziemele agus J. Passer, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: A. M. Collins,

Cláraitheoir: D. Dittert, Ceann Aonaid,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus i ndiaidh éisteacht an 13 Meán Fómhair 2022,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

HF, ag S. Schomburg agus M. Weber, Rechtsanwälte,

Generalstaatsanwaltschaft München, ag F. Halabi, i gcáil Gníomhaire,

Rialtas na Gearmáine, ag J. Möller, P. Busche, M. Hellmann agus U. Kühne, i gcáil Gníomhairí,

an Coimisiún Eorpach, ag L. Baumgart agus M. Wasmeier, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 13 Deireadh Fómhair 2022,

an Breithiúnas seo a leanas.

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú Airteagal 54 den Choinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile a chur chun feidhme (IO 2000 L 239, lch. 19), arna shíniú i Schengen an 19 Meitheamh 1990 agus a tháinig i bhfeidhm an 26 Márta 1995, (“CISA”), arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 610/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 (IO 2013 L 182, lch. 1), agus le léiriú Airteagal 50 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”).

2

Rinneadh an iarraidh seo i gcomhthéacs iarraidh ar eiseachadadh arna déanamh ag údaráis Stáit Aontaithe Mheiriceá chuig údaráis Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine chun críoch ionchúiseamh coiriúil i gcoinne HF, náisiúnach Seirbiach.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais

CISA

3

Tugadh CISA i gcrích chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme an Comhaontú idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile, arna shíniú i Schengen an 14 Meitheamh 1985 (IO 2000 L 239, lch. 13).

4

Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 20(1) de CISA, atá i gCaibidil 4, dar teideal “Coinníollacha lena rialaítear gluaiseacht eachtrannach”, faoi Theideal II de:

“Féadfaidh eachtrannaigh nach bhfuil faoi réir ceanglas víosa gluaiseacht faoi shaoirse laistigh de chríocha na b[p]áirtithe [c]onarthacha ar feadh tréimhse nach faide ná 90 lá laistigh de thréimhse 180 lá ar choinníoll go gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha maidir le dul isteach dá dtagraítear in Airteagal 5(1)(a), (c), (d) agus (e).”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5

Seo a leanas Airteagal 54 de CISA, atá i gCaibidil 3, dar teideal “Cur i bhfeidhm an phrionsabail ne bis in idem”, faoi Theideal III de:

“Ní fhéadfaidh [p]áirtí [c]onarthach eile duine a mbeidh breithiúnas críochnaitheach tugtha air ag [p]áirtí [c]onarthach a ionchúiseamh as na fíorais chéanna, ar choinníoll, i gcás ciontú, go bhfuil an pionós forchurtha nó á fhorghníomhú faoi láthair nó nach féidir é a fhorghníomhú a thuilleadh faoi dhlíthe an [p]háirtí [c]honarthaigh a chiontaigh é.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

An Prótacal maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh

6

Lánpháirtíodh CISA i ndlí an Aontais leis an bPrótacal maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh, a ghabhann leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh le Conradh Amstardam (IO 1997 C 340, lch. 93), faoin teideal “acquis Schengen”, mar a shainmhínítear é san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal sin.

7

Seo a leanas an dara fomhír d’Airteagal 2(1) den Phrótacal sin:

“Cinnfidh Comhairle [an Aontais Eorpaigh]..., i gcomhréir le forálacha ábhartha na gConarthaí, an bunús dlí do gach ceann de na forálacha nó de na cinntí lena gcomhdhéantar acquis Schengen.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

8

De bhun na forála sin, ghlac an Chomhairle, an 20 Bealtaine 1999, Cinneadh 1999/436/CE lena gcinntear, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus den Chonradh ar an Aontas Eorpach, an bunús dlí do gach ceann de na forálacha nó de na cinntí lena gcomhdhéantar acquis Schengen (IO 1999 L 176, lch. 17). Is léir ó Airteagal 2 den chinneadh sin agus ó Iarscríbhinn A a ghabhann leis gur ainmnigh an Chomhairle Airteagail 31 agus 34 AE mar bhunúis dlí d’Airteagal 54 de CISA.

Comhaontú AE-SAM

9

Foráiltear mar seo a leanas in Airteagal 1 den Chomhaontú maidir le heiseachadadh idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá an 25 Meitheamh 2003 (IO 2003 L 181, lch. 27) (“Comhaontú AE-SAM”):

“Geallann na páirtithe conarthacha, i gcomhréir le forálacha an Chomhaontaithe seo, a gcomhar a neartú faoi chuimsiú an chaidrimh atá i bhfeidhm idir na Ballstáit agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le ciontóirí a eiseachadadh.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

10

Leagtar síos le hAirteagal 3 de Chomhaontú AE-SAM, dar teideal “Raon feidhme i ndáil le conarthaí déthaobhacha eiseachadta arna dtabhairt i gcrích ag na Ballstáit”, na coinníollacha agus na socruithe faoina dtagann na forálacha a leagtar amach in Airteagail 4 go 14 den chomhaontú sin in ionad, nó go bhforlíontar leo, fhorálacha na gconarthaí déthaobhacha eiseachadta arna dtabhairt i gcrích ag na Ballstáit leis na Stáit Aontaithe.

11

Foráiltear le hAirteagal 16 den chomhaontú sin, dar teideal “Cur i bhfeidhm ó thaobh ama de”:

“1.   Beidh feidhm ag an gComhaontú seo maidir le cionta arna ndéanamh roimh nó i ndiaidh dó teacht i bhfeidhm.

2.   Beidh feidhm ag an gComhaontú seo maidir le hiarrataí ar eiseachadadh a dhéanfar tar éis dó teacht i bhfeidhm. [...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

12

Foráiltear le hAirteagal 17 den Chomhaontú sin, dar teideal “Neamh-mhaolú”:

“1.   Tá an Comhaontú seo gan dochar don Stát iarrtha forais diúltaithe a agairt maidir le hábhar nach bhfuil faoi rialú an Chomhaontaithe seo agus atá ar fáil de bhun conradh déthaobhach eiseachadta atá i bhfeidhm idir Ballstát agus Stáit Aontaithe Mheiriceá.

2.   Más rud é gur de chineál a choiscfidh prionsabail bhunreachtúla an Stáit iarrtha nó cinntí críochnaitheacha breithiúnacha de chineál ceangailteach ar fhorghníomhú a oibleagáide eiseachadta agus nach réiteoidh an Comhaontú seo ná an conradh déthaobhach is infheidhme an t‑ábhar, seolfaidh an Stát iarrtha agus an Stát iarrthach comhchomhairle.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Cód Teorainneacha Schengen

13

Foráiltear mar seo a leanas leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO 2016 L 77, lch. 1), arna leasú le Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO 2018 L 236, lch. 1) (“Cód Teorainneacha Schengen”):

“I gcás tréimhsí beartaithe fanachta ar chríoch na mBallstát ar tréimhsí iad nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá, eadhon, fad ar ina leith a fhéachtar ar an tréimhse 180 lá a thagann roimh gach lá fanachta, is iad seo a leanas na coinníollacha maidir le dul isteach le haghaidh náisiúnach tríú tíortha:

a)

tá doiciméad taistil bailí ina seilbh acu lena gceadófar don sealbhóir an teorainn a thrasnú agus na critéir seo a leanas á sásamh aige:

i)

beidh sé bailí fós trí mhí ar a laghad tar éis an dáta bheartaithe imeachta ó chríoch na mBallstát. Féadfar an oibleagáid sin a tharscaoileadh i gcás éigeandáil a bhfuil bonn cirt leis;

ii)

is doiciméad é a eisíodh sna 10 mbliana roimhe sin;

b)

tá víosa bhailí ina seilbh acu má cheanglaítear amhlaidh de bhun [Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO 2018 L 303, lch. 39)] nó tá údarú bailí taistil ina seilbh acu má cheanglaítear amhlaidh de bhun [Rialachán 2018/1240], ach amháin i gcás ina bhfuil cead cónaithe bailí nó víosa fadfhanachta bailí acu;

[...]”

14

Tháinig an fhoráil sin in ionad Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO 2006 L 105, lch. 1) a tháinig, é féin, in ionad Airteagal 5(1) de CISA. Ní mór Airteagal 20(1) de CISA a thuiscint anois mar thagairt d’Airteagal 6(1) de Chód Teorainneacha Schengen.

Rialachán 2018/1806

15

De réir théarmaí Airteagal 3(1) de Rialachán 2018/1806:

“Beidh sé de cheangal ar náisiúnaigh na dtríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn I víosa a bheith ina seilbh acu agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát.”

16

Seo a leanas foclaíocht Airteagal 4(1) den Treoir sin:

“Beidh náisiúnaigh tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn II díolmhaithe ón gceanglas atá leagtha amach in Airteagal 3(1) i gcás fanachtaí nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá.”

17

Tá Poblacht na Seirbia ar cheann de na tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn II.

Dlí na Gearmáine

18

Foráiltear in Airteagal 1 den Auslieferungsvertrag zwischen der Bundesrepublik Deutschland und den Vereinigten Staaten von Amerika (an Conradh um Eiseachadadh idir Poblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Stáit Aontaithe Mheiriceá) an 20 Meitheamh 1978 (BGBl. 1980 II, lch. 647, an “Conradh um Eiseachadadh idir an Ghearmáin agus na Stáit Aontaithe”) dar teideal “Oibleagáid eiseachadta”:

“Geallann na páirtithe conarthacha atá á n‑ionchúiseamh i leith cion a rinneadh i gcríoch an Stáit iarrthaigh nó chun pianbhreith nó ordú coinneála a fhorghníomhú agus atá i gcríoch an pháirtí chonarthaigh eile a chur i gcrích go cómhalartach, de réir fhorálacha an Chonartha seo.”

19

Foráiltear le hAirteagal 2 den Chonradh sin, dar teideal “Cionta a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le heiseachadadh”, arna leasú leis an Zusatzvertrag zum Auslieferungsvertrag zwischen der Bundesrepublik Deutschland und den Vereinigten Staaten von Amerika (an Conradh breise a ghabhann leis an gConradh um Eiseachadadh idir Poblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Stáit Aontaithe Mheiriceá) an 21 Deireadh Fómhair 1986 (BGBl. 1988 II, lch. 1087):

“(1)   Is iad na cionta a fhéadfaidh a bheith ina gcúis le heiseachadadh faoin gConradh seo ná na cionta is inphionóis faoi dhlí an dá pháirtí chonarthacha. [...]

(2)   Deonaítear eiseachadadh do chion in‑eiseachadta.

a)

chun críoch imeachtaí coiriúla, más rud é, faoi dhlí an dá pháirtí chonarthacha, go bhfuil an cion inphionóis le pianbhreith choimeádta ar faide ná bliain amháin é […]

[...]”

20

Seo a leanas Airteagal 8 den Chonradh sin, dar teideal “Ne bis in idem”:

“Ní dheonófar eiseachadadh má tá an duine cúisithe éigiontaithe nó ciontaithe go críochnaitheach cheana féin ag údaráis inniúla an Stáit iarrthaigh i leith an chiona a n‑iarrtar eiseachadadh ina leith.”

21

De réir na cúirte a rinne an tarchur, rinneadh an Conradh um Eiseachadadh idir an Ghearmáin agus na Stáit Aontaithe a oiriúnú do Chomhaontú AE-SAM leis an Zweiter Zusatzvertrag zum Auslieferungsvertrag zwischen der Bundesrepublik Deutschland und den Vereinigten Staaten von Amerika (an Dara Conradh breise a ghabhann leis an gConradh Eiseachadadh idir Poblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Stáit Aontaithe Mheiriceá) an 18 Aibreán 2006 (BGBl. 2007 II, lch. 1634, “an Dara Conradh breise”).

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear

22

An 20 Eanáir 2022, gabhadh HF, náisiúnach Seirbiach, ar bhonn sealadach, sa Ghearmáin, ar bhonn fógra dearg arna fhoilsiú ag Eagraíocht Idirnáisiúnta na bPóilíní Coireachta (Interpol) arna iarraidh sin ag údaráis Stáit Aontaithe Mheiriceá, a bhí ag iarraidh go n‑eiseachadfar HF chun críoch ionchúiseamh coiriúil i leith cionta a rinneadh idir mí Mheán Fómhair 2008 agus mí na Nollag 2013. Foilsíodh an fógra dearg sin ar bhonn barántas gabhála arna eisiúint an 4 Nollaig 2018 ag an United States District Court for the District of Columbia (Cúirt Dúiche na Stát Aontaithe do Cheantar Columbia).

23

Ón 20 Eanáir 2022, mar sin, tá HF faoi choimeád sa Ghearmáin chun críocha an nós imeachta eiseachadta sin.

24

Is éard atá sna cionta dá dtagraítear san iarraidh ar eiseachadadh, de réir an chur síos san ordú tagartha, ná socrú d’fhonn a bheith rannpháirteach in eagraíochtaí éillitheacha faoi thionchar coiriúil agus socrú d’fhonn calaoisí bainc agus calaoisí trí shaoráidí teileachumarsáide a dhéanamh, i gcomhréir le Teideal 18, U. S. Code, Ranna 1962 (d) agus 1349.

25

I litir dar dáta an 25 Eanáir 2022, chuir údaráis Stáit Aontaithe Mheiriceá barántas gabhála an 4 Nollaig 2018 ar aghaidh go dtí údaráis na Gearmáine, in éineacht le bille díotála an lá céanna ó Ard-Ghiuiré den United States Court of Appeals for the District of Columbia (Cúirt Achomhairc na Stát Aontaithe do Cheantar Columbia).

26

Tráth a ghabhála, chuir HF in iúl go raibh cónaí air sa tSlóivéin agus thíolaic sé pas Seirbiach a eisíodh an 11 Iúil 2016 agus a bhí bailí go dtí an 11 Iúil 2026, cead cónaithe de chuid na Slóivéine a eisíodh an 3 Samhain 2017 agus a ndeachaigh as dáta an 3 Samhain 2019 agus cárta aitheantais de chuid na Cosaive. De réir an ordaithe tarchuir, i rith na bliana 2020, dhiúltaigh údaráis na Slóivéine d’iarratas HF ar shíneadh a chur leis an gcead cónaithe sin.

27

Arna iarraidh sin ag Oberlandesgericht München (Uaschúirt Réigiúnach, München, an Ghearmáin), an chúirt a rinne an tarchur, a bhí uirthi rialú a thabhairt maidir leis an iarraidh HF a eiseachadadh chuig na Stáit Aontaithe, agus Generalstaatsanwaltschaft München (Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí, München, an Ghearmáin), chuir údaráis na Slóivéine an fhaisnéis seo a leanas ar fáil.

28

Sa chéad áit, ciontaíodh HF le breithiúnas ó Okrožno sodišče v Mariboru (Cúirt Réigiúnach Maribor, an tSlóivéin) an 6 Iúil 2012, a bhain feidhm res judicata amach an 19 Deireadh Fómhair 2012, gearradh pianbhreith choimeádta de bhliain amháin agus trí mhí air don chion “ionsaí ar an gcóras faisnéise”, de réir bhrí Airteagal 221(IV), arna léamh i gcomhar le mír II den Kazenski zakonik (Cód Cóiriúil na Slóivéine), cion a rinne sé idir mí na Nollag 2009 agus mí an Mheithimh 2010.

29

Sa dara háit, rinneadh an phianbhreith choimeádta sin a thiontú in 480 uair an chloig d’obair ar mhaithe leis an leas ginearálta, a chuir HF i gcrích ina hiomláine faoin 25 Meitheamh 2015.

30

Sa tríú háit, le cinneadh an 23 Meán Fómhair 2020, dhiúltaigh Okrožno sodišče v Kopru (Cúirt Réigiúnach Koper, an tSlóivéin) d’iarraidh ar HF a eiseachadadh arna déanamh ag údaráis na Stát Aontaithe chuig údaráis na Slóivéine chun críoch ionchúiseamh coiriúil, ar an bhforas go raibh na fíorais roimh ré i mí Iúil 2010 dá dtagraítear san iarraidh sin ina n‑ábhar do bhreithiúnas ó Okrožno sodišče v Mariboru (Cúirt Réigiúnach Maribor), a luadh i mír 28 den bhreithiúnas seo. Maidir leis na fíorais eile, i ndiaidh mhí an Mheithimh 2010, a thuairiscítear san iarraidh ar eiseachadadh sin, ní raibh aon amhras ann faoi chion a bheith déanta.

31

Ar an gceathrú dul síos agus ar deireadh, sheas cinneadh ó Višje sodišče v Kopru (Cúirt Achomhairc Koper, an tSlóivéin) an 8 Deireadh Fómhair 2020 leis an gcinneadh sin ó Okrožno sodišče v Kopru (Cúirt Réigiúnach Koper) agus bhain sé feidhm res judicata amach.

32

Sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur, ar an gcéad dul síos, go mbaineann an iarraidh ar eiseachadadh a rinneadh chuig údaráis na Slóivéine roimh ré agus an iarraidh ar eiseachadadh atá i gceist sna príomhimeachtaí leis na cionta céanna agus, ar an dara dul síos, go bhfuil na fíorais ar thug Okrožno sodišče v Mariboru (Cúirt Réigiúnach Maribor) rialú ina leith, ina bhreithiúnas a luaitear i mír 28 den bhreithiúnas seo, comhionann leis na fíorais dá dtagraítear san iarraidh dheireanach sin ar eiseachadadh, a mhéid a thuairiscítear inti na cionta a rinneadh suas go dtí mí an Mheithimh 2010.

33

Mar sin, de réir na cúirte a rinne an tarchur, braitheann dlíthiúlacht na hiarrata ar eiseachadadh, a mhéid a bhaineann sí le fíorais roimh mhí Iúil 2010, ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil feidhm ag an bprionsabal ne bis in idem, mar a chumhdaítear in Airteagal 54 de CISA é, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 50 den Chairt, i leith na díospóide sna príomhimeachtaí.

34

Tugann an chúirt sin faoi deara, áfach, nach gceadófaí le breithiúnas an 12 Bealtaine 2021, Bundesrepublik Deutschland (Fógra dearg Interpol) (C‑505/19, “breithiúnas Fhógra dearg Interpol”, EU:C:2021:376), rialú a thabhairt ar an gceist sin, ag féachaint do na difríochtaí idir an cás sna príomhimeachtaí agus an cás as ar eascair an breithiúnas sin.

35

Ar an gcéad dul síos, tugann an chúirt sin dá haire nach saoránach den Aontas é HF.

36

Ar an dara dul síos, baineann an díospóid sna príomhimeachtaí le hiarraidh fhoirmiúil ar eiseachadadh agus ní hamháin le foilsiú fógra dearg Interpol chun críoch gabhála ar bhonn shealadach agus chun críoch eiseachadta ar deireadh.

37

Ar an tríú dul síos, dá ndiúltódh Poblacht Chónaidhme na Gearmáine d’eiseachadadh HF mar gheall ar an oibleagáid an prionsabal ne bis in idem a chomhlíonadh, de réir bhrí Airteagal 50 den Chairt, sháródh sí an oibleagáid eiseachadta dá bhforáiltear in Airteagal 1(1) den Chonradh um Eiseachadadh idir an Ghearmáin agus na Stáit Aontaithe, ós rud é go gcomhlíonfadh an cion a chuirtear i leith HF na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 2(1) agus (2) den Chonradh sin.

38

Ní chuirfí cosc le heiseachadadh HF toisc gur ciontaíodh go críochnaitheach é le breithiúnas ó Okrožno sodišče v Mariboru (Cúirt Réigiúnach Maribor) an 6 Iúil 2012, as cuid de na cionta atá ina n‑ábhar don iarraidh ar eiseachadadh atá i gceist sna príomhimeachtaí, eadhon, na cionta a rinneadh suas go dtí mí an Mheithimh 2010, agus gur forghníomhaíodh an phianbhreith a fógraíodh go críochnaitheach cheana féin. Mar a eascraíonn sé go soiléir óna fhoclaíocht, ní chuirfí cosc le hAirteagal 8 den Chonradh um Eiseachadadh idir an Ghearmáin agus na Stáit Aontaithe ar an Stát iarrtha eiseachadadh a dheonú mar gheall ar an bprionsabal ne bis in idem ach i gcás gur chiontaigh údaráis inniúla an Stáit sin, eadhon, sa chás seo, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, an duine cúisithe go críochnaitheach. Ní fhéadfaí an tAirteagal sin a léiriú mar thagairt freisin do chiontuithe arna bhfógairt sna Ballstáit eile.

39

Thairis sin, d’aontaigh Poblacht Chónaidhme na Gearmáine agus na Stáit Aontaithe go sainráite, i gcomhthéacs na caibidlíochta maidir leis an gConradh um Eiseachadadh idir an Ghearmáin agus na Stáit Aontaithe, nach gcuirfí cosc leis an eiseachadadh le ciontuithe arna dtabhairt i dtríú Stáit.

40

Ar deireadh, leanann an léiriú sin ar Airteagal 8 den Chonradh um Eiseachadadh idir an Ghearmáin agus na Stáit Aontaithe freisin as an bhfíoras nár leagadh síos sa dara conradh breise, lenar cuireadh an Conradh um Eiseachadadh idir an Ghearmáin agus na Stáit Aontaithe in oiriúint do Chomhaontú AE-SAM, aon fhoráil shonrach chun an toirmeasc ar phionós dúbailte a leathnú chun na Ballstáit eile a chumhdach.

41

Tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur, áfach, an gceanglaítear ar Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine le hAirteagal 50 den Chairt, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 54 de CISA, eiseachadadh HF a dhiúltú i leith na gcionta ar thug Okrožno sodišče v Mariboru (Cúirt Réigiúnach Maribor) rialú críochnaitheach ina leith.

42

Chuige sin, ar an gcéad dul síos, cinntíonn an chúirt sin go gcomhlíontar na coinníollacha chun an prionsabal ne bis in idem, a chumhdaítear in Airteagal 50 den Chairt agus in Airteagal 54 de CISA a chur i bhfeidhm sa chás sna príomhimeachtaí.

43

Ar an gcéad dul síos, chiontaigh cúirt de chuid Ballstáit HF go críochnaitheach agus forfheidhmíodh an phianbhreith a fógraíodh ina hiomláine.

44

Ina dhiaidh sin, deir sí nach bhfuil saoránaigh de chuid an Aontais amháin in ann tairbhe a bhaint as na forálacha dá dtagraítear i mír 42 den bhreithiúnas seo.

45

Thairis sin, is léir ó mhíreanna 94 agus 95 de bhreithiúnas Fhógra dearg Interpol gurb ionann gabháil, ar bhonn sealadach, duine is ábhar d’fhógra dearg arna fhoilsiú ag Interpol, ag ceann de na Ballstáit, arna iarraidh sin ag tríú Stát, agus ionchúiseamh coiriúil, de réir bhrí Airteagal 54 de CISA. Mar sin, ní mór cinneadh maidir le dlíthiúlacht eiseachadta amhail an t‑eiseachadadh sna príomhimeachtaí, atá sé mar thoradh air go dtugtar suas an duine lena mbaineann do thríú Stát chun críoch ionchúiseamh coiriúil a mheas freisin mar ionchúiseamh coiriúil.

46

Ar deireadh, is ionann cinneadh maidir le dlíthiúlacht eiseachadta náisiúnaigh tríú Stáit a gabhadh i mBallstát chuig na Stáit Aontaithe agus dlí an Aontais a chur chun feidhme, de réir bhrí Airteagal 51 den Chairt. I gcás ar bith, bheadh baint ag cinneadh den sórt sin le Comhaontú AE-SAM, nach mór na cearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt a chur san áireamh agus é á chur i bhfeidhm. Thairis sin, de réir na cúirte a rinne an tarchur, tráth a ghabhála, bhí an ceart ag HF saorghluaiseacht a dhéanamh faoi Airteagal 20(1) de CISA, arna léamh i gcomhar leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 6(1)(b) de Chód Teorainneacha Schengen agus Airteagal 4(1) de Rialachán 2018/1806, ag glacadh leis, mar náisiúnach Seirbiach, go raibh sé díolmhaithe ón gceanglas víosa. Mar sin, i gcomhthéacs chur i bhfeidhm Airteagal 20 de CISA, ní mór na cearta bunúsacha sin a chur san áireamh.

47

Bíodh sin mar atá, sa dara háit, tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur go bhféadfadh a bheith mar thoradh ar Airteagal 50 den Chairt, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 54 de CISA, nach féidir náisiúnach tríú tír a eiseachadadh chuig na Stáit Aontaithe.

48

Chuige sin, cuireann sí in iúl, i mbreithiúnas Fhógra dearg Interpol, gur thagair an Chúirt don cheart chun saorghluaiseachta, de réir bhrí Airteagal 21 CFAE, atá ag an duine is ábhar d’fhógra dearg, eadhon náisiúnach Gearmánach, sular chinn sí go bhféadfadh an duine sin tairbhe a bhaint as an bprionsabal ne bis in idem, mar a ráthaítear in Airteagal 54 de CISA, i gcomhthéacs fhoilsiú fhógra dearg Interpol lena n‑iarrtar an duine sin a ghabháil ar bhonn sealadach d’fhonn é a eiseachadadh ar deireadh chuig tríú Stát.

49

Ní bheadh an ceart chun saorghluaiseachta, de réir bhrí Airteagal 21(1) CFAE, ag HF, áfach, atá ina náisiúnach Seirbiach. Ar an taobh eile, toisc é a bheith díolmhaithe ón gceanglas víosa, bheadh an ceart chun saorghluaiseachta aige de réir bhrí Airteagal 20 de CISA. Is gá, dá bhrí sin, a scrúdú an bhféadfaí an ceart chun saorghluaiseachta de réir bhrí na forála deiridh sin a theorannú in imthosca amhail na himthosca sna príomhimeachtaí.

50

Chuige sin, measann an chúirt a rinne an tarchur nach gcoisctear le hAirteagal 54 de CISA i gcomhar le hAirteagal 50 den Chairt eiseachadadh HF chuig na Stáit Aontaithe, ag glacadh leis go gceanglaítear ar an gcúirt sin an oibleagáid eiseachadta a leagtar síos sa Chonradh um Eiseachadadh idir an Ghearmáin agus na Stáit Aontaithe a chomhlíonadh.

51

Chun an méid sin a chinneadh, braitheann an chúirt a rinne an tarchur ar léiriú ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 351 CFAE, ar dá réir go gcumhdaítear leis sin comhaontuithe freisin, cé gur tugadh i gcrích iad tar éis an 1 Eanáir 1958, a bhaineann le réimse nach raibh an tAontas Eorpach inniúil ina leith ach amháin tar éis na comhaontuithe sin a thabhairt i gcrích, mar gheall ar leathnú inniúlachtaí an Aontais Eorpaigh nach raibh intuartha go hoibiachtúil don Bhallstát lena mbaineann nuair a tugadh na comhaontuithe sin i gcrích.

52

Tháinig an Conradh um Eiseachadadh idir an Ghearmáin agus na Stáit Aontaithe i bhfeidhm an 30 Iúil 1980, áfach, is é sin le rá, roimh thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile, an 14 Meitheamh 1985, agus, a fortiori, roimh thabhairt i gcrích CISA, an 19 Meitheamh 1990 agus, roimh thabhairt i gcrích an Phrótacail, an 2 Deireadh Fómhair 1997, a ghabhann le Conradh Amstardam, lenar lánpháirtaíodh acquis Schengen i gcreat an Aontais Eorpaigh. Mar sin, níorbh fhéidir le Poblacht Chónaidhme na Gearmáine a fhoráil, agus an Conradh um Eiseachadadh idir an Ghearmáin agus na Stáit Aontaithe á thabhairt i gcrích, go n‑áireofaí i réimsí inniúlachta an Aontais prionsabal ne bis in idem ar leibhéal Eorpach nó comhar breithiúnach in ábhair choiriúla.

53

Thairis sin, ós rud é nach bhforáiltear le comhaontú AE-SAM do phrionsabal ne bis in idem den sórt sin ar leibhéal Eorpach, d’fhéadfaí a thuiscint a contrario gur cheart leanúint ar aghaidh de chonradh déthaobhach eiseachadta a chomhlíonadh, ar conradh é nach bhforáiltear leis ach do thoirmeasc náisiúnta ar phionós dúbailte.

54

Sna himthosca sin, chinn Oberlandesgericht München (Uaschúirt Réigiúnach München) bac a chur ar na himeachtaí agus an cheist seo a leanas a tharchur chun na Cúirte Breithiúnais le haghaidh réamhrialú:

“An gcaithfear Airteagal 54 de [CISA], arna léamh i gcomhar le hAirteagal 50 den [Chairt], a léiriú sa chaoi go gcoisctear leis na forálacha sin eiseachadadh náisiúnaigh tríú Stát nach bhfuil ina shaoránach den Aontas de réir bhrí Airteagal 20 CFAE ag údaráis Stáit is páirtí sa Choinbhinsiún sin agus Ballstáit den Aontas Eorpach go dtí tríú Stát, más rud é go ndearna Ballstát eile den Aontas Eorpach rialú críochnaitheach i leith an duine i dtrácht cheana maidir leis na fíorais chéanna dá dtagraítear san iarraidh ar eiseachadadh, gur cuireadh an cinneadh sin i bhfeidhm agus nach bhféadfaí cinneadh a dhéanamh lena ndiúltaítear an duine sin a eiseachadadh go dtí an tríú Stát ach amháin dá shárófaí conradh déthaobhach eiseachadta atá ann leis an tríú Stát sin?”

An iarraidh ar an nós imeachta práinne um réamhrialú a chur i bhfeidhm

55

D’iarr an chúirt a rinne an tarchur go ndéileálfar leis an tarchur chun réamhrialú seo faoin nós imeachta práinne dá bhforáiltear sa chéad fhomhír d’Airteagal 23a de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus in Airteagal 107 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais.

56

Mar thaca lena hiarraidh, d’agair an chúirt a rinne an tarchur go raibh HF, ón 20 Eanáir 2022, faoi choimeád chun críoch eiseachadta sa Ghearmáin chun críocha an nós imeachta eiseachadta atá i gceist sna príomhimeachtaí agus gur dóigh go mbeadh iarmhairtí ag an bhfreagra ar an gceist a tarchuireadh ar an gcoimeád chun críoch eiseachadta sin.

57

Ba cheart a thabhairt faoi deara, sa chéad áit, go mbaineann an iarraidh seo ar réamhrialú, inter alia, le léiriú Airteagal 54 de CISA agus, mar is léir ó Airteagal 2 de Chinneadh 1999/436 agus ó Iarscríbhinn A a ghabhann leis, gur ainmnigh an Chomhairle Airteagail 34 agus 31 AE mar bhunúis dlí d’Airteagal 54 de CISA.

58

Cé gur aisghaireadh Airteagal 34 AE le Conradh Liospóin, lánpháirtíodh forálacha Airteagal 31 AE in Airteagail 82, 83 agus 85 CFAE. Tagann na forálacha sin faoi Theideal V den tríú Cuid de Chonradh FAE, a bhaineann leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh an iarraidh seo a bheith faoi réir an nós imeachta práinne um réamhrialú, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 23a de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus le hAirteagal 107(1) de na Rialacha Nós Imeachta.

59

Sa dara háit, maidir leis an gcritéar a bhaineann le práinn, is léir ón gcásdlí socair go gcomhlíontar an critéar sin i gcás, tráth a dhéantar an iarraidh ar réamhrialú, go bhfuil an duine lena mbaineann sna príomhimeachtaí gan saoirse agus go mbraitheann a choimeád ar thoradh na díospóide sna príomhimeachtaí [breithiúnas an 28 Aibreán 2022, C agus CD (Bacainní dlíthiúla ar fhorfheidhmiú cinnidh maidir le tabhairt suas), C‑804/21 PPU, EU:C:2022:307, mír 39 agus an cásdlí dá dtagraítear].

60

Sa chás seo, is léir ón iarraidh ar réamhrialú go bhfuil HF faoi ghabháil ar bhonn sealadach faoi láthair agus, ag brath ar an bhfreagra a thabharfaí ar an gceist a tarchuireadh, go bhféadfadh sé go mbeadh ar an gcúirt a rinne an tarchur a ordú go scaoilfear saor HF.

61

Sna himthosca sin, chinn an Dara Dlísheomra den Chúirt, an 15 Iúil 2021, ar mholadh an Bhreithimh is Rapóirtéir, tar éis éisteacht leis an Abhcóide Ginearálta, géilleadh don iarraidh ón gcúirt a rinne an tarchur chun an tarchur chun réamhrialú seo a chur faoi réir an nós imeachta práinne um réamhrialú.

62

Chinn sí, thairis sin, ar bhonn Airteagal 113(2) de na Rialacha Nós Imeachta, an cás seo a tharchur chun na Cúirte d’fhonn é a shannadh ar an Mór-Dhlísheomra.

An cheist a tharchuirtear

63

Lena ceist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 54 de CISA, arna léamh i bhfianaise Airteagal 50 den Chairt, a léiriú sa chaoi go gcoisctear leis eiseachadadh náisiúnaigh tríú Stát, ag údaráis Ballstáit, chuig tríú Stát eile más rud é, ar an gcéad dul síos, gur ciontaíodh an náisiúnach sin go críochnaitheach i mBallstát eile i leith na bhfíoras céanna dá dtagraítear san iarraidh ar eiseachadadh agus gur chuir sé an phianbhreith a gearradh isteach agus, ar an dara dul síos, go bhfuil an iarraidh ar eiseachadadh bunaithe ar chonradh déthaobhach eiseachadta lena dteorannaítear raon feidhme an phrionsabail ne bis in idem do bhreithiúnais arna bhfógairt sa Bhallstát iarrtha.

64

Mar réamhphointe, ba cheart a thabhairt chun cuimhne gur bunphrionsabal de dhlí an Aontais é an prionsabal ne bis in idem, a chumhdaítear anois in Airteagal 50 den Chairt (breithiúnais an 22 Márta 2022, bpost, C‑117/20, EU:C:2022:202, mír 22, agus an 22 Márta 2022, Nordzucker agus páirtithe eile, C‑151/20, EU:2022:203, mír 28).

65

Thairis sin, eascraíonn an prionsabal sin, a chumhdaítear freisin in Airteagal 54 de CISA, as na traidisiúin bhunreachtúla is coiteann do na Ballstáit. Mar sin, ní mór an tAirteagal sin a léiriú i bhfianaise Airteagal 50 den Chairt, a áirithíonn sé go n‑urraimítear a inneachar riachtanach (féach, chuige sin, breithiúnas Fhógra dearg Interpol, mír 70 agus an cásdlí dá dtagraítear).

66

I bhfianaise na n‑amhras a chuir an chúirt a rinne an tarchur in iúl agus a leagtar amach i míreanna 47 go 53 den bhreithiúnas seo, ní mór a scrúdú, ar dtús, na heilimintí léirithe a bhaineann le hAirteagal 54 de CISA, roimh scrúdú a dhéanamh ar an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag an gConradh um Eiseachadadh idir an Ghearmáin agus na Stáit Aontaithe agus ag an gcéad fhomhír d’Airteagal 351 CFAE ar chur i bhfeidhm an Airteagail sin sna príomhimeachtaí.

Airteagal 54 de CISA

67

I gcomhréir le cásdlí socair na Cúirte, is gá, agus foráil de dhlí an Aontais á léiriú, ní hamháin a foclaíocht a chur san áireamh, ach freisin an comhthéacs ina bhfuil sí agus na cuspóirí a shaothraítear leis na rialacha atá sí mar chuid dóibh (breithiúnas Fhógra dearg Interpol, mír 77 agus an cásdlí dá dtagraítear).

68

Mar a leanann sé as a fhoclaíocht, cuirtear cosc le hAirteagal 54 de CISA, ar Bhallstát duine a ionchúiseamh ar bhonn na bhfíoras céanna agus a chiontaigh Ballstát eile an duine sin go críochnaitheach, ar chuntar, i gcás ciontú, gur cuireadh an phianbhreith a gearradh isteach nó go bhfuil sí á forfheidhmiú faoi láthair nó nach féidir í a fhorfheidhmiú a thuilleadh de réir dhlíthe an Bhallstáit dheireanaigh sin.

69

Sa chás seo, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur go sonrach ar an gCúirt, ar an gcéad dul síos, maidir le cur i bhfeidhm na forála sin maidir le hiarraidh fhoirmiúil ar eiseachadadh agus, ar an dara dul síos, maidir le cé acu an áirítear nó nach n‑áirítear náisiúnach tríú tír faoin gcoincheap “duine”, dá dtagraítear san fhoráil sin.

70

Chuige sin, ar an gcéad dul síos, ní mór a mheas go gcumhdaítear leis an gcoincheap “ionchúiseamh”, de réir bhrí Airteagal 54 de CISA, iarraidh ar eiseachadadh. Mar a d’aithin an tAbhcóide Ginearálta, go bunúsach, i bpointe 46 dá Thuairim, más rud é go dtagann gabháil ar bhonn sealadach duine is ábhar d’fhógra dearg Interpol, arb é is cuspóir dó eiseachadadh an duine sin chuig tríú Stát a cheadú ar deireadh, faoin gcoincheap sin, mutatis mutandis a fortiori maidir le forfheidhmiú iarrata ar eiseachadta, ós rud é gurb ionann forfheidhmiú den sórt sin agus gníomh de chuid Ballstáit lena gcuirtear le feidhmiú éifeachtach ionchúiseamh cóiriúil sa tríú Stát lena mbaineann.

71

Ar an dara dul síos, maidir leis an gceist an gcumhdaítear faoin gcoincheap “duine”, dá dtagraítear in Airteagal 54 de CISA, náisiúnach tríú tír, ba cheart a thabhairt faoi deara go ráthaítear leis an Airteagal sin cosaint an phrionsabail ne bis in idem i gcás go ndearna Ballstát rialú críochnaitheach i leith “duine”.

72

Dá bhrí sin, ní mór a aithint, ar an gcéad dul síos, nach leagtar síos le foclaíocht Airteagal 54 de CISA aon choinníoll a bhaineann le bheith i seilbh náisiúntacht Ballstáit.

73

Ina dhiaidh sin, tacaítear le comhthéacs na forála sin leis an gconclúid sin.

74

Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 50 den Chairt, i bhfianaise a leithéide nach mór Airteagal 54 de CISA a léiriú, ní dhlífear “aon duine” a thriail ná a phionósú athuair in imeachtaí coiriúla i ngeall ar chion ar éigiontaíodh nó ar ciontaíodh é nó í go críochnaitheach san Aontas i ngeall air cheana i gcomhréir leis an dlí. Dá réir sin, ní bhunaítear le hAirteagal 50 den Chairt nasc le stádas shaoránach de chuid an Aontais ach oiread. Ina theannta sin, mar a chuir an tAbhcóide Ginearálta in iúl i mír 49 dá Thuairim, níl Airteagal 50 den Chairt le fáil i gCaibidil V den Chairt, a bhaineann le “Cearta na Saoránach” ach i gCaibidil VI, a bhaineann le “Ceartas”.

75

Ar deireadh, tacaítear leis na cuspóirí a shaothraítear leis an bhforáil sin freisin leis an léiriú ar Airteagal 54 de CISA ar dá réir go n‑áirítear faoin gcoincheap “duine” dá dtagraítear san fhoráil sin, náisiúnach tríú tír.

76

Ar an gcéad dul síos, is léir ón gcásdlí go bhfuil sé d’aidhm ag an bprionsabal ne bis in idem a leagtar amach san Airteagal sin, a sheachaint, i limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais, go n‑ionchúiseofar duine ar rinneadh rialú críochnaitheach ina leith, toisc gur fheidhmigh sé a cheart chun saorghluaiseachta, ar bhonn na bhfíoras céanna ar chríoch roinnt Ballstát, chun an deimhneacht dhlíthiúil a ráthú trí chinntí comhlachtaí poiblí atá críochnaitheach a chomhlíonadh (féach, chuige sin, breithiúnas Fhógra dearg Interpol, mír 79).

77

Thairis sin, chinn an Chúirt, mar atoradh ar an bprionsabal res judicata, gurb é is cuspóir don phrionsabal ne bis in idem ná an deimhneacht dhlíthiúil agus an cothromas a ráthú trína áirithiú, sa chás gur ionchúisíodh agus, más iomchuí, gur ciontaíodh an duine lena mbaineann, go mbeidh sé cinnte nach ndéanfar é a ionchúiseamh arís as an gcion céanna (breithiúnas an 22 Márta 2022, Nordzucker agus páirtithe eile, C‑151/20, EU:C:2022:203, mír 62). Áirithítear le hAirteagal 54 de CISA, mar sin, an tsíocháin shibhialta do dhaoine, ar rinneadh, tar éis iad a ionchúiseamh, rialú críochnaitheach a thabhairt ina leith (breithiúnas an 28 Meán Fómhair 2006, Gasparini agus páirtithe eile, C‑467/04, EU:C:2006:610, mír 27).

78

Mar sin, i bhfianaise na gcuspóirí a shaothraítear le hAirteagal 54 de CISA, ní mór a mheas nach féidir cur i bhfeidhm na forála sin a theorannú do náisiúnaigh de chuid Ballstát amháin, ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag an bhforáil sin, ar bhonn níos leithne, a áirithiú go bhféadfaidh aon duine a ciontaíodh agus a chuir a phianbhreith isteach nó, más iomchuí, a éigiontaíodh go críochnaitheach i mBallstát, a bheith ag gluaiseacht laistigh de limistéar Schengen gan eagla a bheith air go ndéanfaí ionchúiseamh air, i leith na bhfíoras céanna, i mBallstát eile (féach, chuige sin, breithiúnas an 29 Meitheamh 2016, Kossowski, C‑486/14, EU:C:2016:483, mír 45).

79

Ba cheart a lua freisin, ag an éisteacht, gur ardaíodh an cheist maidir le cé acu an raibh cónaí HF de chineál dleathach nó mídhleathach tráth a ghabhála ábhartha chun a chinneadh an dtiocfadh nó nach dtiocfadh sé faoi raon feidhme Airteagal 54 den Choinbhinsiún sin.

80

Níl aon éifeacht ag toisc den sórt sin ar chur i bhfeidhm Airteagal 54 de CISA, áfach. Fiú dá mba rud é nach mbeadh cónaí an duine lena mbaineann dleathach, nó nach mbeadh sé dleathach a thuilleadh, tráth a ghabhála, ní bheadh sé de thoradh ar an toisc sin go n‑eisiafaí an duine sin ó thairbhe na cosanta a bhronntar leis an Airteagal sin.

81

Is fíor, mar a cuireadh in iúl i mír 76 den bhreithiúnas seo, go bhfuil sé d’aidhm ag an bprionsabal ne bis in idem a leagtar síos in Airteagal 54 de CISA, go háirithe, a áirithiú go bhféadfaidh duine ar tugadh rialú críochnaitheach ina leith i mBallstát a bheith ag gluaiseacht laistigh de limistéar Schengen gan eagla a bheith air go ndéanfaí é a ionchúiseamh, i leith na bhfíoras céanna, i mBallstát eile.

82

Ní leanann sé ar chor ar bith as an bhforáil sin, áfach, go bhfuil tairbhe an chirt bhunúsaigh dá bhforáiltear inti, maidir le náisiúnaigh tríú tíortha, faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha a bhaineann le dlíthiúlacht a gcónaí nó tairbhe a bhaint as an gceart chun saorghluaiseachta laistigh de limistéar Schengen. Is é an t‑aon cheanglas a leagtar síos leis an bhforáil sin, agus atá infheidhme i ngach cás, ná go ndearnadh rialú críochnaitheach i leith an duine sin i gceann de na Ballstáit, ag glacadh leis, i gcás ciontú, nach mór an phianbhreith a bheith curtha isteach, nó a bheith á forfheidhmiú faoi láthair, nó nach féidir í a fhorfheidhmiú a thuilleadh faoi dhlíthe an Stáit a ghearr an phianbhreith.

83

Ba cheart a chur in iúl freisin nach gcuirtear le haon fhoráil eile de CISA cur i bhfeidhm Airteagal 54 de faoi réir coinníollacha a bhaineann le cineál dleathach chónaí an duine lena mbaineann nó le tairbhe a bhaint as an gceart chun saorghluaiseachta laistigh de limistéar Schengen. Thairis sin, tagann an fhoráil sin faoi Theideal III de CISA, dar teideal “Póilíní agus slándáil”, agus tagann na forálacha a bhaineann le coinníollacha gluaiseachta eachtrannach faoi Theideal II den Choinbhinsiún sin, dar teideal “Díothú seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha agus gluaiseacht daoine”.

84

Thairis sin, mar a luadh i míreanna 76 agus 77 den bhreithiúnas seo, tá sé d’aidhm freisin ag an bprionsabal ne bis in idem a leagtar amach in Airteagal 54 de CISA an deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú laistigh den limistéar saoirse, slándála agus ceartais trí chinntí chomhlachtaí poiblí na mBallstát atá críochnaitheach a chomhlíonadh.

85

Cuirtear le baint amach an chuspóra sin le cosaint aon duine ar tugadh rialú críochnaitheach ina leith i mBallstát, gan beann ar a náisiúntacht agus ar dhlíthiúlacht a chónaithe, i gcoinne ionchúisimh nua i leith na bhfíoras céanna i mBallstát eile.

86

Dá bhrí sin, i gcás amhail an cás sna príomhimeachtaí, is cuma cé acu go raibh nó nach raibh cónaí an duine lena mbaineann dleathach tráth a ghabhála, agus dá bhrí sin cé acu go raibh nó nach raibh an ceart chun saorghluaiseachta aige faoi Airteagal 20(1) de CISA, ní mór é a mheas mar bheith cumhdaithe faoi Airteagal 54 de.

87

Ní chuirtear an breithniú sin faoi cheist toisc go ndearna an Chúirt, mar a chuir an chúirt a rinne an tarchur in iúl, i mbreithiúnas Fhógra dearg Interpol, tagairt roinnt uaireanta don cheart chun saorghluaiseachta de réir bhrí Airteagal 21 CFAE.

88

Eascraíonn sé as an mbreithiúnas sin, go háirithe as míreanna 89 go 93 agus 106 de, go ndearna an Chúirt, sa bhreithiúnas sin, Airteagal 54 de CISA a léiriú i bhfianaise Airteagal 50 den Chairt amháin, agus ní i bhfianaise Airteagal 21 CFAE. Ina theannta sin, mar a chuir an tAbhcóide Ginearálta in iúl, go bunúsach, i mír 52 dá Thuairim, féadtar na tagairtí d’Airteagal 21 CFAE sa bhreithiúnas sin a mhíniú le himthosca an cháis inar tugadh an breithiúnas sin, cás ina ndearna náisiúnach Gearmánach gearán gur chuir foilsiú fhógra dearg Interpol ina leith cosc air a cheart chun saorghluaiseachta a fheidhmiú faoin Airteagal sin, a mhéid nach bhféadfadh sé, gan riosca gabhála, dul go Ballstát eile nach Poblacht Chónaidhme na Gearmáine é.

89

Thairis sin, i mbreithiúnas an 27 Bealtaine 2014, Spasic (C‑129/14 PPU, EU:C:2014:586, míreanna 61 go 63), níor chuir an Chúirt aon fhorchoimeádas in iúl maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 54 de CISA, arna léamh i bhfianaise Airteagal 3(2) CAE, maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí, cé gur bhain an díospóid sin, amhail an cás sna príomhimeachtaí, le náisiúnach Seirbiach nach raibh an ceart chun saorghluaiseachta, a ráthaítear le hAirteagal 21 CFAE, aige.

90

Dá bhrí sin, cuirtear cosc le hAirteagal 54 de CISA, arna léamh i bhfianaise Airteagal 50 den Chairt, ar eiseachadadh náisiúnaigh tríú tír chuig tríú Stát eile, ag údaráis Bhallstáit i gcás, ar an gcéad dul síos, gur thug Ballstáit eile rialú críochnaitheach cheana féin i leith an náisiúnaigh sin i leith na bhfíoras céanna leis na fíorais dá dtagraítear san iarraidh ar eiseachadadh agus, ar an dara dul síos, i gcás ciontú, gur cuireadh an phianbhreith isteach, go bhfuil an phianbhreith á forfheidhmiú faoi láthair nó nach féidir í a fhorfheidhmiú a thuilleadh faoi dhlíthe an Bhallstáit eile sin.

91

Ní fhéadfar amhras a chur ar an léiriú sin ar Airteagal 54 de CISA leis na hargóintí, arna ndéanamh ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí, München agus ag Rialtas na Gearmáine ina mbarúlacha i scríbhinn agus ag an éisteacht, ar dá réir, i gcás iarraidh ar eiseachadadh náisiúnaigh tríú Stát chuig tríú Stát eile, nach mór an t‑Airteagal sin a léiriú ar bhealach sriantach chun feidhmiú cuí an cheartais agus éifeachtacht imeachtaí coiriúla a áirithiú. Sa chomhthéacs sin, tá forchoimeádais curtha in iúl ag na páirtithe leasmhara sin maidir le cé acu ar cuireadh, sna himeachtaí os comhair chúirteanna na Slóivéine, na tosca ábhartha go léir san áireamh chun rialú a dhéanamh ar na gníomhartha a rinne HF le linn na tréimhse atá á breithniú ag na cúirteanna sin, go háirithe faisnéis áirithe atá údaráis na Stát Aontaithe in ainm is a bheith i seilbh.

92

Chuige sin, ní mór a thabhairt chun cuimhne, go bhfuil prionsabal na muiníne frithpháirtí idir na Ballstáit agus prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, atá bunaithe ar an muinín fhrithpháirteach eatarthu, ríthábhachtach i ndlí an Aontais, ós rud é go gceadaítear leo limistéar gan teorainneacha inmheánacha a chruthú agus a chaomhnú (breithiúnas an 15 Deireadh Fómhair 2019, Dorobantu, C‑128/18, EU:C:2019:857, mír 46 agus an cásdlí dá dtagraítear).

93

Go háirithe, maidir le hAirteagal 54 de CISA, chinn an Chúirt Bhreithiúnais go dtugtar le tuiscint leis go bhfuil muinín fhrithpháirteach idir na Ballstáit ina gcórais ceartais choiriúil faoi seach agus go nglacann gach ceann de na Ballstáit sin le cur i bhfeidhm an dlí choiriúil atá i bhfeidhm sna Ballstáit eile, fiú dá dtiocfadh réiteach difriúil as cur chun feidhme a dhlí náisiúnta féin. Tá sé riachtanach don mhuinín fhrithpháirteach sin go nglacfaidh údaráis inniúla ábhartha an dara Ballstát le cinneadh críochnaitheach a tugadh ar chríoch an chéad Bhallstáit mar a cuireadh in iúl é do na húdaráis sin (féach, chuige sin, breithiúnas Fhógra dearg Interpol, mír 80 agus an cásdlí dá dtagraítear).

94

Chaithfí amhras, le léiriú ar Airteagal 54 de CISA amhail an léiriú a mhol Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí, München agus Rialtas na Gearmáine, a mhéid a cheadófaí leis iliomad ionchúisimh choiriúla a dhéanamh i gcoinne an duine chéanna i leith na bhfíoras céanna ar ciontaíodh nó ar éigiontaíodh é go críochnaitheach i mBallstát eile, sna caidrimh idir na Ballstáit, ar bhunús an limistéir saoirse, slándála agus ceartais mar limistéar gan teorainneacha inmheánacha agus shárófaí prionsabal na muiníne frithpháirtí agus prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh do chinntí breithiúnacha in ábhair choiriúla ar a bhfuil an fhoráil sin bunaithe.

Conradh um Eiseachadadh idir an Ghearmáin agus na Stáit Aontaithe agus Comhaontú AE-SAM

95

Tá an chúirt a rinne an tarchur ag iarraidh a fháil amach freisin an bhféadfadh, ar an gcéad dul síos, an fíoras nach bhforáiltear le Comhaontú AE-SAM d’fhoras le diúltú atá bunaithe ar an bprionsabal ne bis in idem agus, ar an dara dul síos, an fíoras go dteorannaítear, leis an gConradh um Eiseachadadh idir an Ghearmáin agus na Stáit Aontaithe, raon feidhme an phrionsabail ne bis in idem do bhreithiúnais a thugtar sa Stát iarrtha, tionchar a bheith acu ar an bhfreagra atá le tabhairt ar an gceist a tharchuirtear.

96

Chuige sin, leanann sé as Airteagal 1 de Chomhaontú AE-SAM go ngeallann an tAontas agus na Stáit Aontaithe, i gcomhréir le forálacha an chomhaontaithe sin, a gcomhar a neartú “faoi chuimsiú an chaidrimh atá i bhfeidhm idir na Ballstáit agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le ciontóirí a eiseachadadh.”

97

Ina theannta sin, leanann sé as Airteagal 3 de, dar teideal “Raon feidhme i ndáil le conarthaí déthaobhacha eiseachadta arna dtabhairt i gcrích ag na Ballstáit”, go dtagann forálacha Chomhaontú AE-SAM a leagtar amach in Airteagail 4 go 14 de in ionad, nó go bhforlíontar leo, forálacha na gconarthaí déthaobhacha um eiseachadadh arna dtabhairt i gcrích idir na Ballstáit agus na Stáit Aontaithe, faoi na coinníollacha agus na socruithe dá bhforáiltear in Airteagal 3.

98

Mar sin, baineann comhaontú AE-SAM leis na caidrimh atá ann idir na Ballstáit agus na Stáit Aontaithe maidir le heiseachadadh, eadhon maidir le caidrimh arna rialú ag conarthaí déthaobhacha eiseachadta atá i bhfeidhm, amhail an Conradh um Eiseachadadh idir an Ghearmáin agus na Stáit Aontaithe. Mar a mhaíonn an Coimisiún Eorpach, soláthraíonn an comhaontú sin comhchreat is infheidhme maidir le nósanna imeachta eiseachadta chuig na Stáit Aontaithe, ina luíonn na conarthaí déthaobhacha eiseachadta atá ann cheana.

99

Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 16(1) de Chomhaontú AE-SAM, go mbeidh feidhm aige maidir le cionta a rinneadh roimh agus i ndiaidh dó teacht i bhfeidhm, eadhon an 1 Feabhra 2010 agus, i mír 2, go mbeidh feidhm aige maidir le hiarrataí ar eiseachadadh a dhéanfar i ndiaidh an teacht i bhfeidhm sin.

100

A mhéid nach bhforáiltear go díreach do nósanna imeachta eiseachadta le Comhaontú AE-SAM, ach go mbraitheann sé ar na nósanna imeachta eiseachadta dá bhforáiltear sna conarthaí déthaobhacha eiseachadta atá i bhfeidhm, ní mór na hiarrataí ar eiseachadadh dá dtagraítear ina Airteagal 16(2) a dhéanamh ar bhonn conradh déthaobhach eiseachadta idir Ballstát agus na Stáit Aontaithe, amhail an Conradh um Eiseachadadh idir an Ghearmáin agus na Stáit Aontaithe.

101

Leanann sé as sin go bhfuil Comhaontú AE-SAM infheidhme i leith nós imeachta eiseachadta amhail an ceann sna príomhimeachtaí, ós rud é go ndearnadh an iarraidh ar eiseachadadh, ar bhonn an Chonartha um Eiseachadadh idir an Ghearmáin agus na Stáit Aontaithe, i ndiaidh teacht i bhfeidhm an chomhaontaithe sin (féach, de réir analaí, breithiúnas an 10 Aibreán 2018, Pisciotti, C‑191/16, EU:C:2018:222, mír 32).

102

Cinnte, ní fhoráiltear go sainráite i gComhaontú AE-SAM go gcuirfeadh infheidhmeacht an phrionsabail ne bis in idem ar chumas údaráis na mBallstát eiseachadadh a d’iarr Stáit Aontaithe Mheiriceá a dhiúltú (breithiúnas Fhógra dearg Interpol, mír 97).

103

Mar sin féin, cumhdaítear le hAirteagal 17(2) de Chomhaontú AE-SAM cásanna ina gcuirtear, le prionsabail bhunreachtúla an Stáit iarrtha nó le cinntí breithiúnacha críochnaitheacha de chineál ceangailteach, cosc ar chomhlíonadh a oibleagáide eiseachadta agus i gcás nach féidir an cheist a réiteach le Comhaontú AE-SAM ná leis an gconradh déthaobhach is infheidhme, trína fhoráil, i gcásanna den sórt sin, go seolfaidh an Stát iarrtha agus an Stát iarrthach comhchomhairle (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Aibreán 2018, Pisciotti, C‑191/16, EU:C:2018:222, mír 40).

104

Ceadaítear le hAirteagal 17(2) mar sin, i bprionsabal, do Bhallstát, ar bhonn rialacha a dhlí bhunreachtúil nó cinntí breithiúnacha críochnaitheacha de chineál ceangailteach, cinniúint áirithe a choimeád do dhaoine ar tugadh rialú críochnaitheach ina leith cheana féin i leith an chiona chéanna a bhfuil eiseachadadh á lorg ina leith, trí sin a thoirmeasc (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Aibreán 2018, Pisciotti, C‑191/16, EU:C:2018:222, mír 41). Is bunús dlí neamhspleách agus coimhdeach é, mar sin, chun an prionsabal ne bis in idem a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs iarraidh ar eiseachadadh arna déanamh ag na Stáit Aontaithe do Bhallstát, nuair nach féidir an cheist sin a réiteach leis an gconradh déthaobhach is infheidhme.

105

Sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur, áfach, cé go bhforáiltear le hAirteagal 8 den Chonradh um Eiseachadadh idir an Ghearmáin agus na Stáit Aontaithe nach ndeonófar eiseachadadh más rud é go ndearna údaráis inniúla an Stáit iarrtha breithiúnas críochnaitheach i leith an duine chúisithe cheana féin i leith an chiona a n‑iarrtar an t‑eiseachadadh ina leith, nach bhforáiltear ann d’fhéidearthacht den sórt sin i gcás breithiúnas críochnaitheach a tugadh i Stát eile.

106

Mar sin féin, ní mór cumhacht na mBallstát chun rialacha maidir le nósanna imeachta eiseachadta a ghlacadh a fheidhmiú i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n‑áirítear Airteagal 54 de CISA agus Airteagal 50 den Chairt, atá infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí i bhfianaise na mbreithnithe a leagtar amach i míreanna 86 agus 101 den bhreithiúnas seo. Is léir ó chásdlí na Cúirte, cé, in éagmais rialacha de dhlí an Aontais lena rialaítear nósanna imeachta eiseachadta chuig tríú Stát, go bhfuil na Ballstáit inniúil chun rialacha den sórt sin a ghlacadh, go bhfuil sé de cheangal ar na Ballstáit sin an inniúlacht sin a fheidhmiú i gcomhréir le dlí an Aontais (féach, chuige sin, breithiúnas Fhógra dearg Interpol, mír 100 agus an cásdlí dá dtagraítear).

107

San ordú tarchur, áfach, cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl nach mór Airteagal 8 den Chonradh um Eiseachadadh idir an Ghearmáin agus na Stáit Aontaithe a léiriú sa chaoi go n‑eisiatar leis breithiúnais arna bhfógairt sna Ballstáit eile.

108

In éagmais a bheith in ann léiriú comhréireach a dhéanamh, forchuirtear le prionsabal na tosaíochta ar an gcúirt náisiúnta atá freagrach, faoi chuimsiú a dlínse, as forálacha dhlí an Aontais a chur i bhfeidhm, an oibleagáid chun lánéifeacht cheanglais an dlí sin sa díospóid atá os a comhair a áirithiú trí, ar a húdarás féin, más gá, aon riail náisiúnta, fiú ina dhiaidh sin, a chur ar leataobh, atá ar neamhréir le foráil de dhlí an Aontais a bhfuil éifeacht dhíreach aici, gan gá lena iarraidh go ndéanfar an riail nó an cleachtas náisiúnta sin a dhíothú trí phróiseas reachtach nó próiseas bunreachtúil eile, ná le fanacht ar an méid sin [féach, chuige sin, breithiúnais an 8 Márta 2022, Bezirkshauptmannschaft Hartberg-Fürstenfeld (Éifeacht dhíreach), C‑205/20, EU:C:2022:168, mír 37 agus an cásdlí dá dtagraítear].

109

Chuige sin, chinn an Chúirt, maidir leis an bprionsabal ne bis in idem a chumhdaítear in Airteagal 50 den Chairt, go bhfuil éifeacht dhíreach ag an bhforáil sin (breithiúnais an 20 Márta 2018, Garlsson Real Estate agus páirtithe eile, C‑537/16, EU:C:2018:193, mír 68, agus an 24 Deireadh Fómhair 2018, XC agus páirtithe eile, C‑234/17, EU:C:2018:853, mír 38). I bhfianaise an chásdlí dá dtagraítear i mír 65 den bhreithiúnas seo, is amhlaidh atá in Airteagal 54 de CISA.

110

Dá bhrí sin, mar a fhorchuirtear leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 108 den bhreithiúnas seo, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé éifeacht iomlán Airteagal 54 de CISA agus Airteagal 50 den Chairt a áirithiú sna príomhimeachtaí, trí aon fhoráil de chonradh eiseachadta na Gearmáine-SAM atá ar neamhréir leis an bprionsabal ne bis in idem a chumhdaítear sna hAirteagail sin a chur ar leataobh, ar a húdarás féin, gan gá fanacht go ndéanfadh Poblacht Chónaidhme na Gearmáine an conradh sin a athchaibidliú.

111

Níl sé ábhartha chuige sin, mar a áitíonn an chúirt a rinne an tarchur, gur chomhaontaigh Poblacht Chónaidhme na Gearmáine agus na Stáit Aontaithe, i gcomhthéacs na caibidlíochta maidir leis an gconradh eiseachadta sin a rinneadh in 1978, nach gcoiscfí leis na cinntí arna dtabhairt i dtríú Stáit an t‑eiseachadadh. Gan dochar don scrúdú ar Airteagal 351 CFAE i míreanna 115 go 127 den bhreithiúnas seo, ní fhéadfadh tosaíocht a bheith ag gealltanas den sórt sin ar na hoibleagáidí a eascraíonn, don Bhallstát sin, as forálacha dhlí an Aontais a luaitear sa mhír roimhe seo den bhreithiúnas seo ón uair a tháinig siad i bhfeidhm.

112

Ba cheart a lua freisin, i gcás ina n‑eisiatar léiriú ar fhorálacha ábhartha an Chonartha um Eiseachadadh idir an Ghearmáin agus na Stáit Aontaithe atá comhsheasmhach le hAirteagal 54 de CISA agus le hAirteagal 50 den Chairt, mar a léirítear iad i mír 90 den bhreithiúnas seo, nach mór a mheas nach gceadaítear leis an gconradh sin ceist a bhaineann le cur i bhfeidhm an phrionsabail ne bis in idem amhail an cheist a ardaíodh sna príomhimeachtaí a réiteach, sa chaoi nach mór an cheist sin a réiteach ar bhonn Airteagal 17(2) de Chomhaontú AE-SAM, arna léamh i bhfianaise Airteagal 50.

113

Ag féachaint don bhreithniú a leagtar amach i mír 104 den bhreithiúnas seo agus mar a chuir an tAbhcóide Ginearálta in iúl, go bunúsach, i míreanna 67 agus 68 dá Thuairim, féadfaidh cinneadh breithiúnach amhail breithiúnas Okrožno sodišče v Mariboru (Cúirt Réigiúnach Maribor) an 6 Iúil 2012, teacht faoi Airteagal 17(2) de Chomhaontú AE-SAM, ós rud é go leanann sé ó fhoclaíocht na forála sin go bhféadfadh cinneadh breithiúnach críochnaitheach de chineál ceangailteach bac a chur leis an oibleagáid eiseachadta atá ar an Stát iarrtha i gcás nach féidir, leis an gconradh déthaobhach eiseachadta arna thabhairt i gcrích idir an Ballstát lena mbaineann agus na Stáit Aontaithe, an cheist maidir le cur i bhfeidhm an phrionsabail ne bis in idem a réiteach.

114

Dá bhrí sin, ní féidir, leis an imthoisc go dteorannaítear leis an gConradh um Eiseachadadh idir an Ghearmáin agus na Stáit Aontaithe raon feidhme an phrionsabail ne bis in idem do bhreithiúnais a thugtar sa Stát iarrtha, amhras a tharraingt ar infheidhmeacht Airteagal 54 de CISA i ndíospóid amhail an díospóid sna príomhimeachtaí, mar thoradh ar an léiriú a dhéantar ar an bhforáil sin i mír 90 den bhreithiúnas sin.

Airteagal 351 CFAE

115

Is gá freisin scrúdú a dhéanamh, mar a mhaíonn an chúirt a rinne an tarchur, an féidir an chéad fhomhír d’Airteagal 351 CFAE a léiriú sa chaoi nach bhfuil tionchar ag forálacha dhlí an Aontais ar an gConradh um Eiseachadadh idir an Ghearmáin agus na Stáit Aontaithe, sa chaoi go bhféadfadh údaráis na Gearmáine an iarraidh ar eiseachadadh a dheonú sna príomhimeachtaí gan dlí an Aontais a shárú.

116

Foráiltear sa chéad fhomhír d’Airteagal 351 CFAE nach ndéanfaidh forálacha na gconarthaí difear do na cearta agus na hoibleagáidí a eascraíonn as comhaontuithe a tugadh i gcrích roimh an 1 Eanáir 1958 nó, i gcás na Stát aontach, roimh dháta a n‑aontachais, idir Ballstát amháin nó níos mó, ar thaobh amháin, agus tríú Stát amháin nó níos mó, ar an taobh eile.

117

Ba cheart a thabhairt faoi deara, mar a aithníonn an chúirt a rinne an tarchur í féin, nach bhfuil feidhm ag an bhforáil sin, i gcomhréir lena foclaíocht, i leith na díospóide sna príomhimeachtaí, ós rud é gur síníodh conradh eiseachadta na Gearmáine-SAM an 20 Meitheamh 1978 agus gur tháinig sé i bhfeidhm an 30 Iúil 1980, is é sin le rá, tar éis an 1 Eanáir 1958.

118

Mar sin féin, tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur an gá an fhoráil sin a léiriú ar bhonn leathan, sa chaoi go gcumhdófaí léi na comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag Ballstát tar éis an 1 Eanáir 1958 freisin nó ar dháta a aontachais, ach roimh an dáta a d’éirigh an tAontas inniúil sa réimse lena mbaineann na coinbhinsiúin sin.

119

Chuige sin, ba cheart a aithint gur riail í an chéad fhomhír d’Airteagal 351 CFAE lenar féidir, nuair a chomhlíontar na coinníollacha chun í a chur i bhfeidhm, maoluithe ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais a cheadú, lena n‑áiritear an dlí príomha (féach, chuige sin, breithiúnas an 3 Meán Fómhair 2008, Kadi agus Al Barakaat International Foundation v an Chomhairle agus an Coimisiún, C‑402/05 P agus C‑415/05 P, EU:C:2008:461, mír 301 agus an cásdlí dá dtagraítear).

120

De réir an chásdlí socair, áfach, ní mór eisceachtaí a léiriú ar bhealach docht ionas nach mbainfí an bonn de na rialacha ginearálta (breithiúnas an 26 Feabhra 2015, Wucher Helicopter agus Euro-Aviation Versicherung, C‑6/14, EU:C:2015:122, mír 24 agus an cásdlí dá dtagraítear).

121

Tá léiriú docht den sórt sin riachtanach go háirithe maidir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 351 CFAE, ós rud é go gceadaítear leis an bhforáil sin maolú a dhéanamh, ní ó phrionsabal sonrach, ach ó chur i bhfeidhm aon cheann d’fhorálacha na gConarthaí.

122

Thairis sin, ceanglaítear léiriú docht den sórt sin freisin ag féachaint don oibleagáid atá ar na Ballstáit, de bhun an dara fomhír d’Airteagal 351 CFAE, chun na bearta go léir is gá a dhéanamh chun neamhréireachtaí atá ann idir coinbhinsiún agus na conarthaí a dhíbirt (féach, chuige sin, breithiúnais an 3 Márta 2009, an Coimisiún v an Ostair, C‑205/06, EU:C:2009:118, mír 45; an 3 Márta 2009, anCoimisiún v an tSualainn, C‑249/06, EU:C:2009:119, mír 45, agus an 22 Deireadh Fómhair 2020, Ferrari, C‑720/18 agus C‑721/18, EU:C:2020:854, mír 67).

123

Thairis sin, cuireadh isteach an tagairt sa chéad fhomhír d’Airteagal 351 CFAE do dháta an 1 Eanáir 1958 nó, i gcás na Stát aontach, do dháta a n‑aontachais, le Conradh Amstardam, a tháinig i bhfeidhm an 1 Bealtaine 1999. Go dtí sin, baineadh úsáid in Airteagal 234 de Chonradh CE as an bhfrása “roimh theacht i bhfeidhm an Chonartha seo”.

124

Mar sin, nuair a leasaigh na Ballstáit, le linn na caibidlíochta maidir le Conradh Amstardam, an chéad fhomhír d’Airteagal 351 CFAE, mar atá sé anois, chinn siad an 1 Eanáir 1958 nó, i gcás na Stát aontach, dáta a n‑aontachais, a shocrú mar dhátaí ábhartha. Níor leasaíodh an téacs sin tráth a glacadh Conradh Nice agus Conradh Liospóin.

125

Cé gurbh eol dóibh cheana féin, agus na Conarthaí sin á dtabhairt i gcrích, go bhféadfadh athrú suntasach teacht ar inniúlachtaí an Aontais le himeacht ama, lena n‑áirítear i réimsí a bhí ina n‑ábhar do chomhaontuithe ar thug siad i gcrích le tríú Stáit, níor fhoráil na Ballstáit go bhféadfaí, chun críocha na chéad fhomhíre d’Airteagal 351 CFAE, an dáta a d’éirigh an tAontas inniúil i réimse ar leith a chur san áireamh.

126

Dá bhrí sin, ní mór an fhoráil mhaolaithe sin a léiriú sa chaoi nach ndírítear léi ach ar chomhaontuithe a tugadh i gcrích roimh an 1 Eanáir 1958 nó, i gcás na Stát aontach, roimh dháta a n‑aontachais.

127

Dá bhrí sin, níl feidhm ag an gcéad fhomhír d’Airteagal 351 CFAE maidir le conradh eiseachadta na Gearmáine-SAM.

Céannacht na bhfíoras

128

D’fhonn an freagra is úsáidí a thabhairt don chúirt a rinne an tarchur, ba cheart a thabhairt chun cuimhne, de réir chásdlí socair na Cúirte, gurb é an critéar ábhartha chun láithreacht an chiona chéanna a mheas, de réir bhrí Airteagal 50 den Chairt, ná céannacht na bhfíoras ábhartha, a thuigtear mar láithreacht imthosca nithiúla atá dodhealaithe óna chéile agus ar éigiontaíodh nó ar ciontaíodh go críochnaitheach an duine atá i dtrácht ar a mbonn. Mar sin, toirmeasctar leis an Airteagal sin, i leith fíorais chomhionanna, roinnt pionós de chineál coiriúil a fhorchur i ndiaidh nósanna imeachta éagsúla arna reáchtáil chun na gcríoch sin (breithiúnas an 22 Márta 2022, bpost, C‑117/20, EU:C:2022:202, mír 33 agus an cásdlí dá dtagraítear).

129

Dá bhrí sin, ceanglaítear leis an gcoinníoll a bhaineann le láithreacht an chiona chéanna go mbeidh na fíorais ábhartha comhionann. Ar an taobh eile, níl an prionsabal ne bis in idem ceaptha a bheith curtha i bhfeidhm i gcás nach ionann na fíorais atá i gceist ach go bhfuil siad cosúil lena chéile amháin (breithiúnas an 22 Márta 2022, bpost, C‑117/20, EU:C:2022:202, mír 36).

130

Go deimhin, tuigtear céannacht na bhfíoras ábhartha mar thacar imthosca nithiúla a eascraíonn as imeachtaí arb ionann iad, go bunúsach, a mhéid a luaitear an déantóir céanna ina leith agus go bhfuil dlúthbhaint acu lena chéile ó thaobh ama agus spáis de (breithiúnas an 22 Márta 2022, bpost, C‑117/20, EU:C:2022:202, mír 37).

131

Sa chás seo, ar an gcéad dul síos, is léir ón ordú tagartha go mbaineann an iarraidh ar eiseachadadh atá i gceist sna príomhimeachtaí le cionta a líomhnaítear a rinne HF idir mí Mheán Fómhair 2008 agus mí na Nollag 2013. Ar an dara dul síos, tugann an chúirt a rinne an tarchur le fios go bhfuil na fíorais ar tugadh breithiúnas críochnaitheach i leith HF sa tSlóivéin comhionann leis na fíorais dá dtagraítear san iarraidh sin ar eiseachadadh, a mhéid a dhéantar cur síos inti ar na cionta a rinneadh go dtí mí an Mheithimh 2010. Mar sin, tugann sí faoi deara nach gcumhdaítear leis an gciontú a rinne cúirteanna na Slóivéine ach cuid de na fíorais is ábhar don iarraidh sin ar eiseachadadh.

132

Tá an cheist a tharchuirtear sa chás seo, áfach, bunaithe ar an tuiscint gurb ionann na fíorais dá dtagraítear in iarraidh ar eiseachadadh agus na fíorais ar a mbonn ar chiontaigh cúirteanna Ballstáit eile go críochnaitheach an cúisí.

133

Chuige sin, is don chúirt a rinne an tarchur, an t‑aon chúirt a bhfuil dlínse aici rialú a dhéanamh ar na fíorais, agus ní don Chúirt Bhreithiúnais, atá sé a chinneadh an bhfuil na fíorais atá ina n‑ábhar don iarraidh ar eiseachadadh sna príomhimeachtaí comhionann leis na fíorais ar thug cúirteanna na Slóivéine rialú críochnaitheach ina leith (féach, de réir analaí, breithiúnais an 28 Meán Fómhair 2006, Gasparini agus páirtithe eile, C‑467/04, EU:C:2006:610, mír 56, agus an 22 Márta 2022, bpost, C‑117/20, EU:C:2022:202, mír 38). Mar sin, féadfaidh an Chúirt tosca léirithe maidir le dlí an Aontais a sholáthar don chúirt i gcomhthéacs measúnú ar chéannacht na bhfíoras (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Márta 2022, Nordzucker agus páirtithe eile, C‑151/20, EU:C:2022:203, mír 42).

134

Chuige sin, ag féachaint don chásdlí dá dtagraítear i míreanna 128 go 130 den bhreithiúnas seo, ní mór a shoiléiriú, ar an gcéad dul síos, nach bhféadfaí leis an bprionsabal ne bis in idem, de réir bhrí Airteagal 54 de CISA, arna léamh i bhfianaise Airteagal 50 den Chairt, bac a chur ar an eiseachadadh maidir leis na cionta a líomhnaítear go ndearna an duine lena mbaineann, ar cionta iad ar tharla a eilimintí fíorasacha, de réir na measúnuithe arna ndéanamh ag cúirt an Bhallstáit iarrtha i bhfianaise an chomhaid atá aici, lasmuigh den tréimhse ama a cuireadh san áireamh chun críocha an chiontaithe ag cúirteanna Ballstáit eile.

135

Ar an dara dul síos, ní fhéadfaí leis an bprionsabal ne bis in idem aon chionta dá bhforáiltear leis an iarraidh ar eiseachadadh a chumhdach, ar cionta iad a bhaineann le fíorais ábhartha seachas na cinn a bhí ina n‑ábhar don chiontú sin, cé go ndearnadh iad le linn na tréimhse ama a cuireadh san áireamh chun críocha an chiontaithe sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Samhain 2010, Mantello, C‑261/09, EU:C:2010:683, mír 50).

136

I bhfianaise na mbreithnithe uile sin roimhe seo, is é an freagra ar an gceist a tharchuirtear ná nach mór Airteagal 54 de CISA, arna léamh i bhfianaise Airteagal 50 den Chairt, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar eiseachadadh náisiúnaigh tríú tír, ag údaráis Bhallstáit, chuig tríú Stát eile más rud é, ar an gcéad dul síos, gur ciontaíodh an náisiúnach sin go críochnaitheach i mBallstát eile ar bhonn na bhfíoras céanna dá dtagraítear san iarraidh ar eiseachadadh agus gur chuir sé an phianbhreith a gearradh isteach agus, ar an dara dul síos, go bhfuil an iarraidh ar eiseachadadh bunaithe ar chonradh déthaobhach eiseachadta lena dteorannaítear raon feidhme an phrionsabail ne bis in idem do bhreithiúnais a tugadh sa Bhallstát iarrtha.

Costais

137

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

 

Maidir le hAirteagal 54 den Choinbhinsiún chun Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile a chur chun feidhme, arna shíniú in Schengen an 19 Meitheamh 1990 agus a tháinig i bhfeidhm an 26 Márta 1995, arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 610/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013, arna léamh i bhfianaise Airteagal 50 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

 

ní mór léiriú a dhéanamh mar a leanas:

 

go gcuirtear cosc leis ar eiseachadadh náisiúnaigh tríú tír, ag údaráis Bhallstáit, chuig tríú Stát eile más rud é, ar an gcéad dul síos, gur ciontaíodh an náisiúnach sin go críochnaitheach i mBallstát eile ar bhonn na bhfíoras céanna dá dtagraítear san iarraidh ar eiseachadadh agus gur chuir sé an phianbhreith a gearradh isteach agus, ar an dara dul síos, go bhfuil an iarraidh ar eiseachadadh bunaithe ar chonradh déthaobhach eiseachadta lena dteorannaítear raon feidhme an phrionsabail ne bis in idem do bhreithiúnais a tugadh sa Bhallstát iarrtha.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Ghearmáinis.