An Bhruiséil,16.4.2024

COM(2024) 174 final

2024/0094(NLE)

Togra le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

le haghaidh thimthriall Schengen 2024‑2025


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

D’ainneoin na dúshraithe daingne atá faoi, tá limistéar Schengen gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha (‘Limistéar Schengen’) neamhchosanta go fóill ar dhúshláin nach bhfuil teoranta do chríoch aon Bhallstáit amháin. In 2023, bhí roinnt cásanna leochaileachta práinneacha ar na leibhéil náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach araon roimh Limistéar Schengen fós i bpríomhréimsí chóras Schengen agus teastaíonn freagairt chomhpháirteach éifeachtach ina leith.

Leagadh síos bunchloch na gníomhaíochta comhordaithe idir na Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais leis na hiarrachtaí a rinneadh le blianta beaga anuas chun an creat rialachais a threisiú. I dtuarascáil 2024 ar Staid Schengen, léirítear tiomantas leanúnach an Choimisiúin do rialachas limistéar Schengen a threisiú. Tá an tuarascáil, lena dtionscnaítear timthriall Schengen 2024‑2025, ina hacmhainn riachtanach le haghaidh cinnteoireacht pholaitiúil agus obair leantach oibríochtúil ar an leibhéal Eorpach agus ar na leibhéil náisiúnta. Sa tuarascáil, tugtar forléargas ar staid reatha Limistéar Schengen, déantar measúnú ar an dul chun cinn a rinneadh ar thabhairt i gcrích an timthrialla bhliantúil rialachais agus léirítear réimsí tosaíochta nach mór tuilleadh airde a thabhairt orthu; tá an obair sin bunaithe ar mheastóireachtaí Schengen a rinneadh in 2023.

A áirithiú go bhfeidhmeoidh an limistéar gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha idir na Ballstáit mar is ceart, is iarracht chomhpháirteach agus freagracht chomhroinnte é sin ar gá cur chuige comhleanúnach comhordaithe lena aghaidh. Cé gur treisíodh rialachas limistéar Schengen le seoladh an chéadtimthriall Schengen in 2022, níl creat ann fós chun tosaíochtaí bunaithe ar chomhúinéireacht agus ar fhreagracht chomhchoiteann na mBallstát a shainaithint agus a chur chun feidhme. Is é an toradh bhíonn air sin go minic comhordú teoranta agus cur chun feidhme comhpháirteach rialacha Schengen, rud a fhágann go ndéantar gníomhaíocht aontaobhach agus bearta ilroinnte. Ós rud é nach bhfuil an creat struchtúrtha sin ann, is lú inniúlacht thimthriall bliantúil Schengen ar shláine limistéar Schengen a chaomhnú agus a neartú.

I gcomhréir leis an mbealach chun cinn a fógraíodh i dtuarascáil 2023 ar Staid Schengen, tá togra ón gCoimisiún le haghaidh Moladh ón gComhairle ag gabháil le tuarascáil 2024, dá bhrí sin. Tá sé d’aidhm ag an togra seo le haghaidh Moladh ón gComhairle díriú ar líon áirithe saincheisteanna a dteastaíonn gníomhaíocht aonair ó na Ballstáit chomh maith le gníomhaíocht chomhpháirteach uathu faoi shainchúram Chomhairle Schengen chun dul i ngleic leo, i gcomhréir leis na tionscnaimh bheartais atá ann cheana maidir le cúrsaí Schengen Molann an Coimisiún, bunaithe ar na tosaíochtaí a sainaithníodh i dTuarascáil 2024 ar Staid Schengen, go ndíreodh an Moladh ón gComhairle ar an méid seo a leanas:

·Creat rialachais Schengen a chomhdhlúthú;

·Ullmhacht, slándáil agus athléimneacht na dteorainneacha seachtracha a fheabhsú;

·Dlús a chur le digitiú limistéar Schengen;

·Bearta i gcoinne na coireachta trasteorann agus gluaiseachtaí neamhúdaraithe a threisiú; agus

·Rannchuidiú le córas éifeachtach de chuid an Aontais um fhilleadh a bhunú.

An togra seo le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le limistéar Schengen, tá sé beartaithe go mbeidh sé ina ionchur le haghaidh an chruinnithe a bheidh ag Comhairle Schengen an 13/14 Meitheamh 2024, cruinniú a bhfuiltear ag súil go dtiocfaidh an Chomhairle ar chomhaontú lena linn maidir leis na tosaíochtaí le haghaidh thimthriall Schengen 2024‑2025. Ba cheart don Chomhairle faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Mholta seo, agus ba cheart do na Ballstáit, don Choimisiún agus do na Gníomhaireachtaí CGB ábhartha tuairisc rialta a thabhairt. Déanfar torthaí mheastóireacht Schengen agus ghníomhaíochtaí faireacháin Schengen a leabú sa phróiseas sin.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Leis an Moladh seo, féachtar le cur chun feidhme éifeachtach acquis Schengen a fheabhsú ar bhealach comhordaithe.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá sé d'aidhm ag an Moladh seo cur go dearfach le limistéar Schengen lánoibríochtúil athléimneach agus gluaiseacht neamhshrianta breis agus 425 mhilliún duine a éascú. Tá an moladh seo i gcomhréir le beartais eile de chuid an Aontais, lena n‑áirítear na beartais sin a bhaineann leis an tslándáil agus leis an imirce, is iad sin an Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann agus Straitéis an Aontais um an Aontas Slándála.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus go háirithe pointí (a), (b), (d) agus (e) d’Airteagal 77(2), pointe (c) d’Airteagal 79(2) agus Airteagal 292, an chéad agus an dara habairt de.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Le hAirteagal 292 CFAE, cuirtear ar a cumas don Chomhairle moltaí a ghlacadh. De réir na forála sin, gníomhóidh an Chomhairle ar thogra ón gCoimisiún i ngach cás ina bhforáiltear sna Conarthaí go nglacfaidh sí gníomhartha ar thogra ón gCoimisiún.

Tá feidhm aige sin sa staid atá ann faoi láthair, ós rud é nach féidir leis na Ballstáit, agus iad ag gníomhú ina n‑aonar, cur chuige comhordaithe maidir leis na tosaíochtaí coiteanna a mbíonn tionchar acu ar fheidhmiú limistéar Schengen a áirithiú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir é a dhéanamh ar leibhéal an Aontais.

Comhréireacht

Tá sé d’aidhm ag an togra seo a áirithiú go nglacfar bearta comhordaithe chun cur chun feidhme neamhréireach agus ilroinnte na dtosaíochtaí ar fud Schengen a sheachaint. Ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach agus comhréireach chun na cuspóirí atá beartaithe a bhaint amach.

An rogha ionstraime

neamhbhainteach

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

neamhbhainteach

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

neamhbhainteach

Bailiú agus úsáid saineolais

neamhbhainteach

Measúnú tionchair

neamhbhainteach

Oiriúnacht rialála agus simpliú

neamhbhainteach

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní eascróidh ceanglais chistiúcháin nua as an togra agus tacófar le cur chun feidhme éifeachtach chistí an Aontais trína áirithiú go dtabharfar tosaíocht straitéiseach ar leibhéal an Aontais agus ar na leibhéil náisiúnta do na cistí sin.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Chun an Moladh atá beartaithe a chur chun feidhme, ní mór don Chomhairle agus don Choimisiún faireachán grinn a dhéanamh, rud a bheidh ina phríomhchuid de thimthriall Schengen 20242025. I mí na Nollag 2024 ba cheart don Chomhairle an dul chun cinn a rinneadh a mheas agus ba cheart don Choimisiún tuarascáil a thabhairt maidir le leibhéal chur chun feidhme an Mholta i dtuarascáil 2025 ar Staid Schengen.    

2024/0094 (NLE)

Togra le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

le haghaidh thimthriall Schengen 2024‑2025

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2) agus Airteagal 79(2) (c), i gcomhar le hAirteagal 292, an chéad agus an dara habairt de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Limistéar Schengen gan rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha (‘Limistéar Schengen’) a chruthú, tá sé ar cheann de phríomhéachtaí an Aontais. Limistéar Schengen a fheidhmíonn go maith, is cuspóir coiteann é atá ag brath ar chur i bhfeidhm éifeachtach éifeachtúil acquis Schengen, ar chreat láidir rialachais agus ar ardleibhéal iontaoibhe frithpháirtí.

(2)Ó bhí 2022 ann, déanann an Coimisiún measúnú ar staid limistéar Schengen sa tuarascáil uaidh ar Staid Schengen. Agus timthriall 20242025 de chuid Schengen á sheoladh aige, ghlac an Coimisiún tuarascáil 2024 ar Staid Schengen an 16 Aibreán 2024, lena sainaithnítear tosaíochtaí lena néilítear obair leantach pholaitiúil agus oibríochtúil laistigh de thimthriall Schengen.

(3)Agus sinn ag tógáil ar an dul chun cinn a rinneadh in 2023 maidir le rialachas Schengen a chomhdhlúthú, ní mór an creat seo a threisiú chun feabhas a chur ar bhunú thosaíochtaí coiteanna limistéar Schengen agus ar an obair leantach orthu trí úinéireacht pholaitiúil agus freagracht na mBallstát uile a mhéadú ar leibhéal an Aontais. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, is iomchuí tosaíochtaí bliantúla a leagan síos agus a chur chun feidhme ar fud Schengen lena dtacófar leis na Ballstáit trína niarrachtaí aonair a chomhlánú le gníomhaíocht chomhordaithe chomhchoiteann trí Chomhairle Schengen agus lena néascófar faireachán grinn a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta chun ardleibhéal chur chun feidhme rialacha Schengen a áirithiú.

(4)Agus measúnú an Choimisiúin sa tuarascáil ar Staid Schengen á chur san áireamh agus i bhfianaise na gníomhaíochta práinní is gá i réimsí áirithe, meastar gur tráthúil gníomhaíocht chomhordaithe a dhíriú ar na nithe seo a leanas: comhdhlúthú rialachas Schengen a thabhairt chun críche; gníomhaíochtaí a neartú chun ullmhacht limistéar Schengen a fheabhsú le teorainneacha seachtracha níos athléimní, agus comhlíontacht iomlán na noibleagáidí a leagtar amach sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais á háirithiú; digitiú struchtúr Schengen a thabhairt chun críche chun borradh a chur faoi iomaíochas na hEorpa agus ardchaighdeáin slándála á áirithiú do shaoránaigh an Aontais; freagairtí comhchoiteanna a fheabhsú chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí comhchoiteanna imirce agus slándála ar bhealach níos éifeachtaí, lena náirítear trí chomhar póilíneachta méadaithe agus trí chóras an Aontais um fhilleadh a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos inbhuanaithe.

(5)Struchtúir agus próisis rialachais láidre náisiúnta sna Ballstáit lena dtacófar le straitéisí náisiúnta um bainistiú comhtháite teorainneacha agus slándála a chur chun feidhme go héifeachtach, is réamhriachtanas iad chun rialachas Schengen éifeachtach a bhaint amach. Ní mór inniúlachtaí freagartha náisiúnta agus Eorpacha a neartú agus a fhorbairt a thuilleadh chun aghaidh a thabhairt ar an imirce neamhrialta agus ar ghluaiseachtaí tánaisteacha ar bhealach níos éifeachtaí. Tá gá le tuilleadh iarrachtaí freisin chun coireacht agus bagairtí slándála trasteorann a chomhrac ar bhealach níos comhtháite.

(6)Ní chun leas na mBallstát sin amháin a ndéantar rialú teorann ag a dteorainneacha seachtracha atá an rialú teorann, ach chun leas limistéar Schengen ina iomláine. Tosaíocht de chuid an Aontais is ea oibríochtú iomlán an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh. Dá bhrí sin, ba cheart buanchór agus cumais an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a chur i gcrích go pras chun buanchór 8 000 oifigeach a bhaint amach faoi 2025 agus buanchór 10 000 oifigeach a bhaint amach faoi 2027. Ina theannta sin, ní mór aghaidh a thabhairt mar ábhar práinne ar na heasnaimh atá ann faoi láthair sna hacmhainní daonna agus sa trealamh teicniúil, ar leibhéal an Aontais agus ar na leibhéil náisiúnta araon. Ní mór do na Ballstáit cur chun feidhme éifeachtach na bpleananna náisiúnta cumais a ráthú, pleananna ar gá iad a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le ‘Treochlár Cumais an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh’ a glacadh le déanaí chun an éabhlóid a d’fhéadfadh teacht ar an staid ag na teorainneacha seachtracha agus ar dhúshláin ghaolmhara a chur san áireamh.

(7)Sainaithníodh cásanna leochaileachta in úsáid bunachar sonraí, go háirithe i gCóras Faisnéise Schengen agus Córas faisnéise Víosaí atá ina mbearna thábhachtach slándála. Bíonn bagairtí neamhbhraite agus nósanna imeachta lochtacha ann nuair nach ndéantar seiceálacha doiciméad agus fíorú céannachta mar is ceart. Baineann sé sin le hiarratais ar víosaí, le seiceálacha ag teorainneacha seachtracha, le filleadh náisiúnach tríú tír nach bhfuil aon cheart dlíthiúil fanachta acu, le gníomhaíochtaí forfheidhmithe dlí, agus ar bhonn níos ginearálta le húdaráis na mBallstát. Tá gá le hiarrachtaí chun a áirithiú go gcuirfear na sonraí ábhartha isteach sna bunachair sonraí, i gcomhréir leis na ceanglais atá ann cheana, agus chun cumais agus próisis a fheabhsú chun leas iomlán a bhaint as na sonraí atá ar fáil, go háirithe chun daoine agus a ndoiciméid a shainaithint agus a fhíorú go héifeachtach. Cuideoidh cur chun feidhme na hAiltireachta Idirinoibritheachta le calaois chéannachta a chomhrac freisin.

(8)Le cur chun feidhme éifeachtach Rialachán (AE) Uimh..../... [An Rialachán maidir le Scagadh], ceanglaítear ar na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh láithreach chun a áirithiú go mbeidh na cumais agus na próisis uile curtha i bhfeidhm go héifeachtach faoi 2025. Chuige sin, ba cheart dóibh tosú de réir a chéile ar bhaill foirne iomchuí, acmhainní leordhóthanacha, lena náirítear don chomhlacht neamhspleách faireacháin le haghaidh cearta bunúsacha agus bonneagar leordhóthanach a leithdháileadh.

(9)Le treisiú na cobhsaíochta i gcomharsanacht an Aontais agus níos faide i gcéin, cuirtear le slándáil an Aontais féin. Dá bhrí sin, ba cheart feabhas a chur ar an gcomhar le príomhthíortha feadh bealaí imirce neamhrialta chun aghaidh a thabhairt ar an imirce neamhrialta agus chun an choireacht trasteorann, lena náirítear smuigleáil imirceach, a chomhrac. I measc nithe eile, ní mór don Aontas na comhaontuithe stádais is gá a thabhairt i gcrích go pras, go háirithe leis an tSeirbia agus leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, ar comhaontuithe iad a cheadaíonn imscaradh ghardaí teorann na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta (‘Frontex’) a bhfuil cumhachtaí feidhmiúcháin acu. Thairis sin, ba cheart do Frontex teacht ar chomhaontú maidir le socruithe oibre le príomhthíortha comhpháirtíochta, lena náirítear tíortha san Afraic Thiar (an tSeineagáil agus an Mháratáin), tíortha sna Balcáin Thiar (nuashonruithe ar na socruithe oibre atá ann faoi láthair), agus tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir amhail an Airméin.

(10)Oifigigh idirchaidrimh inimirce agus slándála Eorpacha agus náisiúnta arna nimscaradh i dtríú tíortha, tá siad ríthábhachtach chun feabhas a chur ar an léargas ar fhaisnéis limistéar Schengen faoi na bagairtí atá ann faoi láthair. Mar sin féin, níl na Ballstáit ag baint an leasa is fearr is féidir as an bhfaisnéis a chuireann na hoifigigh idirchaidrimh sin ar fáil ós rud é go bhfuil bailiú na faisnéise ilroinnte agus neamhiomlán. Dá bhrí sin, is gá rannchuidiú na noifigeach idirchaidrimh a uasmhéadú chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí agus ar riachtanais an Aontais, trí mhapáil agus barrfheabhsú straitéiseach a dhéanamh ar a nimscaradh, a sainorduithe agus na ceanglais tuairiscithe atá orthu. Áirítear sna hiarrachtaí sin úsáid níos spriocdhírithe a bhaint as oifigigh idirchaidrimh aerfoirt a dhéanann cúraimí riachtanacha chun imirce neamhrialta a bhrath agus chun tacú le gníomhaíochtaí forfheidhmithe. Ina theannta sin, ba cheart na líonraí d’oifigigh idirchaidrimh éagsúla i dtríú tíortha a threisiú faoin ról comhordúcháin atá ag toscaireachtaí an Aontais. Leis sin, dúnfar bearnaí faisnéise agus comhthiomsófar an fheasacht straitéiseach agus oibríochtúil atá scaipthe faoi láthair, rud a fhágfaidh go mbeidh ullmhacht iomchuí agus cinnteoireacht éifeachtach ann le haghaidh bainistiú teorainneacha, imirce agus slándála.

(11)Is é EUROSUR an creat lárnach le haghaidh malartú faisnéise agus comhar oibríochtúil a úsáidtear chun inimirce neamhrialta agus coireacht trasteorann a bhrath, a chosc agus a chomhrac. Tá sé ríthábhachtach go gcuirfidh na Ballstáit uile dlús lena rannchuidiú le EUROSUR, lena náirítear a mhéid a bhaineann le coireacht trasteorann, chun feabhas a chur ar an bhfeasacht ar dhálaí náisiúnta agus Eorpach agus ar chumas an Aontais frithghníomhú ag na teorainneacha seachtracha. A mhéid a bhaineann leis an limistéar réamhtheorann 1 , ní mór bailiú agus malartú faisnéise le Frontex, idir na Ballstáit agus, i gcás inarb ábhartha, le tíortha comhpháirtíochta a neartú trí úsáid a bhaint as léirithe staide sonracha laistigh de chreat EUROSUR. Chun comhar rianúil a áirithiú lena ráthófar soláthar ceart agus rialta faisnéise le húdaráis tríú tíortha, ba cheart do na Ballstáit agus do Frontex araon samhail EUROSUR a chur chun cinn i dtíortha comhpháirtíochta.

(12)Le seoladh tráthúil an Chórais Dul Isteach/Imeachta (EES) i bhfómhar 2024 agus an Chórais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) sa chéad leath de 2025, neartófar na teorainneacha seachtracha agus treiseofar ár slándáil inmheánach. Sa chomhthéacs sin, ní mór na pointí trasnaithe teorann uile a bheith iomlán ullmhaithe agus feistithe, agus ní mór leas iomlán a bhaint as na féidearthachtaí maidir le huathoibriú chun a áirithiú go ndéanfar sreabha taistil a phróiseáil go tapa éifeachtúil. A luaithe a bheidh na córais nua agus a nidirinoibritheacht i bhfeidhm, déanfaidh na Ballstáit, an Coimisiún, agus euLISA faireachán ar a gcur chun feidhme éifeachtach, go háirithe trí shásra meastóireachta agus faireacháin Schengen.

(13)Ba cheart na hiarrachtaí ar chlaochlú digiteach limistéar Schengen a mheas in éineacht leis an tionscnamh atá ar na bacáin ón gCoimisiún maidir le doiciméid taistil a dhigitiú agus taisteal a éascú, mar a fógraíodh i Straitéis Schengen 2021 2 . Leis an tionscnamh seo, beidh an tAontas in ann na caighdeáin dhomhanda maidir le taisteal rianúil slán a mhúnlú trí chaighdeán aonfhoirmeach a thabhairt isteach le haghaidh doiciméid taistil dhigiteacha.

(14)I limistéar gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha, ba cheart saoránaigh a bheith in ann gluaiseacht go tapa agus faoi shlándáil idir na Ballstáit. Agus sinn ag tógáil ar an dul chun cinn tábhachtach atá déanta ag na Ballstáit i dtreo na sprice sin le tacaíocht ó Chomhordaitheoir Schengen, is gá anois leas iomlán a bhaint as na féidearthachtaí nua a áirítear i [gCód Teorainneacha Schengen athbhreithnithe] agus na bearta atá sa Mholadh ón gCoimisiún maidir le comhar idir na Ballstáit a uasmhéadú i ndáil le bagairtí tromchúiseacha ar an tslándáil inmheánach agus ar an mbeartas poiblí sa limistéar gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha 3 . Sa chomhthéacs sin, ar fud limistéar Schengen, ní mór tionscnaimh réigiúnacha a bhunú de réir chur chuige an bhealaigh iomláin, ionas go dtiocfaidh na Ballstáit a bhfuil dúshláin ghaolmhara rompu ar chomhaontú agus go gcuirfidh siad bearta comhpháirteacha chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar choireacht trasteorann agus ar ghluaiseachtaí tánaisteacha ar bhealach níos éifeachtaí. Chun go néireoidh leis na tionscnaimh réigiúnacha sin, ba cheart do na Ballstáit uile feidhm iomlán a thabhairt do na moltaí a leagtar síos i Moladh (AE) 2022/915 ón gComhairle maidir le comhar oibríochtúil i bhforfheidhmiú an dlí 4 agus d’fhorálacha Threoir (AE) 2023/977 maidir le malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát 5 tar éis don spriocdháta chun í a thrasuí dul in éag an 12 Nollaig 2024.

(15)Rinneadh iarrachtaí tábhachtacha in 2023 ar éifeachtacht an fhillte a fheabhsú agus chonacthas méadú níos mó ná 15 % ar líon na bhfillteacha éifeachtacha, ach tá éagsúlacht sa dul chun cinn idir na Ballstáit agus tá líon iomlán na bhfillteacha fós íseal. Faoi láthair, tá thart ar 300 000 foláireamh maidir le filleadh i gCóras Faisnéise Schengen a chomhfhreagraíonn do chinntí um fhilleadh nár cuireadh ar fionraí agus atá infhorfheidhmithe dá bhrí sin; is iad na Ballstáit a d’eisigh a bhformhór in 2023. In 2023, chuir an Coimisiún agus na Ballstáit dlús lena niarrachtaí na roghanna uile atá ar fáil a fhiosrú agus leas iomlán a bhaint astu chun tuilleadh aitheantais frithpháirteach do chinntí um fhilleadh a chothú, bunaithe ar an Moladh ón gCoimisiún i mí an Mhárta 2023 6 agus arna éascú leis na foláirimh nua maidir le filleadh i gCóras Faisnéise Schengen.

(16)Mar chuid de na moltaí tírshonracha a d’eascair as meastóireachtaí Schengen, moladh do roinnt Ballstát feabhas a chur ar chomhordú na bpróiseas straitéiseach agus oibríochtúil agus a nilroinnt a theorannú ar an leibhéal náisiúnta agus leas iomlán a bhaint as uirlisí an Aontais le haghaidh fillteacha níos éifeachtúla. Chun comhlántacht gníomhaíochta agus cur chuige iomlánaíoch a áirithiú, d’fhorbair Comhordaitheoir an Aontais um Fhilleadh ‘Treochlár um Fhilleadh’ ina bhfuil gníomhaíochtaí spriocdhírithe atá á gcur chun feidhme faoi láthair le tacaíocht ó Frontex agus ó na Ballstáit tríd an Líonra Ardleibhéil um Fhilleadh. I gcomhréir leis an straitéis oibríochtúil le haghaidh filleadh níos éifeachtaí 7 , is gá pleanáil straitéiseach níos intuartha agus níos comhchoitinne maidir le filleadh a chur i bhfeidhm faoi cheannaireacht Frontex.

(17)Agus an Moladh seo á chur chun feidhme, ní mór do na Ballstáit agus do na Gníomhaireachtaí lena mbaineann a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta. Go háirithe, an malartú faisnéise méadaithe a dhéanann údaráis forfheidhmithe dlí agus údaráis bhreithiúnacha, lena náirítear sonraí pearsanta, ní mór dóibh a áirithiú go ndéanfar é iomlán i gcomhréir leis na ceanglais maidir le cosaint sonraí agus le sainorduithe na núdarás lena mbaineann. Ní mór do na húdaráis a bhainistíonn agus a úsáideann córais mhórscála TF a áirithiú go nurramófar na ceanglais maidir le cosaint sonraí sa chleachtas agus go ndéanfar faireachán rialta ar chomhlíonadh.

(18)Tá tacaíocht ar leibhéal an Aontais ar fáil chun an Moladh seo a chur chun feidhme lena náirítear trí Chistí Gnóthaí Baile an Aontais atá ar fáil, is iad sin an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Beartas Víosaí 8 , an Ciste Slándála Inmheánaí 9 , agus an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht 10 , chomh maith le cistiú taighde agus nuálaíochta trí Chlár Réime an Aontais um Thaighde Fís Eorpach 11 . Maidir leis an tréimhse cur chun feidhme atá fágtha maidir leis na cistí sin, lena náirítear tráth an athbhreithnithe mheántéarma ar na Cistí Gnóthaí Baile atá ar na bacáin, ba cheart do na Ballstáit tosaíocht a thabhairt d’úsáid na méideanna leithdháilte chun aghaidh a thabhairt ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe sa Mholadh seo. Ina theannta sin, déanfar measúnú ar riachtanais airgeadais bhreise i bhfianaise na nimthosca atá ag teacht chun cinn. Tá tacaíocht oibríochtúil do Bhallstáit ar fáil freisin trí na Gníomhaireachtaí ábhartha JHA.

(19)Ba cheart don Chomhairle faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Mholta seo, agus ba cheart do na Ballstáit, don Choimisiún agus do na Gníomhaireachtaí CGB ábhartha tuairisc rialta a thabhairt. Déanfar torthaí ghníomhaíochtaí mheastóireachta Schengen agus an obair leantach orthu a leabú sa phróiseas sin.

(20)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le Seasamh na Danmhairge, Prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Mholta seo ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Moladh seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, an gcuirfidh sí an Moladh seo chun feidhme, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh maidir leis an Moladh céanna.

(21)Níl an Moladh seo ina fhorbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle 12 . Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach ina ghlacadh ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(22)A mhéid a bhaineann leis an gCipir, is é atá i bpointe 4 den Mholadh seo forbairt ar acquis Schengen de réir bhrí Airteagal 3(2) d’Ionstraim Aontachais 2003.

(23)A mhéid a bhaineann leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Mholadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas na tíre réamhluaite le acquis 13 Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle 14 .

(24)A mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, is é atá sa Mholadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis 15 Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle 16 .

(25)A mhéid a bhaineann le Lichtinstéin, is é atá sa Mholadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis 17 Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE 18 ,

AG MOLADH LEIS SEO:

Go ndéanfaidh na Ballstáit, ag gníomhú dóibh ina n‑aonar, lena n‑áirítear trí chur chun feidhme moltaí a glacadh de bhun meastóireachtaí a rinneadh faoi Rialachán (AE) 2022/922, agus go comhpháirteach faoi shainchúram Chomhairle Schengen, in 2024‑2025:

1.Creat rialachais Schengen a chomhdhlúthú chun leibhéal níos airde chur chun feidhme tosaíochtaí coiteanna agus struchtúr Schengen a chothú agus chun rannchuidiú le limistéar Schengen a thabhairt i gcrích, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)An próiseas leantach ar chruinnithe Chomhairle Schengen a threisiú trí ghníomhaíochtaí coiteanna a chomhaontú i gcomhréir leis an tuarascáil ar staid Schengen a ghlac an Coimisiún agus faireachán agus tuairisciú rialta a ionchorprú trí Bharaiméadar Schengen+ agus trí Scórchlár Schengen.

(b)Teagmháil a dhéanamh le Comhordaitheoir Schengen chun tacú le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí feabhais a eascraíonn as meastóireachtaí Schengen, trí úsáid níos éifeachtaí a bhaint as Scórchlár Schengen, lena náirítear trí dheachleachtais agus ceachtanna foghlamtha a mhalartú.

(c)Struchtúir agus próisis rialachais náisiúnta a bhunú, a chomhordóidh oifigigh shinsearacha a bhfuil freagracht straitéiseach orthu maidir le Schengen, agus tacú le cur chun feidhme éifeachtach na straitéisí maidir le Bainistiú Comhtháite Teorainneacha san Eoraip agus maidir leis an tslándáil.

(d)Faireachán cúramach a áirithiú agus, i gcás inarb infheidhme, cinntí a ghlacadh go tráthúil, i gcásanna ina suitear, tar éis meastóireacht Schengen den chéad uair a bheith curtha i gcrích, gur comhlíonadh na coinníollacha is gá chun na codanna ábhartha de acquis Schengen a chur i bhfeidhm, agus go háirithe cinneadh críochnaitheach a dhéanamh agus dáta iomchuí a bhunú chun deireadh a chur leis na rialuithe ag teorainneacha inmheánacha talún na Bulgáire agus na Rómáine le Ballstáit eile. 

2.Ullmhacht, slándáil agus athléimneacht ag na teorainneacha seachtracha a threisiú, lena náirítear trí chomhar feabhsaithe le tríú tíortha, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)Tacú le feidhmiú oifigeach idirchaidrimh de chuid an Aontais ar féidir leo oibriú faoi scáth thoscaireachtaí an Aontais agus stiúradh straitéiseach agus comhordú a chur ar fáil agus, ar an gcaoi sin, an fhaisnéis a chuir oifigigh idirchaidrimh inimirce agus slándála Eorpacha agus náisiúnta ar fáil a ghiaráil.

(b)Láithreacht oibríochtúil a mhéadú i dtríú tíortha tosaíochta, lena náirítear trí oifigigh idirchaidrimh aerfoirt, trí na comhaontuithe agus na socruithe nó na comhpháirtíochtaí is gá a thabhairt i gcrích chun teorainneacha, imirce, filleadh agus bagairtí slándála a bhainistiú ar bhealach níos fearr, lena náirithítear urraim d’oibleagáidí maidir le cearta bunúsacha.

(c)An comhar le tríú tíortha maidir le malartú faisnéise trí EUROSUR a fheabhsú trí chomhaontuithe déthaobhacha agus iltaobhacha a thabhairt i gcrích le tríú tíortha tosaíochta chun smuigleáil imirceach agus coireacht trasteorann a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí, agus chun imirce neamhrialta agus gluaiseachtaí tánaisteacha a chosc.

(d)Na teorainneacha ar éifeachtacht an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a leigheas, go háirithe na teorainneacha sin a bhaineann leis na cumais náisiúnta i gcomhréir leis an Treochlár Cumais agus le leathadh amach tráthúil an bhuanchóir chun buanchór 8 000 oifigeach a bhaint amach faoi 2025 agus 10 000 oifigeach faoi 2027, trí na bearta a shainaithnítear sa mheastóireacht ar Rialachán EBCG a chur chun feidhme go réamhghníomhach 19 .

(e)Acmhainní agus cumais leordhóthanacha a leithdháileadh le haghaidh próisis teorann agus fillte, lena náirítear an sásra faireacháin neamhspleách, chun cur chun feidhme éifeachtach na reachtaíochta athbhreithnithe a áirithiú, go háirithe Rialachán (AE) Uimh..../... [An Rialachán um Scagadh], Rialachán (AE) Uimh..../... [Cód Teorainneacha Schengen] agus Rialachán (AE) Uimh. .../... [An Rialachán maidir le Géarchéimeanna].

3.Digitiú nósanna imeachta agus córas a chomhdhlúthú chun slándáil agus éifeachtúlacht a mhéadú ag teorainneacha seachtracha an Aontais agus laistigh den limistéar gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha, chomh maith le cinnteoireacht fhaisnéisbhunaithe, tríd an méid seo a dhéanamh:

(a)Malartú faisnéise fíorama idir údaráis ar an leibhéal náisiúnta agus le húdaráis ar fud an Aontais a fheabhsú, agus na huirlisí idirinoibritheachta a úsáid a mhéid is féidir, chun a áirithiú go ndéanfaidh siad na seiceálacha uile is gá go héifeachtach.

(b)Na hacmhainní is gá a leithdháileadh chun an leas is fearr is féidir a bhaint as córais faisnéise an Aontais maidir le teorainneacha, imirce agus slándáil chun tacú le próiseáil víosaí, seiceálacha teorann agus filleadh éifeachtach náisiúnach tríú tír.

(c)A áirithiú go mbeidh an trealamh, na próisis agus na córais i bhfeidhm ionas gur féidir an Córas Dul Isteach/Imeachta agus ETIAS a chur i bhfeidhm go tráthúil éifeachtach agus feachtais faisnéise a sheoladh chun feasacht ar na nósanna imeachta nua a mhúscailt i measc taistealaithe agus geallsealbhóirí ábhartha.

4.Feidhmiú rianúil limistéar Schengen gan rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha a áirithiú trí dhlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta trasteorann i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle maidir le comhar oibríochtúil i bhforfheidhmiú an dlí 20 agus leis an Moladh ón gCoimisiún ó mhí na Samhna 2023 21 , tríd an méid seo a dhéanamh:

(a)Tionscnaimh maidir le comhar réigiúnach a bhunú lena gcuirfear cur chuige an bhealaigh iomláin i bhfeidhm chun bearta comhpháirteacha atá bunaithe ar chomhphleanáil a mhéadú, comhphleanáil arna bunú trí anailís riosca chomhpháirteach.

(b)Tacú leis na gealltanais agus na sraitheanna oibre a sainaithníodh faoi chuimsiú an Chomhaontais Dhomhanda chun Smuigleáil Imirceach a Chomhrac chun an comhrac i gcoinne líonraí smuigleála imirceach a neartú leis na príomhchomhpháirtithe feadh bealaí imirce neamhrialta, lena náirítear feiniméan na smuigleála digití.

(c)Anailís riosca chuimsitheach ar choireacht trasteorann a bhunú agus feasacht ar dhálaí a fheabhsú tríd an bhfaisnéis agus an fhaisnéis ag na teorainneacha seachtracha agus laistigh de limistéar Schengen a nascadh i léiriú staide náisiúnta amháin agus tríd an gcomhar agus an malartú faisnéise a fhorbairt idir na Pointí Teagmhála Aonair treisithe, leis na Lárionaid Chomhordúcháin Náisiúnta, agus Lárionaid um Chomhar Póilíneachta agus Custaim i ngach Ballstát tríd an bhFeidhmchlár Líonra um Malartú Slán Faisnéise (SIENA).

(d)Deireadh a chur de réir a chéile leis na rialuithe fadtéarmacha a dhéantar ag codanna den teorainn inmheánach, i gcomhréir leis an gcreat nua neartaithe dá bhforáiltear i gCód Teorainneacha Schengen athbhreithnithe.

5.Rannchuidiú le feidhmiú níos éifeachtaí chóras coiteann an Aontais um fhilleadh bunaithe ar chomhar comhtháite níos fearr idir na Ballstáit, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)Bearta a dhéanamh chun a áirithiú gur féidir cinneadh um fhilleadh nó codanna ábhartha de a roinnt ar iarraidh ó Bhallstát ar fhaisnéis fhorlíontach tar éis foláireamh maidir le filleadh i gCóras Faisnéise Schengen, go háirithe chun aitheantas frithpháirteach a éascú, measúnú a dhéanamh ar an mbaol éalaithe agus náisiúnaigh tríú tír a shainaithint, lena náirítear dóibh siúd ar bagairt slándála iad.

(b)Filleadh deonach a mhéadú go gníomhach agus a spreagadh tríd an straitéis um Fhilleadh Deonach Cuidithe agus Athimeascadh a chur chun feidhme go leanúnach, go háirithe trí struchtúir thiomnaithe a bhunú le haghaidh comhairleoireacht fillte agus tacaíocht d'athimeascadh cuíchóirithe an Aontais d’fhonn úinéireacht an fhillí a chothú agus tacú le tríú tíortha creataí agus struchtúir institiúideacha, beartais agus oibríochtúla a fhorbairt chun úinéireacht agus inbhuanaitheacht an phróisis um fhilleadh agus athligean isteach a áirithiú.

(c)Rannchuidiú leis na gníomhaíochtaí spriocdhírithe faoin ‘Treochlár um Fhilleadh’, lena náirítear trí thacaíocht ghníomhach a thabhairt do Frontex chun córas comhordaithe intuartha a bhunú, córas a bheidh bunaithe ar phleanáil chomhpháirteach maidir leis an úsáid a bhaineann na Ballstáit as tacaíocht Frontex chun gur féidir acmhainní a chomhthiomsú ar bhealach níos fearr le linn gach céime den fhilleadh, lena náirítear úsáid níos straitéisí a bhaint as oibríochtaí Frontex um fhilleadh, go háirithe i gcás tríú tíortha tosaíochta i gcomhréir le beartais an Aontais, agus chun go roghnófar an filleadh deonach níos minice.

(d)Rannchuidiú go réamhghníomhach tríd an Líonra Ardleibhéil um Fhilleadh le hobair Chomhordaitheoir an Aontais um Fhilleadh chun samhail Schengen a bhunú le haghaidh fillteacha éifeachtacha, lena náirítear táscairí feidhmíochta éifeachtacha a fhorbairt agus trí mholtaí a eascraíonn as meastóireacht théamach Schengen 2024 maidir le filleadh a chur chun feidhme go pras.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    I gcomhréir le hAirteagal 2(13) de Rialachán (AE) 2019/1896, ciallaíonn ‘limistéar réamhtheorann’ an limistéar geografach amach ó na teorainneacha seachtracha atá ábhartha chun bainistiú a dhéanamh ar theorainneacha seachtracha trí anailís riosca agus feasacht ar dhálaí.
(2)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, ‘Straitéis i dtreo limistéar Schengen atá lánfheidhmiúil agus athléimneach’, an 2 Meitheamh 2021, COM(2021)277 final.    
(3)    C ( 2023 ) 8139 final.
(4)    IO L 158, 13.6.2022, lgh. 53–64.
(5)    IO L 134, 22.5.2023, lgh. 1–24.
(6)    C ( 2023 ) 1763 final an 16.3.2023.
(7)    COM ( 2023 ) 45 final.
(8)    Rialachán (AE) 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 251, 15.7.2021, lgh. 48–93 ).
(9)    Rialachán (AE) 2021/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste Slándála Inmheánaí (IO L 251, 15.7.2021, lgh. 94–131).
(10)    Rialachán (AE) 2021/1147 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (IO L 251, 15.7.2021, lgh. 1–47).
(11)    Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena naisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lgh. 1–68).
(12)    Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
(13)    IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.
(14)    Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).
(15)    IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.
(16)    Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).
(17)    IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.
(18)    Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).
(19)    Go háirithe bearta 1719 agus 3225 de SWD (2024) 75 final (Iarscríbhinn a ghabhann le COM/2024/75 final).
(20)    Moladh (AE) 2022/915 ón gComhairle an 9 Meitheamh 2022 maidir le comhar oibríochtúil i bhforfheidhmiú an dlí (IO L 158, 13.6.2022, lgh. 53–64).
(21)    C ( 2023 ) 8139 final.