An Bhruiséil,11.12.2023

COM(2023) 776 final

2023/0458(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 13ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le haontachas Phoblacht Dhaonlathach Thíomór Thoir le EDT


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh ón gComhairle lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 13ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála (‘EDT’) i ndáil le cinneadh a bhfuil sé beartaithe é a ghlacadh maidir le haontachas Phoblacht Dhaonlathach Thíomór Thoir le EDT.

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Comhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (‘Comhaontú EDT’)

Is é is aidhm don Chomhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (‘Comhaontú EDT’) na cuspóirí a luaitear sa bhrollach a ghabhann leis an gComhaontú a bhaint amach. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Eanáir 1995.

Is páirtí é an tAontas Eorpach sa Chomhaontú. 1  Is páirtithe iad gach ceann de na 27 mBallstát sa Chomhaontú freisin. Féadfaidh EDT cinntí a dhéanamh i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach i gComhaontú EDT.

2.2.Comhdháil Aireachta na hEagraíochta Domhanda Trádála

Is í an Chomhdháil Aireachta an comhlacht cinnteoireachta is airde in EDT agus tagann sí le chéile gach dhá bhliain ar a laghad. De réir dlí agus cleachtais, déantar cinntí trí chomhdhearcadh.

Tionólfar an chéad chruinniú eile den Chomhdháil Aireachta in Abú Daibí, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha an 26-29 Feabhra 2024.

2.3.An gníomh atá beartaithe le linn Chomhdháil Aireachta EDT agus cúis agus cuspóir an togra

Le linn an 13ú Comhdháil Aireachta de chuid EDT, féadfar cinneadh a ghlacadh maidir le hAontachas EDT le Poblacht Dhaonlathach Thíomór Thoir (Timor-Leste).

Tá comhaltaí EDT agus Thíomór Thoir tar éis teacht ar chomhaontú maidir leis na téarmaí d’aontachas Thíomór Thoir leis an eagraíocht. Tagann sé sin tar éis roinnt blianta de chaibidlíochtaí, ar cuireadh tús leo nuair a chuir Tíomór Thoir a hiarratas isteach ar dhul isteach in EDT in 2016.

Agus téarmaí Aontachais Thíomór Thoir le EDT á gcur isteach lena bhformheas ag an gComhairle, measann an Coimisiún gur pacáiste cothrom agus uaillmhianach gealltanas maidir le hoscailt an mhargaidh atá sna téarmaí sin, rud a rachaidh go mór chun tairbhe do Thíomór Thoir agus dá chomhpháirtithe trádála araon in EDT. Rinneadh scrúdú ar iarraidh Thíomór Thoir ar aontachas i gcomhréir leis na treoirlínte atá leagtha amach ag Comhairle Ghinearálta EDT maidir le haontachas na dtíortha is lú forbairt (TLFanna).

2.4.Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an t‑iltaobhachas i gcroílár bheartas trádála an Aontais agus tacaíonn an tAontas le haontachas tríú tíortha leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála ar na téarmaí cearta.

2.5.Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

I gcomhréir le beartas gníomhaíochta seachtraí agus forbartha an Aontais, déanfaidh an togra Tíomór Thoir a dhaingniú sa chóras iltaobhach trádála i gcomhréir leis na treoirlínte atá leagtha amach ag Comhairle Ghinearálta EDF maidir le haontachas TLFanna.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Nótaí Ginearálta

Is é is cuspóir don togra seo é a chur ar a chumas don Aontas páirt a ghlacadh i gcomhdhearcadh a d’fhéadfaí a bhaint amach in EDT, comhdhearcadh maidir leis an gComhdháil Aireachta an gníomh beartaithe a ghlacadh, ina bhfuil cinneadh maidir le haontachas Thíomór Thoir le EDT.

Cé nach bhfuil sé soiléir go fóill an mbeidh Comhaltaí EDT in ann teacht ar chomhdhearcadh faoin ngníomh atá beartaithe, nó a mhéid a bheidh siad in ann teacht air, ní mór don Chomhairle seasamh an Aontais ag MC13 a shocrú roimh ré de bhun Airteagal 218(9) CFAE. 2  

Baineann an togra reatha le cinneadh a d’fhéadfaí a dhéanamh ag MC13 maidir le haontachas Thíomór Thoir le EDT. In 2016, rinne Rialtas Thíomór Thoir iarratas ar aontachas le EDT. Bunaíodh Meitheal um aontachas Thíomór Thoir an 7 Nollaig 2016. Tionóladh an séú cruinniú den Mheitheal an 11 Deireadh Fómhair 2023. Tá an chaibidlíocht iltaobhach maidir le réimsí breise a bhaineann le trádáil fós ar siúl. I mí an Mhárta 2023, chuir an Coimisiún, thar ceann an Aontais, bailchríoch ar chaibidlíocht dhéthaobhach maidir le sraith chuimsitheach gealltanas ó Thíomór Thoir maidir leis an margadh a oscailt. Tá coinne leis go gcuirfidh aontachas le EDT go dearfach agus go buan le próiseas an athchóirithe eacnamaíoch agus na forbartha inbhuanaithe i dTíomór Thoir. Ba cheart don Aontas tacú le haontachas Thíomór Thoir.

Ó tharla go bhfuil an chaibidlíocht ar siúl faoi láthair, measann an Coimisiún go ndéanfaidh an Chomhairle a chinneadh maidir le seasamh an Aontais i leith toradh na caibidlíochta a luaithe a bheidh soiléireacht ann ó thaobh an staid a bhaineann leis na téacsanna ábhartha ag tús na Comhdhála Aireachta féin nó lena linn.

Tá an tionscnamh ag teacht go hiomlán leis na forálacha beartais atá ann faoi láthair. Ullmhaíodh cinntí comhchosúla le haghaidh Comhdhálacha Aireachta EDT a tharla roimhe seo, lena náirítear an 10ú Comhdháil Aireachta EDT in 2015, arb é an ceann is deireanaí a reáchtáladh. 3  

Achoimre ar théarmaí aontachais le EDT

Sceideal na n‑oibleagáidí: earraí agus seirbhísí

Taraifí d’Earraí

10,810 líne taraife atá i sceideal taraife Thíomór Thoir. Tugann Tíomór Thoir gealltanas i leith 100 % dá sceideal agus cuirfidh sé na rátaí ceangailte críochnaitheacha chun feidhme amhail ó dháta an aontachais, seachas roinnt línte taraife i gcás táirgí teicneolaíochta faisnéise (378 in 2027 agus 27 in 2030).

·Earraí tionsclaíocha: Is é 10.0 % an meánráta ceangailte deiridh le haghaidh táirgí neamhthalmhaíochta (tá na buaicphointí taraife is airde ag 80 % i gcás iasc úr agus bambú).

·Earraí talmhaíochta: Is é 15.7 % an meánráta ceangailte deiridh le haghaidh táirgí neamhthalmhaíochta (tá na buaicphointí taraife is airde ag 80 % i gcás caifé agus cócó).

Tá na meánleibhéil sin le haghaidh taraifí an‑uaillmhianach le haghaidh TLF, go háirithe agus méid beag agus leochaileacht gheilleagar Thíomór Thoir á gcur san áireamh.

Seirbhísí

Tá sceideal seirbhísí Thíomór Thoir de ghealltanais shonracha i seirbhísí an‑chuimsitheach agus uaillmhianach i bhfianaise a stádais mar TLF. Tabharfaidh Tíomór Thoir faoi ghealltanais maidir le rochtain ar an margadh agus maidir le cóir náisiúnta i raon leathan earnálacha seirbhísí, lena n‑áirítear seirbhísí gairmiúla, seirbhísí ríomhaireachta agus seirbhísí gnó eile, seirbhísí cumarsáide, seirbhísí tógála, seirbhísí dáileacháin, seirbhísí oideachais, seirbhísí comhshaoil, seirbhísí airgeadais (árachas agus baincéireacht), seirbhísí a bhaineann leis an tsláinte agus seirbhísí sóisialta, turasóireacht agus seirbhísí a bhaineann le taisteal, seirbhísí áineasa, cultúrtha agus spóirt agus seirbhísí iompair. Tabharfaidh Tíomór Thoir gealltanas freisin don pháipéar tagartha maidir le rialáil intíre ar sheirbhísí.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Na prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagfar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear leis freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach ‘a d’fhéadfadh tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh 4 .

4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht í Comhdháil Aireachta EDT, arna bhunú le comhaontú, is é sin le rá Comhaontú EDT, a bhfuil sé d’údarás aige, de réir Airteagal IV:1 de Chomhaontú EDT, cinntí a dhéanamh maidir le haon ábhar a chumhdaítear faoi aon cheann de na comhaontuithe trádála iltaobhacha, lena n‑áirítear cinntí a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo.

Na gníomhartha atá beartaithe a luaitear thuas, is gníomhartha iad a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo ós rud é go bhféadfaidís difear a dhéanamh do chearta agus d’oibleagáidí an Aontais de bhua an dlí idirnáisiúnta.

Na gníomhartha atá beartaithe, ní gníomhartha iad a dhéanann creat institiúideach an Chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí don nós imeachta maidir leis an gcinneadh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Na prionsabail

An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh‑chomhpháirt agus an ceann eile a shainaithint mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, eadhon an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh‑chomhpháirte.

4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Baineann príomhchuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe leis an gcomhbheartas tráchtála.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 207 CFAE bunús dlí substainteach leis an gcinneadh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Ba cheart Airteagal 207 CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith ina bhunús dlí leis an gcinneadh atá beartaithe.

2023/0458 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 13ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le haontachas Phoblacht Dhaonlathach Thíomór Thoir le EDT

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Is le Cinneadh 94/800/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 1994 a rinne an tAontas Comhaontú Marrakech a thabhairt i gcrích, comhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (‘Comhaontú EDT’) 5 , agus tháinig an cinneadh sin i bhfeidhm an 1 Eanáir 1995.

(2)De bun Airteagail IV:1 agus IX:1 de Chomhaontú EDT, féadfaidh Comhdháil Aireachta na hEagraíochta Domhanda Trádála (‘EDT’) cinntí a ghlacadh de chomhdhearcadh.

(3)Féadfaidh Comhdháil Aireachta EDT, le linn a 13ú cruinniú an 26-29 Feabhra 2024, cinneadh a ghlacadh maidir le haontachas Thíomór Thoir le EDT.

(4)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag Comhdháil Aireachta EDT a bhunú, ós rud é go mbeidh na cinntí ina gceangal ar an Aontas.

(5)Cuireadh tús leis an gcaibidlíocht maidir le haontachas Thíomór Thoir le EDT in 2016. Bunaíodh an Mheitheal um aontachas Thíomór Thoir an 7 Nollaig 2016. Tionóladh an séú cruinniú den Mheitheal an 11 Deireadh Fómhair 2023. Tá an chaibidlíocht iltaobhach maidir le réimsí breise a bhaineann le trádáil fós ar siúl. I mí an Mhárta 2023, chuir an Coimisiún, thar ceann an Aontais, bailchríoch ar chaibidlíocht dhéthaobhach maidir le sraith chuimsitheach gealltanas ó Thíomór Thoir maidir leis an margadh a oscailt. Tá coinne leis go gcuirfidh aontachas le EDT go dearfach agus go buan le próiseas an athchóirithe eacnamaíoch agus na forbartha inbhuanaithe i dTíomór Thoir. Ba cheart don Aontas tacú le haontachas Thíomór Thoir.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 13ú Comhdháil Aireachta de chuid EDT, is éard a bheidh ann:

Páirt a ghlacadh sa chomhdhearcadh ar thángthas air i measc Chomhaltaí EDT d’fhonn cinneadh a ghlacadh maidir le haontachas Thíomór Thoir le EDT.

Airteagal 2

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Cinneadh  94/800/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 1994 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, na gcomhaontuithe a baineadh amach i mBabhta Uragua den chaibidlíocht iltaobhach (1986-1994), a mhéid a bhaineann leis na hábhair laistigh dá inniúlacht féin, IO L 336, 23.12.1994, lch. 1.
(2)    Dá mba rud é, in aghaidh an mhéid a bhfuil coinne leis, go ndéanfaí an comhdhearcadh a chur ar bhonn foirmiúil i gcomhaontú idirnáisiúnta lena leasófaí Comhaontú EDT nó i gcomhaontú idirnáisiúnta iltaobhach i measc roinnt Chomhaltaí EDT, dhéanfadh an Coimisiún na tograí ba ghá, i gcomhréir le hAirteagal 218(6) CFAE tar éis ghlacadh na dtéacsanna agus a noscailte le haghaidh glactha ag MC13 nó ag Comhaltaí EDT lena mbaineann le linn MC13.
(3)     pdf (europa.eu)
(4)    Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(5)    IO L 336, 23.12.1994, lch. 1.