An Bhruiséil,23.2.2023

COM(2023) 94 final

2023/0046(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le bearta chun an costas a laghdú a bhaineann le líonraí cumarsáide leictreonaí gigighiotáin a imscaradh agus lena n‑aisghairtear Treoir 2014/61/AE (An tAcht um Bonneagar Gigighiotáin)

{SEC(2023) 96 final} - {SWD(2023) 46 final} - {SWD(2023) 47 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá bonneagar digiteach ardcháilíochta ina bhunchloch ríthábhachtach faoin ngeilleagar ina iomláine, mar aon leis na líonraí leictreachais, gáis, uisce agus iompair. Is réamhriachtanas í an nascacht shlán den scoth i gcás gach duine agus gach áit san Aontas chun tairbhí inbhuanaithe eacnamaíocha agus sóisialta a bhaint amach bunaithe ar sheirbhísí nua-aimseartha ar líne agus naisc thapa idirlín.

I bhfianaise an dul chun cinn gasta a rinneadh i dtaobh teicneolaíochtaí digiteacha, is gá infheistíocht mhór a dhéanamh sa líonra chun coinneáil suas leis an éileamh méadaitheach ar bhandaleithead. Leis an Teachtaireacht dar teideal ‘Shaping Europe’s Digital Future [Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú]’ 1 in 2020, measadh go raibh bearna infheistíochta EUR 65 bhilliún in aghaidh na bliana san Aontas i dtaobh an bhonneagair dhigitigh agus líonraí digiteacha amháin. I bhfianaise air sin, d’fhógair an Coimisiún athbhreithniú ar an Treoir maidir le Costas Leathanbhanda a Laghdú (TCLL) 2 ó 2014.

Is féidir cuid mhaith de na costais a bhaineann le líonraí a imscaradh a chur i leith na nithe seo a leanas: (i) neamhéifeachtúlachtaí sa phróiseas cur i bhfeidhm a bhaineann le bonneagar éighníomhach atá ann cheana a úsáid (amhail duchtanna, caibinéid agus suiteálacha aeróige); (ii) deacrachtaí a bhaineann leis na hoibreacha sibhialta a chomhordú; (iii) nósanna imeachta troma riaracháin um cheadanna a dheonú; agus (iv) scrogaill maidir le bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh a imscaradh. Chun cur i bhfeidhm an líonra a éascú agus a dhreasú, mhol an Coimisiún an Treoir maidir le Costas Leathanbhanda a Laghdú in 2013 ina raibh bearta comhchuibhithe chun an costas a laghdú a bhaineann le líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a imscaradh 3 .

San idirlinn, comhlíonadh an chuid is mó de spriocanna an chláir oibre dhigitigh ar ar bunaíodh TCLL, ach tá cuid díobh imithe i léig freisin. Mhéadaigh an sciar teaghlach ag a bhfuil rochtain ar luasanna idirlín 30 Mbps ó 58,1 % in 2013 go 90,1 % in 2021. I bhfianaise an ghá mhéadaithe atá ag gnólachtaí agus ag daoine le nascacht fhosaithe agus mhóibíleach fíor-ardacmhainneachta, áfach, ní bheidh infhaighteacht luasanna 30 Mbps slán i bhfad na haimsire. Níl sí ailínithe ach an oiread leis na cuspóirí nua a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/1972 (an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach – ‘An Cód’) 4 chun nascacht agus infhaighteacht fhorleathan líonraí fíor-ardacmhainneachta a áirithiú. Thairis sin, sna Conclúidí ón gComhairle maidir le Todhchaí Dhigiteach na hEorpa a Mhúnlú an 9 Meitheamh 2020, cuireadh i dtábhacht gur léiríodh le paindéim COVID19 an gá méadaithe ar nascacht thapa uileláithreach. D’iarr sí pacáiste beart breise chun tacú leis na riachtanais imscartha líonraí atá ann faoi láthair agus atá ag teacht chun cinn, lena náirítear na bearta dá bhforáiltear faoi TCLL a neartú. Dá bhrí sin, leag an Coimisiún spriocanna nuashonraithe síos sa Teachtaireacht dar teideal ‘2030 Digital Compass: the European way for the Digital Decade’[Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach le haghaidh na Deacáide Digití] 5 , spriocanna a chomhfhreagraíonn níos fearr do na riachtanais nascachta a mheastar a bheidh ann sa todhchaí. Léiríodh agus beachtaíodh na spriocanna sin le Clár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach 6 . Leagtar amach struchtúr nua rialachais leis an gclár, lena náirítear faireachán agus sásra le haghaidh an dlúthchomhair idir an Coimisiún agus na Ballstáit chun a áirithiú go mbaineann an tAontas na cuspóirí agus spriocanna digiteacha amach faoi 2030.

Maidir leis an togra seo le haghaidh Gníomh um Bonneagar Gigighiotáin, ar tionscnamh é de chlár an Choimisiúin um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT) 7 , is é is aidhm dó aghaidh a thabhairt ar easnaimh TCLL agus rannchuidiú le himscaradh costéifeachtúil tráthúil líonraí fíor-ardacmhainneachta, imscaradh is gá chun riachtanais mhéadaithe nascachta an Aontais a chomhlíonadh 8 .

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Is cuid den chreat rialála le haghaidh na cumarsáide leictreonaí é an togra agus tá sé comhsheasmhach leis na hionstraimí reachtacha agus neamhreachtacha eile is cuid den chreat sin 9 . Tá an togra comhsheasmhach go háirithe le hionstraimí eile lena dtacaítear le spriocanna nascachta fosaithe agus móibíleacha a bhaint amach san Aontas (i.e. an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach). Cé go bhforáiltear go príomha leis an gCód, cé is moite de chásanna sonracha, maidir leis an deis oibleagáidí a fhorchur ar oibreoirí cumarsáide leictreonaí ag a bhfuil ceannasacht – cumhacht shuntasach sa mhargadh (SMP) – i margadh cumarsáide leictreonaí ar leith, tugtar aghaidh leis an togra seo ar ghnóthais a oibríonn líonra cumarsáide leictreonaí nó fóntais cumarsáide leictreonaí, gan beann ar cé acu atá cumhacht shuntasach acu sa mhargadh nó nach bhfuil.

Tá an togra i gcomhréir leis an Moladh maidir le Bosca Uirlisí um Nascacht a glacadh i mí Mheán Fómhair 2020 freisin, arb é is aidhm dó an costas a laghdú a bhaineann le líonraí fíor-ardachmainneachta a imscaradh agus rochtain thráthúil ar speictream raidió 5G a áirithiú. Áirítear leisan mBosca Uirlisí um Nascacht 10 a chomhaontaigh na Ballstáit ina dhiaidh sin i mí an Mhárta 2021 22 dhea-chleachtas chun cuidiú le costais líonraí a laghdú, dea-chleachtais a cuireadh san áireamh ar an mórchóir sna bearta a mholtar sa togra seo.

Thairis sin, tá an togra comhsheasmhach leis an togra a tháinig ón gCoimisiún le déanaí le haghaidh Chlár an Aontais um Nascacht Shlán 11 , arb é is aidhm dó an rochtain ar leathanbhanda a éascú trí bhíthin satailítí le haghaidh limistéir nach bhfuil bonneagar líonraí cumarsáide leictreonaí fosaithe ná soghluaiste eile ar fáil iontu.

Ar deireadh, tá an togra comhsheasmhach le tionscnaimh chistiúcháin chun tacú le líonraí leathanbhanda a imscaradh i limistéir thuaithe, iargúlta agus i limistéir eile nach ndéantar freastal maith orthu, lena náirítear an chuid dhigiteach den tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE agus SCE Digiteach) 12 , cistí téarnaimh iar-COVID19 13 agus tionscnaimh náisiúnta Státchabhrach 14 . Leis na Treoirlínte nua maidir le Státchabhair le haghaidh líonraí leathanbhanda 15 , a glacadh le déanaí, rannchuidítear freisin le dlús a chur leis an imscaradh leathanbhanda agus le leathnú a dhéanamh air, trí shoiléiriú a dhéanamh ar na cásanna nuair a bhíonn an tacaíocht phoiblí i gcomhréir le rialacha iomaíochta.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra comhsheasmhach le spriocanna aeráide an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip 16 , a chumhdaigh an Chomhairle agus an Pharlaimint leis an Dlí Aeráide Eorpach 17 i mí an Mheithimh 2021. Tá bonneagar nascachta digití ríthábhachtach chun an taistriú digiteach agus an taistriú glas a bhaint amach, arb iad príomhthosaíochtaí an Choimisiúin iad. Beidh ról ríthábhachtach ag bonneagair dhigiteacha san aistriú chuig geilleagar glas toisc go gcumasaíonn siad an éifeachtúlacht fuinnimh in earnálacha eile. Thairis sin, is deis ollmhór é an rabharta mór athchóirithe foirgneamh 18 faoi 2030, a gníomhachtaíodh le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais, chun sineirgí a bhaint amach agus ardfheidhmíocht a áirithiú i dtaobh bonneagar laistigh den fhoirgneamh, lena náirítear bonneagar fisiceach atá réidh don snáithín agus don sreangú snáithín. Laghdófar leis sin an mhíchaoithiúlacht le haghaidh úinéirí foirgnimh agus/nó do thionóntaí agus áiritheofar go núsáidfear ar bhealach níos éifeachtúla cistí náisiúnta agus cistí ón Aontas chun an stoc foirgneamh a mhór-athchóiriú.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí don togra seo. Is é an bunús céanna dlí é agus atá faoin Treoir maidir le Costas Leathanbhanda a Laghdú, treoir a aisghairtear leis an togra seo. Tugtar údar leis an méid sin le haidhm an togra seo margaí cumarsáide leictreonaí an Aontais a chomhchuibhiú a thuilleadh agus feabhas a chur ar na dálaí le haghaidh bhunú agus fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Léirítear leis an taithí a fuarthas ó TCLL a chur chun feidhme nach bhféadfadh na Ballstáit an cuspóir maidir le cumhdach iomlán leathanbhanda ardluais a bhaint amach astu féin laistigh de thréimhse réasúnta trí bhíthin treorach agus leis an úsáid is éifeachtúla is féidir a bhaint as infheistíocht phríobháideach agus phoiblí. Thairis sin, tá forluí páirteach idir roinnt forálacha den Chód, is é sin Airteagal 44, agus TCLL, agus is gá na rialacha a chuíchóiriú. Tá gá le dian‑iarracht ó na Ballstáit uile freisin chun cumhdach gigighiotáin a bhaint amach faoi 2030. Na bearta a ghlac na Ballstáit go dtí seo chun imscaradh líonraí a dhreasú agus chun an costas agus an t‑am a laghdú a bhaineann leis an imscaradh, tá éagsúlacht mhór sna bearta sin, fiú sa Bhallstát céanna in amanna. Thairis sin, laghdaíodh an breisluach AE a raibh coinne leis go mór mar gheall ar an raon feidhme nach beag le haghaidh eisiamh agus díolúintí i roinnt cúinsí éagsúla agus i mBallstáit éagsúla agus mar gheall ar an easpa treoirlínte tosaigh nó prionsabail choiteanna maidir leis na bearta éagsúla a leagtar amach in TCLL.

Leis an éagsúlacht rialacha atá ann faoi láthair, cruthaítear bacainní ar an infheistíocht trasteorann. Teorannaítear an tsaoirse chun líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar. Déantar difear freisin d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, go háirithe i gcás feidhmeanna bunúsacha trasteorann, amhail an tiomáint nasctha uathrialaitheach, a bhfuil líonra fíor-ardacmhainneachta uile-láithreach ag teastáil ina leith. Fágann an staid atá ann faoi láthair freisin go bhfuil sé an‑deacair d’oibreoirí cumarsáide leictreonaí agus do pháirtithe leasmhara eile (monaróirí trealaimh, cuideachtaí innealtóireachta sibhialta, etc.) barainneachtaí scála a bhaint amach. Na fadhbanna a thagann chun cinn agus dlús á chur le himscaradh leathanbhanda ardluais nó le himscaradh líonraí fíor-ardacmhainneachta a bheidh ann amach anseo, feictear na fadhbanna céanna i bhformhór mór na mBallstát, mura bhfeictear sna Ballstáit uile iad. Is bearta coiteanna iad freisin costais a laghdú agus nósanna imeachta riaracháin a chuíchóiriú, bearta atá ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin. Ní dhéanann an togra seo difear do neamhspleáchas nós imeachta na mBallstát inniúlachtaí a leithdháileadh go hinmheánach.

Comhréireacht

Tá an togra i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta agus is gníomhaíocht dhírithe beartais í lena ngabhann déine atá comhréireach leis an gcuspóir líonraí fíor-ardacmhainneachta a chur chun cinn i gcomhréir leis an gCód agus sprioc na Deacáide Digití a bhaint amach faoi 2030 arb éard atá inti cumhdach líonraí ardluais gan sreang den chéad ghlúin eile a sholáthar lena mbaineann feidhmíocht atá comhionann ar a laghad le feidhmíocht líonraí 5G agus gigighiotáin 19 . Is é an príomhbhuntáiste a bhaineann leis an togra go ndéanfar foráil leis maidir le próisis pleanála agus imscartha infheistíochta níos éifeachtúla (agus dá bhrí sin maidir le barainneachtaí móra scála) le haghaidh oibreoirí líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí. Thairis sin, beidh feidhm ag na barainneachtaí scála agus ag an gcoigilteas gaolmhar in earnálacha eile seachas an earnáil cumarsáide leictreonaí amháin agus leathfaidh siad chuig tionscail eile (e.g. monaróirí trealaimh, cuideachtaí tógála).

Is féidir tairbhe a bhaint as na buntáistí sin gan ach ualach beag riaracháin a bheith ann. Teorannaítear oibleagáidí do chodanna áirithe den bhonneagar líonra is féidir coinne a bheith le coigilteas mór costais ina dtaobh (e.g. eisiatar cáblaí ón sainmhíniú ar bhonneagar fisiceach agus dá bhrí sin, ó na hoibleagáidí rochtana agus trédhearcachta a leagtar amach sa togra seo) 20 . Leis na rialacha atá beartaithe, tugtar isteach coigeartuithe comhréireacha freisin (e.g. an rogha iarrataí rochtana a dhiúltú faoi réir coinníollacha sonracha). Thairis sin, déantar foráil leis an togra maidir le heisceachtaí nuair nach mbeidh feidhm ag oibleagáidí áirithe in imthosca áirithe (e.g. rochtain ar chatagóirí áirithe foirgneamh faoi úinéireacht nó faoi rialú chomhlachtaí na hearnála poiblí ar chúiseanna luacha ailtireachta, stairiúil, creidimh nó nádúrtha, nó faisnéis a sholáthar faoi na foirgnimh sin). Trí bhíthin na neisceachtaí sin, rannchuideofar le comhréireacht an togra a áirithiú agus soláthrófar an tsolúbthacht iomchuí is gá chun imthosca náisiúnta a chur san áireamh. Thairis sin, leis na bearta atá beartaithe chun na nósanna imeachta riaracháin ábhartha a dhigitiú, cuirtear ar a gcumas do na Ballstáit seirbhísí agus ardáin dhigiteacha atá ann cheana a athúsáid agus cur leo, seirbhísí agus ardáin ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta a fhónann don chuspóir céanna agus atá i gcomhréir leis an Rialachán seo.

An rogha ionstraime

Is éard atá san ionstraim atá beartaithe rialachán. Rinneadh an cinneadh sin i bhfianaise na taithí a fuarthas le TCLL a thrasuí agus a chur chun feidhme agus na lochtanna atá air chun dul i ngleic leis na fadhbanna leanúnacha a sainaithníodh, lochtanna a d’eascair as an gcur chuige comhchuibhithe íosta a bhaineann leis agus as an leibhéal íseal comhchuibhithe a saothraíodh freisin (e.g. forálacha roghnacha ba ea cuid mhaith de na forálacha agus níor comhchuibhíodh ach íoslíon eilimintí le forálacha eile, amhail na forálacha maidir le trédhearcacht) agus as an trasuí mall neamhéifeachtach.

Is é an réiteach is fearr chun dlús a chur leis an imscaradh líonraí is gá chun an Eoraip a chur in oiriúint don ré dhigiteach ná rialachán. Beidh an tionchar is mó aige maidir le himscaradh líonraí gigighiotáin a chur chun cinn toisc go mbeidh sé infheidhme go díreach maidir leis na Ballstáit uile. Sa gheilleagar digiteach atá ag athrú go tapa, tá sé ríthábhachtach bearta a chur chun feidhme go pras lena laghdaítear an t‑ualach ar ghnólachtaí agus ar údaráis phoiblí. Os a choinne sin, thógfadh sé am ar na Ballstáit treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta, rud a chuirfeadh moill ar chur i bhfeidhm na rialacha atá beartaithe agus a d’fhágfadh go mb’fhéidir nach mbainfí amach cuspóirí 2030. Murab ionann agus treoir, tá feidhm dhíreach ag rialachán, rud atá tábhachtach i gcás rialacha a bhfuil feidhm acu go príomha maidir le caidreamh tráchtála idir soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí agus oibreoirí líonraí.

Dá bhrí sin, tá an Coimisiún ag cur síos togra le haghaidh rialacháin, an Gníomh um Bonneagar Gigighiotáin, chun tuilleadh éagsúlachta a sheachaint lena gcuirfí isteach ar sholáthar na seirbhísí ábhartha sa mhargadh inmheánach agus chun na cearta agus na hoibleagáidí céanna a áirithiú le haghaidh gnólachtaí. Is gá sin chun deimhneacht dhlíthiúil agus trédhearcacht a sholáthar do na gníomhaithe eacnamaíocha uile lena mbaineann.

Aisghairtear TCLL leis an togra, a raibh cur chun feidhme an‑ilroinnte agus an‑bheag ag baint leis mar gheall ar na heasnaimh a shonraítear thuas. Le rialachán, lena gcumhdófar na réimsí uile is mó tábhacht le rialacha atá níos simplí agus lena mbaineann leibhéal níos airde comhchuibhiúcháin ar an iomlán, ba cheart na heasnaimh sin a shárú agus é a bheith comhréireach fós agus roinnt solúbthachta a thabhairt do na Ballstáit i dtaobh forálacha sonracha chun imthosca sonracha náisiúnta a léiriú.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Le tuarascáil mheastóireachta TCLL a ghabhann leis an togra seo, léirítear nach raibh an Treoir éifeachtach agus éifeachtúil ach i bpáirt maidir leis na cuspóirí ginearálta agus sonracha a bhí léi a bhaint amach, cuspóirí atá fós ábhartha mar sin féin. Tá feidhmíocht mhaith ar an mórchóir ag baint leis an gcur chun feidhme go dtí seo i dtaobh na dtrí chritéar eile a ndearnadh anailís orthu: ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach AE.

Ar an iomlán, chuidigh TCLL le leathanbhanda ardluais a imscaradh (athúsáideadh beagnach 100 000 km de dhuchtanna agus bonneagar aeróige). I gcás ina gcuirtear i bhfeidhm go héifeachtach é, is féidir le TCLL imscaradh tionscadal leathanbhanda ardluais a bhrostú roinnt míonna, idir 10-30 % i gcostais imscartha a shábháil agus an cumhdach líonra a mhéadú go comhréireach.

Rinneadh an dul chun cinn is mó i dtaobh rochtain ar bhonneagar fisiceach atá ann cheana agus na bearta trédhearcachta lena mbaineann, ach ní dhearnadh an dul chun cinn céanna i dtaobh ceadanna a dheonú, oibreacha sibhialta a chomhordú agus rochtain ar bhonneagar laistigh den fhoirgneamh. Thairis sin, tá torthaí éagsúla le sonrú ar fud an Aontais agus, fiú i réimsí gníomhaíochta a bhí níos éifeachtúla 21 , ní chomhlíontar go hiomlán an gá atá le líonraí cumarsáide leictreonaí níos tapa agus le cur i bhfeidhm éifeachtúil líonraí cumarsáide leictreonaí, rud a mbíonn tionchar aige ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

Ní mór forálacha TCLL atá ann faoi láthair a láidriú ionas go mbeidh siad ailínithe níos mó le riachtanais nascachta atá ann faoi láthair agus riachtanais a bheidh ann amach anseo agus le tosaíochtaí an Aontais agus ionas go mbeidh siad ag teacht go hiomlán le forbairtí sa mhargadh agus le forbairtí teicneolaíocha. Mar gheall ar na bacainní atá ann go leanúnach ar líonraí cumarsáide leictreonaí a chur i bhfeidhm, an easpa nósanna imeachta aonfhoirmeacha digitithe riaracháin agus na pointí faisnéise aonair nach bhfuil éifeachtach go leor, ní féidir leas iomlán a bhaint go fóill as na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis na bearta laghdaithe costas lena bhféadfaí imscaradh líonraí a bheadh níos costéifeachtúla agus níos tapúla ar fud an Aontais a chothú. Déanann na costais arda imscartha le haghaidh líonraí fíor-ardacmhainneachta, lena n‑áirítear snáithín chomh fada leis an mbaile agus 5G lárbhanda, dochar do dhreasachtaí imscartha agus d’inmharthanacht imscarthaí nua. Cuireadh moill mhór ar an imscaradh líonraí ar fud an Aontais mar gheall ar an easpa comhordaithe idir údaráis éagsúla atá freagrach as ceadanna a dheonú, an éagsúlacht ceadanna is gá chun líonraí a imscaradh, an easpa nósanna imeachta leictreonacha le haghaidh iarratais ar chead agus neamhchomhlíonadh foriomlán na spriocdhátaí maidir le ceadanna imscartha a dheonú, lena n‑áirítear iarratais ar chearta slí.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Ba iad na bunfhoinsí faisnéise a úsáideadh chun an togra seo a ullmhú athbhreithniú litríochta, faisnéis faoi chur chun feidhme na mbeartas atá ann faoi láthair, anailís ar ghníomhaíochtaí agus ar thuarascálacha faireacháin agus meastóireachta a rinneadh cheana, ionchur ó na páirtithe leasmhara agus staidéir tacaíochta thiomnaithe.

Thairis sin, chuathas i gcomhairle le páirtithe leasmhara trí bhíthin na modhanna seo a leanas:

glao ar aiseolas ar an treochlár/ar an measúnú tionchar tionscanta (an 19 Meitheamh 2020 go dtí an 17 Iúil 2020);

comhairliúchán poiblí (an 2 Nollaig 2020 go dtí an 2 Márta 2021) bunaithe ar cheistneoir leathan lenar cumhdaíodh idir ghnéithe siarbhreathnaitheacha agus ghnéithe réamhbhreathnaitheacha;

ceardlanna rannpháirtíochta téamacha ar líne le haghaidh páirtithe leasmhara a reáchtáladh i mí Eanáir agus i mí Feabhra 2021;

tuairim ó Chomhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC 22 ) i leith an athbhreithnithe ar an Treoir maidir le Costas Leathanbhanda a Laghdú, lena gcumhdaítear idir ghnéithe siarbhreathnaitheacha agus ghnéithe réamhbhreathnaitheacha;

cruinnithe déthaobhacha, lena náirítear cruinnithe le páirtithe leasmhara margaidh agus lena gcomhlachais chomh maith le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha;

ceardlanna tiomnaithe i mí an Mheithimh 2021 agus i mí Eanáir 2022, a d’eagraigh comhairleoirí a d’ullmhaigh an staidéar tacaíochta, agus suirbhéanna/comhairliúcháin ad hoc.

Ar an iomlán, cuireann na páirtithe leasmhara i dtábhacht go raibh ról ríthábhachtach ag an nascacht ardcháilíochta le linn na paindéime agus an téarnaimh eacnamaíoch.

Chuir grúpa mór oibreoirí agus formhór na gcomhlachas gnó in iúl gur gá tuilleadh comhchuibhithe agus rialála a dhéanamh ar leibhéal an Aontais, go háirithe i dtaobh nósanna imeachta riaracháin, amhail ceadanna a dheonú, chun deireadh a chur le hilroinnt an mhargaidh. Léirigh líon níos lú oibreoirí, áfach, gur gá solúbthacht a thabhairt do na Ballstáit maidir leis an mbealach a dhéanann siad reachtaíocht an Aontais a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú. Is fearr le húdaráis phoiblí, lena n‑áirítear BEREC, bearta ar leibhéal an Aontais. Iarrann siad nach ndéanfaí, trí bhíthin an chomhchuibhiúcháin, ach an méid is gá chun na cuspóirí a bhaint amach agus cuireann siad roinnt réimsí in iúl ina mbeadh bearta náisiúnta níos oiriúnaí (e.g. treoraíocht maidir le coinníollacha rochtana). Chuir roinnt údaráis phoiblí forchoimeádais áirithe in iúl maidir leis an ualach agus na costais bhreise a bhaineann leis na bearta trédhearcachta agus digitithe.

Measann formhór na bhfreagróirí ar chomhairliúcháin páirtithe leasmhara gur cruthaíodh creat maith le TCLL chun imscaradh líonra cumarsáide leictreonaí a dhéanamh níos éifeachtúla agus meastar na bearta a chumhdaítear leis an Treoir a bheith ábhartha. Tá tuairimí éagsúla ann i measc na bpáirtithe leasmhara, áfach, maidir lena éifeachtaí a bhí TCLL i dtaobh an chuspóra ghinearálta a bhí leis costais imscartha líonraí a laghdú agus dlús a chur leis an imscaradh.

Cuireann na páirtithe leasmhara i dtábhacht a ábhartha atá infhaighteacht bonneagair fhisicigh oiriúnaigh, lena n‑áirítear eilimintí nach eilimintí líonra iad agus atá faoi úinéireacht nó faoi rialú údarás poiblí, chun líonraí a imscaradh ar bhealach éifeachtúil, go háirithe i gcás líonraí 5G. Iarrann páirtithe leasmhara treoraíocht freisin maidir le téarmaí agus coinníollacha cothroma réasúnta agus maidir leis na critéir chun iarrataí ar rochtain a dhiúltú. Chabhródh an méid sin le diúltuithe míchuí a sheachaint ar an bhforas go bhfuil modhanna rochtana inmharthana eile ar fáil.

Aontaíonn formhór na bpáirtithe leasmhara go bhféadfadh comhordú ar oibreacha sibhialta costais imscartha a laghdú. Cé gur mheas BEREC go mbeadh tairbhe ag baint le leathnú a dhéanamh ar an oibleagáid maidir le tionscadail imscartha líonraí (idir thionscadail a mhaoinítear go poiblí agus tionscadail a mhaoinítear go príobháideach) a chomhordú, chuir roinnt páirtithe leasmhara i gcoinne leathnú den sórt sin.

Maidir le hinfhaighteacht faisnéise íosta trí bhíthin pointí faisnéise aonair, ar faisnéis í a nuashonraítear go tráthrialta faoi fhaisnéis fhisiceach atá ann cheana nó faoi oibreacha sibhialta atá beartaithe, lena n‑áirítear láithreacha agus bealaí geothagartha, measann formhór na bpáirtithe leasmhara go bhfuil infhaighteacht na faisnéise sin ábhartha maidir le líonraí a imscaradh. Iarrann údaráis phoiblí, lena n‑áirítear údaráis áitiúla, go mbeadh solúbthacht ann maidir le huirlisí digiteacha seanbhunaithe a athúsáid agus a fheabhsú, uirlisí atá i bhfeidhm cheana i roinnt Ballstát agus a bhfónann cuid díobh d’earnálacha eile freisin.

Aontaíonn formhór na bpáirtithe leasmhara, lena n‑áirítear oibreoirí líonra, go mbeadh nósanna imeachta um cheadanna a dheonú, lena n‑áirítear iarratais ar chead a chur isteach go leictreonach, ina gcuidiú leis an imscaradh líonraí.

Iarrann páirtithe leasmhara freisin go ndéanfar na rialacha atá ann faoi láthair maidir le bonneagar laistigh den fhoirgneamh a láidriú, lena n‑áirítear an uaillmhian maidir le líonraí ardluais a iompú ina huaillmhian maidir le líonraí fíor-ardacmhainneachta/líonraí snáithín agus oibleagáid a mholadh le haghaidh úinéirí foirgneamh go mbeadh orthu sreangú snáithín laistigh den fhoirgneamh a imscaradh agus rochtain a thabhairt air.

Bailiú agus úsáid saineolais

D’úsáid an Coimisiún staidéar tiomnaithe tacaíochta a d’ullmhaigh ICF SA, Wavestone SA agus an Lárionad don Staidéar ar Bheartas na hEorpa le tacaíocht ó WIK Consult GMBH agus EcoAct 23 . Rinneadh measúnú leis an staidéar ar éifeachtaí beart a glacadh faoi TCLL agus cuireadh san áireamh, i gcás inarb ábhartha, éifeachtaí beart náisiúnta a rinneadh chun costais imscartha leathanbhanda ardluais a laghdú. Leis an staidéar, tacaíodh freisin le hullmhú measúnaithe tionchair maidir leis na roghanna beartais a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil leis an tionscnamh seo. Thairis sin, leis na treochláir náisiúnta agus na tuarascálacha cur chun feidhme a chuir na Ballstáit isteach mar chuid den Bhosca Uirlisí um Nascacht 24 , lena náirítear tacar 39 ndea-chleachtas arb é is cuspóir dóibh feabhas a chur ar imscaradh líonraí agus rochtain phras a sholáthar ar speictream 5G, soláthraíodh faisnéis luachmhar faoi na bearta is iomchuí agus faoina nglacadh. Ar deireadh, d’úsáid an Coimisiún foinsí eile faisnéise a sainaithníodh trí athbhreithniú litríochta, lena náirítear roinnt staidéar 25 agus tuarascálacha 26 .

Measúnú tionchair

Is féidir teacht ar achoimre feidhmiúcháin an Mheasúnaithe Tionchair agus ar an tuairim dhearfach ón mBord um Ghrinnscrúdú Rialála ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin 27 . Rinneadh na roghanna beartais seo a leanas a mheas sa mheasúnú tionchair.

Rogha 0: Bunlíne

Ciallaíonn an rogha ‘gan athrú ar TCLL’ nach dtabharfaí isteach aon bheart sa bhreis ar na bearta atá ann cheana. Leanfaí de TCLL agus de na hionstraimí rialála agus neamhrialála lena mbaineann mar atá siad faoi láthair a chur chun feidhme. D’fhéadfaí an cur chuige sin a chomhlánú trí dhea-chleachtais a chomhroinnt, mar thoradh ar thionscnaimh mhalartaithe (e.g. an Bosca Uirlisí um Nascacht). Meastar go leanfaí den imscaradh líonraí faoin rogha ‘gan aon athrú’ ach leanfaí den ilroinnt atá ann; ní bheadh an t‑imscaradh líonraí chomh héifeachtach agus chomh héifeachtúil agus a d’fhéadfadh sé a bheith, agus bheadh spriocanna nascachta 2030 i mbaol.

Rogha 1: Nuashonrú, soiléiriú agus ailíniú (cur chuige íosta)

Leis an rogha seo, moltar TCLL a ailíniú leis an gCód (raon feidhme líonraí fíor-ardacmhainneachta seachas líonraí ardluais), roinnt beart atá deonach san am i láthair a athrú ina mbearta sainordaitheacha (trédhearcacht, ceadanna a dheonú) agus soiléiriú a dhéanamh ar fhorálacha áirithe chun léirmhínithe éagsúla na mBallstát a ailíniú (amhail ceadanna, tionscadail a mhaoinítear go poiblí faoi réir comhordú oibreacha sibhialta, agus an fíoras go n‑eisiatar sócmhainní atá faoi réir oibleagáidí maidir le cumhacht shuntasach sa mhargadh nó maidir leis an státchabhair ó oibleagáidí rochtana comhthreomhara TCLL). Bunaítear an rogha seo ar an tuairim go gcuirfí feabhas ar chur chun feidhme na treorach dá ndéanfaí athbhreithniú beag uirthi agus dá gcuirfí chun feidhme dea-chleachtais an Bhosca Uirlisí um Nascacht agus an chuid eile den chreat rialála don chumarsáid leictreonach. Bhainfí an feabhas sin amach go háirithe trí aghaidh a thabhairt i bpáirt ar an easpa faisnéise faoin mbonneagar fisiceach atá ann cheana nó ar an bhfaisnéis neamhiomlán faoin mbonneagar sin agus ar na moilleanna agus na costais arda a bhaineann le nósanna imeachta um cheadanna a dheonú.

Ní dhéanfaí bearta eile a sainaithníodh sa tuarascáil mheastóireachta agus sa chomhairliúchán poiblí chun deireadh a chur le tuilleadh bacainní agus líonraí cumarsáide leictreonaí a imscaradh ar bhealach níos tapúla níos éifeachtúla.

Rogha 2: Bearta a leathnú agus a neartú i gcomparáid le TCLL, líonraí fíor-ardacmhainneachta a eisiamh ó oibleagáidí

Áirítear leis an rogha seo an méid a mholtar i Rogha 1 ach an méid sin a dhéanamh trí bhíthin rialacháin. Ina theannta sin, leathnaítear raon feidhme na n‑oibleagáidí rochtana chun bonneagar fisiceach (nach cuid den líonra é) atá faoi rialú nó faoi úinéireacht phoiblí a chur san áireamh (ach amháin i gcás ina mbeadh sé díréireach) agus láidrítear oibleagáidí maidir le ceadanna a dheonú (e.g. sprioc-amanna eatramhacha, díolúintí ó cheadanna náisiúnta agus próiseáil chomhuaineach ar cheadanna agus ar chearta slí). Murab ionann agus rogha 3 agus rogha 4, leis an rogha seo díolmhaítear líonraí fíor-ardacmhainneachta ó oibleagáidí maidir le rochtain agus comhordú oibreacha sibhialta chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna dreasachta infheistíochta (e.g. macasamhlú neamh‑inmharthana líonraí).

Rogha 3 (an rogha thosaíochta): Bearta a leathnú agus a neartú i gcomparáid le TCLL agus comhchuibhiú páirteach a dhéanamh

Bheadh formhór na mbeart a chuimsítear le Rogha 2 i gceist le Rogha 3 agus bheadh Rogha 3 i bhfoirm rialacháin freisin (lena n‑áirítear leathnú ar raon feidhme na hoibleagáide maidir le rochtain a dheonú ar shócmhainní nach cuid den líonra iad atá faoi úinéireacht phoiblí agus bearta um cheadanna). In ionad foráil a dhéanamh maidir le díolúine le haghaidh bonneagar líonraí fíor-ardacmhainneachta, áfach, leagfaí síos rialacha níos soiléire maidir le príomhghnéithe den rochtain ar bhonneagar fisiceach agus oibreacha sibhialta a chomhordú (amhail coinníollacha rochtana ‘cothroma agus réasúnta’, modhanna malartacha rochtana agus cionroinnt costas le haghaidh oibreacha sibhialta comhordaithe). Thabharfaí aghaidh ar an bhfadhb a bhaineann le macasamhlú neamh‑inmharthana líonraí trí shonrú níos fearr a dhéanamh ar na forais chun rochtain ar bhonneagar fisiceach a dhiúltú nó na cásanna ina bhféadfaí iarrataí ar oibreacha sibhialta a chomhordú a mheas a bheith míréasúnta, agus iad a theorannú do chúinsí níos sonraí i gcomparáid le Rogha 2. Bheadh treoraíocht ar leibhéal an Aontais ag gabháil leis na rialacha sin chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus cur chuige comhchuibhithe i leith fadhbanna den sórt sin a áirithiú. Leis an rogha seo, leagfaí amach freisin gur cheart rialacha agus próisis maidir le ceadanna a dheonú a bheith comhsheasmhach ar an leibhéal náisiúnta, gur cheart tacú leo le ‘hionad ilfhreastail’ trí phointe iontrála digiteach náisiúnta aonair, leagfaí síos gur cheart ceadanna a dheonú go hintuigthe i gcás inar féidir sin a dhéanamh agus theorannófaí táillí ceada do chostais riaracháin. Shonrófaí imscarthaí a bheadh faoi réir díolúintí ó cheadanna ar leibhéal an Aontais, agus d’áiritheofaí comhsheasmhacht próiseas ceada ar an leibhéal náisiúnta. Thabharfaí aghaidh leis an gcur chuige níos comhchuibhithe sin ar na fadhbanna mórchastachta, ama agus costas a bhaineann le ceadanna a fháil.

Chun feabhas a chur ar an trédhearcacht agus ar an rochtain ar fhaisnéis, leathnófaí le Rogha 3 na ceanglais faisnéise i dtaobh bonneagar fisiceach atá ann cheana, ach amháin i gcás ina mbeadh sé díréireach, agus i dtaobh oibreacha sibhialta beartaithe (fógra réamhghníomhach maidir leis na hoibreacha sibhialta uile a bheartaítear). Níor mhór an dá thacar faisnéise a bheith ar fáil i bhfoirm dhigiteach ar ardáin agus a bheith idirnasctha dá mb’fhéidir é. Ar deireadh, chun aghaidh a thabhairt ar an easpa bonneagar oiriúnach laistigh den fhoirgneamh agus rochtain ar an mbonneagar sin, shainordófaí leis an rogha seo go mbeadh bonneagar a bheadh réidh don snáithín agus snáithín laistigh den fhoirgneamh i ngach cóiríocht nua (nó i ngach cóiríocht ar a ndéantar mór-athchóiriú). Leis an rogha seo, dhéanfaí foráil maidir leis an mbonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh a chaighdeánú ar an leibhéal náisiúnta agus treoraíocht faoi rochtain ar bhonneagar laistigh den fhoirgneamh ar leibhéal an Aontais.

Rogha 4: Leathnú agus neartú, feidhm iomlán maidir le sócmhainní príobháideacha agus comhchuibhiú iomlán

Le Rogha 4, thabharfaí isteach comhchuibhiú uasta ar leibhéal an Aontais. Chuimseofaí leis an rialachán na bearta uile a luaitear le Rogha 3. Thairis sin, leathnófaí oibleagáidí rochtana agus trédhearcachta chun sócmhainní príobháideacha líonraí nach chuid den líonra iad (e.g. foirgnimh thráchtála) a chumhdach agus leathnófaí oibleagáidí maidir le hoibreacha sibhialta a chomhordú chun tionscadail nach gcistítear go poiblí a chumhdach. Shainordófaí leis an rogha seo ardán digiteach aonair a chur ar bun le haghaidh bonneagar fisiceach atá ann cheana, oibreacha sibhialta atá beartaithe agus ar bhonn roghnach, le haghaidh nósanna imeachta um cheadanna a dheonú. Ar dheireadh, shainordófaí leis an rogha seo caighdeánú a dhéanamh ar bhonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh ar leibhéal an Aontais (i gcomparáid leis an gcaighdeánú ar an leibhéal náisiúnta a chuimsítear i Rogha 3).

I bhfianaise na gcritéar measúnaithe uile, is dócha gurb í Rogha 3 is fearr a chomhlánófar na cuspóirí beartais. Baineann an breisluach AE is mó léi freisin, ach áirithítear léi go bhfuil ról ag na Ballstáit maidir leis na cásanna sonracha a shainaithint ina bhféadfadh sé nach mbeadh feidhm ag na hoibleagáidí maidir leo (e.g. mar gheall go mbeidís sna catagóirí a leagtar amach sa rialachán nach mbeadh feidhm ag na hoibleagáidí maidir leo ar chúiseanna éagsúla nó toisc go mbeidís díréireach). Is cosúil, dá bhrí sin, gurb í Rogha 3 an rogha lena mbaintear amach an chothromaíocht is fearr idir costais ghearrthéarmacha cur chun feidhme agus tairbhí meántéarmacha agus lena dteorannaítear ualaí rialála nach bhfuil gá leo.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Leis na bearta atá beartaithe, tacaítear leis an gClár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála agus comhlíontar na cuspóirí chun simpliú a dhéanamh agus an t‑ualach riaracháin a laghdú. Is é is aidhm do chuid de na hathruithe atá beartaithe soiléiriú, cuíchóiriú agus simpliú a dhéanamh ar rialacha agus nósanna imeachta, cabhrú le páirtithe a gcearta agus a n‑oibleagáidí a thuiscint go héasca agus sineirgí a chur chun cinn (mar shampla, maidir leis an gcomhordú atá beartaithe ar fhoirgnimh a athchóiriú chun feidhmíocht fuinnimh a fheabhsú). Déantar foráil leis an togra freisin maidir le treoraíocht ar leibhéal an Aontais (rochtain ar bhonneagar fisiceach, lena n‑áirítear bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh, agus critéir áirithe le haghaidh rochtana agus rialacha maidir le hoibreacha sibhialta a chomhordú). Leis an treoraíocht, ba cheart éascú a dhéanamh ar na rialacha a chur chun feidhme go comhsheasmhach agus ar dhíospóidí a d’fhéadfadh a bheith ann a réiteach.

Baineann an togra le costais áirithe fhoriomlána ghearrthéarmacha le haghaidh rialtas. Baineann na costais sin le nósanna imeachta comhsheasmhacha um cheadanna a dheonú agus pointí/ardáin iontrála dhigiteacha a chur ar bun chun ceadanna a phróiseáil, faisnéis a sholáthar agus rochtain a thabhairt ar fhaisnéis. Tar éis an méid sin a chur ar bun, áfach, meastar mar gheall ar an rialachán go sábhálfar costais riaracháin bhliantúla le haghaidh oibreoirí líonraí cumarsáide leictreonaí (tuairim agus EUR 40 milliún in aghaidh na bliana). Eascróidh an coigilteas sin as an rochtain níos fearr ar bhonneagar fisiceach is cuid den líonra agus rochtain níos fearr ar bhonneagar fisiceach poiblí nach cuid den líonra (tuairim agus EUR 24 mhilliún in aghaidh na bliana) agus as iarratais ar chead a phróiseáil (tuairim agus EUR 15 mhilliún in aghaidh na bliana). Beidh coigilteas ann freisin d’údaráis phoiblí, lena náirítear bardais (níl ann do mheastacháin). D’fhéadfadh sé go leathnófaí na buntáistí sin chun earnálacha eile (thar an chumarsáid leictreonach) a chumhdach má dhéanann na hearnálacha sin na hardáin ceada a úsáid agus a chur chun feidhme, mar a dhéantar cheana féin i roinnt Ballstát. Thairis sin, rachadh caighdeáin maidir le bonneagar agus sreangú laistigh den fhoirgneamh chun tairbhe do chuideachtaí tógála, toisc gur cheart suiteáil níos éifeachtúla ‘snáithín chomh fada leis an mbaile’ i bhfoirgnimh nua agus i bhfoirgnimh ar a ndéantar mór-athchóiriú a áirithiú trí bhíthin na gcaighdeán sin (gan aon mheastachán) 28 .

Cearta bunúsacha

Cuirtear na cearta agus na prionsabail a shainaithnítear le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh san áireamh go hiomlán leis an togra. Tá na bearta beartaithe comhsheasmhach go háirithe le hAirteagal 16 (saoirse chun gnó a sheoladh), Airteagal 17 (an ceart chun maoine), agus Airteagal 37 (cosaint an chomhshaoil).

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleacht ag an Rialachán atá beartaithe do bhuiséad an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Bunófar an faireachán ar an gcur chun feidhme ar thuarascáil ar chur chun feidhme an rialacháin atá le cur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle 5 bliana tar éis an dáta a thiocfaidh sé i bhfeidhm. Áireofar sa tuarascáil sin achoimre ar thionchar na mbeart agus measúnú ar an dul chun cinn a rinneadh i dtreo cuspóirí an Rialacháin a bhaint amach, lena n‑áirítear an bhféadfadh an Rialachán rannchuidiú a thuilleadh leis na spriocanna nascachta a leagtar amach i gClár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach agus an bealach a d’fhéadfadh sé sin a dhéanamh. Chuige sin, féadfaidh an Coimisiún faisnéis a iarraidh ar na Ballstáit bunaithe ar tháscairí ábhartha agus sásra bailithe sonraí tréimhsiúla, a tharraingeoidh an Coiste Cumarsáide a bunaíodh le Treoir (AE) 2018/1972 suas.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Airteagal 1 – Ábhar agus raon feidhme

Le hAirteagal 1, tugtar cothrom le dáta raon feidhme Threoir 2014 maidir le líonraí cumarsáide leictreonaí a imscaradh, i.e. athrú ó líonraí ardluais go líonraí fíor-ardacmhainneachta chun go mbeidh sé ag teacht le huaillmhianta nua an Chóid agus cuspóirí nascachta na Deacáide Digití.

Airteagal 2 – Sainmhínithe

Is éard atá san Airteagal seo sainmhínithe sa bhreis ar na sainmhínithe a shonraítear sa Chód, lena n‑áirítear líonraí fíor-ardacmhainneachta. Leathnaítear an coincheap ‘bonneagar fisiceach’ chun sócmhainní poiblí nach cuid den líonra iad a chur san áireamh agus tugtar isteach sainmhíniú nua ar ‘shreangú snáithín laistigh den fhoirgneamh’ mar aon le hathrú ó bhonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá ‘réidh do líonra ardluais’ go ‘réidh don snáithín’. Thairis sin, i bhfianaise na forbartha tapa ar sholáthraithe bonneagair fhisicigh gan sreang amhail ‘cuideachtaí túir’ agus an ról níos mó atá acu mar sholáthraithe rochtana ar bhonneagar fisiceach atá oiriúnach chun eilimintí líonraí cumarsáide leictreonaí a shuiteáil, amhail 5G, leathnaítear an sainmhíniú ar ‘oibreoir líonra’ thar ghnóthais a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí nó atá údaraithe chun an méid sin a dhéanamh agus thar oibreoirí cineálacha eile líonraí, amhail líonraí iompair, gáis nó leictreachas, chun gnóthais a chumhdach a sholáthraíonn saoráidí gaolmhara, agus dá bhrí sin, beidh na gnóthais sin faoi réir na n‑oibleagáidí agus na dtairbhí uile a leagtar amach sa Rialachán, cé is moite de na forálacha maidir le bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh agus na forálacha rochtana. Leasaítear freisin an sainmhíniú ar ‘chead’ chun an iliomad sraitheanna cinnteoireachta i dtaobh ceadanna a dheonú a bhíonn ann uaireanta a chur san áireamh agus soiléirítear gurb éard atá i gceist le hoibreacha sibhialta ‘imscaradh eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainneachta’ de ghrá na héascaíochta tagartha ar fud an téacs.

Airteagal 3 – Rochtain ar bhonneagar fisiceach atá ann cheana

Le hAirteagal 3, leathnaítear an oibleagáid rochtana chun bonneagar nach cuid den líonra é ach atá faoi úinéireacht nó faoi rialú comhlachtaí san earnáil phoiblí a chumhdach. Déantar foráil leis freisin maidir le catagóirí áirithe foirgneamh (e.g. ar chúiseanna slándála poiblí, sábháilteachta agus sláinte) agus tugtar isteach an deis do na Ballstáit comhlacht a bhunú chun rochtain ar shócmhainní poiblí a chomhordú.

Soiléirítear na cúiseanna le rochtain a dhiúltú agus seachnaítear dúbailt oibleagáidí rochtana i gcás ina bhforchuirtear cheana iad faoin gCód/faoi rialacha Státchabhrach i dtaobh na sócmhainní céanna.

Déantar foráil ann maidir leis an deis a bheith ag an gCoimisiún treoraíocht a eisiúint maidir le forálacha rochtana a chur i bhfeidhm.

Leis an Airteagal seo, cuirtear freisin leis an bhfasach a leagtar amach in Airteagal 57 den Chód maidir le pointí beaga rochtana gan sreang a shuiteáil.

Airteagal 4 – Trédhearcacht maidir le bonneagar fisiceach

Sainordaítear le hAirteagal 4 go soláthróidh oibreoirí líonraí agus comhlachtaí na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu faisnéis íosta faoin mbonneagar fisiceach atá ann cheana, lena n‑áirítear faisnéis gheothagartha, trí bhíthin pointí faisnéise aonair i bhformáid leictreonach.

D’fhéadfaí rochtain ar an bhfaisnéis íosta sin a theorannú, mar shampla, ar chúiseanna slándála nó i gcás catagóirí áirithe foirgneamh. Ar an mbealach céanna, ní bheadh feidhm ag an oibleagáid maidir le faisnéis íosta a sholáthar i gcás ina mbeadh an oibleagáid díréireach bunaithe ar anailís costais agus tairbhe.

Airteagal 5 – Oibreacha sibhialta a chomhordú

Soiléirítear le hAirteagal 5 go mbaineann an oibleagáid maidir le hoibreacha sibhialta a chomhordú le hoibreacha sibhialta ‘a mhaoinítear go hiomlán/go páirteach trí mhodhanna poiblí’.

Leagtar amach gur cheart iarrataí ar chomhordú oibreacha sibhialta a chomhdú 2 mhí ar a laghad roimh an tionscadal deiridh a chur isteach agus sonraítear na cásanna inar féidir a mheas go bhfuil iarraidh ar oibreacha sibhialta a chomhordú míréasúnta.

Déantar foráil maidir leis an deis a bheith ag an gCoimisiún treoraíocht a eisiúint i dtaobh forálacha a chur i bhfeidhm maidir le hoibreacha sibhialta a chomhordú.

Airteagal 6 – Trédhearcacht maidir le hoibreacha sibhialta beartaithe

Déantar foráil le hAirteagal 6 maidir leis an gceart a bheith ag cách ar rochtain ar fhaisnéis íosta faoi oibreacha sibhialta beartaithe (idir oibreacha poiblí agus oibreacha príobháideacha) a dhéanann oibreoirí líonra, lena n‑áirítear faisnéis gheothagartha.

D’fhéadfaí an rochtain sin a theorannú, mar shampla, ar chúiseanna slándála líonra, slándála náisiúnta nó rún gnó. Ní bheadh feidhm ag an oibleagáid trédhearcachta in imthosca áirithe e.g. i gcás éigeandála nó ar chúiseanna slándála náisiúnta.

Déantar foráil go ndéanfadh oibreoirí líonra an fhaisnéis íosta faoi oibreacha sibhialta poiblí beartaithe a sholáthar níos luaithe agus ar bhealach níos réamhghníomhaí trí na pointí faisnéise aonair chun an comhordú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na hoibreacha sibhialta a éascú.

Airteagal 7 – Nósanna imeachta um cheadanna a dheonú, lena n‑áirítear cearta slí

Le hAirteagal 7 tugtar isteach prionsabal nua i ndáil le rialacha atá comhsheasmhach go náisiúnta lena rialófar na coinníollacha agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir le ceadanna a dheonú, lena n‑áirítear cearta slí. Sainordaítear leis go gcuirfear isteach iarratais i bhformáid leictreonach trí bhíthin na bpointí faisnéise aonair.

Sainordaítear leis go sonróidh an Coimisiún na catagóirí imscarthaí a dhíolmhófar ó cheadanna trí bhíthin gníomh cur chun feidhme.

Láidrítear an trédhearcacht ós rud é nach measfar iarratais ar chead a bheith inghlactha mura gcuirfear an fhaisnéis íosta dá bhforáiltear in Airteagal 6 ar fáil trí bhíthin pointe faisnéise aonair.

Tugtar isteach roinnt beart arb é is aidhm dóibh a áirithiú go ndéileáiltear le hiarratais ar chead, lena n‑áirítear cearta slí, laistigh de na sprioc-amanna dlíthiúla, e.g. tréimhse níos giorra chun an t‑iarratas a mheas a bheith iomlán, formheas intuigthe nó cúiteamh ar dhamáistí a eascraíonn as neamhchomhlíonadh na sprioc-amanna.

Ar deireadh, leagtar síos nach féidir le táillí agus muirir ar cheadanna, lena n‑áirítear cearta slí, a bheith níos mó ná na táillí riaracháin.

Airteagal 8 – Bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh agus sreangú snáithín

Le hAirteagal 8, sainordaítear bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh, pointí rochtana agus sreangú snáithín laistigh den fhoirgneamh a bheith ann i gcás foirgnimh nua agus foirgnimh a ndéantar mór-athchóiriú orthu. Áirítear leis sin foirgnimh ag suíomh an úsáideora deiridh nuair a athchóirítear iad chun feabhas a chur ar an éifeachtúlacht fuinnimh. Leathnaítear na díolúintí chun aghaidh a thabhairt ar an easpa comhréireachta a d’fhéadfadh a bheith ann i gcás suíomhanna sonracha bunaithe ar anailís costais agus tairbhe.

Cuirtear oibleagáid ar na Ballstáit caighdeáin náisiúnta/sonraíochtaí teicniúla agus sásraí deimhniúcháin ábhartha a ghlacadh. Leis na sásraí deimhniúcháin sin, is féidir le cuideachtaí comhlíontacht leis na caighdeáin/sonraíochtaí teicniúla sin a léiriú agus cáiliú le haghaidh ‘an lipéid réidh don snáithín’ atá sainordaitheach anois, ar choinníoll go n‑eisítear an cead tógála.

Airteagal 9 – Rochtain ar bhonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh

Leagtar síos le hAirteagal 9 an ceart atá ag oibreoirí líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí a líonraí a fhoirceannadh suas go dtí an pointe rochtana agus rochtain a fháil ar an mbonneagar fisiceach atá ann cheana laistigh den fhoirgneamh. Déantar foráil maidir le rochtain ar bhonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh a dhiúltú freisin i gcás ina soláthraítear an sreangú snáithín laistigh den fhoirgneamh de bhun na n‑oibleagáidí a fhorchuirtear faoin gCód nó i gcás ina gcuirtear ar fáil é faoi réir téarmaí agus coinníollacha atá cothrom, réasúnta agus neamh‑idirdhealaitheach, lena n‑áirítear praghas.

Déantar foráil ann maidir leis an deis a bheith ag an gCoimisiún treoraíocht a eisiúint maidir le forálacha rochtana a chur i bhfeidhm i dtaobh bonneagar laistigh den fhoirgneamh.

Airteagal 10 Digitiú

Déantar foráil le hAirteagal 10 maidir le pointe iontrála digiteach náisiúnta aonair agus rochtain ar uirlisí digiteacha, go háirithe i gcás inarb ann do níos mó ná pointe faisnéise aonair amháin nó i gcás ina bhfuil an fhaisnéis áit éigin eile agus cumasaítear forfheidhmiú ceart agus comhlíontacht le hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo.

Airteagal 11 – Díospóidí a réiteach

Áirítear leis an bhforáil seo go mbeidh aon pháirtí i dteideal díospóid a chur faoi bhráid comhlachta náisiúnta inniúil um réiteach díospóidí, comhlacht nach mór dó an díospóid a réiteach laistigh de thréimhse níos giorra (i gcomparáid leis na forálacha atá ann faoi láthair de bhun TCLL) agus cinneadh ceangailteach a eisiúint.

Airteagal 12 – Comhlachtaí inniúla

Tugtar isteach ceanglais bhreise le hAirteagal 12 arb é forálacha institiúideacha an Chóid is spreagadh dóibh. Áirítear orthu sin an méid seo a leanas: (i) neamhchlaontacht agus neamhspleáchas chomhlachtaí na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu; (ii) deighilt struchtúrach idir comhlachtaí um réiteach díospóidí agus pointí faisnéise aonair; (iii) forfheidhmiú cumhachtaí agus acmhainní na n‑údarás inniúil; agus (iv) cúraimí comhlachtaí inniúla a dhéanamh níos trédhearcaí.

Déantar foráil freisin maidir le ceanglais níos mionsonraithe i ndáil leis an gceart ar achomharc, ag cur le forálacha den sórt sin a shonraítear sa Chód.

Airteagal 13 – Nós imeachta coiste

Leagtar síos le hAirteagal 13 an Nós imeachta coiste leis an gCoiste Cumarsáide, a bunaíodh le hAirteagal 118(1) de Threoir (AE) 2018/1972.

Airteagail 14-18 – Forálacha críochnaitheacha

Is éard atá in Airteagail 14 agus 15 na forálacha críochnaitheacha, lena n‑áirítear forálacha maidir le pionóis, faireachán agus oibleagáidí tuairiscithe. Tarraingeoidh an Coiste Cumarsáide na táscairí ábhartha agus an sásra bailithe sonraí suas.

Áirítear le hAirteagal 16 bearta idirthréimhseacha i gcás inar gá iad (leanúint de chur i bhfeidhm roinnt forálacha TCLL) i bhfianaise an mhéadaithe ar an raon feidhme chun líonraí fíor-ardacmhainneachta a chuimsiú agus cur i bhfeidhm moillithe roinnt forálacha den Rialachán seo. Áirítear in Airteagail 17 agus 18 forálacha maidir le Treoir 2014/61/AE a aisghairm agus teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm an rialacháin.

2023/0046 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le bearta chun an costas a laghdú a bhaineann le líonraí cumarsáide leictreonaí gigighiotáin a imscaradh agus lena n‑aisghairtear Treoir 2014/61/AE (An tAcht um Bonneagar Gigighiotáin)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 29 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 30 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tá athrú ó bhonn á dhéanamh ag an ngeilleagar digiteach ar an margadh inmheánach le deich mbliana anuas. Tá fís ag an Aontas de gheilleagar digiteach bunaithe ar nascacht shlán den scoth a rachaidh chun tairbhe ar bhonn inbhuanaithe do gach duine agus gach áit san Eoraip ó thaobh na heacnamaíochta agus na sochaí de. Tá bonneagar digiteach ardcháilíochta atá bunaithe ar líonraí fíor-ardacmhainneachta mar bhonn taca le beagnach gach earnáil de gheilleagar nua-aimseartha nuálach. Tá tábhacht straitéiseach leis sin maidir le comhtháthú sóisialta agus críochach agus maidir le hiomaíochas agus ceannaireacht dhigiteach an Aontais ar an iomlán. Dá bhrí sin, ba cheart an deis a bheith ag daoine agus ag na hearnálacha príobháideacha agus poiblí a bheith rannpháirteach sa gheilleagar digiteach.

(2)Le linn phaindéim COVID19, cuireadh dlús breise le forbairt thapa na dteicneolaíochtaí, leis an bhfás easpónantúil ar thrácht leathanbhanda agus leis an éileamh méadaitheach ar ardnascacht fíor-ardacmhainneachta. Mar thoradh air sin, baineadh amach na spriocanna a leagadh síos sa Chlár Oibre Digiteach in 2010 31 den chuid is mó, ach tá siad imithe i léig freisin. Tháinig méadú ar an sciar teaghlach a bhfuil rochtain acu ar luasanna idirlín 30 Mbps ó 58,1 % in 2013 go 90 % in 2022. Níl infhaighteacht 30 Mbps slán i bhfad na haimsire a thuilleadh agus níl sí ailínithe leis na cuspóirí nua a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 32 maidir le nascacht agus infhaighteacht fhorleathan líonraí fíor-ardacmhainneachta a áirithiú. Dá bhrí sin, i gCinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 33 , leag an tAontas síos spriocanna nuashonraithe do 2030 a chomhfhreagraíonn níos fearr do riachtanais nascachta a mheastar a bheidh ann sa todhchaí, is é sin gur cheart teaghlaigh uile na hEorpa a bheith cumhdaithe le líonra gigighiotáin, agus gur cheart cumhdach 5G a bheith ag na limistéir uile a bhfuil daonra iontu.

(3)Chun na spriocanna sin a bhaint amach, tá gá le beartais chun dlús a chur le himscaradh líonraí fíor-ardacmhainneachta fosaithe agus gan sreang ar fud an Aontais agus chun na costais a bhaineann leis an imscaradh sin a laghdú, lena náirítear pleanáil chuí, comhordú agus laghdú ar ualaí riaracháin.

(4)I dTreoir 2014/61/AE, a glacadh mar fhreagairt ar an ngá atá le beartais chun na costais a laghdú a bhaineann le leathanbhanda a imscaradh, bhí bearta maidir le comhroinnt bonneagair, comhordú oibreacha sibhialta agus laghdú ar ualaí riaracháin. Chun leathadh amach líonraí fíor-ardacmhainneachta, lena náirítear snáithín agus 5G, a éascú a thuilleadh, d’iarr an Chomhairle Eorpach sna Conclúidí uaithi an 9 Meitheamh 2020 maidir le Todhchaí Dhigiteach na hEorpa a Mhúnlú go dtabharfaí pacáiste beart breise isteach chun tacú le riachtanais imscartha líonraí atá ann faoi láthair agus atá ag teacht chun cinn, lena náirítear trí athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 2014/61/AE.

(5)Beidh infheistíocht shubstaintiúil de dhíth chun líonraí fíor-ardacmhainneachta (mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2018/1972) a leathadh amach ar fud an Aontais agus is cuid mhór den infheistíocht sin é costas na noibreacha innealtóireachta sibhialta. Trí bhonneagar fisiceach a chomhroinnt, chuirfí teorainn leis an ngá atá le hoibreacha innealtóireachta sibhialta costasacha agus d’fhágfaí go mbeadh leathadh amach ardleibhéil leathanbhanda níos éifeachtaí.

(6)Is féidir cuid mhór de na costais a bhaineann le líonraí fíor-ardacmhainneachta a imscaradh a chur i leith neamhéifeachtúlachtaí sa phróiseas maidir le leathadh amach a bhaineann leis na nithe seo a leanas: (i) an úsáid a bhaintear as bonneagar éighníomhach atá ann cheana (amhail duchtanna, seolphíobáin, dúnphoill, caibinéid, cuaillí, crainn, suiteálacha aeróige, túir agus struchtúir tacaíochta eile); (ii) scrogaill a bhaineann le comhordú na noibreacha sibhialta; (iii) nósanna imeachta riaracháin um cheadanna a dheonú atá ródhian; agus (iv) scrogaill a bhaineann le líonraí a imscaradh laistigh den fhoirgneamh, a bhíonn ina gcúis le constaicí airgeadais arda, go háirithe i gceantair thuaithe.

(7)I dTreoir 2014/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 34 , a glacadh mar fhreagairt ar an ngá atá leis na costais a laghdú a bhaineann le leathanbhanda a imscaradh, bhí bearta maidir le comhroinnt bonneagair, comhordú oibreacha sibhialta agus laghdú ar ualaí riaracháin. Chun leathadh amach líonraí fíor-ardacmhainneachta, lena náirítear snáithín agus 5G, a éascú a thuilleadh, d’iarr an Chomhairle Eorpach sna Conclúidí uaithi an 9 Meitheamh 2020 maidir le Todhchaí Dhigiteach na hEorpa a Mhúnlú go dtabharfaí pacáiste beart breise isteach chun tacú le riachtanais imscartha líonraí atá ann faoi láthair agus atá ag teacht chun cinn, lena náirítear trí athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 2014/61/AE.

(8)Leis na bearta a leagtar amach i dTreoir 2014/61/AE, rannchuidíodh le líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a imscaradh ar chostas níos lú. Mar sin féin, ba cheart na bearta sin a neartú chun costais a laghdú a thuilleadh agus chun dlús a chur le himscaradh líonraí.

(9)Na bearta sin a bhfuil sé d’aidhm acu an úsáid a bhaintear as bonneagair phoiblí agus phríobháideacha atá ann cheana a dhéanamh níos éifeachtúla agus costais agus bacainní a laghdú maidir le hoibreacha nua innealtóireachta sibhialta a dhéanamh, ba cheart dóibh rannchuidiú go mór lena áirithiú go nimscarfar líonraí fíor-ardacmhainneachta go tapa agus go forleathan. Ba cheart do na bearta sin iomaíocht éifeachtach a choinneáil ar bun gan dochar a dhéanamh do shábháilteacht, do shlándáil agus d’oibriú rianúil an bhonneagair atá ann cheana.

(10)Ghlac roinnt Ballstát bearta chun na costais a laghdú a bhaineann le leathadh amach leathanbhanda, lena náirítear trí dhul thar fhorálacha Threoir 2014/61/AE. Tá na bearta sin fós andifriúil ó Bhallstát go chéile, áfach, agus chonacthas torthaí éagsúla ar fud an Aontais mar gheall orthu. Dá ndéanfaí cuid de na bearta sin a mhéadú ar fud an Aontais agus dá ndéanfaí bearta treisithe nua, d’fhéadfadh sé sin rannchuidiú go mór le feidhmiú níos fearr an mhargaidh aonair dhigitigh. Thairis sin, cuireann difríochtaí maidir le ceanglais rialála agus cur chun feidhme neamhréireach rialacha an Aontais cosc ar chomhar idir cuideachtaí fóntais uaireanta. D’fhéadfadh na difríochtaí bacainní ar iontráil a chruthú do ghnóthais nua a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó saoráidí gaolmhara nó atá údaraithe iad a sholáthar, mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2018/1972 (‘oibreoirí’). D’fhéadfadh na difríochtaí sin deireadh a chur le deiseanna nua gnó freisin, rud a chuirfeadh bac ar fhorbairt margaidh inmheánaigh chun bonneagair fhisiceacha a úsáid agus a imscaradh le haghaidh líonraí fíor-ardacmhainneachta. Thairis sin, leis na bearta ar tugadh fógra ina leith sna treochláir náisiúnta agus sna tuarascálacha cur chun feidhme a ghlac na Ballstáit faoi Mholadh (AE) 2020/1307 ón gCoimisiún 35 , ní chumhdaítear gach réimse de Threoir 2014/61/AE ná ní thugtar aghaidh ar gach saincheist ar bhealach comhsheasmhach iomlán. Is amhlaidh atá d’ainneoin a fhíor-riachtanaí atá sé beart a dhéanamh ar fud an phróisis iomláin maidir le leathadh amach agus ar fud earnálacha chun tionchar comhleanúnach nach beag a bhaint amach.

(11)Tá sé d’aidhm ag an Rialachán seo cearta agus oibleagáidí is infheidhme ar fud an Aontais a neartú agus a chomhchuibhiú chun dlús a chur le leathadh amach líonraí fíor-ardacmhainneachta agus le comhordú trasearnála. Mar gheall ar ilroinnt leanúnach na margaí cumarsáide leictreonaí i margaí náisiúnta aonair, ní féidir le gnóthais a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí nó atá údaraithe iad a sholáthar barainneachtaí scála a bhaint amach. D’fhéadfadh éifeacht iartheachtach láidir a bheith aige sin ar an trádáil agus ar an soláthar seirbhísí trasteorann, ós rud é nach féidir mórán seirbhísí a sholáthar ach amháin i gcás ina bhfuil líonra a fheidhmíonn go leormhaith i bhfeidhm ar fud an Aontais. Cé go náirithítear cothrom iomaíochta níos fearr sa réimse leis an Rialachán seo, ní chuireann sé cosc ar bhearta náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais lena gcuirtear chun cinn úsáid chomhpháirteach an bhonneagair fhisicigh atá ann cheana nó lena gcumasaítear bonneagar fisiceach nua a imscaradh ar bhealach níos éifeachtúla trí na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlánú. Mar shampla, d’fhéadfadh na Ballstáit forálacha maidir le comhordú oibreacha sibhialta a leathnú chuig tionscadail a chistítear go príobháideach freisin nó d’fhéadfaidís a éileamh go ndéanfaí tuilleadh faisnéise maidir le bonneagar fisiceach nó oibreacha sibhialta atá beartaithe a sholáthar do phointe faisnéise aonair i bhformáid leictreonach, ar choinníoll nach sáraíonn siad dlí an Aontais, lena náirítear forálacha an Rialacháin seo.

(12)Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, lena náirítear maidir le bearta rialála sonracha a fhorchuirtear faoi Threoir (AE) 2018/1972, faoi Theideal II, Caibidlí II go IV agus faoi Threoir 2002/77/CE 36 , ba cheart forlámhas a bheith ag forálacha na dtreoracha sin ar an Rialachán seo.

(13)D’fhéadfadh sé a bheith i bhfad níos éifeachtúla d’oibreoirí, go háirithe iontrálaithe nua, bonneagar fisiceach atá ann cheana a athúsáid, lena náirítear bonneagar ó fhóntais eile, chun líonraí fíor-ardacmhainneachta nó saoráidí gaolmhara a leathadh amach. Is amhlaidh atá, go háirithe, i limistéir nach bhfuil líonra cumarsáide leictreonaí oiriúnach ar fáil iontu nó ina bhféadfadh sé nach mbeadh sé indéanta go heacnamaíoch bonneagar fisiceach nua a thógáil. Thairis sin, féadfaidh sineirgí ar fud earnálacha laghdú mór a chur ar an gá atá le hoibreacha sibhialta a bhaineann le himscaradh líonraí fíor-ardacmhainneachta. Leis an athúsáid sin, is féidir na costais shóisialta agus chomhshaoil a bhaineann leis na hoibreacha sin a laghdú freisin, amhail truailliú, torann agus brú tráchta. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ní hamháin maidir le hoibreoirí ach ba cheart feidhm a bheith aige freisin maidir le húinéirí nó sealbhóirí cirt chun úsáid a bhaint as bonneagar fisiceach forleathan uileláithreach atá oiriúnach chun eilimintí de líonraí cumarsáide leictreonaí a óstáil, amhail líonraí fisiceacha chun leictreachas, gás, uisce agus córais chamrais agus draenála a sholáthar agus seirbhísí téimh agus iompair a sholáthar. I gcás sealbhóirí ceart, ní athraíonn sé sin aon cheart maoine atá ag tríú páirtithe.

(14)Chun feabhas a chur ar imscaradh líonraí fíor-ardacmhainneachta sa mhargadh inmheánach, ba cheart cearta a leagan síos sa Rialachán seo chun gur féidir le gnóthais a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó saoráidí gaolmhara (lena náirítear gnóthais de chineál poiblí) rochtain a fháil ar bhonneagar fisiceach gan beann ar shuíomh an bhonneagair sin faoi théarmaí cothroma agus réasúnta i gcomhréir le gnáthfheidhmiú ceart maoine. Ba cheart an oibleagáid maidir le rochtain a thabhairt ar an mbonneagar fisiceach a bheith gan dochar do chearta úinéir na talún nó an fhoirgnimh ina bhfuil an bonneagar suite.

(15)Agus forbairt thapa sholáthraithe an bhonneagair fhisicigh gan sreang amhail ‘cuideachtaí túir’ á cur san áireamh go háirithe, chomh maith leis an ról tábhachtach atá acu mar sholáthraithe rochtana ar bhonneagar fisiceach atá oiriúnach chun eilimintí de líonraí cumarsáide leictreonaí gan sreang a shuiteáil, amhail 5G, ba cheart an sainmhíniú ar ‘oibreoir líonra’ a leathnú thar ghnóthais a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí nó atá údaraithe iad a sholáthar agus oibreoirí cineálacha eile líonraí, amhail líonraí iompair, gáis nó leictreachais, chun gnóthais a sholáthraíonn saoráidí gaolmhara a áireamh, agus dá bhrí sin, beidh siad faoi réir na noibleagáidí agus na tairbhí uile a leagtar amach sa Rialachán, seachas na forálacha maidir le bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh agus rochtain.

(16)I bhfianaise an mhéid ísil difreála eatarthu, is minic a fhéadfaidh saoráidí fisiceacha líonraí raon leathan eilimintí de líonraí cumarsáide leictreonaí a óstáil an tráth céanna gan dochar a dhéanamh don phríomhsheirbhís a sholáthraítear agus gan ach costais bheaga oiriúnaithe a bheith i gceist. Áirítear leis na heilimintí sin eilimintí atá in ann seirbhísí rochtana leathanbhanda a sholáthar ar luas 100 Mbps ar a laghad i gcomhréir le prionsabal na neodrachta teicneolaíche. Dá bhrí sin, maidir le bonneagar fisiceach nach bhfuil beartaithe leis ach eilimintí eile de líonra a óstáil gan bheith ina eilimint ghníomhach den líonra é féin, amhail snáithín optúil dorcha, is féidir, i prionsabal, úsáid a bhaint as an mbonneagar sin chun cáblaí nó trealamh cumarsáide leictreonaí nó aon eilimint eile de líonraí cumarsáide leictreonaí a chur ann, gan beann ar an úsáid a bhaintear as faoi láthair nó ar a úinéir, cúiseanna imní slándála nó leasanna gnó úinéir an bhonneagair amach anseo. I bprionsabal, is féidir bonneagar fisiceach líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí a úsáid chun eilimintí líonraí eile a chur ann freisin. Dá bhrí sin, i gcásanna iomchuí, féadfaidh oibreoirí líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí rochtain a thabhairt ar a líonraí ionas gur féidir líonraí eile a imscaradh. Gan dochar don leas ginearálta sonrach a bhaineann le soláthar na príomhsheirbhíse a shaothrú, ba cheart sineirgí idir oibreoirí líonra a spreagadh an tráth céanna chun rannchuidiú leis na spriocanna digiteacha a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2022/2481 a bhaint amach.

(17)In éagmais eisceacht a bhfuil údar cuí léi, is féidir le heilimintí an bhonneagair fhisicigh atá faoi úinéireacht nó faoi rialú comhlachtaí earnála poiblí, fiú nuair nach cuid de líonra iad, eilimintí de líonra cumarsáide leictreonaí a óstáil freisin agus ba cheart iad a chur ar fáil chun suiteáil eilimintí líonra de líonraí fíor-ardacmhainneachta a éascú, go háirithe líonraí gan sreang. I measc na samplaí d’eilimintí an bhonneagair fhisicigh tá foirgnimh, bealaí isteach ar fhoirgnimh, agus aon sócmhainn eile, lena náirítear troscán sráide, amhail cuaillí solais, comharthaí sráide, soilse tráchta, cláir fógraí, stadanna bus agus trambhealaí agus stáisiúin mheitreo. Is faoi na Ballstáit atá sé foirgnimh shonracha a shainaithint atá faoi úinéireacht nó faoi rialú comhlachtaí earnála poiblí ina gcríoch nach féidir feidhm a bheith ag oibleagáidí rochtana maidir leo, mar shampla, ar chúiseanna a bhaineann le luach ailtireachta, stairiúil, reiligiúnach nó nádúrtha.

(18)Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar d’aon choimirce shonrach is gá chun sábháilteacht agus sláinte phoiblí agus slándáil agus sláine na líonraí a áirithiú, go háirithe bonneagar criticiúil, mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta, agus chun a áirithiú nach ndéanfar difear don phríomhsheirbhís atá á soláthar ag an oibreoir líonra, go háirithe i líonraí a úsáidtear chun uisce a sholáthar atá beartaithe lena thomhailt ag an duine. Le rialacha ginearálta sa reachtaíocht náisiúnta, áfach, lena dtoirmisctear ar oibreoirí líonra dul i mbun caibidlíochta faoi rochtain ar bhonneagair fhisiceacha a thabhairt do ghnóthais a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí nó saoráidí gaolmhara nó atá údaraithe iad a sholáthar, d’fhéadfaí cosc a chur ar mhargadh a chruthú le haghaidh rochtain ar bhonneagar fisiceach. Dá bhrí sin, ba cheart deireadh a chur leis na rialacha sin. An tráth céanna, leis na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo, níor cheart cosc a chur ar na Ballstáit oibreoirí fóntais a dhreasú chun rochtain a thabhairt ar bhonneagar trí ioncam a ghintear ón rochtain ar a mbonneagar fisiceach a eisiamh agus taraifí na núsáideoirí deiridh as a bpríomhghníomhaíochtaí á ríomh, i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme.

(19)Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus ualaí díréireacha ar oibreoirí líonra a sheachaint, ar ualaí iad a eascraíonn as dhá chóras rochtana ar leith a chur i bhfeidhm go comhuaineach ar an mbonneagar fisiceach céanna, níor cheart bonneagar fisiceach atá faoi réir oibleagáidí rochtana arna bhforchur ag údaráis rialála náisiúnta de bhun Threoir (AE) 2018/1972 nó oibleagáidí rochtana a eascraíonn as cur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir leis an státchabhair, níor cheart an bonneagar sin a bheith faoi réir oibleagáidí rochtana a leagtar amach sa Rialachán seo a fhad a fhanfaidh oibleagáidí rochtana den sórt sin i bhfeidhm. Mar sin féin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo i gcás inar fhorchuir údarás rialála náisiúnta oibleagáid rochtana faoi Threoir (AE) 2018/1972 lena gcuirtear teorainn leis an úsáid is féidir a bhaint as an mbonneagar fisiceach lena mbaineann. Mar shampla, d’fhéadfadh sé sin tarlú nuair a iarrann oibreoir, a bhfuil sé beartaithe aige stáisiúin bhunáite a nascadh, rochtain ar bhonneagar fisiceach atá ann cheana, bonneagar ar a bhforchuirtear oibleagáidí rochtana sa mhargadh maidir le rochtain ar thoilleadh tiomnaithe mórdhíola 37 .

(20)Chun comhréireacht a áirithiú agus dreasachtaí infheistíochta a chaomhnú, ba cheart an ceart a bheith ag oibreoir líonra nó ag comhlacht earnála poiblí rochtain ar bhonneagar fisiceach sonrach a dhiúltú ar chúiseanna oibiachtúla a bhfuil údar cuí leo. Go háirithe, d’fhéadfadh sé nach mbeadh bonneagar fisiceach, ar iarradh rochtain air, oiriúnach go teicniúil de bharr imthosca sonracha, nó mar gheall ar an easpa spáis atá ann faoi láthair nó mar gheall ar riachtanais spáis a bheidh ann amach anseo a léirítear go leordhóthanach, mar shampla, i bpleananna infheistíochta atá ar fáil go poiblí. Chun comhréireacht a áirithiú agus dreasachtaí infheistíochta a chaomhnú, féadfaidh oibreoir líonra nó comhlacht earnála poiblí rochtain ar bhonneagar fisiceach sonrach a dhiúltú. Chun aon saobhadh iomaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint nó aon mhíúsáid a sheachaint a d’fhéadfaí a bhaint as na coinníollacha chun rochtain a dhiúltú, ba cheart údar cuí a bheith le haon diúltú den sórt sin agus ba cheart é a bhunú ar chúiseanna oibiachtúla mionsonraithe. Mar shampla, ní mheasfaí cúiseanna den sórt sin a bheith oibiachtúil i gcás ina nimscarann gnóthas a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí nó atá údaraithe iad sholáthar bonneagar fisiceach a bhuí le hoibreacha sibhialta a chomhordú le hoibreoir líonra nach oibreoir líonraí cumarsáide leictreonaí é agus i gcás ina ndiúltaíonn an gnóthas rochtain a dheonú bunaithe ar easpa spáis a líomhnaítear a bheith ann chun na heilimintí de líonraí fíor-ardacmhainneachta a óstáil, rud a eascraíonn as cinntí a rinne an gnóthas atá faoina rialú. I gcás den sórt sin, d’fhéadfadh saobhadh iomaíochta teacht chun cinn mura bhfuil aon líonra fíor-ardacmhainneachta eile sa limistéar lena mbaineann an iarraidh ar rochtain. Ar an gcaoi chéanna, in imthosca sonracha, d’fhéadfadh sé go gcuirfí sábháilteacht nó sláinte phoiblí nó sláine agus slándáil an líonra i mbaol, lena nairítear sláine agus slándáil líonra an bhonneagair chriticiúil, nó go gcuirfí soláthar na seirbhísí a sholáthraítear go príomha tríd an mbonneagar céanna i mbaol dá ndéanfaí é a chomhroinnt. Thairis sin, i gcás ina soláthraíonn an toibreoir líonra modhanna inmharthana rochtana fisicí mórdhíola eile ar líonraí cumarsáide leictreonaí a chomhlíonfadh riachtanais an iarrthóra ar rochtain, amhail snáithín optúil dorcha nó díchuachadh snáithín, d’fhéadfadh rochtain ar an mbonneagar fisiceach foluiteach drochthionchar eacnamaíoch a imirt ar a shamhail ghnó, go háirithe ar shamhail ghnó oibreoirí mórdhíola amháin, agus ar dhreasachtaí chun infheistíocht a dhéanamh. D’fhéadfadh dúbailt neamhéifeachtúil eilimintí líonra a bheith i gceist leis freisin. Sa mheasúnú ar chineál cothrom réasúnta na dtéarmaí agus na gcoinníollacha le haghaidh modhanna malartacha rochtana fisicí mórdhíola den sórt sin, ba cheart a chur san áireamh, inter alia, samhail ghnó fholuiteach an ghnóthais a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí, nó atá údaraithe na líonraí sin a sholáthar agus a dheonaíonn rochtain, agus an gá atá le haon neartú ar chumhacht shuntasach sa mhargadh, más ann di, atá ag ceachtar den dá pháirtí a sheachaint.

(21)Chun athúsáid an bhonneagair fhisicigh atá ann cheana féin a éascú, i gcás ina niarrann oibreoirí rochtain ar limistéar sonrach, ba cheart d’oibreoirí líonra agus comhlachtaí earnála poiblí, a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu, tairiscint a dhéanamh maidir le húsáid chomhroinnte a gcuid saoráidí faoi théarmaí agus coinníollacha cothroma réasúnta, lena náirítear ó thaobh praghais de, ach amháin má dhéantar rochtain a dhiúltú ar chúiseanna oibiachtúla a bhfuil údar cuí leo. Ba cheart a cheangal ar chomhlachtaí earnála poiblí freisin rochtain a chur ar fáil faoi théarmaí agus coinníollacha neamhidirdhealaitheacha. Ag brath ar na himthosca, d’fhéadfadh roinnt eilimintí tionchar a imirt ar na coinníollacha faoina ndeonaítear rochtain den sórt sin. Áirítear leo sin: (i) aon chostas cothabhála agus oiriúnaithe breise; (ii) aon choimirce choisctheach atá le glacadh chun éifeachtaí díobhálacha ar shábháilteacht, ar shlándáil agus ar shláine an líonra a theorannú; (iii) aon socrú sonrach maidir le dliteanas i gcás damáiste; (iv) úsáid aon fhóirdheontais phoiblí arna dheonú chun an bonneagar a thógáil, lena náirítear téarmaí agus coinníollacha sonracha atá ceangailte leis an bhfóirdheontas nó dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais; (v) an cumas acmhainn bonneagair a chur ar fáil nó a sholáthar chun oibleagáidí seirbhíse poiblí a chomhlíonadh; agus (vi) aon srian a eascraíonn as forálacha náisiúnta a bhfuil sé d’aidhm acu an comhshaol, an tsláinte phoiblí nó an tslándáil phoiblí a chosaint nó cuspóirí pleanála baile agus tuaithe a chomhlíonadh.

(22)Le hinfheistíochtaí i mbonneagar fisiceach líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó saoráidí gaolmhara, ba cheart rannchuidiú go díreach leis na cuspóirí a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2022/2481 agus iompar faille a sheachaint. Dá bhrí sin, in aon oibleagáid maidir le rochtain a fháil ar bhonneagar fisiceach atá ann cheana nó comhordú oibreacha sibhialta, ba cheart roinnt tosca a chur san áireamh amhail (i) inmharthanacht eacnamaíoch na ninfheistíochtaí sin bunaithe ar a bpróifíl riosca; (ii) aon sceideal ama don toradh ar infheistíocht; (iii) aon tionchar a bheadh ag an rochtain ar iomaíochas iartheachtach agus dá réir sin ar phraghsanna agus ar an toradh ar infheistíocht; (iv) aon dímheas ar shócmhainní an líonra tráth na hiarrata ar rochtain; (v) aon chás gnó atá mar bhonn taca leis an infheistíocht, go háirithe sa bhonneagar fisiceach a úsáidtear chun seirbhísí líonra fíor-ardacmhainneachta a sholáthar; agus (vi) aon deis a tugadh don iarrthóir ar rochtain roimhe seo maidir le comhimscaradh.

(23)D’fhéadfadh sé nach mbeadh acmhainní leordhóthanacha, taithí leordhóthanach ná an teolas teicniúil is gá ag comhlachtaí earnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu chun dul i mbun caibidlíochta le hoibreoirí maidir le rochtain. Chun rochtain ar bhonneagar fisiceach na gcomhlachtaí earnála poiblí sin a éascú, d’fhéadfaí comhlacht a cheapadh chun na hiarrataí ar rochtain a chomhordú, comhairle dhlíthiúil agus theicniúil a sholáthar chun téarmaí agus coinníollacha rochtana a chaibidliú, agus faisnéis ábhartha maidir leis an mbonneagar fisiceach sin a chur ar fáil trí phointe faisnéise aonair. D’fhéadfadh an comhlacht comhordúcháin tacú freisin le comhlachtaí earnála poiblí samhailchonarthaí a ullmhú agus faireachán a dhéanamh ar thoradh agus ar fhad an phróisis maidir le hiarrataí ar rochtain. D’fhéadfadh an comhlacht cuidiú a thabhairt freisin dá dtiocfadh díospóidí chun cinn maidir le rochtain ar bhonneagar fisiceach atá faoi úinéireacht nó faoi rialú comhlachtaí earnála poiblí.

(24)Chun comhsheasmhacht na gcineálacha cur chuige a áirithiú i measc na mBallstát, d’fhéadfadh an Coimisiún, i ndlúthchomhar le Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC), treoraíocht a sholáthar i dtaca leis na forálacha maidir le rochtain ar bhonneagar fisiceach a chur i bhfeidhm, lena náirítear, maidir le coinníollacha cothroma réasúnta a chur i bhfeidhm ach gan a bheith teoranta don mhéid sin. Ba cheart tuairimí na bpáirtithe leasmhara agus na gcomhlachtaí náisiúnta um réiteach díospóidí a chur san áireamh go cuí agus an treoraíocht á hullmhú.

(25)Ba cheart rochtain a bheith ag oibreoirí ar an bhfaisnéis íosta maidir le bonneagar fisiceach agus maidir le hoibreacha sibhialta atá beartaithe sa réimse imscartha. Cuirfidh sé sin ar a gcumas dóibh pleanáil éifeachtach a dhéanamh maidir le líonraí fíor-ardacmhainneachta a imscaradh agus a áirithiú go mbainfear an úsáid is éifeachtaí as an mbonneagar fisiceach atá ann cheana, atá oiriúnach do líonraí den sórt sin a leathadh amach, agus as oibreacha sibhialta atá beartaithe. Is réamhriachtanas é an fhaisnéis íosta sin chun measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht a bhaineann le bonneagar fisiceach atá ann cheana a úsáid nó na hoibreacha sibhialta atá beartaithe a chomhordú i limistéar sonrach, agus chun damáiste d’aon bhonneagar fisiceach atá ann cheana a laghdú. I bhfianaise líon na bpáirtithe leasmhara lena mbaineann (lena gcumhdaítear oibreacha sibhialta a mhaoinítear go poiblí agus go príobháideach chomh maith le bonneagar fisiceach atá ann cheana nó atá beartaithe) agus chun rochtain ar an bhfaisnéis sin a éascú (idir earnálacha agus thar theorainneacha), ba cheart d’oibreoirí líonra agus do chomhlachtaí earnála poiblí atá faoi réir oibleagáidí trédhearcachta faisnéis íosta den sórt sin a sholáthar agus a choimeád go réamhghníomhach (seachas arna iarraidh sin orthu) trí phointe faisnéise aonair. Leis sin, déanfar bainistiú iarrataí ar rochtain ar fhaisnéis den sórt sin a shimpliú agus cuirfear ar a gcumas d’oibreoirí spéis a léiriú maidir le rochtain a fháil ar bhonneagar fisiceach nó maidir le hoibreacha sibhialta a chomhordú, a bhfuil an tuainiú ríthábhachtach ina leith. Ba cheart an fhaisnéis íosta maidir leis na hoibreacha sibhialta atá beartaithe a sholáthar trí phointe faisnéise aonair a luaithe a bheidh an fhaisnéis ar fáil don oibreoir líonra lena mbaineann agus, in aon chás agus i gcás ina mbeidh gá le ceadanna, tráth nach déanaí ná 3 mhí sula gcuirfear an tiarratas ar chead faoi bhráid na núdarás inniúil den chéad uair.

(26)Ba cheart an fhaisnéis íosta a chur ar fáil go pras tríd an bpointe faisnéise aonair faoi théarmaí comhréireacha, neamhidirdhealaitheacha agus trédhearcacha ionas gur féidir le hoibreoirí a niarrataí ar fhaisnéis a chur isteach. Ba cheart stór faisnéise i bhformáid leictreonach a bheith sa phointe faisnéise aonair, trínar féidir rochtain a fháil ar fhaisnéis agus trínar féidir iarrataí a dhéanamh ar líne trí uirlisí digiteacha a úsáid, amhail leathanaigh ghréasáin, feidhmchláir dhigiteacha, agus ardáin dhigiteacha. Féadfar an fhaisnéis a chuirtear ar fáil a theorannú chun slándáil agus sláine an líonra a áirithiú, go háirithe i gcás an bhonneagair chriticiúil, na slándála náisiúnta nó chun rúin dhlisteanacha oibriúcháin agus ghnó a chosaint. Ní gá don phointe faisnéise aonair an fhaisnéis a óstáil a fhad a áirithítear go bhfuil naisc ar fáil d’uirlisí digiteacha eile, amhail tairseacha gréasáin, ardáin dhigiteacha nó feidhmchláir dhigiteacha, áit a stóráiltear an fhaisnéis. Trí bhíthin an phointe faisnéise aonair, féadfar feidhmiúlachtaí breise a sholáthar, amhail rochtain ar fhaisnéis bhreise nó tacaíocht don phróiseas maidir le hiarrataí ar rochtain ar bhonneagar fisiceach atá ann cheana nó do chomhordú na noibreacha sibhialta.

(27)Ina theannta sin, más iarraidh réasúnta atá inti, agus go háirithe má bhíonn gá léi chun bonneagar fisiceach atá ann cheana a chomhroinnt nó chun oibreacha sibhialta a chomhordú, ba cheart an deis a bheith ag oibreoirí suirbhéanna ar an láthair a dhéanamh agus faisnéis a bhaineann le hoibreacha sibhialta atá beartaithe a iarraidh faoi choinníollacha trédhearcacha, comhréireacha agus neamhidirdhealaitheacha agus gan dochar do na coimircí arna nglacadh d’fhonn slándáil agus sláine líonraí a áirithiú, chomh maith le rúndacht agus rúin oibriúcháin agus ghnó a chosaint.

(28)Ba cheart trédhearcacht ardleibhéil na noibreacha sibhialta atá beartaithe trí phointí faisnéise aonair a spreagadh. Is féidir é sin a dhéanamh trí oibreoirí a atreorú go héasca chuig an bhfaisnéis sin nuair a bheidh sí ar fáil. Ba cheart trédhearcacht a fhorfheidhmiú freisin trí iarratais ar dheonú ceadanna a chur faoi réir foilsiú faisnéise roimh ré maidir le hoibreacha sibhialta atá beartaithe trí phointe faisnéise aonair.

(29)An rogha atá ag na Ballstáit feidhmeanna na bpointí faisnéise aonair a leithdháileadh ar níos mó ná comhlacht inniúil amháin, níor cheart di difear a dhéanamh dá gcumas na feidhmeanna sin a chomhlíonadh go héifeachtach. I gcás ina mbunaítear níos mó ná pointe faisnéise aonair amháin i mBallstát, ba cheart rochtain rianúil ar na pointí faisnéise aonair uile trí mheán leictreonach a áirithiú trí bhíthin pointe iontrála digiteach náisiúnta aonair ag a mbeidh comhéadan coiteann úsáideora. Ba cheart an pointe faisnéise aonair a dhigitiú go hiomlán agus ba cheart rochtain éasca a sholáthar trí bhíthin an phointe sin ar na huirlisí digiteacha ábhartha. Cuirfidh sé sin ar a gcumas d’oibreoirí líonra agus do chomhlachtaí earnála poiblí a gcearta a fheidhmiú agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Áirítear leis sin rochtain thapa ar an bhfaisnéis íosta faoi bhonneagar fisiceach atá ann cheana agus oibreacha sibhialta atá beartaithe, nósanna imeachta riaracháin leictreonacha um cheadanna agus cearta slí a dheonú, agus na coinníollacha agus na nósanna imeachta is infheidhme. Mar chuid den fhaisnéis íosta sin, ba cheart rochtain a thabhairt trí bhíthin an phointe faisnéise aonair ar fhaisnéis gheothagartha maidir le suíomh an bhonneagair fhisicigh atá ann cheana agus na noibreacha sibhialta atá beartaithe. Chun an méid sin a éascú, ba cheart do na Ballstáit uirlisí digiteacha uathoibrithe a sholáthar chun an fhaisnéis gheothagartha a chur isteach agus uirlisí tiontaithe le haghaidh na bhformáidí sonraí a dtacaítear leo. D’fhéadfaí na huirlisí sin a chur ar fáil d’oibreoirí líonra agus do chomhlachtaí earnála poiblí atá freagrach as an bhfaisnéis sin a sholáthar tríd an bpointe faisnéise aonair. Thairis sin, i gcás ina bhfuil sonraí suímh geothagartha le fáil trí uirlisí digiteacha eile, amhail Geothairseach INSPIRE faoi Threoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 38 , d’fhéadfaí rochtain sholáimhsithe ar an bhfaisnéis sin a sholáthar trí bhíthin an phointe faisnéise aonair.

(30)Chun comhréireacht agus slándáil a áirithiú, i gcás an cheanglais maidir le faisnéis a sholáthar faoin mbonneagar fisiceach atá ann cheana tríd an bpointe faisnéise aonair, ní gá feidhm a bheith ag an gceanglais sin ar na cúiseanna céanna leo siúd lena dtugtar údar le hiarraidh ar rochtain a dhiúltú. Ina theannta sin, trí fhaisnéis a sholáthar maidir leis an mbonneagar fisiceach atá ann cheana tríd an bpointe faisnéise aonair, d’fhéadfadh sé, i gcásanna ansonrach, ualach trom a chur ar oibreoirí líonra agus ar chomhlachtaí earnála poiblí nó d’fhéadfadh sé a bheith díréireach dóibh. D’fhéadfadh sé sin teacht chun cinn, mar shampla, i gcás nach bhfuil mapáil na sócmhainní ábhartha ar fáil go fóill agus ina mbeadh sé anchostasach mapáil a dhéanamh, nó i gcás ina meastar go mbeidh iarrataí ar rochtain aníseal i limistéir áirithe i mBallstát nó i ndáil le bonneagar fisiceach sonrach áirithe. I gcás inar cosúil go bhfuil sé díréireach faisnéis a sholáthar bunaithe ar mheasúnú mionsonraithe costais agus tairbhe, níor cheart oibleagáid a chur ar oibreoirí líonra ná ar chomhlachtaí earnála poiblí faisnéis den sórt sin a sholáthar. Ba cheart do na Ballstáit measúnú mionsonraithe costais agus tairbhe den sórt sin a dhéanamh bunaithe ar chomhairliúchán le páirtithe leasmhara maidir leis an éileamh ar rochtain ar bhonneagar fisiceach atá ann cheana, agus ba cheart an measúnú a thabhairt cothrom le dáta go rialta. Ba cheart an próiseas comhairliúcháin agus an toradh a bheidh air a chur ar fáil go poiblí, agus ba cheart fógra a thabhairt don Choimisiún faoin mbonneagar fisiceach sonrach atá le díolmhú ón oibleagáid sin.

(31)Chun comhsheasmhacht a áirithiú, na comhlachtaí inniúla a dhéanann feidhmeanna an phointe faisnéise aonair, na húdaráis rialála náisiúnta a chomhlíonann a gcúraimí faoi Threoir (AE) 2018/1972 nó údaráis inniúla eile, amhail údaráis náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla atá i gceannas ar chadastar nó ar chur chun feidhme Threoir 2007/2/CE (INSPIRE), de réir mar is iomchuí, ba cheart dóibh dul i gcomhairle le chéile agus oibriú i gcomhar le chéile. Ba cheart é a bheith de chuspóir ag an gcomhar sin íoslaghdú a dhéanamh ar na hiarrachtaí maidir leis na hoibleagáidí trédhearcachta atá ar oibreoirí líonra agus ar chomhlachtaí earnála poiblí a chomhlíonadh, lena náirítear na gnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu (oibreoirí a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu), chun faisnéis a chur ar fáil faoina mbonneagar fisiceach; I gcás ina bhfuil gá le tacar sonraí éagsúil maidir le bonneagar fisiceach an oibreora a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige, mar thoradh ar an gcomhar sin ba cheart idirnaisc agus sineirgí úsáideacha a bhunú idir an bunachar sonraí a bhaineann le cumhacht shuntasach sa mhargadh agus an pointe faisnéise aonair agus cleachtais choiteanna chomhréireacha maidir le bailiú sonraí agus soláthar sonraí chun torthaí is féidir a chur i gcomparáid le chéile go héasca a bhaint amach. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an gcomhar freisin rochtain ar fhaisnéis maidir le bonneagar fisiceach a éascú, i bhfianaise imthosca náisiúnta. Má dhéantar oibleagáidí rialála a mhodhnú nó a tharraingt siar, ba cheart do na páirtithe dá ndéantar difear a bheith in ann teacht ar chomhaontú maidir leis na réitigh is fearr chun bailiú agus soláthar sonraí bonneagair fhisicigh a oiriúnú do na ceanglais rialála nua is infheidhme.

(32)An oibleagáid trédhearcachta i dtaca le comhordú oibreacha sibhialta, ní gá feidhm a bheith aici maidir le hoibreacha sibhialta a dhéantar ar chúiseanna slándála náisiúnta nó i gcás éigeandála. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh, i gcás oibreacha sibhialta a dhéantar má tá riosca contúirte poiblí ann mar thoradh ar phróisis díghrádaithe d’oibreacha innealtóireachta sibhialta agus dá suiteálacha gaolmhara, arb iad tosca scriosacha nádúrtha nó daonna is cúis leo agus a bhfuil gá leo chun a sábháilteacht nó a scartáil a áirithiú. Ar chúiseanna trédhearcachta, ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na cineálacha oibreacha sibhialta a thagann faoi na himthosca sin agus ba cheart dóibh iad a fhoilsiú trí phointe faisnéise aonair.

(33)Chun coigilteas mór a áirithiú agus chun íoslaghdú a dhéanamh ar mhíchaoithiúlachtaí sa limistéar dá ndéanann imscaradh líonraí cumarsáide leictreonaí nua difear, ba cheart toirmeasc a chur ar shrianta rialála lena gcuirtear cosc, mar riail ghinearálta, ar chomhaontuithe a chaibidliú i measc oibreoirí líonra chun oibreacha sibhialta a chomhordú chun líonraí fíor-ardacmhainneachta a imscaradh. Más rud é nach maoinítear oibreacha sibhialta le cistí poiblí, ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar don deis atá ag oibreoirí líonra comhaontuithe um chomhordú oibreacha sibhialta a thabhairt i gcrích de réir a bpleananna gnó agus infheistíochta féin agus de réir an trátha a thogróidh siad féin.

(34)Ba cheart do na Ballstáit torthaí na noibreacha sibhialta a mhaoinítear go hiomlán nó i bpáirt le cistí poiblí a uasmhéadú, trí leas a bhaint as gnéithe dearfacha seachtracha na noibreacha sin thar earnálacha agus trí chomhdheiseanna a áirithiú chun an bonneagar fisiceach atá ar fáil agus atá beartaithe a chomhroinnt d’fhonn líonraí fíor-ardacmhainneachta a imscaradh. Níor cheart dochar a dhéanamh do phríomhchuspóir na noibreacha sibhialta a mhaoinítear le cistí poiblí. Ba cheart, áfach, don oibreoir líonra a dhéanann na hoibreacha sibhialta lena mbaineann, go díreach nó go hindíreach (mar shampla, trí fhochonraitheoir), freastal ar iarrataí tráthúla réasúnta ar imscaradh eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainneachta a chomhordú faoi théarmaí comhréireacha, neamhidirdhealaitheacha agus trédhearcacha. Mar shampla, ba cheart don oibreoir iarrthach aon chostas breise a chumhdach, lena náirítear na costais sin a eascraíonn as moilleanna, agus athruithe ar na pleananna bunaidh a íoslaghdú a mhéid is féidir. Leis na forálacha sin, níor cheart difear a dhéanamh do cheart na mBallstát acmhainn a fhorchoimeád le haghaidh líonraí cumarsáide leictreonaí fiú mura ndearnadh iarrataí ar leith. Cuirfidh sé sin ar a gcumas do na Ballstáit freastal ar an éileamh a bheidh ann amach anseo ar bhonneagair fhisiceacha chun luach na noibreacha sibhialta a uasmhéadú nó chun bearta a ghlacadh lena dtabharfar cearta comhchosúla d’oibreoirí cineálacha eile líonraí, amhail líonraí iompair, gáis nó leictreachais, chun oibreacha sibhialta a chomhordú.

(35)I gcásanna áirithe, go háirithe maidir le himscaradh i gceantair thuaithe, iargúlta nó tearcdhaonra, d’fhéadfadh an oibleagáid maidir le hoibreacha sibhialta a chomhordú inmharthanacht airgeadais an imscartha sin a chur i mbaol agus, faoi dheireadh, infheistíochtaí a dhéantar faoi théarmaí margaidh a dhídhreasú. Dá bhrí sin, dá niarrfaí ar ghnóthas a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó atá údaraithe iad a sholáthar oibreacha sibhialta a chomhordú, d’fhéadfaí a mheas go bhfuil an iarraidh sin míréasúnta faoi imthosca sonracha. Ba cheart an cás a bheith amhlaidh, go háirithe, más rud é nár chuir an gnóthas iarrthach a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí nó atá údaraithe iad a sholáthar in iúl go raibh sé ar intinn aige líonraí fíor-ardacmhainneachta a imscaradh sa limistéar sin (mar imscaradh nua, mar uasghrádú nó mar shíneadh ar líonra) agus go ndearnadh réamhaisnéis nó gur tugadh cuireadh chun a dhearbhú go raibh sé ar intinn aige líonraí fíor-ardacmhainneachta a imscaradh i limistéir ainmnithe (de bhun Airteagal 22 de Threoir (AE) 2018/1972) nó gur eagraíodh comhairliúchán poiblí faoi rialacha an Aontais maidir leis an státchabhair. Más rud é gur eagraíodh níos mó ná ceann amháin de na réamhaisnéisí, na cuirí agus/nó na comhairliúcháin phoiblí sin, níor cheart ach an easpa léirithe spéise ag an ócáid is déanaí lena gcumhdaítear an tréimhse ina ndéantar an iarraidh ar chomhordú oibreacha sibhialta a bhreithniú. Chun a áirithiú go bhféadfaí rochtain a fháil amach anseo ar an mbonneagar a imscartar, an gnóthas a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó atá údaraithe na líonraí sin a sholáthar, agus a dhéanann na hoibreacha sibhialta, ba cheart dó a ráthú go ndéanfaidh sé bonneagar fisiceach ag a bhfuil acmhainn leordhóthanach a imscaradh, agus an treoraíocht arna soláthar ag an gCoimisiún á cur san áireamh. Tá an méid sin gan dochar do na rialacha agus do na coinníollacha a bhaineann le sannadh cistí poiblí agus cur i bhfeidhm na rialacha maidir leis an státchabhair.

(36)Chun comhsheasmhacht na gcineálacha cur chuige a áirithiú, d’fhéadfadh an Coimisiún, i ndlúthchomhar le Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC), treoraíocht a thabhairt i dtaca leis na forálacha maidir le comhordú na noibreacha sibhialta a chur i bhfeidhm, lena náirítear maidir le costais a chionroinnt ach gan a bheith teoranta don mhéid sin. Ba cheart tuairimí na bpáirtithe leasmhara agus na gcomhlachtaí náisiúnta um réiteach díospóidí a chur san áireamh go cuí agus an treoraíocht á hullmhú.

(37)Le comhordú éifeachtach, is féidir costais agus moilleanna a laghdú chomh maith le laghdú a dhéanamh ar chur isteach ar an imscaradh, rud a d’fhéadfadh tarlú mar gheall ar fhadhbanna ar an láthair. Sampla amháin inar féidir le comhordú oibreacha sibhialta tairbhí soiléire a sholáthar is ea tionscadail trasearnála chun conairí 5G a imscaradh feadh conairí iompair, amhail bóithre, iarnród agus uiscebhealaí intíre. Leis na tionscadail sin, is minic a bhíonn gá le comhordú deartha nó comhdhearadh bunaithe ar chomhar luath idir rannpháirtithe an tionscadail. Mar chuid den chomhdhearadh, féadfaidh na páirtithe lena mbaineann teacht ar chomhaontú roimh ré maidir le conairí chun an bonneagar fisiceach a imscaradh agus maidir leis an teicneolaíocht agus an trealamh a bheidh le húsáid, sula ndéanfar na hoibreacha sibhialta a chomhordú. Dá bhrí sin, ba cheart an iarraidh ar chomhordú oibreacha sibhialta a chomhdú a luaithe is féidir.

(38)D’fhéadfadh gá a bheith le roinnt ceadanna difriúla maidir le himscaradh eilimintí de líonraí cumarsáide leictreonaí nó de shaoráidí gaolmhara chun leasanna náisiúnta agus leasanna ginearálta an Aontais a chosaint. D’fhéadfaí a áireamh leis sin ceadanna tochailte, tógála, pleanála baile, comhshaoil agus ceadanna eile chomh maith le cearta slí. Mar thoradh ar an líon ceadanna agus ceart slí is gá chun cineálacha éagsúla líonraí cumarsáide leictreonaí nó saoráidí gaolmhara a imscaradh agus mar thoradh ar ghné áitiúil an imscartha, d’fhéadfadh sé go mbeadh nósanna imeachta agus coinníollacha éagsúla le cur i bhfeidhm, rud a d’fhéadfadh deacrachtaí a chruthú maidir le himscaradh an líonra. Dá bhrí sin, chun imscaradh a éascú, ba cheart cuíchóiriú a dhéanamh ar na rialacha uile maidir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta is infheidhme i leith ceadanna agus cearta slí a dheonú agus ba cheart dóibh a bheith comhsheasmhach ar an leibhéal náisiúnta. Agus cosaint á tabhairt don cheart atá ag gach údarás inniúil a bheith rannpháirteach agus a shainchearta cinnteoireachta a choinneáil ar bun i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, ba cheart an fhaisnéis uile maidir leis na nósanna imeachta agus na coinníollacha ginearálta is infheidhme i leith ceadanna a dheonú ar oibreacha sibhialta agus cearta slí a bheith ar fáil trí phointí faisnéise aonair. D’fhéadfadh sé sin castacht a laghdú agus éifeachtúlacht agus trédhearcacht a mhéadú le haghaidh na noibreoirí uile agus go háirithe d’iontrálaithe nua agus d’oibreoirí níos lú nach bhfuil gníomhach sa réimse sin. Thairis sin, ba cheart an ceart a bheith ag oibreoirí a niarrataí ar cheadanna agus ar chearta slí a chur isteach i bhformáid leictreonach trí phointe faisnéise aonair. Ba cheart do na gnóthais sin a bheith in ann faisnéis a fháil i bhformáid leictreonach maidir le stádas a niarrataí agus maidir le cé acu a deonaíodh nó a diúltaíodh iad.

(39)Níor cheart do nósanna imeachta um cheadanna a dheonú a bheith ina mbacainní ar infheistíocht ná níor cheart dóibh dochar a dhéanamh don mhargadh inmheánach. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar cinneadh maidir le ceadanna a dheonú nó gan iad a dheonú i ndáil le heilimintí de líonraí fíor-ardacmhainneachta nó de shaoráidí gaolmhara a imscaradh laistigh de 4 mhí ó iarraidh iomlán ar chead a fháil. Tá an méid sin gan dochar do sprioc-amanna nó d’oibleagáidí sonracha eile a leagtar síos chun an nós imeachta a dhéanamh mar is ceart, ar sprioc-amanna nó oibleagáidí iad is infheidhme maidir leis an nós imeachta um cheadanna a dheonú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó le dlí an Aontais. Níor cheart do na húdaráis inniúla srian ná bac a chur ar imscaradh líonraí fíor-ardacmhainneachta nó saoráidí gaolmhara agus níor cheart go mbeadh imscaradh na líonraí nó na saoráidí sin níos neamhtharraingtí ó thaobh na heacnamaíochta de mar gheall ar na húdaráis inniúla. Go sonrach, níor cheart dóibh cosc a chur ar nósanna imeachta um cheadanna agus cearta slí a dheonú dul ar aghaidh go comhuaineach, i gcás inar féidir, ná níor cheart dóibh a cheangal ar oibreoirí cineál amháin údaraithe a fháil sular féidir leo iarratas a dhéanamh ar chineálacha eile údaruithe. Ba cheart d’údaráis inniúla údar a thabhairt le haon deonú ceadanna nó ceart slí faoina ninniúlacht a dhiúltaíonn siad , bunaithe ar choinníollacha atá oibiachtúil, trédhearcach, neamhidirdhealaitheach agus comhréireach.

(40)Chun moilleanna míchuí a sheachaint, ní mór do na húdaráis inniúla iomláine na hiarrata ar chead a chinneadh laistigh de 15 lá ón iarraidh sin a fháil. Ba cheart a mheas go bhfuil an iarraidh ar chead iomlán ach amháin má iarrann an túdarás inniúil ar an iarratasóir aon fhaisnéis atá in easnamh a chur ar fáil laistigh den tréimhse sin. Ar chúiseanna na córa comhionainne agus na trédhearcachta, níor cheart do na húdaráis inniúla iarrataí ar oibreacha sibhialta a mheas mar iarrataí inghlactha más rud é nach gcuirtear an fhaisnéis íosta a cheanglaítear faoin Rialachán seo ar fáil trí phointe faisnéise aonair laistigh de 3 mhí sula gcuirtear an chéad iarraidh ar chead faoi bhráid na núdarás inniúil. I gcás ina bhfuil gá le cearta slí, sa bhreis ar cheadanna, chun eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainneachta a imscaradh, ba cheart do na húdaráis inniúla, de mhaolú ar Airteagal 43 de Threoir (AE) 2018/1972, na cearta slí sin a dheonú laistigh de 4 mhí ón iarraidh a fháil. Ba cheart leanúint de chearta slí eile nach bhfuil gá leo i gcomhar le ceadanna le haghaidh oibreacha sibhialta a dheonú laistigh de 6 mhí i gcomhréir le hAirteagal 43 de Threoir (AE) 2018/1972. Ba cheart an ceart chun cúitimh a bheith ag oibreoirí a ndéantar damáiste dóibh mar gheall ar mhoill a dhéanann údaráis inniúil le ceadanna nó cearta slí a dheonú laistigh de na sprioc-amanna is infheidhme.

(41)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le hAirteagal 7 den Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 39 . D’fhéadfaí na díolúintí ón gceanglas maidir le ceadanna a leagtar amach ar leibhéal an Aontais trí bhíthin gníomh cur chun feidhme a chur i bhfeidhm maidir le catagóirí éagsúla bonneagair (amhail crainn, aeróga, cuaillí agus cáblaí faoi thalamh) faoi choinníollacha sonraithe áirithe, bonneagar a bhféadfadh ceadanna tógála, ceadanna tochailte nó cineálacha eile ceadanna a bheith de dhíth ina leith ar dtús. D’fhéadfaí iad a chur i bhfeidhm freisin maidir le huasghráduithe teicniúla ar oibreacha nó suiteálacha cothabhála atá ann cheana, oibreacha sibhialta ar mionscála, amhail trinseáil, agus athnuachan ceadanna.

(42)Chun a áirithiú go gcuirfear i gcrích na nósanna imeachta um cheadanna agus cearta slí den sórt sin a dheonú laistigh de sprioc-amanna réasúnta, mar is léir ó nuachóiriú áirithe agus ó dhea-chleachtais riaracháin ar an leibhéal náisiúnta, is gá prionsabail a tharraingt suas le haghaidh simpliú riaracháin. Ba cheart a áireamh leis sin, inter alia, an oibleagáid maidir le réamhúdarú a theorannú do chásanna ina bhfuil sí fíor-riachtanach agus formheas intuigthe ó na húdaráis inniúla a thabhairt isteach tar éis tréimhse áirithe ama. Thairis sin, níor cheart na catagóirí imscartha atá díolmhaithe ó cheadanna faoi dhlí an Aontais a bheith faoi réir ceadanna faoin dlí náisiúnta a thuilleadh.

(43)Chun imscaradh eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainneachta a éascú, ba cheart aon táille a bhaineann le cead, seachas cearta slí, a theorannú do na costais riaracháin a bhaineann le próiseáil na hiarrata ar chead de réir na bprionsabal a bhunaítear in Airteagal 16 de Threoir (AE) 2018/1972. I gcás cearta slí, tá feidhm ag na forálacha a bhunaítear in Airteagail 42 agus 43 de Threoir (AE) 2018/1972.

(44)Chun na spriocanna a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2022/2481 a bhaint amach, ní mór gach úsáideoir deiridh ag suíomhanna fosaithe a bheith cumhdaithe le líonra gigighiotáin go dtí críochphointe líonra faoi 2030, agus ní mór na limistéir uile a bhfuil daonra iontu a bheith cumhdaithe le líonraí ardluais gan sreang den chéad ghlúin eile ag a bhfuil feidhmíocht atá coibhéiseach le 5G, ar a laghad faoi 2030, i gcomhréir le prionsabal na neodrachta teicneolaíche. Ba cheart soláthar líonraí gigighiotáin go dtí an túsáideoir deiridh a éascú, go háirithe trí bhonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá réidh don snáithín. Níl ach costas incriminteach teoranta ag baint le mionduchtanna a sholáthar agus foirgneamh á thógáil, agus d’fhéadfadh sé gur cuid mhór den chostas a bhaineann le líonra gigighiotáin a imscaradh é foirgnimh a fheistiú le bonneagar gigighiotáin. Dá bhrí sin, ba cheart gach foirgneamh nua agus gach foirgneamh a bhfuil athchóiriú ollmhór á dhéanamh air a fheistiú le bonneagar fisiceach agus sreangú snáithín laistigh den fhoirgneamh, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí úsáideoirí deiridh a nascadh le luasanna gigighiotáin. Ina theannta sin, ba cheart foirgnimh il-áitribh nua agus foirgnimh il-áitribh a bhfuil athchóiriú ollmhór á dhéanamh orthu a fheistiú le pointe rochtana, a bheadh inrochtana do ghnóthas amháin nó níos mó a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó atá údaraithe iad a sholáthar. Thairis sin, ba cheart d’fhorbróirí tógála foráil a dhéanamh maidir le duchtanna folmha lena gceanglófar gach aonad tithíochta leis an bpointe rochtana, a bheadh suite laistigh nó lasmuigh den fhoirgneamh il-áitribh. Le móroibreacha athchóirithe ar fhoirgnimh atá ann cheana ag suíomh an úsáideora deiridh chun feidhmíocht fuinnimh a fheabhsú (de bhun Threoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 40 ), tá deis ann na foirgnimh sin a fheistiú freisin le bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá réidh don snáithín, le sreangú snáithín laistigh den fhoirgneamh agus, i gcás foirgnimh il-áitribh, le pointe rochtana.

(45)An fhéidearthacht atá ann foirgneamh a fheistiú le bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá réidh don snáithín, le pointe rochtana nó le sreangú snáithín laistigh den fhoirgneamh, féadfar a mheas go bhfuil sí díréireach i dtéarmaí costas, is é sin i gcás aonaid tithíochta aonair nua nó foirgnimh a bhfuil móroibreacha athchóirithe á ndéanamh orthu. D’fhéadfadh sé sin a bheith bunaithe ar fhorais oibiachtúla, amhail meastacháin chostais shaincheaptha, cúiseanna eacnamaíocha a bhaineann leis an suíomh, nó caomhnú na hoidhreachta uirbí nó cúiseanna comhshaoil (mar shampla, i gcás catagóirí sonracha séadchomharthaí).

(46)Ba cheart go mbeadh ceannaitheoirí agus tionóntaí ionchasacha in ann foirgnimh a shainaithint atá feistithe le bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá réidh don snáithín, le pointe rochtana agus le sreangú snáithín laistigh den fhoirgneamh agus a bhfuil acmhainneacht shuntasach acu ó thaobh costais a shábháil dá bhrí sin. Ba cheart ullmhacht foirgneamh don snáithín a chur chun cinn freisin. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit lipéad éigeantach ‘réidh don snáithín’ a fhorbairt d’fhoirgnimh atá feistithe leis an mbonneagar sin, le pointe rochtana agus le sreangú snáithín laistigh den fhoirgneamh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(47)Gnóthais a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí lena nimscartar líonraí gigighiotáin i limistéar sonrach, nó atá údaraithe na líonraí sin a sholáthar, d’fhéadfaidís barainneachtaí móra scála a bhaint amach dá bhféadfaidís a líonra a fhoirceannadh ag pointe rochtana an fhoirgnimh trí úsáid a bhaint as bonneagar fisiceach atá ann cheana agus tríd an limistéar lena mbaineann a athchóiriú. Ba cheart a bheith in ann é sin a dhéanamh gan beann ar spéis shainráite a bheith ag síntiúsóir sa tseirbhís an tráth sin agus ar choinníoll go níoslaghdaítear an tionchar ar mhaoin phríobháideach. A luaithe a dhéantar an líonra a fhoirceannadh ag an bpointe rochtana, is féidir custaiméir breise a nascadh ar chostas i bhfad níos ísle, go háirithe trí rochtain ar phíosa ingearach atá réidh don snáithín laistigh den fhoirgneamh, i gcás ina bhfuil sé ann cheana féin. Déantar an cuspóir seo a bhaint amach freisin nuair a bhíonn an foirgneamh é féin feistithe cheana le líonra gigighiotáin a soláthraítear rochtain air d’aon soláthraí líonraí cumarsáide poiblí, a bhfuil síntiúsóir gníomhach aige san fhoirgneamh, faoi théarmaí agus coinníollacha trédhearcacha, comhréireacha agus neamhidirdhealaitheacha. D’fhéadfadh sé sin a bheith i gceist go háirithe i gcás na mBallstát a rinne bearta faoi Airteagal 44 de Threoir (AE) 2018/1972.

(48)Chun a áirithiú go mbeidh líonraí gigighiotáin ar fáil d’úsáideoirí deiridh, ba cheart foirgnimh nua agus foirgnimh a ndearnadh athchóiriú ollmhór orthu a fheistiú le bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh, le sreangú snáithín laistigh den fhoirgneamh agus, i gcás foirgnimh il-áitribh, le pointe rochtana. Ba cheart leibhéal solúbthachta a bheith ag na Ballstáit chun an méid sin a bhaint amach. Dá bhrí sin, ní fhéachtar leis an Rialachán seo le rialacha maidir le costais ghaolmhara a chomhchuibhiú, lena náirítear aisghabháil na gcostas a bhaineann le foirgnimh a fheistiú le bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá réidh don snáithín, sreangú snáithín laistigh den fhoirgneamh agus pointe rochtana.

(49)I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta agus chun imthosca náisiúnta a chur san áireamh, ba cheart do na Ballstáit na caighdeáin nó na sonraíochtaí teicniúla is gá a ghlacadh chun foirgnimh nuathógtha nó foirgnimh a ndearnadh athchóiriú ollmhór orthu a fheistiú le bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá réidh don snáithín agus le sreangú snáithín laistigh den fhoirgneamh; agus chun foirgnimh il-áitribh nua nó foirgnimh il-áitribh a ndearnadh athchóiriú ollmhór orthu a fheistiú le pointe rochtana. Leis na caighdeáin nó na sonraíochtaí teicniúla sin, ba cheart an méid seo a leanas ar a laghad a leagan amach: sonraíochtaí maidir le pointe rochtana an fhoirgnimh; sonraíochtaí an chomhéadain snáithín; sonraíochtaí cábla; sonraíochtaí soicéid; sonraíochtaí maidir le píobáin nó micreadhuchtanna; sonraíochtaí teicniúla is gá chun trasnaíocht ar cháblú leictreach a chosc, agus an ga íosta lúibe. Ba cheart do na Ballstáit a chur de choinníoll ar eisiúint na gceadanna tógála go gcomhlíonfaidh an tionscadal ábhartha nua tógála nó móroibreacha athchóirithe dá néilítear cead tógála na caighdeáin agus na sonraíochtaí teicniúla atá bunaithe ar thuarascáil dheimhnithe tástála. Ba cheart do na Ballstáit scéimeanna deimhniúcháin a bhunú freisin chun a léiriú go bhfuil na caighdeáin nó na sonraíochtaí teicniúla á gcomhlíonadh agus chun cáiliú don lipéad ‘réidh don snáithín’. Thairis sin, chun méadú ar rómhaorlathas a bhaineann leis an scéim deimhniúcháin a bhunaítear faoin Rialachán seo a sheachaint, ba cheart do na Ballstáit na ceanglais nós imeachta a chuirtear i bhfeidhm maidir le scéimeanna deimhniúcháin de bhun Threoir 2010/31/AE a chur san áireamh agus ba cheart dóibh féachaint an bhféadfaí an dá nós imeachta um iarraidh a sheoladh le chéile.

(50)I bhfianaise na leasanna sóisialta a eascraíonn as r-chuimsiú agus na cúinsí eacnamaíochta ó thaobh imscaradh líonraí fíor-ardacmhainneachta á gcur san áireamh, más rud é nach bhfuil bonneagar éighníomhach ná bonneagar gníomhach ann cheana atá réidh don snáithín agus a fhreastalaíonn ar áitribh na núsáideoirí deiridh nó nach bhfuil roghanna eile ann chun líonraí fíor-ardacmhainneachta a sholáthar do shíntiúsóir, ba cheart an ceart a bheith ag aon soláthraí líonraí cumarsáide poiblí a líonra a fhoirceannadh ag áitreabh príobháideach ar a chostas féin, ar choinníoll go ndéanfar an tionchar ar mhaoin phríobháideach a íoslaghdú, mar shampla, más féidir, tríd an mbonneagar fisiceach atá san fhoirgneamh cheana a athúsáid nó trína áirithiú go ndéanfar na limistéir a ndéantar difear dóibh a athchóiriú go hiomlán.

(51)Ba cheart iarrataí ar rochtain ar an mbonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ach tá iarraidh ar rochtain ar shreangú snáithín le teacht faoi raon feidhme Threoir (AE) 2018/1972. Thairis sin, d’fhéadfaí rochtain ar bhonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh a dhiúltú dá gcuirfí rochtain ar shreangú snáithín laistigh den fhoirgneamh ar fáil faoi théarmaí agus coinníollacha cothroma, réasúnta agus neamhidirdhealaitheacha, lena náirítear ó thaobh praghais de.

(52)Chun comhsheasmhacht na gcineálacha cur chuige a áirithiú, d’fhéadfadh an Coimisiún, i ndlúthchomhar le BEREC, treoraíocht a thabhairt i dtaca leis na forálacha maidir le rochtain ar bhonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh a chur i bhfeidhm, lena náirítear maidir le téarmaí agus coinníollacha na bhforálacha sin ach gan a bheith teoranta don mhéid sin. Ba cheart tuairimí na bpáirtithe leasmhara agus na gcomhlachtaí náisiúnta um réiteach díospóidí a chur san áireamh go cuí agus an treoraíocht á hullmhú.

(53)Chun nuachóiriú agus solúbthacht na nósanna imeachta riaracháin a chothú agus chun laghdú a chur ar an gcostas agus ar an am a chaitear ar na nósanna imeachta chun líonraí fíor-ardacmhainneachta a imscaradh, ba cheart seirbhísí pointí faisnéise aonair a dhéanamh go hiomlán ar líne. Chuige sin, ba cheart do phointí faisnéise aonair rochtain éasca a thabhairt ar na huirlisí digiteacha is gá, amhail tairseacha gréasáin, ardáin dhigiteacha, agus feidhmchláir dhigiteacha. Leis na huirlisí, ba cheart rochtain a thabhairt ar bhealach éifeachtúil ar an bhfaisnéis íosta maidir leis an mbonneagar fisiceach atá ann cheana agus oibreacha sibhialta atá beartaithe agus maidir leis an bhféidearthacht faisnéis a iarraidh. Leis na huirlisí digiteacha sin, ba cheart rochtain a thabhairt freisin ar na nósanna imeachta riaracháin leictreonacha um cheadanna agus cearta slí a dheonú agus ar fhaisnéis ghaolmhar maidir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta is infheidhme. I gcás ina mbunaítear níos mó ná pointe faisnéise aonair amháin i mBallstát, ba cheart rochtain éasca rianúil a bheith ar gach pointe faisnéise aonair, trí mheán leictreonach, trí phointe iontrála digiteach náisiúnta aonair. Ba cheart comhéadan coiteann úsáideora a bheith ag an bpointe iontrála sin lena náiritheofaí rochtain ar na pointí faisnéise aonair ar líne. Leis an bpointe iontrála digiteach náisiúnta aonair, ba cheart idirghníomhaíocht a éascú idir oibreoirí agus údaráis inniúla a dhéanann feidhmeanna na bpointí faisnéise aonair.

(54)Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit brath ar uirlisí digiteacha, agus i gcás inar gá feabhas a chur ar na huirlisí sin, amhail tairseacha gréasáin, ardáin dhigiteacha, agus feidhmchláir dhigiteacha a d’fhéadfadh a bheith ar fáil cheana féin ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta chun feidhmeanna an phointe faisnéise aonair a sholáthar ar choinníoll go gcomhlíonann siad na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo. Áirítear leis sin rochtain trí phointe iontrála digiteach náisiúnta aonair agus infhaighteacht na bhfeidhmiúlachtaí uile a leagtar amach sa Rialachán seo. Chun prionsabal na haonuaire maidir le híoslaghdú agus cruinneas sonraí a chomhlíonadh, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit níos mó ardáin nó feidhmchláir dhigiteacha a chomhtháthú lena dtacaítear leis na pointí faisnéise aonair, de réir mar is iomchuí. Mar shampla, d’fhéadfaí na hardáin nó na feidhmchláir dhigiteacha lena dtacaítear leis na pointí faisnéise aonair ar an mbonneagar fisiceach atá ann cheana a idirnascadh nó a chomhtháthú go hiomlán nó go páirteach leis na hardáin nó na feidhmchláir a bhaineann le hoibreacha sibhialta atá beartaithe agus ceadanna a dheonú.

(55)Chun éifeachtacht na bpointí faisnéise aonair dá bhforáiltear faoin Rialachán seo a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit acmhainní leordhóthanacha a áirithiú, chomh maith lena áirithiú go mbeidh faisnéis ábhartha ar fáil go héasca maidir le limistéar geografach sonrach. Ba cheart an leibhéal ceart mionsonraithe a bheith le sonrú san fhaisnéis chun éifeachtúlacht a uasmhéadú i bhfianaise na gcúraimí a shanntar, lena náirítear ag an gcadastar áitiúil. Ar an ábhar sin, d’fhéadfadh na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar na sineirgí agus na barainneachtaí scála a d’fhéadfaí a dhéanamh leis na pointí teagmhála aonair de réir bhrí Airteagal 6 de Threoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 41 agus réitigh ríomhrialtais eile atá beartaithe nó atá ann cheana d’fhonn cur leis na struchtúir atá ann cheana agus na tairbhí is fearr is féidir a bhaint amach do na húsáideoirí. Ar an gcuma chéanna, ba cheart nasc a bheith idir an Pointe Rochtana Aonair Digiteach dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 42 agus na pointí faisnéise aonair.

(56)Na costais a bhaineann leis an bpointe iontrála digiteach náisiúnta aonair, na pointí faisnéise aonair agus na huirlisí digiteacha a bhunú, nithe a bhfuil gá leo chun forálacha an Rialacháin seo a chomhlíonadh, d’fhéadfadh na costais sin a bheith incháilithe go hiomlán nó go páirteach le haghaidh tacaíocht airgeadais faoi chistí an Aontais, amhail Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa - cuspóir sonrach: Eoraip níos iomaíche agus níos cliste trí chlaochlú eacnamaíoch atá nuálach agus cliste agus nascacht réigiúnach TFC a chur chun cinn 43 ; an clár don Eoraip Dhigiteach 44 - cuspóir sonrach: imscaradh agus úsáid is fearr na nacmhainneachtaí digiteacha agus na hidir-inoibritheachta agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta 45 - colúin maidir leis an gclaochlú digiteach agus maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach, lena náirítear comhtháthú eacnamaíoch, poist, táirgiúlacht, iomaíochas, taighde, forbairt agus nuálaíocht, agus margadh inmheánach dea-fheidhmiúil ina bhfuil FBManna láidre, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na cuspóirí agus na critéir incháilitheachta atá iontu.

(57)I gcás easaontas faoi na téarmaí agus na coinníollacha teicniúla agus tráchtála le linn na caibidlíochta tráchtála maidir le rochtain ar bhonneagar fisiceach nó maidir le comhordú oibreacha sibhialta, ba cheart do gach páirtí a bheith in ann iarraidh ar chomhlacht náisiúnta um réiteach díospóidí réiteach a fhorchur ar na páirtithe ionas nach ndiúltófar an iarraidh a chomhlíonadh gan údar maith nó ionas nach bhforchuirfear coinníollacha míréasúnta. Agus praghsanna á gcinneadh maidir le rochtain a dheonú ar oibreacha sibhialta comhordaithe nó maidir le costais a chionroinnt le haghaidh oibreacha sibhialta comhordaithe, ba cheart don chomhlacht um réiteach díospóidí a áirithiú go mbeidh deis chothrom ag an soláthraí rochtana agus ag na hoibreoirí líonra a bhfuil oibreacha sibhialta á mbeartú acu a gcostais a aisghabháil, ar costais iad a thabhaítear chun rochtain ar a mbonneagar fisiceach a sholáthar nó chun na hoibreacha sibhialta atá beartaithe acu a chomhordú. Ba cheart a chur san áireamh leis sin an treoraíocht iomchuí ón gCoimisiún, aon choinníoll náisiúnta sonrach, aon struchtúr taraife a cuireadh ar bun agus aon leigheas a d’fhorchuir údarás rialála náisiúnta roimhe sin. Ba cheart don chomhlacht um réiteach díospóidí an tionchar a bheidh ag an rochtain a iarradh nó ag comhordú na noibreacha sibhialta atá beartaithe ar phlean gnó an tsoláthraí rochtana nó na noibreoirí líonra a bhfuil oibreacha sibhialta á mbeartú acu a chur san áireamh, lena náirítear na hinfheistíochtaí a rinne siad nó atá beartaithe acu, go háirithe infheistíochtaí sa bhonneagar fisiceach dá dtagraíonn an iarraidh.

(58)Chun moilleanna ar imscaradh líonraí a sheachaint, ba cheart don chomhlacht náisiúnta um réiteach díospóidí an díospóid a réiteach go tráthúil agus, in aon chás, laistigh de 4 mhí ar a dhéanaí ón iarraidh a fháil ar an díospóid a réiteach i gcás díospóidí maidir le rochtain ar bhonneagar fisiceach atá ann cheana agus laistigh de mhí amháin i gcás ina mbaineann sí le trédhearcacht an bhonneagair fhisicigh, le comhordú na noibreacha sibhialta atá beartaithe agus le trédhearcacht na noibreacha sibhialta atá beartaithe. D’fhéadfadh sé nach mbeadh neart ag na comhlachtaí um réiteach díospóidí ar imthosca eisceachtúla lena dtugtar údar le moill ar réiteach díospóide, amhail easpa faisnéise nó doiciméadachta lena bhfuil gá chun cinneadh a dhéanamh, lena náirítear tuairimí na núdarás inniúil eile nach mór dul i gcomhairle leo nó castacht ard an chomhaid.

(59)I gcás ina dtiocfaidh díospóidí chun cinn maidir le rochtain ar an mbonneagar fisiceach, oibreacha sibhialta atá beartaithe nó faisnéis faoi na nithe sin chun líonraí fíor-ardacmhainneachta a imscaradh, ba cheart é a bheith de chumhacht ag an gcomhlacht um réiteach díospóidí na díospóidí sin a réiteach trí bhíthin cinneadh ceangailteach. In aon chás, ba cheart cinntí ó chomhlacht den sórt sin a bheith gan dochar don deis atá ag aon pháirtí an cás a tharchur chuig cúirt nó sásra idir-réitigh roimh ré nó sásra idir-réitigh comhthreomhar a ghabhann leis an réiteach foirmiúil díospóidí a dhéanamh, a d’fhéadfadh a bheith i bhfoirm idirghabhála nó i bhfoirm babhta breise malartuithe.

(60)I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar don deis atá ag na Ballstáit cúraimí rialála a shannadh do na húdaráis is oiriúnaí chun iad a chomhlíonadh i gcomhréir leis an gcóras bunreachtúil náisiúnta dáilte inniúlachtaí agus cumhachtaí agus i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo. Chun an tualach riaracháin a laghdú, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit comhlacht atá ann cheana a cheapadh nó na comhlachtaí inniúla a ceapadh cheana a choinneáil ar bun de bhun Threoir 2014/61/AE. Ba cheart faisnéis faoi na cúraimí a leithdháiltear ar an gcomhlacht inniúil nó ar na comhlachtaí inniúla a fhoilsiú trí phointe faisnéise aonair agus ba cheart fógra a thabhairt don Choimisiún ina leith, mura bhfuil sé déanta cheana féin de bhun Threoir (AE) 2014/61/AE. An rogha atá ag na Ballstáit feidhmeanna an phointe faisnéise aonair a leithdháileadh ar níos mó ná comhlacht inniúil amháin, níor cheart don rogha sin difear a dhéanamh dá gcumas na feidhmeanna sin a chomhlíonadh go héifeachtach.

(61)Ba cheart don chomhlacht náisiúnta ainmnithe um réiteach díospóidí agus don chomhlacht inniúil a dhéanann feidhmeanna an phointe faisnéise aonair neamhchlaontacht, neamhspleáchas agus deighilt struchtúrach a áirithiú i leith na bpáirtithe lena mbaineann, agus a gcumhachtaí a fheidhmiú ar bhealach neamhchlaonta, trédhearcach agus tráthúil; agus ba cheart na hinniúlachtaí agus na hacmhainní cuí a bheith acu.

(62)Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis iomchuí, éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha i gcás nach gcomhlíontar an Rialachán seo nó cinneadh ceangailteach arna ghlacadh ag na comhlachtaí inniúla, lena náirítear cásanna ina ndéanann oibreoir líonra nó comhlacht earnála poiblí faisnéis mhíthreorach, earráideach nó neamhiomlán a sholáthar, go feasach nó de thoradh mórfhaillí, trí phointe faisnéise aonair.

(63)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, is é sin bonneagair fhisiceacha atá oiriúnach do líonraí fíor-ardacmhainneachta a imscaradh ar fud an Aontais, mar gheall ar chineálacha leanúnacha éagsúla cur chuige agus mar gheall ar thrasuíomh mall neamhéifeachtach Threoir 2014/61/AE, ach gur fearr, de bharr fhairsinge imscaradh na líonraí agus na hinfheistíochta is gá, iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(64)Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus is é is aidhm don Rialachán seo, go háirithe, a áirithiú go nurramófar go hiomlán an ceart chun saoil phríobháidigh agus cosaint na rún gnó, an tsaoirse chun gnó a dhéanamh, an ceart chun maoine agus an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil. Ní mór an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin.

(65)Áirítear sa Rialachán seo forálacha lena gcumhdaítear na réimsí substainte uile a chumhdaítear le Treoir 2014/61/AE, agus ba cheart í a aisghairm dá bhrí sin.

(66)Is é is aidhm do thréimhse 6 mhí idir an teacht i bhfeidhm agus an cur i bhfeidhm dóthain ama a thabhairt do na Ballstáit chun a áirithiú nach bhfuil aon bhacainn ina reachtaíocht náisiúnta ar chur i bhfeidhm aonfhoirmeach agus éifeachtach an Rialacháin seo. Tá an tréimhse 6 mhí gan dochar do na rialacha sonracha sa Rialachán seo maidir le cur i bhfeidhm moillithe forálacha sonracha mar a shonraítear ann. Forálacha náisiúnta ina bhfuil forluí leis an Rialachán seo nó a thagann salach air, tá na Ballstáit chun na forálacha sin a tharraingt siar faoin tráth a thagann an Rialachán i bhfeidhm. A mhéid a bhaineann le reachtaíocht nua a ghlacadh le linn na tréimhse sin, fágann Airteagal 4(3) CAE go bhfuil dualgas an chomhair dhílis ar na Ballstáit gan beart a dhéanamh a bheadh ar neamhréir le rialacha dlíthiúla ionchasacha an Aontais,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1. Tá sé d’aidhm ag an Rialachán seo leathadh amach líonraí fíor-ardacmhainneachta a éascú agus a spreagadh trí úsáid chomhpháirteach an bhonneagair fhisicigh atá ann cheana a chur chun cinn agus trí imscaradh níos éifeachtúla bonneagair fhisicigh nua a chumasú sa chaoi go mbeifear in ann na líonraí sin a leathadh amach ar bhealach níos tapa agus ar chostas níos lú.

2. Má tá aon fhoráil sa Rialachán seo ag teacht salach ar fhoráil i dTreoir (AE) 2018/1972 nó i dTreoir 2002/77/CE, beidh forlámhas ag an bhforáil ábhartha sna Treoracha sin.

3. Féadfaidh na Ballstáit bearta a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach i gcomhréir le dlí an Aontais ina bhfuil forálacha níos mionsonraithe ná na forálacha a leagtar amach sa Rialachán seo i gcás ina gcuirtear chun cinn leo úsáid chomhpháirteach an bhonneagair fhisicigh atá ann cheana nó i gcas ina gcumasaítear leo bonneagar fisiceach nua a imscaradh ar bhealach níos éifeachtúla.

4. Mar eisceacht ar mhír 3, ní choinneoidh na Ballstáit ar bun ina ndlí náisiúnta ná ní thabharfaidh siad isteach ina ndlí náisiúnta forálacha nach bhfuil i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos in Airteagal 3(3) agus (6), Airteagal 4(4), Airteagal 5(2) agus (4), Airteagal 6(2) agus Airteagal 8(7) agus (8).

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe i dTreoir (AE) 2018/1972.

Tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas freisin:

(1)ciallaíonn ‘oibreoir líonra’:

(a)oibreoir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (29), de Threoir (AE) 2018/1972;

(b)gnóthas a sholáthraíonn bonneagar fisiceach a bhfuil sé d’aidhm aige na nithe seo a leanas a sholáthar:

(i) seirbhís táirgthe, iompair nó dáilte:

-    gáis;

-    leictreachais, lena náirítear soilsiú poiblí;

-    téimh;

-    uisce, lena náirítear diúscairt nó cóireáil fuíolluisce agus camrais, agus córais draenála;

(ii) seirbhísí iompair, lena n‑áirítear iarnróid, bóithre, calafoirt agus aerfoirt;

(2)ciallaíonn ‘bonneagar fisiceach’:

(a)aon eilimint de líonra atá beartaithe chun eilimintí eile líonra a óstáil gan a bheith ina heilimint ghníomhach den líonra í féin, amhail píobáin, crainn, duchtanna, dúnphoill iniúchta, dúnphoill, caibinéid, suiteálacha aeróige, túir agus cuaillí, chomh maith le foirgnimh nó bealaí isteach ar fhoirgnimh, agus aon sócmhainn eile lena náirítear troscán sráide, amhail cuaillí solais, comharthaí sráide, soilse tráchta, cláir fógraí, stadanna bus agus trambhealaí agus stáisiúin mheitreo;

(b)i gcás nach cuid de líonra iad agus go bhfuil siad faoi úinéireacht nó faoi rialú comhlachtaí earnála poiblí: foirgnimh nó bealaí isteach ar fhoirgnimh, agus aon sócmhainn eile lena náirítear troscán sráide, amhail cuaillí solais, comharthaí sráide, soilse tráchta, cláir fógraí, stadanna bus agus trambhealaí agus stáisiúin mheitreo.

Cáblaí, lena náirítear snáithín optúil dorcha, chomh maith le heilimintí líonraí a úsáidtear chun uisce a sholáthar atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 1, de Threoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 46 , ní bonneagar fisiceach iad de réir bhrí an Rialacháin seo;

(3) ciallaíonn ‘oibreacha sibhialta’ gach toradh oibreacha tógála nó innealtóireachta sibhialta, glactha ina iomláine, ar leor é ann féin chun feidhm eacnamaíoch nó theicniúil a chomhlíonadh agus a bhfuil eilimint amháin nó níos mó de bhonneagar fisiceach i gceist leis;

(4) ciallaíonn ‘comhlacht earnála poiblí’ údarás Stáit, réigiúnach nó áitiúil, comhlacht faoi rialú an dlí phoiblí nó comhlachas arna bhunú ag ceann amháin de na comhlachtaí sin nó roinnt acu faoi rialú an dlí phoiblí;

(5) ciallaíonn ‘comhlachtaí faoi rialú an dlí phoiblí’ comhlachtaí lena mbaineann na saintréithe seo a leanas uile:

(a)bunaíodh iad chun riachtanais ar mhaithe leis an leas ginearálta a chomhlíonadh go sonrach, riachtanais nach de chineál tionsclaíoch ná tráchtála iad;

(b)tá pearsantacht dhlítheanach acu;

(c)tá siad á maoiniú, go hiomlán nó den chuid is mó, ag údaráis stáit, réigiúnacha nó áitiúla nó ag comhlachtaí eile faoi rialú an dlí phoiblí; nó tá siad faoi réir mhaoirseacht bainistíochta na n‑údarás nó na gcomhlachtaí sin; nó tá bord riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta acu, a gceapann údaráis stáit, réigiúnacha nó áitiúla nó comhlachtaí eile faoi rialú an dlí phoiblí níos mó ná leath dá chomhaltaí;

(6) ciallaíonn ‘bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh’ bonneagar fisiceach nó suiteálacha ag suíomh an úsáideora deiridh, lena n‑áirítear eilimintí faoi chomhúinéireacht, a bhfuil sé d’aidhm acu líonraí rochtana le sreang agus/nó gan sreang a óstáil, i gcás ina bhfuil na líonraí rochtana sin in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar agus pointe rochtana an fhoirgnimh a nascadh le críochphointe an líonra;

(7) ciallaíonn ‘sreangú snáithín laistigh den fhoirgneamh’ cáblaí snáthoptaice ag suíomh an úsáideora deiridh, lena n‑áirítear eilimintí faoi chomhúinéireacht, a bhfuil sé d’aidhm acu seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar agus pointe rochtana an fhoirgnimh a nascadh le críochphointe an líonra;

(8) ciallaíonn ‘bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá réidh don snáithín’ bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh ina bhfuil sé beartaithe eilimintí snáthoptaice a óstáil;

(9) ciallaíonn ‘móroibreacha athchóirithe’ oibreacha tógála nó innealtóireachta sibhialta ag suíomh an úsáideora deiridh lena gcuimsítear modhnuithe struchtúracha ar an mbonneagar fisiceach iomlán laistigh den fhoirgneamh nó ar chuid mhór den bhonneagar sin agus a bhfuil cead tógála de dhíth ina leith;

(10)    ciallaíonn ‘cead’ cinneadh nó sraith cinntí sainráite nó intuigthe arna nglacadh go comhuaineach nó i ndiaidh a chéile ag údarás inniúil amháin nó ag roinnt údaráis inniúla, cinntí a bhfuil gá leo chun go ndéanfaidh gnóthas oibreacha tógála nó innealtóireachta sibhialta is gá chun eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainneachta a imscaradh;

(11)    ciallaíonn ‘pointe rochtana’ pointe fisiceach, suite laistigh nó lasmuigh den fhoirgneamh, ar a bhfuil rochtain ag gnóthas amháin nó níos mó ná sin a bhfuil líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí á soláthar acu nó atá údaraithe iad a sholáthar, ag a gcuirtear ar fáil nasc chuig an mbonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá réidh don snáithín.

Airteagal 3

Rochtain ar bhonneagar fisiceach atá ann cheana

1. Arna iarraidh sin i scríbhinn d’oibreoir, comhlíonfaidh comhlachtaí earnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu nó oibreoirí líonra gach iarraidh réasúnta ar rochtain ar an mbonneagar fisiceach sin faoi théarmaí agus coinníollacha cothroma agus réasúnta, lena n‑áirítear ó thaobh praghais de, d’fhonn eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainneachta nó de shaoráidí gaolmhara a imscaradh. Comhlíonfaidh comhlachtaí earnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu na hiarrataí réasúnta uile ar rochtain faoi théarmaí agus coinníollacha neamh‑idirdhealaitheacha freisin. Sna hiarrataí i scríbhinn sin, sonrófar eilimintí an bhonneagair fhisicigh a n‑iarrtar rochtain orthu, lena n‑áirítear creat ama sonrach.

2. Agus praghsanna á gcinneadh mar chuid de théarmaí agus coinníollacha cothroma agus réasúnta chun rochtain a dheonú, cuirfidh oibreoirí líonra agus comhlachtaí earnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu an méid seo a leanas san áireamh:

(a)an gá lena áirithiú go bhfuil deis chothrom ag an soláthraí rochtana na costais a aisghabháil a thabhaíonn sé chun rochtain ar a bhonneagar fisiceach a sholáthar, agus na coinníollacha náisiúnta sonracha agus aon struchtúr taraife a cuireadh ar bun chun deis chothrom maidir le haisghabháil costas a sholáthar á gcur san áireamh; i gcás líonraí cumarsáide leictreonaí, cuirfear san áireamh freisin aon leigheas arna fhorchur ag údarás rialála náisiúnta.

(b)tionchar na rochtana a iarradh ar phlean gnó an tsoláthraí rochtana, lena náirítear infheistíochtaí sa bhonneagar fisiceach ar iarradh rochtain air;

(c)i gcás sonrach na rochtana ar bhonneagar fisiceach oibreoirí, inmharthanacht eacnamaíoch na ninfheistíochtaí sin bunaithe ar a bpróifíl riosca, aon sceideal ama don toradh ar infheistíocht, aon tionchar a bheadh ag an rochtain ar iomaíocht iartheachtach agus dá réir sin ar phraghsanna agus ar an toradh ar infheistíocht, aon dímheas ar shócmhainní an líonra tráth na hiarrata ar rochtain, aon chás gnó atá mar bhonn taca leis an infheistíocht tráth a dhéantar í, go háirithe sna bonneagair fhisiceacha a úsáidtear chun nascacht a sholáthar; agus aon deis a tugadh don iarrthóir ar rochtain roimhe seo chun comhinfheistíocht a dhéanamh in imscaradh an bhonneagair fhisicigh, go háirithe de bhun Airteagal 76 de Threoir (AE) 2018/1972, nó chun comhimscaradh a dhéanamh in éineacht leis.

3. Oibreoirí líonra agus comhlachtaí earnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu, féadfaidh siad rochtain ar bhonneagar fisiceach sonrach a dhiúltú bunaithe ar cheann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:

(a)baineann easpa oiriúnacht theicniúil leis an mbonneagar fisiceach ar iarradh rochtain air chun aon eilimint de líonraí fíor-ardacmhainneachta dá dtagraítear i mír 2 a óstáil;

(b)tá easpa spáis ann chun eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainneachta nó de shaoráidí gaolmhara dá dtagraítear i mír 2 a óstáil, lena náirítear tar éis an gá a bheidh ag an tsoláthraí rochtana amach anseo le spás a léirítear go leordhóthanach a chur san áireamh;

(c)cúiseanna imní maidir le sábháilteacht agus sláinte phoiblí a bheith ann;

(d)ábhair imní maidir le sláine agus slándáil aon líonra, go háirithe bonneagar náisiúnta criticiúil;

(e)an riosca go gcuirfí isteach go tromchúiseach ar na seirbhísí eile dá ndéanfaí seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá beartaithe a sholáthar ar an mbonneagar fisiceach céanna; nó

(f)fáil a bheith ar mhodhanna inmharthana malartacha rochtana fisicí mórdhíola ar líonraí cumarsáide leictreonaí a sholáthraíonn an toibreoir líonra céanna agus atá oiriúnach chun líonraí fíor-ardacmhainneachta a sholáthar, ar choinníoll go gcuirfear an rochtain sin ar fáil faoi théarmaí agus coinníollacha cothroma agus réasúnta.

I gcás ina ndiúltófar rochtain a sholáthar, déanfaidh an t‑oibreoir líonra nó an comhlacht earnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú aige na cúiseanna sonracha mionsonraithe leis an diúltú sin a chur in iúl, i scríbhinn, don iarrthóir ar rochtain laistigh de mhí amháin ón dáta a gheofar an iarraidh iomlán ar rochtain.

4. Féadfaidh na Ballstáit comhlacht a bhunú chun iarrataí ar rochtain ar bhonneagar fisiceach atá faoi úinéireacht nó faoi rialú comhlachtaí earnála poiblí a chomhordú, chun comhairle dhlíthiúil agus theicniúil a chur ar fáil trí théarmaí agus coinníollacha rochtana a chaibidliú, agus chun soláthar faisnéise trí phointe faisnéise aonair dá dtagraítear in Airteagal 10 a éascú.

5. Bonneagar fisiceach atá faoi réir oibleagáidí rochtana arna bhforchur ag údaráis rialála náisiúnta de bhun Threoir (AE) 2018/1972 nó a eascraíonn as cur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir leis an státchabhair, ní bheidh sé faoi réir na n‑oibleagáidí a leagtar amach i míreanna 2, 3 agus 4, a fhad a bheidh oibleagáidí rochtana den sórt sin i bhfeidhm.

6. Féadfaidh comhlachtaí earnála poiblí a bhfuil foirgnimh nó catagóirí áirithe foirgneamh faoi úinéireacht nó faoi rialú acu cinneadh gan míreanna 1, 2 agus 3 a chur i bhfeidhm maidir leis na foirgnimh nó na catagóirí foirgneamh sin ar chúiseanna a bhaineann le luach ailtireachta, stairiúil, reiligiúnach nó nádúrtha, nó ar chúiseanna a bhaineann le slándáil phoiblí, sábháilteacht agus sláinte. Sainaithneoidh na Ballstáit foirgnimh nó catagóirí foirgneamh den sórt sin ina gcríoch bunaithe ar chúiseanna comhréireacha a bhfuil údar cuí leo. Foilseofar faisnéis faoi fhoirgnimh nó faoi chatagóirí foirgneamh den sórt sin trí phointe faisnéise aonair agus tabharfar fógra don Choimisiún fúthu.

7. Beidh sé de cheart ag oibreoirí rochtain ar a mbonneagar fisiceach a thairiscint chun líonraí a imscaradh, seachas líonraí cumarsáide leictreonaí nó saoráidí gaolmhara.

8. Beidh an tAirteagal seo gan dochar do cheart úinéir an bhonneagair fhisicigh chun maoine i gcásanna nach é an t‑oibreoir líonra nó an comhlacht earnála poiblí an t‑úinéir, agus beidh sé gan dochar do cheart aon tríú páirtí eile chun maoine, amhail úinéirí talún agus úinéirí maoine príobháidí.

9. Tar éis don Choimisiún dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara, leis na comhlachtaí náisiúnta um réiteach díospóidí agus le comhlachtaí nó gníomhaireachtaí inniúla eile de chuid an Aontais sna hearnálacha ábhartha de réir mar is iomchuí, féadfaidh sé, i ndlúthchomhar le BEREC, treoraíocht a thabhairt maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo.

Airteagal 4

Trédhearcacht an bhonneagair fhisicigh

1. Chun rochtain a iarraidh ar bhonneagar fisiceach i gcomhréir le hAirteagal 3, beidh sé de cheart ag aon oibreoir rochtain a fháil, arna iarraidh sin, ar an bhfaisnéis íosta seo a leanas maidir leis an mbonneagar fisiceach atá ann cheana i bhformáid leictreonach trí phointe faisnéise aonair:

(a)suíomh geothagartha agus bealach;

(b)cineál an bhonneagair agus an úsáid a bhaintear as faoi láthair;

(c)pointe teagmhála.

Beidh an fhaisnéis íosta sin ar fáil go pras, faoi théarmaí comhréireacha, neamh‑idirdhealaitheacha agus trédhearcacha agus, in aon chás tráth nach déanaí ná 15 lá tar éis an iarraidh ar fhaisnéis a chur isteach.

Aon oibreoir a iarrfaidh rochtain ar fhaisnéis de bhun an Airteagail seo, sonróidh sé an limistéar ina bhfuil sé beartaithe ag an oibreoir iarrthach eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainneachta nó de shaoráidí gaolmhara a imscaradh.

Ní fhéadfar rochtain ar an bhfaisnéis íosta a theorannú, ach amháin i gcás inar gá, chun slándáil foirgneamh áirithe atá faoi úinéireacht nó faoi rialú comhlachtaí earnála poiblí, slándáil na líonraí agus a sláine, slándáil náisiúnta, sláinte nó sábháilteacht phoiblí a áirithiú, nó ar chúiseanna rúndachta nó rún oibriúcháin agus gnó.

2. Déanfaidh oibreoirí líonraí agus comhlachtaí earnála poiblí an fhaisnéis íosta dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil, tríd an bpointe faisnéise aonair agus i bhformáid leictreonach, faoin [DÁTA TEACHT I bhFEIDHM + 12 MHÍ]. Faoi na coinníollacha céanna, déanfaidh oibreoirí líonra agus comhlachtaí earnála poiblí aon nuashonrú ar an bhfaisnéis sin agus aon fhaisnéis íosta nua dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil go pras.

3. Comhlíonfaidh oibreoirí líonra agus comhlachtaí earnála poiblí iarrataí réasúnta ar shuirbhéanna ar an láthair ar eilimintí sonracha dá mbonneagar fisiceach arna iarraidh sin go sonrach d’oibreoir. Sonrófar sna hiarrataí sin na heilimintí den bhonneagar fisiceach lena mbaineann d’fhonn eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainneachta nó de shaoráidí gaolmhara a imscaradh. Maidir le suirbhéanna ar an láthair ar na heilimintí sonracha den bhonneagar fisiceach, deonófar na suirbhéanna sin faoi théarmaí comhréireacha, neamh‑idirdhealaitheacha agus trédhearcacha laistigh de mhí amháin ón dáta a gheofar an iarraidh, faoi réir na dteorainneacha a leagtar amach i mír 1, an ceathrú fomhír.

4. Ní gá feidhm a bheith ag míreanna 1, 2 agus 3 maidir le bonneagar criticiúil náisiúnta mar a shainmhínítear faoin dlí náisiúnta.

Ní bheidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3:

(a)i gcás bonneagar fisiceach nach bhfuil oiriúnach go teicniúil chun líonraí fíor-ardacmhainneachta nó saoráidí gaolmhara a imscaradh’; nó

(b)i gcásanna sonracha ina mbeadh an oibleagáid maidir le faisnéis a sholáthar faoi bhonneagar fisiceach áirithe atá ann cheana de bhun mhír 1, an chéad fhomhír, díréireach, ar bhonn measúnú mionsonraithe costais agus tairbhe arna dhéanamh ag na Ballstáit agus bunaithe ar chomhairliúchán le páirtithe leasmhara.

Foilseofar aon eisceacht den sórt sin trí phointe faisnéise aonair agus tabharfar fógra don Choimisiún fúithi.

5. Déanfaidh oibreoirí a fhaigheann rochtain ar fhaisnéis de bhun an Airteagail seo bearta iomchuí chun a áirithiú go n‑urramófar rúndacht, agus rúin oibriúcháin agus ghnó.

Airteagal 5

Comhordú na n‑oibreacha sibhialta

1. Beidh sé de cheart ag aon oibreoir líonra comhaontuithe a chaibidliú maidir le comhordú oibreacha sibhialta, lena n‑áirítear comhaontuithe maidir le cionroinnt costas, le hoibreoirí d’fhonn eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainneachta nó de shaoráidí gaolmhara a imscaradh.

2. Agus oibreacha sibhialta á ndéanamh nó á mbeartú ag aon oibreoir líonra go díreach nó go hindíreach, ar oibreacha sibhialta iad a mhaoinítear go hiomlán nó i bpáirt le cistí poiblí, comhlíonfaidh sé aon iarraidh réasúnta i scríbhinn chun na hoibreacha sibhialta sin a chomhordú faoi théarmaí trédhearcacha agus neamh‑idirdhealaitheacha, iarraidh arna déanamh ag oibreoirí d’fhonn eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainneachta nó de shaoráidí gaolmhara a imscaradh.

Comhlíonfar iarrataí den sórt sin ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha carnacha seo a leanas:

(a)maidir leis an oibreoir líonra a raibh sé beartaithe aige na hoibreacha sibhialta atá i gceist a dhéanamh ar dtús, ní chuirtear aon chostas breise nach féidir a aisghabháil air, lena náirítear na costais sin arb iad moilleanna breise is cúis leo, gan dochar don fhéidearthacht teacht ar chomhaontú maidir leis na costais a chionroinnt idir na páirtithe lena mbaineann;

(b)an toibreoir líonra a bhfuil sé beartaithe aige na hoibreacha sibhialta a dhéanamh ar dtús, beidh sé fós i gceannas ar chomhordú na noibreacha;

(c)déanfar an iarraidh ar chomhordú a chomhdú a luaithe is féidir agus, nuair atá gá le cead, 2 mhí ar a laghad sula gcuirfear an tionscadal deiridh faoi bhráid na núdarás inniúil chun ceadanna a dheonú.

3. Maidir le hiarraidh chun oibreacha sibhialta a chomhordú a dhéanann gnóthas a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó atá údaraithe iad a sholáthar ar ghnóthas a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó atá údaraithe iad a sholáthar, féadfar a mheas go bhfuil an iarraidh sin míréasúnta i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(a)baineann an iarraidh le limistéar a bhí faoi réir ceachtar den dá rud seo a leanas:

(i)réamhaisnéis maidir le clúdach líonraí leathanbhanda, lena náirítear líonraí fíor-ardacmhainneachta de bhun Airteagal 22(1) de Threoir (AE) 2018/1972;

(ii)cuireadh chun a dhearbhú go bhfuil sé ar intinn aige líonraí fíor-ardacmhainneachta a imscaradh de bhun Airteagal 22(3) de Threoir (AE) 2018/1972;

(iii)comhairliúchán poiblí i dtaca le rialacha an Aontais maidir leis an státchabhair a chur i bhfeidhm;

(b)níor chuir an gnóthas iarrthach in iúl go raibh sé ar intinn aige líonraí fíor-ardacmhainneachta a imscaradh sa limistéar dá dtagraítear i bpointe (a) in aon cheann de na nósanna imeachta is déanaí as measc na nósanna imeachta a liostaítear sa phointe sin lena gcumhdaítear an tréimhse ina ndéantar an iarraidh ar chomhordú.

Má mheastar go bhfuil iarraidh ar chomhordú míréasúnta ar bhonn na chéad mhíre, an gnóthas a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó atá údaraithe na líonraí sin a sholáthar agus a dhiúltaíonn oibreacha sibhialta a chomhordú, déanfaidh sé bonneagar fisiceach ag a bhfuil acmhainn leordhóthanach a imscaradh chun freastal ar riachtanais réasúnta a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo maidir le rochtain tríú páirtí.

4. Ní gá feidhm a bheith ag míreanna 2 agus 3 maidir le hoibreacha sibhialta atá teoranta ó thaobh raon feidhme de, amhail i dtéarmaí luacha, méide nó faid, nó i gcás bonneagar criticiúil náisiúnta. Sainaithneoidh na Ballstáit na cineálacha oibreacha sibhialta a mheastar a bheith teoranta ó thaobh raon feidhme de nó a bhaineann le bonneagar criticiúil náisiúnta bunaithe ar chúiseanna comhréireacha a bhfuil údar cuí leo. Foilseofar faisnéis faoi na cineálacha sin oibreacha sibhialta trí phointe faisnéise aonair agus tabharfar fógra don Choimisiún fúithi.

5. Tar éis don Choimisiún dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara, leis na comhlachtaí náisiúnta um réiteach díospóidí agus le comhlachtaí nó gníomhaireachtaí inniúla eile de chuid an Aontais sna hearnálacha ábhartha de réir mar is iomchuí, féadfaidh sé, i ndlúthchomhar le BEREC, treoraíocht a thabhairt maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo.

Airteagal 6

Trédhearcacht na n‑oibreacha sibhialta atá beartaithe

1. Chun comhaontuithe a chaibidliú maidir le comhordú na n‑oibreacha sibhialta dá dtagraítear in Airteagal 5, cuirfidh aon oibreoir líonra an fhaisnéis íosta seo a leanas ar fáil i bhformáid leictreonach trí phointe faisnéise aonair:

(a)suíomh geothagartha agus cineál na noibreacha;

(b)na heilimintí den líonra atá i gceist;

(c)an dáta a mheastar a thosóidh na hoibreacha agus a bhfad;

(d)an dáta a mheastar a chuirfear an tionscadal deiridh faoi bhráid na núdarás inniúil chun ceadanna a dheonú, i gcás inarb infheidhme;

(e)pointe teagmhála.

Cuirfidh an t‑oibreoir líonra an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar fáil le haghaidh oibreacha sibhialta atá beartaithe a bhaineann lena bhonneagar fisiceach. Ní mór an méid sin a dhéanamh a luaithe a bheidh an fhaisnéis ar fáil don oibreoir líonra agus, in aon chás agus i gcás ina bhfuil cead beartaithe, tráth nach déanaí ná 3 mhí sula gcuirfear an iarraidh ar chead faoi bhráid na n‑údarás inniúil den chéad uair.

Beidh sé de cheart ag oibreoirí rochtain a fháil ar an bhfaisnéis íosta dá dtagraítear sa chéad fhomhír i bhformáid leictreonach, arna iarraidh sin, tríd an bpointe faisnéise aonair. San iarraidh ar rochtain ar fhaisnéis, sonrófar an limistéar ina bhfuil sé beartaithe ag an oibreoir iarrthach eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainneachta nó de shaoráidí gaolmhara a imscaradh. Laistigh de sheachtain amháin ón dáta a gheofar an iarraidh ar fhaisnéis, cuirfear an fhaisnéis a iarradh ar fáil faoi théarmaí comhréireacha, neamh‑idirdhealaitheacha agus trédhearcacha. Ní fhéadfar rochtain ar an bhfaisnéis íosta a theorannú ach a mhéad is gá , chun slándáil na líonraí agus a sláine, slándáil náisiúnta, sláinte nó sábháilteacht phoiblí, rúndacht nó rúin oibriúcháin agus ghnó a áirithiú.

2. Ní gá feidhm a bheith ag mír 1 maidir le faisnéis faoi oibreacha sibhialta atá teoranta ó thaobh raon feidhme de, amhail i dtéarmaí luacha, méide nó faid, i gcás bonneagar criticiúil náisiúnta, nó ar chúiseanna slándála náisiúnta nó éigeandála. Sainaithneoidh na Ballstáit, bunaithe ar chúiseanna comhréireacha a bhfuil údar cuí leo, na hoibreacha sibhialta a mheasfaí a bheith teoranta ó thaobh raon feidhme de nó a bhainfeadh le bonneagar criticiúil náisiúnta, chomh maith leis na héigeandálaí nó na cúiseanna slándála náisiúnta a thabharfadh údar le gan a bheith faoi réir na hoibleagáide maidir le faisnéis a sholáthar. Foilseofar faisnéis faoi oibreacha sibhialta den sórt sin a eisiatar ó oibleagáidí trédhearcachta trí phointe faisnéise aonair agus tabharfar fógra don Choimisiún fúithi.

Airteagal 7

An nós imeachta um cheadanna a dheonú, lena n‑áirítear cearta slí

1. Ní chuirfidh na húdaráis inniúla srian ná bac míchuí ar imscaradh aon eiliminte de líonraí fíor-ardacmhainneachta ná de shaoráidí gaolmhara agus ní dhéanfaidh siad aon eilimint d’imscaradh na líonraí nó na saoráidí sin níos neamhtharraingtí ó thaobh na heacnamaíochta de. Aon riail lena rialaítear na coinníollacha agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir le ceadanna a dheonú, lena n‑áirítear cearta slí, ceadanna is gá chun eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainneachta nó de shaoráidí gaolmhara a imscaradh, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sí comhsheasmhach ar fud na críche náisiúnta.

2. Cuirfidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis uile ar fáil i dtaca leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir le ceadanna a dheonú, lena n‑áirítear cearta slí, lena n‑áirítear aon fhaisnéis maidir le díolúintí ó chuid de na ceadanna nó na cearta slí nó ó na ceadanna nó na cearta slí uile a cheanglaítear faoin dlí náisiúnta nó faoi dhlí an Aontais, trí phointe faisnéise aonair i bhformáid leictreonach.

3. Beidh sé de cheart ag aon oibreoir iarratais ar cheadanna nó ar chearta slí a chur isteach, trí phointe faisnéise aonair i bhformáid leictreonach, agus faisnéis a fháil maidir le stádas an iarratais.

4. Laistigh de 15 lá oibre tar éis do na húdaráis inniúla na hiarratais ar chead, lena n‑áirítear cearta slí, a fháil, déanfaidh siad na hiarratais a dhiúltú i gcás nár chuir an t‑oibreoir céanna a rinne iarratas ar an gcead sin an fhaisnéis íosta ar fáil ina leith trí phointe faisnéise aonair, de bhun Airteagal 6(1), an chéad fhomhír.

5. Déanfaidh na húdaráis inniúla ceadanna, seachas cearta slí, a dheonú nó a dhiúltú laistigh de 4 mhí ón dáta a gheofar iarratas iomlán ar chead.

Cinnfidh na húdaráis inniúla iomláine an iarratais ar cheadanna nó ar chearta slí laistigh de 15 lá ón iarratas a fháil. Ach amháin má thug na húdaráis inniúla cuireadh don iarratasóir aon fhaisnéis atá in easnamh a sholáthar laistigh den tréimhse sin, measfar go bhfuil an t‑iarratas iomlán.

Beidh an chéad fhomhír agus an dara fomhír gan dochar do sprioc-amanna nó d’oibleagáidí sonracha eile a leagtar síos chun an nós imeachta a dhéanamh mar is ceart, ar sprioc-amanna nó oibleagáidí iad is infheidhme maidir leis an nós imeachta um cheadanna a dheonú, lena n‑áirítear imeachtaí achomhairc, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta.

Mar eisceacht air sin agus bunaithe ar chúis a bhfuil údar léi arna leagan amach ag Ballstát, féadfaidh an t‑údarás inniúil, ar rún uaidh féin, síneadh a chur leis an sprioc-am 4 mhí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus i mír 6. Beidh aon síneadh ama a ghiorra is féidir. Leagfaidh na Ballstáit amach na cúiseanna lena dtugtar údar le síneadh den sórt sin, foilseoidh siad roimh ré iad trí phointí faisnéise aonair agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún fúthu.

Beidh bonn cirt cuí le gach diúltú ceada nó cirt slí, de réir critéir oibiachtúla, thrédhearcacha, neamh‑idirdhealaitheacha agus chomhréireacha.

6. De mhaolú ar Airteagal 43(1), pointe (a) de Threoir (AE) 2018/1972, i gcás ina bhfuil gá le cearta slí os cionn maoin phoiblí nó phríobháideach nó faoina bun chun eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainneachta nó de shaoráidí gaolmhara a imscaradh de bhreis ar cheadanna, deonóidh na húdaráis inniúla na cearta slí sin laistigh de 4 mhí ón dáta a gheofar an t‑iarratas.

7. Mura bhfaighfear freagra ón údarás inniúil laistigh den sprioc-am 4 mhí dá dtagraítear i mír 5, an chéad fhomhír, agus mura gcuirfear síneadh leis an sprioc-am sin de bhun mhír 5, an ceathrú fomhír, measfar gur deonaíodh an cead. Beidh feidhm aige sin freisin i gcás na gceart slí dá dtagraítear i mír 6.

8. Sonróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, catagóirí imscartha eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainneachta nó de shaoráidí gaolmhara nach mbeidh faoi réir aon nós imeachta um cheadanna a dheonú de réir bhrí an Airteagail seo. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13.

9. Ní chuirfidh údaráis inniúla imscaradh na n‑eilimintí dá dtagraítear i mír 8 faoi réir aon chead pleanála baile aonair ná faoi réir réamhcheadanna aonair eile. De mhaolú air sin, féadfaidh na húdaráis inniúla a éileamh chun eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainneachta nó de shaoráidí gaolmhara a imscaradh ar fhoirgnimh nó ar láithreáin a bhfuil luach ailtireachta, stairiúil, reiligiúnach nó nádúrtha ag baint leo a chosnaítear i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó i gcás inar gá ar chúiseanna sábháilteachta poiblí.

10. Ceadanna, seachas cearta slí, a bhfuil gá leo chun eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainneachta nó de shaoráidí gaolmhara a imscaradh, ní bheidh siad faoi réir aon táille ná aon mhuirear a théann thar chostais riaracháin dá bhforáiltear, mutatis mutandis, in Airteagal 16 de Threoir (AE) 2018/1972.

11. Aon oibreoir a ndearnadh damáiste dó de thoradh neamhchomhlíonadh na sprioc-amanna is infheidhme faoi mhíreanna 5 agus 6, gheobhaidh sé cúiteamh as an damáiste a rinneadh dó, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 8

Bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh agus sreangú snáithín

1. Gach foirgneamh ag suíomh an úsáideora deiridh, lena n‑áirítear eilimintí faoi chomhúinéireacht, atá nuathógtha nó a bhfuil móroibreacha athchóirithe á ndéanamh orthu, ar cuireadh iarratais ar cheadanna tógála isteach ina leith tar éis [TEACHT I bhFEIDHM + 12 MHÍ], déanfar iad a fheistiú le bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá réidh don snáithín go dtí críochphointí an líonra agus le sreangú snáithín laistigh den fhoirgneamh.

2. Gach foirgneamh il-áitribh nuathógtha nó a bhfuil móroibreacha athchóirithe á ndéanamh air, a bhfuil iarratais ar cheadanna tógála curtha isteach ina leith tar éis [TEACHT I bhFEIDHM + 12 MHÍ], déanfar iad a fheistiú le pointe rochtana.

3. Faoin [TEACHT I bhFEIDHM + 12 MHÍ], déanfar gach foirgneamh ag suíomh an úsáideora deiridh, lena n‑áirítear eilimintí de na foirgnimh sin atá faoi chomhúinéireacht nó a bhfuil móroibreacha athchóirithe á ndéanamh orthu mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 10 de Threoir 2010/31/AE, déanfar iad a fheistiú le bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá réidh don snáithín, go dtí críochphointí an líonra, chomh maith le sreangú snáithín laistigh den fhoirgneamh. Déanfar gach foirgneamh il-áitribh a bhfuil móroibreacha athchóirithe á ndéanamh air mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 10 de Threoir 2010/31/AE a fheistiú le pointe rochtana freisin.

4. Glacfaidh na Ballstáit na caighdeáin ábhartha nó na sonraíochtaí teicniúla is gá chun míreanna 1, 2 agus 3 a chur chun feidhme roimh [TEACHT I bhFEIDHM + 9 mí]. Leis na caighdeáin nó na sonraíochtaí teicniúla sin, leagfar amach an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)sonraíochtaí maidir le pointe rochtana an fhoirgnimh agus sonraíochtaí an chomhéadain snáithín;

(b)sonraíochtaí cábla;

(c)sonraíochtaí soicéid;

(d)sonraíochtaí píobán nó micreadhuchtanna;

(e)sonraíochtaí teicniúla is gá chun trasnaíocht ar cháblú leictreach a chosc;

(f)an ga íosta lúibe.

5. Beidh foirgnimh atá feistithe i gcomhréir leis an Airteagal seo incháilithe chun lipéad ‘réidh don snáithín’ a fháil.

6. Bunóidh na Ballstáit scéimeanna deimhniúcháin chun a léiriú go bhfuil na caighdeáin nó na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear i mír 4 á gcomhlíonadh agus chun cáiliú don lipéad ‘réidh don snáithín’ dá bhforáiltear i mír 5 roimh [TEACHT I bhFEIDHM + 12 mhí]. Cuirfidh na Ballstáit de choinníoll ar eisiúint na gceadanna tógála dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 é go gcomhlíonfar na caighdeáin agus na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear sa mhír seo ar bhonn tuarascáil dheimhnithe tástála.

7. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3 maidir le catagóirí áirithe foirgneamh, go háirithe foirgnimh aon‑áitribh, i gcás ina mbeidh comhlíonadh na míreanna sin díréireach, go háirithe i dtéarmaí costas ar úinéirí aonair nó ar chomhúinéirí bunaithe ar ghnéithe oibiachtúla.

8. Ní gá feidhm a bheith ag míreanna 1, 2 agus 3 maidir le cineálacha áirithe foirgneamh, amhail catagóirí sonracha séadchomharthaí, foirgneamh stairiúil, foirgneamh míleata agus foirgneamh a úsáidtear chun críocha slándála náisiúnta, mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta. Sainaithneoidh na Ballstáit catagóirí foirgneamh den sórt sin bunaithe ar chúiseanna comhréireacha a bhfuil údar cuí leo. Foilseofar faisnéis faoi chatagóirí foirgneamh den sórt sin trí phointe faisnéise aonair agus tabharfar fógra don Choimisiún fúithi.

Airteagal 9

Rochtain ar bhonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá ann cheana

1. Faoi réir mhír 3, an chéad fhomhír, beidh sé de cheart ag aon soláthraí líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí a líonra a leathadh amach ar a chostas féin go dtí an pointe rochtana.

2. Faoi réir mhír 3, beidh sé de cheart ag aon soláthraí líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí rochtain a fháil ar aon bhonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá ann cheana d’fhonn eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainneachta a imscaradh má tá macasamhlú dodhéanta ó thaobh na teicniúlachta de nó neamhéifeachtúil go heacnamaíoch .

3. Aon sealbhóir ar cheart chun an pointe rochtana agus an bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh a úsáid, comhlíonfaidh sé na hiarrataí réasúnta uile ar rochtain ar an bpointe rochtana agus ar an mbonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh ó sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí faoi théarmaí agus coinníollacha cothroma agus neamh‑idirdhealaitheacha, lena n‑áirítear ó thaobh praghais de, i gcás inarb iomchuí.

Aon sealbhóir ar cheart chun an pointe rochtana nó an bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh a úsáid, féadfaidh sé rochtain a dhiúltú i gcás ina dtugtar rochtain ar shreangú snáithín laistigh den fhoirgneamh de bhun oibleagáidí a fhorchuirtear faoi Threoir (AE) 2018/1972, faoi Theideal II, Caibidlí II go IV, nó i gcás ina gcuirtear rochtain ar fáil faoi théarmaí agus coinníollacha réasúnta agus neamh‑idirdhealaitheacha, lena n‑áirítear ó thaobh praghais de.

4. Mura mbeidh bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá réidh don snáithín ar fáil, beidh an ceart ag gach soláthraí líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí a líonra a fhoirceannadh in áitreabh an síntiúsóra, faoi réir chomhaontú an síntiúsóra, ar choinníoll go n‑íoslaghdaítear an tionchar ar mhaoin phríobháideach tríú páirtithe.

5. Beidh an tAirteagal seo gan dochar do cheart úinéir an phointe rochtana nó an bhonneagair fhisicigh laistigh den fhoirgneamh chun maoine i gcás nach é an sealbhóir ar cheart chun an bonneagar nó an pointe rochtana a úsáid úinéir an bhonneagair nó an phointe rochtana sin, agus beidh sé gan dochar do cheart aon tríú páirtí eile chun maoine, amhail úinéirí talún agus úinéirí foirgneamh.

6. Tar éis don Choimisiún dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara, leis na comhlachtaí náisiúnta um réiteach díospóidí agus le comhlachtaí nó gníomhaireachtaí inniúla eile de chuid an Aontais sna hearnálacha ábhartha de réir mar is iomchuí, féadfaidh sé, i ndlúthchomhar le BEREC, treoraíocht a thabhairt maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo.

Airteagal 10

Pointí faisnéise aonair a dhigitiú

1. Le pointí faisnéise aonair, cuirfear uirlisí digiteacha iomchuí ar fáil, amhail i bhfoirm tairseacha gréasáin, ardáin dhigiteacha nó feidhmchláir dhigiteacha, chun gur féidir na cearta uile a fheidhmiú ar líne agus na hoibleagáidí uile a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh.

2. Féadfaidh na Ballstáit roinnt uirlisí digiteacha lena dtacaítear leis na pointí faisnéise aonair dá dtagraítear i mír 1 a idirnascadh nó a chomhtháthú go hiomlán nó go páirteach, de réir mar is iomchuí.

3. Leagfaidh na Ballstáit amach pointe iontrála digiteach náisiúnta aonair, ina mbeidh comhéadan coiteann úsáideora lena n‑áiritheofar rochtain rianúil ar na pointí faisnéise aonair digitithe.

Airteagal 11

Díospóidí a réiteach

1. Gan dochar don fhéidearthacht an cás a tharchur chuig cúirt, beidh aon pháirtí i dteideal díospóid a d’fhéadfadh teacht chun cinn a tharchur chuig an gcomhlacht náisiúnta inniúil um réiteach díospóidí arna bhunú de bhun Airteagal 12:

(a)i gcás ina ndiúltófar rochtain ar an mbonneagar atá ann cheana nó nach dtiocfar ar chomhaontú maidir le téarmaí agus coinníollacha sonracha, lena náirítear ó thaobh praghais de, laistigh de mhí amháin ón dáta a gheofar an iarraidh ar rochtain faoi Airteagal 3;

(b)maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 4 agus 6, lena náirítear i gcás nach soláthrófar an fhaisnéis a iarrfar laistigh de 15 lá tar éis chur isteach na hiarrata faoi Airteagal 4, agus laistigh de sheachtain amháin tar éis chur isteach na hiarrata faoi Airteagal 6;

(c)i gcás nach dtiocfar ar chomhaontú maidir le comhordú oibreacha sibhialta de bhun Airteagal 5(2) laistigh de mhí amháin ón dáta a gheofar an iarraidh fhoirmiúil ar oibreacha sibhialta a chomhordú; nó

(d)i gcás nach dtiocfar ar chomhaontú maidir le rochtain ar bhonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh dá dtagraítear in Airteagal 9(2) nó (3) laistigh de mhí amháin ón dáta a gheofar an iarraidh fhoirmiúil ar rochtain;

2. Agus prionsabal na comhréireachta agus na prionsabail arna leagan síos le treoraíocht ón gCoimisiún á gcur san áireamh go hiomlán, eiseoidh an comhlacht náisiúnta um réiteach díospóidí dá dtagraítear i mír 1 cinneadh ceangailteach chun an díospóid a réiteach ar a dhéanaí:

(a)laistigh de 4 mhí ón dáta a gheofar an iarraidh ar réiteach díospóide, i ndáil le díospóidí dá dtagraítear i mír 1, pointe (a);

(b)laistigh de mhí amháin ón dáta a gheofar an iarraidh ar réiteach díospóide, i ndáil le díospóidí dá dtagraítear i mír 1, pointí (b), (c) agus (d).

Ní fhéadfar síneadh a chur leis na sprioc-amanna sin ach amháin i gcásanna eisceachtúla.

3. A mhéid a bhaineann leis na díospóidí dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (c) agus (d), féadfaidh sé gurb é a bheidh i gcinneadh an chomhlachta náisiúnta um réiteach díospóidí téarmaí agus coinníollacha cothroma agus réasúnta a shocrú, lena n‑áirítear ó thaobh praghais de, i gcás inarb iomchuí.

I gcás ina mbaineann an díospóid le bonneagar oibreora agus gurb é an comhlacht náisiúnta um réiteach díospóidí an t‑údarás náisiúnta rialála, cuirfear na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2018/1972 san áireamh, i gcás inarb iomchuí.

4. Tá na rialacha a leagtar síos san Airteagal seo sa bhreis ar na leigheasanna agus na nósanna imeachta breithiúnacha agus gan dochar dóibh i gcomhréir le hAirteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh 47 .

Airteagal 12

Comhlachtaí inniúla

1. Déanfaidh comhlacht inniúil amháin nó níos mó, a d’fhéadfadh a bheith ina chomhlacht atá ann cheana, na cúraimí a shannfar don comhlacht náisiúnta um réiteach díospóidí.

2. Beidh an comhlacht náisiúnta um réiteach díospóidí leithleach go dlíthiúil agus beidh sé neamhspleách ó thaobh feidhmeanna de ar aon oibreoir líonra agus aon chomhlacht earnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú aige agus a bhfuil baint aige leis an díospóid. Na Ballstáit a bhfuil oibreoirí líonra faoi úinéireacht nó faoi rialú acu, áiritheoidh siad deighilt struchtúrach éifeachtach idir na feidhmeanna a bhaineann leis na nósanna imeachta náisiúnta um réiteach díospóidí agus feidhmeanna an phointe faisnéise aonair agus gníomhaíochtaí a bhaineann le húinéireacht nó le rialú.

3. Féadfaidh an comhlacht náisiúnta um réiteach díospóidí táillí a ghearradh chun na costais a chumhdach a bhaineann leis na cúraimí a sannadh dó a dhéanamh.

4. Rachaidh na páirtithe uile lena mbaineann díospóid i gcomhar go hiomlán leis an gcomhlacht náisiúnta um réiteach díospóidí.

5. Déanfaidh comhlacht inniúil amháin nó níos mó arna cheapadh ag na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, de réir mar is iomchuí, feidhmeanna pointe faisnéise aonair dá dtagraítear in Airteagail 3 go 8 agus in Airteagal 10. Chun na costais a chumhdach a bhaineann leis na feidhmeanna sin a dhéanamh, féadfar táillí a ghearradh chun na pointí faisnéise aonair a úsáid.

6. Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 2 maidir leis na comhlachtaí inniúla a dhéanann feidhmeanna pointe faisnéise aonair.

7. Feidhmeoidh na comhlachtaí inniúla a gcumhachtaí ar bhealach neamhchlaonta, trédhearcach agus tráthúil. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh acmhainní teicniúla, airgeadais agus daonna leormhaithe acu chun na cúraimí a shanntar dóibh a chur i gcrích.

8. Foilseoidh na Ballstáit na cúraimí faoi seach a bheidh le déanamh ag gach comhlacht inniúil trí phointe faisnéise aonair, go háirithe i gcás ina sanntar na cúraimí sin do níos mó ná comhlacht inniúil amháin nó i gcás ina dtagann athrú ar na cúraimí. I gcás inarb iomchuí, rachaidh na comhlachtaí inniúla i gcomhairle le chéile agus oibreoidh siad i gcomhar le chéile maidir le hábhair leasa choitinn.

9. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le céannacht gach comhlachta inniúil i gcomhréir leis an Airteagal seo chun feidhm a dhéanamh faoin Rialachán seo, agus a bhfreagrachtaí faoi seach, faoin [DÁTA TEACHT I bhFEIDHM] agus maidir le haon mhodhnú a dhéantar, sula dtiocfaidh ainmniú nó modhnú den sórt sin i bhfeidhm.

10. Beidh aon chinneadh a dhéanfaidh comhlacht inniúil faoi réir achomhairc, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, os comhair comhlacht achomhairc a bheidh go hiomlán neamhspleách, lena n‑áirítear comhlacht de chineál breithiúnach. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 31 de Threoir (AE) 2018/1972 maidir le haon achomharc de bhun na míre seo.

Beidh an ceart chun achomhairc i gcomhréir leis an gcéad fhomhír gan dochar do cheart na bpáirtithe an díospóid a thabhairt os comhair na cúirte inniúla náisiúnta.

Airteagal 13

An nós imeachta coiste

1. Tabharfaidh an Coiste Cumarsáide, a bunaíodh le hAirteagal 118(1) de Threoir (AE) 2018/1972, cúnamh don Choimisiún. Is éard a bheidh sa choiste sin coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 14

Pionóis agus cúiteamh

Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir le pionóis, lena n‑áirítear, i gcás inar gá, fíneálacha agus pionóis neamhchoiriúla réamhchinntithe nó thréimhsiúla, a bheidh infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus ar aon chinneadh ceangailteach a ghlacfaidh na comhlachtaí inniúla dá dtagraítear in Airteagal 12 de bhun an Rialacháin seo agus déanfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear iomchuí, éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Leagfaidh na Ballstáit rialacha síos maidir le cúiteamh airgeadais leordhóthanach do dhaoine a ndéantar dochar dóibh mar gheall ar fheidhmiú na gceart dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

Airteagal 15

Tuarascáil agus faireachán

1. Faoin [DÁTA TEACHT I bhFEIDHM + 5 BLIANA], cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Beidh achoimre ar thionchar na mbeart a leagtar amach sa Rialachán seo san áireamh sa tuarascáil chomh maith le measúnú ar an dul chun cinn maidir lena chuspóirí a bhaint amach, lena n‑áirítear cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh an Rialachán rannchuidiú a thuilleadh leis na spriocanna nascachta a leagtar amach sa Chinneadh lena mbunaítear Clár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach, agus conas a d’fhéadfadh sé é sin a dhéanamh.

2. Chun na críche sin, féadfaidh an Coimisiún faisnéis a iarraidh ar na Ballstáit, ar faisnéis í a chuirfear isteach gan moill mhíchuí. Go háirithe, faoin [DÁTA TEACHT I bhFEIDHM + 12 MHÍ], i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, tríd an gCoiste Cumarsáide a bunaíodh faoi Airteagal 118 de Threoir (AE) 2018/1972, leagfaidh na Ballstáit táscairí amach chun faireachán leormhaith a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus leagfaidh siad amach an sásra chun a áirithiú go ndéanfar na sonraí a bhailiú agus a thuairisciú don Choimisiún go tráthrialta.

Airteagal 16

Bearta idirthréimhseacha

Bearta náisiúnta lena sonraítear na catagóirí imscartha eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainneachta nó de shaoráidí gaolmhara nach bhfuil faoi réir aon nós imeachta um cheadanna a dheonú de réir bhrí Airteagal 7, agus a ghlac na Ballstáit de bhun Threoir 2014/61/AE nó roimh a teacht i bhfeidhm ach atá i gcomhréir léi, leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu go dtí go dtiocfaidh an gníomh cur chun feidhme dá bhforáiltear in Airteagal 7(8) den Rialachán seo i bhfeidhm.

Airteagal 17

Aisghairm

1. Aisghairtear Treoir 2014/61/AE.

2. Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá san Iarscríbhinn.

Airteagal 18

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1. Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2. Beidh feidhm aige ón [6 mhí tar éis dó teacht i bhfeidhm].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Shaping Europe’s Digital Future [Todhchaí Dhigiteach na hEorpa a mhúnlú], ( COM/2020/67 final ).
(2)    Treoir 2014/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le bearta chun an costas a laghdú a bhaineann le líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a imscaradh (IO L 155, 23.5.2014, lch. 1).
(3)    Líonraí is féidir seirbhís rochtana leathanbhanda 30 Mbps ar a laghad a sholáthar.
(4)    Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).
(5)    Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions 2030 Digital Compass: the European way for the Digital Decade [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach le haghaidh na Deacáide Digití], (COM(2021)118).
(6)    Cinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear Clár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach (IO L 323, 19.12.2022, lch. 4).
(7)     https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/12463-High-speed-broadband-in-the-EU-review-of-rules_ga
(8)    D’fhreagair an tairiscint margaidh don éileamh méadaithe ar idirlíon tapa ardcháilíochta trí shnáithín optúil a thabhairt níos gaire don úsáideoir, agus tá gá ag ‘líonraí fíor-ardacmhainneachta’ atá ann faoi láthair agus ag na líonraí fíor-ardacmhainneachta a bheidh ann amach anseo le paraiméadair feidhmíochta atá coibhéiseach leo siúd is féidir le líonra bunaithe ar eilimintí snáithín optúil a sholáthar, go dtí an pointe dáileacháin ag an suíomh freastail ar a laghad.
(9)    Sa bhreis ar an gCód, comhlánaítear an creat leis an méid seo a leanas: Moladh (AE) 2020/2245 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2020 maidir le margaí ábhartha táirgí agus seirbhísí laistigh den earnáil cumarsáide leictreonaí atá soghabhálach i leith rialáil ex ante i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach (IO L 439, 29.12.2020, lch. 23), an Moladh ón gCoimisiún an 20 Meán Fómhair 2010 maidir le rochtain rialáilte ar Líonraí Rochtana den Chéad Ghlúin Eile (2010/572/AE) (IO L 251, 25.9.2010, lch. 35) agus an Moladh ón gCoimisiún an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le hoibleagáidí comhsheasmhacha neamh-idirdhealaithe agus modheolaíochtaí costála chun iomaíocht a chur chun cinn agus feabhas a chur ar thimpeallacht infheistíochta an leathanbhanda (2013/466/AE) (IO L 251, 21.9.2013 lch. 13). Tá an dá cheann dheireanacha á n-athbhreithniú faoi láthair.
(10)     Bosca Coiteann Uirlisí an Aontais um Nascacht faoi Mholadh (AE) 2020/1307 ón gCoimisiún maidir le bosca coiteann uirlisí ón Aontas chun na costais a laghdú a bhaineann le líonraí fíor-ardacmhainneachta a imscaradh agus chun rochtain ar speictream raidió 5G atá tráthúil agus fabhrach don infheistíocht a áirithiú d’fhonn an nascacht a chothú mar thacaíocht don téarnamh eacnamaíoch tar éis ghéarchéim COVID-19 san Aontas (IO L 305, 21.9.2020, lch. 33).
(11)     Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár an Aontais um Nascacht Shlán le haghaidh na tréimhse 2023-2027 (COM(2022) 57 final); 2022/0039 COD, ar thángthas ar chomhaontú polaitiúil ina leith an 17 Samhain 2022.
(12)     https://hadea.ec.europa.eu/programmes/connecting-europe-facility_ga
(13)     https://ec.europa.eu/info/business-economy-euro/recovery-coronavirus/recovery-and-resilience-facility_ga#example-of-component-of-reforms-and-investments
(14)    Tuarascáil ar chur chun feidhme na Státchabhrach le haghaidh leathanbhanda, https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/d6b8368d-f3dd-11ea-991b-01aa75ed71a1/language-ga .
(15)    Communication from the Commission, Union Guidelines for the application of State aid rules in relation to the rapid deployment of broadband networks [Teachtaireacht ón gCoimisiún, Treoirlínte an Aontais maidir le cur i bhfeidhm rialacha maidir leis an státchabhair i ndáil le himscaradh gasta líonraí leathanbhanda] an 12 Nollaig 2022 (C(2022) 9343).
(16)    Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions – The European Green Deal [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, An Comhaontú Glas don Eoraip] ( COM(2019) 640 final ).
(17)    Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
(18)    Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions - A Renovation Wave for Europe - greening our buildings, creating jobs, improving lives [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún-Rabharta Athchóirithe don Eoraip - Ár bhfoirgnimh a ghlasú, poist a chruthú, saol na ndaoine a fheabhsú] ( COM/2020/662 final ).
(19)    Airteagal 4(2)(a) de Chlár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach: ‘fáil ag gach úsáideoir deiridh ag suíomh fosaithe ar líonra gigighiotáin suas go dtí críochphointe an líonra, agus fáil ag na limistéir go léir a bhfuil daonra iontu ar líonraí ardluais gan sreang den chéad ghlúin eile ag a bhfuil feidhmíocht atá coibhéiseach le 5G, ar a laghad, i gcomhréir le prionsabal na neodrachta teicneolaíche’.
(20)    Feictear an tábhacht a bhaineann leis an mbonneagar fisiceach (dá dtagraítear go minic mar ‘innealtóireacht shibhialta’) chun an líonra a imscaradh freisin sa Chód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach, ina ndéantar foráil le hAirteagal 73 go bhféadfadh sé go measfadh an t-údarás náisiúnta rialála gur modh comhréireach é oibleagáidí a fhorchur i dtaobh rochtain ar an innealtóireacht shibhialta faoi Airteagal 72 (rochtain ar innealtóireacht shibhialta) chun an iomaíocht agus leas an úsáideora deiridh a chur chun cinn.
(21)    Mar shampla, léirítear sa tuarascáil mheastóireachta (doiciméad inmheánach oibre meastóireachta) go mbaineann an dul chun cinn is mó a rinneadh leis an mbonneagar fisiceach atá ann cheana agus na bearta trédhearcachta lena mbaineann. Chuaigh roinnt Ballstát thar fhorálacha na treorach freisin agus leathnaigh siad an fhaisnéis íosta faoin mbonneagar fisiceach atá ann cheana.
(22)    Is iad Cinn Údaráis Rialála Náisiúnta Bhallstáit an Aontais Eorpaigh nó ard-ionadaithe ainmnithe na n-údarás sin atá i gceist le BEREC (Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach). Bunaíodh BEREC le Rialachán (AE) 2018/1971 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(23)

   Staidéar chun tacú leis an meastóireacht ar na bearta atá ann faoi láthair ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta chun an costas a laghdú a bhaineann le líonraí cumarsáide leictreonaí a imscaradh agus chun tacú le measúnú tionchair a ullmhú a bheidh ag gabháil le tionscnamh ón Aontas maidir le Treoir 2014/61/AE a athbhreithniú.

(24)     Bosca Coiteann Uirlisí an Aontais um Nascacht  
(25)    Amhail an Staidéar ar chur chun feidhme beart faoi TCLL agus faireachán ar na bearta sin (SMART 2015/0066) ; White paper on EU broadband Plan challenges and opportunities, Analysis Mason 2019 .
(26)    Amhail an Tuarascáil Achomair 2020 ar Dhea-chleachtais - Toradh chéim 1 d’obair an Ghrúpa Speisialta chun Bosca Coiteann Uirlisí an Aontais um Nascacht a fhorbairt ; An tuarascáil ón gCoimisiún Eorpach in 2018 ar chur chun feidhme na Treorach maidir le Costas Leathanbhanda a Laghdú ; An tuarascáil ó BEREC ar Chur Chun Feidhme na Treorach maidir le Costas Leathanbhanda a Laghdú ; An tuarascáil ó BEREC ar an bpraghsáil le haghaidh rochtain ar bhonneagar agus ar oibreacha sibhialta de réir TCLL .
(27)    Foilsíodh an measúnú tionchair agus an tuairim ón mBord um Ghrinnscrúdú Rialála ar shuíomh gréasáin EUR-Lex .
(28)

   Iarscríbhinn 1 den staidéar tacaíochta a d’ullmhaigh ICF SA, Wavestone SA agus CEPS le tacaíocht ó WIK Consult GMBH agus EcoAct (féach fonóta 22), go háirithe ranna 1.3, 2.3 agus 4.3

(29)    IO C,, lch.
(30)    IO C,, lch.
(31)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, 19.5.2010, COM(2010)245.
(32)    Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).
(33)    Cinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear Clár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach (IO L 323, 19.12.2022, lch. 4).
(34)    Treoir 2014/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le bearta chun an costas a laghdú a bhaineann le líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a imscaradh (IO L 155, 23.5.2014, lch. 1).
(35)    Moladh (AE) 2020/1307 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2020 maidir le bosca uirlisí coiteann an Aontais chun an costas a laghdú a bhaineann le líonraí fíor-ardacmhainneachta a imscaradh agus rochtain thráthúil agus neamhdhíobhálach don infheistíocht ar speictream raidió 5G a áirithiú, d’fhonn nascacht a chothú chun tacú le téarnamh eacnamaíoch ó ghéarchéim COVID-19 san Aontas (IO L 305, 21.9.2020, lch. 33).
(36)    Treoir 2002/77/CE ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2002 maidir le hiomaíocht sna margaí do líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí ( IO L 249, 17.9.2002, lch. 21 ).
(37)    Moladh (AE) 2020/2245 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2020 maidir le margaí ábhartha táirgí agus margaí ábhartha seirbhísí laistigh den earnáil cumarsáide leictreonaí a fhéadfar a chur faoi réir rialáil ex ante i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach, 18.12.2020, C(2020) 8750, IO L 439, 29.12.2020, lch. 23.
(38)    Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).
(39)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(40)    Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).
(41)    Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach ( IO L 376, 27.12.2006, lch. 36 ).
(42)    Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ( IO L 295, 21.11.2018, lch. 1 ).
(43)    Airteagal 3(1)(a) de Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (IO L 231, 30.6.2021, lch. 60)
(44)    Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240 (IO L 166, 11.5.2021, lch. 1)
(45)    Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17)
(46)    Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (IO L 435, 23.12.2020, lch. 1).
(47)    Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (IO C 326, 26.10.2012, lgh. 391-407)

An Bhruiséil,23.2.2023

COM(2023) 94 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an Moladh le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le bearta chun an costas a laghdú a bhaineann le líonraí cumarsáide leictreonaí gigighiotáin a imscaradh agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/61/AE (An tAcht um Bonneagar Gigighiotáin)

{SEC(2023) 96 final} - {SWD(2023) 46 final} - {SWD(2023) 47 final}


IARSCRÍBHINN

Tábla comhghaoil

Treoir 2014/61/AE

An Rialachán seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(3)

Airteagal 1(3)

Airteagal 1(4)

Airteagal 1(2)

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3(1)

Airteagal 3(7)

Airteagal 3(2)

Airteagal 3(1)

Airteagal 3(2)

Airteagal 3(3)

Airteagal 3(3)

Airteagal 3(4)

Airteagal 3(5)

Airteagal 3(6)

Airteagal 3(4)

Airteagal 11(1)(a)

Airteagal 3(5)

Airteagal 11(2)

Airteagal 11(3)

Airteagal 3(6)

Airteagal 3(8)

Airteagal 3(9)

Airteagal 11(4)

Airteagal 4(1)

Airteagal 4(1)

Airteagal 4(2)

Airteagal 4(3)

Airteagal 4(1)

Airteagal 4(2)

Airteagal 4(4)

Airteagal 4(5)

Airteagal 4(3)

Airteagal 4(6)

Airteagal 11(1)(b)

Airteagal 11(2)(b)

Airteagal 4(7)

Airteagal 4(4)

Airteagal 4(8)

Airteagal 4(5)

Airteagal 5(1)

Airteagal 5(1)

Airteagal 5(2)

Airteagal 5(2)

Airteagal 5(3)

Airteagal 5(3)

Airteagal 11(1)(c)

Airteagal 5(4)

Airteagal 11(2)(b)

Airteagal 11(3)

Airteagal 5(5)

Airteagal 5(4)

Airteagal 5(5)

Airteagal 6(1)

Airteagal 6(1)

Airteagal 6(2)

Airteagal 6(3)

Airteagal 6(1)

Airteagal 6(4)

Airteagal 11(1)(b), Airteagal 11(2)(b)

Airteagal 6(5)

Airteagal 6(2)

Airteagal 7(1)

Airteagal 7(1)

Airteagal 7(2)

Airteagal 7(2)

Airteagal 7(3)

Airteagal 7(4)

Airteagal 7(3)

Airteagal 7(5)

-

Airteagal 7(6)

Airteagal 7(7)

Airteagal 7(8)

Airteagal 7(9)

Airteagal 7(4)

Airteagal 7(11)

Airteagal 8(1)

Airteagal 8(1)

Airteagal 8(2)

Airteagal 8(2)

Airteagal 8(3)

Airteagal 8(5)

Airteagal 8(4)

Airteagal 8(7)

Airteagal 8(8)

Airteagal 9(1)

Airteagal 9(1)

Airteagal 9(2)

Airteagal 9(2)

Airteagal 9(3)

Airteagal 9(3)

Airteagal 11(1)(d)

Airteagal 11(2)

Airteagal 9(4)

Airteagal 9(3)

Airteagal 9(5)

Airteagal 9(4)

Airteagal 9(6)

Airteagal 9(5)

Airteagal 9(6)

Airteagal 10(1)

Airteagal 12(1)

Airteagal 10(2)

Airteagal 12(2) agus Airteagal 12(3)

Airteagal 10(3)

Airteagal 12(4)

Airteagal 10(4)

Airteagal 12(5)

Airteagal 12(6)

Airteagal 12(7)

Airteagal 10(5)

Airteagal 12(8)

Airteagal 10(6)

Airteagal 12(9)

Airteagal 13

Airteagal 11

Airteagal 14

Airteagal 12

Airteagal 15

-

Airteagal 16

-

Airteagal 17

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 18

Airteagal 15

Airteagal 18