An Bhruiséil,12.10.2022

COM(2022) 526 final

2022/0326(COD)

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Bliain Eorpach na Scileanna 2023

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Ina haitheasc ar Staid an Aontais Eorpaigh an 14 Meán Fómhair 2022, shainaithin an tUachtarán von der Leyen ‘lucht saothair ag a bhfuil na scileanna cearta’ mar ghné ríthábhachtach atá mar bhonn le hiomaíochas ár ngeilleagair shóisialta margaidh atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. Beidh níos mó post agus poist níos fearr ann mar gheall ar scileanna toisc go bhfuil lucht saothair oilte ina phríomhspreagadh don fhás, rud a fheabhsaíonn cumhacht nuálaíochta agus iomaíochas na gcuideachtaí Eorpacha uile, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna).

Trí na scileanna is gá a thabhairt do lucht saothair an Aontais Eorpaigh, áirithítear freisin go mbeidh na haistrithe glasa agus digiteacha cothrom agus cóir ar bhonn sóisialta. Leis sin, cumhachtaítear do dhaoine aonair dul i ngleic le hathruithe sa mhargadh saothair agus páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí agus sa daonlathas, ionas nach bhfágfar aon duine ar lár, mar a luaitear sa Chlár Oibre Scileanna don Eoraip 2020 1 agus i gcomhréir leis an Dóigh Bheatha Eorpach 2 . Ag cur leis an méid sin, léirítear i nDearbhú Porto, 3 a chomhaontaigh ceannairí an Aontais i mí na Bealtaine 2021, gealltanas láidir d’uas-sciliú agus d’athsciliú agus d’infhostaitheacht fheabhsaithe. Ba dhíol sásaimh di príomhspriocanna uaillmhianacha an Aontais a leagadh síos i bPlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta 60 % ar a laghad de dhaoine fásta a bheith rannpháirteach san oiliúint gach bliain agus ráta fostaíochta de 78 % ar a laghad a bheith ann faoi 2030, rud a éilíonn iarracht mhór chun níos mó ban agus daoine óga a ghníomhachtú le haghaidh an mhargaidh saothair.

Is deis uathúil í Bliain Eorpach na Scileanna 2023, a d’fhógair an tUachtarán von der Leyen ina haitheasc ar Staid an Aontais Eorpaigh, chun tacú le cuideachtaí Eorpacha, agus go háirithe le fiontair bheaga agus mheánmhéide, ‘ag dul i ngleic le ganntanas ball foirne’ trí ‘níos mó béime a leagan ar ár n‑infheistíocht ar oideachas gairmiúil agus ar uas-sciliú’, trí ‘comhar níos fearr le cuideachtaí’ a áirithiú, trí riachtanais cuideachtaí a mheaitseáil le ‘toilmhianta daoine’ atá ar bheagán oiliúna agus ardoilte araon, agus trí ‘aitheantas cáilíochtaí náisiúnach tríú tír freisin’ a bhrostú agus a éascú.

Le paindéim COVID-19 agus, anois, le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, léiríodh na spleáchais straitéiseacha agus na neamhréireanna saothair a aithnímid san Eoraip agus cuireadh leo.

Ina theannta sin, an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach, agus na héabhlóidí struchtúracha eile amhail an gá atá le hathléimneacht agus domhandú méadaithe, bíonn tionchar acu ar gach gairm ar mhargadh saothair na hEorpa, rud a athraíonn na scileanna is gá chun go dtiocfaidh fás ar gheilleagar na hEorpa ar bhealach inbhuanaithe iomaíoch. Mar shampla, chun deireadh a chur leis an spleáchas ar allmhairí fuinnimh na Rúise agus chun spriocanna uaillmhianacha an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in‑athnuaite a bhaint amach, beidh gá le himscaradh mear ollmhór maidir le feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh, athchóirithe foirgneamh agus fuinneamh in‑athnuaite. Braitheann sé seo ar lucht saothair oilte a bheith ar fáil ar fud an Aontais.

An tráth céanna, tá an lucht saothair atá ar fáil ag laghdú de dheasca athrú déimeagrafach. Cé go bhfuil an meánráta dífhostaíochta san Aontas fós cobhsaí ag 6 % i mí Lúnasa 2022, 4 bhí deacrachtaí ag 77 % de chuideachtaí fostaithe a aimsiú a raibh na scileanna riachtanacha acu in 2019 cheana féin 5 . Go háirithe, is í infhaighteacht ball foirne oilte agus bainisteoirí a bhfuil taithí acu an fhadhb is tábhachtaí ag ceathrú cuid d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide an Aontais, arb ionann iad agus 99 % de ghnólachtaí uile an Aontais 6 . Agus in 2021, aicmíodh 28 ngairm mar ghairm ina raibh ganntanais, lena náirítear na hearnálacha cúraim sláinte, fáilteachais, tógála agus seirbhíse, chomh maith le ganntanais speisialtóirí TF agus slándála, go háirithe saineolaithe cibearshlándála, agus oibrithe a bhfuil cúlra eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice acu 7 , rud a léiríonn go bhfuil an téileamh ar oibrithe ardoilte agus ar oibrithe ar bheagán oiliúna ag méadú. Sa chomhthéacs sin, braitheann feidhmiú rianúil mhargadh saothair na hEorpa chomh mór céanna ar infhaighteacht lucht saothair ag a bhfuil na scileanna cearta agus a bhraitheann sé ar a áirithiú go gcomhlíonfaidh rannpháirtíocht na ndaoine aonair in uas-sciliú agus in athsciliú riachtanais na gcuideachtaí ar fud an Aontais.

Tá ganntanas ollmhór ban i ngairmeacha agus in oideachas na hEolaíochta, na Teicneolaíochta, na hInnealtóireachta agus na Matamaitice (STEM) le sárú ag an Aontas Eorpach. Is mná iad 52 % de dhaonra na hEorpa agus is mná iad formhór na gcéimithe treasacha san Aontas, ach níl ach beirt as gach cúigear eolaithe agus innealtóirí ina mná agus ní mná iad ach 18 % de na speisialtóirí in TFC 8 . Ag an am céanna, mealltar cailíní óga chuig réimse STEM ar scoil, agus i roinnt tíortha feidhmíonn siad níos fearr ná buachaillí. Tugtar ‘an seolphíobán silteach’ ar an bhfeiniméan seo a bhaineann le tallann a chailltear.

Trí aghaidh a thabhairt ar bhearnaí scileanna, is féidir borradh a chur faoi chumhacht nuálaíochta, faoi tháirgiúlacht agus faoi fhás gheilleagar sóisialta margaidh na hEorpa. Tá sé sin ábhartha go háirithe maidir le scileanna digiteacha. Chun léiriú a thabhairt air sin, tuairiscíonn 70 % de ghnólachtaí gur bac ar infheistíocht easpa foirne a bhfuil scileanna leordhóthanacha digiteacha acu, 9 agus tá leibhéal aníseal scileanna digiteacha ag beagnach leath de dhaonra an Aontais, é sin nó níl scileanna digiteacha acu 10 . Agus an dúshlán sin á aithint, leagtar síos sa Teachtaireacht maidir le Compás Digiteach 2030 sprioc an Aontais bunscileanna digiteacha ar a laghad a bheith ag 80 % de dhaoine fásta agus 20 milliún speisialtóir TFC a bheith fostaithe faoi 2030 11 . I dtogra 32 den Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, cuireadh i dtábhacht a thuilleadh an gá atá ann saoránaigh uile an Aontais a chumhachtú leis na scileanna digiteacha is gá 12 .

Ina theannta sin, tá lucht saothair ag a bhfuil na scileanna cearta ina réamhchoinníoll don aistriú glas, agus tuartar go gcruthófar 2.5 milliún post breise san Aontas faoi 2030 13 . Cuireadh béim freisin ar thábhacht na scileanna mar thoradh ar Bhliain Eorpach na hÓige 2022, inar cuireadh i dtábhacht a phráinne atá sé scileanna a thabhairt d’aos óg na hEorpa don todhchaí.

Ós rud é nach dtugann ach thart ar 37 % de dhaoine fásta faoi oiliúint, 14 tá sé ríthábhachtach tuilleadh infheistíochta a dhéanamh i ndeiseanna uas-scilithe agus athscilithe agus daoine fásta atá in aois oibre a spreagadh chun páirt a ghlacadh iontu chun deiseanna an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh a bhaint amach.

An ganntanas foirne atá le feiceáil cheana féin, déanfar é a dhoimhniú a thuilleadh toisc go meastar go laghdóidh méid an daonra atá in aois oibre san Eoraip ó 64 % in 2019 go 56 % in 2070, 15 agus meastar go dtiocfaidh méadú ar an gcóimheas cleithiúnais seanaoise ó 32 in 2020 go 54 in 2070 16 . Dá bhrí sin, is gá iarracht bhreise a dhéanamh chun níos mó daoine a ghníomhachtú don mhargadh saothair trí athsciliú agus uas-sciliú, go háirithe mná agus daoine óga nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna. Tá sé tábhachtach freisin scileanna digiteacha an daonra scothaosta a chur chun cinn agus a áirithiú go bhfuil sé d’acmhainn acu páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí agus rochtain a fháil ar sheirbhísí ríthábhachtacha nach bhfuil ar fáil ach ar líne.

Mar sin féin, níl agus ní bheidh lucht saothair intíre an Aontais leordhóthanach chun freastal ar na héilimh ar an margadh saothair atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. Sa chomhthéacs sin, tá ról ríthábhachtach ag imircigh i ngeilleagar agus i sochaí na hEorpa cheana féin. Le deacáid anuas, líon oibrithe imirceacha 17 cuid mhór de phoist nua san Aontas, rud a chuidigh le haghaidh a thabhairt ar riachtanais an mhargaidh saothair. Is cuid de mheascán beartais níos leithne é ligean isteach imirceach chun aghaidh a thabhairt ar an nganntanas saothair agus scileanna atá ann agus ar na bunchúiseanna atá leo. Léirigh paindéim COVID-19 gur imircigh iad suas le 13 % d’oibrithe a bhfuil feidhmeanna riachtanacha acu - ó dhochtúirí go haltraí agus tiománaithe 18 .

Dá bhrí sin, is réamhchoinníoll é go ndéanfar rogha tharraingteach den Aontas le haghaidh tallann i ngairmeacha a bhfuil ganntanas oibrithe iontu ó gach cearn den domhan ionas go leanfaidh an tAontas de bheith iomaíoch ar an leibhéal domhanda. Chuige sin, ní mór do náisiúnaigh tríú tír a bheith in ann a nacmhainneacht iomlán a bhaint amach agus leas a bhaint as a scileanna ar mhargadh saothair na hEorpa, ach freisin tairbhiú de dheiseanna foghlama, de shoghluaisteacht agus d’aitheantas cáilíochtaí ar bhealach a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh agus ar bhealach ciorclach. Baineann sé sin le tallann eachtrach nuathagtha agus le náisiúnaigh tríú tír atá ina gcónaí go dleathach san Aontas cheana féin, a mbíonn a rátaí rannpháirtíochta sa mhargadh saothair chun deiridh ar rátaí rannpháirtíochta na saoránach den Aontas Eorpach 19 . Áirítear ann freisin tacaíocht leanúnach do dhaoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin a chomhtháthú i mhargadh an tsaothair fad is a chinneann siad fanacht san Aontas.

Chun borradh a chur faoi iomaíochas cuideachtaí Eorpacha, go háirithe FBManna, chun acmhainneacht iomlán na n‑aistrithe digiteacha agus glasa a bhaint amach ar bhealach atá cothrom, cuimsitheach agus cóir ar bhonn sóisialta, chuirfeadh Bliain Eorpach Scileanna 2023 meon athscilithe agus uas-scilithe chun cinn a thuilleadh. Is é an aidhm atá ann a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár sa dá aistriú agus sa téarnamh eacnamaíoch, agus, go háirithe, aghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair le haghaidh lucht saothair níos oilte san Aontas atá in ann deiseanna an phróisis seo a thapú, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

1.Infheistíocht mhéadaithe, níos éifeachtaí agus níos cuimsithí san oiliúint agus san uas-sciliú a chur chun cinn chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht lucht saothair na hEorpa atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo agus chun tacú le daoine aistrithe ó phost go post agus aosú gníomhach a bhainistiú, agus tairbhiú de na deiseanna nua a eascraíonn as an gclaochlú eacnamaíoch atá ar siúl faoi láthair.

2.Ábharthacht scileanna a neartú trí dhul i gcomhar go dlúth leis na comhpháirtithe sóisialta, le seirbhísí fostaíochta poiblí agus príobháideacha, le cuideachtaí, le soláthraithe oideachais agus oiliúna agus trí chineálacha cur chuige comhleanúnacha a fhorbairt le gach brainse de rialtais.

3.Toilmhianta agus tacar scileanna daoine a mheaitseáil le deiseanna sa mhargadh saothair, go háirithe na deiseanna sin a chuirtear ar fáil leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach agus leis na croí-earnálacha a bhfuil téarnamh de dhíth orthu ón bpaindéim. Cuirfear béim speisialta ar níos mó daoine a ghníomhachtú don mhargadh saothair, go háirithe mná agus daoine óga. agus go speisialta iad siúd nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna (NEETanna).

4.Daoine ó thríú tíortha a bhfuil na scileanna acu a theastaíonn ón Aontas a mhealladh, lena náirítear trí dheiseanna foghlama agus soghluaisteacht a neartú, agus trí aitheantas do cháilíochtaí a éascú.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Fógraítear le Prionsabal 1 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta go bhfuil an ceart ag cách ar oideachas, ar oiliúint agus ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil, rud a chuireann ar chumas daoine aonair a bheith lán‑rannpháirteach sa tsochaí agus aistrithe sa mhargadh saothair a bhainistiú go rathúil. Luaitear i bPrionsabal 4 go bhfuil sé de cheart ag gach duine cúnamh tráthúil agus saincheaptha a fháil chun feabhas a chur ar a n‑ionchais fostaíochta nó féinfhostaíochta, lena n‑áirítear an ceart chun tacaíocht a fháil don oiliúint agus don athcháiliú. I bprionsabal 5 maidir le fostaíocht shlán agus inoiriúnaithe, cuirtear i dtábhacht gur cheart d’oibrithe, beag beann ar an gcineál caidrimh fostaíochta atá acu agus ar an bhfad atá an caidreamh sin ar bun, cóir chothrom chomhionann a fháil i dtaca le dálaí oibre, rochtain ar chosaint shóisialta agus oiliúint.

Tá stair fhada ag tionscnaimh Eorpacha a thacaíonn le baint amach na gcearta sin. Le Bliain Eorpach na Scileanna 2023, neartófar roinnt tionscnamh atá ann cheana a thuilleadh, lena mbainfear amach sineirgí idir na gníomhaíochtaí agus béim á leagan ar dhlús a chur leis an gconair i dtreo spriocanna 2030 an Aontais maidir le fostaíocht agus scileanna.

Is é an Clár Oibre Scileanna don Eoraip 2020 don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht plean straitéiseach cúig bliana an Choimisiúin chun oiliúint a chur ar níos mó daoine, níos minice agus le haghaidh na scileanna is gá i margadh an tsaothair. Leagtar amach ann 12 ghníomhaíocht nithiúla, lena n‑áirítear na Moltaí ón gComhairle maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint, cuntais foghlama aonair, micridhintiúir don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus don infhostaitheacht, uas-sciliú taighdeoirí agus an Comhshocrú um Scileanna. Déanfar a gcur chun feidhme a chur chun cinn a thuilleadh trí Bhliain Eorpach na Scileanna 2023, lena n‑áiritheofar go mbainfidh siad barr a gcumais amach. Cuirfidh sé sin freisin le tosaíocht an Chláir Oibre Eorpaigh nua don Fhoghlaim Aosach chun soláthar agus glacadh deiseanna uas-scilithe agus athscilithe a threisiú le cistiú inbhuanaithe.

Sa Straitéis Tionsclaíochta Nua don Eoraip 2020 a tugadh cothrom le dáta, leagtar amach plean le haghaidh earnáil tionsclaíochta an Aontais chun ceachtanna a fhoghlaim ó phaindéim COVID-19, athléimneacht eacnamaíoch a neartú agus dlús a chur leis an aistriú glas agus digiteach. Áirítear leis sin cur chuige beartais solúbtha bunaithe ar éiceachórais, atá dírithe ar na gníomhaithe uile a nascadh ar bhealach níos fearr laistigh de shlabhra luacha nó laistigh d’éiceachóras tionsclaíoch agus ina mbeidh, inter alia, conairí aistrithe a bhfuil gné láidir scileanna ag baint leo. Le Bliain Eorpach na Scileanna 2023, cuirfear feabhas ar ghuth chuideachtaí Eorpacha agus a bhfostaithe laistigh de na héiceachórais thionsclaíocha, ag brath freisin ar struchtúir idirphlé shóisialta atá ann cheana.

Leagtar amach cur chuige cuimsitheach an Choimisiúin Eorpaigh i leith na himirce dleathaí agus an lánpháirtithe sa Chomhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann. Maidir leis an imirce dhleathach, mhol an Coimisiún roinnt tionscnamh atá dírithe ar rannchuidiú le náisiúnaigh tríú tír a mhealladh ag a bhfuil na scileanna a bhfuil gá leo san Aontas. Áirítear leis sin rolladh amach Linn Tallann an Aontais Eorpaigh agus na gComhpháirtíochtaí Tallainne le tíortha comhpháirtíochta. In 2023, cuirfidh na Ballstáit an Treoir Athmhúnlaithe maidir le Cárta Gorm AE chun feidhme freisin agus ba cheart caibidlíocht a dhéanamh ar na Tograí chun an Treoir um Chónaitheoirí Fadtéarmacha agus an Treoir um Chead Aonair a athmhúnlú. Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún Eorpach conairí comhlántacha chuig an Aontas a chur chun cinn do dhaoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, chun leas a bhaint as tallann na ndídeanaithe.

Aithnítear i bPlean Gníomhaíochta 2021-2027 um Imeascadh agus Cuimsiú gur minic go gcaitear le scileanna agus tallann na n‑imirceach agus na saoránach den Aontas ar de chúlra imirceach iad faoi bhun a luacha nó nach mbaintear úsáid iomlán astu, agus moltar ann gníomhaíochtaí chun leas níos fearr a bhaint as a n‑acmhainneacht i margadh saothair an Aontais. Le Bliain Eorpach na Scileanna 2023, déanfar na tionscnaimh sin atá ann cheana a chur chun cinn agus a dtionchar a chomhlánú, lena n‑áirítear trí aitheantas do cháilíochtaí a bhronntar lasmuigh den Aontas a bhrostú agus a éascú, rud a ligfidh do náisiúnaigh tríú tír a n‑acmhainneacht iomlán a bhaint amach ar mhargadh saothair na hEorpa.

Tar éis an Aithisc ar Staid an Aontais Eorpaigh in 2021, tá idirphlé struchtúrtha curtha chun feidhme ag an gCoimisiún Eorpach leis na Ballstáit ar fud an rialtais agus le páirtithe leasmhara chun infheistíocht i mbeartais oideachais dhigitigh agus scileanna digiteacha agus athchóirithe orthu a chur chun cinn, i bhfianaise na ndúshlán trasearnála a bhaineann leis an aistriú digiteach agus an ghá atá ann dlús a chur le beartais agus torthaí. Le Bliain Eorpach na Scileanna 2023, d’fhéadfaí cur leis an bpróiseas idirphlé struchtúrtha, tríd an mbéim a leagtar inti a leathnú chun oiriúnú do na cuspóirí a leagtar amach thuas.

Beidh ról lárnach ag cistí agus ionstraimí an Aontais Eorpaigh freisin i gcur chun feidhme Bhliain Eorpach na Scileanna 2023. Is é Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) a bhfuil buiséad os cionn EUR 99 billiún aige do chlárthréimhse 2021-2027 an phríomhionstraim chun infheistíocht a dhéanamh i ndaoine, ag obair i sineirgíocht le cistí eile (clár InvestEU, an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú do dhaoine iomarcacha, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), an Ciste um Aistriú Cóir (CUAC), an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, an Clár don Eoraip Dhigiteach, Erasmus+, Fís Eorpach, an Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE), an Ciste don Nuachóiriú, an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta) agus le hathchóirithe agus infheistíochtaí a bhaineann le scileanna a áirítear i bpleananna náisiúnta na mBallstát faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.

Bainfidh Bliain Eorpach na Scileanna 2023 leas freisin as obair na nGníomhaireachtaí uile de chuid an Aontais atá gníomhach i réimse na scileanna agus na fostaíochta, rud a neartóidh a ngníomhaíochtaí a thuilleadh agus a chruthóidh sineirgí, go háirithe leis an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop), leis an bhForas Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound), leis an bhFondúireacht Eorpach Oiliúna (ETF), leis an Údarás Eorpach Saothair (ELA), leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) agus le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA).

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Le Bliain Eorpach na Scileanna 2023, cuirfear chun cinn freisin sineirgí idir beartais scileanna agus tionscnaimh an Aontais maidir leis an oiliúint. Tugtar tús áite sa Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach d’fheabhsú scileanna agus inniúlachtaí digiteacha, lena n‑áirítear athléimneacht dhaonlathach agus litearthacht sna meáin. Leis an Limistéar Eorpach Oideachais, tacaítear le forbairt bhreise a dhéanamh ar chórais oideachais agus oiliúna sna Ballstáit. Tríd an spás don phlé agus don mhalartú a chruthú, le Bliain Eorpach na Scileanna 2023, déanfar naisc idir na réimsí sin a bhunú a thuilleadh. Gné lárnach den Limistéar Eorpach Taighde is ea croíscileanna agus scileanna trasnaí na dtaighdeoirí a chothú, agus ar an gcaoi sin freagairt d’éileamh mhargadh an tsaothair ar dhaoine ardoilte.

Leis an Ráthaíocht atreisithe don Aos Óg, dírítear ar NEETanna a lánpháirtiú i margadh an tsaothair. Príomhspreagadh is ea rochtain ar oideachas agus ar oiliúint ar ardchaighdeán a sholáthar chun feabhas a chur ar infhostaitheacht i gcomhréir le riachtanais mhargadh an tsaothair.

Bíonn tionchar láidir dearfach ar an ngeilleagar ag rannpháirtíocht na mban sa mhargadh saothair a mhéadú, go háirithe i gcomhthéacs lucht saothair atá ag laghdú agus na nganntanas scileanna agus i gcomhthéacs sprioc uaillmhianach Porto maidir le fostaíocht 78 % faoi 2030. Is é is aidhm don Straitéis um Chomhionannas Inscne aghaidh a thabhairt ar bhearnaí pá agus pinsin idir na hinscní; agus ar steiréitíopaí inscne, mar shampla, i ngairmeacha a mbíonn fir nó mná iontu go traidisiúnta amhail na heolaíochtaí, an teicneolaíocht, an innealtóireacht agus matamaitic, nó in earnáil an chúraim.

D’ainneoin méadú beag leanúnach ar an ráta fostaíochta do dhaoine faoi mhíchumas le deacáid anuas, tá bearna fostaíochta fós ann do dhaoine faoi mhíchumas ag thart ar 24 phointe céatadáin san Aontas. Cuirtear gníomhaíochtaí i láthair sa phacáiste Fostaíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas chun feabhas a chur ar ráta fostaíochta na ndaoine faoi mhíchumas, trína chur ar a gcumas dóibh scileanna a fháil nó athsciliú nó uas-sciliú a dhéanamh chun freastal ar riachtanais an mhargaidh saothair, agus cuirtear i dtábhacht ann an gá le ráta fostaíochta na ndaoine faoi mhíchumas a mhéadú.

Thairis sin, ós rud é go bhfuil scileanna bunúsach agus ábhartha do gach earnáil eacnamaíoch, beartaítear le formhór thionscnaimh an Aontais bearta a bhaineann go sainráite le scileanna. Tá ról lárnach ag forbairt scileanna maidir le cur chun feidhme rathúil roinnt beartas eile de chuid an Aontais, ar a bhforbrófar Bliain Eorpach na Scileanna 2023. Áirítear leis sin an Comhaontú Glas don Eoraip, le tionscnaimh amhail an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’, an tionscnamh 'rabharta athchóiriúcháin' don Eoraip, an Plean REPowerEU, an togra le haghaidh athmhúnlú ar an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, an Plean Gníomhaíochta Nua don Gheilleagar Ciorclach, an Plean Gníomhaíochta le haghaidh Truailliú Nialasach, Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030, an Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’, agus an Teachtaireacht maidir le cur chuige nua le haghaidh geilleagar gorm inbhuanaithe san Aontas.

Thairis sin, le Bliain na Scileanna 2023, cuirfear le Bauhaus Eorpach Nua, Fís Eorpach agus a misin, an Clár Oibre Eorpach nua um Nuálaíocht, an Straitéis Eorpach um Ollscoileanna, straitéis maidir le Todhchaí Dhigiteach na hEorpa a Mhúnlú, Straitéis Eorpach maidir le Sonraí, an Deacáid Dhigiteach, an togra ón gCoimisiún le haghaidh Dearbhú Eorpach maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití, creat comhpháirteach inniúlachta airgeadais AE/ECFE do dhaoine fásta, an Straitéis um Chearta Daoine faoi Mhíchumas, plean gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh in aghaidh an chiníochais, Creat Straitéiseach an Aontais maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach, Plean Gníomhaíochta 2021-2027 um Imeascadh agus Cuimsiú, an Plean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach, Fís Fhadtéarmach an Aontais i leith Ceantair Thuaithe, an Teachtaireacht maidir le cur chuige nua le haghaidh geilleagar gorm inbhuanaithe san Aontas, an Straitéis Eorpach um Chúram, an Plean Gníomhaíochta don gheilleagar sóisialta agus conair an Aistrithe le haghaidh éiceachóras tionsclaíoch an gheilleagair neasachta agus shóisialta, an Gníomh Eorpach um Amhábhair Chriticiúla agus an Teachtaireacht maidir le hAthléimneacht Amhábhar Criticiúil, an Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le Bearnaí Infheistíochta i réimse na Cosanta agus an Bealach Chun Tosaigh, agus an Rialachán maidir leis an gClár Spáis. Áirítear i ngach ceann de na tionscnaimh agus de na beartais sin bearta a d’fhéadfadh baint a bheith acu le forbairt scileanna i gcoitinne nó le haghaidh grúpaí ar leith, nó baineann siad le tacair scileanna ar leith.

Ina theannta sin, tá an tAontas ag tacú le beartais scileanna agus le hinfheistíochtaí ar fud an domhain. Leis an straitéis ‘Global Gateway’ agus leis an bPlean Gníomhaíochta don Aos Óg, tugtar tús áite d’infheistíochtaí i gcórais oideachais ar ardchaighdeán i dtíortha comhpháirtíochta. Tá Foireann na hEorpa ag cur le forbairt scileanna, mar shampla trí thacú le hoiliúint múinteoirí agus le tionscnaimh a bhaineann leis an ngairmoideachas agus leis an ngairmoiliúint. Leis na hiarrachtaí sin sa ghné sheachtrach, comhlánaítear go díreach na cuspóirí a leagtar amach sa togra seo.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

I gcomhréir le hAirteagal 149 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, i réimse na fostaíochta, tá an inniúlacht ag an Aontas tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát, comhar a spreagadh agus anailís chomparáideach agus comhairle a sholáthar, agus cineálacha cur chuige nuálacha a chur chun cinn. Foráiltear le hAirteagal 149 CFAE go bhféadfaidh gníomhaíocht an Aontais ‘comhar idir na Ballstáit a spreagadh’ agus tacóidh sí ‘lena ngníomhaíocht i réimse na fostaíochta trí thionscnaimh arb é is aidhm dóibh malairtí faisnéise agus dea-chleachtais a fhorbairt, trí anailís chomparáideach agus comhairle a sholáthar mar aon le cur chuige nuálaíoch a chur ar aghaidh agus an taithí a mheas, go háirithe trí leas a bhaint as treoirthionscadail’.

Leis an gCinneadh, rannchuideofar le cuspóirí a leagtar amach Airteagal 145 CFAE, lena gceanglaítear ar na Ballstáit agus ar an Aontas obair a dhéanamh ‘chun straitéis chomhordaithe don fhostaíocht a fhorbairt agus go háirithe chun fórsa saothair sciliúil oilte solúbtha agus margaí fostaíochta atá oscailte don athrú eacnamaíoch a chur ar aghaidh’.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Tá an togra reatha i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta dá bhforáiltear in Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Ní féidir cuspóirí an togra a bhaint amach go leordhóthanach trí gníomhaíocht a dhéanann na Ballstáit amháin. Is amhlaidh atá mar nach mbainfeadh beart ar an leibhéal náisiúnta amháin leas as an ngné Eorpach de mhalartú taithí agus dea-chleachtais idir na Ballstáit. Saothróidh an tAontas a chuspóirí ar na dóigheanna is iomchuí i gcomhréir leis na hinniúlachtaí a thugtar dó leis na Conarthaí. Sa bhreis air sin, bhainfeadh gníomhaíocht na mBallstát leas as an bhfeasacht agus as an infheictheacht a chruthaítear laistigh agus lasmuigh den Aontas.

Comhréireacht

Tá an togra atá ann faoi láthair i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta dá bhforáiltear in Airteagal 5(4) CAE. Tá an rud atá á bheartú simplí. Braitheann sé ar chláir atá ann cheana agus ar ghníomhaíochtaí cumarsáide a athdhíriú ar théamaí Bhliain Eorpach na Scileanna 2023. Leis an togra seo ní fhorchuirtear aon srian bainistíochta díréireach ar lucht riaracháin a chuireann an togra chun feidhme.

Tacóidh gníomhaíocht an Aontais le hiarrachtaí na mBallstát agus cuirfidh sí leo. Ar an gcéad dul síos, cuirfear feabhas ar éifeachtacht ionstraimí dílse an Aontais leis an ngníomhaíocht seo. Ar an dara dul síos, feidhmeoidh sí mar chumasóir trí shineirgí agus trí chomhar a chothú idir na Ballstáit, idir eagraíochtaí agus fondúireachtaí, agus idir fiontair phríobháideacha agus phoiblí.

Leis an ngníomhaíocht de chuid an Aontais, ní rachfar thar a bhfuil riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a sainaithníodh agus chun cuspóirí an tionscnaimh a bhaint amach.

An rogha ionstraime

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, sin an ionstraim is iomchuí chun rannpháirtíocht iomlán an údaráis reachtaigh a áirithiú maidir le 2023 a ainmniú mar Bhliain Eorpach na Scileanna.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Neamhbhainteach

Bailiú agus úsáid saineolais

Neamhbhainteach

Measúnú tionchair

Ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair toisc nach bhfuil gá leis. Tagann cuspóirí an tionscnaimh atá beartaithe faoi réim chuspóirí bheartais agus chláir an Aontais atá ann cheana. Is féidir Bliain Eorpach na Scileanna 2023 a chur chun feidhme laistigh de theorainneacha buiséid atá ann cheana trí na cláir sin a úsáid lena ndéantar foráil maidir le tosaíochtaí maoiniúcháin a shocrú ar bhonn bliantúil nó ar bhonn ilbhliantúil. Ní bheadh aon tionchar suntasach sóisialta, eacnamaíoch nó comhshaoil ag an togra atáthar a mholadh thar a bhfuil sna ionstraimí atá ann cheana.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Neamhbhainteach

Cearta bunúsacha

Neamhbhainteach

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Leis an togra, ní cheanglaítear aon acmhainní buiséadacha breise i dtéarmaí creidmheasanna. Is féidir freastal ar gach riachtanas trí ath-imlonnú ó chúnamh teicniúil CSE+, lena n‑áirítear roinnt ball foirne eatramhach a earcú chun cuidiú le feachtas cumarsáide agus imeachtaí cumarsáide a chur chun feidhme ar an láthair, ó 2022 go 2024 cheana féin. Áiritheoidh foireann bhuan atá i bhfeidhm go ndéanfar maoirseacht ar an bhfoireann eatramhach chun cur chun feidhme rianúil a áirithiú le linn na bliana iomláine.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Áirítear sa togra oibleagáid atá ar an gCoimisiún tuarascáil a ullmhú faoin 31 Nollaig 2024 maidir le cur chun feidhme, torthaí agus measúnú foriomlán ar na tionscnaimh a chumhdaítear faoi Bhliain Eorpach na Scileanna.

Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

Neamhbhainteach

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

2022/0326 (COD)

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Bliain Eorpach na Scileanna 2023

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 149 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 20 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 21 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tá lucht saothair oilte ríthábhachtach chun aistrithe glasa agus digiteacha atá cothrom agus cóir ar bhonn sóisialta a áirithiú, agus chun iomaíochas agus athléimneacht inbhuanaithe an Aontais a neartú i bhfianaise suaití seachtracha díobhálacha amhail paindéim COVID-19 nó iarmhairtí chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Le breis scileanna agus scileanna níos fearr, cruthaítear deiseanna nua agus cumhachtaítear do dhaoine aonair páirt iomlán a ghlacadh i margadh an tsaothair, sa tsochaí agus sa daonlathas, leas a bhaint as na deiseanna a bhaineann leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach agus tairbhiú díobh agus a gcearta a fheidhmiú.

(2)Ar fud an Aontais, tuairiscíonn cuideachtaí go bhfuil deacrachtaí acu oibrithe ag a bhfuil na scileanna is gá a fháil. In 2021, aicmíodh 28 ngairm mar ghairm ina raibh ganntanais, lena náirítear na hearnálacha cúraim sláinte, fáilteachais, tógála agus seirbhíse, chomh maith le ganntanais speisialtóirí TF agus slándála, go háirithe saineolaithe cibearshlándála, agus oibrithe a bhfuil cúlra eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice acu 22 . De réir a chéile, is é an srian is mó ar aistriú digiteach agus glas rathúil an easpa oibrithe a bhfuil na scileanna cearta acu. I roinnt mhaith Ballstát, meastar go gcuirfear dlús le haosú déimeagrafach sa deacáid amach romhainn de réir mar a rachaidh cohóirt an ‘bhabaíbhorrtha’ ar scor, rud a threiseoidh an gá atá le leas iomlán a bhaint as acmhainneacht iomlán na ndaoine fásta uile atá in aois oibre trí infheistíochtaí leanúnacha a dhéanamh ina gcuid scileanna chomh maith le níos mó daoine a ghníomhachtú, go háirithe mná agus daoine óga, go speisialta iad siúd nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna (NEETanna).

(3)Tá infhaighteacht foirne oilte nó bainisteoirí a bhfuil taithí acu fós ar an bhfadhb is tábhachtaí don cheathrú cuid de 25 mhilliún fiontar beag agus meánmhéide (FBManna) de chuid an Aontais 23 , arb iad cnámh droma gheilleagar an Aontais iad, arb ionann iad agus 99 % de na gnólachtaí uile agus a fhostaíonn 83 mhilliún duine. Aithnítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún ‘Straitéis FBM d’Eoraip inbhuanaithe’ 24 an ról fíor-riachtanach atá ag FBManna maidir le hiomaíochas agus rathúnas na hEorpa.

(4)Is dúshlán mór don Aontas fós iad scileanna ísle na ndaoine fásta atá in aois oibre, lena léirítear an acmhainneacht neamhshaothraithe shuntasach atá ann maidir le huas-sciliú agus athsciliú chun cuidiú le maolú a dhéanamh ar ghanntanais lucht saothair atá ag méadú in earnálacha amhail an mhonaraíocht agus seirbhísí, agus go háirithe i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann le fáilteachas agus monarú trealaimh ríomhaireachta agus leictreonaigh, agus earnáil an chúraim 25 . Mar sin féin, níor tháinig aon mhéadú ar rannpháirtíocht san fhoghlaim aosach san Aontas le deacáid anuas agus níor éirigh le 21 Bhallstát sprioc 2020 ar leibhéal an Aontais a bhaint amach. I gcás go leor daoine fásta, amhail iad siúd atá i gcineálacha oibre neamhthipiciúla, fostaithe fiontar beag agus meánmhéide, daoine dífhostaithe, daoine neamhghníomhacha agus daoine ar bheagán scileanna, is rómhinic nach mbíonn deiseanna forbartha scileanna le fáil acu. Trí na deiseanna uas-scilithe agus athscilithe do na grúpaí sin agus do gach duine fásta in aois oibre a mhéadú, rannchuidítear freisin le sprioc fostaíochta an Aontais de 78 % a bhaint amach, agus is é 73.1 % an ráta fostaíochta san Aontas in 2021 26 .

(5)Sonraítear sa chéad phrionsabal de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta 27 go bhfuil an ceart ag cách ar oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil ar ardchaighdeán agus cuimsitheach chun na scileanna atá acu a choinneáil agus chun scileanna nua a fháil a chuirfidh ar a gcumas a bheith rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí agus athruithe ó phost go post sa mhargadh saothair a bhainistiú go rathúil. Baineann Prionsabal 4 le tacaíocht ghníomhach don fhostaíocht, chun seasamh leis an gceart atá gach duine cúnamh tráthúil saincheaptha a fháil chun feabhas a chur ar a nionchais fostaíochta nó féinfhostaíochta, lena náirítear an ceart chun tacaíocht a fháil don oiliúint agus don athcháiliú. I bprionsabal 5 maidir le fostaíocht shlán agus inoiriúnaithe, cuirtear i dtábhacht gur cheart d’oibrithe, beag beann ar an gcineál caidrimh fostaíochta atá acu agus ar an bhfad atá an caidreamh sin ar bun, cóir chothrom chomhionann a fháil i dtaca le dálaí oibre, rochtain ar chosaint shóisialta agus oiliúint. In Airteagal 14(1) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) 28 , sonraítear go bhfuil ag gach duine an ceart chun oideachais agus chun rochtain a fháil ar ghairmoiliúint agus ar oiliúint leanúnach. 

(6)Cuirtear i dtábhacht i bPrionsabal 3 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta go bhfuil ag gach duine, gan beann ar inscne, bunadh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh, an ceart chun córa comhionainne agus chun deiseanna comhionanna, agus áirítear leis sin fostaíocht agus oideachas. Ba cheart Bliain Eorpach na Scileanna a chur i gcrích ar bhealach atá cuimsitheach agus a chuireann comhionannas do chách chun cinn go gníomhach. Tugtar le fios i bPlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta 29 gur féidir linn fás fostaíochta níos cuimsithí a bhaint amach trí rannpháirtíocht na ngrúpaí sin atá faoi ghannionadaíocht i margadh an tsaothair faoi láthair a mhéadú.

(7)Sa Chlár Oibre Scileanna don Eoraip 30 , a glacadh i mí Iúil 2020, iarrtar go mbeidh réabhlóid scileanna ann chun téarnamh ár ngeilleagair a áirithiú, iomaíochas domhanda na hEorpa a neartú agus deiseanna a thapú sna haistrithe glasa agus digiteacha do chách. Is é is aidhm dó gníomhaíocht chomhchoiteann maidir le scileanna a chothú, a áirithiú go bhfuil ábhar na hoiliúna ailínithe leis na riachtanais sa mhargadh saothair atá ag síorathrú, agus deiseanna oiliúna a mheaitseáil ar bhealach níos fearr le toilmhianta daoine chun a nglacadh ar fud an daonra atá in aois oibre a dhreasú. Ba dhíol sásaimh do Pharlaimint na hEorpa cuspóirí agus gníomhaíochtaí an Chláir Oibre Scileanna don Eoraip i Rún uaithi an 11 Feabhra 2021 31 .

(8)An 25 Meitheamh 2021, ba dhíol sásaimh don Chomhairle Eorpach príomhspriocanna Phlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, i gcomhréir le Dearbhú Porto 32 , rud a thacaíonn leis an sprioc a áirithiú, faoi 2030, gurb é 78 % ar a laghad an ráta fostaíochta agus go mbeidh ar a laghad 60 % de na daoine fásta uile rannpháirteach san oiliúint gach bliain.

(9)An 14 Meán Fómhair 2022, d’fhógair an tUachtarán von der Leyen ina hAitheasc ar Staid an Aontais Eorpaigh 33 go mbeartódh an Coimisiún Eorpach go ndéanfaí Bliain Eorpach na Scileanna de 2023. Tharraing an tUachtarán aird ar fhadhb na nganntanas lucht saothair in earnálacha áirithe agus chuir sí i dtábhacht a thábhachtaí atá infheistíochtaí san oideachas gairmiúil agus san uas-sciliú. Chuir sí i dtábhacht freisin nach mór na scileanna cearta a mhealladh chun na hEorpa mar chuid den réiteach, arna thacú freisin le haitheantas na gcáilíochtaí do náisiúnaigh tríú tír a bhrostú agus a éascú. Agus beocht á cur aige i mBliain Eorpach na Scileanna, féachann an Coimisiún le móiminteam a mhéadú agus cur chun feidhme an iliomad gníomhaíochtaí atá déanta aige cheana féin a chothú chun athsciliú agus uas-sciliú san Aontas a neartú chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais sa mhargadh saothair agus tacú le fás inbhuanaithe gheilleagar sóisialta margaidh an Aontais. 

An 15 Meán Fómhair 2021, d’fhógair an tUachtarán von der Leyen ina haitheasc ar Staid an Aontais Eorpaigh seoladh idirphlé struchtúrtha ar an leibhéal is airde chun gealltanais maidir le scileanna digiteacha agus oideachas digiteach a neartú. Cheap na Ballstáit comhordaitheoirí náisiúnta don phróiseas sin. Le Bliain Eorpach na Scileanna 2023, cuirfear leis an bpróiseas idirphlé struchtúrtha, tríd an mbéim a leagtar inti a leathnú i gcomhréir le cuspóirí an Chinnidh seo.

Tagann Bliain na Scileanna sna sála ar Bhliain Eorpach na hÓige 2022 a rinne iarracht daoine óga a chumhachtú, onóir agus tacaíocht a thabhairt dóibh agus dul i dteagmháil leo, lena n‑áirítear daoine óga a bhfuil níos lú deiseanna acu, le peirspictíocht iar-phaindéim COVID-19, d’fhonn tionchar fadtéarmach dearfach a bheith ann do dhaoine óga. Le Bliain Eorpach na hÓige, cuireadh i dtábhacht cheana féin an tábhacht a bhaineann le scileanna chun fostaíocht ar ardchaighdeán a aimsiú do dhaoine óga.

(10)Ós rud é gurb iad na cuideachtaí agus na páirtithe leasmhara eile is mó a thuigeann cé na scileanna a bhfuil gá leo ina néiceachórais thionsclaíocha, ní mór a ngníomhaíocht chomhchoiteann maidir le forbairt scileanna a neartú mar chuid den réiteach. Leis an gComhshocrú um Scileanna, tugtar le chéile cuideachtaí, comhpháirtithe sóisialta, soláthraithe oideachais agus oiliúna, seirbhísí fostaíochta poiblí agus páirtithe leasmhara eile maidir le príomhscileanna, idir pháirtithe leasmhara príobháideacha agus pháirtithe leasmhara poiblí. Go dtí seo, tá níos mó ná 700 eagraíocht tar éis clárú agus bunaíodh 12 chomhpháirtíocht mhórscála in earnálacha straitéiseacha, agus gheall siad go gcuirfidh siad 6 mhilliún deis oiliúna chun cinn. Tá tábhacht ag baint leis an ngné réigiúnach freisin, lena náirítear i réigiúin teorann, áit a dteastaíonn bearta spriocdhírithe chun teacht ar oibrithe a bhfuil na scileanna cearta acu chun tacú le margaí saothair trasteorann éifeachtacha. Ar an gcaoi chéanna, tá dúshláin ar leith roimh réigiúin atá faoi mhíbhuntáiste agus iargúlta, lena náirítear na réigiúin is forimeallaí, toisc go bhfuil rochtain ar mhargadh an tsaothair agus deiseanna uas-scilithe agus athscilithe teoranta.

(11)Leis na Moltaí ón gComhairle maidir le Cuntais Foghlama Aonair 34 agus Micridhintiúir don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus don infhostaitheacht 35 , cuidítear le daoine a gcuid scileanna a thabhairt cothrom le dáta nó a dtacair scileanna a chur i gcrích, agus mar fhreagairt ar riachtanais scileanna atá ag teacht chun cinn i margadh an tsaothair freisin, ar bhealach níos solúbtha agus níos spriocdhírithe. Leis an Rún ón gComhairle ó mhí na Nollag 2021 maidir le Clár Oibre Eorpach nua don Fhoghlaim Aosach 2021-2030 36 , cuirtear uas-sciliú agus athsciliú chun cinn, rud a d’fhéadfadh neamhréireanna scileanna agus ganntanais lucht saothair a laghdú ina diaidh sin. Tá treoraíocht scileanna agus deiseanna féinmheasúnaithe scileanna i measc na mbeart a thacaíonn le daoine lena nuas-sciliú agus lena nathsciliú.

(12)Is é is aidhm do na beartais ghníomhacha neartaithe maidir leis an margadh saothair a mholtar i Moladh EASE (Tacaíocht Ghníomhach Éifeachtach don Fhostaíocht) ón gCoimisiún 37 tacú le haistrithe chuig fostaíocht nua le linn an téarnaimh ó ghéarchéim COVID-19 agus meaitseáil níos fearr a dhéanamh ar scileanna i margadh an tsaothair, le tacaíocht ó sheirbhísí fostaíochta a bhfuil acmhainneacht riaracháin leordhóthanach acu.

(13)Leis an Moladh ón gComhairle maidir leis an ngairmoideachas agus leis an ngairmoiliúint 38 , tacaítear le nuachóiriú na gcóras gairmoideachais agus gairmoiliúna chun an teolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí a theastaíonn ó dhaoine óga agus ó dhaoine fásta a thabhairt dóibh ionas go mbeidh rath orthu sa mhargadh saothair agus sa tsochaí atá ag síorathrú, chun bainistiú a dhéanamh ar an téarnamh agus ar na haistrithe córa chuig an ngeilleagar glas agus digiteach, tráth an athraithe dhéimeagrafaigh agus le linn na dtimthriallta eacnamaíocha uile. Cuireann sé gairmoideachas agus gairmoiliúint chun cinn mar spreagadh don nuálaíocht agus don fhás, rud atá sofhreagrúil chun dul in oiriúint d’athruithe sa mhargadh saothair agus chun scileanna a chur ar fáil do ghairmeacha a bhfuil éileamh mór orthu.

(14)Beidh scileanna don aistriú glas agus uas-sciliú agus athsciliú an lucht saothair ag teastáil i gcomhthéacs an aistrithe chuig geilleagar atá comhaimseartha, tíosach ó thaobh acmhainní de agus iomaíoch, mar a leagtar amach faoin gComhaontú Glas don Eoraip 39 lena leagtar amach an chonair i dtreo aeráidneodracht an Aontais faoi 2050. Aithnítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún ‘Oiriúnach do 55’ 40 nach néireoidh leis an aistriú glas ach amháin má tá an lucht saothair oilte is gá ag an Aontas chun a bheith iomaíoch i rith an ama agus tugann sé aird ar ghníomhaíochtaí suaitheanta an Chláir Oibre Scileanna chun na scileanna is gá do na haistrithe glasa agus digiteacha a thabhairt do dhaoine.

(15)Athdhearbhaítear i gClár Beartais na Deacáide Digití 2030 41 an cuspóir a áirithiú go mbeidh bunscileanna digiteacha ar a laghad ag 80 % de dhaonra an Aontais faoi 2030, agus leagtar síos sprioc de 20 milliún saineolaí TFC a bheith fostaithe, agus é mar aidhm aige cóineasú inscne a bhaint amach freisin, faoi 2030, trí chreat comhair a chruthú idir na Ballstáit agus an Coimisiún. Leagtar béim sa Deacáid Dhigiteach 42 ar an easpa acmhainneachta atá ag cláir speisialaithe oideachais agus oiliúna chun oiliúint a chur ar shaineolaithe breise TFC. Leagtar béim sa Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach 2021-2027 43 ar an ngá atá le modhanna teicneolaíochta a úsáid chun inrochtaineacht deiseanna foghlama a éascú agus chun solúbthacht na ndeiseanna foghlama a neartú, lena náirítear uas-sciliú agus athsciliú.

(16)Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Straitéis Tionsclaíochta Nuashonraithe 44 , iarrtar go ngníomhófaí go cinntitheach chun foghlaim ar feadh an tsaoil a chur i gcrích do chách agus chun a áirithiú go mbeidh an toideachas agus an oiliúint bord ar bhord leis an aistriú digiteach agus leis an aistriú glas agus go gcuideoidh siad leis na haistrithe sin a bhaint amach. Cuirtear i bhfios go láidir ann go bhfuil lucht saothair oilte ríthábhachtach chun aistrithe rathúla a áirithiú, chun tacú le hiomaíochas thionscal na hEorpa, lena haistriú digiteach agus glas agus le poist ar ardchaighdeán a chruthú. Ina theannta sin, aithnítear ann a thábhachtaí atá comhpháirtíochtaí láidre idir an tAontas, na Ballstáit, comhpháirtithe sóisialta agus páirtithe leasmhara ábhartha eile agus comhar idir éiceachórais thionsclaíocha agus laistigh díobh. Is féidir ról cinntitheach a bheith ag an ngeilleagar sóisialta ós rud é gur tacaí tábhachtach é d’aistrithe digiteacha agus glasa atá cothrom agus cuimsitheach ar bhonn sóisialta agus mar phríomhspreagadh don nuálaíocht shóisialta, lena náirítear i réimse an athscilithe agus an uas-scilithe.

(17)Trí náisiúnaigh tríú tír oilte a mhealladh, is féidir cuidiú le dul i ngleic le ganntanais scileanna agus lucht saothair an Aontais. I mí Dheireadh Fómhair 2021, tháinig an Treoir athbhreithnithe maidir le Cárta Gorm AE 45 i bhfeidhm, atá ar cheann de na príomhrudaí a baineadh amach chun tallann ardoilte a mhealladh i margadh an tsaothair. Sa Chomhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann 46 , leagtar béim láidir freisin ar imirce lucht saothair agus ar lánpháirtiú náisiúnach tríú tír. I bhfianaise an mhéid sin, ghlac an Coimisiún Pacáiste Scileanna agus Tallainne 47 i mí Aibreáin 2022 chun an creat dlíthiúil agus gníomhaíocht an Aontais sa réimse sin a threisiú. Leis na tograí chun an Treoir um Chónaitheoirí Fadtéarmacha agus an Treoir um Chead Aonair a athmhúnlú, beifear in ann na nósanna imeachta maidir le hoibrithe de gach leibhéal scile a ligean isteach san Aontas a shimpliú. Leanfaidh an Coimisiún freisin de Linn Tallann an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm ar bhonn céimnithe chun meaitseáil saothair le náisiúnaigh nach náisiúnaigh den Aontas iad a éascú. Tá an Coimisiún ag obair freisin chun Comhpháirtíochtaí Tallainne saincheaptha a sheoladh le príomhthíortha comhpháirtíochta sonracha chun borradh a chur faoi shoghluaisteacht idirnáisiúnta an lucht saothair agus faoi fhorbairt tallainne ar bhealach a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh agus ar bhealach ciorclach. Ina theannta sin, leanann an tAontas de bheith ar thús cadhnaíochta maidir le ranníocaíochtaí don chistiú domhanda don oideachas, lena ndírítear go háirithe ar oiliúint múinteoirí, ar oideachas cailíní agus ar ghairmoideachas agus ar ghairmoiliúint. Tá an obair sin, faoi scáth straitéis ‘Global Gateway’ 48 , comhlántach le cuspóirí an togra seo.

(18)Tá muinín as cáilíochtaí agus trédhearcacht cáilíochtaí, cibé acu a fuarthas na cáilíochtaí san Eoraip nó níos faide i gcéin, ríthábhachtach chun a naitheantas a éascú. Is túsphointe iad uirlisí trédhearcachta an Aontais (an Creat Eorpach um Cháilíochtaí, Europass, an tAicmiú Eorpach Scileanna, Inniúlachtaí, Cáilíochtaí agus Gairmeacha (ESCO), Uirlis an Aontais Eorpaigh um Próifíliú Scileanna do Náisiúnaigh Tríú Tíortha, Dintiúir Dhigiteacha Eorpacha le haghaidh Foghlama) chun trédhearcacht agus inchomparáideacht cáilíochtaí a mhéadú. I gcás margaí saothair dea-fheidhmiúla, ní mór scileanna a thuiscint agus a luacháil, cibé acu a fuarthas na scileanna i suíomhanna foirmiúla, seachfhoirmiúla nó neamhfhoirmiúla. Is céimeanna ríthábhachtacha sa chomhthéacs sin iad sainaithint scileanna agus doiciméadú, chomh maith le treoraíocht chun scileanna a dhéanamh infheicthe.

(19)Ní leor na hinfheistíochtaí poiblí agus príobháideacha foriomlána san uas-sciliú agus san athsciliú. Is é an fostóir a íocann as formhór na hoiliúna a bhaineann le poist san Aontas. Mar sin féin, ní chuireann a lán cuideachtaí, go háirithe FBManna, oiliúint ar fáil dá bhfoireann ná ní mhaoiníonn na cuideachtaí oiliúint dóibh, agus is lú an rochtain ag daoine aonair a bhfuil obair neamhthipiciúil ar oiliúint arna hurrú ag an bhfostóir nó níl rochtain ag na daoine sin ar an oiliúint sin. Baineann neamhionannais den sórt sin an bonn ó leas agus sláinte daoine aonair, laghdaíonn siad iomaíochas eacnamaíoch, cailltear deiseanna agus cuirtear bacainní ar an nuálaíocht dá bharr agus tá an baol ann go bhfágfaí daoine chun deiridh san aistriú chuig gníomhaíochtaí eacnamaíocha níos inbhuanaithe. Tá gá le creat cumasúcháin lena ndéanfar infheistíochtaí airgeadais fostóirí i scileanna a scaoileadh agus a dhreasú agus lena dtabharfar infheictheacht do luach eacnamaíoch an uas-scilithe agus an athscilithe.

(20)San am a chuaigh thart, chonaic an tAontas méaduithe móra ar na hinfheistíochtaí poiblí san oideachas agus san oiliúint tosaigh. Go dtí seo, áfach, níor tháinig méaduithe comhfhreagracha ar infheistíochtaí chun tacú le forbairt leanúnach scileanna tríd an saol oibre ar fad 49 . Iarrtar ar na Ballstáit sna Conclúidí ón gComhairle an 8 Meitheamh 2020 50 ‘samhlacha a d‘fhéadfadh a bheith ann do mhaoiniú poiblí agus príobháideach don fhoghlaim ar feadh an tsaoil a scrúdú agus scileanna a fhorbairt ar leibhéal an duine aonair’, agus iarrtar ar an gCoimisiún tacú leis na Ballstáit sna hiarrachtaí sin.

(21)Tá tacaíocht mhór chistiúcháin ar fáil ón Aontas chun athsciliú agus uas-sciliú a dhéanamh, cuir i gcás, trí Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta 51 , Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), an Ciste um Aistriú Cóir (CUAC), clár InvestEU, an Clár don Eoraip Dhigiteach, Erasmus+, Fís Eorpach, an Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE), an Ciste don Nuachóiriú agus an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta. Is é CSE+ an phríomhuirlis chistiúcháin atá ag an Aontas i gcónaí chun infheistíocht a dhéanamh i níos mó scileanna agus i scileanna níos fearr atá ag an lucht saothair, go háirithe trí thacú le hinstitiúidí agus le seirbhísí measúnú a dhéanamh ar riachtanais agus ar dhúshláin scileanna agus iad a dhéanamh amach roimh ré, lena dtacaítear le deiseanna athscilithe agus uas-scilithe d’oibrithe a chuireann an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach ar fáil. Tá gné shuntasach scileanna ag baint le hathchóirithe agus le hinfheistíochtaí a áirítear i bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát, a bhfuil nasc aici go minic le beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair, go háirithe tacaíocht don fhostaíocht le haghaidh daoine óga. Sna pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta a d’fhormhuinigh an Coimisiún agus an Chomhairle go dtí seo, tá thart ar 20 % den chaiteachas sóisialta tiomnaithe do ‘fhostaíocht agus scileanna’ 52 . Ba é REACTEU an chéad ionstraim de chuid NextGenerationEU chun íocaíochtaí a dhéanamh ar mhaithe le téarnamh na mBallstát. Chuidigh sé le poist a chruthú agus infheistíocht a dhéanamh i scileanna sna réigiúin is mó a bhí i ngátar. Oibrithe a chailleann a bpost mar gheall ar theagmhais athstruchtúraithe ar mhórscála, féadfaidh siad tairbhiú freisin de thacaíocht ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) chun poist nua a aimsiú, cuir i gcás trí oideachas agus oiliúint bhreise agus trí threoir ghairme agus comhairle shaincheaptha.

(22)Aithnítear i Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir 53 gurb é atá in uas-sciliú agus athsciliú oibrithe agus cuardaitheoirí poist ionstraim a bhfuil gá léi chun aistriú glas atá cothrom agus cuimsitheach a áirithiú agus chun iarmhairtí díobhálacha a mhaolú. Sa Mholadh ón gComhairle maidir le haistriú cothrom i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú 54 , leagtar amach treoraíocht shonrach chun cuidiú leis na Ballstáit pacáistí beartais a cheapadh agus a chur chun feidhme maidir le gnéithe ábhartha fostaíochta agus sóisialta, lena náirítear beartais uas-scilithe agus athscilithe. Thairis sin, leis an Moladh ón gComhairle maidir le foghlaim don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe 55 , cuirtear beartais agus cláir chun cinn chun a áirithiú go sealbhóidh foghlaimeoirí de gach aois an teolas agus na scileanna chun tairbhiú de mhargadh saothair atá ag athrú, chun maireachtáil go hinbhuanaithe agus chun gníomhú ar mhaithe le todhchaí inbhuanaithe.

(23)Le clár InvestEU, faoina ionú infheistíochta sóisialta agus Scileanna, tacaítear leis an éileamh ar scileanna agus le soláthar scileanna, agus feabhas á chur ar thacair scileanna nó úsáid scileanna faighteoirí deiridh agus margaí infheistíochta scileanna á gcothú. Le InvestEU, tacaítear freisin le hinfheistíochtaí ginearálta san oideachas, san oiliúint agus i seirbhísí gaolmhara. Ina theannta sin, leis an Scéim um Aistriú Cóir faoi InvestEU, tacaítear le hinfheistíochtaí, lena náirítear na hinfheistíochtaí sin atá dírithe ar thacú le huas-sciliú agus le hathsciliú oibrithe, i réigiúin ina bhfuil plean formheasta um aistriú cóir faoi Rialachán (AE) 2021/1056 nó i dtionscadail a théann chun tairbhe do na réigiúin sin, ar choinníoll go bhfuil siad ríthábhachtach maidir le haistriú na gcríoch sin.

(24)Le saineolas saincheaptha tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (TSI) de chuid an Choimisiúin, is féidir cuidiú leis na Ballstáit athchóirithe a dhéanamh atá nasctha le straitéisí náisiúnta nó réigiúnacha maidir le scileanna, rud a fhágann go dtiocfaidh feabhas marthanach ar na deiseanna athscilithe agus uas-scilithe atá ar fáil ó chistí sealadacha an Aontais. Is féidir leis an bhfoghlaim fhrithpháirteach, arna éascú ag an gCoimisiún, tacú leis an bpróiseas freisin.

(25)Is é is aidhm don Straitéis Eorpach maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030 56 a áirithiú go mbeidh siad rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí, ar bhonn comhionann le daoine eile san Aontas agus níos faide i gcéin. Laistigh den Straitéis, geallann an Coimisiún Eorpach go náiritheoidh sé gur féidir le daoine faoi mhíchumas páirt a ghlacadh in oiliúint agus scileanna nua a fhoghlaim, mar riachtanas bunúsach le haghaidh fostaíochta agus neamhspleáchais.

(26)Ar leibhéal an Aontais, dhéanfaí an leithdháileadh airgeadais is gá chun an Cinneadh seo a chur chun feidhme a shainaithint laistigh de bhuiséad na gclár ranníocaíochta i gcomhréir leis na Creataí Airgeadais Ilbhliantúla 2014-2020 agus 2021-2027. Gan dochar do chumhachtaí an údaráis bhuiséadaigh, ba cheart gurb é an aidhm a bheadh ann cistiú EUR 9.3 milliún ar a laghad le haghaidh costais oibríochtúla a chur ar fáil chun an Cinneadh seo a chur chun feidhme.

(27)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Chinnidh seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta seo atá beartaithe, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Cinneadh seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(28)Chun cur chun feidhme tapa Bhliain Eorpach na Scileanna a áirithiú, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 
Ábhar

Ainmneofar an bhliain 2023 mar ‘Bhliain Eorpach na Scileanna 2023’ (dá ngairtear an ‘Bhliain Eorpach’ anseo feasta).

Airteagal 2 
Cuspóirí

I gcomhréir le prionsabail 1, 4 agus 5 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus rannchuidiú á dhéanamh leis na cuspóirí a leagtar amach i gClár Oibre Scileanna don Eoraip 2020 agus le príomhspriocanna an Aontais a leagtar amach i bPlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, is é cuspóir foriomlán na Bliana Eorpaí meon athscilithe agus uas-scilithe a chur chun cinn a thuilleadh, agus ar an gcaoi sin borradh a chur faoi iomaíochas cuideachtaí Eorpacha, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus acmhainneacht iomlán na n‑aistrithe digiteacha agus glasa a bhaint amach ar bhealach atá cothrom, cuimsitheach agus cóir ar bhonn sóisialta. Go sonrach, le gníomhaíochtaí na Bliana, cuirfear chun cinn beartais scileanna agus infheistíochtaí chun a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár sa dá aistriú agus sa téarnamh eacnamaíoch, agus, go háirithe, aghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair le haghaidh lucht saothair níos oilte san Aontas atá in ann deiseanna an phróisis seo a thapú, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

1.Infheistíocht mhéadaithe, níos éifeachtaí agus níos cuimsithí san oiliúint agus san uas-sciliú a chur chun cinn chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht lucht saothair na hEorpa atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo agus chun tacú le daoine aistrithe ó phost go post agus aosú gníomhach a bhainistiú, agus tairbhiú de na deiseanna nua a eascraíonn as an gclaochlú eacnamaíoch atá ar siúl faoi láthair.

2.Ábharthacht scileanna a neartú trí dhul i gcomhar go dlúth leis na comhpháirtithe sóisialta, le seirbhísí fostaíochta poiblí agus príobháideacha, le cuideachtaí, le soláthraithe oideachais agus oiliúna agus trí chineálacha cur chuige comhleanúnacha a fhorbairt le gach brainse de rialtais.

3.Toilmhianta agus tacar scileanna daoine a mheaitseáil le deiseanna sa mhargadh saothair, go háirithe na deiseanna sin a chuirtear ar fáil leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach agus leis na croí-earnálacha a bhfuil téarnamh de dhíth orthu ón bpaindéim. Cuirfear béim speisialta ar níos mó daoine a ghníomhachtú don mhargadh saothair, go háirithe mná agus daoine óga. agus go speisialta iad siúd nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna (NEETanna).

4.Daoine ó thríú tíortha a bhfuil na scileanna acu a theastaíonn ón Aontas a mhealladh, lena náirítear trí dheiseanna foghlama agus soghluaisteacht a neartú, agus trí aitheantas do cháilíochtaí a éascú.

Airteagal 3 
Cineál na mbeart

1.Cuimseofar na gníomhaíochtaí seo a leanas ar an leibhéal Eorpach, an leibhéal náisiúnta, an leibhéal réigiúnach nó an leibhéal áitiúil agus, i gcás inarb ábhartha, i gcomhar le tríú tíortha, i measc na mbeart a ghlacfar chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2 a bhaint amach agus atá nasctha le cuspóirí na Bliana Eorpaí, mar atá:

(a)comhdhálacha, pléití fóraim agus imeachtaí breise chun díospóireacht a chur chun cinn maidir le ról agus rannchuidiú na mbeartas scileanna chun fás eacnamaíoch iomaíoch, inbhuanaithe agus cothrom a bhaint amach i bhfianaise an athraithe dhéimeagrafaigh agus chun páirtithe leasmhara ábhartha a shlógadh chun a áirithiú gurb ann do rochtain ar oiliúint ar an láthair;

(b)meithleacha, cruinnithe teicniúla agus imeachtaí chun plé agus foghlaim fhrithpháirteach a chur chun cinn maidir leis na gníomhaíochtaí agus na cineálacha cur chuige is féidir le páirtithe leasmhara san earnáil phoiblí, san earnáil phríobháideach agus sa tríú hearnáil a dhéanamh, lena náirítear samplaí dea-chleachtais, treoirlínte agus doiciméid tacaíochta bhreise a eascraíonn as na himeachtaí a ullmhú, a fhoilsiú agus a scaipeadh;

(c)tionscnaimh lena ndírítear, inter alia, ar dhaoine aonair, cuideachtaí, comhlachais tráchtála agus tionscail, comhpháirtithe sóisialta, údaráis phoiblí agus soláthraithe oideachais agus oiliúna chun soláthar, maoiniú agus glacadh na ndeiseanna uas-scilithe agus athscilithe a chur chun cinn;

(d)feachtais faisnéise, chumarsáide agus múscailte feasachta maidir le tionscnaimh de chuid an Aontais le haghaidh uas-sciliú agus athsciliú, a gcur chun feidhme agus a gcur i gcrích ar an láthair a chur chun cinn, mar aon lena nglacadh ag tairbhithe féideartha;

(e)idirphlé a mhéadú i ngrúpaí agus i líonraí páirtithe leasmhara atá ann cheana, trí ardáin sheanbhunaithe ar líne freisin;

(f)uirlisí faisnéise scileanna a chur chun feidhme agus a fhorbairt a thuilleadh de réir mar is gá, agus a gcur i bhfeidhm á gcur chun cinn agus á scaipeadh ag an am céanna chun riachtanais scileanna atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a shainaithint, go háirithe riachtanais atá nasctha leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, leis na croí-earnálacha a bhfuil gá acu le téarnamh ón bpaindéim, leis an ngéarchéim fuinnimh agus le tionchar chogadh foghach na Rúise san Úcráin;

(g)uirlisí agus ionstraimí a chur chun cinn ar mhaithe le trédhearcacht mhéadaithe maidir le cáilíochtaí, lena náirítear cáilíochtaí a bhronntar lasmuigh den Aontas;

(h)cláir, deiseanna cistiúcháin, tionscadail, gníomhaíochtaí agus líonraí atá ábhartha do pháirtithe leasmhara poiblí, príobháideacha agus neamhrialtasacha a chur chun cinn, a bhfuil baint acu le deiseanna uas-scilithe agus athscilithe agus gairmoiliúint a cheapadh, a scaipeadh agus a chur chun feidhme;

2.Féadfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí eile a shainaithint a d’fhéadfadh cur le cuspóirí na Bliana Eorpaí agus a cheadú go ndéanfar tagairtí don Bhliain Eorpach le húsáid i gcur chun cinn na ngníomhaíochtaí sin a mhéid a rannchuidíonn siad leis na cuspóirí sin a bhaint amach. Féadfaidh institiúidí eile an Aontais agus na Ballstáit gníomhaíochtaí eile den sórt sin a shainaithint agus iad a mholadh don Choimisiún

Airteagal 4 
Comhordú ar an leibhéal náisiúnta

Is freagracht de chuid na mBallstát é rannpháirtíocht sa Bhliain Eorpach a eagrú ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach. Chuige sin, ceapfaidh gach Ballstát comhordaitheoir náisiúnta a bheidh in ann ionadaíocht a dhéanamh ar na brainsí éagsúla rialtais ar bhealach iomlánaíoch. Áiritheoidh na comhordaitheoirí náisiúnta comhordú na ngníomhaíochtaí ábhartha ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach.

Airteagal 5 
Comhordú ar leibhéal an Aontais

1.Beidh cur chuige trasnaí ann maidir le comhordú na Bliana Eorpaí ar leibhéal an Aontais d’fhonn sineirgí a chruthú idir cláir agus tionscnaimh éagsúla an Aontais i réimse na scileanna.

2.Beidh an Coimisiún ag brath ar shaineolas agus ar chúnamh na nGníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais maidir leis an mBliain Eorpach a chur chun feidhme.

3.Tionólfaidh an Coimisiún cruinnithe de chuid na gcomhordaitheoirí náisiúnta chun comhordú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 3. Feidhmeoidh na cruinnithe sin mar dheis malartaithe faisnéise chomh maith maidir le cur chun feidhme na Bliana Eorpaí ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Féadfaidh ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa agus ó Ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais a bheith rannpháirteach sna cruinnithe sin mar bhreathnóirí.

4.Rachaidh an Coimisiún i dteagmháil le comhpháirtithe sóisialta, le comhlachtaí margaidh saothair agus le hionadaithe ó eagraíochtaí nó ó chomhlachtaí atá gníomhach i réimse na scileanna, chun cuidiú leis an mBliain Eorpach a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais.

Airteagal 6 
Comhar ar an leibhéal idirnáisiúnta

Chun críocha na Bliana Eorpaí, i gcás inar gá, oibreoidh an Coimisiún i gcomhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí inniúla idirnáisiúnta, go háirithe le ECFE, le UNESCO agus leis an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS), agus san am céanna déanfaidh sé infheictheacht rannpháirtíocht an Aontais a áirithiú.

Airteagal 7 
Faireachán agus meastóireacht

Faoin 31 Nollaig 2024, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún maidir le cur chun feidhme, torthaí agus measúnú foriomlán na dtionscnamh dá bhforáiltear sa Chinneadh seo.

Airteagal 8 
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

1.4.2.Cuspóirí sonracha

1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a sainaithníodh agus an córas rialaithe inmheánaigh nó an córas/na córais rialaithe inmheánaigh a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

2.2.3.Meastachán ar chost‑éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imreofar tionchar

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.2.An t‑aschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Bliain Eorpach na Scileanna 2023

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann 

Réimse Beartais: Fostaíocht agus Scileanna

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le: 

X beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 57  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

Is é cuspóir ginearálta Bhliain Eorpach na Scileanna 2023 meon athscilithe agus uas-scilithe a chur chun cinn a thuilleadh, lena n‑áiritheofar nach bhfágfar aon duine ar lár sa dá aistriú agus, go háirithe, aghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair le haghaidh lucht saothair níos oilte san Aontas atá in ann deiseanna an phróisis seo a thapú agus, ar an gcaoi sin, borradh a chur faoi iomaíochas cuideachtaí Eorpacha, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus acmhainneacht iomlán na n‑aistrithe digiteacha agus glasa a bhaint amach ar bhealach atá cothrom, cuimsitheach agus cóir ar bhonn sóisialta.

1.4.2.Cuspóirí sonracha

Leanfaidh Bliain Eorpach na Scileanna 2023 ceithre chuspóir shonracha:

1.    Infheistíocht mhéadaithe, níos éifeachtaí agus níos cuimsithí san oiliúint agus san uas-sciliú a chur chun cinn chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht lucht saothair na hEorpa atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo agus chun tacú le daoine aistrithe ó phost go post agus aosú gníomhach a bhainistiú, agus tairbhiú de na deiseanna nua a eascraíonn as an gclaochlú eacnamaíoch atá ar siúl faoi láthair.

2.    Ábharthacht scileanna a neartú trí dhul i gcomhar go dlúth leis na comhpháirtithe sóisialta, le seirbhísí fostaíochta poiblí agus príobháideacha, le cuideachtaí, le soláthraithe oideachais agus oiliúna agus trí chineálacha cur chuige comhleanúnacha a fhorbairt le gach brainse de rialtais.

3.    Toilmhianta agus tacar scileanna daoine a mheaitseáil le deiseanna sa mhargadh saothair, go háirithe na deiseanna sin a chuirtear ar fáil leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach agus leis na croí-earnálacha a bhfuil téarnamh de dhíth orthu ón bpaindéim. Cuirfear béim speisialta ar níos mó daoine a ghníomhachtú don mhargadh saothair, go háirithe mná agus daoine óga. agus go speisialta iad siúd nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna (NEETanna).

4.    Daoine ó thríú tíortha a bhfuil na scileanna acu a theastaíonn ón Aontas a mhealladh, lena náirítear trí dheiseanna foghlama agus soghluaisteacht a neartú, agus trí aitheantas do cháilíochtaí a éascú.

1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Meastar go mbeidh éifeachtaí dearfacha ag Bliain Eorpach na Scileanna 2023 ar leibhéal an duine aonair, ar leibhéal an rialtais agus ar leibhéal na sochaí. Beidh na nithe seo a leanas ann mar thoradh ar na cineálacha beart dá bhforáiltear (imeachtaí, feachtais faisnéise, chumarsáide agus múscailte feasachta, idirphlé méadaithe, cur chun cinn agus forbairt uirlisí):

infheistíocht níos mó agus níos dírithe ar dheiseanna athscilithe agus uas-scilithe atá ábhartha i margadh an tsaothair, rud a rachaidh chun tairbhe d’oibrithe agus d’fhostóirí trí aghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair atá ann cheana agus trí fhostaíocht agus cuimsiú sóisialta a chothú.

malartú faisnéise méadaithe, foghlaim fhrithpháirteach, agus comhar neartaithe, rud a rachaidh chun tairbhe d’obair eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha, chomh maith le comhpháirtithe sóisialta, ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar an leibhéal Eorpach, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil.

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

Táscairí maidir leis an toradh:

Líon imeachtaí arna neagrú

Líon na naschur atá le cur ar bun faoi chuimsiú an fheachtais faisnéise

Faoin 31 Nollaig 2024, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur chun feidhme, torthaí agus measúnú foriomlán na dtionscnamh dá bhforáiltear sa Chinneadh seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún.

1.5.Forais an togra/tionscnaimh 

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Sa ghearrthéarma: comhar neartaithe agus feasacht mhéadaithe i measc gníomhaithe poiblí agus príobháideacha maidir le beartais agus ionstraimí scileanna. Comhlíonfar na ceanglais ghearrthéarmacha le linn Bhliain Eorpach na Scileanna 2023, agus na cineálacha beart dá bhforáiltear á gcur chun feidhme.

San fhadtéarma: deiseanna méadaithe uas-scilithe agus athscilithe a chur chun cinn, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar shaincheist na nganntanas lucht saothair san Aontas.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Tagann an breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais as an méid seo a leanas:

-breis éifeachtachta maidir le hionstraimí dílse an Aontais trí fheasacht agus infheictheacht na mbeartas scileanna a ardú.

-gníomhaíochtaí ar an leibhéal náisiúnta a bhfuil gné Eorpach ag baint leo a chomhlánú ionas gur féidir taithí agus dea-chleachtas a mhalartú idir na Ballstáit, comhpháirtithe sóisialta agus páirtithe leasmhara eile, fiontair phríobháideacha agus phoiblí, laistigh den Aontas agus lasmuigh de. Sa bhreis air sin, bhainfeadh gníomhaíocht na mBallstát leas as an bhfeasacht agus as an infheictheacht a chruthaítear laistigh agus lasmuigh den Aontas.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Na Blianta Eorpacha a eagraíodh le 10 mbliana anuas, is léir gur cruthaíodh a luachmhaire atá siad mar ionstraimí éifeachtacha chun feasacht a mhúscailt, ionstraimí a raibh tionchar acu ar an bpobal i gcoitinne agus ar iolraitheoirí araon agus lenar cruthaíodh sineirgí idir réimsí éagsúla idirghabhála ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát.

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Le Bliain Eorpach na Scileanna 2023, cuirfear chun cinn sineirgí idir beartais scileanna agus beartais ábhartha eile de chuid an Aontais. Le Bliain Eorpach na Scileanna 2023, cuirfear le tionscnaimh ábhartha de chuid an Aontais atá ann cheana, ós rud é go bhfuil forbairt scileanna bunriachtanach agus ábhartha do gach earnáil eacnamaíoch.

Go sonrach, le Bliain Eorpach na Scileanna 2023, cuirfear leis an gClár Oibre Scileanna don Eoraip, an Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach, an Limistéar Eorpach Oideachais, an Limistéar Eorpach Taighde, an Comhaontú Glas don Eoraip, lena n‑áirítear an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’, an tionscnamh ‘rabharta athchóiriúcháin’ don Eoraip, an Plean REPowerEU, an Plean Gníomhaíochta Nua don Gheilleagar Ciorclach, an Plean Gníomhaíochta le haghaidh Truailliú Nialasach agus Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030, an Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’, agus an Teachtaireacht maidir le cur chuige nua le haghaidh geilleagar gorm inbhuanaithe san Aontas. Thairis sin, le Bliain Eorpach na Scileanna 2023, cuirfear le Bauhaus Eorpach Nua, Fís Eorpach agus a misin, an Clár Oibre Eorpach nua um Nuálaíocht, an Straitéis Eorpach um Ollscoileanna, togra ón gCoimisiún le haghaidh Dearbhú Eorpach maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití, straitéis maidir le Todhchaí Dhigiteach na hEorpa a Mhúnlú, Straitéis Eorpach maidir le Sonraí, an Deacáid Dhigiteach, an Ráthaíocht atreisithe don Aos Óg, an Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas, creat comhpháirteach inniúlachta airgeadais AE/ECFE do dhaoine fásta, plean gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh in aghaidh an chiníochais, Creat Straitéiseach an Aontais maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach, Plean Gníomhaíochta 2021-2027 um Imeascadh agus Cuimsiú, an Straitéis um Chomhionannas Inscne, an Plean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach, Fís Fhadtéarmach an Aontais i leith Ceantair Thuaithe, an Teachtaireacht maidir le cur chuige nua le haghaidh geilleagar gorm inbhuanaithe san Aontas, an Straitéis Eorpach um Chúram, an Plean Gníomhaíochta don gheilleagar sóisialta agus conair an Aistrithe le haghaidh éiceachóras tionsclaíoch an gheilleagair neasachta agus shóisialta, an Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le Bearnaí Infheistíochta i réimse na Cosanta agus an Bealach Chun Tosaigh, agus an Rialachán maidir leis an gClár Spáis, an straitéis ‘Global Gateway’ agus an Plean Gníomhaíochta don Aos Óg. Áirítear i ngach ceann de na tionscnaimh agus de na beartais sin bearta a d’fhéadfadh baint a bheith acu le forbairt scileanna i gcoitinne nó le haghaidh grúpaí ar leith, nó baineann siad le tacair scileanna ar leith.

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

Beartaíodh dhá rogha: creidmheasanna breise a iarraidh nó iarracht a dhéanamh Bliain Eorpach na Scileanna a chistiú trí ath-imlonnú.

Ós rud é go ndáiltear na riachtanais i gcreidmheasanna thar thréimhse trí bliana (2022-2024), bhíothas in ann freastal ar gach riachtanas i gcreidmheasanna trí ath-imlonnú inmheánach, agus forbairt á déanamh ar chúnamh teicniúil CSE+, idir chúnamh oibríochtúil agus chúnamh riaracháin.

I dtéarmaí foirne, áfach, níor measadh go bhféadfaí ath-imlonnú, agus é sin amháin, a dhéanamh. Dá bhrí sin, déanfar an fhoireann bhuan a threisiú le baill foirne eatramhacha ar feadh ré na ngníomhaíochtaí. Is féidir na costais a bhaineann le baill foirne eatramhacha a chistiú freisin trí chreidmheasanna a ath-imlonnú.

1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

X fad teoranta

X    i bhfeidhm ó ghlacadh an chinnidh go dtí an 31/12/2024

X    Tionchar airgeadais ó 2022 go 2024 maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó 2022 go 2026 maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 58  

X Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

X ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht chomhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí poiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’ le do thoil.

Nótaí

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Sonraigh an mhinicíocht agus na coinníollacha.

Clár Oibre na Bliana Eorpaí

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Is í an bhainistíocht dhíreach, de réir airteagal 62.1(a) den Rialachán Airgeadais, an modh is fearr toisc gurb é an Coimisiún Eorpach a chuirfidh na bearta chun feidhme, go háirithe AS EMPL, rud a áiritheoidh an comhar leis na Ballstáit agus na páirtithe leasmhara éagsúla

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a sainaithníodh agus an córas rialaithe inmheánaigh nó an córas/na córais rialaithe inmheánaigh a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Cuid de chóras rialaithe inmheánach AS EMPL is ea na rialuithe. Cumhdófar na gníomhaíochtaí nua sin leis an gcur chuige céanna chun rioscaí a shainaithint agus a mhaolú.

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh) 

Cuid de chóras rialaithe inmheánach AS EMPL is ea na rialuithe. Ginfear costais bhreise neamhshuntasacha ó thaobh an rialaithe de ar leibhéal na hArd-Stiúrthóireachta mar gheall ar na gníomhaíochtaí nua sin.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Nuair a chuirfear chun feidhme gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin gCinneadh seo, áiritheoidh an Coimisiún go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin bearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus trí na suimeanna a íocadh go míchuí a aisghabháil agus, sa chás go mbraitear neamhrialtachtaí, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a chur i bhfeidhm. Údaraítear don Choimisiún seiceálacha agus fíoruithe a dhéanamh in situ faoin gCinneadh seo, i gcomhréir le Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint ar an gcalaois agus neamhrialtachtaí eile. Más gá, déanfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise imscrúduithe agus beidh na himscrúduithe faoi rialú Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF)

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imreofar tionchar 

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Saghas caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir  

LD/LN 59 .

ó thíortha de chuid CSTE 60

ó thíortha is iarrthóirí 61

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

LD/LN

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

2.a

07.020502 – CSE — Cúnamh teicniúil oibríochtúil — Maoiniú faoi REACT‑EU

LD

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

2.a

07.010101 – Caiteachas tacaíochta le haghaidh CSE+ — bainistíocht chomhroinnte

LN

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

2.a

07.010101 – Caiteachas tacaíochta le haghaidh CSE+ - bainistíocht chomhroinnte – Maoiniú faoi REACT‑EU

LN

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

Is cláir agus línte buiséid táscacha iad na cinn a luaitear thíos. Sainaithneofar cistiú iomchuí laistigh d’imchlúdaigh na gclár rannchuidithe, i gcomhréir leis na rialacha airgeadais is infheidhme.

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

   Ní cheanglaítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

X    Ceanglaítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

EUR milliún (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Uimhir

faoi Cheannteideal 2a: Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna

AS EMPL

2022

2023

2024

2025

2026

IOMLÁN

 Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Líne bhuiséid 07 02 05 02

Gealltanais

(1a)

8,500

0,500

0,300

0

0

9,300

Íocaíochtaí

(2a)

0

3,600

1,920

3,660

0,120

9,300

Gealltanais

(1b)

Íocaíochtaí

(2b)

Gealltanais

(1c)

Íocaíochtaí

(2c)



 IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

Gealltanais

1a+1b+1c

8,500

0,500

0,300

0

0

9,300

Íocaíochtaí

2a+2b

+2

0

3,600

1,920

3,660

0,120

9,300

·Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

2022

2023

2024

2025

2026

IOMLÁN

Líne bhuiséid 07 01 01 01

Gealltanais / Íocaíochtaí

(3)

0,108

0,443

0,158

0,710

Líne bhuiséid 07 01 01 01 – REACT‑EU

Gealltanais / Íocaíochtaí

(3)

0,000

0,506

0,000

0,506



IOMLÁN na leithreasuithe le haghaidh AS EMPL

Gealltanais

8,608

1,449

0,458

10,516

Íocaíochtaí

2a+2b

+2

0,108

4,549

2,078

3,660

0,120

10,516

 



Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

7

‘Caiteachas riaracháin’

EUR milliún (go dtí an tríú deachúil)

2022

2023

2024

2025

2026

IOMLÁN

AS EMPL

Acmhainní daonna 

0,125

0,502

0,084

0,711

Caiteachas riaracháin eile 

0,017

0,017

IOMLÁN AS EMPL

Leithreasuithe

0,125

0,519

0,084

0,728

IOMLÁN na leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

(Iomlán na ngealltanas = Iomlán na n‑íocaíochtaí)

0,125

0,519

0,084

0,728

EUR milliún (go dtí an tríú deachúil)

2022

2023

2024

2025

2026

IOMLÁN

IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Gealltanais

8,734

1,968

0,542

11,243

Íocaíochtaí

0,234

5,068

2,162

3,660

0,120

11,243

3.2.2.An taschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliún (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

2022

2023

2024

2025

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

ASCHUIR

Cineál 62

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIRÍ SONRACHA Uimh. 1 63 ...

- Aschur

Feachtas cumarsáide

7,000

1

7,000

1

7,000

- Aschur

Imeachtaí an Choimisiúin

1,500

5

0,300

5

1,500

- Aschur

Imeachtaí na hUachtaránachta

0,500

3

0,167

3

0,500

- Aschur

Meastóireacht

0,300

1

0,300

1

0,300

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

IOMLÁIN

1

7,000

8

2,000

1

0,300

10

9,300

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin 

   Ní cheanglaítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

X    Ceanglaítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliún (go dtí an tríú deachúil)

2022

2023

2024

2025

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

0,125

0,519

0,084

0,711

Caiteachas riaracháin eile

0,017

0,017

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

0,125

0,519

0,084

0,728

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 64  
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

0,108

0,949

0,158

1,216

Caiteachas eile de chineál riaracháin

Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

0,108

0,949

0,158

1,216

IOMLÁN

0,234

1,468

0,242

1,948

Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard-Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní cheanglaítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

X    Ceanglaítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

2022

2023

2024

Bliain N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

 Poist sa phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

3

3

0.50

20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

01 01 01 01 (Taighde indíreach)

01 01 01 11 (Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

 Foireann sheachtrach (i gCoibhéis Lánaimseartha: FTE) 65

20 02 01 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

07 01 01 01  66

- sa Cheanncheathrú

7

7

5

- i dToscaireachtaí

01 01 01 02 (AC, END, INT – Taighde indíreach)

01 01 01 12 (AC, END, INT – Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh) 07 01 01 01 NGEU

0

8

0

IOMLÁN

10

18

5.50

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Tuairisc ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Plean oibre na Bliana a fhoirmliú agus a chomhordú le seirbhísí eile; na téarmaí tagartha a tharraingt suas le haghaidh conarthaí seirbhíse agus ceannaigh agus a ghabhann leis an bpróiseas roghnúcháin; an comhordú idirinstitiúideach a áirithiú; seisiúin eolais agus óráidí a ullmhú le haghaidh an Choimisinéara agus na hArd-Stiúrthóireachta; ionchur a áirithiú le haghaidh na preasoibre; an mheastóireacht ex-post a ghabhann leis

Pearsanra seachtrach

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

X tá an togra comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil atá ann faoi láthair

   is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí ath-imlonnú laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

   is gá an corrlach neamh-leithdháilte faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.

   is gá athbhreithniú ar CAI.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

X    ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliún (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
N 67

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN na leithreasuithe cómhaoinithe

 

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

X    Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

EUR milliún (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 68

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam sannta, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

(1)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Clár Oibre Scileanna don Eoraip don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht ( COM(2021)274 final )
(2)    Iarradh i dTuarascáil 2022 maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach (COM(2022)289 final), cuir i gcás, go méadófaí an caiteachas san oideachas agus san oiliúint, agus béim á leagan inti ag an am céanna go bhfuil scileanna foghlama i gceist leis sin chun oiriúnú do réaltacht theicneolaíoch agus do mhargadh saothair atá ag athrú go tapa, chomh maith le scileanna glasa agus feasacht ar an aeráid.
(3)     Dearbhú Porto - An Chomhairle (europa.eu)
(4)    Eurostat, Ráta dífhostaíochta, (une_rt_m)  
(5)    Eurofound, Suirbhé Eorpach ar Chuideachtaí 2019
(6)    Eurostat, Príomhfhigiúirí maidir le Gnólachtaí Eorpacha , Eagrán 2022, lch. 10.
(7)    An tÚdarás Eorpach Saothair, Tuarascáil maidir le ganntanais agus barrachais sa lucht saothair 2021, agus ENISA, Forbairt scileanna cibearshlándála san Aontas, Márta 2020. Sainaithnítear i staidéir ENISA go bhfuil bearna de 291,000 gairmí sa chibearshlándáil.
(8)    An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne, Innéacs Comhionannais Inscne 2020: príomhthorthaí le haghaidh an Aontais Eorpaigh , Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2021
(9)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach don Deacáid Dhigiteach ( COM(2021)118 final )
(10)    An Coimisiún Eorpach, an tInnéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach ( DESI )
(11)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach don Deacáid Dhigiteach ( COM(2021)118 final )
(12)    Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, Tuarascáil ar an Toradh deiridh , Bealtaine 2022
(13)    Cedefop, An claochlú glas maidir le fostaíocht agus scileanna, lch. 22
(14)    Eurostat, TRNG_AES_100 , sonraí ó 2016, a thagraíonn do rannpháirtíocht in oiliúint le 12 mhí anuas, gan oiliúint ar an láthair oibre a chur san áireamh.
(15)    Eurostat, ‘Daonra an 1 Eanáir de réir aoise, gnéis agus cineál teilgean (proj_19np)’
(16)    Arna shainiú mar an cóimheas idir líon na ndaoine atá 65 bliana d’aois agus os a chionn agus líon na ndaoine idir 15 agus 64 bliana d’aois, arna iolrú faoi 100. Féach Eurostat, PROJ_19NDBI
(17)    An 1 Eanáir 2021, b’ionann na náisiúnaigh tríú tír atá ina gcónaí i mBallstáit AE-27 agus 5.3 % den daonra iomlán. De réir Eurostat, áfach, in 2020 (trí úsáid a bhaint as sonraí LFS agus aicmiú ISCO-08), b’ionann iad agus 8.7 % de ghlantóirí agus cúntóirí, 7.2 % de chúntóirí ullmhúcháin bia, 6.9 % de lucht oibre talmhaíochta, foraoiseachta agus iascaigh, 6.1 % d’oibrithe foirgníochta agus 6.0 % de lucht oibre sa mhianadóireacht, sa tógáil, sa mhonaraíocht agus san iompar.
(18)    An tAirmheán Comhpháirteach Taighde, Príomhoibrithe ón gCoigríoch: Mar a rannchuidigh siad le freagairt na hEorpa ar COVID-19 , an 23 Aibreán 2020
(19)    Eurostat, Staidreamh maidir le Lánpháirtiú Imirce – táscairí mhargadh an tsaothair (sonraí a asbhaineadh i mí Aibreáin 2021). Mar shampla, in 2020, ba é 61.9 % ráta fostaíochta an Aontais do dhaoine idir 20 agus 64 bliana d’aois a rugadh lasmuigh den Aontas, i gcomparáid le 73.5 % don daonra a rugadh sa Bhallstát ina raibh cónaí orthu agus do dhaoine a rugadh i mBallstát eile den Aontas.
(20)    IO C , , lch. .
(21)    IO C , , lch. .
(22)    An tÚdarás Eorpach Saothair, Tuarascáil maidir le ganntanais agus barrachais sa lucht saothair 2021, agus ENISA, Forbairt scileanna cibearshlándála san Aontas, Márta 2020. Sainaithnítear i staidéir ENISA go bhfuil bearna de 291,000 gairmí sa chibearshlándáil.
(23)    Eurostat, Príomhfhigiúirí maidir le Gnólachtaí Eorpacha , Eagrán 2022, lch. 10.
(24)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún ‘Straitéis FBM d’Eoraip inbhuanaithe agus dhigiteach’ ( COM/2020/103 final )
(25)    An Coimisiún Eorpach, 2021 Forbairtí sa Mhargadh Saothar agus i bPá san Eoraip, lch. 26
(26)    Eurostat, Fostaíocht (mar % den daonra idir 20 agus 64 bliana d’aois), ( LFSI_EMP_A )
(27)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún lena mbunaítear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta ( COM/2017/0250 final )
(28)

   Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ( 2000/C 364/01 )

(29)     Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta |(europa.eu)
(30)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Clár Oibre Scileanna don Eoraip don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht ( COM(2021)274 final )
(31)    Parlaimint na hEorpa, Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Feabhra 2021 maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Clár Oibre Scileanna don Eoraip don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht ( 2020/2818(RSP) )
(32)     Conclúidí ón gComhairle Eorpach , an 24-25 Meitheamh 2021. Tháinig na conclúidí chun cinn as Dearbhú Porto an 8 Bealtaine 2021
(33)    Aitheasc ar Staid an Aontais 2022, ar líne ag: Staid an Aontais (europa.eu)|
(34)    Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cuntais foghlama aonair ( IO C 243, 27.6.2022, lch. 26 )
(35)    Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus don infhostaitheacht ( IO C 243, 27.6.2022, lch. 10 )
(36)    Rún ón gComhairle maidir le clár oibre Eorpach nua don fhoghlaim aosach 2021-2030 ( IO C 504, 14.12.2021, lch. 9 )
(37)    Moladh ón gCoimisiún an 4.3.2021 maidir le tacaíocht ghníomhach éifeachtach don fhostaíocht tar éis ghéarchéim COVID-19 (EASE) ( IO L 80, 8.3.2021, lch. 1 )
(38)    Moladh ón gComhairle an 24 Samhain 2020 maidir leis an ngairmoideachas agus leis an ngairmoiliúint (VET) don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht ( IO C 417, 2.12.2020, lch 1 )
(39)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - An Comhaontú Glas don Eoraip ( COM/2019/640 final )
(40)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - Oiriúnach do 55: Sprioc Aeráide 2030 an Aontais a bhaint amach ar an gconair i dtreo na haeráidneodrachta ( COM(2021) 550 final )
(41)    Togra le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár Beartais 2030 ‘Conair go dtí an Deacáid Dhigiteach’ ( COM/2021/574 final )
(42)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún; Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach don Deacáid Dhigiteach ( COM (2021)118 final )
(43)     Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach (COM/2018/022 final)
(44)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Straitéis Nua Tionsclaíochta 2020 a thabhairt cothrom le dáta: Margadh Aonair níos láidre a thógáil le haghaidh théarnamh na hEorpa ( COM(2021) 350 final )
(45)    Treoir (AE) 2021/1883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe do náisiúnaigh tríú tír chun críche fostaíochta dár gá ardcháilíochtaí, agus lena naisghairtear Treoir 2009/50/CE ón gComhairle ( IO L 382, 28.10.2021, lch. 1 )
(46)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Comhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann ( COM/2020/609 final )
(47)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Scileanna agus tallann a mhealladh chuig an Aontas Eorpach ( COM/2022/657 final )
(48)    Teachtaireacht Chomhpháirteach ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta dar teideal The Global Gateway [An Tairseach Dhomhanda] (JOIN/2021/30 final)
(49)    Féach, cuir i gcás, an méadú ar ghnóthachtáil threasach, cf. Faireachán ar Oideachas agus Oiliúint 2021
(50)     Conclúidí ón gComhairle an 8 Meitheamh 2020 maidir le hathsciliú agus le huas-sciliú mar bhonn chun inbhuanaitheacht agus infhostaitheacht a mhéadú, i gcomhthéacs tacú leis an téarnamh eacnamaíoch agus leis an gcomhtháthú sóisialta
(51)    Arna bunú le Rialachán (AE) 2021/241 an 12 Feabhra 2021.
(52)    Déantar catagóirí sóisialta a shainiú agus a chur i bhfeidhm bunaithe ar an modheolaíocht a ghlac an Coimisiún i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis na Ballstáit i Rialachán Tarmligthe 2021/2105 . Faoin 03/10/2022, d’fhormhuinigh an Coimisiún agus an Chomhairle 25 phlean téarnaimh agus athléimneachta.
(53)    Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir PE/5/2021/REV/1 ( IO L 231, 30.6.2021, lch. 1 )
(54)    Moladh ón gComhairle maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú ( IO C 243, 27.6.2022, lch. 35 )
(55)    Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le foghlaim don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe, IO C 243, 27.6.2022, lch. 1.
(56)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Aontas an Chomhionannais: Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021–2030 ( COM/2021/101 final )
(57)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(58)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/GA/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
(59)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(60)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(61)    Tíortha is iarrthóirí agus, i gcás inarb infheidhme, tíortha ó na Balcáin Thiar a d’fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí.
(62)    Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(63)    A dtugtar tuairisc air i bpointe 1.4.2. ‘Cuspóirí sonracha...’
(64)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(65)    AC = Ball foirne ar conradh; AL= Ball foirne áitiúil; END= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
(66)    Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte ‘BA’).
(67)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
(68)    A mhéid a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.