18.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 275/11


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Tionchar COVID-19 ar na cearta bunúsacha agus ar an smacht reachta ar fud an Aontais agus ar thodhchaí an daonlathais

(tuairim féintionscnaimh)

(2022/C 275/02)

Rapóirtéir:

José Antonio MORENO DÍAZ

Rapóirtéir:

Cristian PÎRVULESCU

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

25.3.2021

Bunús dlí

Riail 32(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

10.2.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

23.2.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

567

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

205/7/5

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Cuireann CESE in iúl gur cúis mhór imní dó an tionchar atá ag COVID-19 ar bheatha, ar shábháilteacht, ar leas agus ar dhínit na ndaoine uile a bhfuil cónaí orthu san Aontas. Is cúis mhór imní dó freisin an tionchar a bheidh ag COVID-19 ar dhaoine aonair agus ar phobail ar fud an domhain, go háirithe sna tíortha sin nach bhfuil an bonneagar sláinte, sóisialta agus oideachais cuí acu le dul i ngleic leis an bpaindéim.

1.2.

Ní mór freagairt an Aontais agus na mBallstát aghaidh a thabhairt ar na leochaileachtaí sistéamacha a bhaineann le bonneagar sláinte na hEorpa i bhfianaise soghluaisteacht mhéadaithe agus dóchúlacht mhéadaithe galar zónóiseach contúirteach. Thairis sin, ba cheart iarrachtaí chun dul i ngleic leis an bpaindéim a bheith ann i gcomhthráth le córas ceart tacaíochta sóisialta agus eacnamaíoch a chur ar bun chun na héifeachtaí suaiteacha lena mbaineann a mhaolú.

1.3.

Faoi mar atá curtha in iúl cheana ag CESE, tá an tAontas Eorpach bunaithe ar chomhluachanna Eorpacha atá doshannta i ngach cás, mar atá meas ar dhínit an duine agus ar chearta an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas agus an smacht reachta (1). Ní féidir na luachanna sin a ligean i ndearmad agus aghaidh á tabhairt ag an Aontas Eorpach agus a Bhallstáit ar éigeandáil a mbíonn dúshláin eacnamaíocha, shóisialta agus oideachais mar thoradh uirthi. Cé gur gá freagairt ar shlí ghasta don ghéarchéim atá ann faoi láthair agus gur gá bearta eisceachtúla a dhéanamh atá teoranta ó thaobh ama de, ní féidir leis na bearta sin teacht salach ar an smacht reachta agus ní féidir leo an daonlathas, scaradh na gcumhachtaí agus cearta bunúsacha chónaitheoirí na hEorpa a chur i mbaol (2).

1.4.

Ba cheart don Aontas a bheartais, a straitéisí agus a chláir a ailíniú chun téarnamh cothrom agus cuimsitheach ón ngéarchéim a shaothrú, d’fhonn cóineasú aníos a bhaint amach i dtaca le caighdeáin leighis, shóisialta, eacnamaíocha agus dhaonlathacha. I gcomhthéacs na n-iarrachtaí a rinneadh leis an ionstraim dar teideal NextGenerationEU chun an damáiste eacnamaíoch agus sóisialta is déanaí ó phaindéim an choróinvíris a dheisiú, athdhearbhaíonn CESE go dtacaíonn sé leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh rialacháin lena gcruthófar uirlis nua lena bhféadfaí bearta ceartaitheacha eacnamaíocha a dhéanamh maidir le Ballstáit a dhéanann sáruithe tromchúiseacha leanúnacha ar na luachanna a liostaítear in Airteagal 2 (3). Thairis sin, tá coincheap níos leithne maidir leis an smacht reachta de dhíth, lena gcuimseofar cosaint na gceart bunúsach agus lena ráthófar go ndéanfar an daonlathas iolraíoch a chosaint. Tá an smacht reachta i ndlúthnasc triantánach, idirspleách le cearta bunúsacha agus leis an daonlathas agus ní féidir iad a scaradh óna chéile.

1.5.

Ba cheart d’institiúidí an Aontais agus do rialtais na mBallstát leas a bhaint as na hinstitiúidí idirphlé shóisialta agus shibhialta atá ann cheana chun eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta a rannpháirtiú go hiomlán chun spás daonlathach iolraíoch a chruthú inar díol sásaimh iad físeanna agus léirmheasanna éagsúla, agus lena ngabhann coimircí chun srian a chur le hiomadú na bréagnuachta agus le dioscúrsa antoisceach dochosanta, dioscúrsa nach bhfuil údar cuí leis atá bunaithe ar theoiricí comhcheilge agus nach dtacaíonn le cearta an duine.

1.6.

Ba cheart do na rialtais an bunús dlí dá mbearta a shainaithint go soiléir. Maidir le haon athchóiriú ar dhlíthe éigeandála sláinte nó ar rialacha gaolmhara atá ann cheana nó le tabhairt isteach cinn nua, lena n-áirítear rialacha ullmhúcháin le haghaidh paindéimí amach anseo, ba cheart teorainneacha agus coinníollacha sainráite a leagan síos agus foráil shainráite a dhéanamh do ghrinnscrúdú parlaiminteach agus d’athbhreithniú breithiúnach ar chomhréireacht na mbeart agus ar a mhéid a chomhlíonann siad na caighdeáin náisiúnta agus idirnáisiúnta maidir le cearta an duine.

1.7.

Ba cheart na rialacha agus na beartais a bhaineann le COVID-19 a bheith soiléir, comhleanúnach agus comhsheasmhach a mhéid is féidir, agus ba cheart faisnéis fúthu a sholáthar ar bhealach tráthúil; ba cheart rannpháirtíocht na sochaí sibhialta lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta, agus an comhairliúchán leo, a dhíriú ar rialacha agus beartais a fhorbairt; agus réasúnaíocht fhianaise-bhunaithe a chur san áireamh. Ba cheart do phrionsabal sin na soiléireachta treoir a thabhairt freisin maidir le sásraí intuartha a bhunú — lena mbaineann na coimircí riachtanacha uile nós imeachta agus substainteacha a bhaineann leis an daonlathas — ionas go mbeidh sé réidh chun freagairt ar bhealach dea-eagraithe ar phaindéimí, ar ghéarchéimeanna sláinte nó ar thubaistí nádúrtha a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo. Ba cheart rochtain a bheith ag gach cuid den tsochaí lena n-áirítear grúpaí teangacha mionlaigh ar rialacha, beartais agus aon fhaisnéis ábhartha a bhaineann leo. I gcás inar gá athruithe beartais a dhéanamh, ba cheart na hathruithe sin a fhógairt luath a dhóthain roimh ré trí bhealaí éagsúla oifigiúla agus poiblí, chun an t-am a thabhairt do dhaoine ullmhú agus a n-iompar a oiriúnú dá réir.

1.8.

Ba cheart é a bheith riachtanach do na hairí rialtais a mbeadh sé de chúram orthu bearta paindéime a thabhairt isteach tuairisciú rialta a thabhairt don pharlaimint. Ba cheart do pharlaimintí na mBallstát coistí, coimisiúin nó grúpaí a bhunú chun grinnscrúdú a dhéanamh ar bhearta COVID-19 agus chun tuarascálacha rialta a chur ar fáil do pharlaimintí agus do chomhthionóil ionadaíocha áitiúla agus réigiúnacha. Ba cheart díospóireacht pharlaiminteach ar na tuarascálacha sin agus freagraí ón rialtas a bheith riachtanach freisin chun maoirseacht ar ghníomhaíocht rialtais a áirithiú. Ba cheart do na stáit rochtain ar an gceartas a áirithiú trí bhreithiúnacht neamhspleách a ráthú agus trí na cúirteanna a chumasú obair ar líne agus cianobair a dhéanamh sa bhreis ar thacaíocht a chur ar fáil do dhlíthithe leochaileacha, d’fhinnéithe nó dóibh siúd atá faoi réir imeachtaí coiriúla nó sibhialta.

1.9.

Tá cearta bunúsacha, an smacht reachta agus meas ar an daonlathas leagtha síos sa Chonradh ar an Aontas Eorpach, sa Chairt Eorpach um Chearta Bunúsacha, agus i ngealltanais an dlí idirnáisiúnta arna nglacadh ar bhonn ceannasach ag Ballstáit uile an Aontais. Faoin dlí idirnáisiúnta, tá sé d’oibleagáid ar gach Stát cearta an duine a urramú, a chosaint agus a chaomhnú. Tá na luachanna sin bunúsach, idirspleách ar a chéile agus treisíonn siad a chéile. Is oibleagáidí idirnáisiúnta iad seo; ní idé-eolaíocht é. Dá bhrí sin, cé gur réasúnach an ní é díospóireachtaí a bheith ann maidir leis na nósanna imeachta chun cearta an duine a chur chun feidhme ar an mbealach is fearr, níor cheart prionsabal na hurraime a phlé sna díospóireachtaí polaitiúla sin. Ar an gcaoi chéanna, tá sé d’oibleagáid ar na húdaráis freagairt ar ghéarchéimeanna sláinte poiblí. Ní mór do na húdaráis a áirithiú go mbeidh na freagairtí a chuirfidh siad ar fáil faoi réir díospóireacht dhaonlathach chuí, comhairliúchán poiblí agus formhaoirseacht pharlaiminteach. Áirítear leis sin nach mór dul i ngleic leis an mbréagnuacht lena n-áirítear i gcás ina eascraíonn an nuacht sin as rún go mbainfí an bonn den fhreasúra polaitiúil, rud a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de fhreagairt éifeachtach ar éigeandáil phaindéimeach.

1.10.

Cuireann CESE i dtábhacht nach leor go fóill leibhéal na rannpháirtíochta iarbhír den chuid is mó agus nár chuir na próisis ar chumas eagraíochtaí na sochaí sibhialta tionchar leordhóthanach a imirt d’ainneoin na rúin is fearr a bheith mar bhonn ag an ionstraim NextGenerationEU agus ag na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta, agus d’ainneoin oscailteacht an Choimisiúin Eorpaigh go mbeadh eagraíochtaí na sochaí sibhialta, na comhpháirtithe sóisialta agus na geallsealbhóirí rannpháirteach iontu (4). Is é an baol atá ann, fiú má chuirtear an plean chun feidhme go rathúil, go gcuirfear an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach chun cinn, go spreagfaidh sé fás sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ach nach gcuirfear feabhas ar an staid dheacair ina bhfuil daoine sa lá atá inniu ann, agus aghaidh á tabhairt acu ar an dífhostaíocht, ar chaillteanas ioncaim, agus ar an meath atá ag teacht ar dhálaí sláinte, maireachtála agus oibre, agus ar an neamhionannas atá ag dul i méid. Ba cheart na Pleananna Athléimneachta a chur faoi réir measúnuithe tionchair dáileacháin láithreach agus ba cheart na torthaí a phlé le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, le comhpháirtithe sóisialta agus le geallsealbhóirí ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.

1.11.

Cuireann CESE i dtábhacht an nasc idir an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha a chosaint agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Mar a cuireadh in iúl cheana, ba cheart dea-bhail agus cearta bunúsacha na saoránach a bhunú ar shamhail shóisialta atá coiteann comhsheasmhach agus atá sách solúbtha chun freastal ar thraidisiúin náisiúnta éagsúla agus ar thaithí náisiúnta éagsúil i gcomhréir le luachanna, prionsabail agus spriocanna an Chonartha agus Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus leis an gcomhdhearcadh athnuaite agus réamhbhreathnaitheach lena mbaineann (5). Agus faireachán á dhéanamh ar chur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta an Cholúin, ba cheart éifeachtaí forleathana suaiteacha na paindéime a chur san áireamh.

1.12.

Géarchéim dhomhanda a bhí sa phaindéim agus is cinnte go mbeidh iarmhairtí marthanacha ach neamhchothroma aici ar chatagóirí éagsúla an daonra. Ba cheart é a bheith de thosaíocht tacú le pobail leochaileacha, i gcomhréir leis an bprionsabal “gan aon duine a fhágáil ar lár”, agus ba cheart aird ar leith a thabhairt ar oibrithe leochaileacha agus ar chomhlíonadh Phrionsabal 14 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta maidir le híosioncam. Ba cheart dlús a chur freisin leis an tacaíocht a chuirtear ar fáil do ghnólachtaí a raibh tionchar ag an bpaindéim orthu, go háirithe do na gnólachtaí sin a ndearnadh difear díréireach dóibh agus do na gnólachtaí sin a bhfuil deacrachtaí acu fanacht i seirbhís, mar shampla FBManna. Ba cheart aghaidh a thabhairt freisin ar na héifeachtaí ar fhiontair an gheilleagair shóisialta, a raibh tionchar mór ag an ngéarchéim orthu (6).

1.13.

Creideann CESE gur cheart tionscnamh ar mhórscála a chur san áireamh sa Phlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach chun oideachas maidir leis an daonlathas agus le cearta bunúsacha a chothú, rud atá ríthábhachtach chun luachanna daonlathacha agus saoránacht ghníomhach a chosaint. Ba cheart an tionscnamh a bheith cuimsitheach agus dírithe ar gach saoránach, agus béim ar leith á leagan ar dhaoine óga.

2.   An smacht reachta

2.1.

Tá critéir shoiléire ann chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht aon ghníomhaíocht stáit le prionsabail an smachta reachta, agus tá sé riachtanach go n-urramófaí na prionsabail sin le linn gnáthamanna, agus go háirithe le linn éigeandálaí. Is iad na critéir sin dlíthiúlacht, deimhneacht dhlíthiúil, úsáid threallach cumhachtaí feidhmiúcháin a thoirmeasc, agus cuntasacht na rialtas i leith an dlí arna ráthú le rialú breithiúnach agus parlaiminteach (7). Ní mór úsáid cumhachtaí éigeandála a bheith riachtanach, comhréireach agus sealadach, agus ní mór i gcónaí í a bheith faoi réir ní hamháin teorainneacha dhlí bunreachtúil na tíre, ach faoi réir na gcaighdeán a leagtar síos leis an dlí Eorpach agus leis an dlí idirnáisiúnta freisin.

2.2.

De dheasca phaindéim COVID-19, tá dúshláin chasta roimh chórais dlí, pholaitiúla, shóisialta, sláinte agus oideachais na mBallstát uile. I dtimpeallacht chomh dúshlánach sin, d’fhéadfaí glacadh leis nach féidir ardleibhéal comhlíonta leis an smacht reachta a bhaint amach. Mar sin féin, léiríonn fianaise atá ag teacht chun cinn laistigh den Eoraip agus lasmuigh di gur bhain na stáit sin a choinnigh próiseas beartais agus reachtach a urramaíonn an smacht reachta tairbhe as bainistíocht níos dearfaí ar an éigeandáil sláinte, go raibh rátaí mortlaíochta agus ionfhabhtaithe níos ísle acu, agus go raibh ardleibhéil muiníne poiblí as an rialtas freisin, rud atá riachtanach don fhreagairt is éifeachtaí ar ghéarchéimeanna (8). Ba cheart do phrionsabail an smachta reachta treoir a thabhairt d’aon rialtas daonlathach agus iad ag freagairt go dlisteanach agus go héifeachtach ar an ngéarchéim sláinte reatha agus ar ghéarchéimeanna comhchosúla amach anseo freisin, b’fhéidir.

2.3.

Maidir le freagairtí paindéime na mBallstát, tháinig ábhair imní chun cinn i dtaca le trí phríomhphrionsabal atá i gcroílár an smachta reachta: (1) prionsabal na dlíthiúlachta; (2) prionsabal na deimhneachta dlíthiúla; agus (3) prionsabal na cuntasachta don dlí (9).

2.4.

Maidir le dlíthiúlacht, sainaithníodh roinnt saincheisteanna i dtaca le freagairtí rialtais, ar an leibhéal náisiúnta agus fonáisiúnta, lena n-áirítear na saincheisteanna seo a leanas: gníomhaíocht arna déanamh gan bunús dlí ná údarú reachtach; “staid éigeandála” a shuíomh agus/nó a leathnú agus sárú dealraitheach á dhéanamh ar na creataí bunreachtúla náisiúnta; úsáid na mbunús dlí ag an bhfeidhmeannas ar bhealach nach mbeartaítear iad a úsáid; agus srianta ar chearta bunúsacha a glacadh agus sárú dealraitheach á dhéanamh ar fhorálacha bunreachtúla nó idirnáisiúnta maidir le cearta an duine.

2.5.

Ar na bearta náisiúnta a bhfuil fadhbanna ag baint leo i ndáil le deimhneacht dhlíthiúil, áirítear bearta sriantacha a thabhairt isteach nach bhfuil léirmhíniú soiléir ag baint leo; contrárthachtaí idir beartas rialtais agus bunbhearta dlíthiúla; agus athruithe a thagann chomh minic sin ar an dlí go mbíonn sé thar a bheith deacair ag gnáthshaoránaigh tuiscint a fháil ar cad is féidir agus cad nach féidir leo a dhéanamh. I gcás éigeandála, tagann méadú ar an riosca agus ar an éiginnteacht, agus is faoin rialtas — agus na húdaráis phoiblí i gcoitinne — atá sé treoir shoiléir a chur ar fáil don phobal maidir leis an méid is féidir agus nach féidir leo a dhéanamh go dlíthiúil.

2.6.

Maidir le cuntasacht don dlí, is féidir fadhbanna a bhaineann le formhaoirseacht pharlaiminteach agus bhreithiúnach ar ghníomhaíocht rialtais a bhaineann le COVID-19 a fheiceáil in imeallú na bparlaimintí. Roimh mhí Feabhra 2021, cuireadh coistí parlaiminteacha speisialaithe ar bun, foilsíodh tuarascálacha agus bhí díospóireachtaí rialta sceidealaithe maidir le bearta a bhaineann le COVID-19 i níos lú ná leath de Bhallstáit an Aontais, agus rinneadh grinnscrúdú nó leasuithe ar bhearta rialtais (e.g. trí dhíospóireacht nó vótáil sa pharlaimint) ag parlaimintí i níos lú ná an tríú cuid de na cásanna sin (10). Is é an t-athbhreithniú breithiúnach an próiseas trína gcinntíonn cúirteanna go ngníomhaíonn na rialtais go dleathach, agus tá tábhacht ar leith ag baint leis le linn géarchéime, nuair a d’fhéadfadh srianta tromchúiseacha a bheith ar chearta bunúsacha. Cuireadh roinnt ábhar imní in iúl ar fud an Aontais maidir le héifeachtacht an athbhreithnithe bhreithiúnaigh agus maidir le rochtain ar cheartas i gcomhthéacs bhearta COVID-19 (11). De dheasca dhúnadh na gcúirteanna, agus leis an srian ar rochtain ar chúirteanna do chineálacha áirithe imeachtaí, rinneadh dochar do chumas na saoránach a ndíospóidí a réiteach, agus bhain sé an bonn de rochtain ar an gceartas go háirithe i gcás ina raibh tionchar díréireach ag na bearta a tugadh isteach mar fhreagairt ar an bpaindéim ar na baill is leochailí sa tsochaí. Bhí córais bhreithiúnacha i bhformhór na mBallstát neamhullamh don ghéarchéim mar gheall ar leibhéal íseal a ndigiteála agus toisc nach raibh dóthain faisnéise ar fáil i gcodanna áirithe den tsochaí, go háirithe i ngrúpaí leochaileacha, maidir leis an gcaoi a n-oibríonn na breithiúna agus, dá bhrí sin, ní raibh rochtain acu orthu.

2.7.

Féadfar a bhaint de thátal as ar deireadh gur féidir leis an smacht reachta an ghníomhaíocht is éifeachtaí a threorú mar fhreagairt ar éigeandálaí sláinte poiblí (12), agus gur luach ríthábhachtach é, ní hamháin i ngnáthamanna, ach go mb’fhéidir gur mó an tábhacht a bhaineann leis i dtráth géarchéime freisin. I gcomhthéacs na n-iarrachtaí a rinneadh leis an ionstraim dar teideal NextGenerationEU chun an damáiste eacnamaíoch agus sóisialta is déanaí ó phaindéim an choróinvíris a dheisiú, athdhearbhaíonn CESE go dtacaíonn sé leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh rialacháin lena gcruthófar uirlis nua lena bhféadfaí bearta ceartaitheacha eacnamaíocha a dhéanamh maidir le Ballstáit a dhéanann sáruithe tromchúiseacha leanúnacha ar na luachanna a liostaítear in Airteagal 2 (13).

3.   Cearta bunúsacha

3.1.

Chuir paindéim COVID-19 brú ollmhór ar na hinstitiúidí agus ar na bonneagair uile a thacaíonn le cearta bunúsacha san Aontas agus a chosnaíonn na cearta sin. Cuireadh beatha, sláinte agus folláine fhormhór na ndaoine ar an mór-roinn i mbaol agus tháinig méadú ar an mbaol bochtaineachta mar gheall ar na seirbhísí leighis a bhí ag dul in olcas go tapa agus an ghéarchéim shocheacnamaíoch ar mhórscála. Buaileadh grúpaí áirithe go dona toisc iad a bheith thíos leis an suaitheadh nithiúil leanúnach ar sheirbhísí sóisialta a bhí mar thoradh ar an tearc-chistiú fadtéarmach agus easpa ullmhachta an chórais chun dul i ngleic le géarchéimeanna. I ndáil leis an méid sin, iarrann CESE an athuair go mbeadh creat Eorpach ceangailteach ann le haghaidh íosioncam réasúnta san Eoraip (14).

3.2.

Ba cheart don Aontas Eorpach agus dá Bhallstáit dul i mbun dianmhachnamh ar an tsochaí maidir le bunús na géarchéime agus maidir leis na cúiseanna a raibh an tóin ar tí titim as an gcuid is mó de chórais sláinte na hEorpa mar gheall ar an bpaindéim. Tar éis blianta de bheartais déine, bhí nós ginearálta dí-infheistíochta in earnáil na sláinte agus i bpríomhsheirbhísí sóisialta eile (cúnamh do dhaoine spleácha agus leochaileacha, tithe altranais, etc.), lenar cruthaíodh fadhb ollmhór dhosheachanta a chuaigh ó smacht ar fad in am an mhórdhúshláin sláinte. Agus an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa ag dul ar aghaidh, ba cheart iad siúd ar fad lena mbaineann a spreagadh chun ceachtanna a fhoghlaim ón ngéarchéim seo d’fhonn an bealach a réiteach d’atógáil an stáit leasa. Ní bheidh brí ar bith leis an bhfocal “athléimneacht” mura ndéantar gach iarracht samhail shochaíoch Eorpach athghinte a thógáil agus daoine i gcroílár na samhla sin. Ní mór don Aontas Eorpach a bheith ullamh do ghéarchéimeanna a bheidh ann amach anseo ó thaobh na cinnteoireachta, na nósanna imeachta trédhearcacha, na mbeartas agus na n-acmhainní airgeadais de.

3.3.

Cuireadh dúshlán roimh chosaint na gceart a chumhdaítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha de dheasca na géarchéime agus na bhfreagairtí beartais, go háirithe iad siúd a bhaineann le cúram sláinte a sholáthar, a bhaineann leis an neamh-idirdhealú, an comhionannas inscne, cearta an linbh, cearta daoine scothaosta agus cearta daoine faoi mhíchumas, chomh maith leis na cearta a bhaineann le dálaí oibre cothroma, slándáil shóisialta agus cúnamh sóisialta. Ar an drochuair, i réimse an chomhionannais inscne, bhí mná faoi ghannionadaíocht i struchtúir chinnteoireachta ad hoc a cuireadh ar bun chun dul i ngleic le COVID-19 agus b’iomaí measúnú tionchair a raibh easpa béim inscne-shonrach iontu. Ní mór freisin aitheantas sainráite a thabhairt do thionchar díréireach na paindéime agus na mbeart gaolmhar ó thaobh inscne de.

3.4.

Is ábhar mór imní don Choiste cearta an linbh, go háirithe cearta a bhaineann le rochtain ar oideachas agus ar thacaíocht shóisialta. Mar a mhol CESE cheana féin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar thionchar COVID-19 ar chearta, leas agus forbairt intleachtúil agus mhothúchánach leanaí (15).

3.5.

Athdhearbhaíonn CESE an moladh a rinne sé ina thuairim Straitéis Nua maidir leis an gCairt um Chearta Bunúsacha a Chur Chun Feidhme gur cheart don Choimisiún tuarascáil 2022 a dhíriú ar éifeachtaí COVID-19 ar chearta bunúsacha, go háirithe na cearta sin a bhaineann le dea-bhail shocheacnamaíoch (16).

3.6.

Tá freagracht mhór ar an Aontas Eorpach cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint ar fud an domhain. I gcomhthéacs phaindéim COVID-19, creideann CESE freisin go bhféadfadh an tAontas níos mó a dhéanamh chun cabhrú leis an domhan dul i ngleic leis an bpaindéim. Is díol sásaimh do CESE iarrachtaí an Aontais maidir leis an bhfreagairt éigeandála ar riachtanais dhaonnúla, córais sláinte, uisce agus sláintíochta a neartú agus iarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha na paindéime a mhaolú, agus tacaíonn sé leis na hiarrachtaí sin.

3.7.

Sa ghearrthéarma, ba cheart níos mó acmhainní a chur ar fáil chun rochtain leathan agus chothrom ar vacsaíní a áirithiú. Ní leor ar chor ar bith an 100 milliún vacsaín atá geallta ag an Aontas Eorpach do riachtanais phráinneacha fhormhór na cruinne (17). Ina cháil mar phríomhonnmhaireoir vacsaíní ar domhan, ní mór don Aontas Eorpach a bheith réidh lena chur chuige a athrú. Ní mór líon níos mó vacsaíní a tháirgeadh ar scála níos mó d’fhonn ligean do thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad leibhéil vacsaínithe shábháilte a bhaint amach. Mar chuid den ghá atá le samhail nua eacnamaíoch agus shóisialta Eorpach a chruthú, ba cheart do na gníomhaithe Eorpacha uile dul i mbun machnamh domhain ar chuspóirí deiridh an mhargaidh aonair agus na mbeartas gaolmhar. Ba cheart an machnamh sin a bheith dírithe ar an duine agus breithniú a dhéanamh ar na coincheapa maidir le hearraí poiblí, sláinte chomhchoiteann, agus bealaí malartacha chun saibhreas a thomhas, lena n-áirítear coincheapa atá bunaithe ar na moltaí a rinne na comhpháirtithe sóisialta (18).

3.8.

Ba cheart níos mó a dhéanamh chun cearta sóisialta bunúsacha a chur chun cinn agus a chosaint, mar bhealach díreach éifeachtach chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí diúltacha sláinte, sóisialta, eacnamaíocha agus oideachais na paindéime. Ba cheart Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a mheas mar fhorbairt beartais nádúrtha ar chosaint na gceart sóisialta bunúsach.

3.9.

Ba cheart sainordú na Gníomhaireachta um Chearta Bunúsacha agus raon feidhme na dTuarascálacha ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta a leathnú chun go gcumhdófar go hiomlán na cearta sóisialta bunúsacha sin agus go gcumasófar faireachán leordhóthanach ar urramú na gceart sin.

3.10.

Cuireann CESE i dtábhacht an nasc idir an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha a chosaint, agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Mar a luadh roimhe seo, ba cheart folláine agus cearta bunúsacha na saoránach a bhunú ar shamhail shóisialta atá coiteann comhsheasmhach agus sách solúbtha chun gur féidir freastal ar thraidisiúin éagsúla náisiúnta agus ar thaithí éagsúil náisiúnta i gcomhréir le luachanna, prionsabail agus spriocanna an Chonartha agus Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus leis an gcomhdhearcadh athnuaite agus réamhbhreathnaitheach lena mbaineann (19). Agus faireachán á dhéanamh ar chur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, ba cheart éifeachtaí forleathana suaiteacha na paindéime a chur san áireamh.

4.   Todhchaí an daonlathais

4.1.

Is feiniméan domhanda í an phaindéim ach oiread leis na hiarmhairtí polaitiúla agus daonlathacha a ghabhann léi. De réir staidéar a rinneadh le déanaí, tá an tionchar ar staid an daonlathais an-tromchúiseach agus áirítear an méid seo a leanas leis sin: go bhfuil líon níos mó tíortha ag bogadh i dtreo rialachas forlámhach ná mar atá ag dul i dtreo an daonlathais; go bhfuil cúlú daonlathach le feiceáil i roinnt de na tíortha is mó; go bhfuil amhras ar shláine na bpróiseas toghcháin i roinnt tíortha; gur minic ardleibhéal tacaíochta á léiriú i measc an phobail don chúlú daonlathach; go bhfuil an t-údarásaíochas á dhoimhniú i gcórais neamhdhaonlathacha; agus go bhfuil normalú á dhéanamh ar shrianta ar shaoirsí bunúsacha de dheasca na géarchéime sláinte fada (20). Ba cheart don Aontas na patrúin dhomhanda sin a bhfuil tionchar acu ar a bheartais dhomhanda agus réigiúnacha féin a chur san áireamh agus ba cheart dó sampla daonlathach a leagan síos ar fud an domhain.

4.2.

Tá todhchaí an daonlathais agus todhchaí an Aontais fite fuaite ina chéile. Tógadh an tAontas Eorpach, ag gach céim, mar ionstraim le haghaidh síochána agus comhair agus, rud atá thar a bheith tábhachtach, mar ionstraim le haghaidh an daonlathais. Ní mór dúinn a chinntiú nach ndéanfaidh na dúshláin ná an teannas uile a eascraíonn as an bpaindéim difear do cháilíocht ná d’fheidhmíocht ár gcórais dhaonlathaigh, ná, rud atá chomh tábhachtach céanna, don tiomantas chun Aontas comhtháite, daonlathach, sóisialta agus rathúil a thógáil. Fágann sin, i measc nithe eile, gur cheart tosaíocht a bheith ag reachtaíocht Eorpach ar reachtaíocht náisiúnta i gcomhréir leis na Conarthaí.

4.3.

Ó thús 2020, tráth a thit COVID-19 amach san Eoraip, agus iarmhairtí tubaisteacha á dtabhairt chun cinn leis, baineadh úsáid as réimsí éagsúla ionstraimí beartais chun an phaindéim a chomhrac. I bhformhór na gcásanna, rinneadh na bearta leighis, éigeandála agus riaracháin a imscaradh faoi chórais éigeandála éagsúla, agus iad éagsúil ó thaobh inneachair agus faid de.

4.4.

I gcuid mhaith tíortha san Aontas, léiríodh gur cúis mhór imní iad na cúiseanna agus na héifeachtaí a bhaineann leis na córais éigeandála sin. Ina measc sin, áirítear an neamhshuim a rinneadh de thionóil pharlaiminteacha agus áitiúla/réigiúnacha, an easpa maoirseachta ar ghníomhaíocht feidhmiúcháin, na teorainneacha ar fhaisnéis phoiblí, an easpa trédhearcachta, idirphlé sóisialta agus rannpháirtíochta, an caiteachas gan bhac agus an easpa tacaíochta do na daoine is mó atá thíos leis, lena n-áirítear baill foirne leighis. Sna tíortha a raibh leochaileachtaí móra daonlathacha acu cheana féin, chuir na córais éigeandála sin dlús leis na cleachtais a bhí ann roimhe seo (21). Sna tíortha a bhfuil córais chobhsaí dhaonlathacha acu, tá ceisteanna ardaithe maidir lena n-inoiriúnaitheacht do dhálaí nua agus maidir le héifeachtacht na mbeart a glacadh.

4.5.

De bharr na bhfreagairtí beartais, bhí leibhéal mífhaisnéise agus cur i gcoinne na mbeart sláinte nach bhfacthas riamh roimhe, idir dianghlasáil, cóireálacha agus vacsaíní. Cé gur éirigh go maith leis an Aontas i gcoitinne tacú le taighde, soláthar agus dáileadh vacsaíní, theip air an méid sin a chur in iúl go soiléir do dhaonra uile na hEorpa, rud a chuir le scaipeadh na bréagnuachta, go háirithe ag grúpaí frithvacsaínithe. D’éirigh na hinsintí chomh cumhachtach sin sna meáin shóisialta gur chuir siad isteach ar mhuinín an phobail as an gcóras sláinte agus as a ghairmithe agus chothaigh siad míshástacht i gcoinne taighdeoirí, polaiteoirí, lucht léinn agus cheannairí na sochaí sibhialta a mhol an straitéis freagartha a cheadaigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Go hiondúil, meascán de chreidimh bunaithe ar theoiricí comhcheilge a bhí ann mar aon le heaspa muiníne as an eolaíocht agus an teicneolaíocht leighis, go háirithe vacsaíní. Ar an iomlán, chinn an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta go bhfuil dlús curtha ag géarchéim COVID-19 leis an laghdú ginearálta ar mhuinín an phobail as na hinstitiúidí, rud atá ina chúis le bréagaisnéis, polarú agus neamhthoilteanas beartais phoiblí a chomhlíonadh.

4.6.

I roinnt tíortha, chuidigh na dearcthaí sin le páirtithe agus eagraíochtaí Eoraisceipteacha radacacha na heite deise a dtoghlaigh pholaitiúla a fhorbairt a thuilleadh. De réir mar a leantar den ghéarchéim leighis agus den ghéarchéim shocheacnamaíoch, leanfaidh slógadh agus tionchar na bpáirtithe sin de bheith ag méadú (22).

4.7.

I ngach tír, d’fhéadfadh an teannas a bhaineann leis an ngéarchéim sláinte agus an ghéarchéim eacnamaíoch a bheith ina chúis le deighiltí idir grúpaí éagsúla agus catagóirí éagsúla sóisialta. De réir staidéar a rinneadh le déanaí, chuaigh an phaindéim agus na hiarmhairtí a ghabhann léi i bhfeidhm ar bhealaí difriúla ar ghrúpaí éagsúla: idir óg agus aosta; grúpaí a thuairiscíonn go raibh tionchar eacnamaíoch ag COVID-19 orthu; iad siúd a cheapann gur géarchéim sláinte phoiblí den chuid is mó atá inti; grúpaí a cheapann gur cosantóir é an stát; agus iad siúd a mheasann gur stát leatromach é (23).

4.8.

Ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit a bheith ar an eolas faoi na rioscaí a thiocfaidh as géarchéim fhada. Is é an príomhdhúshlán atá roimh institiúidí an Aontais agus roimh rialtais na mBallstát an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha a neartú le linn na paindéime, in ainneoin an cheistithe agus an cháinte. Ní bheadh sé d’aidhm ag straitéis dhaonlathach scothaicmí polaitiúla agus rialtais a dhlisteanú, ach éifeachtacht na bhfreagairtí a choimeád agus, san am céanna, an t-iolrachas daonlathach, srianta agus ceartúcháin chuí agus léirmheasanna réasúnacha cuiditheacha sibhialta a chur chun cinn.

4.9.

I ndáil leis sin, ba cheart d’institiúidí an Aontais agus do rialtais na mBallstát leas a bhaint as na hinstitiúidí idirphlé shóisialta agus shibhialta atá ann cheana chun eagraíochtaí na sochaí sibhialta, na comhpháirtithe sóisialta, agus na geallsealbhóirí a rannpháirtiú go hiomlán agus go trédhearcach chun spás daonlathach iolraíoch a chruthú inar díol sásaimh iad físeanna agus léirmheasanna éagsúla. Cuireann CESE i dtábhacht nach leor fós leibhéal na rannpháirtíochta iarbhír, in ainneoin dhea-aidhmeanna na bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta agus an ionstraim dar teideal NextGenerationEU, agus d’ainneoin go bhfuil an Coimisiún Eorpach sásta páirt a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, do chomhpháirtithe sóisialta agus do gheallsealbhóirí. Ní féidir tionchar leordhóthanach a bheith ag an tsochaí sibhialta ach oiread mar gheall ar na próisis atá i bhfeidhm.

4.10.

Mar a moladh sa tuairim ó CESE maidir leis an bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach, ba cheart na nithe seo a leanas a bheith i gceist maidir leis an Daonlathas Eorpach a chur chun cinn sa bhreis ar na réimsí atá san áireamh cheana: rannpháirtíocht dhaonlathach a chothú ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil; ba cheart an tsochaí shibhialta a bheith rannpháirteach ann agus ba cheart gach gné agus réimse den daonlathas a chumhdach lena n-áirítear daonlathas an tsaothair agus cineálacha eile daonlathais. Ar a mhuin sin, creideann CESE gur cheart béim níos mó a chur ar an idirphlé sibhialta, ar réamhriachtanas é chun go mbeidh an próiseas cinnteoireachta i ndaonlathas ar bith ar ardchaighdeán mar aon leis an úinéireacht a ghlactar ina leith, agus aird chuí á tabhairt ar Airteagal 11 CAE (24).

4.11.

Creideann CESE gur cheart tionscnamh ar mhórscála a chur san áireamh sa Phlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach chun oideachas maidir leis an daonlathas agus le cearta bunúsacha a chothú, rud atá ríthábhachtach chun luachanna daonlathacha agus saoránacht ghníomhach a chosaint. Ba cheart an tionscnamh a bheith cuimsitheach agus dírithe ar gach saoránach, agus béim ar leith á leagan ar dhaoine óga.

An Bhruiséil, 23 Feabhra 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach; Ráiteas ó Luca Jahier, Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus ó José Antonio Moreno Díaz, Cathaoirleach an Ghrúpa um Chearta Bunúsacha agus an Smacht Reachta (FRRL), 15 Aibreán 2020.

(2)  Dearbhú ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, freagairt an Aontais ar ráig COVID-19 agus ar an gá atá le dlúthpháirtíocht nach bhfacthas a leithéid riamh i measc na mBallstát, an 6 Aibreán 2020.

(3)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 173.

(4)  Rún ó CESE maidir le Involvement of Organised Civil Society in the National Recovery and Resilience Plans – What works and what does not?, 25.2.2021 (IO C 155, 30.4.2021, lch. 1).

(5)  IO C 374, 16.9.2021, lch. 38.

(6)  Social Economy Europe, The Impact of COVID-19 on Social Economy Enterprises, Meitheamh 2020.

(7)  An Chomhairle Eorpach, an Coimisiún Eorpach maidir le Daonlathas tríd an Dlí (Coimisiún na Veinéise), Respect for Democracy, Human Rights and the Rule of Law during States of Emergency: Reflections, Strasbourg, 19 Meitheamh 2020, CDL-AD(2020)014.

(8)  Féach mar shampla na staidéir chomparáideacha agus bunachair sonraí dhomhanda: CompCoRe le hachoimre in Jasanoff, Sheila, Hilgartner, Stephen A Stress Test for Politics: Insights from the Comparative Covid Response Project (CompCoRe) 2020, Verfassungsblog, 11 Bealtaine 2021, agus Power and the COVID-19 Pandemic, Verfassungsblog Symposium, le hachoimre in J Grogan, Power, Law and the COVID-19 Pandemic: Part I agus Part II lena dtugtar i gcrích Power and the COVID-19 Pandemic Verfassungsblog Symposium (2021).

(9)  J. Grogan, Extraordinary or extralegal responses? The rule of law and the COVID-19 crisis (Democracy Reporting International, Bealtaine 2021).

(10)  J. Grogan, Extraordinary or extralegal responses? The rule of law and the COVID-19 crisis (Democracy Reporting International, Bealtaine 2021).

(11)  J. Grogan, Extraordinary or extralegal responses? The rule of law and the COVID-19 crisis (Democracy Reporting International, Bealtaine 2021).

(12)  J. Grogan agus N. Weinberg, Principles to Uphold the Rule of Law and Good Governance in Public Health Emergencies (Nóta beartais RECONNECT, Lúnasa 2020): https://reconnect-europe.eu/wp-content/uploads/2020/08/RECONNECTPB_082020B.pdf.

(13)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 173.

(14)  IO C 190, 5.6.2019, lch. 1. Bhí an tuairim sin ó CESE faoi réir frituairime, tuairim ar diúltaíodh di ach a fuair aon cheathrú ar a laghad de na vótaí a caitheadh.

(15)  IO C 341, 24.8.2021, lch. 50.

(16)  IO C 341, 24.8.2021, lch. 50.

(17)  Conclúidí ón gComhairle Eorpach maidir le COVID-19, an 25 Bealtaine 2021.

(18)  Supplementing GDP as a welfare measure: proposed joint list by the European social partners, 3 Márta 2021.

(19)  IO C 374, 16.9.2021, lch. 38.

(20)  An Institiúid Idirnáisiúnta um Dhaonlathas agus um Chúnamh Toghchánach, The Global State of Democracy Report 2021.

(21)  Féach Petra Guasti, The Impact of the COVID-19 Pandemic in Central and Eastern Europe. The Rise of Autocracy and Democratic Resilience, Democratic Theory, Imleabhar 7, Eagrán 2, Geimhreadh 2020: lch. 47.

(22)  Féach mar shampla José Javier Olivas Osuna agus José Rama, COVID-19: A Political Virus? VOX’s Populist Discourse in Times of Crisis, Frontiers in Political Science, 18 Meitheamh 2021.

(23)  Ivan Krastev agus Mark Leonard, Europe’s Invisible Divides: How COVID-19 is Polarizing European Politics, Nóta Beartais ECFR, Meán Fómhair 2021.

(24)  IO C 341, 24.8.2021, lch. 56.