Strasbourg, 13.11.2018

COM(2018) 745 final

2018/0390(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin, maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tarraingeoidh Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”) siar ón Aontas Eorpach an 30 Márta 2019 (dáta an tarraingt siar) agus beidh sí ina tríú tír ón lá sin amach. Faoi láthair, is saoránaigh de chuid an Aontais iad saoránaigh Bhriotanacha. Tá an ceart bunúsach acu gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse laistigh den Aontas agus tá an ceart acu dul isteach i mBallstát eile gan aon víosa iontrála nó foirmiúlacht den sórt sin. Beidh an ceart sin ag náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe ar saoránaigh Bhriotanacha iad 1 go dtí go scoirfidh dlí an Aontais maidir le saorghluaiseacht shaoránaigh an Aontais d’fheidhm a bheith aige maidir leo. Tarlóidh sin an 30 Márta 2019, ach amháin má shocraítear dáta eile le comhaontú daingnithe um tharraingt siar de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach nó má dhéanann an Chomhairle Eorpach, le comhaontú ón Ríocht Aontaithe, dáta eile a shocrú d’aon toil.

Ar an ábhar sin, caithfear a chinneadh an mbeidh náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe ar saoránaigh Bhriotanacha iad faoi réir ceanglas víosa ar thrasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát dóibh nó an mbeidh siad díolmhaithe ón gceanglas sin. Is i Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle 2 a leagtar síos an cinneadh i dtaobh an bhfuil náisiúnach de chuid tríú tír faoi réir ceanglas víosa nó díolmhaithe uaidh. In Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán, liostaítear na tíortha a bhfuil a náisiúnaigh faoi réir an cheanglais víosa, agus in Iarscríbhinn II liostaítear na tíortha sin a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin. Maidir leis an gcinneadh sin, is gá gníomh reachtach chun an Ríocht Aontaithe a áireamh i gceann amháin de na hiarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón dáta a scoirfidh dlí an Aontais d’fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Cuireann na Ballstáit ar fad – diomaite d’Éirinn – mar aon leis na tíortha atá comhlachaithe le Schengen (an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis) Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 i bhfeidhm. Is cuid de chomhbheartas víosaí an Aontais Eorpaigh do thréimhsí gearrfhanachta 90 lá in aon tréimhse 180 lá é an Rialachán. Ní raibh an Ríocht Aontaithe riamh faoi cheangal an Rialacháin sin.

De bharr nach bhfuil Éire rannpháirteach in acquis Schengen maidir le víosaí, ní dhéanann Rialachán (CE) Uimh. 539/2001, nó an togra seo le haghaidh leasú ar an Rialachán sin, difear don socrú déthaobhach ar leith atá ag Éirinn leis an Ríocht Aontaithe (an “Comhlimistéar Taistil”) lena bhforáiltear do thaisteal saor ó víosaí idir Éire agus an Ríocht Aontaithe do náisiúnaigh an dá thír.

Na critéir ba cheart a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh, cás ar chás, cé na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh faoi réir an cheanglais víosa nó díolmhaithe ón gceanglas sin, leagtar síos iad in Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001. Áirítear orthu sin “inimirce neamhdhleathach, beartas poiblí agus slándáil, tairbhe eacnamaíoch, go háirithe i dtéarmaí turasóireachta agus trádáil coigríche, agus caidreamh seachtrach an Aontais leis na tríú tíortha ábhartha, lena náirítear, go háirithe, breithnithe maidir le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha, chomh maith leis na himpleachtaí a bhaineann le comhleanúnachas agus cómhalartacht réigiúnach”. Tá sé tábhachtach freisin aird ar leith a thabhairt ar shlándáil na ndoiciméad taistil a eisíonn na tríú tíortha lena mbaineann.

Rinneadh na hiarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 a leasú go deireanach in 2017 le Rialachán (AE) 2017/372 agus Rialachán (AE) 2017/850, lenar aistríodh an tSeoirsia agus an Úcráin ó Iarscríbhinn I (faoi réir ceanglas víosa) go hIarscríbhinn II (díolmhaithe ó cheanglas víosa). Ina theannta sin, chuir an Coimisiún síos dhá thogra eile maidir leis an gCosaiv 3* 4 agus maidir leis an Tuirc 5 . Tá Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 á chódú faoi láthair 6 ; ar an ábhar sin, caithfear tagairtí don Rialachán códaithe a chur in ionad aon tagairtí don Rialachán seo tráth a thiocfaidh an Rialachán códaithe sin i bhfeidhm, rud ar dócha a tharlóidh roimh dheireadh 2018.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Gné lárnach chun trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát a éascú is ea liostaí de na tríú tíortha atá i gceangal le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 a choimeád iomlán agus cothrom le dáta. Sa Teachtaireacht uaidh maidir leis an gcomhbheartas víosaí a oiriúnú do dhúshláin nua 7 , dhearbhaigh an Coimisiún gur gné riachtanach é an comhbheartas víosaí chun slándáil agus feidhmiú cuí an limistéir gan rialú ar theorainneacha inmheánacha a áirithiú. Leis na tograí ón gCoimisiún, atá á bplé faoi láthair ag na comhreachtóirí, chun an Cód Víosaí (Rialachán (CE) Uimh. 810/2009) 8 agus an Rialachán VIS (Rialachán (CE) Uimh. 767/2008) 9 a leasú, féachtar leis na cuspóirí céanna a bhaint amach. Ar an dóigh chéanna, is é is aidhm don Rialachán atá beartaithe maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise de chuid an Aontais 10 uirlisí faisnéise an Aontais i gcomhair bainistiú teorainneacha, imirce agus slándáil a thabhairt le chéile agus a neartú go cuimsitheach.

Le Rialachán (AE) 2017/2226 11 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES), feabhsaítear slándáil agus bainistiú theorainneacha seachtracha an Aontais a thuilleadh. Is iad príomhaidhmeanna an Rialacháin sin feabhas a chur ar cháilíocht na seiceálacha teorann a dhéantar ar náisiúnaigh tríú tír agus deimhin a dhéanamh de go sainaithneofar rófhantóirí ar dhóigh chórasach iontaofa. Dá bhrí sin, nuair a bheidh an Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) bunaithe beidh sé ina uirlis thábhachtach le deimhin a dhéanamh de go mbeidh tréimhsí fanachta ag náisiúnaigh ó thríú tíortha atá díolmhaithe ón gceanglas víosa, go mbeidh siad dleathach, agus beidh sé ina chuidiú cosc a chur ar imirce neamhrialta ag náisiúnaigh de thríú tíortha atá díolmhaithe ó cheanglas víosa.

Le Rialachán (AE) 2018/1240 12 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS), cuirfear deireadh leis an mbearna eolais maidir le taistealaithe atá díolmhaithe ón gceanglas víosa a bheith ina seilbh acu agus iad ag trasnú na dteorainneacha seachtracha. Faoin gcóras, cinnfear incháilitheacht náisiúnach tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa sula dtaistealóidh siad chuig limistéar Schengen, agus cinnfear an mbeidh riosca slándála nó riosca inimirce neamhdhlíthiúla nó ardriosca eipidéime i gceist leis an taisteal sin.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 77(2)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, lena bhforáiltear do bhearta maidir leis an gcomhbheartas víosaí, an bunús dlí.

Coimhdeacht, comhréireacht agus an rogha ionstraime

De bharr go bhfuil comhbheartas víosaí bunaithe ag an Aontas lena náirítear Rialachán ina liostaítear tíortha atá díolmhaithe ó cheanglas víosa agus tíortha atá faoi réir ceanglas víosa (Rialachán (CE) Uimh. 539/2001), ní féidir sainiú nó athrú ar stádas víosa de chuid náisiúnach tríú tíortha a bhaint amach ach amháin trí ghníomh reachtach de chuid an Aontais lena leasaítear an Rialachán sin. Ní féidir le Ballstáit gníomhú ina naonar. Ní ann d’aon rogha bheartais eile (nach rogha beartais reachtaigh é) lena bhféadfaí an cuspóir beartais a bhaint amach.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach.

Bailiú agus úsáid saineolais

Bhain an Coimisiún úsáid as raon foinsí sonraí chun measúnú a dhéanamh ar na critéir a chumhdaítear i Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 chun a chinneadh ar cheart do náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe ar saoránaigh Bhriotanacha iad a bheith faoi réir ceanglas víosa nó díolmhaithe ó cheanglas víosa. Áirítear ar na foinsí sin sonraí ó Eurostat maidir le hinimirce de réir saoránachta, sonraí ó na Náisiúin Aontaithe agus ó Oifig Staidrimh Náisiúnta na Ríochta Aontaithe maidir le líon na náisiúnach den Ríocht Aontaithe atá ina gcónaí sna 27 mBallstát, suirbhéanna a rinneadh i measc paisinéirí ar líon na dturas a rinne náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe go dtí na 27 mBallstát 13 , meastacháin ó earnáil na tionsclaíochta maidir le caiteachas taistealaithe ón Ríocht Aontaithe 14 , agus figiúirí maidir le trádáil idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe 15 . De bharr go raibh an Ríocht Aontaithe ina ball den Aontas Eorpach ar feadh 46 bliana, bhí an dlúthchaidreamh idir í agus na 27 mBallstát ina thoisc freisin agus measúnú á dhéanamh ar na critéir.

Measúnú tionchair

Is gá Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 a leasú de dheasca tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas. Mar gheall ar an ngá atá le gníomhú go tráthúil agus ag cur san áireamh chonclúidí na hanailíse anseo thíos, ní dhearnadh measúnú tionchair iomlán. Níl ann ach dhá rogha bheartais: náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe ar saoránaigh Bhriotanacha iad a áireamh in Iarscríbhinn I (faoi réir ceanglas víosa) a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001, nó iad a áireamh in Iarscríbhinn II (díolmhaithe ó cheanglas víosa) a ghabhann leis an Rialachán sin.

Tá an Coimisiún den tuairim gur cheart náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe ar saoránaigh Bhriotanacha iad a bheith díolmhaithe ó cheanglas víosa agus iad ag taisteal go dtí na Ballstáit do thréimhsí gearrfhanachta. Faoi na Conarthaí agus faoi Threoir 2004/38/CE 16 , tá ag náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe ar saoránaigh Bhriotanacha iad saoirse ghluaiseachta faoi láthair ina gcáil mar shaoránaigh de chuid an Aontais. Is féidir leo gluaiseacht agus cónaí ar fud an Aontais gan é a bheith de cheangal orthu víosa a bheith acu. Cé nach mbeidh náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe ar saoránaigh Bhriotanacha iad ina saoránaigh feasta de chuid an Aontais Eorpaigh ón dáta a tharraingeoidh an Ríocht Aontaithe siar ón Aontas agus nach mbeidh acu an ceart maidir le saorghluaiseacht daoine ón tráth a scoirfidh dlí an Aontais d’fheidhm a bheith aige, bheadh sé ina bhuntáiste dlúthnaisc a choimeád idir saoránaigh Bhriotanacha agus saoránaigh de chuid an Aontais agus, ina theannta sin, taisteal a éascú chun críocha gnó agus turasóireachta. Toisc go bhfuil an Ríocht Aontaithe aicmithe ag an mBanc Domhanda ina gheilleagar ardioncaim agus toisc go bhfuil sí ina ball den Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE), tá an phróifíl atá aici ag teacht leis an bpróifíl atá ag tíortha ar beag an riosca a bheadh ag gabháil leo, i bprionsabal, ó thaobh imirce neamhrialta isteach san Aontas.

Na seiceálacha a dhéanfar ar náisiúnaigh tríú tír ag na teorainneacha seachtracha, a mbeidh náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe ar saoránaigh Bhriotanacha iad, faoina réir tráth a scoirfidh dlí an Aontais maidir le saorghluaiseacht shaoránaigh an Aontais d’fheidhm a bheith aige maidir leo, is cosúil gur leor iad chun rioscaí slándála a bhainistiú. Chomh maith leis sin, eisíonn an Ríocht Aontaithe pasanna bithmhéadracha atá i gcomhréir le caighdeáin de chuid na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta. Lena chois sin, dá dtiocfadh aon rioscaí imirce nó slándála maidir le náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe ar saoránaigh Bhriotanacha iad chun cinn ar ghá gníomhú go práinneach chun taisteal gan víosa a chur ar fionraí, d’fhéadfaí aghaidh a thabhairt ar an gcás sin faoin sásra fionraíochta dá bhforáiltear in Airteagal 1a de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001.

Is iad na 27 mBallstát an comhpháirtí trádála is mó atá ag an Ríocht Aontaithe; is ionann an trádáil sin agus 44 % d’onnmhairí na Ríochta Aontaithe agus 54 % d’allmhairí na Ríochta Aontaithe in 2017. Cé go bhféadfaidh laghdú teacht ar an méid trádála tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar ón Aontas, is cosúil go mbeidh caidreamh tábhachtach trádála fós idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i ngeall ar an ngaireacht gheografach agus ar na hidirnaisc dhlútha idir a ngeilleagair le fada. Lena chois sin, tá thart ar 800 000 náisiúnach de chuid na Ríochta Aontaithe ina gcónaí faoi láthair sna 27 mBallstát, cé is moite d’Éirinn 17 , agus téann timpeall 50 000 náisiúnach de chuid na Ríochta Aontaithe chun cónaithe sna 27 mBallstát gach bliain 18 . Mar thoradh air sin, cuirtear leis an méid mór taistil a dhéantar ón Ríocht Aontaithe go dtí na 27 mBallstát. Ar an iomlán, rinne áitritheoirí sa Ríocht Aontaithe 53 mhilliún turas go dtí na 27 mBallstát in 2016, bíodh sé chun críocha gnó nó áineasa nó chun críocha eile, agus chaith siad thart ar EUR 28 mbilliún le linn dóibh a bheith sna Ballstáit eile. Dá mbeadh náisiúnaigh de chuid na Ríochta Aontaithe ar saoránaigh Bhriotanacha iad faoi cheangal víosa, d’fhéadfadh sé baint den tairbhe eacnamaíoch a eascraíonn as na turais sin, an caidreamh trádála a laghdú agus díobháil a dhéanamh do leas eacnamaíoch an Aontais.

Is ball de Chomhairle na hEorpa an Ríocht Aontaithe. Is mór ag an Aontas agus ag an Ríocht Aontaithe araon breithnithe maidir le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha, rud is léir ón gcaoi a gcloíonn an Ríocht Aontaithe leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine. Leanfar de na luachanna comhchoiteanna a eascraíonn as an tiomantas comhpháirteach don daonlathas agus don smacht reachta tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar ón Aontas. Ba cheart sin a léiriú freisin trí stádas saor ó cheanglas víosa a chur ar fáil do náisiúnaigh Bhriotanacha agus, ar an dóigh sin, taisteal a éascú idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe.

Tá sé dearbhaithe ag rialtas na Ríochta Aontaithe go bhfuil rún aige nach gcuirfidh sé de cheangal ar shaoránaigh na 27 mBallstát víosa a bheith acu do thréimhsí gearrfhanachta gnó nó turasóireachta 19 . Caithfear anois an rún sin a chur ar bhonn foirmiúil ionas go bhféadfaidh saoránaigh brath air agus ba cheart do na comhreachtóirí an dul chun cinn maidir le cur ar bhonn foirmiúil an rúin a chur san áireamh le linn an phróisis reachtaíochta maidir leis an togra reatha. Dá socródh an Ríocht Aontaithe amach anseo saoránaigh uile an Aontais nó cuid díobh a chur faoi cheangal víosa go haontaobhach 20 , dhéanfaí an sásra cómhalartachta faoi Airteagal 1(4) de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 a ghníomhachtú. Dá thoradh sin thabharfaí isteach ceanglas víosa.

Faoi láthair, is féidir le saoránaigh sa chuid is mó de thíortha na hEorpa nach baill den Aontas iad agus na náisiúnaigh Bhriotanacha sin nach saoránaigh Bhriotanacha iad taisteal gan víosa go limistéar Schengen. I ngeall ar an ngaireacht gheografach idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas, tá údar maith freisin leis an Ríocht Aontaithe a áireamh ar liosta na dtíortha atá díolmhaithe ó cheanglas víosa ar mhaithe le comhleanúnachas réigiúnach.

Aon rioscaí a bhaineann le náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe ar saoránaigh Bhriotanacha iad a bheith ag taisteal gan víosa, ba cheart iad a mhaolú leis na bearta a glacadh le déanaí chun feabhas a chur ar bhainistiú theorainneacha seachtracha an Aontais, go háirithe an Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) agus an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS), a mbeidh náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe faoina réir tráth a scoirfidh dlí an Aontais maidir le saorghluaiseacht shaoránaigh an Aontais d’fheidhm a bheith aige maidir leo, mar aon le náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Neamhbhainteach.

Cearta bunúsacha

Ní bheidh aon tionchar diúltach ag an togra seo ar chosaint na gceart bunúsach san Aontas Eorpach. Tríd an deis a thabhairt do náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe ar náisiúnaigh Bhriotanacha iad taisteal gan víosa go dtí na Ballstáit, éascófar an taisteal i gcomhthéacs an chirt chun saol teaghlaigh mar shampla.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Neamhbhainteach. 

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Beidh feidhm ag an Rialachán leasaithe ón lá tar éis an lae a scoirfidh dlí an Aontais d’fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe. Tarlóidh sin an 30 Márta 2019, ach amháin má dhéanann an Chomhairle Eorpach dáta eile a shocrú d’aon toil, le comhaontú ón Ríocht Aontaithe, nó ar an dáta dá bhforáiltear i gcomhaontú daingnithe um tharraingt siar de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Is iad na Ballstáit a chuirfidh an Rialachán chun feidhme go díreach; mar sin, ní gá aon phlean cur chun feidhme a dhéanamh.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Le hAirteagal 1, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ar thrí bhealach:

Scriosfar an tagairt don Ríocht Aontaithe ó phointe (d) d’Airteagal 4(2) toisc nach mbaineann an pointe sin ach leis na Ballstáit nach gcuireann acquis Schengen i bhfeidhm. Beidh na Ballstáit in ann daoine a bhfuil stádas dídeanaí acu agus daoine gan stát agus daoine eile nach bhfuil náisiúntacht aon tíre acu a bhfuil cónaí orthu sa Ríocht Aontaithe a dhíolmhú ón gceanglas víosa faoi phointe (b) d’Airteagal 4(2).

I gcás saoránaigh Bhriotanacha, áireofar an Ríocht Aontaithe in Iarscríbhinn II, i.e. an liosta de na tíortha atá díolmhaithe ó cheanglas víosa.

Cuirfear “NÁISIÚNAIGH BHRIOTANACHA NACH SAORÁNAIGH BHRIOTANACHA IAD” in áit an teidil ar Chuid 3 d’Iarscríbhinn II chun an tagairt atá ann faoi láthair do dhlí an Aontais a bhaint. Coinneofar liosta iomlán na náisiúnach Briotanach nach saoránaigh Bhriotanacha iad chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú. Cinneadh stádas víosa na náisiúnach Briotanach sin den chéad uair le Rialachán (CE) Uimh. 1932/2006, lena liostaítear roinnt catagóirí de na náisiúnaigh sin in Iarscríbhinn I (faoi réir ceanglas víosa) agus náisiúnaigh eile in Iarscríbhinn II (díolmhaithe ó cheanglas víosa) bunaithe ar mheasúnú ar na critéir a liostaítear i Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 21 . Le Rialachán (AE) Uimh. 509/2014 an 15 Bealtaine 2014, aistríodh iad uile go hIarscríbhinn II (díolmhaithe ó cheanglas víosa) 22 . Ní dhéanann tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas difear do stádas víosa na náisiúnach Briotanach sin nach saoránaigh Bhriotanacha iad.

Le hAirteagal 3, áirithítear go mbeidh feidhm ag na leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón lá tar éis an lae a scoirfidh dlí an Aontais d’fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe, agus seachnófar aon éiginnteacht dhlíthiúil maidir leis an stádas saor ó cheanglas víosa atá ag náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe ar saoránaigh Bhriotanacha iad.

2018/0390 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin, maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)An 29 Márta 2017, thug an Ríocht Aontaithe fógra don Chomhairle Eorpach go raibh rún aici tarraingt siar ón Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Dá bharr sin, beidh an Ríocht Aontaithe ina tríú tír agus scoirfidh dlí an Aontais d’fheidhm a bheith aige maidir léi ón 30 Márta 2019 amach, ach amháin má shocraítear dáta eile i gcomhaontú um tharraingt siar, nó má dhéanann an Chomhairle Eorpach dáta eile a shocrú d’aon toil, le comhaontú ón Ríocht Aontaithe.

(2)Faoi Airteagal 21 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 23 tá an ceart ag saoránaigh an Aontais gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, lena náirítear an ceart dul isteach sna Ballstáit gan víosa nó foirmiúlachtaí den sórt sin.

(3)De dheasca tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas, scoirfidh an Conradh agus Treoir 2004/38/CE d’fheidhm a bheith acu maidir le náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe ar saoránaigh Bhriotanacha iad agus, dá bharr sin, scoirfear dá gceart dul isteach sna Ballstáit gan víosa. Ní mór, mar sin, an Ríocht Aontaithe a áireamh i gceann amháin de na hiarscríbhinní a ghabhann le [Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle] 24 . In Iarscríbhinn I, liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus, in Iarscríbhinn II, liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin.

(4)Na critéir ba cheart a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh, cás ar chás, cé na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh faoi réir an cheanglais víosa nó díolmhaithe ón gceanglas sin, leagtar síos iad in [Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001] 25 . Áirítear orthu sin inimirce neamhdhleathach, beartas poiblí agus slándáil, tairbhe eacnamaíoch, go háirithe i dtéarmaí turasóireachta agus trádáil coigríche, agus caidreamh seachtrach an Aontais leis na tríú tíortha ábhartha, lena náirítear, go háirithe, breithnithe maidir le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha, chomh maith leis na himpleachtaí a bhaineann le comhleanúnachas agus cómhalartacht réigiúnach.

(5)Ag cur san áireamh na gcritéar uile a liostaítear in [Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001] 26 , is iomchuí náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe ar saoránaigh Bhriotanacha iad a dhíolmhú ón gceanglas víosa atá orthu agus iad ag taisteal chuig críoch na mBallstát. I ngeall ar an ngaireacht gheografach, an nasc idir na geilleagair, an leibhéal trádála agus méid na ngluaiseachtaí gearrthéarmacha a dhéanann daoine idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas chun críocha gnó nó áineasa nó chun críocha eile, ba cheart go néascófaí, le taisteal gan víosa, an turasóireacht agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha.

(6)Tá sé ráite ag rialtas na Ríochta Aontaithe go bhfuil rún aige nach gcuirfidh sé de cheangal ar shaoránaigh na 27 mBallstát víosa a bheith acu agus iad ag taisteal go dtí an Ríocht Aontaithe do thréimhsí gearrfhanachta gnó nó turasóireachta ón dáta a scoirfidh dlí an Aontais d’fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe. I gcás ina gcuirfidh an Ríocht Aontaithe ceanglas víosa i bhfeidhm do náisiúnaigh i mBallstát amháin ar a laghad, ba cheart feidhm a bheith ag an sásra cómhalartachta dá bhforáiltear in [Airteagal 1(4) de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001] 27 . Ba cheart do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún gníomhú gan mhoill chun an sásra a chur i bhfeidhm.

(7)Maidir le saoránaigh Bhriotanacha, ba cheart mar sin an Ríocht Aontaithe a áireamh in Iarscríbhinn II a ghabhann le [Rialachán (CE) Uimh. 539/2001] 28 .

(8)Maidir leis an Íoslainn agus le Ríocht na hIorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le hacquis 29 Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe (B) d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle 30 .

(9)Maidir le Cónaidhm na hEilvéise, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis 31 Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe (B) agus pointe (C) d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle 32 .

(10)Maidir le Prionsacht Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis 33 Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe (B) agus pointe (C) d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 34 .

(11)Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle 35 ; dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach ina ghlacadh.

(12)Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle 36 ; dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(13)Is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003, Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2005 agus Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2011 faoi seach.

(14)Ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm an 30 Márta 2019, an lá a tharraingeoidh an Ríocht Aontaithe siar ón Aontas.

(15)Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón lá a scoirfidh dlí an Aontais d’fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe.

(16)Dá réir sin, ba cheart [Rialachán (CE) Uimh. 539/2001] 37 a leasú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear [Rialachán (CE) Uimh. 539/2001] 38 mar a leanas:

1.In [Airteagal 4(2)]  39 , cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d) gan dochar do na ceanglais a eascraíonn as an gComhaontú Eorpach maidir le Deireadh a chur le Víosaí do Dhídeanaithe a síníodh in Strasbourg an 20 Aibreán 1959, lena naithnítear dídeanaithe agus daoine gan stát agus daoine eile nach bhfuil náisiúntacht aon tíre acu agus a bhfuil cónaí orthu in Éirinn agus a bhfuil doiciméad taistil acu a d’eisigh Éire, a aithneoidh an Ballstát lena mbaineann.”;

2.i gCuid 1 d’Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas isteach:

“An Ríocht Aontaithe (cé is moite de náisiúnaigh Bhriotanacha dá dtagraítear i gCuid 3)”;

3.cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chuid 3 d’Iarscríbhinn II:

“NÁISIÚNAIGH BHRIOTANACHA NACH SAORÁNAIGH BHRIOTANACHA IAD”.

Airteagal 2

I gcás ina gcuirfidh an Ríocht Aontaithe ceanglas víosa i bhfeidhm do náisiúnaigh i mBallstát amháin ar a laghad, beidh feidhm ag an sásra cómhalartachta dá bhforáiltear in [Airteagal 1(4) de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001] 40 . Gníomhóidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún gan mhoill chun an sásra a chur i bhfeidhm.

Airteagal 3

1.Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 30 Márta 2019.

Beidh feidhm aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh dlí an Aontais d’fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe.

2.Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Le dlí na náisiúntachta Briotanaí, dealaítear idir sé chatagóir de náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe (náisiúnaigh Bhriotanacha). Baineann saoránaigh Bhriotanacha le ceann amháin de na catagóirí sin agus is saoránaigh de chuid an Aontais iad faoi láthair. Ní dhéanann an togra seo difear do na cúig chatagóir eile (féach Roinn 5).
(2)    Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle an 15 Márta 2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 81, 21.3.2001, lch 1).
(3) *    Tá an tainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.
(4)    COM(2016) 277 final, 4.5.2016.
(5)    COM(2016) 279 final, 4.5.2016.
(6)    COM(2018) 139 final, 14.3.2018.
(7)    COM(2018) 251 final, 14.3.2018.
(8)    COM(2018) 252 final, 14.3.2018.
(9)    COM(2018) 302 final, 16.5.2018.
(10)    COM(2017) 794 final, 12.12.2017.
(11)    Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, lch 20).
(12)    Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch.1).
(13)    Oifig Staidrimh Náisiúnta na Ríochta Aontaithe, Travelpac: travel to and from the UK . Mí Mheán Fómhair 2018.
(14)    An Lárionad um Thaighde Eacnamaíoch agus Gnó, The economic importance of UK outbound tourism to the EU27 economies . Mí Mheán Fómhair 2017.
(15)    Páipéar faisnéise 7851 ó Theach na dTeachtaí (Westminster), Statistics on UK-EU trade . Mí Iúil 2018.
(16)    Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gceart atá ag saoránaigh den Aontas agus a mbaill teaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena naisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch 77).
(17)    Oifig Staidrimh Náisiúnta na Ríochta Aontaithe, Living abroad: British residents living in the EU . Mí Aibreáin 2018
(18)    Eurostat, Immigration by age group, sex and citizenship . Mí Aibreáin 2018
(19)    Rialtas na Banríona, The future relationship between the United Kingdom and the European Union . Mí Iúil 2018, míreanna 76-78. Sa tuarascáil ó Choiste Comhairleach na Ríochta Aontaithe maidir leis an Imirce, ní mholtar ach oiread go mbeidh saoránaigh de chuid an Aontais faoi cheangal víosa do thréimhsí gearrfhanachta sa Ríocht Aontaithe (an Coiste Comhairleach maidir leis an Imirce, EEA migration in the UK: Final report . Mí Mheán Fómhair 2018, Moladh beartais 30, lch 4).
(20)    Ar aon chuma, fad a bheidh feidhm ag dlí an Aontais maidir leis an Ríocht Aontaithe i dtaca le saorghluaiseacht shaoránaigh an Aontais, bheadh tabhairt isteach ceanglais víosa ina shárú ar an dlí sin.
(21)    Féach COM(2006) 84 final, 13.7.2006 chun teacht ar an measúnú iomlán atá mar bhunús leis an gcinneadh sin.
(22)    Féach COM(2012) 650 final, 7.11.2012 chun teacht ar an measúnú iomlán atá mar bhunús leis an gcinneadh sin.
(23)    Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gceart atá ag saoránaigh den Aontas agus a mbaill teaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena naisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch 77).
(24)    Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle an 15 Márta 2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 81, 21.3.2001, lch 1), atá faoi réir a chódaithe i láthair na huaire (féach COM(2018) 139 final, 14.3.2018). Ní mór an tagairt a nuashonrú tar éis don Rialachán códaithe teacht i bhfeidhm.
(25)    Féach fonóta 23.
(26)    Féach fonóta 23.
(27)    Féach fonóta 23.
(28)    Féach fonóta 23.
(29)    IO L 176, 10.7.1999, lch 36.
(30)    Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le hacquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch 31).
(31)    IO L 53, 27.2.2008, lch 52.
(32)    Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008 lch 1).
(33)    IO L 160, 18.6.2011, lch 21.
(34)    Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch 19).
(35)    Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, lch 43).
(36)    Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch 20).
(37)    Féach fonóta 23.
(38)    Féach fonóta 23.
(39)    Féach fonóta 23.
(40)    Féach fonóta 23.