An Bhruiséil,9.3.2016

COM(2016) 142 final

2016/0075(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin

(An tSeoirsia)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Seoladh an t-idirphlé maidir le léirscaoileadh víosaí idir an tAontas Eorpach agus An tSeoirsia i mí an Mheithimh 2012. I mí Feabhra 2013, chuir an Coimisiún Eorpach plean gníomhaíochta léirscaoilte víosaí (PGLV) faoi bhráid rialtas na Seoirsia. Thug an Coimisiún gealltanas go molfadh sé go dtabharfaí cead do náisiúnaigh na Seoirsia a bhfuil pasanna bithméadracha ina seilbh acu gearrchuairteanna a thabhairt ar an Aontas Eorpach gan víosa, chomh luath agus a dhéanfadh Rialtas na Seoirsia gach tagarmharc a leagadh síos sa PGLV a chomhall.

Sular cuireadh tús leis an idirphlé maidir le léirscaoileadh víosaí, bhí Comhaontú um Eisiúint Víosaí a Éascú agus Comhaontú um Athligean Isteach tabhartha i gcrích, san am céanna, ag an Aontas Eorpach agus ag an tSeoirsia. Tháinig na comhaontuithe sin i bhfeidhm an 1 Márta 2011. Le go gcuirfí tús leis an idirphlé maidir le víosaí, agus le go leanfaí de ina dhiaidh sin, ba bhunchoinníoll riamh é na comhaontuithe sin a chur chun feidhme ina n-iomláine agus go héifeachtach.

Tá struchtúr an PGLV bunaithe ar cheithre 'bhloc': slándáil doiciméad, lena n-áirítear bithmhéadracht (bloc I), imirce agus bainistiú comhtháite teorainneacha, lena n-áirítear tearmann (bloc II), ord poiblí agus slándáil (bloc III) agus caidreamh eachtrach agus cearta bunúsacha (bloc IV). Sa PGLV tá sraith de thagarmharcanna beachta leagtha amach do gach ceann de na ceithre 'bhloc' sin de shaincheisteanna teicniúla ábhartha arb é is aidhm leo creat reachtach, creat beartais agus creat institiúideach a ghlacadh (céim 1) agus cur chun feidhme éifeachtach agus inbhuanaithe an chreata sin a áirithiú (céim 2).

Ó seoladh an tIdirphlé maidir le Léirscaoileadh Víosaí idir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia, tá tuarascáil tugtha ag an gCoimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag an tSeoirsia maidir leis na tagarmharcanna a bhaint amach a leagadh síos faoi na ceithre bhloc den chéad céim agus den dara céim den PGLV. Rinneadh measúnú ar dhul chun cinn ar bhonn meastóireacht ar an láthair a rinne saineolaithe ó Bhallstáit an Aontais agus faisnéis mhionsonraithe a thug an tSeoirsia.

An 15 Samhain 2013, ghlac an Coimisiún a chéad tuarascáil ar dhul chun cinn 1 maidir le cur chun feidhme an PGLV ag an tSeoirsia agus rinne sé roinnt moltaí ann i dtaca leis an gcéad chéim a chríochnú (an chéim reachtach agus pleanála).

Ba é conclúid an dara tuarascáil 2 ón gCoimisiún ar dhul chun cinn an 29 Deireadh Fómhair 2014 go raibh tagarmharcanna na chéad chéime den PGLV comhlíonta ag an tSeoirsia agus go raibh sí réidh go ndéanfaí measúnú uirthi de réir thagarmharcanna an dara céim. Ina conclúidí an 17 Samhain 2014, chomhaontaigh an Chomhairle le measúnú an Choimisiúin. Ag gabhail leis an tuarascáil sin, bhí measúnú ar an tionchar a d'fhéadfadh bheith ann dá dtiocfadh ann do léirscaoileadh víosaí amach anseo i gcás shaoránaigh na Seoirsia agus iad ag taisteal go dtí an tAontas Eorpach.

Ghlac an Coimisiún an tríú tuarascáil 3 ar dhul chun cinn na Seoirsia maidir leis an PGLV a chur chun feidhme an 8 Bealtaine 2015. Sa tuarascáil sin, deimhníodh go raibh an tSeoirsia i gcomhréir, tríd is tríd, leis na tagarmharcanna a leagadh síos sna ceithre bhloc den PGLV agus sonraíodh gníomhaíochtaí a d'áiritheodh, dá gcuirfí i bhfeidhm iad, go mbainfeadh an tSeoirsia na tagarmharcanna ar fad amach den dara céim den PGLV.

Sa cheathrú tuarascáil 4 uaidh, an ceann deiridh, arna ghlacadh an 18 Nollaig 2015, ba é conchlúid an Choimisiúin go raibh an dul chun cinn ba ghá déanta ag an tSeoirsia agus go raibh na hathchóirithe riachtanacha ar fad curtha i gcrích aici chun a áirithiú go mbainfí amach, ar bhealach éifeachtach inbhuanaithe, na tagarmharcanna a bhí fágtha. Bunaithe ar an measúnú sin, agus i bhfianaise thoradh an fhaireacháin agus an tuarascithe a rinneadh ar bhonn leanúnach ó seoladh an tIdirphlé maidir le Léirscaoileadh Víosaí idir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia, dheimhnigh an Coimisiún go raibh na tagarmharcanna ar fad bainte amach ag an tSeoirsia i dtaca le gach ceann de na ceithre bhloc den dara céim den PGLV agus go dtíolacfadh sé togra reachtach, go luath in 2016, chun leasú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ionas go gcuirfí an tSeoirsia ar liosta na dtíortha nach mbaineann an ceanglas víosa leo (Iarscríbhinn II).

Le cois tuarascálacha a thabhairt maidir leis an PGLV, lean an Coimisiún d'fhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe um Eisiúint Víosaí a Éascú agus an Chomhaontaithe um Athligean Isteach, go háirithe trí na comhchoistí a bunaíodh faoi na comhaontuithe sin. Is sa Bhruiséil an 13 Deireadh Fómhair 2015 a reáchtáladh an cruinniú deireanach den dá choiste go dtí seo. Sa chomhthéacs sin, thug an Coimisiún dá aire go raibh cur chun feidhme an dá chomhaontú sin an-sásúil tríd is tríd.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana sa réimse beartais seo agus le beartais eile an Aontais

I Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 5 liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá teorainneacha seachtracha na mBallstát á dtrasnú acu agus liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin. Cuireann na Ballstáit ar fad – diomaite d'Éirinn agus den Ríocht Aontaithe – mar aon leis an Eilvéis, an Iorua, an Íoslann agus Lichtinstéin Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 i bhfeidhm. Is cuid é an Rialachán seo de bheartas an Aontais Eorpaigh maidir le víosaí le haghaidh gearrchuairteanna 90 lá laistigh d'aon tréimhse 180 lá.

Faoi láthair, tá an tSeoirsia liostaithe in Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001, i.e. tá sí ar cheann de na tíortha sin a bhfuil ar a náisiúnaigh víosa a bheith ina seilbh acu chun taisteal chuig críocha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.

Leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 go deireanach le Rialachán (AE) Uimh. 259/2014 6 tráth a cuireadh an Mholdóiv ar liosta na dtíortha nach mbaineann an ceanglas víosa leo toisc gur éirigh léi an PGLV a leagadh amach di a chur chun feidhme; agus le Rialachán (AE) Uimh. 509/2014 7 tráth a díolmhaíodh cúig thír i Muir Chairib 8 , agus aon tír déag san Aigéan Ciúin 9 , chomh maith leis an gColóim, an Pheiriú agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha ón gceanglas víosaí sin – faoi réir comhaontuithe tarscaoilte víosaí a thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus na tríú tíortha lena mbaineann – tar éis athbhreithniú tréimhsiúil ar na liostaí víosa.

Na critéir sin ar cheart a chur san áireamh chun a chinneadh de réir saintréithe gach cáis ar leith cé na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh faoi réir an cheanglais víosa, nó díolmhaithe uaidh, tá siad leagtha síos in Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 (mar a tugadh isteach le Rialachán (AE) Uimh. 509/2014). Áirítear orthu sin "inimirce neamhdhleathach, beartas poiblí agus slándáil, tairbhe eacnamaíoch, go háirithe i dtéarmaí turasóireachta agus trádála coigríche, agus caidreamh seachtrach an Aontais leis na tríú tíortha ábhartha, lena n-áirítear, go háirithe, breithnithe maidir le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha, chomh maith leis na himpleachtaí a bhaineann le comhleanúnachas agus cómhalartacht réigiúnach” 10 . Ní mór aird ar leith a thabhairt ar shlándáil na ndoiciméad taistil eisíonn na tríú tíortha lena mbaineann.

Níl cúis ar bith go mbeadh cur chun feidhme na díolúine víosaí ag brath ar chomhaontú tarscaoilte víosaí a thabhairt i gcrích i gcomhar leis an Aontas Eorpach, mar go bhfuil gach saoránach den Aontas Eorpach díolmhaithe cheana féin ag an tSeoirsia ón gceanglas víosa le haghaidh gearrchuairteanna de 90 lá (laistigh de thréimhse 180 lá). Dá ndéanfaí an cinneadh sin a aisghairm nó dá mbainfí mí-úsáid as an gcóras neamhvíosaí, bheadh leigheasanna leordhóthanacha ar fáil de thoradh na sásraí cómhalartachta agus fionraíochta atá ann faoi láthair i Rialachán (CE) Uimh. 539/2001.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Ós rud é go ndéanfar leasú ar chomhbheartas víosaí an Aontais Eorpaigh, is é pointe (a) d'Airteagal 77(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí an togra. Forbairt ar acquis Schengen a bheidh sa rialachán atá beartaithe.

Coimhdeacht

Ós rud é gur gníomh dlí de chuid an Aontais Eorpaigh Rialachán (CE) Uimh. 539/2001, ní féidir leasú a dhéanamh air ach trí ghníomh dlí coibhéiseach. Ní féidir le Ballstáit gníomhú ina n-aonar.

Comhréireacht

Féach thuas – níl aon roghanna eile ar fáil chun na cuspóirí beartais a bhaint amach.

An rogha ionstraime

Féach thuas.

3.TORTHAÍ NA MEASTÓIREACHTAÍ EX-POST, NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex-post / seiceálacha oiriúnachta ar reachtaíocht atá ann cheana

neamhbhainteach

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Bhí comhphlé rialta ann leis na Ballstáit i Meitheal na Comhairle um Oirthear na hEorpa agus Lár na hÁise (COEST) agus cuireadh an próiseas léirscaoilte víosaí i láthair do Pharlaimint na hEorpa roinnt uaireanta.

Bailiú agus úsáid saineolais

Bhailigh an Coimisiún sonraí cuimsitheacha faoi chur chun feidhme na dtagarmharcanna uile sa PGLV ag an tSeoirsia. Mar a bhí sa dá thuarascáil a tháinig roimhe, bhí Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimsiúin 11 ag gabháil leis an tuarascáil dheireanach maidir le dul chun cinn na Seoirsia. Bhí eolas ní ba mhionsonraithe sa doiciméad sin maidir leis an dul chun cinn a rinneadh i leith gach tagarmhairc.

Measúnú tionchair

San iarscríbhinn a ghabh leis an Doiciméad Inmheánach Oibre, chuir an Coimisiún anailís fhíriciúil nuashonraithe ar fáil mar aon le faisnéis bunaithe ar staitisticí i dtaca leis an tionchar a d'fhéadfadh sé go n-imreofaí ar chúrsaí imirce agus slándála mar thoradh ar léirscaoileadh víosaí do shaoránaigh na Seoirsia chun taisteal chuig an Aontas Eorpach, bunaithe ar eolas ó ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais Eorpaigh agus ó pháirtithe leasmhara. Ní gá aon mheasúnú tionchair breise a dhéanamh.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

neamhbhainteach

Cearta bunúsacha

Níl aon iarmhairtí ag an togra seo maidir le cosaint na gceart bunúsach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

neamhbhainteach

5.GNÉITHE EILE

Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, measúnaithe agus tuairiscithe

Beidh feidhm dhíreach ag an Rialachán leasaithe ón uair a thiocfaidh sé i bhfeidhm agus cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm é láithreach. Ní gá aon phlean cur chun feidhme a dhéanamh.

Leanfaidh an Coimisiún de fhaireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn atá an tSeoirsia a dhéanamh i dtaobh na dtagramharcanna ar fad a leagadh síos di faoi na ceithre bhloc den PGLV trí na struchtúir comhlachais agus tríd an idirphlé agus, más gá, trí shásraí leantacha ad hoc.

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

neamhbhainteach

Míniú mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Deanfar leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 539/2001, agus aistreofar an tSeoirsia ó Iarscríbhinn I (liosta na dtíortha a bhfuil víosaí de dhíth ar a náisiúnaigh) go dtí Iarscríbhinn II (liosta na dtíortha nach mbaineann an ceanglas víosaí leo). Cuirfear isteach fonóta ina sonrófar go bhfuil an tarscaoileadh víosaí teoranta do shealbhóirí pasanna bithmhéadracha arna n-eisiúint i gcomhréir le caighdeáin na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO).

2016/0075 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin

(An tSeoirsia)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (a) d'Airteagal 77(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach

De bharr an méid seo a leanas:

(1)I Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 12 ón gComhairle liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá teorainneacha seachtracha na mBallstát á dtrasnú acu agus liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin. Comhdhéanamh na liostaí de thríú tíortha in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II, ba cheart é a bheith ag teacht leis na critéir atá leagtha amach iontu, agus ba cheart go bhfanfadh sé amhlaidh. Tagairtí do thríú tíortha a bhfuil athrú tagtha ar an staid ina bhfuil siad i ndáil leis na critéir sin, ba cheart iad a aistriú ó iarscríbhinn amháin go dtí an iarscríbhinn eile, de réir mar is iomchuí.

(2)Meastar go bhfuil na tagarmharcanna ar fad sa Phlean Gníomhaíochta Léirscaoilte Víosa a tugadh do Rialtas na Seoirsia i mí Feabhra 2013 bainte amach ag an tSeoirsia agus, dá bhrí sin, go gcomhlíonann sí na critéir is ábhartha lena saoránaigh a dhíolmhú ón gceanglas víosa agus iad ag taisteal go dtí críocha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.

(3)Dá réir sin, ba cheart an tSeoirsia a aistriú ó Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 go dtí Iarscríbhinn II de. Ba cheart feidhm a bheith ag an tarscaoileadh víosaí sin maidir le sealbhóirí pasanna bithmhéadracha arna n-eisiúint i gcomhréir le caighdeáin na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO), agus maidir leo sin amháin.

(4)Is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann an Ríocht Aontaithe páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE 13 ón gComhairle. Dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(5)Is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann Éire páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE 14 ón gComhairle. dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sé ina cheangal uirthi ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

(6)Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen agus de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le hacquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle 15 .

(7)Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le hacquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh in gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle 16 .

(8)Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen, de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe B d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 17 ,

   TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 mar a leanas:

(a)in Iarscríbhinn I, Cuid 1 ("NA STÁIT"), scriostar an tagairt don tSeoirsia.

(b)in Iarscríbhinn II, Cuid 1 ("NA STÁIT"), cuirtear isteach an tagairt seo a leanas:

"An tSeoirsia*

______________

*    Tá an tarscaoileadh víosaí teoranta do shealbhóirí pasanna bithmhéadracha arna n-eisiúint i gcomhréir le caighdeáin na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán a gus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1) COM(2013) 808 final
(2) COM(2014) 681 final
(3) COM(2015) 199 final
(4) COM(2015) 684 final
(5) Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle an 15 Márta 2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 81, 21.03.2001, lch. 1).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 259/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 105, 8.4.2014, lch. 9).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 509/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 149, 20.5.2014, lch. 67).
(8) Doiminice, Greanáda, Oileán na Tríonóide agus Tobága, Saint Lucia, San Uinseann agus na Greanáidíní.
(9) Cireabaití, an Mhicrinéis, Nárú, Oileáin Marshall, Palau, Oileáin Sholomón, Samó, Tíomór Thoir, Tonga, Tuvalu, Vanuatú.
(10) Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle an 15 Márta 2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin.
(11) SWD(2015) 299 final
(12) Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle an 15 Márta 2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 81, 21.03.2001, lch. 1).
(13) Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, lch. 43).
(14) Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
(15) Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).
(16) Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).
(17) Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).