52010PC0358




[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH |

An Bhruiséil 5.7.2010

COIM(2010) 358 leagan deireanach

2010/0192 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 lena liostaítear na tríú tíortha a gcaithfidh a náisiúnaithe víosaí a bheith acu agus iad ag dul thar theorainneacha seachtracha Ballstát agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaithe díolmhaithe ón gceanglas sin

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. Comhthéacs ginearálta agus forais an togra

I gcomhréir le hAirteagal 62(2)(b)(i) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 539/2001[1] ón gComhairle lena liostaítear na tríú tíortha a gcaithfidh a náisiúnaithe víosaí a bheith acu agus iad ag dul thar theorainneacha seachtracha Ballstát (ar a dtugtar an liosta diúltach) agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaithe díolmhaithe ón gceanglas sin (ar a dtugtar an liosta dearfach). Tá na liostaí sin luaite in Airteagal 61 de Chonradh CE i measc na mbeart tionlacain atá nasctha go díreach le saorghluaiseacht daoine i limistéar saoirse, slándála agus ceartais.

D'fhonn cinneadh a dhéanamh cé na tríú tíortha nó na tríú críocha a bhfuil a náisiúnaithe faoi réir an cheanglais víosa, agus cé na tríú tíortha nó na tríú críocha a bhfuil a náisiúnaithe díolmhaithe uaidh, déantar measúnú breithnithe ar gach cás ar leith de réir roinnt critéar a bhaineann inter alia le hinimirce mhídhleathach, beartas poiblí agus slándáil, agus le caidreamh seachtrach an Aontais Eorpaigh le tríú tíortha nó le tríú críocha; meastar impleachtaí an chomhleanúnachais réigiúnaigh agus na cómhalartachta freisin. I bhfianaise chritéir an oird phoiblí agus na hinimirce mídhleathaí, ba cheart aird ar leith a thabhairt freisin ar shlándáil doiciméad taistil arna n-eisiúint ag na tríú tíortha nó ag na tríú críocha lena mbaineann.

Ós rud é gur féidir leis na critéir atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 fabhrú thar am i ndáil le tríú tíortha nó le tríú críocha, ba cheart comhdhéanamh an liosta dhiúltaigh agus an liosta dhearfaigh a athbhreithniú go rialta. Maidir leis an bPlean Gníomhaíochta chun inimirce mhídhleathach agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac a ghlac an tAontas Eorpach in 2002 ag an gComhairle Eorpach in Sevilla, leag sé béim freisin den chéad uair ar an ngá le hathbhreithniú bliantúil a dhéanamh ar dhá liosta na dtríú tíortha agus na dtríú críocha a ghabhann leis an Rialachán.

Dá bhrí sin, tá leasú déanta ar Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 sé huaire ó glacadh é[2], agus leasú maidir le toradh na n-idirphléití i ndáil le léirscaoileadh víosa trí thrí thír sna Balcáin Thiar a aistriú chuig an liosta dearfach an leasú ba dhéanaí a rinneadh. Beagán níos mó ná dhá bhliain tar éis Rialachán (CE) Uimh. 1932/2006[3] ón gComhairle a ghlacadh, ní mór athmheasúnú ginearálta a dhéanamh ar na liostaí a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 i bhfianaise na gcritéar ábhartha thuasluaite arna sainiú sa Rialachán.

Tá an t-athbhreithniú tréimhsiúil reatha ar an Rialachán dírithe ar an méid a leanas:

a áirithiú go gcomhlíonann comhdhéanamh liostaí na dtríú tíortha agus na dtríú críocha na critéir atá leagtha amach in aithris 5 den Rialachán, go háirithe maidir leis na critéir i ndáil le hinimirce mhídhleathach agus le beartas poiblí agus le caidreamh seachtrach agus le tíortha a aistriú ó iarscríbhinn amháin chuig iarscríbhinn eile de réir mar is iomchuí;

a áirithiú, i gcomhréir le hAirteagal 77(2)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go gcinneann an Rialachán go hiomlán an mbeidh saoránach tríú tír nó tríú críoch faoi réir an cheanglais víosa nó an mbeidh sé díolmhaithe uaidh.

Féadfaidh an Coimisiún togra eile lena leasófar Rialachán 539/2001 a thíolacadh ag an nóiméad cuí d'fhonn na torthaí a d'fhéadfadh a bheith ar na hidirphléití leanúnacha víosa leis an Albáin agus leis an mBoisnia-Heirseagaivéin a lánpháirtiú .

2. Eilimintí an togra

I gcomhréir leis an gcur chuige a glacadh i bhfianaise athruithe níos luaithe ar Rialachán (CE) Uimh. 539/2001, chun críocha an athbhreithnithe thréimhsiúil, cheistigh an Coimisiún na Ballstát chun a sheiceáil an raibh na hiarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán mar atá, fós ag teacht leis na critéir arna gcinneadh ag an Rialachán. Ní dhearna na Ballstáit aon mholadh maidir le tríú tíortha nó tríú críocha a aistriú ón liosta dearfach chuig an liosta diúltach. Ní bhfuair an Coimisiún moltaí ach maidir le haistrithe ón liosta diúltach chuig an liosta dearfach (an Téaváin, an Tríonóid agus Tobága, Saint Lucia, San Uinseann agus na Greanáidíní, an Bheilís, Doiminice, Greanáda, Oileáin Marshall, an Mhicrinéis agus Palau). Rinneadh anailís ar an bhfaisnéis seo a tharchuir na Ballstáit (fuair an Coimisiún 25 freagra), mar aon le faisnéis eile agus staidreamh a soláthraíodh faoin Lárionad um Fhaisnéis, um Plé agus um Malartú maidir le Trasnú Teorainneacha agus maidir le hInimirce (CIREFI). Ar bhonn na hanailíse, seo a leanas conclúidí an Choimisiúin.

2.1. An Téaváin a aistriú chuig an liosta dearfach

Tá ioncam ard per captia sa Téaváin (US$ 30,100) agus cobhsaíocht pholaitiúil ann freisin (reachtáladh an ceathrú toghchán Uachtaránachta díreach i Márta 2008 ó cuireadh deireadh le dlí airm i 1987). In ainneoin nach n-aithníonn an AE an Téaváin mar stát ceannasach agus nach bhfuil aon chaidreamh taidhleoireachta ná foirmiúil aige leis an Téaváin, tá teagmháil rialta agus comhar forbartha ag an AE le húdaráis na Téaváine i dtaobh saincheisteanna a bhaineann le heacnamaíocht, le trádáil, le taighde, le heolaíocht agus teicneolaíocht, le hoideachas agus cultúr agus leis an gcomhshaol. Dá bhrí sin, is é an AE an infheisteoir eachtrach is mó sa Téaváin.

Maidir leis na gnéithe polaitiúla de, ba chomhartha soiléir polaitiúil de thacaíocht an AE d'iarraidh na Téaváine taisteal gan víosa a dheonú ar a saoránaigh le linn an chéad athbhreithnithe eile ar an Rialachán iad na hidirphléití sna grúpaí polaitiúla ábhartha sa Chomhairle i Márta 2009. Meastar go mbeadh tionchar dearfach eacnamaíoch ar chaidreamh idir an AE agus an Téaváin ach an Téaváin a aistriú chuig an liosta dearfach toisc gur comhpháirtí mór trádála de chuid an AE an Téaváin (an 19ú comhpháirtí trádála is mó). Faoi láthair, is ceann scríbe tábhachtach é an AE do shaoránaigh ón Téaváin atá ag taisteal thar lear. Dheonaigh an Ríocht Aontaithe taisteal gan víosa ar an Téaváin i Márta 2009 agus rinne Éire an rud céanna in Iúil 2009.

Dá n-aistreofaí an Téaváin chuig an liosta dearfach, neartófaí comhleanúnachas réigiúnach toisc go bhfuil córas gan víosa deonaithe ag an AE do thíortha agus d'eintitis eile sa réigiún a bhfuil leibhéal eacnamaíoch cosúil bainte amach acu, amhail Hong Cong, Macao, an tSeapáin, an Chóiré Theas agus Singeapór.

Maidir le himirce, tá riosca an-íseal inimirce mídhleathaí ón Téaváin (45 duine in aghaidh na bliana ar an meán a d'fhan go mídhleathach le linn thréimhse 2006-2008), agus dearbhaítear sin freisin leis an ráta diúltaithe ag an teorainn (38 duine ar an meán in aghaidh na bliana le linn thréimhse 2006-2008) agus an ráta diúltaithe víosa (0.25 % in 2008). Ar an mbonn sin, níl aon bhunús le ceanglas víosa a chur ar náisiúnaithe na Téaváine a thuilleadh.

Maidir le slándáil doiciméad, ghlac an Téaváin bearta a áirithíonn ard-slándáil i dtaobh cártaí aitheantais agus tugadh isteach pas nua le déanaí atá níos sláine. Ó dheireadh 2008 ar aghaidh, tá pasanna bithmhéadracha á n-eisiúint ag an Téaváin agus tá próiseas feabhsaithe pearsanaithe i bhfeidhm maidir leis na pasanna nua sin a eisiúint

Sna freagraí ar cheistneoir an Choimisiúin maidir le hathbhreithniú rialta a dhéanamh ar an Rialachán, mhol deich mBallstát go sonrach go n-aistreofaí an Téaváin chuig an liosta dearfach.

Má dheonaítear tarscaoileadh víosa ar shaoránaigh na Téaváine, ba cheart go ndéanfadh an Téaváin amhlaidh do thíortha eile. Tá toil pholaitiúil na Téaváine curtha in iúl aici ina dtaobh sin, i.e. córas iomlán gan víosa a dheonú ar shaoránaigh uile an AE agus de réir a chéile tá an ceanglas víosa á chur ar leataobh do náisiúnaithe thromlach mór Bhallstáit an AE; tá víosa fós ag teastáil faoi láthair le haghaidh shaoránaigh na Cipire, na Rómáine agus na Bulgáire, cé go bhfuil sé curtha in iúl ag an Téaváin i litir oifigiúil go bhfuil sí tiomanta córas iomlán tarscaoilte víosa a thairiscint do náisiúnaithe na dtrí thír sin freisin le linn 2010.

2.2. Tríú tíortha nó tríú críocha a aistriú

Rinne an Coimisiún anailís ar an bhfaisnéis atá ar fáil, lena n-áirítear staidreamh CIREFI, a bailíodh faoi gach tríú tír nó tríú críoch a mhol na Ballstáit. Tugadh aird faoi leith ar leibhéal na forbartha eacnamaíche agus sóisialta sna tíortha nó sna críocha sin, ar riosca na hinimirce mídhleathaí chuig an AE a bheadh ceangailte leis sin, agus ar chaidreamh seachtrach agus ar na critéir maidir le comhleanúnachas réigiúnach iontu.

Bhain an Coimisiún de thátal as nach measfar go gcomhlíonann tríú tíortha nó tríú críocha eile nár mhol ach Ballstát amháin, nó dhá Bhallstát i gcúpla cás, iad a aistriú chuig an liosta dearfach na critéir atá leagtha síos le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ag an bpointe seo. Féadfaidh tríú tíortha eile nó tríú críocha a bheith faoi réir leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 amach anseo i bhfianaise an dul chun cinn a dhéanfaidh siad i réimsí áirithe agus i bhfianaise chomhlíonadh na gcritéar arna leagan síos leis an Rialachán.

2.3. Na hOileáin Mháirianacha Thuaidh

Tharraing na Ballstáit aird ar stádas na nOileán Máirianach Thuaidh agus mhol siad iad a bhaint ó Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001.

Is comhlathas iad na hOileáin Mháirianacha Thuaidh atá in aontas polaitiúil le Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus is é uachtarán na Stát Aontaithe ceann stáit na nOileán Máirianach Thuaidh. Tá ionadaí ag an gcríoch seo i dTeach na nIonadaithe sna Stáit Aontaithe. Go ginearálta, tá feidhm ag dlí feidearálach na Stát Aontaithe i leith na tíre sin. Tá stádas cosúil le stádas Guam nó Phórtó Ríce ag na hOileáin Mháirianacha Thuaidh. Tá pasanna Stáit Aontaithe Mheiriceá ag saoránaigh na nOileán.

Ag éirí as an bhfaisnéis thuas, ba cheart an tagairt do na hOileáin Mháirianacha Thuaidh a scriosadh ó Iarscríbhinn I. Mar thoradh air sin, beidh cead ag saoránaigh na nOileán Máirianach Thuaidh, mar náisiúnaithe de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá, taisteal gan víosa.

3. Príomheagraíochtaí/príomhshaineolaithe a ndeachthas i gcomhairle leo

Chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit.

4. Measúnú iarmharta

Níl aon ghá leis.

5. Bunús dlí

I bhfianaise an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFEA), forbairt ar an gcomhbheartas víosa atá sa togra seo i gcomhréir le hAirteagal 77(2)(a) den CFAE.

6. Prionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta:

Liostaítear i Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 na tríú tíortha agus na tríú críocha a gcaithfidh a náisiúnaithe víosaí a bheith acu agus iad ag dul thar theorainneacha seachtracha (an liosta diúltach) agus na tríú tíortha agus na tríú críocha a bhfuil a náisiúnaithe díolmhaithe ón gceanglas sin (an liosta dearfach).

Maidir leis an gcinneadh na liostaí a athrú, tíortha a aistriú ón liosta diúltach chuig an liosta dearfach nó a mhalairt, is laistigh d'inniúlacht eisiach an AE a thagann sé sin i gcomhréir le hAirteagal 77(2)(a) den CFAE.

7. Rogha ionstraimí

Tá Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 le leasú le Rialachán.

8. Impleacht bhuiséadach

Ní bhaineann aon impleacht do bhuiséad an AE leis an leasú atá beartaithe.

2010/0192 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 lena liostaítear na tríú tíortha a gcaithfidh a náisiúnaithe víosaí a bheith acu agus iad ag dul thar theorainneacha seachtracha Ballstát agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaithe díolmhaithe ón gceanglas sin

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach[4],

Tar éis dóibh an togra a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

1. Ba cheart comhdhéanamh liostaí na dtríú tíortha agus na dtríú críocha in Iarscríbhinn I agus II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001[5] ón gComhairle a bheith ag luí leis na critéir atá leagtha síos in aithris 5 den Rialachán sin, agus ba cheart dó leanúint de bheith ag luí leo. Tríú tíortha nó tríú críocha a bhfuil athrú tagtha ar a staid maidir leis na critéir sin, ba cheart iad a aistriú ó Iarscríbhinn amháin go dtí an Iarscríbhinn eile.

2. Níl aon bhunús a thuilleadh le ceanglas víosa a chur ar shaoránaigh na Téaváine, i gcomhréir leis na critéir atá leagtha síos in aithris 5 den Rialachán, go háirithe ós rud é nach bhfuil aon riosca inimirce mídhleathaí nó beartais phoiblí don AE ag baint leis an gcríoch sin agus i bhfianaise caidrimh sheachtraigh. Dá bhrí sin, ba cheart an chríoch sin a aistriú chuig Iarscríbhinn II.

3. Ba cheart tagairt do na hOileáin Mháirianacha Thuaidh a scriosadh ó Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 toisc gur saoránaigh Stáit Aontaithe Mheiriceá iad saoránaigh na críche sin toisc gur sealbhóirí pasanna Stáit Aontaithe Mheiriceá iad, tír atá liostaithe in Iarscríbhinn II.

4. A fhad a bhaineann leis an Íoslainn agus an Iorua, is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe a tugadh i gcrích idir Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le baint an dá stát sin le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen[6], rud a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (b), de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin[7].

5. A fhad a bhaineann leis an Eilvéis, is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe a tugadh i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le baint Chónaidhm na hEilvéise le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm, agus forbairt acquis Schengen[8], rud a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (b) agus pointe (c), de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh in éineacht le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle[9].

6. A fhad a bhaineann le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail a síníodh idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le baint Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (b) agus pointe (c), de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh in éineacht le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/261/CE ón gComhairle[10].

7. Is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann an Ríocht Aontaithe páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen[11]. Dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

8. Is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann Éire páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen[12]. Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

9. Is forbairt é an Rialachán seo ar acquis Schengen, i gcomhréir leis an bPrótacal lena lánpháirtítear acquis Schengen i gcreat an Aontais Eorpaigh, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn A a ghabhann le Cinneadh 1999/435/CE ón gComhairle an 20 Bealtaine 1999 maidir le sainmhíniú ar acquis Schengen d'fhonn a chinneadh, i gcomhréir le forálacha ábhartha an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus an Chonartha ar an Aontas Eorpach, an bunús dlí le gach foráil nó cinneadh arb éard iad an acquis [13].

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 leis seo mar a leanas:

10. Leasófar Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a) scriosfar an tagairt i gCuid I do na hOileáin Mháirianacha Thuaidh;

(b) scriosfar an tagairt i gCuid II don Téaváin;

11. Cuirtear an Chuid 4 seo a leanas le hIarscríbhinn II:

"4. EINTITIS AGUS ÚDARÁIS CRÍCHE NACH bhFUIL AITHEANTA MAR STÁIT AG BALLSTÁT AMHÁIN AR A LAGHAD

An Téaváin".

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile is go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an […]

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa, Thar ceann na Comhairle,

An tUachtarán An tUachtarán

[1] IO L 81, 21.3.2001, lch. 1.

[2] Rialacháin (CE) Uimh. 2414/2001 an 7 Nollaig 2001 IO L 327, 12.12.2001, lch.1, Uimh. 453/2003 an 6 Márta 2003 L 69 13.3.2003, lch. 10, Uimh. 851/2005 an 2 Meitheamh 2005 L 141 4.6.2005, lch. 3, Uimh. 1791/2006 an 20 Samhain 2006 L 363 20.12.2006, lch. 1, Uimh. 1932/2006 an 21 Nollaig 2006 L 405 30.12.2006, lch. 23 agus Uimh. 1244/2009 an 30 Samhain 2009 L 336 18.12.2009 ón gComhairle.

[3] IO L 405, 30.12.2006, lch. 23.

[4] IO C […], […], lch. […].

[5] IO L 81, 21.03.2001, lch. 1.

[6] IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

[7] IO L 176, 10.7.1999, lch. 31.

[8] IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

[9] IO L 53, 27.2.2008, lch. 1.

[10] IO L 83, 26.3.2008, lch.3.

[11] IO L 131, 1.6.2000, lch. 43.

[12] IO L 64, 7.3.2002, lch. 20.

[13] IO L 176, 10.7.1999, lch. 1–16.