52007PC0036

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na heorpa Agus ón Gcomhairle lena leagtar amach nósanna imeachta a bhaineann le rialacha náisiúnta teicniúla áirithe a chur i bhfeidhm maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh go dleathach i mBallstát eile agus lena n-aisghairtear Cinneadh 3052/95/CE {SEC(2007) 112} {SEC(2007) 113} /* COM/2007/0036 leagan deireanach - COD 2007/0028 */


[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

An Bhruiséil 14.2.2007

COIM(2007) 36 leagan deireanach

2007/0028 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar amach nósanna imeachta a bhaineann le rialacha náisiúnta teicniúla áirithe a chur i bhfeidhm maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh go dleathach i mBallstát eile agus lena n-aisghairtear Cinneadh 3052/95/CE

(arna thíolacadh ag an gCoimisiún) {SEC(2007) 112}{SEC(2007) 113}

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. Comhthéacs an togra

2. Forais agus cuspóirí an togra

Cuid bhunúsach den Lánpháirtíocht Eorpach is ea an Margadh Inmheánach le haghaidh Earraí. Is an margadh comhtháite gan teorainneacha an tslí is fearr chun cur le hiomaíochas gheilleagar na hEorpa. Tá Margadh Inmheánach a fheidhmíonn níos fearr ina chuid ríthábhachtach den straitéis athsheolta um Poist agus Fás, chun a chur ar chumas an AE dul san iomaíocht go rathúil i ngeilleagar domhandaithe, ina bhfuil margaí móra aontaithe ag ár bpríomh-chomhpháirtithe trádála.

Gabhann le hAirteagail 28 agus 30 de Chonradh CE inter alia nach féidir le Ballstáit chinn scríbe cosc a chur ar tháirgí a bheith ar díol ina gcríocha ar táirgí iad a chuirtear ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, agus nach bhfuil faoi réir comhchuibhithe Comhphobail, mura bhfuil na srianta teicniúla a leagann an Ballstát chinn scríbe amach dlisteanach ar an mbonn atá sonraithe in Airteagal 30 de Chonradh CE, nó ar bhonn riachtanas sáraitheach a mbaineann tábhacht phoiblí leo atá aitheanta ag cásdlí na Cúirte Breithiúnais, agus mura bhfuil na srianta comhréireach. Seo “prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh”, mar a ghlaotar air, a eascraíonn as anailís ar chásdlí na Cúirte Breithiúnais (féach an breithiúnas cáiliúil "Cassis de Dijon" de 20 Feabhra 1979 agus an Teachtaireacht ón gCoimisiún ina thaobh seo a thug an Chúirt Bhreithiúnais an 20 Feabhra 1979 sa Chás 120/78 (Cassis de Dijon), IO C 256 an 3 Deireadh Fómhair 1980).

Tá roinnt fadhbanna ag cur isteach ar fheidhmiú "phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh" faoi Airteagail 28 agus 30 de Chonradh CE:

3. Easpa feasachta na ngnóthas agus na n-údarás náisiúnta i dtaobh phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh.

4. An mhíchinnteacht dlí faoi scóip an phrionsabail agus faoin dualgas cruthúnais. Sa chéad áit, ní bhíonn sé soiléir go minic cé na haicmí táirgí lena mbaineann an t-aitheantas frithpháirteach.

5. Is an baol do ghnóthais ná nach mbeidh rochtain ag a gcuid táirgí ar mhargadh an Bhallstáit chinn scríbe.

6. Easpa comhráite rialta idir na húdaráis inniúla i mBallstáit dhifriúla.

Ina Theachtaireacht don Chomhairle, do Pharlaimint na hEorpa, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún maidir leis an Straitéis um an Margadh Inmheánach le haghaidh 2003-2006 [COM(2003)238], rinne an Coimisiún cur síos ar roinnt de na fadhbanna a bhaineann le feidhmiú "phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh" sa limistéar neamh-chomhchuibhithe earraí, agus thug sé le fios go ndéanfaí scrúdú ardhréachtadh ionstraime nua reachtaí a chun a chinntiú go mbeadh saorghluaiseacht earraí ann laistigh den Chomhphobal Eorpach.

Tá an togra seo ar cheann de na codanna den Straitéis um an Margadh Inmheánach le haghaidh 2003-2006 is féidir a chur i bhfeidhm. Is an cuspóir atá leis ná cearta agus oibleagáidí na n-údarás náisiúnta, ar thaobh amháin, agus na ngnóthas ar mian leo táirgí a dhíol i mBallstát a chuirtear ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, ar an dtaobh eile, a shonrú, nuair atá sé ar intinn ag na húdaráis inniúla srianadh a chur ar dhíol an táirge, de réir rialacha náisiúnta teicniúla. Go háirithe, díríonn an togra ar dhualgas an chruthúnais, ag leagan amach na riachtanais, maidir le nósanna imeachta, atá de dhíth chun aitheantas frithpháirteach a dhiúltú. Chomh maith leis sin, tá sé mar aidhm ag an togra an baol do ghnóthais nach mbeidh rochtain ag a gcuid táirgí ar mhargadh an Bhallstáit chinn scríbe a laghdú; agus cur leis na comhráite rialta idir na húdaráis inniúla, trí "Phointe Teagmhála do Tháirge", nó roinnt acu, a bhunú i ngach Ballstát. Is an tasc is mó a bheidh acu ná faisnéis a sholáthar, do ghnóthais agus d’údaráis inniúla i mBallstáit eile, faoi rialacha teicniúla a bhaineann le táirgí, chomh maith le sonraí teagmhála na n-údarás céanna a chur ar fáil. Cuirfidh sé sin ar chumas na n-údarás poiblí a gcomhleacaithe i mBallstáit eile a aithint, i dtreo is go mbeidh siad ábalta faisnéis a fháil go héasca ó na húdaráis inniúla i mBallstáit eile, chomh maith le dul i mbun comhrá leo.

- Comhthéacs ginearálta

Tugann foinsí éagsúla faisnéise in éineacht lena chéile (gearáin agus cásanna um sháruithe faoi Airteagal 226 de ChonradhCE, fógraí de réir Threoir 98/34/CE, suirbhéanna, cás-staidéir, athbhreithniú ar litríocht agus na comhairliúcháin le páirtithe leasmhara) le fios go bhfuil go leor fadhbanna fós ag baint le feidhmiú "phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh", go háirithe maidir le táirgí atá casta go teicniúil nó táirgí a bhféadfadh fadhbanna sábháilteachta nó sláinte a bheith ag baint leo. Tá teachtaireachtaí léirmhínithe foilsithe cheana féin ag an gCoimisiún, ina leagtar amach conas is ceart go n-oibreodh an t-aitheantas frithpháirteach. D’eagraigh sé comhdhálacha agus seimineáir agus comhráite comhstádais freisin, chun feasacht na ngnóthas agus na n-údarás náisiúnta a mhéadú. Tá sé an-deacair teagmháil a dhéanamh le gnóthais trí na cruinnithe seo, ámh, go háirithe nuair a dhéantar iad a eagrú trasna earnálacha difriúla tionsclaíocha.

Cé gur éirigh leis an mbeartas reatha an t-uafás bacainní teicniúla a dhíothú, gan bhearta comhchuibhithe ag leibhéal an CE, thug páirtithe leasmhara le tuiscint go bhfuil an beartas reatha dulta chomh fada agus is féidir leis, nó go bhfuil sé tagtha chun lánstad. Chomh maith leis sin, tá feidhmiú phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh ar an gclár oibre polaitiúil le fada. Chuir an Chomhairle um Margadh Inmheánach i mí Mhárta 1998 béim ar an gá atá le haird pholaitiúil a thabhairt d’fheidhmiú éifeachtach an chomhaitheantais. Chuir sí béim freisin ar fhreagracht díreach na mBallstát maidir leis seo. Thug an Chomhairle tacaíocht don Choimisiún trí ghlacadh le Rún ón gComhairle maidir leis an aitheantas frithpháirteach an 28 Deireadh Fómhair 1999.

Dar le "tuarascáil Kok", tá raon de rialacha áitiúla ag cur isteach fós ar shaorghluaiseacht earraí laistigh den AE, rialacha a chuirtear i bhfeidhm go dírialta agus a bhíonn glan in aghaidh phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh go minic. Molann an tuarascáil nár chóir glacadh níos mó le bacainní dá leithéid, agus gur chóir go mbeadh sé ar bharr an liosta pholaitiúil ag an gCoimisiún deireadh a chur leis na bacainní seo.

Deimhníonn na torthaí a tháinig ón gceadú pobail faoi thodhchaí an Mhargaidh Inmheánaigh, a sheol an Coimisiún i mí Aibreáin 2006 [SEC(2006)1215 an 20.09.2006], go bhfuil rialacha náisiúnta teicniúla fós ina mbacainní tábhachtacha maidir le saorthrádáil laistigh den AE. Áitíonn freagróirí go bhfuil rialacha náisiúnta teicniúla fós ag cruthú bacainní móra maidir le saorghluaiseacht earraí laistigh den AE, agus go gcruthaíonn sé seo srianta agus trialacha breise riaracháin.

- Forálacha reatha i limistéar an togra

Níl forálacha reatha ar bith ann i limistéar an togra.

- Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile an Aontais

Neamh-infheidhme.

7. Comhairliúchán le páirtithe leasmhara agus measúnú IARMHARTA

8. Comhairliúchán le páirtithe leasmhara

Modhanna comhairliúcháin, na príomhearnálacha a sonraíodh agus próifíl ghinearálta na bhfreagróirí

Ba cuspóir an chomhairliúcháin le páirtithe leasmhara, via suíomh Idirlín an Choimisiúin "Do Ghuth san Eoraip", ná meon na mBallstát, gnólachtaí agus eagraíochtaí tomhaltóirí a fháil amach maidir le roghanna féideartha chun feabhas a chur ar fheidhmiú an aitheantais fhrithpháirtigh i limistéar na dtáirgí. Fuarthas 135 freagra - gnáthlíon na bhfreagraí le haghaidh comhairliúcháin faoi cheist theicniúil, de réir dealraimh.

Próifíl na bhfreagróirí: eagraíochtaí ionadaíochta (22.7%), gnóthais (19.7%), comhlachtaí poiblí (13.6%) agus tomhaltóirí (31.1%).

Achoimre de na freagairtí agus conas mar a cuireadh san áireamh iad

De réir na bhfreagraí a fuarthas i ndiaidh an chomhairliúcháin le páirtithe leasmhara, via suíomh Idirlín an Choimisiúin "Do Ghuth san Eoraip", ba chóir don Choimisiún a thuilleadh a dhéanamh, inter alia, chun feabhas a chur ar fheidhmiú an chomhaitheantais sa limistéar neamh-chomhchuibhithe. Ceapann thart ar 60% de na feagróirí go dteastaíonn ionstraim reachtach, agus thart ar 33% nach dteastaíonn.

Baineadh úsáid as na freagairtí chun na roghanna beartais sa mheasúnú iarmhartaa roghnú.

Cuireadh comhairliúchán oscailte ar siúl ar an idirlíon ó 17/02/2004 go dtí 30/04/2004. Fuair an Coimisiún 135 freagairt. Tá na torthaí ar fáil ar http://europa.eu.int/yourvoice/consultations.

- Bailiú agus úsáid saineolais

2Ní raibh aon ghá le saineolas seachtrach.

- Measúnú iarmharta

- Rogha 1: Status quo, i.e. an beartas reatha a choimeád i bhfeidhm;

- Rogha 2: cur chuige neamhrialúcháin - an beartas reatha a chomhlánú le bearta breise: suíomh sainiúil gréasáin a chruthú le liosta táirgí lena mbaineann an t-aitheantas frithpháirteach; go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit scagadh ginearálta ar na rialacha náisiúnta teicniúla go léir a bhaineann le sainchatagóir táirgí, agus go n-ainmneofaí na húdaráis náisiúnta atá freagrach as na rialacha seo; go n-áireofaí go córasach an téacs deiridh de gach riail teicniúil fógartha de réir Threoir 98/34/CE sa bhonnachar sonraí TRIS; go n-eagrófaí comhdhálacha agus seimineáir sna Ballstáit, agus iad dírithe ar ghnóthais agus ar údaráis inniúla; foilseacháin ar leith a mhíníonn an t-aitheantas frithpháirteach le haghaidh aicmí táirgí ar leith, “clásail aitheantais fhrithpháirtigh” níos mionsonraithe, agus comhoibriú riaracháin trí na coistí reatha a bunaíodh faoi reachtaíocht thánaisteach CE.

- Rogha 3: an cur chuige rialúcháin, i.e. glacadh le rialachán a dhéanann an t-aitheantas frithpháirteach a eagrú sa limistéar neamh-chomhchuibhithe táirgí, agus a bhunaíonn “Pointí Teagmhála do Tháirge”. Laistigh de scóip an rialacháin bheadh liosta de tháirgí, nó de ghnéithe de tháirgí, a mbaineann an t-aitheantas frithpháirteach leo. Shonródh sé cearta agus oibleagáidí na n-údarás náisiúnta, ar thaobh amháin, agus, ar an taobh eile, na ngnóthas a dteastaíonn uathu táirgí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát amháin cheana féin a dhíol i mBallstát eile, nuair atá sé ar intinn ag na húdaráis inniúla bearta sriantacha a ghlacadh i dtaca leis an táirge, de réir rialacha náisiúnta teicniúla. Is an cúram a bheadh ag an/na "Pointe/Pointí Teagmhála do Tháirge" i ngach Ballstát ná faisnéis a sholáthar, do ghnóthais agus d’údaráis inniúla i mBallstáit eile, faoi na rialacha teicniúla a bhaineann le táirgí, chomh maith le sonraí teagmhála na n-údarás céanna a chur ar fáil.

- Rogha 4: rialachán in éineacht le bearta neamh-reachtacha: Tá rogha 4 bunaithe ar an rialachán atá leagtha amach faoi rogha 3, le haon difríocht mhór amháin: in ionad liosta de tháirgí nó ghnéithe de tháirgí, a mbaineann an t-aitheantas frithpháirteach leo, a áireamh mar chuid de scóip an rialacháin, cruthaíonn rogha 4 suíomh gréasáin ar a bhfuil liosta de tháirgí a mbaineann an t-aitheantas frithpháirteach leo, mar atá leagtha amach faoi rogha 2.

Rinne an Coimisiún measúnú iarmharta atá liostaithe sa Chlár Oibre, a bhfuil a thuarascáil ar fáil ag http://ec.europa.eu/enterprise/regulation/goods/mutrec_en.htm.

9. Eilimintí dlíthiúla an togra

10. Achoimre ar an ngníomh atá molta

Tugann an togra faoi dhá rud a bhaineann le saorghluaiseacht earraí sa limistéar neamh-chomhchuibhithe a chinntiú: leagann sé amach an nós imeachta a mbeidh ar údaráis náisiúnta a leanúint, nuair a tá sé ar intinn acu riail náisiúnta teicniúil a chur i bhfeidhm (i.e. i gcásanna nuair nach bhfuil an t-aitheantas frithpháirteach á chur i bhfeidhm ar chúis ar bith). Déanann an togra foráil freisin le haghaidh Pointe Teagmhála do Tháirge, nó do roinnt acu, a bhunú i ngach Ballstát, arb an cúram is mó a bheidh aige/acu ná faisnéis a sholáthar faoi na rialacha ábhartha teicniúla, nó na daoine ar suim leo a atreorú go dtí na húdaráis/eagraíochtaí inniúla.

Ar ghlacadh leis an togra, caithfear Cinneadh 3052/95/CE ón gComhairle, lena mbunaítear nós imeachta maidir le malartú faisnéise i dtaca le bearta náisiúnta de mhaolú ar phrionsabal na saorghluaiseachta earraílaistigh den Chomhphobal (IO L 321, 30.12.1995, lch. 1.), a aisghairm.

- Bunús dlí

Airteagail 37 agus 95 CE.

- Prionsabal na coimhdeachta

Baineann prionsabal na coimhdeachta le hábhar sa mhéid is nach dtagann an togra faoi bhráid an Chomhphobail go heisiach.

Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a bhaint amach a dhóthain ar an gcúis/ na cúiseanna seo a leanas.

Ní féidir leis na Ballstáit na bacainní teicniúla maidir le saorghluaiseacht earraí idir Bhallstáit a dhíchur go leordhóthanach; de bharr scála an ghnímh, is fearr seo a dhéanamh ag leibhéal an Chomhphobail. Tá sé riachtanach nósanna imeachta a bhunú i dtreo is gur lú an seans a bheidh ann go gcruthóidh rialacha náisiúnta teicniúla bacainní mídhleathacha maidir le saorghluaiseacht earraí idir Bhallstáit. Cheal nósanna imeachta dá leithéid i mBallstáit, cruthaítear bacainní breise maidir le saorghluaiseacht earraí, de bhrí go n-iompaíonn sé gnóthais i gcoinne táirgí a chur ar an margadh sa Bhallstát atá ag leagan amach na rialacha teicniúla, cé go bhfuil na táirgí ar an margadh go dleathach i mBallstát eile. Tá sé léirithe i suirbhéanna go ndéanann go leor gnóthas, go háirithe gnóthais bheaga agus mheánmhéide (SME), a gcuid táirgí a chomhoiriúnú, chun cloí le rialacha teicniúla an Bhallstáit sprice, nó go staonann siad ó na táirgí a dhíol sa Bhallstát sin. Chomh maith leis sin níl nósanna imeachta oiriúnacha ag údaráis náisiúnta chun a gcuid rialacha teicniúla a chur i bhfeidhm maidir le táirgí ar leith atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile. Laghdaíonn an easpa nósanna imeachta sin a gcumas measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht táirgí de réir an Chonartha.

Is beag Ballstát a fhorálann do nósanna imeachta a íoslaghdaíonn an seans go gcruthóidhrialacha náisiúnta teicniúla bacainní mídhleathacha maidir le saorghluaiseacht earraí idir Bhallstáit. De bhrí go mbaineann na bacainní seo, ar an gcéad dul síos, le táirgí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, níor ghá gur do leas na mBallstát nósanna imeachta dá leithéid a chur ar fáil.

Déanfaidh gníomhaíocht Chomhphobail cuspóirí an togra a bhaint amach níos fearr ar an gcúis / na cúiseanna seo a leanas.

Léiríonn tuairimí na bpáirtithe leasmhara, agus an t-athbhreithniú ar an scéal sna Ballstáit, nach féidir leis na Ballstáit na bacainní teicniúla maidir le saorghluaiseacht earraí a dhíchur go leordhóthanach, agus nach féidir ach le gníomhaíocht Chomhphobail feabhas a chur ar shaorghluaiseacht earraí . Urramaíonn an togra seo prionsabal na coimhdeachta, de bhrí – má chuirtear i bhfeidhm i gceart – gur féidir saorghluaiseacht earraí a bhaint amach gan a thuilleadh comhchuibhithe a dhéanamh ar rialacha náisiúnta teicniúla.

Tá éiginnteacht dhlíthiúil sna Ballstáit maidir le feidhmiú phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, a fhágann nach féidir a bheith cinnte roimh ré conas a chuirfear an prionsabal agus na rialacha náisiúnta teicniúla i bhfeidhm. Leagann sé seo costais ar ghnóthais agus ar an tsochaí, agus d’fhéadfadh sé laghdú a dhéanamh ar an trádáil laistigh den AE, trí chosc a chur ar ghnóthais ó dhul isteach i margadh Ballstáit eile. Táscaire cáilíochtúil, a thaispeánann gur féidir leis an Aontas na cuspóirí a bhaint amach níos fearr, ná: creat ginearálta le haghaidh rialacha náisiúnta teicniúla a chur i bhfeidhm, a ligeann do na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann na cúiseanna go bhfuil riail náisiúnta theicniúil á cur i bhfeidhm maidir le táirge dá gcuid a réamhfheiceáil agus a thuiscint.

Sainíonn an togra, le haghaidh an AE go léir, cearta agus oibleagáidí na n-údarás náisiúnta, ar thaobh amháin, agus na ngnóthas a dteastaíonn uathu a dtáirge atá ar an margadh go dleathach cheana féin a dhíol i mBallstát eile, ar an dtaobh eile. Go háirithe, díríonn an togra ar dhualgas an chruthúnais, ag leagan amach na riachtanas, maidir le nósanna imeachta, atá de dhíth chun aitheantas frithpháirteach a dhiúltú. Léiríonn an measúnú iarmharta go bhfuil laige éigin sa tslí a fheidhmíonn saorghluaiseacht earraí, sa limistéar atá clúdaithe ag an togra, nach féidir a leigheas gan gníomh reachtach ón gComhphobal.

Cloíonn an togra dá bhrí sin le prionsabal na coimhdeachta.

- Prionsabal na comhréireachta

Cloíonn an togra le prionsabal na comhréireachta ar an gcúis / na cúiseanna seo a leanas.

Ní bhaineann scóip an togra ach le cásanna ina bhféadfadh bacainní teicniúla a bheith i gceist agus ina mbíonn siad i gceist; agus ní bhaineann sé leis na limistéir ina bhfuil an tsaorghluaiseacht ag feidhmiú go maith agus nach bhfuil bacainní ar bith de bharr rialach náisiúnta teicniúla iontu.

Níl sa togra ach na forálacha is riachtanaí chun a chuspóir a bhaint amach.

De bhrí gurb í an tsaorghluaiseacht earraí idir Bhallstáit an prionsabal ginearálta, agus gur chearteisceachtaí a léiriú go cúng, coimeádadh an t-ualach airgeadais agus riaracháin chomh héadrom agus ab fhéidir, trína chinntiú nach mbaineann scóip an togra ach le cásanna ina bhféadfadh bacainní teicniúla a bheith i gceist agus ina mbíonn siad i gceist. Ní bheidh an togra i bhfeidhm nuair atá an tsaorghluaiseacht ag feidhmiú go maith agus nuair nach bhfuil bacainn ar bith ann de bharr rialach náisiúnta teicniúla.

- Rogha ionstraimí

Ionstraimí molta: rialachán.

Níor leor slite eile ar an gcúis / na cúiseanna seo a leanas.

Roghnaíodh foirm an Rialacháin mar ionstraim reachtach maidir leis na bearta a bhí i gceist, mar ní bheadh aon mhodh eile leordhóthanach. De réir cosúlachta is an Rialachán an ionstraim is oiriúnaí chun an cuspóir a bhaint amach. Tá na riachtanaismaidir le nósanna imeachta atá leagtha amach sa togra seo chomh beacht sin gur féidir iad a chur i bhfeidhm gan mhoill sa dlí náisiúnta.

11. Impleacht b HUISÉADACH

Cé nach bhfuil impleachtaí buiséadacha ar bith ag an togra, éileoidh cur i bhfeidhm an rialacháin, go mbunófar liosta de tháirgí nó de ghnéithe de tháirgí, a mbaineann an t-aitheantas frithpháirteach leoagus go gcruthófar suíomh gréasáin a chruthú, ar a mbeidh liosta de tháirgí a mbaineann an t-aitheantas frithpháirteach leo. Baineann impleachtaí buiséadacha, atá leagtha amach sa ráiteas airgeadais reachtach, le bunú an liosta agus le cruthú an tsuímh gréasáin.

12. Faisnéis bhreise

13. Aisghairm reachtaíochta atá ann cheana

Má ghlactar leis an togra, déanfar reachtaíocht reatha a aisghairm.

- Clásal athbhreithnithe/leasaithe/luí gréine

Tá clásal athbhreithnithe sa togra.

- An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch

Baineann an ionstraim atá molta leis an LEE agus ba chóir dá bhrí sin go leathnófaí í go dtí an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

Mionmhíniú ar an togra

Sainíonn Airteagail 2 agus 3 scóip an togra, a bhaineann go bunúsach le cinntí sriantacha a dhéantar maidir le táirge déanta go tionsclaíoch nó táirge talmhaíochta ar bith, táirgí éisc san áireamh, atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, mar gheall ar riail theicniúil nach bhfuil faoi réir an chomhchuibhithe ag leibhéal an Chomhphobail, nuair a fhágann an cinneadh sin, go díreach nó go hindíreach, nach féidir an táirge a chur ar an margadh san fhoirm ina bhfuil sé.

Is iad Airteagail 4, 5 agus 6 croílár an togra, agus leagann siad amach na riachtanais íosta atá le comhlíonadh ag na húdaráis náisiúnta sula gcuirtear riail náisiúnta theicniúil i bhfeidhm (i.e. nuair nach gcuirtear an t-aitheantas frithpháirteach i bhfeidhm, ar chúis éigin) i gcás ar leith. Leagtar dualgas an chruthúnais ar an údarás náisiúnta a bhfuil sé ar intinn aige riail theicniúil a chur i bhfeidhm a chuireann srianta ar rochtain an táirge ar an margadh náisiúnta.

Sainíonn Airteagail 7 agus 8 na tascanna atá le déanamh ag na Pointí Teagmhála do Tháirge. Is an tasc is mó atá acu ná faisnéis a sholáthar, do ghnóthais agus d’údaráis inniúla de chuid Ballstát eile, faoi rialacha teicniúla.

Tá foráil in Airteagal 9 do líonra teileamaitice a bhunú, de réir Chinneadh 2004/387/CE faoi ríomhsheirbhísí Rialtais uile-Eorpacha comh-inoibritheacha a chur ar fáil do chórais riaracháin phoiblí,ghnóthais agus shaoránaigh (IDABC).

Tá scéim thuairiscithe leagtha amach in Airteagal 10.

2007/0028 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁ IN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar amach nósanna imeachta a bhaineann le rialacha náisiúnta teicniúla áirithe a chur i bhfeidhm maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh go dleathach i mBallstát eile agus lena n-aisghairtear Cinneadh 3052/95/CE

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 37 agus 95 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún[1],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[2],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[3],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh[4],

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Is atá sa mhargadh inmheánach ná limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina n-áirithítear saorghluaiseacht earraí faoin gConradh, lena gcuirtear toirmeasc ar bhearta a bhfuil éifeacht acu atá comhionann le srianta cainníochtúla ar allmhairithe. Clúdaíonn an toirmeasc sin beart náisiúnta ar bith a d'fhéadfadh, go díreach nó go hindíreach, bacainn a chur go hiarbhír nó go féideartha, ar thrádáil earraílaistigh den Chomhphobal.

(2) D’fhéadfadh na húdaráis náisiúnta constaicí a chruthú, go neamhdhleathach, maidir le saorghluaiseacht earraí idir Bhallstáit, cheal comhchuibhithe reachtaíochta, de dhroim rialacha teicniúla a chur i bhfeidhm maidir le hearraí a thagann ó Bhallstáit eile, a bhfuil siad ar am margadh iontu go dleathach, ar rialacha teicniúla iad lena leagtar síos riachtanais a bheidh le comhlíonadh ag na hearraí sin, amhail rialachaa bhaineann le hainmniú, foirm, méid, meáchan, comhdhéanamh, cur i láthair, lipéadú agus pacáistiú. D’fhéadfadh sé a bheith contrártha le hAirteagail 28 agus 30 de Chonradh CE rialacha teicniúla den sórt sin a chur i bhfeidhm maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, fiú má bhaineann na rialacha náisiúnta sin le gach táirge, gan idirdhealú.

(3) Tá sé riachtanach nósanna imeachta a leagan amach i dtreo is gur lú an seans a bheidh ann go gcruthóidh rialacha náisiúnta teicniúla den sórt sin constaicí neamhdhleathacha maidir le saorghluaiseacht earraí idir Bhallstáit. Cheal nósanna imeachta den sórt sin i mBallstáit, cruthaítear constaicí breise maidir le saorghluaiseacht earraí, de bhrí go n-iompaíonn sé gnóthais i gcoinne táirgí a chur ar an margadh sa Bhallstát atá ag leagan amach na rialacha teicniúla, cé go bhfuil na táirgí ar an margadh go dleathach i mBallstát eile. Tá sé léirithe ag suirbhéanna go ndéanann go leor gnóthas, go háirithe gnóthais bheaga agus mheánmhéide (GBM), a gcuid táirgí a chomhoiriúnú, chun cloí le rialacha teicniúla an Bhallstáit chinn scríbe, nó go n-éiríonn siad as na táirgí a dhíol sa Bhallstát sin.

(4) Chomh maith leis sin níl nósanna imeachta oiriúnacha ag údaráis náisiúnta chun a gcuid rialacha teicniúla a chur i bhfeidhm maidir le táirgí ar leith atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile. Laghdaíonn an easpa nósanna imeachta sin a gcumas measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht táirgí de réir an Chonartha.

(5) Thug an Chomhairle dá haire i Rún ón gComhairle an 28 Deireadh Fómhair 1999 maidir le haitheantas frithpháirteach[5] nach mbaineann oibreoirí eacnamaíocha agus saoránaigh an úsáid iomlán cheart i gcónaí as prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, toisc nach bhfuil go leor faisnéise acu i dtaobh an phrionsabail ná a chuid iarmhairtí oibriúcháin. D’iarr an Chomhairle ar na Ballstáit bearta oiriúnacha a fhorbairt chun creat éifeachtach le haghaidh an aitheantais fhrithpháirtigh a sholáthar d’oibreoirí eacnamaíocha agus do shaoránaigh, inter alia trí dhéileáil go héifeachtach le hiarratais ó oibreoirí eacnamaíocha agus ó shaoránaigh, agus trí na hiarratais sin a fhreagairt go tapa.

(6) Chuir Comhairle Eorpach an 15 agus 16 Iúil 2006 béim ar an tábhacht atá le timpeallacht rialúcháin atá simplí, trédhearcach agus éascalecuribhfeidhm, agus le muinín an tomhaltóra agus an lucht gnó as an margadh inmheánach, a neartú.

(7) Chun go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach le haghaidh earraí go maith, teastaíonn modhanna leormhaithe agus trédhearcacha chun réiteach a fháil ar na fadhbanna a thagann de bharr a bheith ag cur rialacha náisiúnta teicniúla i bhfeidhm, maidir le táirgí ar leith atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile.

(8) Níl sé oiriúnach, i bhfianaise phrionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta, na rialacha náisiúnta teicniúla go léir a chomhchuibhiú, maidir le formhór na n-aicmí táirgí, nó maidir leo go léir.

(9) Sonraíonn Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí[6] nach féidir ach táirgí sábháilte a chur ar an margadh. Tugann sé teideal do na húdaráis táirge contúirteach ar bith a thoirmeasc láithreach, nó táirge a d'fhéadfadh a bheith contúirteach a thoirmeasc go sealadach, ar feadh na tréimhse is gá le haghaidh na measúnuithe sábháilteachta, na seiceálacha agus na srianta éagsúla. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, nach mbeadh éifeacht ag an Rialachán seo maidir le bearta a chuireann na húdaráis náisiúnta i gcrích, de réir dlíthe náisiúnta lena gcuirtear Treoir 2001/95/CE i bhfeidhm.

(10) Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 ag leagan síos phrionsabail agus cheanglais ghinearálta dhlí an bhia, ag bunú Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus ag leagan síos nósanna imeachta i dtaca le sábháilteacht bia[7] bunaíonn sé inter alia córas rabhaidh luaith chun baol díreach nó indíreach do shláinte an duine, a thagann ó bhia nó ó bheathú, a fhógairt. Cuireann sé iallach ar na Ballstáit a fhógairt don Choimisiún láithreach, faoin gcóras rabhaidh luaith, má ghlacann siad le beart ar bith, a dteastaíonn gníomh tapa uime, agus a bhfuil d'aidhm aigebia nó beathú a choinneáil ón margadh, nó a aistarraingt ón margadh, a aisghairm d’fhonn sláinte an duine a chosaint. Ba chóir, dá bhrí sin, bearta a ghlacann na húdaráis náisiúnta de bhun Airteagal 50(3)(a) de Rialachán (CE) Uimh 178/2002 a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.

(11) Maidir le Rialachán (CE) Uimh 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004, maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh dlí beatha agus bia, rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe a áirithiú [8] leagann an Rialachán amach rialacha ginearálta maidir le srianta oifigiúla a chur i bhfeidhm chun comhlíonadh rialacha a fhíorú is rialacha a dhéanann iarracht go háirithe priacail, cibé acu díreach nó tríd an timpeallacht, do dhaoine agus d’ainmhithe a chosc, a dhíothú nó a laghdú go dtí leibhéal inghlactha; agus trí chleachtais chóir a ráthú sa trádáil beatha agus bia, chomh maith le leas tomhaltóirí a chosaint, lena n-áirítear lipéadú beatha agus bia , agus cineálacha eile faisnéise le haghaidh tomhaltóirí. Leagann sé síos nós imeachta ar leith d’fhonn a áirithiú, i gcás neamhchomhlíonta, go gcuireann an t-oibreoir eacnamaíoch cúrsaí ina gceart. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, bearta a ghlacann na húdaráis náisiúnta de bhun Airteagal 54 de Rialachán (CE) Uimh 882/2004 a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.

(12) Maidir le Treoir 2004/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004, faoi shábháilteacht ar iarnróid an Chomhphobail, a leasaíonn Treoir 95/18/CE ón gComhairle faoi ghnóthais iarnróid a cheadúnú, agus Treoir 2001/14/CE maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a leithroinnt agus muirir ar úsáid bonneagair agus deimhniúcháin sábháilteachta a ghearradh (Treoir um Shábháilteacht Iarnróid)[9] forálann sí do nós imeachta i gcomhair údaraithe le haghaidh rothra atá ann cheana a chur in úsáid, ag fágáil scóipe le haghaidh rialacha náisiúnta áirithe a chur i bhfeidhm. Ba chóir, dá bhrí sin, go ndéanfaí bearta a ghlacann na húdaráis náisiúnta de bhun Airteagal 14 den Treoir sin a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.

(13) Maidir le Treoir 96/48/CE ón gComhairle an 23 Iúil 1996 faoi idirinoibritheacht an chórais iarnróid ardluais uile Eorpaigh[10] agus Treoir 2001/16/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2001 faoi idirinoibritheacht an gnáthchórais iarnróid uile Eorpaigh[11] forálann siad le haghaidh córais agus oibríochtaí a chomhchuibhiú de réir a chéile, trí Shonraíochtaí Teicniúla um Fheidhmiú Comhtháite a ghlacadh go comhleanúnach. Ba chóir, dá bhrí sin, go ndéanfaí córais agus treallamh atá laistigh de scóip na dTreoracha sin a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.

(14) Is faoin údarás náisiúnta atá sé i ngach cás a thaispeáint, ó thaobh rialacha náisiúnta teicniúla a chur i bhfeidhm maidir le táirgí ar leith atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, gur eisceachtaí ceadaithe iad.

(15) Ba chóir go sonródh cinneadh náisiúnta ar bith lena mbaineann an Rialachán seo na cineálacha achomhairc atá ar fáil, ionas gur féidir le hoibreoirí eacnamaíocha cás a thabhairt os comhair na cúirte nó an bhinse fiosraithe náisiúnta inniúil.

(16) Ba chóir go ndéanfaí cinntí a dhéanann cúirteanna nó binsí fiosraithe náisiúnta maidir ledlíthiúnacht cásanna ina mbíonn táirgí, atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, coiscthe ón margadh náisiúnta de bharr cur i bhfeidhm rialach teicniúla a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.

(17) Tá sé tábhachtach, maidir leis an margadh inmheánach le haghaidh earraí, a chinntiú gur féidir teacht go héasca ar na rialacha náisiúnta teicniúla, i dtreo is gur féidir le gnóthais, agus go háirithe gnóthais bheaga agus mheánmhéide (GBM), faisnéis chruinn iontaofa a bhailiú faoin dlí atá i bhfeidhm sa Bhallstát chinn scríbe.

(18) Is gá, dá bhrí sin, prionsabail shimplithe riaracháin, inter alia, a chur i ngníomh trí chóras “Pointí Teagmhála do Tháirge” a bhunú. Ba chóir go gcinnteodh sé seo go mbíonn gnóthais ábalta faisnéis a fháil i gceart agus go trédhearcach, ionas gur féidir na moilleanna, na costais agus na héifeachtaí athchomhairleacha a chruthaíonn rialacha náisiúnta teicniúla a sheachaint.

(19) Chun saorghluaiseacht earraí a éascú, ba chóir go mbeadh Pointí Teagmhála do Tháirge ábalta faisnéis ardchaighdeáin a sholáthar faoi rialacha náisiúnta teicniúla agus faoina bhfeidhmiú. De bhrí nár chóir go gcuirfeadh bunú na bPointí Teagmhála do Tháirge isteach ar an tslí a leithdháiltear feidhmeanna ar údaráis inniúla laistigh de gach córas riaracháin náisiúnta, ba chóir go bhféadfadh líon na bPointí Teagmhála do Tháirge athrú ó Bhallstát go Ballstát de réir na n-inniúlachtaí réigiúnacha nó áitiúla.

(20) Ba chóir go mbeadh Ballstáit ábalta ról mar Phointe Teagmhála do Tháirge a thabhairt do chumainn lucht tráchtála, d'eagraíochtaí gairmiúla nó do chomhlachtaí príobháideacha, agus ní do sheirbhísí reatha laistigh den chóras riaracháin phoiblí amháin, i dtreo is nach leagfaí costais riaracháin bhreise ar ghnóthais agus ar údaráis inniúla araon.

(21) Ba chóir do na Ballstáit a chinntiú gur féidir leis na Pointí Teagmhála do Tháirge faisnéis mhionsonraithe a fháil agus a sholáthar, ar iarratas, faoi chinneadh ar bith lena mbaineann an Rialachán seo, mura gcuirfeadh soláthar na faisnéise sin isteach ar chosaint leasa tráchtála an oibreora eacnamaíoch, maoin intleachta san áireamh.

(22) Ba chóir do Bhallstáit agus don Choimisiún comhoibriú go dlúth lena chéile d’fhonn oiliúint a éascú d’fhostaithe sna Pointí Teagmhála do Tháirge, agus d’fhonn Pointí Teagmhála do Tháirge a spreagadh chun faisnéis faoi fheidhmiú na rialacha náisiúnta teicniúla a sholáthar i dteangacha eile de chuid an Chomhphobail.

(23) Toisc gur bunaíodh agus forbraíodh ríomhsheirbhís Rialtais uile-Eorpach agus na bunlíonraí teileamaitice idirinoibritheacha, ba chóir a fhiafraí ar cheart córas leictreonaice a bhunú le haghaidh malartú faisnéise idir Phointí Teagmhála do Tháirgí, de réir Chinneadh 2004/387/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 faoi ríomhsheirbhísí Rialtais uile-Eorpacha idirinoibritheacha a chur ar fáil do chórais riaracháin phoiblí, do ghnóthais agus do shaoránaigh (IDABC)[12].

(24) Ba chóir meicníochtaí iontaofa éifeachtacha monatóireachta agus meastóireachta a chruthú, d’fhonn faisnéis a sholáthar faoi fheidhmiú an Rialacháin seo.

(25) Maidir leis an scéim mhonatóireachta a bhunaigh Cinneadh 3052/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 1995, lena mbunaítear nós imeachta le haghaidh malartú faisnéise i dtaca le bearta náisiúnta de mhaolú ar phrionsabal na saorghluaiseachta earraí laistigh den Chomhphobal,[13] níor éirigh go rómhaith leis an scéim seo, sa mhéid is nach bhfuair an Coimisiún go leor faisnéise, ón tslí a cuireadh an scéim i bhfeidhm, chun na hearnálacha a aithint ina bhféadfadh an comhchuibhiú a bheith oiriúnach. Ná níor éirigh leis réiteach tapa a fháil ar fhadhbanna áirithe a bhaineann le saorghluaiseacht. Ba chóir Cinneadh 3052/95/CE a aisghairm dá bhrí sin.

(26) Ós rud nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an ghnímh a bhaint amach, eadhon na constaicí teicniúla maidir le saorghluaiseacht earraí idir Bhallstáit a dhíchur go leordhóthanach,, agus gur fearr seo a dhéanamh, de bharr scála an ghnímh, ag leibhéal an Comhphobail, d’fhéadfadh an Comhphobal bearta a chur i ngnímh, de réir phrionsabal na coimhdeachta mar atá sé leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh. De réir phrionsabal na comhréireachta, mar atá sé leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar mar is gá chun an cuspóir seo a bhaint amach,

(27) Maidir leis na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, ba chóir iad a ghlacadh de réir Threoir 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[14],

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil 1

Ábhar agus scóip

Airteagal 1

Leagann an Rialachán seo amach na rialacha agus na nósanna imeachta atá le leanúint ag na húdaráis náisiúnta nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh acu, nó nuair a bhíonn sé ar intinn acu cinneadh, dá dtagraítear in Airteagal 2(1), a dhéanamh, maidir le saorghluaiseacht táirge atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile.

Forálann sé freisin le go mbunófaí, i ngach Ballstát, Pointí Teagmhála do Tháirge chun faisnéis a sholáthar, inter alia, maidir leis na rialacha náisiúnta teicniúla atá i gceist.

Airteagal 2

1. Baineann an Rialachán seo le cinntí a dhéantar maidir le táirge a rinneadh go tionsclaíoch nó táirge talmhaíochta ar bith, táirgí éisc san áireamh, atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, bunaithe ar riail theicniúil, nuair is toradh an chinnidh sin, go díreach nó go hindíreach, ná ceann acu seo a leanas:

(a) an táirge nó cineál táirge sin a thoirmeasc;

(b) diúltú cead a thabhairt an táirge nó cineál táirge a chur ar an margadh;

(c) modhnú an táirge nó an chineáil táirge a éileamh, sula bhféadfaí a chur nó a choinneáil ar an margadh;

(d) aistarraingt an táirge nó an chineáil táirge ón margadh a éileamh.

Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír, ciallaíonn modhnú an táirge nó an chineáil táirge aon mhodhnú ar shaintréith amháin nó níos mó de chuid táirge nó cineáil táirge ar leith mar atá liostaithe i sonrú teicniúil de réir bhrí Airteagal 1(3) de Threoir 98/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[15].

2. Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn riail theicniúil dlí, rialachán nó foráil riaracháin de chuid Ballstáit, nach bhfuil faoi réir an chomhchuibhithe ag leibhéal an Comhphobail, a gcaithfear a chomhlíonadh chun táirge nó cineál táirge a chur ar an margadh nó a úsáid i gcríoch Ballstáit, agus a leagann amach ceann díobh seo a leanas:

(a) na saintréithe a chaithfidh a bheith ag an táirge nó cineál táirge sin, cosúil le leibhéil cháilíochta, feidhmíocht, sábháilteacht nó toisí, lena n-áirítear na riachtanais is infheidhme maidir leis an táirge nó cineál táirge i dtaca leis an ainm faoina ndíoltar , téarmaíocht, siombailí, tástáil agus modhanna tástála, pacáistiú, marcáil nó lipéadú agus nósanna imeachta um measúnú géilliúlachta;

(b) aon cheanglas eile a fhorchuirtear ar an táirge nó cineál táirge chun tomhaltóirí nó an timpeallacht a chosaint, agus a bhfuil éifeacht aige ar shaolré an táirge tar éis a bheith curtha ar an margadh, amhail coinníollacha úsáide, athchúrsáil, athúsáid nó diúscairt, i gcás ina bhféadfadh coinníollacha den sórt sin tionchar suntasach a imirt ar chomhdhéanamh nó nádúr an táirge nó an chineáil táirge, nó ar an margaíocht a bhaineann leis.

Airteagal 3

1. Ní bheidh aon éifeacht ag an Rialachán seo ar chinntí de chineál breithiúnach a dhéanann cúirteanna nó binsí náisiúnta.

2. Ní bheidh aon éifeacht ag an Rialachán seo i gcás bearta a ghlacfaidh údaráis náisiúnta na mBallstát de bhun:

(a) Airteagal 8(d), (e) nó (f) de Threoir 2001/95/CE;

(b) Airteagal 50(3)(a) de Rialachán (CE) Uimh 178/2002;

(c) Airteagal 54 de Rialachán (CE) Uimh 882/2004;

(d) Airteagal 14 de Threoir 2004/49/CE.

3. Ní bheidh éifeacht ag an Rialachán seo ar chórais agus trealamh a thagann faoi raon feidhme Threoir 96/48/CE agus Treoir 2001/16/CE.

Caibidil 2

Riail t heicniúil a chur i bhfeidhm

Airteagal 4

1. I gcás ina mbeartóidh údarás náisiúnta cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 2(1) a ghlacadh, cuirfidh sé fógra i scríbhinn dá réir sin chuig an oibreoir eacnamaíoch, aitheanta de réir Airteagal 5, a shonraíonn an riail theicniúil ar a mbeidh an cinneadh bunaithe, agus a leagann amach fianaise theicniúil nó eolaíoch leordhóthanachchun a thaispeáint go bhfuil call leis an gcinneadh atá molta ar cheann de na forais liostaithe in Airteagal 30 den Chonradh maidir le leas an phobail, nó faoi threoir ceanglais sháraithigh eile a bhaineann le leas an phobail, agus a thaispeánann gur cuí sin chun gnóthú an chuspóra a áirithiú, agus nach dtéann sé thar mar is gá chun an cuspóir sin a ghnóthú.

Tabharfar fiche lá oibre, ar a laghad, don oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann, tar éis dó/di an fógra sin a fháil, chun a chuid/ cuid tuairimí a thíolacadh.

2. Déanfar aon chinneadh dá dtagraítear in Airteagal 2(1), a chur in iúl don oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann, agus déarfar cén fáth go ndearnadh an cinneadh agus cén fáth nár glacadh le hargóintí ar bith a rinne an t-oibreoir.

Sonrófar freisin na leigheasanna atá ar fáil faoi na forálacha atá i bhfeidhm sa Bhallstát lena mbaineann, agus na teorainneacha ama a bhaineann leis na leigheasanna sin.

3. Nuair a shocraíonn an t-údarás náisiúnta, tar éis fógra i scríbhinn a thabhairt de réir mhír 1 den Airteagal seo, gan cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 2(1) a ghlacadh, cuirfidh sé an méid sin in iúl don oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann .

Airteagal 5

Cuirfear an fógra i scríbhinn dá dtagraítear in Airteagal 4(1) chuig an táirgeoir, de réir bhrí Airteagal 2(e) de Threoir 2001/95/CE, nuair a thugtar a chuid sonraí céannachta agus teagmhála ar phacáistiú nó lipéadú an táirge, nó sna doiciméid a bheidh ina theannta.

Cuirfear an fógra i scríbhinn chuig an dáilitheoir, de réir bhrí Airteagal 2(f) de Threoir 2001/95/CE, nuair a thugtar a chuid sonraí céannachta agus teagmhála ar phacáistiú nó lipéadú an táirge, nó sna doiciméid a bheidh ina theannta.

Nuair nach dtugtar sonraí céannachta agus teagmhála an táirgeora nó an dáilitheora ar phacáistiú nó lipéadú an táirge, nó sna doiciméid a bheidh ina theannta, cuirfear an fógra i scríbhinn chuig aon táirgeoir nó dáilitheoir eile, de réir bhrí na bhforálacha dá dtagraítear sa chéad mhír agus sa dara mír.

Airteagal 6

Is féidir agóid a dhéanamh, os comhair na gcúirteanna náisiúnta, in aghaidh aon chinnidh dá dtagraítear in Airteagal 2(1).

Caibidil 3

Pointí Teagmhála do Tháirge

Airteagal 7

1. Ainmneoidh gach Ballstát Pointe Teagmhála do Tháirge, nó roinnt acu, ina thír féin, agus tabharfaidh sé na sonraí teagmhála do na Ballstáit eile agus don Choimisiún.

2. Déanfaidh an Coimisiún liosta de na Pointí Teagmhála do Tháirgí a fhoilsiú agus a nuashonrú go rialta.

Airteagal 8

1. Cuirfidh Pointí Teagmhála do Tháirgí an fhaisnéis seo a leanas ar fáil ar iarratas:

(a) na rialacha teicniúla is infheidhme maidir le cineál ar leith táirge sna críocha náisiúnta;

(b) sonraí teagmhála na n-údarás náisiúnta, ionas gur féidir dul i dteagmháil leo díreach, lena n-áirítear sonraí na n-údarás atá freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú na rialacha teicniúla ar leith sna críocha náisiúnta;

(c) na leigheasanna atá ar fáil de ghnáth sna críocha náisiúnta, sa chás go mbíonn aighneas idir na húdaráis inniúla agus táirgeoir nó dáilitheoir;

(d) sonraí teagmhála de chuid cumann nó eagraíochtaí ar bith, seachas na húdaráis náisiúnta, ónar féidir le táirgeoirí nó dáilitheoirí cúnamh praiticiúil a fháil sna críocha náisiúnta.

2. Tabharfaidh Pointí Teagmhála do Tháirgí freagra laistigh de fiche lá oibre tar éis dóibh iarratas ar bith a fháil maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1.

3. Cuirfear an Pointe Teagmhála do Tháirge, sa Bhallstát inar chuir an táirgeoir agus an dáilitheoir lena mbaineann an táirge i gceist ar an margadh go dleathach, ar an eolas faoi fhógraí i scríbhinn agus chinntí faoi Airteagal 4, mura gcuirfeadh nochtadh na faisnéise sin isteach ar chosaint leasa tráchtála an oibreora eacnamaíoch sin, maoin intleachta san áireamh. Beidh sé de cheart ag an bPointe Teagmhála do Tháirge sin a chuid tuairimí a chur in iúl don údarás náisiúnta lena mbaineann.

Airteagal 9

Féadfaidh an Coimisiún líonra teileamaitice a bhunú, d'fhonn malartú faisnéise idir Pointí Teagmhála do Tháirgí faoin Rialachán seo a chur chun feidhme, de réir an nóis imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 11(2).

Caibidil 4

Forálacha Críochnaitheacha

Airteagal 10

1. Ar iarratas ón gCoimisiún, cuirfidh na Ballstáit grinntuarascáil chuige faoi fheidhmiú an Rialacháin seo, lena n-áirítear faisnéis mhionsonraithe faoi fhógraí i scríbhinn nó faoi chinntí ar bith a cuireadh amach de bhun Airteagal 4(1), (2) nó (3).

2. Laistigh de chúig bliana i ndiaidh an dáta atá sonraithe in Airteagal 13, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi fheidhmiú an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Airteagal 11

1. Tabharfaidh coiste d’ionadaithe ó na Ballstáit, le hionadaí ón gCoimisiún mar chathaoirleach, cúnamh don Choimisiún.

2. Nuair a dhéantar tagairt don mhír seo, beidh an nós imeachta comhairleach atá leagtha amach in Airteagal 3 de Chinneadh 1999/468/CE i bhfeidhm, i gcomhlíonadh Airteagail 7(3) agus Airteagail 8 de.

Airteagal 12

Aisghairtear Cinneadh 3052/95/CE.

Airteagal 13

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

AN RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1. AINM AN TOGRA:

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar amach nósanna imeachta a bhaineann le rialacha náisiúnta teicniúla áirithe a chur i bhfeidhm maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh go dleathach i mBallstát eile

2. CREAT “ABM/ABB”

Réimsí beartais lena mbaineann agus aon Ghníomhaíocht Gaolmhar/ Gníomhaiochtaí Gaolmhara:

ABB2 – An Margadh Inmheánach le haghaidh Earraí agus Beartas Earnála.

3. NA LÍNTE BUISÉADACHA

3.1. Na línte buiséadacha (línte oibríochtúla agus línte a bhaineann le cúnamh teicniúil agus riaracháin (na seanlínte BA) agus a gceannteidil san áireamh:

02.03.01

3.2. Fad thréimhse an ghnímh agus agus na hiarmharta airgeadais:

Leanúnach

3.3. Saintréithe buiséadacha:

Líne bhuiséadach | Saghas caiteachais | Nua | Rannpháirtíocht CSE (EFTA) | Rannpháirtíocht na dtíortha is iarrthóirí | Ceannteideal sa Pheirspictíocht Airgeadais |

02.03.01 | NÉ | LD | NÍL | TÁ | NÍL | 1a |

4. ACHOIMRE AR ACMHAINNÍ

4.1. Acmhainní airgeadais

4.1.1. Achoimre ar na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LCO) agus leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LCI)

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Saghas caiteachais | Rannán uimh. | 2007 | 2008 | 2009 | 2010 | 2011 | 2011 agus níos déanaí | Iomlán |

Caiteachas oibríochtiúil[16] |

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LCO) | 8.1. | a | 0.2 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0.2 |

Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LCI) | b | 0.1 | 0.1 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0.2 |

Caiteachas riaracháin laistigh den tsuim thagartha[17] |

Cúnamh teicniúil agus riaracháin – (LN) | 8.2.4. | c | 0 | 0.5 | 0.05 | 0.05 | 0.05 | 0.05 | 0.7 |

AN tSUIM THAGARTHA IOMLÁN |

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí | a+c | 0.2 | 0.5 | 0.05 | 0.05 | 0.05 | 0.05 | 0.9 |

Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí | b+c | 0.1 | 0.6 | 0.05 | 0.05 | 0.05 | 0.05 | 0.9 |

Caiteachas riaracháin nach n-áirítear sa tsuim thagartha[18] |

Acmhainní daonna agus caiteachas a bhaineann leo (LN) | 8.2.5. | d | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 |

Costais riaracháin amach ó acmhainní daonna agus costais a bhaineann leo, nach n-áirítear sa tsuim thagartha (LN) | 8.2.6. | e | 0.05 | 0.05 | 0.15 | 0.25 | 0.15 | 0.15 | 0.8 |

Costas táscach airgeadais iomlán na hidirghabhála |

IOMLÁN LCO agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | a+c+d+e | 0.25 | 0.55 | 0.20 | 0.30 | 0.20 | 0.20 | 1.7 |

IOMLÁN LCI agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | b+c+d+e | 0.15 | 0.65 | 0.20 | 0.30 | 0.20 | 0.20 | 1.7 |

Sonraí an Chómhaoinithe: Níl aon chómhaoiniú

4.1.2. Comhoiriúniú leis an gClárú Airgeadais

Tá an togra comhoiriúnach leis an gclárú airgeadais atá ann cheana. Maidir leis na hiarmhairtí airgeadais, gheofar an maoiniú ó shochair atá tuartha cheana don líne bhuiséadach lena mbaineann, i gclárú airgeadais oifigiúil an Choimisiún.

4.1.3. Muirear Airgeadais ar Ioncam

Níl impleacht airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam

4.2. Acmhainní daonna FTE (lena n-áirítear feidhmeannaigh, foireann shealadach agus sheachtrach) – féach ar na sonraí faoi phointe 8.2.1.

Riachtanais Bhliantúla | 2007 | 2008 | 2009 | 2010 | 2011 | 2012 agus níos déanaí |

Líon iomlán na n-acmhainní daonna | 1.4 | 1.4 | 1.4 | 1.4 | 1.4 | 1.4 |

5. SAINTRÉITHE AGUS CUSPÓIRÍ

5.1. An riachtanas is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Éilíonn an togra go ndéanfar, mar bheart a ghabhann leis, liosta de tháirgí nó de ghnéithe de tháirgí, a mbaineann an comhaitheantas leo, a bhunú , agus suíomh gréasáin a chruthú ina dhiaidh sin, ar a ndéanfar an liosta a fhoilsiú. Seans go gcaithfear seimineáir a eagrú, ar ball, faoi fheidhmiú an rialacháin. Chomh maith leis sin, forálann an togra do choiste comhairliúcháin a bhunú.

Tá cuspóirí ginearálta an togra leagtha amach sa mheabhrán míniúcháin.

5.2. An breisluach toisc an Comhphobal a bheith páirteach ann, comhoiriúnacht an togra le hionstraimí airgeadais eile, agus sineirg e a d'fhéadfadh a bheith ann

Ceann de chuspóirí an Chomhphobail Eorpaigh is ea an margadh inmheánach le haghaidh earraí a chruthú. De réir Airteagail 14(2) de Chonradh AE, is a bheidh sa mhargadh inmheánach ná limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina n-áirithítear saorghluaiseacht earraí, daoine, seirbhísí agus caipitil de réir fhorálacha an Chonartha. Ceann de phríomhphrionsabail Chonradh CE (Airteagail 3(1)(a) agus 28 go dtí 30) is ea an toirmeasc, idir Bhallstáit, ar bhearta a bhfuil éifeacht acu atá comhionann le srianta cainníochtúla ar allmhairithe earraí.

Tarraingíonn comparáid idir na roghanna aird ar an gcur chuige rialúcháin, ar bhonn Airteagail 95(1) de Chonradh AE. Sonraíonn sé, mar mhaolú ó Airteagal 94 agus mura bhfuil a mhalairt d’foráil sa Chonradh, gur féidir na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 14 a bhaint amach trí bhearta a ghlacadh chun na forálacha atá leagtha amach ag an dlí, ag rialacháin nó ag gníomh riaracháin i mBallstáit, a bhfuil sé mar aidhm acu an margadh inmheánach a bhunú agus a fheidhmiú, a dhéanamh níos cosúla lena chéile.

5.3. Cuspóirí, torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus táscairí gaolmhara an togra i gcomhthéacs an chreata ABM

I gcomhthéacs an mhargaidh mhéadaithe aonair, baineann breisluach soiléir le gníomhaíocht ag leibhéal an AE a sholáthraíonn margadh mór aonair do ghnólachtaí Eorpacha agus a cheadaíonn barainneacht mhórscálach. Ag an am céanna, toisc a nádúr osnáisiúnta, chun a chinntiú go bhfeidhmíonn an margadh inmheánach go réidh, teastaíonn idirghabháil ag leibhéal an AE, fad is nach dtéann idirghabháil an AE thar mar is gá.

Is príomhchuspóir an togra ná saorghluaiseacht earraí sa limistéar neamh-chomhchuibhithe a chinntiú. Ba cheart dó an t-íosualach eacnamaíoch i gcomhréir le baint amach an chuspóra sin a fhorchur, agus a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus go héasca. Is atá sa mheasúnú iarmharta ná cur síos níos mionsonraithe agus níos teicniúla ar na cuspóirí agus ar na torthaí a bhfuiltear ag súil leo.

5.4. Modhanna don chur i gcrích (táscach)

Bainistiú Lárnaithe – á dhéanamh díreach ag an gCoimisiún

Tuairimí ábhartha: Maidir le liosta de tháirgí nó de ghnéithe de tháirgí, a mbaineann an t-aitheantas frithpháirteach leo, a chur le chéile, agus suíomh gréasáin a chruthú ansin, ar a ndéanfar an liosta a fhoilsiú, caithfear seirbhísí a chur ar fáil chucusan.

6. MONATÓIREACHT AGUS MEASTÓIREACHT

6.1. Córas Monatóireachta

Maidir le bunú an liosta de tháirgí nó de ghnéithe de tháirgí, a mbaineann an t-aitheantas frithpháirteach leo, a , agus maidir le cruthú an tsuímh gréasáin ina dhiaidh sin, ar a ndéanfar an liosta a fhoilsiú, déanfaidh an Coimisiún monatóireacht orthu seo, i gcomhar le hionadaithe na mBallstát, sa choiste a bhunaigh an Rialachán. Chomh maith leis sin, féadfar Pointí Teagmhála do Tháirgí, a iarraidh, más gá, d'fhonn páirt a ghlacadh sa mhonatóireacht seo.

6.2. Measúnú

6.2.1. Measúnú ex-ante

Taispeánann suirbhéanna agus an litríocht reatha nach bhfuil ann fós do liosta de tháirgí, nó de ghnéithe de tháirgí, a mbaineann an t-aitheantas frithpháirteach leo.

6.2.2. Bearta arna nglacadh tar éis measúnú idirmheánach/ex-post (ceachtanna a foghlaimíodh ón taithí a fuarthas san am atá thart)

Neamh-infheidhmithe.

6.2.3. Téarmaí agus minicíocht measúnaithe sa todhchaí

Socrófar téarmaí agus minicíocht gníomhaíochtaí measúnaithe sa todhchaí de réir na rialacha ábhartha.

7. Bearta FRITH-CHALAOISE

Caighdeáin inmheánacha rialaithe Uimh 14, 15, 16, 17, 18, 19, 20, 21 a fheidhmiú go hiomlán.

Nuair a chuirfear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, áiritheoidh an Coimisiún, go ndéanfar leasanna airgeadais an Chomhphobail a chosaint trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtúla a dhéanamh agus trí shuimeanna a íocadh go míchuí a ghnóthú agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí phionóis choiriúla a bheidh éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint, agus Rialachán (CE) Uimh 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).

8. SONRAÍ NA NACMHAINNÍ

8.1. Cuspóirí an togra i dtéarma a chostais airgeadais

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliúin (go dtí an 3ú hionad deachúil)

2007 | 2008 | 2009 | 2010 | 2011 | 2012 |

Feidhmeannaigh nó foireann shealadach[19] (XX 01 01) | A*/AD | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 |

B*, C*/AST | 0.4 | 0.4 | 0.4 | 0.4 | 0.4 | 0.4 |

Foireann arna maoiniú[20] ag Airt. XX 01 02 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 |

Foireann eile [21] arna maoiniú ag Airt. XX 01 04/05 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 |

IOMLÁN | 1.4 | 1.4 | 1.4 | 1.4 | 1.4 | 1.4 |

8.2.2. Cur síos ar na cúraimí a thagann as an ngníomhaíocht

Chomh maith le hobair iardain maidir leis an togra, is a bheidh sa tasc ná bainistiú a dhéanamh orthu seo:

- Liosta de tháirgí, nó de ghnéithe de tháirgí, a bhunú, a mbaineann an t-aitheantas frithpháirteach leo.

- Suíomh gréasáin a chruthú ina dhiaidh sin, ar a ndéanfar an liosta a fhoilsiú.

8.2.3. Foinsí na n-acmhainní daonna (reachtúla)

Poist le hathchóiriú ag baint úsáide as na hacmhainní reatha laistigh den tseirbhís bhainistithe (athchóiriú inmheánach)

8.2.4. Caiteachas riaracháin eile a fholaítear sa tsuim thagartha (XX 01 04/05 – Caiteachas ar bhainistiú riaracháin)

EUR milliúin (go dtí an 3ú hionad deachúil)

Líne bhuiséadach (uimhir agus ceannteideal) | 2007 | 2008 | 2009 | 2010 | 2011 | 2012 agus níos déanaí | IOMLÁN |

Cúnamh teicniúil agus riaracháin eile |

- intra muros | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 |

- extra muros | 0 | 0.5 | 0.05 | 0.05 | 0.05 | 0.05 | 0.7 |

Cúnamh Teicniúil agus riaracháin iomlán | 0 | 0.5 | 0.05 | 0.05 | 0.05 | 0.05 | 0.7 |

8.2.5. Costas airgeadais na n-acmhainní daonna agus costais ghaolmhara nach n-áirítear sa tsuim thagartha

EUR milliúin (go dtí an 3ú hionad deachúil)

Cineál acmhainní daonna | 2007 | 2008 | 2009 | 2010 | 2011 | 2012 |

Feidhmeannaigh agus foireann shealadach (XX 01 01) | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 |

Foireann atá á maoiniú ag Airt. XX 01 02 (foireann chúnta, END, foireann chonartha, etc.) (sonraigh an líne bhuiséadach) | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 |

Costas iomlán na n-acmhainní daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa tsuim thagartha) | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 |

8.2.6. Caiteachas riaracháin eile nach n-áirítear sa tsuim thagartha EUR milliúin (go dtí an 3ú hionad deachúil) |

2007 | 2008 | 2009 | 2010 | 2011 | 2012agus níos déanaí | IOMLÁN |

XX 01 02 11 01 – Misin | 0.05 | 0.05 | 0.05 | 0.05 | 0.05 | 0.05 | 0.3 |

XX 01 02 11 02 – Cruinnithe agus comhdhálacha | 0 | 0 | 0.1 | 0.1 | 0 | 0 | 0.2 |

XX 01 02 11 03 – Coistí[22] | 0 | 0 | 0 | 0.1 | 0.1 | 0.1 | 0.3 |

XX 01 02 11 04 – Staidéir & comhairliúcháin | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 |

XX 01 02 11 05 - Córais Faisnéise | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 |

2 Caiteachas bainistithe iomlán eile (XX 01 02 11) | 0.05 | 0.05 | 0.15 | 0.25 | 0.15 | 0.15 | 0.8 |

3 Caiteachas eile de chineál an riaracháin (sonraigh agus cuir isteach tagairt don líne bhuiséadach) | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 |

Iomlán an chaiteachais Riaracháin taobh amuigh d'acmhainní daonna agus costais ghaolmhara (NACH n áirítear sa tsuim thagartha) | 0.05 | 0.05 | 0.15 | 0.25 | 0.15 | 0.15 | 0.8 |

[1] IO C , , lch. .

[2] IO C , , lch. .

[3] IO C , , lch. .

[4] IO C , , lch. .

[5] IO C 141 an 19.05.2000, lch. 5.

[6] IO L 11 an 15.01.2002, lch. 4.

[7] IO L 31, 1.2.2002, lch. 1. Rialachán mar atá arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh 575/2006 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2006 (IO L 100, 8.4.2006, lch. 3).

[8] IO L 191, 28.5.2004, lch. 1. Rialachán mar atá arna leasúgo deireanach le Rialachán (CE) Uimh 776/2006 ón gCoimisiún an 23 Bealtaine 2006 (IO L 136, 24.5.2006, lch. 3).

[9] IOJ L 164, 30.4.2004, lch. 44-; leagan ceartaithe in IO L 220, 21.6.2004, lch. 16.

[10] IOJ L 235, 17.9.1996, lch. 6. Treoir mar atá arna leasúgo deireanach le Treoir 2004/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 164, 30.4.2004, lch. 114).

[11] IOJ L 110, 20.4.2001, lch. 1. Treoir mar atá arna leasú go deireanach le Treoir 2004/50/CE.

[12] IOJ L 144, 30.4.2004, lch. 62; leagan ceartaithe in IO L 181, 18.5.2004, lch. 25.

[13] IO L 321, 30.12.1995, lch. 1.

[14] IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).

[15] IO L 204, 21.7.1998, lch. 37.

[16] Caiteachas nach dtagann faoi Chaibidil xx 01 de Teideal xx lena mbaineann.

[17] Caiteachas a thagann faoi airteagal xx 01 04 de Teideal xx.

[18] Caiteachas a thagann faoi chaibidil xx 01, seachas airteagail xx 01 04 agus xx 01 05.

[19] Costas NACH bhfuil clúdaithe ag an tsuim thagartha

[20] Costas NACH bhfuil clúdaithe ag an tsuim thagartha

[21] Costas atá clúdaithe sa tsuim thagartha

[22] Coiste comhairleach