18.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 181/44


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1472 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Iúil 2023

Lena leasaítear Rialachán(CE) Uimh 1055/2008 a mhéid a bhaineann lena mhinice a sholáthraíonn Ballstáit a dtuarascáil cháilíochta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh 184/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Eanáir 2005 maidir le staidreamh comhphobail a bhaineann le comhardú íocaíochtaí, le trádáil idirnáisiúnta seirbhísí agus infheistíocht dhíreach ón gcoigríoch (1), agus go háirithe Airteagal 4(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Déantar an measúnú cáilíochta ar na sonraí i réimse an staidrimh maidir le comhardú na n-íocaíochtaí (CNI), an staidrimh maidir leis an staid infheistíochta idirnáisiúnta,(SII) staidrimh maidir le trádáil idirnáisiúnta seirbhísí agus an staidrimh maidir le hinfheistíocht dhíreach choigríche i gcomhréir le Rialachán(CE) Uimh 223/2009ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Thairis sin, leagtar amach i Rialachán(CE) Uimh 1055/2008 ón gCoimisiún (3) na critéir cháilíochta agus ábhar agus minicíocht na dtuarascálacha cáilíochta.

(2)

Tá sé ríthábhachtach faireachán a dhéanamh ar cháilíocht na sonraí agus ba cheart é a dhéanamh go tráthúil. Ba cheart an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir an gá atá le faireachán a dhéanamh agus le minicíocht maidir le tuairisciú na faisnéise ábhartha a dhéanamh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle chun ualach díréireach a sheachaint.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, an mhinicíocht bhliantúil a gcuireann na Ballstáit tuarascáil cháilíochta ar fáil don Choimisiún léi (Eurostat) a athrú go tuairisciú débhliantúil.

(4)

Ba cheart do na Ballstáit a gcéad tuarascáil eile a chur faoi bhráid an Choimisiún (Eurostat) tráth nach déanaí ná an 31 Bealtaine 2025 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1055/2008 a leasú dá réir.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh 1055/2008 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

‘Airteagal 1

Ón mbliain 2025 agus ag tosú ón mbliain sin, Soláthróidh na Ballstáit ar bhonn débhliantúil tuarascáil cháilíochta a tharraingeofar suas i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos san Iarscríbhinn.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

‘Airteagal 2

Soláthróidh na Ballstáit a dtuarascáil cháilíochta tráth nach déanaí ná an 31 Bealtaine gach dara bliain’

;

(c)

cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Iúil 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 35, 8.2.2005, lch. 23.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1055/2008 ón gCoimisiún an 27 Deireadh Fómhair 2008 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na critéir cháilíochta agus le tuairisciú cáilíochta i ndáil le staidreamh maidir le comhardú íocaíochtaí (IO L 283, 28.10.2008, lch. 3).


IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN

1.   Réamhrá

Beidh idir tháscairí cainníochtúla agus táscairí cáilíochtúla sa tuarascáil cháilíochta. Soláthróidh an Coimisiún (Eurostat) torthaí na dtáscairí cainníochtúla do gach Ballstát a ríomhfar ar bhonn na sonraí a chuirfear ar fáil. Déanfaidh na Ballstáit iad a léirmhíniú agus trácht a dhéanamh orthu, i bhfianaise a modheolaíochta bailiúcháin.

2.   Amlíne

Gach dara bliain, faoi dheireadh na chéad ráithe, soláthróidh an Coimisiún (Eurostat) dréachtdhoiciméid do na Ballstáit le haghaidh tuarascálacha cáilíochta, bunaithe ar shonraí a sheolfar an bhliain roimhe sin agus beidh siad réamhlíonta i bpáirt le formhór na dtáscairí cainníochtúla agus le faisnéis eile atá ar fáil don Choimisiún (Eurostat).

Gach dara bliain, laistigh de dhá mhí agus tar éis dóibh an tuarascáil cáilíochta réamhlíonta a fháil agus tráth nach déanaí ná an 31 Bealtaine, soláthróidh na Ballstáit an tuarascáil cháilíochta chríochnaithe don Choimisiún (Eurostat).

3.   Critéir cháilíochta

Sa tuarascáil cháilíochta, beidh táscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla lena gcumhdófar na critéir cháilíochta uile a leagtar amach in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh 223/2009.