9.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 150/206


RIALACHÁN (AE) 2023/1115 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 31 Bealtaine 2023

maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Soláthraíonn foraoisí réimse leathan tairbhí comhshaoil, eacnamaíocha agus sóisialta, lena n-áirítear adhmad agus táirgí foraoise neamhadhmaid agus seirbhísí comhshaoil atá fíor-riachtanach le haghaidh an chine dhaonna, ós rud é go dtugann siad tearmann don chuid is mó de bhithéagsúlacht talún na Cruinne. Coinníonn siad feidhmeanna éiceachórais ar bun, cuidíonn siad leis an gcóras aeráide a chosaint, soláthraíonn siad aer glan agus tá ról ríthábhachtach acu chun uiscí agus ithreacha a íonú mar aon le coinneáil agus athlíonadh uisce. Feidhmíonn limistéir mhóra foraoise mar fhoinse taise agus cabhraíonn siad le cosc a chur le gaineamhlú na réigiún ilchríochach. Ina theannta sin, soláthraíonn foraoisí cothú agus ioncam do thart ar aon trian de dhaonra an domhain agus baineann iarmhairtí tromchúiseacha le scriosadh foraoisí ar shlí bheatha na ndaoine is leochailí, lena n-áirítear pobail dhúchasacha agus pobail áitiúla a bhraitheann go mór ar éiceachórais foraoise. Lena chois sin, le dífhoraoisiú agus díghrádú foraoisí laghdaítear linnte carbóin bunriachtanacha. Ina theannta sin, cuireann dífhoraoisiú agus díghrádú foraoisí leis an dóchúlacht go mbeidh teagmháil ann idir ainmhithe fiáine, ainmhithe saothraithe agus daoine, rud a mhéadaíonn an riosca go leathfaidh galair nua agus an riosca go mbeidh eipidéimí agus paindéimí nua ann.

(2)

Tá an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoisí ag tarlú ar ráta scanrúil. Measann Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO) gur cailleadh 420 milliún heicteár d’fhoraois – thart ar 10 % de na foraoisí atá fágtha ar domhan, cothrom le limistéar is mó ná an tAontas Eorpach – ar fud an domhain idir 1990 agus 2020. Tá an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoisí, dá réir sin, ina bpríomhspreagthóirí an téimh dhomhanda agus chailliúint na bithéagsúlachta – an dá dhúshlán comhshaoil is tábhachtaí de chuid ár linne. Ach mar sin féin, leanann an domhan de 10 milliún heicteár foraoise a chailleadh gach bliain. Bíonn an-tionchar ag an athrú aeráide ar fhoraoisí freisin, agus ní mór aghaidh a thabhairt ar go leor dúshlán chun inoiriúnaitheacht agus athléimneacht foraoisí a áirithiú sna blianta amach romhainn.

(3)

Is iomaí bealach a rannchuidíonn an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoisí leis an ngéarchéim aeráide dhomhanda. Rud a bhfuil tábhacht ar leith leis, méadaíonn siad astaíochtaí gáis ceaptha teasa trí dhóiteáin foraoise ghaolmhara, agus cumais linnte carbóin á mbaint go buan, athléimneacht an limistéir atá thíos leis á laghdú i bhfianaise an athraithe aeráide agus laghdú substaintiúil á dhéanamh ar a bhithéagsúlacht agus a athléimneacht i dtaca le galair agus feithidí lotnaide. An dífhoraoisiú as féin is cúis le 11 % d’astaíochtaí gáis ceaptha mar a luadh sa tuarascáil speisialta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) maidir leis an athrú aeráide agus talamh 2019.

(4)

Spreagann cliseadh aeráide cailliúint na bithéagsúlachta go domhanda agus géaraíonn cailliúint bithéagsúlachta an t-athrú aeráide, dá bhrí sin, tá siad fite fuaite le chéile, mar a deimhníodh le staidéir le déanaí. Tá an bhithéagsúlacht agus éiceachórais shláintiúla ríthábhachtach d’fhorbairt aeráid-díonach. Gníomhaíonn feithidí, éin agus mamaigh mar phailneoirí agus scaiptheoirí síolta agus is féidir leo cuidiú le carbón a stóráil ar bhealach níos éifeachtúla, go díreach nó go hindíreach. Áirithíonn foraoisí freisin athshlánú leanúnach ar acmhainní uisce agus cosc ar thriomach agus a n-éifeachtaí dochracha ar phobail áitiúla, lena n-áirítear pobail dhúchasacha. Is é an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoisí a laghdú go mór agus foraoisí agus éiceachórais eile a athbhunú go córasach an deis aonair dúlrabhunaithe is mó dá bhfuil ann maidir le maolú aeráide.

(5)

Tá an bhithéagsúlacht fíor-riachtanach le haghaidh athléimneacht na n-éiceachóras agus a gcuid seirbhísí ar leibhéal áitiúil agus domhanda araon. Tá breis agus leath na holltáirgeachta intíre domhanda ag brath ar an dúlra agus na seirbhísí a sholáthraíonn sé. Tá trí phríomhearnáil eacnamaíocha – foirgníocht, talmhaíocht, agus bia agus deoch – ag brath go mór ar an dúlra. Tá cailliúint na bithéagsúlachta ina bagairt ar thimthriallta uisce inbhuanaithe agus ar chórais bhia, rud a chuireann slándáil bia agus cothú i mbaol. Braitheann breis agus 75 % de chineálacha bairr bia ar fud na cruinne ar phailniú ó ainmhithe. Thairis sin, braitheann roinnt earnálacha tionsclaíochta ar an éagsúlacht ghéiniteach agus ar sheirbhísí éiceachórais mar ionchuir chriticiúla le haghaidh táirgeachta, go háirithe le haghaidh cógas, lena n-áirítear frithmhicróbáin.

(6)

Tá an t-athrú aeráide, cailliúint na bithéagsúlachta agus an dífhoraoisiú ina n-ábhair imní a bhfuil fíorthábhacht dhomhanda leo, lena ndéantar difear do mharthanas an chine dhaonna agus do dhálaí maireachtála marthanacha ar an gCruinne. De bharr ghéarú an athraithe aeráide, chailliúint na bithéagsúlachta agus an díghrádaithe comhshaoil, i dteannta samplaí inláimhsithe dá n-éifeachtaí millteacha ar an dúlra, ar dhálaí maireachtála an duine agus ar gheilleagair áitiúla, aithnítear an t-aistriú glas mar chuspóir sainitheach ár linne agus mar ábhar comhionannais inscne agus cothromais idir na glúine.

(7)

Is minic a dhírítear géarleanúint agus ionsaithe marfacha ar chosantóirí chearta an duine maidir leis an gcomhshaol, a dhéanann iarracht cearta an duine a bhaineann leis an gcomhshaol a chosaint agus a chur chun cinn, lena n-áirítear rochtain ar uisce, aer agus talamh glan. Bíonn tionchar díréireach ag na hionsaithe sin ar phobail dhúchasacha. De réir tuarascálacha a scríobhadh in 2020, bhí níos mó ná dhá thrian d’íospartaigh na n-ionsaithe sin ag obair chun foraoisí an domhain a chosaint ar an dífhoraoisiú agus ar an bhforbairt thionsclaíoch.

(8)

Tá tomhaltas an Aontais ina phríomhspreagthóir dífhoraoisiúcháin agus díghrádaithe foraoisí ar scála domhanda. Le measúnú tionchair a ghabhann leis an Rialachán seo meastar gurb amhlaidh, gan idirghabháil rialála iomchuí, a d’ardódh tomhaltas agus táirgeacht an Aontais maidir leis na sé thráchtearra sin féin (eallach, cócó, caife, pailm ola, soighe agus adhmad) chuig thart ar 248 000 heicteár dífhoraoisithe go bliantúil faoi 2030.

(9)

A mhéid a bhaineann le staid na bhforaoisí laistigh den Aontas, sonraítear sa tuarascáil maidir le Staid Fhoraoisí na hEorpa 2020 gurb amhlaidh, idir 1990 agus 2020, a d’ardaigh limistéar na bhforaoisí san Eoraip faoi 9 %, a d’fhás carbón atá stóráilte sa bhithmhais faoi 50 % agus a d’ardaigh an soláthar adhmaid faoi 40 %. Tá príomhfhoraoisí agus foraoisí a athghintear go nádúrtha i mbaol, inter alia, de dheasca an dianbhainistithe agus, tá a mbithéagsúlacht uathúil agus a ngnéithe struchtúracha i mbaol. Ina theannta sin, thug an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil dá haire go meastar anois go bhfuil níos lú ná 5 % de limistéir foraoise na hEorpa nár briseach, nó atá nádúrtha, agus gur aicmíodh 10 % de limistéir foraoise na hEorpa mar fhoraoisí dianbhainistithe. Ní mór d’éiceachórais foraoise dul i ngleic leis an iliomad brúnna arb é an t-athrú aeráide is cúis leo, ó phatrúin adhaimsire go lotnaidí, agus le gníomhaíochtaí a bhaineann leis an duine a mbíonn tionchar diúltach acu ar éiceachórais agus ar ghnáthóga. Go háirithe, maidir le foraoisí cothrom-aoisithe a ndéanfar dianbhainistiú orthu trí ghlanleagan agus adhmad marbh a bhaint, is féidir tionchar dian a bheith acu sin ar ghnáthóga iomlána.

(10)

In 2019, ghlac an Coimisiún roinnt tionscnamh chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna comhshaoil an domhain, lena n-áirítear gníomhaíochtaí sonracha maidir leis an dífhoraoisiú. Ina theachtaireacht an 23 Iúil 2019 dar teideal Stepping up EU Action to Protect and Restore the World’s Forests [Dlús a Chur le Gníomhaíocht an Aontais chun Foraoisí an Domhain a Chosaint agus a Athbhunú] (‘an Teachtaireacht maidir le Dlús a Chur le Gníomhaíocht an Aontais chun Foraoisí an Domhain a Chosaint agus a Athbhunú’), shainaithin an Coimisiún mar thosaíocht lorg tomhaltais an Aontais ar thalamh a laghdú agus tomhaltas táirgí ó shlabhraí soláthair gan dífhoraoisiú a spreagadh san Aontas. Ina theachtaireacht an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip leag an Coimisiún amach straitéis nua fáis a bhfuil sé d’aidhm aici sochaí chothrom agus rathúil a dhéanamh den Aontas, ina mbeidh geilleagar a bheidh nua-aimseartha, tíosach ar acmhainní agus iomaíoch agus a thógfar ar shaorthrádáil inbhuanaithe riailbhunaithe mar nach mbeidh aon ghlanastaíocht gáis ceaptha teasa in 2050, agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte ó úsáid acmhainní agus mar nach bhfágfar aon duine ná aon áit chun deiridh. Tá sé d’aidhm aici freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú, agus sláinte agus folláine na saoránach agus na nglún atá le teacht a chosaint ar rioscaí agus ar thionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. Thairis sin, tá sé d’aidhm leis an gComhaontú Glas don Eoraip, inter alia, aer úr, uisce glan, ithir fholláin agus bithéagsúlacht a sholáthar do na saoránaigh agus do na glúine atá le teacht. Chuige sin, leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 maidir le Straitéis Bithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030: An dúlra a thabhairt ar ais inár saol (‘Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030’) an teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal ‘A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system’ [Straitéis “ón bhFeirm go dtí an Forc - le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol] (Straitéis ‘ón bhFeirm go dtí an Forc’), an teachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Iúil 2021 maidir le ‘New EU Forest Strategy for 2030’ [Straitéis Foraoise nua an Aontais do 2030, an teachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021 dar teideal ‘on the the Pathway to a Healthy Planet for All, EU Action Plan: ‘Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil’ (‘Conair i dtreo Pláinéad Sláintiúil do Chách, Plean Gníomhaíochta an Aontais i dtreo Truailliú Nialasach le haghaidh Aeir, Uisce agus Ithir’] agus straitéisí ábhartha eile, amhail an teachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2021 dar teideal ‘on a long-term Vision for the EU’s Rural Areas - Towards stronger, connected, resilient and prosperous rural areas by 2040’ [ar fhís fhadtéarmach le haghaidh cheantair thuaithe an Aontais - i dtreo ceantair thuaithe a bheidh níos láidre, nasctha, athléimneach agus rathúil faoi 2040], a forbraíodh faoin gComhaontú Glas don Eoraip, cuirtear i dtábhacht a thuilleadh an tábhacht a bhaineann le gníomhaíocht um chosaint agus athléimneacht foraoisí. Go háirithe, tá sé d’aidhm ag Straitéis Bithéagsúlachta an Aontais go dtí 2030 an dúlra a chosaint agus díghrádú éiceachóras a fhreaschur. Ar deireadh, leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2018 dar teideal ‘A sustainable Bioeconomy for Europe: strengthening the connection between economy, society and the environment’ [Straitéis Bithgheilleagair inbhuanaithe don Eoraip: an nasc idir an geilleagar, an tsochaí agus an comhshaol a neartú] feabhsaítear cosaint an chomhshaoil agus na n-éiceachóras agus aghaidh á tabhairt freisin ar an éileamh méadaitheach ar bhia, beatha, fuinneamh, ábhair agus táirgí trí bhealaí nua chun táirgthe agus chun tomhailte a lorg.

(11)

Léirigh na Ballstáit arís agus arís eile gur ábhar imní dóibh an dífhoraoisiú seasmhach agus an díghrádú foraoisí seasmhach. Chuir siad i dtábhacht ós rud é nach leor na beartais atá ann faoi láthair ná an ghníomhaíocht atá á déanamh ar an leibhéal domhanda maidir le caomhnú, athbhunú agus bainistíocht inbhuanaithe foraoisí chun an dífhoraoisiú, an díghrádú foraoisí agus an chailliúint bithéagsúlachta a stopadh, go bhfuil gá le gníomhaíocht fheabhsaithe ón Aontas chun rannchuidiú ar bhealach níos éifeachtaí le baint amach na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna), faoi Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, ar ghlac Ballstáit uile na Náisiún Aontaithe é in 2015. Thacaigh an Chomhairle go sonrach leis an bhfógra ón gCoimisiún ina theachtaireacht dar teideal ‘Stepping up EU Action to Protect and Restore the World’s Forests’ [Dlús a Chur le Gníomhaíocht an Aontais chun Foraoisí an Domhain a Chosaint agus a Athbhunú] á rá go ndéanfadh sé measúnú ar bhearta rialála agus neamhrialála breise agus go dtíolacfadh sé tograí donn dá chineál beart. Ina theannta sin tá Deich mBliana Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe ar mhaithe le SDGanna, Deich mBliana na Náisiún Aontaithe maidir le hAthchóiriú Éiceachóras agus Deich mBliana na Náisiún Aontaithe maidir le Feirmeoireacht Teaghlaigh formhuinithe ag an Aontas agus ag na Ballstáit.

(12)

Chuir Parlaimint na hEorpa i dtábhacht go bhfuil scrios, díghrádú agus tiontú leanúnach fhoraoisí agus éiceachórais nádúrtha an domhain, chomh maith le sáruithe ar chearta an duine nasctha, den chuid is mó, le leathnú na táirgeachta talmhaíochta — go háirithe trí fhoraoisí a thiontú ina dtalamh talmhaíochta atá tiomnaithe do roinnt tráchtearraí agus táirgí ardéilimh a tháirgeadh. An 22 Deireadh Fómhair 2020, ghlac Parlaimint na hEorpa rún i gcomhréir le hAirteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena n-iarrtar ar an gCoimisiún togra a chur isteach, ar bhonn Airteagal 192(1) CFAE, le haghaidh ‘creat dlíthiúil de chuid AE chun an dífhoraoisiú domhanda atá faoi thionchar AE a stopadh agus a fhreaschur’ bunaithe ar dhícheall cuí éigeantach.

(13)

Tá comhrac an dífhoraoisithe agus an díghrádaithe foraoise ina chuid thábhachtach den phacáiste beart is gá chun gealltanais an Aontais faoin gComhaontú Glas don Eoraip a chomhlíonadh agus faoi Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (3) (‘Comhaontú Pháras’), agus faoin Ochtú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol arna ghlacadh le Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus leis an ngealltanas atá ceangailteach ó thaobh dlí faoi Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) an neodracht aeráide a bhaint amach ar a dhéanaí faoi 2050 agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad i gcomparáid le leibhéil 1990 faoi 2030.

(14)

Tá comhrac an dífhoraoisithe agus an díghrádaithe foraoise ina chuid thábhachtach den phacáiste beart is gá chun cailliúint na bithéagsúlachta a chomhrac agus chun gealltanais an Aontais a chomhlíonadh faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (CBD) (6), faoin gComhaontú Glas don Eoraip, faoi Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 agus cuspóirí an Aontais maidir le hathbhunú an dúlra a ghabhann léi.

(15)

Is rud uathúil na foraoisí príomhúla nach féidir aon rud a chur ina n-áit. Bíonn comhdhéanamh bithéagsúlachta éagsúil ag foraoisí plandála agus foraois a cuireadh agus cuireann siad seirbhísí éiceachórais éagsúla ar fáil nach ionann iad agus na seirbhísí a fhaightear i bhforaoisí príomhúla agus foraoisí a athghintear go nádúrtha.

(16)

Spreagann leathnú talmhaíochta beagnach 90 % den dífhoraoisiú domhanda, agus is é tiontú foraoise ina talamh curaíochta is cúis le breis agus leath den chailliúint foraoise, cé go bhfuil innilt beostoic freagrach as beagnach 40 % de chailliúint foraoise.

(17)

Is féidir le táirgeadh beatha do bheostoc cur le dífhoraoisiú agus díghrádú foraoisí. Trí chleachtais talmhaíochta mhalartacha inbhuanaithe a chur chun cinn, is féidir aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomhshaoil agus aeráide, agus dífhoraoisiú agus díghrádú foraoisí ar fud an domhain a sheachaint. D’fhéadfaí an brú ar thalamh agus acmhainní a laghdú trí dhaoine a dhreasú chun aistí bia níos cothroime, níos sláintiúla agus níos cothaithí agus stíl mhaireachtála níos inbhuanaithe a bheith acu.

(18)

D’allmhairigh agus thomhail an tAontas an tríú cuid de na táirgí talmhaíochta a trádáladh go domhanda atá bainteach leis an dífhoraoisiú idir 1990 agus 2008. Thar an tréimhse sin, bhí tomhaltas an Aontais freagrach as 10 % den dífhoraoisiú ar fud an domhain a bhí bainteach le táirgeadh earraí nó soláthar seirbhísí. Fiú má tá laghdú ag teacht ar sciar coibhneasta thomhaltas an Aontais, tá tomhaltas an Aontais ina spreagthóir dífhoraoisiúcháin díréireach mór. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas beart a dhéanamh chun íoslaghdú a dhéanamh ar an dífhoraoisiú domhanda agus ar an díghrádú foraoisí atá faoi thionchar a thomhaltais maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe agus leis sin féachaint lena rannchuidiú le hastaíochtaí gáis ceaptha teasa agus cailliúint na bithéagsúlachta dhomhanda a laghdú mar aon le patrúin táirgeachta agus tomhaltais inbhuanaithe a chur chun cinn san Aontas agus go domhanda. Chun go mbeidh an tionchar is mó aige, ba cheart é a bheith d’aidhm ag beartas an Aontais tionchar a imirt ar an margadh domhanda, seachas ar shlabhraí soláthair chuig an Aontas agus orthu sin amháin. Tá comhpháirtíochtaí agus comhar idirnáisiúnta éifeachtúil, lena n-áirítear comhaontuithe saorthrádála, le tíortha táirgthe agus tomhaltóra fíor-riachtanach ina leith sin.

(19)

Tá an tAontas tiomanta do bheartais uaillmhianacha chomhshaoil agus aeráide a chur chun cinn agus a chur chun feidhme ar fud an domhain, i gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagal 37 di lena bhforáiltear nach mór ardleibhéal cosanta comhshaoil agus feabhsú cháilíocht an chomhshaoil a chomhtháthú i mbeartais an Aontais agus a áirithiú i gcomhréir le prionsabal na forbartha inbhuanaithe. Mar chuid de ghné sheachtrach an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, ba cheart a chur san áireamh i ngníomhaíocht faoin Rialachán seo a thábhachtaí atá na comhaontuithe domhanda, na gealltanais agus na creataí domhanda atá ann cheana agus lena rannchuidítear le dífhoraoisiú agus díghrádú foraoisí a laghdú amhail Plean Straitéiseach na Náisiún Aontaithe le haghaidh Foraoisí 2017-2030 agus a Spriocanna Domhanda Foraoise, Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) agus Comhaontú Pháras, CBD agus an Creat Domhanda Bithéagsúlachta iar-2020 a ghabhann leis sin, an Plean Straitéiseach Domhanda um Bithéagsúlacht 2011-2020 agus Spriocanna Bithéagsúlachta Aichi a ghabhann leis sin, agus Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an gaineamhlú a chomhrac, chomh maith leis an gcreat iltaobhach chun tacú le dul i ngleic le bunchúiseanna an dífhoraoisithe agus an díghrádaithe foraoisí, amhail SDGanna agus Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach.

(20)

Is cuid fhíor-riachtanach de SDGanna an dífhoraoisiú a stopadh agus foraoisí díghrádaithe a athbhunú. Leis an Rialachán seo ba cheart rannchuidiú go háirithe leis na spriocanna a chomhlíonadh maidir leis an mbeatha ar thalamh (SDG 15), gníomhú ar son na haeráide (SDG 13), tomhaltas agus táirgeacht fhreagrach (SDG 12), ocras nialais (SDG 2) agus sláinte mhaith agus folláine (SDG 3). Maidir le sprioc ábhartha 15.2 chun an dífhoraoisiú a stopadh faoi 2020 níor comhlíonadh í, rud a léiríonn an phráinn atá le gníomhaíocht uaillmhianach agus éifeachtach.

(21)

Leis an Rialachán seo ba cheart freagairt freisin do Dhearbhú Nua-Eabhrac maidir le Foraoisí, dearbhú polaitiúil nach bhfuil ceangailteach ó thaobh dlí de lena bhformhuinítear amlíne dhomhanda chun cailliúint foraoise nádúrtha a ghearradh ina dhá leath faoi 2020 agus féachaint le deireadh a chur léi faoi 2030. D’fhormhuinigh na scórtha rialtas an Dearbhú, roinnt de na cuideachtaí is mó ar domhan, agus eagraíochtaí mórthionchair ón tsochaí shibhialta agus ón bpobal dúchasach. Iarradh ar an earnáil phríobháideach leis freisin an sprioc a chomhlíonadh maidir le deireadh a chur leis an dífhoraoisiú ó tháirgeadh tráchtearraí talmhaíochta amhail táirgí pailm ola, soighe, páipéir agus táirgí mairteola faoi thráth nach déanaí ná 2020, sprioc nár baineadh amach. Ina theannta sin leis an Rialachán ba cheart rannchuidiú le Plean Straitéiseach na Náisiún Aontais le haghaidh Foraoisí, 2017-2030, arb í an Sprioc Foraoise Domhanda 1 dá chuid cailliúint an chumhdaigh foraoise a fhreaschur ar fud an domhain trí bhainistíocht inbhuanaithe foraoisí, lena n-áirítear cosaint, athbhunú, foraoisiú agus athfhoraoisiú, agus cur le hiarrachtaí chun an díghrádú foraoisí a chosc agus chun rannchuidiú leis an iarracht dhomhanda maidir le haghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide.

(22)

Leis an Rialachán seo ba cheart freagairt freisin do Dhearbhú Cheannairí Ghlaschú maidir le Foraoisí agus Talamhúsáid arna eisiúint ag Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide i mí na Samhna 2021, lena n-aithnítear ‘chun ár spriocanna maidir le talamhúsáid, an aeráid, an bhithéagsúlacht agus ár Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chomhlíonadh, go domhanda agus go náisiúnta araon, go gceanglófar breis gníomhaíocht chlaochlaitheach sna réimsí idirnasctha a bhaineann leis an táirgeacht agus an tomhaltas inbhuanaithe; forbairt bonneagair; trádáil, maoiniú agus infheistíocht; agus tacaíocht le haghaidh feirmeoirí beaga, pobail dhúchasacha, agus pobail áitiúla’. Gheall na sínitheoirí go n-oibreoidís le chéile chun deireadh a chur le caillteanas na bhforaoisí agus díghrádú talún agus go n-aisiompóidís iad faoi 2030 agus chuir siad i dtábhacht go neartódh siad a n-iarrachtaí comhroinnte chun éascaíocht a dhéanamh ar bheartais trádála agus forbartha, go hidirnáisiúnta agus go hintíre, ar beartais iad lena gcuirfear an fhorbairt inbhuanaithe agus táirgeacht agus tomhaltas inbhuanaithe tráchtearraí chun cinn, agus a oibríonn chun tairbhe frithpháirtí na dtíortha.

(23)

Mar chomhalta den Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT), tá an tAontas tiomanta do chóras trádála iltaobhach atá uilíoch, bunaithe ar rialacha, oscailte, trédhearcach, intuartha, ionchuimsitheach, neamh-idirdhealaitheach agus cothromasach a chur chun cinn faoi EDT, mar aon le beartas trádála oscailte, inbhuanaithe agus teanntásach. Ba cheart, dá bhrí sin, tráchtearraí agus táirgí a tháirgtear laistigh den Aontas mar aon le tráchtearraí agus táirgí a allmhairítear chuig an Aontas araon a bheidh san áireamh i raon feidhme an Rialacháin seo.

(24)

Is trí ghníomhaíocht dhomhanda amháin is féidir aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá os comhair an domhain maidir leis an athrú aeráide agus le cailliúint bithéagsúlachta. Ba cheart an tAontas a bheith ina ghníomhaí láidir domhanda agus dea-shampla á stiúradh aige agus é ar thús cadhnaíochta sa chomhar idirnáisiúnta chun córas iltaobhach oscailte agus cothrom a chruthú ina ngníomhóidh trádáil inbhuanaithe mar phríomhchumasóir an aistrithe ghlais chun an t-athrú aeráide a chomhrac agus chun an chailliúint bithéagsúlachta a athrú.

(25)

Leanann an Rialachán seo freisin teachtaireachtaí ón gCoimisiún an 22 Meitheamh 2022 dar teideal ‘the power of trade partnerships together for green and just economic growth’ [cumhacht na gcomhpháirtíochtaí trádála: le chéile ar mhaithe le fás eacnamaíoch atá glan agus cóir] agus an 18 Feabhra 2021 dar teideal ‘Trade Policy Review - An Open, Sustainable and Assertive Trade Policy’ [Athbhreithniú ar an mBeartas Trádála - Beartas Trádála atá Oscailte, Inbhuanaithe agus Teanntásach], inar sonraíodh gurb amhlaidh le dúshláin inmheánacha agus sheachtracha nua agus go háirithe samhail fáis nua atá níos inbhuanaithe mar a shainmhínítear leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus leis an Straitéis Eorpach Dhigiteach, atá sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020 dar teideal ‘Shaping Europe’s Digital Future’ [Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú], agus go dteastaíonn straitéis beartais trádála nua ón Aontas – straitéis lena dtacófar lena chuspóirí beartais seachtracha agus intíre a bhaint amach agus lena gcuirfear chun cinn inbhuanaitheacht níos mó i gcomhréir lena ghealltanas chun SDGanna a chur chun feidhme go hiomlán. Ní mór ról iomlán a bheith ag an mbeartas trádála i dtéarnamh an Aontais ó phaindéim COVID-19 agus i gclaochluithe glasa agus digiteacha an gheilleagair agus i dtreo Aontas níos athléimní a thógáil ar domhan.

(26)

I gcomhréir leis an teachtaireacht uaidh an 22 Meitheamh 2022 dar teideal ‘cumhacht na gcomhpháirtíochtaí trádála: le chéile ar mhaithe le fás eacnamaíoch atá glas agus cóir’, tá dlús á chur ag an gCoimisiún leis an rannpháirtíocht le comhpháirtithe trádála chun comhlíonadh na gcaighdeán idirnáisiúnta saothair agus comhshaoil a chothú. Déantar foráil sa teachtaireacht maidir le caibidlí láidre i ndáil le forbairt inbhuanaithe, ina bhfuil clásail maidir le dífhoraoisiú agus díghrádú foraoisí. Comhlánófar cuspóirí an Rialacháin seo trí fhorfheidhmiú na gcomhaontuithe trádála atá ann faoi láthair agus tabhairt i gcrích comhaontuithe trádála nua ina bhfuil caibidlí den sórt sin.

(27)

Ba cheart an Rialachán seo a bheith ina chomhlánú ar bhearta eile a bheartaítear sa teachtaireacht dar teideal ‘Stepping up EU Action to Protect and Restore the World’s Forests’ [Dlús a Chur le Gníomhaíocht an Aontais chun Foraoisí an Domhain a Chosaint agus a Athbhunú], go háirithe: oibriú i gcomhpháirtíocht le tíortha táirgeachta, chun tacú leo aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna an dífhoraoisithe, amhail rialachas lag, forfheidhmiú neamhéifeachtach an dlí agus éilliú agus comhar idirnáisiúnta le príomhthíortha tomhaltóra a neartú trí, inter alia, thrádáil i dtáirgí gan dífhoraoisiú agus glacadh beart comhchosúil a chur chun cinn, ionas nach gcuirfear táirgí a thagann ó shlabhraí soláthair atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí ar a margaí.

(28)

Leis an Rialachán seo, ba cheart prionsabal an chomhtháthaithe beartas ar mhaithe le forbairt a chur san áireamh agus ba cheart comhar a chur chun cinn agus a éascú le tíortha i mbéal forbartha, go háirithe leis na tíortha is lú forbairt, inter alia trí chúnamh teicniúil agus airgeadais a sholáthar, i gcás inar féidir agus inarb ábhartha.

(29)

I gcomhordú leis na Ballstáit, ba cheart don Choimisiún leanúint de bheith ag obair i gcomhpháirtíocht le tíortha táirgeachta, agus ar bhonn níos ginearálta i gcomhar le heagraíochtaí agus comhlachtaí idirnáisiúnta chomh maith le geallsealbhóirí ábhartha atá gníomhach ar an láthair trí idirphlé il-gheallsealbhóirí. Ba cheart don Choimisiún a thacaíocht agus a dhreasachtaí a threisiú maidir le foraoisí a chosaint agus maidir leis an aistriú chuig táirgeadh gan dífhoraoisiú, le ról agus cearta na bpobal dúchasach, na bpobal áitiúil, na sealbhóirí beaga agus na micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a admháil agus a neartú, le feabhas a chur ar rialachas agus tionacht talún, le forfheidhmiú an dlí a mhéadú agus le bainistiú inbhuanaithe foraoisí a chur chun cinn, agus béim á leagan ar chleachtais foraoiseachta atá níos gaire don dúlra, bunaithe ar tháscairí agus tairseacha atá bunaithe ar an eolaíocht, éiceathurasóireacht, talmhaíocht aeráid-díonach, éagsúlú, agra-éiceolaíocht agus agrafhoraoiseacht. Agus an méid sin á dhéanamh ag an gCoimisiún, ba cheart dó ról agus cearta na bpobal dúchasach agus na bpobal áitiúil a aithint go hiomlán maidir le foraoisí a chosaint, agus prionsabal an tsaorthoilithe fheasaigh roimh ré á chur san áireamh (FPIC). Ag cur leis an taithí agus leis na ceachtanna a foghlaimíodh i gcomhthéacs na dtionscnamh atá ann cheana, ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit oibriú i dtreo comhpháirtíochtaí le tíortha táirgeachta, arna iarraidh sin dóibh, agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda agus riachtanais áitiúla á gcomhlíonadh agus aird á tabhairt ar na dúshláin atá os comhair feirmeoirí beaga i gcomhréir leis an teachtaireacht maidir le Dlús a Chur le Gníomhaíocht an Aontais chun Foraoisí an Domhain a Chosaint agus a Athbhunú. Ba cheart an cur chuige comhpháirtíochta cuidiú le tíortha táirgeachta agus le codanna díobh foraoise a chosaint, a athbhunú agus a úsáid ar bhealach inbhuanaithe, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le cuspóir an Rialacháin seo dífhoraoisiú agus díghrádú foraoisí a laghdú, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha, faisnéis gheospásúil, agus trí fhothú acmhainní.

(30)

Ba cheart oibreoirí agus trádálaithe a bheith faoi cheangal ag oibleagáidí faoin Rialacháin seo, is cuma cé acu a chuirtear ar fáil ar an margadh iad trí mhodhanna traidisiúnta nó ar líne. Dá bhrí sin, ba cheart a áirithiú leis an Rialachán seo go bhfuil i ngach slabhra soláthair oibreoir de réir bhrí an Rialacháin seo atá bunaithe san Aontas agus gur féidir é a chur faoi dhliteanas i gcás nach gcomhlíontar na hoibleagáidí faoin Rialachán seo. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus a shainaithint an bhfuil gá le sonraíochtaí nó tionscnaimh bhreise amach anseo de bharr forbairtí digiteacha agus teicneolaíocha, de réir mar is iomchuí.

(31)

Gníomhaíocht thábhachtach eile a fógraíodh sa teachtaireacht maidir le Dlús a Chur le Gníomhaíocht an Aontais chun Foraoisí an Domhain a Chosaint agus a Athbhunú is ea bunú Fhaireachlann an Aontais um an dífhoraoisiú, an díghrádú foraoisí, athruithe i gcumhdach foraoise an domhain agus spreagthóirí comhlachaithe (‘Faireachlann an Aontais’) a sheol an Coimisiún chun faireachán níos fearr a dhéanamh ar athruithe i gcumhdach foraoise an domhain agus i spreagthóirí gaolmhara. Agus í ag cur le huirlisí faireacháin, lena n-áirítear táirgí Copernicus agus foinsí atá ar fáil go poiblí nó go príobháideach, ba cheart d’Fhaireachlann an Aontais éascaíocht a dhéanamh ar rochtain ar fhaisnéis maidir le slabhraí soláthair le haghaidh eintitis phoiblí, tomhaltóirí agus gnólachtaí, agus sonraí agus faisnéis intuigthe á soláthar lena nasctar an dífhoraoisiú, an díghrádú foraoisí, agus athruithe i gcumhdach foraoise an domhain le héileamh an Aontais ar thráchtearraí agus ar tháirgí agus le trádáil an Aontais lena n-aghaidh. Dá réir sin, ba cheart d’Fhaireachlann an Aontais tacú go díreach le cur chun feidhme an Rialacháin seo trí fhianaise eolaíoch a sholáthar maidir leis an dífhoraoisiú domhanda agus an díghrádú foraoisí agus trádáil ghaolmhar. Ba cheart d’Fhaireachlann an Aontais léarscáileanna téamacha a sholáthar, lena n-áirítear léarscáil cumhdaigh talún le hamshraitheanna ón scoithdháta a shainmhínítear sa Rialachán seo, agus raon aicmí lenar féidir comhdhéanamh tírdhreacha a scrúdú. Ba cheart d’Fhaireachlann an Aontais a bheith rannpháirteach i bhforbairt córais réamhrabhaidh ina gcomhcheanglófar an acmhainneacht taighde agus faireacháin. Maidir leis an Rialachán seo, nuair is indéanta go teicniúil, ba cheart é a bheith mar chuspóir ag an gcóras luathrabhaidh a bheith mar chuid d’ardán lena bhféadfaí cúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla, d’oibreoirí, do thrádálaithe agus do na geallsealbhóirí ábhartha eile agus lena bhféadfaí faireachán leanúnach agus luathfhógra a sholáthar maidir le dífhoraoisiú féideartha nó gníomhaíochtaí díghrádaithe foraoisí, agus ba cheart é a bheith oibríochtúil a luaithe is féidir. Ba cheart d’Fhaireachlann an Aontais comhoibriú leis na húdaráis inniúla, leis na heagraíochtaí agus comhlachtaí idirnáisiúnta ábhartha, le hinstitiúidí taighde, le heagraíochtaí neamhrialtasacha, le hoibreoirí, le trádálaithe, le tríú tíortha agus le geallsealbhóirí ábhartha eile.

(32)

Leis an gcreat dlíthiúil de chuid an Aontais atá ann cheana dírítear ar dhul i ngleic le lománaíocht neamhdhleathach agus ar thrádáil chomhlachaithe agus ní thugtar aghaidh ar an dífhoraoisiú go díreach. Is é atá ann Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), agus Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 (8). Rinneadh meastóireacht ar an dá Rialachán i Seiceáil Oiriúnachta lenar cinneadh, cé go raibh tionchar dearfach ag an reachtaíocht ar rialachas foraoise, nár comhlíonadh cuspóirí ceachtar Rialachán – eadhon lománaíocht neamhdhleathach agus trádáil ghaolmhar a stopadh, agus laghdú a dhéanamh ar thomhaltas adhmaid a lománaíodh go neamhdhleathach san Aontas – agus thángthas ar an gconclúid nár leordhóthanach díriú ar dhlíthiúlacht adhmaid amháin chun na cuspóirí socraithe a chomhlíonadh.

(33)

Deimhnítear leis na tuarascálacha atá ar fáil go bhfuil cuid shuntasach den dífhoraoisiú leanúnach dlíthiúil i gcomhréir le dlíthe na tíre táirgthe. Le tuarascáil ó Thionscnamh Trádála agus Airgeadais an Bheartais Foraoise a foilsíodh i mí na Bealtaine 2021 meastar gurb amhlaidh idir 2013 agus 2019 a bhí thart ar 30 % den dífhoraoisiú a bhí dírithe ar an talmhaíocht tráchtála i dtíortha trópaiceacha dlíthiúil. Sna sonraí atá ar fáil is gnách go ndírítear ar thíortha ag a bhfuil rialachas lag — d’fhéadfadh sé go mbeadh an sciar domhanda den dífhoraoisiú atá neamhdhleathach ní b’ísle, ach soláthraítear sonraí soiléire iontu cheana lena léirítear go ndéantar dochar d’éifeachtacht na mbeart a bhaineann le beartais má fhágtar an dífhoraoisiú atá dlíthiúil sa tír tháirge as an áireamh.

(34)

Leis an measúnú tionchair maidir le bearta beartais féideartha chun aghaidh a thabhairt ar an dífhoraoisiú agus ar an díghrádú foraoisí faoi thionchar an Aontais, le conclúidí ón gComhairle an 16 Nollaig 2019 agus le rún ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Deireadh Fómhair 2020 sainaithnítear go soiléir gur gá an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoisí a bhunú mar na treoirchritéir le haghaidh bearta atá le teacht ón Aontas amach anseo. D’fhéadfadh riosca a bheith ag baint le bheith ag díriú ar an dlíthiúlacht amháin, is é sin go bhféadfadh sé go n-ísleofaí caighdeáin chomhshaoil d’fhonn rochtain a fháil ar an margadh. Dá bhrí sin, leis an gcreat dlíthiúil nua ón Aontas ba cheart aghaidh a thabhairt ar an dlíthiúlacht agus ar cibé acu atá nó nach bhfuil táirgeadh tráchtearraí ábhartha agus táirgí ábhartha gan dífhoraoisiú.

(35)

Ba cheart an sainmhíniú ar ‘gan dífhoraoisiú’ a bheith sách leathan chun an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoisí araon a chumhdach, ba cheart soiléireacht dhlíthiúil a sholáthar leis, agus ba cheart é a bheith intomhaiste bunaithe ar shonraí atá cainníochtúil, oibiachtúil agus aitheanta go hidirnáisiúnta.

(36)

Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart úsáid talmhaíochta a shainmhíniú mar thalamh a úsáid chun críche talmhaíochta. Ina leith sin, ba cheart don Choimisiún treoirlínte a fhorbairt chun léiriú an tsainmhínithe seo a shoiléiriú, go háirithe i ndáil le foraoisí a thiontú go talamh nach úsáid talmhaíochta é an cuspóir atá léi.

(37)

Maidir le córais agrafhoraoiseachta, lena n-áirítear i gcás ina bhfástar barra faoi chumhdach crann, chomh maith le córais agra-fhoraoiseolaíochta, foraoisthréadacha agus agrai-fhoraoisthréadacha, níor cheart a mheas gur foraoisí iad ach gur úsáid talmhaíochta atá i gceist leo, ar measúnú é sin atá i gcomhréir le sainmhínithe FAO.

(38)

Leis an Rialachán seo, ba cheart tráchtearraí a chumhdach a bhfuil tomhaltas an Aontais maidir leo ar an tomhaltas is ábhartha ó thaobh an dífhoraoisiú domhanda agus an díghrádú foraoisí a spreagadh agus ar lena n-aghaidh a d’fhéadfaí na tairbhí is airde in aghaidh luach aonaid na trádála a thabhairt le hidirghabháil bheartais ón Aontas. Athbhreithniú cuimsitheach ar an litríocht eolaíoch ábhartha, eadhon ar phríomhfhoinsí lena meastar tionchar thomhaltas an Aontais ar an dífhoraoisiú domhanda agus lena nasctar an lorg comhshaoil sin le tráchtearraí sonracha, rinneadh é mar chuid den staidéar lena dtacaítear leis an measúnú tionchair don Rialachán seo agus cros-seiceáladh é trí chomhairliúchán forleathan le geallsealbhóirí. Leis an bpróiseas sin soláthraíodh an chéad liosta d’ocht dtráchtearra. Áiríodh adhmad go díreach sa raon feidhme ós rud é gur cumhdaíodh cheana é le Rialachán (AE) Uimh. 995/2010. De réir an pháipéir taighde (9) a foilsíodh le déanaí agus a úsáideadh le haghaidh na hanailíse éifeachtúlachta, seasann seacht dtráchtearra don sciar is mó den dífhoraoisiú faoi thionchar an Aontais i measc na n-ocht dtráchtearra ar a ndearnadh anailís sa pháipéar taighde sin: pailm ola (34,0 %), soighe (32,8 %), adhmad (8,6 %), cócó (7,5 %), caife (7,0 %), eallaí (5,0 %) agus rubar (3,4 %).

(39)

Chun a áirithiú go ngnóthfar cuspóirí an Rialacháin seo, tá sé tábhachtach a áirithiú nach dífhoraoisiú a thiocfaidh as beatha a úsáidtear do bheostoc a thagann laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo. Dá bhrí sin, oibreoirí a chuireann ar an margadh nó a onnmhairíonn táirgí ábhartha a bhfuil eallach iontu nó ar úsáideadh eallach lena ndéanamh, ar eallach é a cothaíodh le táirgí ábhartha a bhfuil tráchtearraí ábhartha iontu nó ar úsáideadh tráchtearraí ábhartha nó táirgí ábhartha eile lena ndéanamh, ba cheart dóibh a áirithiú, mar chuid dá gcóras díchill chuí, gur ó fhoinsí gan dífhoraoisiú a thagann an bheatha sin. Sa chás sin, ba cheart ceanglais geoshuímh faoin Rialachán seo a theorannú do thagairt a dhéanamh do shuíomh geografach gach ceann de na bunaíochtaí inar tógadh an t-eallach, agus níor cheart go mbeidh gá le haon fhaisnéis geoshuíomh don bheatha féin. Má fhaigheann an t-údarás inniúil faisnéis ábhartha nó má chuirtear ar an eolas é faoi fhaisnéis ábhartha, lena n-áirítear faisnéis atá bunaithe ar ábhair imní a bhfuil bunús leo arna gcur isteach ag tríú páirtithe, gurb ann do riosca nach gcomhlíonfaidh an bheatha an Rialachán seo, ba cheart don údarás inniúil faisnéis mhionsonraithe a iarraidh láithreach maidir leis an mbeatha sin. I gcás ina raibh an bheatha faoi réir dícheall cuí cheana féin i gcéim níos luaithe den slabhra soláthair, ba cheart d’oibreoirí sonraisc ábhartha, uimhreacha tagartha na ráiteas ábhartha maidir le dícheall cuí nó aon doiciméadacht ábhartha eile lena léirítear gur ó fhoinse gan dífhoraoisiú í a úsáid mar fhianaise agus d’fhéadfadh sé go gceanglófaí orthu an fhianaise sin a chur ar fáil do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin. Leis an bhfianaise, ba cheart saolré na n-ainmhithe a chumhdach, suas le huasmhéid 5 bliana.

(40)

Á mheabhrú gur cheart úsáid tráchtearraí ábhartha agus táirgí ábhartha athchúrsáilte a spreagadh, agus go gcuirfí ualach díréireach ar oibreoirí dá ndéanfaí na tráchtearraí agus na táirgí sin a áireamh i raon feidhme an Rialacháin seo, ba cheart sean-tráchtearraí agus seantáirgí a bhfuil a saolré tagtha chun críche, agus a dhiúscrófaí mar dhramhaíl murach sin, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo. Níor cheart, áfach, feidhm a bheith aige sin maidir le seachtháirgí áirithe ón bpróiseas monaraíochta.

(41)

Leis an Rialachán seo, ba cheart oibleagáidí maidir le tráchtearraí ábhartha agus le táirgí ábhartha an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoisí a chomhrac go héifeachtach agus chun slabhraí soláthair gan dífhoraoisiú a chur chun cinn, agus cosaint chearta an duine agus chearta na bpobal dúchasach agus áitiúil á gcur san áireamh, san Aontas agus i dtríú tíortha araon.

(42)

Agus measúnú á dhéanamh ar an riosca nach gcomhlíonfar ceanglais an Rialacháin seo i gcás tráchtearraí ábhartha agus táirgí ábhartha a bheartaítear a chur ar an margadh nó a onnmhairiú, ba cheart sáruithe ar chearta an duine a bhaineann le dífhoraoisiú agus díghrádú foraoisí, lena n-áirítear sáruithe ar chearta pobal dúchasach, pobal áitiúil agus sealbhóirí gnáthcheart tionachta, a chur san áireamh.

(43)

Maidir le roinnt eagraíochtaí agus comhlachtaí idirnáisiúnta, amhail FAO, IPCC, Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe, agus an tAontas Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra, bhí siad gníomhach, agus tugadh comhaontuithe idirnáisiúnta, amhail Comhaontú Pháras agus an Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch i gcrích i réimse an dífhoraoisithe agus an díghrádaithe foraoisí, agus cuirtear leis an obair sin leis na sainmhínithe sa Rialachán seo.

(44)

Leis an Rialachán seo, tá sé ríthábhachtach go dtabharfaí aghaidh freisin ar shaincheist an díghrádaithe foraoise. Ba cheart an sainmhíniú ar dhíghrádú foraoisí a bheith bunaithe ar choincheapa arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta, agus ba cheart a áirithiú go bhféadfaidh oibreoirí agus údaráis inniúla na hoibleagáidí gaolmhara a chomhlíonadh go héasca. Ba cheart na hoibleagáidí sin a bheith intomhaiste agus infhíoraithe ó thaobh oibriú de, chomh maith le bheith soiléir agus gan débhrí, chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar. Sa chomhthéacs sin, leis an Rialachán seo, ba cheart díriú ar phríomheilimintí an díghrádaithe foraoisí atá intomhaiste agus infhíoraithe, agus atá an-ábhartha chun tionchair chomhshaoil a sheachaint, bunaithe ar na sonraí eolaíocha is cothroime le dáta. Chun na críche sin, ba cheart an sainmhíniú ar dhíghrádú foraoisí a thógáil ar choincheapa a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta agus atá sainmhínithe ag FAO. Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an sainmhíniú ar dhíghrádú foraoisí, i gcomhréir leis an Rialachán seo, chun a mheas cibé acu ar cheart nó nár cheart an sainmhíniú a leathnú chun raon feidhme níos leithne de spreagthóirí díghrádaithe foraoisí agus d’éiceachórais foraoisí ar fud an domhain a chumhdach chun tuilleadh tacaíochta a -thabhairt do chuspóirí comhshaoil an Rialacháin seo, agus an dul chun cinn a rinneadh sa phlé idirnáisiúnta ar an ábhar sin á chur san áireamh, chomh maith le héagsúlacht na n-éiceachóras foraoise agus na gcleachtas ar fud an domhain. Ba cheart an t-athbhreithniú a dhéanamh ar bhonn mionanailíse, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, agus i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha, le heagraíochtaí agus comhlachtaí idirnáisiúnta agus le pobal na heolaíochta.

(45)

Leis an Rialachán seo, ba cheart cothromaíocht chuí a áirithiú idir cosaint a thabhairt d’ionchais dhlisteanacha na n-oibreoirí agus na dtrádálaithe a chuireann tráchtearraí ábhartha agus táirgí ábhartha ar an margadh, nó a onnmhairíonn iad, agus ag an am céanna cur isteach tobann ar shlabhraí soláthair a íoslaghdú, agus an ceart bunúsach maidir le cosaint an chomhshaoil mar a bhunaítear in Airteagal 37 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Chun na críche sin, ba cheart spriocdháta a shocrú chun bunús a sholáthar leis an meastóireacht ar cibé acu a bhí nó nach raibh an talamh lena mbaineann faoi réir an dífhoraoisithe nó an díghrádaithe foraoisí, rud a chiallaíonn nach bhféadfaí aon tráchtearra ná aon táirge faoi raon feidhme an Rialacháin seo a chur ar an margadh, ná a onnmhairiú, dá dtáirgfí iad ar thalamh ar an ndearnadh dífhoraoisiú nó díghrádú foraoisí tar éis an dáta sin.

(46)

Ba cheart an scoithdháta a bheith ag teacht leis na gealltanais idirnáisiúnta atá ann cheana agus a leagtar amach i SDGanna agus i nDearbhú Nua-Eabhrac maidir le Foraoisí, lena saothraítear an uaillmhian dífhoraoisiú a stopadh, foraoisí díghrádaithe a athbhunú agus foraoisiú agus athfhoraoisiú a mhéadú go mór ar fud an domhain faoi 2020, agus dá bhrí sin, ba cheart an 31 Nollaig 2020 a shocrú don scoithdháta sin. Tá an dáta sin comhsheasmhach freisin leis an bhfógra ón gCoimisiún ina raibh sé ar intinn aige dífhoraoisiú a chomhrac sa teachtaireacht maidir le Dlús a chur le Gníomhaíocht an Aontais chun Foraoisí an Domhain a Chosaint agus a Athbhunú, sa Chomhaontú Glas don Eoraip, i Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais 2030 agus sa straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’. I gcomhréir le prionsabal an réamhchúraim, maidir leis an scoithdháta léirithe sa togra ón gCoimisiún ar luaithe é ná dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Roghnaíodh an scoithdháta chun cosc a chur ar luathú gníomhaíochtaí as a n-eascraíonn dífhoraoisiú agus díghrádú foraoisí a thuar idir dáta fógartha an togra ón gCoimisiún agus dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Leis an Rialachán seo, ba cheart an cuspóir comhshaoil atá á shaothrú a admháil agus an scoithdháta atá beartaithe a dheimhniú chun a áirithiú nach gceadaítear do tháirgeoirí agus d’oibreoirí is cúis leis an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoisí le linn thréimhse na caibidlíochta ar an Rialachán seo na tráchtearraí ábhartha agus na táirgí ábhartha lena mbaineann a chur ar an margadh, nó iad a onnmhairiú.

(47)

Maidir leis na teorainneacha ar fheidhmiú na gceart bunúsach agus ar chosaint ionchais dhlisteanacha na n-oibreoirí agus na dtrádálaithe a eascraíonn as rogha an dáta scoite, ba cheart dóibh a bheith comhréireach agus fíor-riachtanach chun cuspóir an leasa ghinearálta maidir le cosaint an chomhshaoil a shaothrú. Chun rannchuidiú leis an gcuspóir sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le tráchtearraí ábhartha agus táirgí ábhartha arna dtáirgeadh roimh dáta theacht i bhfeidhm an Rialachán seo. Le cur i bhfeidhm iarchurtha fhorálacha an Rialachán seo lena rialaítear oibleagáidí d’oibreoirí agus do thrádálaithe a bhfuil sé beartaithe acu tráchtearraí ábhartha agus táirgí ábhartha a chur ar an margadh, nó iad a onnmhairiú, soláthraítear tréimhse réasúnach ama dóibh freisin chun oiriúnú do cheanglais nua an Rialacháin seo.

(48)

Chun neartú a dhéanamh ar rannchuidiú an Aontais leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí a stopadh, agus chun a áirithiú nach gcuirfear táirgí ábhartha ó shlabhraí soláthair a bhaineann leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí ar an margadh, nó nach n-onnmhairítear iad, níor cheart táirgí ábhartha a chur, ná a chur ar fáil ar an margadh, ná a onnmhairiú, mura rud é go bhfuil siad gan dífhoraoisiú agus gur táirgeadh iad i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha na tíre táirgthe. Chun a dheimhniú gurb é sin an cás, ba cheart ráiteas maidir le dícheall cuí a bheith ag gabháil leo i gcónaí.

(49)

Ar bhonn cur chuige córasach, ba cheart d’oibreoirí na bearta iomchuí a dhéanamh chun a shuí go gcomhlíonann na táirgí ábhartha a bheartaíonn siad a chur ar an margadh ceanglais gan dífhoraoisiú agus ceanglais dlíthiúlachta an Rialacháin seo. Chuige sin, ba cheart d’oibreoirí nósanna imeachta um dhícheall cuí a bhunú agus a chur chun feidhme. Ba cheart trí eilimint a áireamh sa nós imeachta um dhícheall cuí, eadhon ceanglais faisnéise, measúnú riosca agus bearta maolaithe riosca, lena ngabhfadh ceanglais maidir le tuairisciú freisin. Ba cheart na córais díchill chuí a dhearadh chun rochtain a sholáthar ar fhaisnéis maidir le foinsí agus le soláthróirí na dtráchtearraí agus na dtáirgí atá á gcur ar an margadh, lena n-áirítear faisnéis lena léirítear go bhfuil na ceanglais maidir le heaspa dífhoraoisithe agus díghrádaithe foraoise agus na ceanglais dlíthiúlachta á gcomhlíonadh, inter alia tríd an tír tháirgthe, nó codanna den tír sin, a shainaithint agus trí chomhordanáidí suímh gheografaigh na ndáileachtaí ábhartha talún a áireamh. Leis na comhordanáidí suímh gheografaigh sin atá ag brath ar uainiú, suíomh agus/nó faire na Cruinne, d’fhéadfaí úsáid a bhaint as sonraí spáis agus seirbhísí a soláthraíodh faoi chlár spáis an Aontais (EGNOS/Galileo agus Copernicus). Ar bhonn na faisnéise sin, ba cheart d’oibreoirí measúnú riosca a dhéanamh. I gcás ina sainaithnítear riosca, ba cheart d’oibreoirí an riosca sin a mhaolú ionas nach mbaintear amach aon riosca nó nach mbaintear amach ach riosca diomaibhseach. Níor cheart cead a bheith ag an oibreoir táirgí ábhartha a chur ar an margadh nó iad a onnmhairiú ach amháin má chinneann an t-oibreoir, tar éis dícheall cuí a fheidhmiú, nach bhfuil aon riosca ann nó níl ach riosca diomaibhseach ann nach gcomhlíonann na táirgí ábhartha an Rialachán seo.

(50)

Agus táirgí á bhfáil, ba cheart iarrachtaí réasúnta a dhéanamh chun a áirithiú go n-íocfar praghas cothrom le táirgeoirí, go háirithe le sealbhóirí beaga, chun ioncam beo a chumasú agus chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an mbochtaineacht mar bhunchúis leis an dífhoraoisiú.

(51)

Ba cheart do na hoibreoirí freagracht a ghlacadh go foirmiúil as comhlíontacht na dtáirgí ábhartha a bheartaíonn siad a chur ar an margadh an Aontais nó a onnmhairiú trí ráitis maidir le dícheall cuí a chur ar fáil. Leis an Rialachán seo ba cheart teimpléad le haghaidh na ráiteas sin a sholáthar. Táthar ag súil leis go n-éascófar leis sin forfheidhmiú an Rialacháin seo trí na húdaráis inniúla agus na cúirteanna mar aon le comhlíontacht ó oibreoirí a mhéadú.

(52)

Chun dea-chleachtas a aithint, d’fhéadfaí scéimeanna deimhniúcháin nó scéimeanna eile atá fíoraithe ag tríú páirtithe a úsáid sa nós imeachta um measúnú riosca, Níor cheart dóibh, áfach, freagracht an oibreora a ionadú a mhéid a bhaineann le dícheall cuí.

(53)

Ba cheart do thrádálaithe a bheith freagrach as faisnéis a bhailiú agus a choimeád lena n-áirithítear trédhearcacht shlabhra soláthair na dtáirgí ábhartha a chuireann siad ar fáil ar an margadh. Tá tionchar suntasach ag trádálaithe nach trádálaithe FBManna iad ar shlabhraí soláthair agus tá ról tábhachtach acu chun a áirithiú go mbeidh na slabhraí soláthair gan dífhoraoisiú. Dá bhrí sin, ba cheart na hoibleagáidí céanna a bheith ar oibreoirí, ba cheart dóibh freagracht a ghlacadh as a áirithiú go comhlíonann na táirgí ábhartha ceanglais an Rialacháin seo, agus ba cheart dóibh a áirithiú, sula gcuirtear na táirgí ábhartha ar fáil ar an margadh, go ndearna siad dícheall cuí a fheidhmiú i gcomhréir leis an Rialachán seo agus gur chinn siad nach bhfuil aon riosca ann nó níl ach riosca diomaibhseach ann nach gcomhlíonann na táirgí ábhartha an Rialachán seo.

(54)

Chun an trédhearcacht a chothú agus forfheidhmiú a éascú, ba cheart d’oibreoirí nach dtagann faoi chatagóir FBManna, lena n-áirítear micrifhiontar, ná daoine nádúrtha, ar bhonn bliantúil, tuairisciú go poiblí ar a gcóras díchill chuí, lena n-áirítear maidir leis na bearta a rinneadh chun a n-oibleagáidí a chomhlíonadh.

(55)

Ba cheart oibreoirí a bheith in ann ábhair imní a bhfuil bunús leo a fháil ó pháirtithe leasmhara, lena n-áirítear trí mheán leictreonach, agus ba cheart dóibh imscrúdú críochnúil a dhéanamh ar na hábhair imní uile a bhfuil bunús leo a fuarthas.

(56)

Maidir le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais lena bhforáiltear ceanglais maidir le dícheall cuí sa slabhra luacha maidir le drochthionchair ar chearta an duine nó ar an gcomhshaol, ba cheart feidhm a bheith acu a mhéid nach ann d’aon fhoráil shonrach leis an gcuspóir, leis an gcineál agus leis an éifeacht chéanna sa Rialachán seo a fhéadfar a oiriúnú i bhfianaise leasuithe amach anseo ar ghníomhartha dlí de chuid an Aontais. Níor cheart cur i bhfeidhm ionstraimí reachtacha eile ón Aontas, lena leagtar síos ceanglais maidir le dícheall cuí i leith an tslabhra luacha, a eisiamh de thoradh gurb ann don Rialachán seo. I gcás ina ndéanfar foráil leis na gníomhartha dlí de chuid an Aontais maidir le forálacha níos sonraí nó ina gcuirfear ceanglais leo leis na forálacha a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart na forálacha sin a chur i bhfeidhm i gcomhar le forálacha an Rialacháin seo. Thairis sin, i gcás ina mbeidh forálacha níos sonraí sa Rialachán seo, níor cheart iad a léirmhíniú ar bhealach lena ndéantar dochar do chur i bhfeidhm éifeachtach ionstraimí reachtacha eile ón Aontas maidir le dícheall cuí nó do bhaint amach a n-aidhme ginearálta. Ba cheart an Coimisiún a bheith in ann treoirlínte soiléire agus éasca le tuiscint a eisiúint le go ndéanfaidh oibreoirí agus trádálaithe, FBManna ach go háirithe, an Rialachán seo a chomhlíonadh.

(57)

Trí chearta na bpobal dúchasach i ndáil le foraoisí agus prionsabal FPIC a urramú, lena n-áirítear mar a leagtar amach i nDearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le cearta na bpobal dúchasach, rannchuidítear leis an mbithéagsúlacht a chosaint, leis an athrú aeráide a mhaolú agus le haghaidh a thabhairt ar na hábhair imní a bhaineann le leas an phobail. Tá eolas traidisiúnta ag pobail dhúchasacha ar luach éiceolaíochta agus leighis, agus is minic a mbíonn siad ina samhail d’úsáid inbhuanaithe acmhainní foraoise. D’fhéadfadh sé sin cur le caomhnú in situ, i gcomhréir le CBD. Ina theannta sin, tugtar le fios i staidéir go bhfuil dhá ról ag pobail dhúchasacha a bhfuil cónaí orthu i bhforaoisí maidir leis an athrú aeráide a chomhrac: ar an gcéad dul síos, is gnách go seasann siad i gcoinne áitiú agus dhífhoraoisiú na dtailte ar a bhfuil siad ina gcónaí ar feadh na nglún; agus ar an dara dul síos, measann roinnt pobal dúchasach go bhfuil siad freagrach as na foraoisí a chosaint chun an t-athrú aeráide a mhaolú.

(58)

Maidir leis na prionsabail a leagtar amach i nDearbhú Rio 1992 maidir leis an gComhshaol agus leis an bhForbairt de chuid na Náisiún Aontaithe, go háirithe, Prionsabal 10 maidir le tábhacht fheasacht agus rannpháirtíocht an phobail i saincheisteanna comhshaoil agus Prionsabal 22 maidir le ról ríthábhachtach na bpobal dúchasach i mbainistiú agus i bhforbairt an chomhshaoil, tá siad tábhachtach i gcomhthéacs bainistiú inbhuanaithe foraoisí a áirithiú.

(59)

Forbraíodh coincheap FPIC don phobal dúchasacha thar na blianta ó formheasadh Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair 1989 (Uimh. 169) maidir le Daoine Dúchasacha agus Treibhacha agus léirítear é i nDearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach a Chosaint. Is é is aidhm dó a bheith ina choimirce chun a áirithiú go ndéanfar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ar phobail dhúchasacha a mheas i bpróiseas cinnteoireachta na dtionscadal a dhéanann difear dóibh.

(60)

Oibreoirí a thagann faoi raon feidhme gníomhartha dlí de chuid an Aontais lena leagtar amach ceanglais maidir le dícheall cuí sa slabhra luacha maidir le drochthionchair ar chearta an duine nó le drochthionchair chomhshaoil, ba cheart dóibh a bheith in ann na hoibleagáidí tuairiscithe faoin Rialachán seo a chomhlíonadh tríd an bhfaisnéis a cheanglaítear a áireamh agus tuairisciú á dhéanamh faoi ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais.

(61)

Ba cheart an fhreagracht as an Rialachán seo a fhorfheidhmiú a bheith ag na Ballstáit, agus ba cheart a cheangal ar údaráis inniúla na mBallstát a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo go hiomlán. Forfheidhmiú aonfhoirmeach ar an Rialachán seo a mhéid a bhaineann le táirgí ábhartha a bheith á dtabhairt isteach sa mhargadh nó á gcur amach as, ní féidir é a bhaint amach ach amháin trí mhalartú faisnéise agus comhar córasach idir na húdaráis inniúla, na húdaráis chustaim agus an Coimisiún.

(62)

Tá cur chun feidhme agus forfheidhmiú éifeachtach agus éifeachtúil an Rialacháin seo fíor-riachtanach chun a spriocanna a bhaint amach. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún córas faisnéise a chur ar bun agus a bhainistiú chun tacú leis na hoibreoirí agus leis na húdaráis inniúla an fhaisnéis is gá a chur i láthair agus a rochtain maidir le táirgí ábhartha a chuirtear ar an margadh. Ba cheart do na hoibreoirí na ráitis maidir le dícheall cuí a chur isteach tríd an gcóras faisnéise. Ba cheart an córas faisnéise a bheith inrochtana ag na húdaráis inniúla agus ag na húdaráis chustaim chun éascaíocht a dhéanamh ar a n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo agus ba cheart aistrithe faisnéise idir na Ballstáit, údaráis inniúla agus údaráis chustaim a éascú leis. Maidir leis na sonraí nach bhfuil íogair ó thaobh na tráchtála de a bheith inrochtana ag pobal níos leithne freisin, faoi réir na sonraí a bheith anaithnidithe – seachas faisnéis a bhaineann le liosta na mbreithiúnas deiridh i gcoinne daoine dlítheanacha a dhéanann sáruithe ar an Rialachán seo agus na pionóis a fhorchuirtear orthu – ba cheart iad a sholáthar i bhformáid oscailte mheaisín-inléite i gcomhréir le Beartas Sonraí Oscailte an Aontais mar a leagtar amach i dTreoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

(63)

Maidir leis na táirgí ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as, ba cheart é a bheith de chúram ar na húdaráis inniúla fíorú a dhéanamh ar chomhlíontacht táirgí ábhartha leis an Rialachán seo bunaithe, inter alia, ar na ráitis maidir le dícheall chuí arna dtíolacadh ag na hoibreoirí. Ba cheart é a bheith mar ról ag na húdaráis chustaim a áirithiú go gcuirfear an tagairt don ráiteas maidir le dícheall cuí ar fáil dóibh i gcás inarb infheidhme. Ina theannta sin, ón tráth a chuirtear an comhéadan leictreonach i bhfeidhm chun faisnéis a mhalartú idir na húdaráis chustaim agus na húdaráis inniúla, ba cheart do na húdaráis chustaim scrúdú a dhéanamh ar stádas an ráitis maidir le dícheall cuí tar éis anailís riosca tosaigh a bheith déanta ag na húdaráis inniúla sa Chóras Faisnéise. Ba cheart do na húdaráis chustaim gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh, amhail tráchtearra ábhartha nó táirge ábhartha a chur ar fionraí nó a dhiúltú má iarrtar orthu amhlaidh a dhéanamh ar bhonn stádas an ráitis maidir le dícheall cuí sa Chóras Faisnéise. Fágann an t-eagrú sonrach sin ar rialuithe nach bhfuil Caibidil VII de Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) infheidhme a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú an Rialacháin seo.

(64)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh acmhainní airgeadais leordhóthanacha ar fáil i gcónaí chun foireann agus trealamh a sholáthar go hiomchuí do na húdaráis inniúla. Tá ardleibhéal acmhainní ag teastáil chun seiceálacha a dhéanamh go héifeachtúil agus ba cheart acmhainní cobhsaí a sholáthar ar leibhéal atá iomchuí maidir le riachtanais an fhorfheidhmithe ag aon tráth ar leith. Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit an maoiniú poiblí a fhorlíonadh trí na costais a thabhaítear agus seiceálacha á ndéanamh i ndáil le tráchtearraí ábhartha agus le táirgí ábhartha, a suíodh a bheith neamhchomhlíontach, a éileamh ar ais ó na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha.

(65)

Tá an Rialachán seo gan dochar do ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais maidir le hearraí agus le táirgí a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as, go háirithe Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) Chód Custaim an Aontais a mhéid a bhaineann le cumhachtaí na n-údarás custaim agus le rialuithe custaim. Ba cheart a mheabhrú d’allmhaireoirí go bhforáiltear le hAirteagail 220, 254, 256, 257 agus 258 den Rialachán sin go bhfuil táirgí atá á dtabhairt isteach sa mhargadh a gceanglaítear tuilleadh próiseála a dhéanamh orthu le cur faoin nós imeachta custaim iomchuí lena gcumasaítear an phróiseáil sin. Go ginearálta, níor cheart scaoileadh i saorchúrsaíocht ná onnmhairiú a mheas ina chruthúnas ar chomhlíonadh dhlí an Aontais, toisc nach gá go n-áirítear rialú iomlán ar chomhlíontacht le scaoileadh ná le honnmhairiú den sórt sin.

(66)

Chun próiseas rialúcháin na dtáirgí ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as a bharrfheabhsú, lena n-áirítear tríd an ualach riaracháin a bhaint den phróiseas, is gá comhéadan leictreonach idir-inoibritheach a chur ar bun lena gcumasaítear an t-aistriú sonraí uathoibríoch idir córais chustaim agus córas faisnéise na n-údarás inniúil. Is é Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custam an t-iarrthóir nádúrtha chun na haistrithe sonraí sin a chumasú. Ba cheart an comhéadan a bheith an-uathoibrithe agus so-úsáidte, agus ba cheart dóibh próisis a éascú do na húdaráis chustaim agus na hoibreoirí. Thairis sin, i bhfianaise na ndifríochtaí teoranta idir na sonraí atá le cur ar fáil d’údaráis chustaim agus atá le háireamh sa ráiteas maidir le dícheall cuí, is iomchuí cur chuige ‘gnólacht-chuig-rialtas’ a mholadh ina ndéanann trádálaithe agus oibreoirí eacnamaíocha an ráiteas maidir le dícheall cuí de chuid táirge ábhartha a chur ar fáil trí thimpeallacht ionad ilfhreastail náisiúnta do chustaim agus ina ndéantar an ráiteas sin a tharchur go huathoibríoch chuig an gcóras faisnéise faoin Rialachán seo atá in úsáid ag na húdaráis inniúla. Ba cheart do na húdaráis chustaim agus do na húdaráis inniúla rannchuidiú leis na sonraí atá le tarchur a chinneadh mar aon le haon cheanglas teicniúil eile.

(67)

Athraíonn an riosca a bhaineann le táirgí neamhchomhlíontacha a bheith á gcur ar an margadh nó á n-onnmhairiú ag brath ar an tráchtearra agus an táirge agus ar a thír thionscnaimh agus tháirgthe nó codanna díobh. Oibreoirí a fhoinsíonn tráchtearraí agus táirgí ó thíortha nó ó chodanna díobh lena mbaineann ísealriosca maidir le tráchtearraí ábhartha a fhás, a lománú nó a tháirgeadh de shárú ar an Rialachán seo, ba cheart dóibh a bheith faoi réir níos lú oibleagáidí, rud a laghdaíonn costais chomhlíontachta agus an t-ualach riaracháin, mura rud é go bhfuil a fhios ag an oibreoir nó go bhfuil cúis aige le creidiúint gur ann do rioscaí nach gcomhlíonfar an Rialachán seo. I gcás ina dtiocfaidh údarás inniúil ar an eolas faoi riosca go bhfuiltear ag teacht timpeall ar an Rialachán seo, mar shampla i gcás ina ndéantar tráchtearra ábhartha nó táirge ábhartha a táirgeadh i dtír ardriosca a phróiseáil ina dhiaidh sin i dtír ísealriosca nó codanna di agus óna gcuirtear ar an margadh é nó óna dtagann sé isteach nó óna gcuirtear amach as an margadh é, agus ina léireofar sa ráiteas maidir le dícheall cuí nó sa dearbhú custaim gur táirgeadh an tráchtearra ábhartha nó an táirge ábhartha i dtír ísealriosca, ba cheart don údarás inniúil a fhíorú, trí bhíthin seiceálacha breise, an ann do neamhchomhlíonadh agus, más gá, gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh, amhail an tráchtearra ábhartha nó an táirge ábhartha a urghabháil agus cur ar na margadh nó onnmhairiú an tráchtearra ábhartha nó an táirge ábhartha a chur ar fionraí, chomh maith le seiceálacha breise a dhéanamh. Ba cheart a cheangal ar na húdaráis inniúla grinnscrúdú feabhsaithe a chur i bhfeidhm maidir le tráchtearraí ábhartha agus táirgí ábhartha ó thíortha ardriosca nó ó chodanna díobh.

(68)

Thairis sin, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar riosca an dífhoraoisithe agus an díghrádaithe foraoisí ar leibhéal tíre nó codanna di bunaithe ar réimse critéar lena léirítear sonraí cainníochtúla, oibiachtúla agus sonraí a aithnítear go hidirnáisiúnta, agus ar thásca go bhfuil na tíortha rannpháirteach go gníomhach sa chomhrac in aghaidh an dífhoraoisithe agus an díghrádaithe foraoisí. Le faisnéis tagarmharcála den sórt sin ba cheart a éascú d’oibreoirí san Aontas dícheall cuí a fheidhmiú agus do na húdaráis inniúla faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht agus í a fhorfheidhmiú, agus dreasacht á soláthar freisin do thíortha táirgeachta chun inbhuanaitheacht a gcóras táirgeachta talmhaíochta a mhéadú agus a dtionchar dífhoraoisithe a laghdú. Ba cheart an méid sin a bheith ina chuidiú le cur le trédhearcacht agus le hinbhuanaitheacht slabhraí soláthair. Ba cheart an córas tagarmharcála sin a bheith bunaithe ar chóras trí-chiseal chun tíortha a aicmiú mar thíortha ísealriosca, riosca chaighdeánaigh nó ardriosca. Chun trédhearcacht agus soiléireacht iomchuí a áirithiú, ba cheart don Choimisiún, go háirithe, na sonraí atá á n-úsáid le haghaidh na tagarmharcála, na cúiseanna le hathrú beartaithe an aicmithe agus freagra na tíre lena mbaineann, a chur ar fáil go poiblí. Le haghaidh táirgí ábhartha ó thíortha ísealriosca nó codanna díobh, ba cheart a cheadú d’oibreoirí dícheall cuí simplithe a fheidhmiú. Maidir le táirgí ábhartha ó thíortha ardriosca nó codanna díobh ba cheart a cheangal ar na húdaráis inniúla grinnscrúdú feabhsaithe a chur i bhfeidhm. Ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na tíortha nó codanna díobh a shuíomh, lena mbaineann ísealriosca nó ardriosca.

(69)

Ba cheart don Choimisiún comhoibriú le tíortha a aicmítear nó a d’fhéadfaí a aicmiú mar thíortha ardriosca, agus le geallsealbhóirí ábhartha sna tíortha sin, chun oibriú i dtreo leibhéal an riosca a laghdú.

(70)

Ba cheart do na húdaráis inniúla seiceálacha a dhéanamh ag eatraimh thráthrialta ar oibreoirí agus ar thrádálaithe chun a fhíorú go gcomhlíonann siad go héifeachtach na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo. Thairis sin, ba cheart do na húdaráis inniúla seiceálacha a dhéanamh ar bhonn faisnéise ábhartha atá ina seilbh acu, lena n-áirítear ábhair imní a bhfuil bunús leo arna gcur isteach ag tríú páirtithe. Ba cheart sainaithint na seiceálacha a bheidh le déanamh a bheith bunaithe ar chur chuige rioscabhunaithe. Maidir leis na táirgí ábhartha ó thíortha nó codanna díobh a aicmítear mar thíortha ardriosca, na hoibreoirí agus na trádálaithe faoi seach agus méideanna a sciar de thráchtearraí ábhartha agus de tháirgí ábhartha, ba cheart feidhm a bheith ag cur chuige dúbailte lena soláthraítear cumhdach cuimsitheach. Dá bhrí sin, ba cheart a cheangal ar na húdaráis inniúla seiceáil a dhéanamh ar chéatadán áirithe d’oibreoirí agus de thrádálaithe, agus céatadán sonrach de tháirgí ábhartha á chumhdach san am céanna. Maidir le táirgí ábhartha ó thíortha nó ó chodanna díobh a aicmítear mar riosca íseal nó caighdeánach, ba cheart a cheangal ar na húdaráis inniúla céatadán áirithe d’oibreoirí agus de thrádálaithe ar a laghad a sheiceáil. Ba cheart leibhéal na seiceálacha a bheith níos airde i gcás táirgí ábhartha ó thíortha ardriosca nó ó chodanna díobh, ach d’fhéadfadh an leibhéal sin a bheith níos ísle i gcás tíortha lena mbaineann riosca caighdeánach nó íseal nó codanna díobh. Ina athbhreithniú ar an Rialachán, ba cheart don Choimisiún cuspóirí cainníochtaithe a shainaithint agus a mheas do na seiceálacha bliantúla a bheidh le déanamh ag údaráis inniúla atá iomchuí chun forfheidhmiú an Rialacháin seo agus cur chuige comhchuibhithe ar fud an Aontais a áirithiú.

(71)

Le seiceálacha na n-oibreoirí agus na dtrádálaithe arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla, ba cheart na córais díchill chuí agus comhlíontacht na dtáirgí ábhartha leis an Rialacháin seo a chumhdach. Ba cheart na seiceálacha a bheith bunaithe ar phlean rioscabhunaithe um sheiceálacha ina mbeidh critéir riosca lena gcuirtear ar a gcumas do na húdaráis inniúla anailís riosca a dhéanamh ar na ráitis maidir le dícheall cuí atá curtha isteach ag oibreoirí agus ag trádálaithe. Sna critéir riosca ba cheart a chur san áireamh riosca an dífhoraoisithe atá bainteach le trachtearraí ábhartha sa tír tháirgthe, stair neamhchomhlíontachta na n-oibreoirí agus na dtrádálaithe le hoibleagáidí an Rialacháin seo agus aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil do na húdaráis inniúla. Leis an anailís riosca ar ráitis maidir le dícheall cuí ba cheart na húdaráis inniúla a bheith in ann oibreoirí, trádálaithe agus táirgí ábhartha a bhfuil gá le hiad a sheiceáil a aithint. Ba cheart an anailís riosca sin a dhéanamh ag úsáid teicnící próiseála sonraí leictreonacha sa chóras faisnéise trína gcuirtear na ráitis maidir le dícheall cuí isteach. I gcás inar gá agus inar féidir, ba cheart na húdaráis inniúla, tar éis comhairliúchán agus i ndlúthchomhar le húdaráis i dtríú tíortha, a bheith in ann seiceáileacha in situ a dhéanamh freisin.

(72)

I gcásanna ina nochtfar leis an anailís riosca ar na ráitis maidir le dícheall cuí ardriosca neamhchomhlíontachta táirgí ábhartha sonracha, ba cheart na húdaráis inniúla a bheith in ann bearta eatramhacha a dhéanamh láithreach ionas nach gcuirfear, ná nach gcuirfear ar fáil ar an margadh iad ná nach ndéanfar iad a onnmhairiú. I gcásanna ina raibh na táirgí ábhartha sin á dtabhairt isteach sa mhargadh nó á gcur amach as, ba cheart do na húdaráis inniúla a iarraidh ar na húdaráis chustaim an scaoileadh i saorchúrsaíocht nó an t-onnmhairiú a chur ar fionraí chun é a chur ar a gcumas do na húdaráis inniúla na seiceálacha is gá a dhéanamh. Ba cheart na hiarrataí sin a chur in iúl tríd an gcóras comhéadain idir na húdaráis chustaim agus na húdaráis inniúla. Maidir le fionraí i dtaca le cur ar an margadh nó cur ar fáil air, scaoileadh i saorchúrsaíocht nó onnmhairiú, ba cheart í a theorannú do 3 lá oibre, nó 72 uair an chloig i gcás táirgí ábhartha meatacha, seachas i gcás ina gceanglóidh na húdaráis inniúla am breise chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht na dtráchtearraí ábhartha agus na dtáirgí ábhartha leis an Rialachán seo. I gcásanna den sórt sin, ba cheart do na húdaráis inniúla bearta eatramhacha breise a dhéanamh chun síneadh a chur leis an tréimhse fionraí nó, i gcás ina mbeidh táirgí ábhartha á dtabhairt isteach sa mhargadh nó á gcur amach as, ba cheart dóibh síneadh a iarraidh le ó na húdaráis chustaim.

(73)

Ba cheart do na húdaráis inniúla a gcuid pleananna um sheiceálacha a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta ar bhonn na seiceálacha sin a chur chun feidhme. Na hoibreoirí sin a léiríonn taifead teiste comhsheasmhach ar chomhlíontacht, d’fhéadfaidís a bheith faoi réir seiceálacha nach ndéantar chomh minic céanna.

(74)

Chun cur chun feidhme agus forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart an chumhacht a bheith ag na Ballstáit táirgí neamhchomhlíontacha a tharraingt siar agus a aisghairm agus gníomhaíochtaí ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh. Ba cheart dóibh a áirithiú freisin go bhfuil sáruithe de chuid oibreoirí agus trádálaithe ar an Rialachán seo faoi réir pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha.

(75)

Chun cuntasacht oibreoirí agus trádálaithe a mhéadú, ba cheart don Choimisiún liosta na mbreithiúnas críochnaitheach i gcoinne daoine dlítheanacha i leith sáruithe ar an Rialachán seo agus na pionóis arna bhforchur orthu a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin. D’fhéadfadh an fhaisnéis sin cabhrú le húdaráis inniúla, oibreoirí eile agus trádálaithe a measúnuithe riosca a dhéanamh agus feasacht tomhaltóirí agus na sochaí sibhialta a mhéadú maidir le hoibreoirí agus trádálaithe a sháraíonn an Rialachán seo.

(76)

Beidh acmhainní agus acmhainneacht leordhóthanach ag teastáil chun an Rialachán seo a chur chun feidhme. Sa chomhthéacs sin, sa bhreis ar acmhainní náisiúnta, ba cheart do na Ballstáit deiseanna agus féidearthachtaí tacaíochta atá ar fáil ar leibhéal an Aontais agus trí mhodhanna eile a thapú a oiread agus is féidir, lena n-áirítear cistí comhtháthaithe agus ionstraimí fothaithe acmhainneachta, go háirithe i gcomhthéacs na hIonstraime um Thacaíocht Theicniúil arna bunú le Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14).

(77)

Agus cineál idirnáisiúnta an dífhoraoisithe agus an díghrádaithe foraoisí agus na trádála gaolmhaire á chur san áireamh, ba cheart do na húdaráis inniúla dul i gcomhar le chéile, le húdaráis chustaim na mBallstát, leis an gCoimisiún agus le húdaráis riaracháin tríú tíortha. Ba cheart do na húdaráis inniúla dul i gcomhar freisin leis na húdaráis inniúla chun maoirseacht agus forfheidhmiú a dhéanamh ar ghníomhartha dlí eile ón Aontas lena leagtar amach ceanglais maidir le dícheall cuí sa slabhra luacha maidir le drochthionchair ar chearta an duine nó le drochthionchair chomhshaoil.

(78)

De réir chásdlí socair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is faoi chúirteanna na mBallstát cosaint bhreithiúnach ar chearta duine faoi dhlí an Aontais a áirithiú. Sa bhreis air sin, ceanglaítear le hAirteagal 19(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) ar na Ballstáit leigheasanna a chur ar fáil atá leordhóthanach chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a áirithiú sna réimsí a chumhdaítear le dlí an Aontais. I ndáil leis sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar rochtain ar cheartas a áirithiú don phobal, lena n-áirítear daoine nádúrtha nó dlítheanacha a chuir isteach ábhair imní a bhfuil bunús leo i gcomhréir leis an Rialachán seo, i gcomhréir leis na hoibleagáidí atá aontaithe ag na Ballstáit mar pháirtithe i gCoinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil an 25 Meitheamh 1998 (‘Coinbhinsiún Aarhus’).

(79)

Chun a áirithiú go mbeidh an Rialachán seo ábhartha agus i gcomhréir i gcónaí le forbairtí trádála, eolaíocha agus teicneolaíocha, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 de CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis an liosta de chóid AC de tháirgí ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (15). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(80)

Le Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 toirmisctear adhmad agus táirgí adhmaid a lománaíodh go neamhdhleathach a chur ar mhargadh an Aontais. Leagtar síos leis oibleagáidí le haghaidh oibreoirí a chuireann adhmad ar an margadh den chéad uair dícheall cuí a fheidhmiú agus ar thrádálaithe taifead inrianaithe dá soláthróirí agus dá gcustaiméirí a choimeád. Leis an Rialachán seo ba cheart an oibleagáid a choinneáil chun dlíthiúlacht táirgí ábhartha a áirithiú, lena n-áirítear adhmad agus táirgí adhmaid, a chuirtear ar an margadh agus ba cheart an oibleagáid sin a chomhlánú leis an gceanglas maidir le hinbhuanaitheacht. Dá bhrí sin, fágann Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 nach bhfuil feidhm feasta ag an Rialachán seo ná ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 607/2012 (16) ón gCoimisiún agus ba cheart iad a aisghairm. Is ionann iad adhmad agus táirgí adhmaid mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 iad agus adhmad agus táirgí adhmaid a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus a bhfuil adhmad iontu nó ar úsáideadh adhmad lena ndéanamh.

(81)

Le Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 bunaítear scéim ceadúnúcháin dar teideal ‘Forfheidhmiú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí’ (FLEGT) le haghaidh allmhairí adhmaid isteach san Aontas. Cuirtear an scéim ceadúnúcháin chun feidhme trí chomhaontuithe comhpháirtíochta deonaí le tíortha táirgthe adhmaid, a bhfuil sé mar aidhm leo stop a chur leis an lománaíocht neamhdhleathach agus feabhas a chur ar rialachas foraoise agus ar thrádáil ghaolmhar. Leis an Rialachán seo, ba cheart cur leis na torthaí dearfacha a baineadh amach faoi FLEGT, go háirithe i dtéarmaí rannpháirtíocht fheabhsaithe na ngeallsealbhóirí agus rialachas foraoise feabhsaithe. D’fhéadfadh comhaontuithe comhpháirtíochta deonaí, i gcásanna sonracha, an Rialachán seo a chomhlánú maidir le dlíthiúlacht táirgí adhmaid. Chun gealltanais dhéthaobhacha leanúnacha a urramú agus chun an dul chun cinn atá bainte amach le tíortha comhpháirtíochta ag a bhfuil córas oibriúcháin i bhfeidhm (céim cheadúnúcháin FLEGT) a chaomhnú agus chun oibriú, i gcás inarb ábhartha agus comhaontaithe, le comhpháirtithe reatha comhaontuithe comhpháirtíochta deonaí chun an chéim sin a bhaint amach, ba cheart foráil a áireamh sa Rialachán seo lena ndearbhaítear go measfar an ceanglas dlíthiúlachta faoi Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 a bheith á chomhlíonadh le hadhmad agus le táirgí adhmaid a chumhdaítear le ceadúnas FLEGT bailí.

(82)

Cé go dtugtar aghaidh leis an Rialachán seo ar an dífhoraoisiú agus ar an díghrádú foraoisí, mar a bheartaítear i dteachtaireacht ‘Stepping up EU Action to Protect and Restore the World’s Forests’ [Dlús a Chur le Gníomhaíocht an Aontais chun Foraoisí an Domhain a Chosaint agus a Athbhunú], níor cheart tiontú ná díghrádú éiceachóras nádúrtha eile eascairt as cosaint foraoisí. Maidir le héiceachórais, lena n-áirítear éiceachórais bhainistithe, amhail bogaigh, sabhánaí agus tailte portaigh, tá an-tábhacht leo maidir le hiarrachtaí domhanda chun an t-athrú aeráide agus géarchéim na bithéagsúlachta a chomhrac, mar aon le SDGanna eile, agus tá gá, mar ábhar práinne, le gníomhaíocht ar leith a mhéid a bhaineann lena dtiontú nó lena ndíghrádú agus ní mór iad a chosc. I bhfianaise lorg an Aontais ar éiceachórais nádúrtha neamhfhoraoise, ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chuig coillearnach eile ar a dhéanaí bliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus, i gcás inarb iomchuí, ba cheart togra reachtach a thíolacadh maidir leis. Ina theannta sin, tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis dháta an teachta i bhfeidhm, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh agus, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a thíolacadh chun raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chuig éiceachórais nádúrtha eile, lena n-áirítear talamh eile ina bhfuil stoic mhóra charbóin agus lena mbaineann luach ard bithéagsúlachta, amhail féarthailte, tailte portaigh agus bogaigh. Tá éiceachórais neamh-fhoraoise faoi bhrú níos mó a mhéid a bhaineann lena dtiontú agus lena ndíghrádú i ngeall ar tháirgeadh tráchtearraí do mhargadh an Aontais. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh freisin ar an ngá atá leis an raon feidhme a leathnú chuig tráchtearraí breise agus ar a indéanta atá sé an méid sin a dhéanamh, ar a dhéanaí 2 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. An tráth céanna, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh freisin ar liosta de chóid AC de tháirgí ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

(83)

Ag cur san áireamh an iarraidh a rinne Parlaimint na hEorpa ina rún ‘An EU legal framework to halt and reverse EU-driven global deforestation’ [Creat dlíthiúil AE chun dífhoraoisiú domhanda faoi thionchar an Aontais a stopadh agus a aisiompú] an 22 Deireadh Fómhair 2020 agus ó fhormhór mór beagnach 1,2 milliún rannpháirtí i gcomhairliúchán poiblí an Choimisiúin, ba cheart don Choimisiún a mheastóireacht agus a thogra reachtach féideartha a dhíriú ar leathnú raon feidhme an Rialacháin seo chuig éiceachórais neamhfhoraoise agus ar a dtiontú agus a ndíghrádú.

(84)

I gcás, chun críocha an Rialacháin seo, inar gá sonraí pearsanta a phróiseáil, is gá déileáil leis na sonraí sin i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta. Tá aon phróiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán seo faoi réir Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), de réir mar is infheidhme.

(85)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoisí a chomhrac trí laghdú a dhéanamh ar rannchuidiú an tomhaltais san Aontas, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 de CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(86)

Ba cheart tréimhse réasúnach a thabhairt d’oibreoirí, do thrádálaithe agus do na húdaráis inniúla chun iad féin a ullmhú chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL 1

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo leagtar síos rialacha maidir le táirgí ábhartha, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I, a bhfuil tráchtearraí ábhartha eadhon eallach, cócó, caife, pailm ola, rubar, soighe agus adhmad iontu, a cothaíodh leis na tráchtearraí sin nó ar úsáideadh tráchtearraí ábhartha lena ndéanamh, a chur agus a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas, d’fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

rannchuidiú an Aontais le dífhoraoisiú agus le díghrádú foraoisí ar fud an domhain a íoslaghdú, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le dífhoraoisiú domhanda a laghdú;

(b)

rannchuidiú an Aontais le hastaíochtaí gáis ceaptha teasa agus le cailliúint na bithéagsúlachta dhomhanda a laghdú.

2.   Ach amháin mar a fhoráiltear in Airteagal 37(3), níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le táirgí ábhartha a liostaítear in Iarscríbhinn I agus a táirgeadh roimh an dáta a shonraítear in Airteagal 38(1).

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘tráchtearraí ábhartha’ eallach, cócó, caife, pailm ola, rubar, soighe agus adhmad;

(2)

ciallaíonn ‘táirgí ábhartha’ táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a bhfuil tráchtearraí ábhartha iontu, a cothaíodh leis na tráchtearraí sin nó ar úsáideadh tráchtearraí ábhartha lena ndéanamh;

(3)

ciallaíonn ‘dífhoraoisiú’ tiontú foraoise go húsáid talmhaíochta, cé acu de thoradh an duine nó ar bhealach eile;

(4)

ciallaíonn ‘foraois’ talamh is fairsinge ná 0,5 heicteár agus í faoi chrainn is airde ná 5 mhéadar agus clúdach téastair aici is mó ná 10 %, nó faoi chrainn atá in ann na tairseacha sin a bhaint amach in situ, seachas talamh atá faoi úsáid talmhaíochta nó úsáid talún uirbí den chuid is mó;

(5)

ciallaíonn ‘úsáid talmhaíochta’ talamh a úsáid chun críche talmhaíochta, lena n-áirítear le haghaidh plandálacha talmhaíochta agus limistéir thalmhaíochta curtha ar leataobh, agus le haghaidh beostoc a thógáil;

(6)

ciallaíonn ‘plandálacha talmhaíochta’ talún ar a bhfuil clampa crann i gcórais táirgeachta talmhaíochta, amhail plandálacha crann torthaí, plandálacha pailme ola, úlloird olóige agus córais agrafhoraoiseachta ina bhfuil barra ag fás faoi bhrat crann. Áirítear leis plandálacha uile na dtráchtearraí ábhartha seachas adhmad; eisiatar plandálacha talmhaíochta ón sainmhíniú ar ‘foraois’;

(7)

ciallaíonn ‘díghrádú foraoisí’ athruithe struchtúracha ar chumhdach foraoise, atá i bhfoirm amháin de na tiontuithe seo a leanas:

(a)

tiontú foraoisí príomhúla nó foraoisí a athghintear go nádúrtha ina bhforaoisí plandála nó ina gcoillearnach eile; nó

(b)

tiontú foraoisí príomhúla ina bhforaoisí a cuireadh;

(8)

ciallaíonn ‘foraois phríomhúil’ foraois a athghintear go nádúrtha de speicis chrainn dhúchasacha, i gcás nach bhfuil aon táscairí le feiceáil go soiléir ar ghníomhaíochtaí an duine agus nach gcuirtear isteach go mór ar na próisis éiceolaíocha;

(9)

ciallaíonn ‘foraois a athghintear go nádúrtha’ foraois atá comhdhéanta den chuid is mó de chrainn a bhunaítear trí athghiniúint nádúrtha; áirítear leis aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

foraoisí nach féidir idirdhealú a dhéanamh ina leith cibé acu atá plandaithe nó athghinte go nádúrtha;

(b)

foraoisí ina bhfuil meascán de speicis de chrainn dhúchasacha a athghintear go nádúrtha agus crainn phlandaithe nó síolaithe, agus ina meastar gurb iad na crainn a athghintear go nádúrtha an chuid is mó den stoc atá ag fás tráth aibíocht na gclampaí;

(c)

roschoill ó chrainn a bunaíodh ar dtús trí athghiniúint nádúrtha;

(d)

crainn athghinte go nádúrtha de speicis a tugadh isteach;

(10)

ciallaíonn ‘foraois a cuireadh’ foraois arb é atá inti den chuid is mó crainn a bunaíodh trí chur agus/nó trí shíolú d’aon turas, ar choinníoll go bhfuiltear ag súil leis gurb é a bheidh sna crainn a cuireadh nó a síolaíodh níos mó ná 50 % den stoc fáis tráth a n-aibíochta; áirítear leis sin roschoill ó chrainn a cuireadh nó a síolaíodh ar dtús;

(11)

ciallaíonn ‘foraois phlandála’ foraois a cuireadh agus a ndéantar dianbhainistíocht uirthi agus a chomhlíonann, tráth a gcurtha agus tráth aibíocht na gclampaí, na critéir seo a leanas uile: speiceas amháin nó dhá speiceas, cothrom i dtaca le haicme aoise, agus spásáil rialta eatarthu; áirítear leis plandálacha gearruainíochta le haghaidh adhmaid, snáithín agus fuinnimh, agus eisiatar leis foraoisí a chuirtear le haghaidh cosanta nó athbhunú éiceachórais, mar aon le foraoisí a bhunaítear trí chur nó trí shíolú, atá nó a bheidh, tráth aibíocht na gclampaí, cosúil le foraoisí a athghintear go nádúrtha;

(12)

ciallaíonn ‘coillearnach eile’ talamh nach n-aicmítear ina ‘fhoraois’ is fairsinge ná 0.5 heicteár, agus í faoi chrainn is airde ná 5 mhéadar agus clúdach téastair aici idir 5 % agus 10 %, nó faoi chrainn atá in ann na tairseacha sin a bhaint amach in situ, nó ar a bhfuil breis is 10 % de chumhdach comhcheangailte de thoir, sceacha agus crainn, seachas talamh atá faoi úsáid talmhaíochta nó úsáid talún uirbí den chuid is mó;

(13)

ciallaíonn ‘gan dífhoraoisiú’ an méid seo a leanas:

(a)

go bhfuil sna táirgí ábhartha tráchtearraí ábhartha a táirgeadh le táirgí ábhartha ar thalamh nach ndearnadh dífhoraoisiú air tar éis an 31 Nollaig 2020, nó gur cothaíodh na táirgí leis na tráchtearraí sin nó gur úsáideadh na tráchtearraí sin lena ndéanamh; agus

(b)

i gcás táirgí ábhartha a bhfuil adhmad iontu nó ar úsáideadh adhmad lena ndéanamh, gur lománaíodh an t-adhmad ón bhforaois gan bheith ina chúis le díghrádú foraoisí tar éis an 31 Nollaig 2020;

(14)

ciallaíonn ‘táirgthe’ fásta, lománaithe nó tógtha ar dháileachtaí ábhartha talún nó bunaíochtaí i gcás eallaí, nó faighte orthu;

(15)

ciallaíonn ‘oibreoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann táirgí ábhartha ar an margadh nó a onnmhairíonn iad, le linn gníomhaíocht tráchtála;

(16)

ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ táirge ábhartha nó tráchtearra ábhartha a chur ar fáil den chéad uair ar mhargadh an Aontais;

(17)

ciallaíonn ‘trádálaí’ aon duine sa slabhra soláthair, seachas an t-oibreoir, a chuireann táirgí ábhartha ar fáil ar an margadh le linn gníomhaíocht tráchtála;

(18)

ciallaíonn ‘cur ar fáil ar an margadh’ táirge ábhartha a sholáthar lena dháileadh, lena ídiú nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, cibé acu ar íocaíocht nó saor in aisce;

(19)

ciallaíonn ‘le linn gníomhaíochta tráchtála’ chun críche próiseála, le dáileadh ar thomhaltóirí tráchtála nó neamhthráchtála, nó lena úsáid i ngnó an oibreora nó an trádálaí féin;

(20)

ciallaíonn ‘duine’ duine nádúrtha, duine dlítheanach nó aon chomhlachas daoine nach duine dlítheanach é, ach a n-aithnítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an acmhainneacht ag an duine sin gníomhartha dlíthiúla a dhéanamh;

(21)

ciallaíonn ‘duine atá bunaithe san Aontas’:

(a)

i gcás duine nádúrtha, aon duine a bhfuil a áit nó a háit chónaithe san Aontas;

(b)

i gcás duine dhlítheanaigh nó comhlachais daoine, aon duine a bhfuil a oifig chláraithe, a cheannáras lárnach nó buanbhunaíocht ghnó aige san Aontas;

(22)

ciallaíonn ‘ionadaí údaraithe’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige, i gcomhréir le hAirteagal 6, ó oibreoir nó ó thrádálaí chun gníomhú thar a cheann i ndáil le cúraimí sonraithe maidir le hoibleagáidí an oibreora nó an trádálaí faoin Rialachán seo;

(23)

ciallaíonn ‘tír thionscnaimh’ tír nó críoch dá dtagraítear in Airteagal 60 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

(24)

ciallaíonn ‘tír tháirgthe’ an tír nó an chríoch inar táirgeadh an tráchtearra ábhartha, nó an tráchtearra ábhartha a úsáideadh i dtáirgeadh táirge ábhartha, nó an tráchtearra ábhartha atá i dtáirge ábhartha;

(25)

ciallaíonn ‘táirgí neamhchomhlíontacha’ táirgí ábhartha nach gcomhlíonann Airteagal 3;

(26)

ciallaíonn ‘riosca diomaibhseach’ an leibhéal riosca a bhfuil feidhm aige maidir le tráchtearraí ábhartha agus táirgí ábhartha, más rud é, ar bhonn measúnaithe iomlán ar fhaisnéis tháirgeshonrach agus ghinearálta, agus, i gcás inar gá, ar chur i bhfeidhm na mbeart maolaithe iomchuí, nach léirítear leis na tráchtearraí nó na táirgí sin aon chúis imní nach gcomhlíontar leo Airteagal 3, pointe (a) nó (b);

(27)

ciallaíonn ‘dáileacht talún’ talamh laistigh de réadmhaoin aonair, mar a aithnítear le dlí na tíre táirgthe, ag a bhfuil dálaí atá aonchineálach go leor chun go mbeifear in ann meastóireacht a dhéanamh ar an leibhéal comhiomlánaithe ar riosca an dífhoraoisithe agus an díghrádaithe foraoise atá bainteach le tráchtearraí ábhartha a tháirgtear ar an talamh sin;

(28)

ciallaíonn ‘geoshuíomh’ suíomh geografach dáileacht talún a ndéantar cur síos air trí bhíthin comhordanáidí domhanleithid agus domhanfhaid a chomhfhreagraíonn do phointe domhanleithid amháin agus domhanfhaid amháin ar a laghad agus a úsáideann sé dhigit dheachúla ar a laghad; i gcás dáileachtaí talún ina mbeidh níos mó ná ceithre heicteár a úsáidtear chun tráchtearraí ábhartha seachas eallach a táirgeadh, cuirfear an suíomh geografach ar fáil agus úsáid á baint as polagáin, le pointí domhanleithid agus domhanfhaid leordhóthanacha chun cur síos a dhéanamh ar imlíne gach dáileachta talún.

(29)

ciallaíonn ‘bunaíocht’ aon áitreabh, déanmhas, nó, i gcás feirmeoireacht faoin aer, aon timpeallacht nó áit, ina gcoimeádtar beostoic, ar bhonn sealadach nó ar bhonn buan;

(30)

ciallaíonn ‘micreafhiontar, fiontair bheaga agus mheánmhéide’ nó ‘FBManna’ micreaghnóthais agus gnóthais bheaga agus mheánmhéide mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19);

(31)

ciallaíonn ‘ábhar imní a bhfuil bunús leis’ maíomh cuí-réasúnaithe bunaithe ar fhaisnéis oibiachtúil agus infhíoraithe maidir le neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo agus lena bhféadfar idirghabháil ó na húdaráis inniúla a cheangal;

(32)

ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ na húdaráis arna n-ainmniú faoi Airteagal 14(1);

(33)

ciallaíonn ‘údaráis chustaim’ údaráis chustaim mar a shainmhínítear in Airteagal 5, pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

(34)

ciallaíonn ‘críoch chustaim’ críoch mar a shainmhínítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

(35)

ciallaíonn ‘tríú tír’ tír nó críoch lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais;

(36)

ciallaíonn ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’ an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 201 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

(37)

ciallaíonn ‘onnmhairiú’ an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 269 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

(38)

ciallaíonn ‘táirgí ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh’ táirgí ábhartha ó thríú tíortha a chuirtear faoin nós imeachta custaim ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’ a bheartaítear a chur ar mhargadh an Aontais agus nach mbeartaítear le haghaidh úsáid nó ídiú príobháideach laistigh de chríocha custaim an Aontais;

(39)

ciallaíonn ‘táirgí ábhartha a chuirtear amach as an margadh’ táirgí ábhartha a chuirtear faoin nós imeachta custaim ‘onnmhairiú’;

(40)

ciallaíonn ‘reachtaíocht ábhartha na tíre táirgthe’ na dlíthe is infheidhme sa tír tháirgthe maidir le stádas dlíthiúil an limistéir táirgthe i dtéarmaí na nithe seo a leanas:

(a)

cearta úsáide talún;

(b)

cosaint an chomhshaoil;

(c)

rialacha a bhaineann le foraoisí, lena n-áirítear bainistiú foraoisí agus caomhnú na bithéagsúlachta, i gcás ina bhfuil baint dhíreach acu le lománaíocht adhmaid;

(d)

cearta tríú páirtithe;

(e)

cearta saothair;

(f)

cearta an duine a chosnaítear faoin dlí idirnáisiúnta;

(g)

prionsabal an tsaorthoilithe fheasaigh roimh ré (FPIC), lena n-áirítear mar a leagtar amach i nDearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach;

(h)

rialacháin chánach, frithéillithe, trádála agus chustaim;

Airteagal 3

Toirmeasc

Ní dhéanfar tráchtearraí ábhartha ná táirgí ábhartha a chur ná a chur ar fáil ar an margadh, ná a onnmhairiú ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

tá siad gan dífhoraoisiú;

(b)

táirgeadh iad i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha na tíre táirgthe; agus

(c)

cumhdaítear iad le ráiteas maidir le dícheall cuí.

CAIBIDIL 2

OIBLEAGÁIDÍ OIBREOIRÍ AGUS TRÁDÁLAITHE

Airteagal 4

Oibleagáidí oibreoirí

1.   Feidhmeoidh oibreoirí dícheall cuí i gcomhréir le hAirteagal 8 sula gcuirfidh siad táirgí ábhartha ar an margadh nó sula n-onnmhaireoidh siad iad chun a chruthú go gcomhlíonann na táirgí ábhartha Airteagal 3.

2.   Ní chuirfidh oibreoirí táirgí ábhartha ar an margadh ná ní dhéanfaidh oibreoirí iad a onnmhairiú gan ráiteas maidir le dícheall cuí a chur isteach roimh ré. Maidir le hoibreoirí a thagann ar an gconclúid, agus dícheall cuí dá dtagraítear in Airteagal 8 á fheidhmiú acu, go gcomhlíonann na táirgí ábhartha Airteagal 3, cuirfidh siad ráiteas maidir le dícheall cuí ar fáil do na húdaráis inniúla tríd an gcóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33 sula gcuirfidh siad na táirgí ábhartha ar an margadh nó sula n-onnmhaireofaidh siad iad. Is éard a bheidh i ráiteas maidir le dícheall cuí den sórt sin, atá ar fáil agus in-tarchurtha go leictreonach an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn II le haghaidh na dtáirgí ábhartha agus deimhniú ón oibreoir go ndearna sé dícheall cuí a fheidhmiú agus nach bhfuarthas aon riosca nó nach bhfuarthas ach riosca diomaibhseach.

3.   Trí bhíthin an ráiteas maidir le dícheall cuí a chur ar fáil do na húdaráis inniúla, glacfaidh an t-oibreoir freagracht as comhlíontacht an táirge ábhartha le hAirteagal 3. Coimeádfaidh oibreoirí taifead ar na ráitis maidir le dícheall cuí ar feadh 5 bliana ón dáta a thíolacfar an ráiteas tríd an gcóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33.

4.   Ní chuirfidh oibreoirí táirgí ábhartha ar an margadh ná ní dhéanfaidh siad na táirgí sin a onnmhairiú má bhíonn feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na cásanna seo a leanas:

(a)

tá na táirgí ábhartha neamhchomhlíontacha;

(b)

nochtadh le feidhmiú díchill chuí riosca neamhdhiomaibhseach go bhfuil na táirgí ábhartha neamhchomhlíontacha;

(c)

ní raibh an t-oibreoir in ann na hoibleagáidí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a chomhlánú.

5.   Maidir le hoibreoirí a fhaigheann faisnéis ábhartha nua nó a chuirtear ar an eolas iad ina leith, lena n-áirítear ábhair imní a bhfuil bunús leo, ina léirítear gur ann do riosca nach gcomhlíonann táirge ábhartha atá curtha ar an margadh acu an Rialachán seo, cuirfidh siad údaráis inniúla na mBallstát inar chuir siad an táirge ábhartha ar an margadh, chomh maith leis na trádálaithe ar sholáthair siad an táirge ábhartha dóibh, ar an eolas láithreach. I gcás onnmhairí, cuirfidh oibreoirí údarás inniúil an Bhallstáit, arb í an tír tháirgthe í, ar an eolas.

6.   Tabharfaidh na hoibreoirí gach cúnamh is gá do na húdaráis inniúla chun déanamh na seiceálacha faoi Airteagal 18 a éascú, lena n-áirítear rochtain ar áitreabh agus doiciméad agus taifead a chur ar fáil.

7.   Cuirfidh oibreoirí na hoibreoirí agus trádálaithe atá níos faide síos an slabhra soláthair ar an eolas faoi na táirgí ábhartha a chuir siad ar an margadh nó a d’onnmhairigh siad, an fhaisnéis uile is gá chun a léiriú gur feidhmíodh dícheall cuí agus nár aimsíodh aon riosca nó nár aimsíodh ach riosca diomaibhseach, lena n-áirítear uimhreacha tagartha na ráiteas maidir le dícheall cuí a bhaineann leis na táirgí sin.

8.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, maidir le hoibreoirí ar oibreoirí FBManna iad (‘oibreoirí FBManna’), ní bheidh sé de cheangal orthu dícheall cuí a fheidhmiú i gcás táirgí ábhartha atá sa táirge ábhartha nó atá déanta as táirge ábhartha a ndearnadh dícheall cuí orthu cheana féin i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus ar tíolacadh ráiteas maidir le dícheall cuí ina leith cheana féin i gcomhréir le hAirteagal 33. I gcásanna den sórt sin, déanfaidh oibreoirí FBManna uimhir thagartha an ráitis maidir le dícheall cuí a sholáthar do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin. I gcás codanna de tháirgí ábhartha nach gcumhdaítear le nós imeachta maidir le dícheall cuí, feidhmeoidh na hoibreoirí FBM dícheall cuí i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.

9.   Ní fhéadfaidh oibreoirí nach FBManna iad tagairt a dhéanamh do ráitis maidir le dícheall cuí a cuireadh isteach cheana i gcomhréir le hAirteagal 33 ach amháin tar éis dóibh a fhionnadh gur feidhmíodh an dícheall cuí a bhaineann leis na táirgí ábhartha atá sna táirgí ábhartha nó ar úsáideadh na táirgí ábhartha lena ndéanamh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Áireoidh siad uimhreacha tagartha na ráiteas maidir le dícheall cuí sin a cuireadh isteach i gcomhréir le hAirteagal 33 sna ráitis maidir le dícheall cuí a chuireann siad isteach faoi mhír 2 den Airteagal seo. I gcás codanna de tháirgí ábhartha nach raibh faoi réir dícheall cuí, feidhmeoidh oibreoirí nach FBManna iad dícheall cuí i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.

10.   Aon oibreoir a dhéanann tagairt do ráiteas maidir le dícheall cuí a cuireadh isteach cheana i gcomhréir le hAirteagal 33, coinneoidh an t-oibreoir an fhreagracht as comhlíontacht na dtáirgí ábhartha le hAirteagal 3, lena n-áirítear nach bhfuarthas aon riosca nó nach bhfuarthas ach riosca diomaibhseach, sular cuireadh táirgí ábhartha den sórt sin ar an margadh nó sular onnmhairíodh iad.

Airteagal 5

Oibleagáidí na dtrádálaithe

1.   Measfar trádálaithe nach FBManna iad a bheith ina n-oibreoirí nach FBManna iad agus beidh siad faoi réir oibleagáidí agus forálacha in Airteagail 3, 4 agus 6, Airteagail 8 go 13, Airteagal 16(8) go (11) agus Airteagal 18 maidir leis na tráchtearraí ábhartha agus táirgí ábhartha a chuireann siad ar fáil ar an margadh.

2.   Ní dhéanfaidh trádálaithe ar FBManna iad táirgí ábhartha a chur ar fáil ar an margadh ach amháin má tá an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 3 ina seilbh acu.

3.   Baileoidh agus coinneoidh trádálaithe ar FBManna iad an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann leis na táirgí ábhartha a bheartaíonn siad a chur ar fáil ar an margadh:

(a)

ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe, seoladh poist, seoladh ríomhphoist agus, má tá sé ar fáil, seoladh gréasáin na n-oibreoirí nó na dtrádálaithe a sholáthair na táirgí ábhartha dóibh, chomh maith le huimhreacha tagartha na ráiteas maidir le dícheall cuí a bhaineann leis na táirgí sin;

(b)

ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe, seoladh poist, seoladh ríomhphoist agus, má tá sé ar fáil, seoladh gréasáin na hoibreoirí nó na dtrádálaithe ar sholáthair siad na táirgí ábhartha dóibh.

4.   Déanfaidh trádálaithe ar FBManna iad an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a choimeád ar feadh 5 bliana ar a laghad ó dháta a curtha ar fáil ar an margadh agus soláthróidh siad an fhaisnéis sin do na húdaráis inniúla, arna hiarraidh sin.

5.   Maidir le trádálaithe ar FBManna iad a fhaigheann faisnéis ábhartha nua nó a chuirtear ar an eolas faoi fhaisnéis ábhartha nua, lena n-áirítear ábhair imní a bhfuil bunús leo, lena léirítear go bhfuil riosca ann nach gcomhlíonfaidh an táirge ábhartha atá curtha ar fáil ar an margadh acu an Rialachán seo, cuirfidh siad údaráis inniúla na mBallstát inar chuir siad an táirge ábhartha ar fáil ar an margadh, chomh maith leis na trádálaithe ar sholáthair siad an táirge ábhartha dóibh, ar an eolas láithreach.

6.   Tabharfaidh trádálaithe, bídís ina FBManna nó ná bídís, gach cúnamh is gá do na húdaráis inniúla chun déanamh na seiceálacha faoi Airteagail 18 agus 19 a éascú, lena n-áirítear maidir leis an rochtain ar áitreabh agus le doiciméad agus taifead a chur ar fáil.

Airteagal 6

Ionadaithe údaraithe

1.   Féadfaidh oibreoirí nó trádálaithe ionadaí údaraithe a shainordú chun an ráiteas maidir le dícheall cuí de bhun Airteagal 4(2) a chur isteach thar a gceann. I gcásanna den sórt sin, coinneoidh an t-oibreoir nó an trádálaí an fhreagracht as comhlíontacht an táirge ábhartha le hAirteagal 3 seo sa chás sin.

2.   Arna iarraidh sin dó, déanfaidh an t-ionadaí údaraithe cóip den sainordú i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais agus cóip i dteanga oifigiúil den Bhallstát ina láimhseáiltear an ráiteas maidir le dícheall cuí nó, mura féidir é sin a dhéanamh, i mBéarla, a sholáthar do na húdaráis inniúla.

3.   Féadfaidh oibreoir ar duine nádúrtha nó micrifhiontar é sainordú a thabhairt don chéad oibreoir eile nó don chéad trádálaí eile níos faide anonn sa slabhra soláthair nach duine nádúrtha ná micrifhiontar é gníomhú mar ionadaí údaraithe. Ní dhéanfaidh an chéad oibreoir eile nó an chéad trádálaí eile sin níos faide anonn sa slabhra soláthair táirgí ábhartha a chur nó a chur ar fáil ar an margadh ná ní dhéanfaidh sé táirgí ábhartha a onnmhairiú gan an ráiteas maidir le dícheall cuí a chur isteach de bhun Airteagal 4(2) thar ceann an oibreora sin. I gcásanna den sórt sin, coinneoidh an t-oibreoir ar duine nádúrtha nó micrifhiontar é an fhreagracht as comhlíontacht an táirge ábhartha le hAirteagal 3, agus cuirfidh sé an fhaisnéis go léir is gá chun a dheimhniú go bhfeidhmíodh an dícheall cuí agus nach bhfuarthas aon riosca, nó nach bhfuarthas ach riosca diomaibhseach, in iúl don chéad oibreoir eile nó don chéad trádálaí eile níos faide anonn sa slabhra soláthair.

Airteagal 7

Táirgí á gcur ar an margadh ag oibreoirí atá bunaithe i dtríú tíortha

I gcás ina gcuirfidh duine nádúrtha nó duine dlítheanach atá bunaithe lasmuigh den Aontas táirgí ábhartha ar an margadh, measfar gur oibreoir de réir bhrí an Rialacháin seo é an chéad duine nádúrtha nó duine dlítheanach, atá bunaithe san Aontas, a chuireann táirgí ábhartha den chineál sin ar fáil ar an margadh.

Airteagal 8

Dícheall cuí

1.   Sula gcuirfear táirgí ábhartha ar an margadh nó sula n-onnmhaireofar iad, feidhmeoidh oibreoirí dícheall cuí maidir le gach táirge ábhartha arna soláthar ag gach soláthróir faoi leith.

2.   Áireofar leis an dícheall cuí an méid seo a leanas:

(a)

bailiú na faisnéise, na sonraí agus na ndoiciméad is gá chun na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 9 a chomhlíonadh;

(b)

bearta measúnúcháin riosca dá dtagraítear in Airteagal 10;

(c)

bearta maolaithe riosca dá dtagraítear in Airteagal 11.

Airteagal 9

Ceanglais faisnéise

1.   Baileoidh oibreoirí faisnéis, doiciméid agus sonraí lena léireofar go gcomhlíontar Airteagal 3 leis na táirgí ábhartha. Chun na críche sin, déanfaidh an t-oibreoir an fhaisnéis seo a leanas, maille le fianaise, a bhaineann le gach táirge ábhartha, a bhailiú, a eagrú agus a choimeád ar feadh 5 bliana ón dáta a chuirfear na táirgí ábhartha ar an margadh é nó a onnmhaireofar iad:

(a)

tuairisc, lena n-áirítear trádainm agus cineál na dtáirgí ábhartha, mar aon le, i gcás táirgí ábhartha a bhfuil adhmad iontu nó ar úsáideadh adhmad lena ndéanamh, ainm coiteann an speicis agus ainm eolaíoch iomlán an speicis. Áireofar sa tuairisc ar an táirge an liosta tráchtearraí ábhartha nó táirgí ábhartha atá ann nó a úsáidtear chun na táirgí sin a dhéanamh;

(b)

cainníocht na dtáirgí ábhartha maidir le táirgí ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as, ní mór an chainníocht a shloinneadh i gcileagraim de ghlanmhais agus, i gcás inarb infheidhme, leis an gcód Córais Comhchuibhithe a shonraítear san aonad forlíontach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (20), nó i ngach cás eile, ní mór an chainníocht a shloinneadh de réir glanmhaise nó i gcás inarb infheidhme, de réir glantoirte nó líon na n-aonad;. tá aonad forlíontach infheidhme i gcás ina sainítear go comhsheasmhach é le haghaidh gach fo-cheannteidil a d’fhéadfadh a bheith faoin gcód Córais Comhchuibhithe dá dtagraítear sa ráiteas maidir le dícheall cuí;

(c)

an tháirgthe agus, i gcás inarb ábhartha, codanna di;

(d)

geoshuíomh gach dáileachta talún ar táirgeadh na tráchtearraí ábhartha atá sa táirge ábhartha nó lena ndearnadh é, mar aon le dáta nó raon ama an táirgthe; maidir le táirge ábhartha a bhfuil tráchtearraí ábhartha ann nó ar úsáideadh tráchtearraí ábhartha lena dhéanamh, ar tráchtearraí iad a táirgeadh ar dháileachtaí talún éagsúla nó a rinneadh le tráchtearraí ábhartha a táirgeadh ar dháileachtaí talún éagsúla, áireofar geoshuíomh na ndáileachtaí talún éagsúla go léir; i gcás ina mbíonn aon dífhoraoisiú nó díghrádú foraoisí ar dháileachtaí talún ar leith, dícháileofar go huathoibríoch na tráchtearraí ábhartha agus na táirgí ábhartha go léir ó na dáileachtaí talún sin óna gcur nó óna gcur ar fáil ar an margadh, nó óna n-onnmhairiú uaidh; maidir le táirgí ábhartha a bhfuil eallach iontu nó ar úsáideadh eallach lena ndéanamh, agus maidir le táirgí ábhartha a cothaíodh le táirgí ábhartha, déanfaidh an geoshuíomh tagairt do gach bunaíocht inar coinníodh an t-eallach sin; i gcás gach táirge ábhartha eile in Iarscríbhinn I, tagróidh an geoshuíomh do na dáileachtaí talún;

(e)

ainm, seoladh poist agus seoladh ríomhphoist aon ghnólachta nó aon duine óna bhfuarthas na táirgí ábhartha;

(f)

ainm, seoladh poist agus seoladh ríomhphoist aon ghnólachta, aon oibreora nó aon trádálaí ar soláthraíodh na táirgí ábhartha dóibh;

(g)

faisnéis leorchinntitheach infhíoraithe go bhfuil na táirgí ábhartha gan dífhoraoisiú;

(h)

faisnéis leorchinntitheach infhíoraithe go ndearnadh na dtráchtearraí ábhartha a tháirgeadh i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha na tíre táirgthe, lena n-áirítear aon socrú a thugann an ceart an ceantar faoi leith a úsáid chun an tráchtearra ábhartha a tháirgeadh.

2.   Cuirfidh an t-oibreoir an fhaisnéis, na doiciméid agus na sonraí a bhailítear faoin Airteagal seo ar fáil do na húdaráis inniúla, arna iarraidh sin.

Airteagal 10

Measúnú riosca

1.   Déanfaidh oibreoirí an fhaisnéis a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 9 agus aon doiciméadacht ábhartha eile a fhíorú agus a anailísiú. Ar bhonn na faisnéise agus na doiciméadachta sin, déanfaidh na hoibreoirí measúnú riosca chun a shuí cibé acu atá nó nach bhfuil riosca ann go bhfuil na táirgí ábhartha, a bhfuil sé beartaithe iad a chur ar an margadh nó a onnmhairiú, neamhchomhlíontach. Ní chuirfidh oibreoirí na táirgí ábhartha ar an margadh ná ní onnmhaireoidh siad uaidh iad ach amháin i gcás ina léireoidh an measúnú riosca nach ann d’aon riosca nó gur diomaibhseach an riosca go bhfuil na táirgí ábhartha neamhchomhlíontach.

2.   Cuirfear na critéir seo a leanas san áireamh leis an measúnú riosca go háirithe:

(a)

sannadh an riosca ar an tír tháirgthe ábhartha nó ar chodanna di i gcomhréir le hAirteagal 29;

(b)

láithreacht foraoisí sa tír tháirgthe nó i gcodanna di;

(c)

láithreacht pobal dúchasach sa tír tháirgthe nó i gcodanna de;

(d)

comhairliúchán agus comhar de mheon macánta le pobail dhúchasacha sa tír tháirgthe, nó i gcodanna de;

(e)

éilimh chuí-réasúnaithe ó phobail dhúchasacha a bheith ann bunaithe ar fhaisnéis oibiachtúil infhíoraithe maidir le húsáid nó úinéireacht an limistéir a úsáidtear chun an tráchtearra ábhartha a tháirgeadh

(f)

leitheadúlacht an dífhoraoisithe nó díghrádaithe foraoisí sa tír tháirgthe nó i gcodanna de;

(g)

an fhoinse, an iontaofacht, an bhailíocht agus na naisc le doiciméadacht eile atá ar fáil maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(1);

(h)

ábhair imní i ndáil leis an tír tháirgthe agus thionscnaimh nó codanna díobh, amhail an leibhéal éillithe, forleithne an bhrionnaithe doiciméad agus sonraí, easpa fhorfheidhmiú an dlí, sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, coinbhleacht armtha a bheith ann nó smachtbhannaí arna bhforchur ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe nó Comhairle an Aontais Eorpaigh;

(i)

castacht an tslabhra soláthair ábhartha agus céim phróiseáil na dtáirgí ábhartha, go háirithe deacrachtaí maidir le táirgí ábhartha a nascadh leis an dáileacht talún inar táirgeadh na tráchtearraí ábhartha;

(j)

an riosca a bhaineann le himchéimniú an Rialacháin seo nó le meascadh le táirgí ábhartha de thionscnamh anaithnid nó a táirgeadh i limistéir inar tharla dífhoraoisiú nó díghrádú foraoisí nó ina bhfuil dífhoraoisiú nó díghrádú foraoisí ag tarlú;

(k)

conclúidí ó chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin lena dtacaítear le cur chun feidhme an Rialacháin seo, arna bhfoilsiú sa chlár de ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin;

(l)

ábhair imní a bhfuil bunús leo arna gcur isteach faoi Airteagal 31, agus faisnéis faoi stair neamhchomhlíontachta oibreoirí nó trádálaithe feadh an tslabhra soláthair ábhartha i dtaca leis an Rialachán seo;

(m)

aon fhaisnéis a léireodh gur ann do riosca go bhfuil na táirgí ábhartha neamhchomhlíontach;

(n)

faisnéis chomhlántach ar chomhlíonadh an Rialacháin seo, lena bhféadfar faisnéis arna soláthar le deimhniúchán nó le scéimeanna eile atá deimhnithe ag tríú páirtithe a áireamh, lena n-áirítear scéimeanna deonacha arna n-aithint ag an gCoimisiún faoi Airteagal 30(5) de Threoir (AE) 2018/2001ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 9 den Rialachán seo leis an bhfaisnéis;

3.   Maidir le táirgí adhmaid a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 agus a chumhdaítear le ceadúnas bailí FLEGT ó scéim cheadúnais oibríochtúil, measfar go gcomhlíontar Airteagal 3, pointe (b), den Rialachán seo leis an táirgí sin.

4.   Déanfaidh na hoibreoirí na measúnuithe riosca a dhoiciméadú agus a athbhreithniú ar bhonn bliantúil ar a laghad agus cuirfidh siad iad ar fáil do na húdaráis inniúla iad arna iarraidh sin. Beidh oibreoirí in ann a léiriú conas a seiceáladh an fhaisnéis a bailíodh in aghaidh na gcritéar measúnaithe riosca a leagtar amach i mír 2 agus conas a chinn na hoibreoirí céim an riosca.

Airteagal 11

Maolú riosca

1.   Glacfaidh an t-oibreoir nósanna imeachta agus bearta maolaithe riosca, atá leordhóthanach chun a chinntiú nach ann d’aon riosca nó nach ann ach do riosca diomaibhseach, sula gcuirfear na táirgí ábhartha ar an margadh nó sula n-onnmhaireofar iad, ach amháin i gcás ina léirítear sa mheasúnú riosca, arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 10, nach ann d’aon riosca nó gur diomaibhseach an riosca go bhfuil na táirgí ábhartha neamhchomhlíontach. Féadfar an méid seo a leanas a áireamh leis na nósanna imeachta agus bearta den sórt sin:

(a)

breis faisnéise, sonraí nó doiciméad, a iarraidh;

(b)

suirbhéanna nó iniúchtaí neamhspleácha a dhéanamh;

(c)

bearta eile a dhéanamh a bhaineann le ceanglais faisnéise a leagtar amach in Airteagal 9.

D’fhéadfadh sé go n-áireofaí le nósanna imeachta agus beart den sórt sin tacú le soláthróirí an oibreora sin, feirmeoirí beaga go háirithe, an Rialachán seo a chomhlíonadh, trí fhothú acmhainneachta agus infheistíochtaí.

2.   Beidh beartais, rialuithe agus nósanna imeachta iomchuí agus comhréireacha i bhfeidhm ag oibreoirí chun na rioscaí a bhaineann le neamhchomhlíonadh táirgí ábhartha a shainaithnítear, a mhaolú agus a bhainistiú go héifeachtach. Áireofar leis na beartais, rialuithe agus nósanna imeachta sin an méid seo a leanas:

(a)

cleachtais bainistíochta maidir le rioscaí samhaltaithe, tuairisciú, coinneáil taifead, rialú inmheánach agus bainistiú comhlíontachta, lena n-áirítear oifigeach comhlíontachta a cheapadh ag an leibhéal bainistíochta d’oibreoirí nach FBManna iad;

(b)

feidhm iniúchóireachta neamhspleách chun na beartais, rialuithe agus nósanna imeachta inmheánacha dá dtagraítear i bpointe (a) a sheiceáil le haghaidh na n-oibreoirí uile nach FBManna iad.

3.   Déanfaidh oibreoirí na cinntí maidir le nósanna imeachta agus bearta maolaithe riosca a dhoiciméadú, a athbhreithniú ar bhonn bliantúil ar a laghad iad agus cuirfidh siad ar fáil do na húdaráis inniúla iad arna iarraidh sin. Beidh oibreoirí in ann a léiriú conas a rinneadh na cinntí maidir le nósanna imeachta agus bearta maolaithe riosca.

Airteagal 12

Córais díchill chuí a bhunú agus a chothabháil, tuairisciú agus taifid a choimeád

1.   Chun dícheall cuí a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 8, cuirfidh oibreoirí creat nósanna imeachta agus beart ar bun agus coinneoidh siad cothrom le dáta é chun a áirithiú go gcomhlíonfar Airteagal 3 leis na táirgí ábhartha a chuireann siad ar an margadh nó a onnmhairíonn siad (‘córas an díchill chuí’).

2.   Déanfaidh oibreoirí athbhreithniú ar chóras an díchill chuí uair sa bhliain ar a laghad. I gcás ina dtagann oibreoirí ar an eolas faoi fhorbairtí nua a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar chóras an díchill chuí, tabharfaidh siad córas an díchill chuí cothrom le dáta chun na forbairtí sin a chur san áireamh. Coimeádfaidh oibreoirí taifead ar nuashonruithe den sórt sin ar a gcórais díchill chuí ar feadh 5 bliana

3.   Maidir le hoibreoirí nach dtagann faoi réim chatagóirí FBManna, lena n-áirítear micrifhiontar, nó daoine nádúrtha, déanfaidh siad tuairisciú poiblí maidir lena gcóras díchill chuí ar bhonn bliantúil, a fhorleithne agus is féidir é, lena n-áirítear ar an idirlíon, lena n-áirítear maidir leis na bearta a rinne siad chun a n-oibleagáidí a chomhlíonadh mar a leagtar amach in Airteagal 8 iad. Maidir le hoibreoirí atá faoi raon feidhme gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais lena leagtar síos ceanglais maidir le dícheall cuí i leith an tslabhra luacha, féadfaidh siad a n-oibleagáidí tuairisciúcháin a chomhlíonadh faoin mír seo tríd an bhfaisnéis a cheanglaítear a áireamh nuair atá an fhaisnéis á tuairisciú i gcomhthéacs na ngníomhartha dlí eile sin de chuid an Aontais.

4.   Gan dochar do reachtaíocht de chuid an Aontais maidir le cosaint sonraí, áireofar sna tuaraiscí dá dtagraítear i mír 3an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann le tráchtearraí ábhartha agus táirgí ábhartha:

(a)

achoimre ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c);

(b)

conclúidí an mheasúnaithe riosca a rinneadh de bhun Airteagal 10 agus na bearta a rinneadh de bhun Airteagal 11 agus tuairisc ar an bhfaisnéis agus ar an bhfianaise a fuarthas agus a úsáideadh chun an measúnú riosca a dhéanamh;

(c)

i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar phróiseas an chomhairliúcháin le pobail dhúchasacha, le pobail áitiúla agus le sealbhóirí eile ceart tionachta gnáiche nó leis na heagraíochtaí sochaí sibhialta atá i láthair i limistéar táirgthe na dtráchtearraí ábhartha agus na dtáirgí ábhartha.

5.   Coimeádfaidh oibreoirí an doiciméadacht uile a bhaineann le dícheall cuí, amhail gach taifead, bearta agus nósanna imeachta de bhun Airteagal 8, ar feadh 5 bliana ar a laghad. Cuirfidh siad an doiciméadacht sin ar fáil do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin.

Airteagal 13

Dícheall cuí simplithe

1.   Agus táirgí ábhartha á gcur ar an margadh nó á n-onnmhairiú, ní cheanglaítear ar oibreoirí na hoibleagáidí faoi Airteagail 10 agus 11 a chomhlíonadh, más rud é, tar éis measúnú a bheith déanta ar chastacht an tslabhra soláthair ábhartha agus ar an riosca a bhaineann le himchéimniú an Rialacháin seo nó meascadh le táirgí de thionscnamh anaithnid nó de thionscnamh tíortha ardriosca nó gnáthriosca nó codanna ardriosca nó gnáthriosca díobh, go bhfionnfaidh siad gur táirgeadh na tráchtearraí ábhartha agus na táirgí ábhartha uile i dtíortha nó i gcodanna díobh a aicmíodh mar thíortha nó mar chodanna ísealriosca i gcomhréir le hAirteagal 29. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh an t-oibreoir doiciméadacht ábhartha ar fáil don údarás inniúil, arna iarraidh sin, ina léirítear go bhfuil riosca diomaibhseach ann maidir le himchéimniú an rialacháin seo nó meascadh le táirgí de thionscnamh anaithnid nó de thionscnamh tíortha ardriosca nó gnáthriosca nó codanna díobh.

2.   D’anneoin mhír 1 den Airteagal seo, más rud é go bhfaighidh an t-oibreoir, nó go gcuirfear an t-oibreoir ar an eolas faoi, aon fhaisnéis ábhartha, lena n-áirítear mar thoradh ar an measúnú arna dhéanamh faoi mhír 1 den Airteagal seo, agus lena n-áirítear faisnéis maidir le hábhair imní a bhfuil bunús leo arna gcur isteach faoi Airteagal 31, a d’fhéadfadh riosca a léiriú nach gcomhlíontar an Rialachán seo leis na táirgí ábhartha, nó go ndéanfar an Rialacháin a imchéimniú, déanfaidh an t-oibreoir oibleagáidí uile de chuid Airteagail 10 agus 11 a chomhlíonadh agus cuirfidh sé aon fhaisnéis ábhartha in iúl láithreach don údarás inniúil.

3.   I gcás ina gcuirtear údarás inniúil ar an eolas faoi aon fhaisnéis lena dtabharfaí le tuiscint gur ann do riosca maidir leis an Rialacháin seo a imchéimniú, lena n-áirítear i gcásanna ina ndéantar tráchtearraí ábhartha nó táirgí ábhartha a tháirgeadh i dtír ghnáthriosca nó ardriosca nó i gcuid di ina ndéantar iad a phróiseáil ina dhiaidh sin i dtír ísealriosca nó i gcuid di óna gcuirfear ar an margadh iad nó óna gcuirfear iad amach as, déanfaidh an t-údarás inniúil gníomh láithreach i gcomhréir le hAirteagal 17(1) agus, i gcás inar gá, glacfaidh sé bearta eatramhacha i gcomhréir le hAirteagal 23

CAIBIDIL 3

OIBLEAGÁIDÍ NA MBALLSTÁT AGUS A NÚDARÁS INNIÚIL

Airteagal 14

Údaráis inniúla

1.   Ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó a bheidh freagrach as na hoibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán seo a chomhlíonadh.

2.   Faoin 30 Nollaig 2023 ar a dhéanaí, cuirfidh na Ballstáit ainmneacha, seoltaí agus sonraí teagmhála na n-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 in iúl don Choimisiún. Cuirfidh na Ballstáit aon athrú ar an bhfaisnéis sin in iúl don Choimisiún gan moill mhíchuí.

3.   Cuirfidh an Coimisiún liosta na n-údarás inniúil ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin gan moill mhíchuí. Tabharfaidh an Coimisiún an liosta cothrom le dáta go tráthrialta, bunaithe ar na nuashonruithe a fhaightear ó na Ballstáit.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cumhachtaí leormhaithe, neamhspleáchas feidhmiúil agus na hacmhainní leormhaithe ag na húdaráis inniúla chun na hoibleagáidí a leagtar amach sa Chaibidil seo a chomhlíonadh.

Airteagal 15

Cúnamh teicniúil, treoir agus malartú faisnéise

1.   Gan dochar d’oibleagáid na n-oibreoirí dícheall cuí a fheidhmiú mar a leagtar amach in Airteagal 8 í, féadfaidh na Ballstáit cúnamh teicniúil agus cúnamh agus treoraíocht eile a sholáthar do na hoibreoirí. Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, treoir a thabhairt freisin, i gcás inar gá, d’oibreoirí agus d’údaráis inniúla. Cuirfear san áireamh i gcúnamh teicniúil agus i gcúnamh agus i dtreoir eile staid FBManna, lena n-airítear micrifhiontar, agus daoine nádúrtha, chun comhlíonadh an Rialacháin seo a éascú, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le sonraí ó chórais ábhartha a thiontú chun an geoshuíomh sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33 a shainaithint. Cuirfear san áireamh ann freisin gníomhartha dlí ábhartha reatha an Aontais agus gníomhartha dlí ábhartha a bheidh ann amach anseo lena mbaineann oibleagáidí díchill chuí.

2.   Éascóidh na Ballstáit malartú agus scaipeadh faisnéise ábhartha, go háirithe d’fhonn cabhrú le hoibreoirí measúnú a dhéanamh ar rioscaí de réir mar a leagtar amach in Airteagal 10, agus faoi dhea-chleachtais maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo.

3.   Déanfaidh na húdaráis inniúla agus an Coimisiún faireachán leanúnach agus faisnéis a mhalartú maidir le haon athrú suntasach ar phatrún trádála na dtáirgí ábhartha a bhféadfaí a bheith ina chúis leis an Rialachán seo a imchéimniú.

4.   Déanfar an cúnamh a sholáthar ar shlí nach ndéanann dochar do neamhspleáchas, oibleagáidí dlíthiúla ná freagrachtaí na n-údarás inniúil maidir leis an Rialachán seo a fhorfheidhmiú.

5.   Féadfaidh an Coimisiún éascú a dhéanamh ar chur chun feidhme comhchuibhithe an Rialacháin seo, trí threoirlínte ábhartha a eisiúint agus trí mhalartú faisnéise leordhóthanach, comhordú agus comhar a chur chun cinn idir údaráis inniúla, idir údaráis inniúla agus údaráis chustaim, agus idir údaráis inniúla agus an Coimisiún.

Airteagal 16

Oibleagáidí chun seiceálacha a dhéanamh

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla seiceálacha laistigh dá gcríoch chun a shuí cibé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann oibreoirí agus trádálaithe atá bunaithe san Aontas an Rialachán seo. Déanfaidh na húdaráis inniúla seiceálacha laistigh dá gcríoch chun a shuí cibé acu a chomhlíonfar nó nach gcomhlíonfar an Rialachán seo leis na táirgí ábhartha arna gcur, arna gcur ar fáil ar an margadh nó arna onnmhairiú uaidh ag an oibreoir nó ag an trádálaí, nó a bhfuil sé beartaithe ag an oibreoir nó an trádálaí iad a chur, a chur ar fáil ar an margadh, nó a onnmhairiú uaidh.

2.   Déanfar na seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagail 18 agus 19.

3.   Úsáidfidh na húdaráis inniúla cur chuige rioscabhunaithe chun na seiceálacha atá le déanamh a shainaithint. Sainaithneofar critéir riosca bunaithe ar anailís ar na rioscaí nach gcomhlíonfar an Rialachán seo, agus an méid a leanas á chur san áireamh go háirithe: na tráchtearraí ábhartha, castacht agus fad slabhraí soláthair, lena n-áirítear an bhfuil meascadh táirgí ábhartha i gceist leo, agus céim phróiseála an táirge ábhartha, an bhfuil na dáileachta talún lena mbaineann cóngarach d’fhoraoisí, riosca a shannadh do thíortha nó do chodanna díobh i gcomhréir le hAirteagal 29, agus aird ar leith á tabhairt ar staid na dtíortha nó gcodanna díobh a aicmítear mar thíortha nó mar chodanna ardriosca, a mhéid nár chomhlíon oibreoirí nó trádálaithe an Rialachán seo feadh an tslabhra soláthair ábhartha san am a chuaigh thart, rioscaí i ndáil le himchéimniú agus aon fhaisnéis ábhartha eile. Leis an anailís ar rioscaí, cuirfear leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 9 agus 10 agus féadfar tógáil ar an bhfaisnéis atá sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33, agus féadfar foinsí ábhartha eile a bheith mar thaca leis, amhail sonraí faireacháin, próifílí riosca ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, ábhair imní a bhfuil bunús leo arna gcur isteach faoi Airteagal 31, nó conclúidí ó chruinnithe saineolaithe de chuid an Choimisiúin.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, critéir riosca tháscacha a bhunú, agus a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta, ar leibhéal an Aontais, i gcomhréir le mír 3, agus cuirfidh sé in iúl d’údaráis inniúla iad.

5.   Chun críocha na seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, bunóidh na húdaráis inniúla pleananna bliantúla ina mbeidh, ar a laghad, an méid seo a leanas:

(a)

critéir riosca náisiúnta, a bhunaítear i gcomhréir le mír 3, chun na seiceálacha a bheidh le déanamh a shainaithint; ag cur le haon chritéir riosca ar leibhéal an Aontais arna leagan amach ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 4, agus áireofar orthu ar bhonn córasach critéir riosca i ndáil leis na tíortha nó le codanna na dtíortha sin a aicmítear mar thíortha nó mar chodanna ardriosca;

(b)

rogha na n-oibreoirí agus na dtrádálaithe a bheidh le seiceáil; tá an roghnú sin le bheith bunaithe ar na critéir riosca náisiúnta dá dtagraítear i bpointe (a), agus úsáid á baint, inter alia, as faisnéis atá sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33 agus as teicnící próiseála sonraí leictreonacha; maidir le gach oibreoir nó trádálaí a bheidh le seiceáil, féadfaidh údaráis inniúla ráitis ar leith maidir le dícheall cuí a bheidh le seiceáil a shainaithint.

6.   Leis an athbhreithniú bliantúil ar phleananna na n-údarás inniúil, cuirfear go córasach le torthaí na seiceálacha agus leis an taithí maidir le cur chun feidhme na bpleananna dá dtagraítear i mír 5 chun a n-éifeachtacht a fheabhsú.

7.   Cuirfidh na húdaráis inniúla na pleananna seiceálacha, mar aon le nuashonruithe orthu, in iúl d’údaráis inniúla eile agus don Choimisiún. Malartóidh údaráis inniúla faisnéis maidir le forbairt agus le cur i bhfeidhm na gcritéar riosca dá dtagraítear i mír 5 le húdaráis inniúla na mBallstát eile agus leis an gCoimisiún, agus comhordóidh siad forbairt agus cur i bhfeidhm na gcritéar sin, chun feabhas a chur ar éifeachtacht fhorfheidhmiú an Rialacháin seo.

8.   Áiritheoidh gach Ballstát go gcumhdófar, leis na seiceálacha bliantúla a dhéanann a údaráis inniúla de bhun mhír 1 den Aireagal seo, ar a laghad 3 % de na hoibreoirí a dhéanann táirgí ábhartha ina bhfuil nó a rinneadh le tráchtearraí ábhartha arna dtáirgeadh i dtír tháirgthe nó i gcodanna de thír a aicmítear mar thír ghnáthriosca nó mar chodanna gnáthriosca i gcomhréir le hAirteagal 29 a chur, a chur ar fáil ar an margadh nó a onnmhairiú.

9.   Áiritheoidh gach Ballstát go gcumhdófar, leis na seiceálacha bliantúla a dhéanann a údaráis inniúla de bhun mhír 1 den Airteagal seo, ar a laghad 9 % de na hoibreoirí a dhéanann táirgí ábhartha a bhfuil tráchtearraí ábhartha iontu nó ar úsáideadh tráchtearraí ábhartha lena ndéanamh a chur, a chur ar fáil ar an margadh nó a onnmhairiú, chomh maith le 9 % de chainníocht na dtáirgí ábhartha a bhfuil tráchtearraí ábhartha iontu nó ar úsáideadh tráchtearraí ábhartha lena ndéanamh, agus a táirgeadh i dtír nó i gcodanna de thír a aicmítear mar thír nó mar chodanna ardriosca i gcomhréir le hAirteagal 29.

10.   Áiritheoidh gach Ballstát go gcumhdófar, leis na seiceálacha bliantúla a dhéanann a údaráis inniúla, de bhun mhír 1 den Airteagal seo, ar a laghad 1 % de na hoibreoirí a dhéanann táirgí ábhartha a bhfuil tráchtearraí ábhartha iontu nó ar úsáideadh tráchtearraí ábhartha lena ndéanamh agus a táirgeadh i dtír nó i gcodanna de thír a aicmítear mar thír nó mar chodanna ísealriosca, i gcomhréir le hAirteagal 29 a chur, a chur ar fáil ar an margadh nó a onnmhairiú.

11.   Déanfar cuspóirí cainníochtaithe na seiceálacha atá le déanamh ag údaráis inniúla a chomhlíonadh ar leithligh i gcás gach ceann de na tráchtearraí ábhartha. Déanfar na cuspóirí cainníochtaithe a ríomh trí thagairt a dhéanamh do líon iomlán na n-oibreoirí a rinne táirgí ábhartha a chur, a chur ar fáil ar an margadh, nó a onnmhairiú sa bhliain roimhe sin, agus do chainníocht, i gcás inarb infheidhme. Measfar go mbeidh seiceáil déanta ar oibreoirí i gcás ina mbeidh seiceáil déanta ag an údarás inniúil ar na gnéithe dá dtagraítear in Airteagal 18(1), pointí (a) agus (b).

12.   Gan dochar do na seiceálacha arna mbeartú roimh ré de bhun mhír 5 den Airteagal seo, déanfaidh údaráis inniúla seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nuair a gheobhaidh siad faisnéis nó nuair a chuirfear ar an eolas faoi fhaisnéis iad, lena n-áirítear faisnéis atá bunaithe ar ábhair imní a bhfuil bunús leo, arna gcur isteach ag tríú páirtithe faoi Airteagal 31, a bhaineann le féidearthacht a bheith ann nach gcomhlíonfar an Rialachán seo.

13.   Déanfar seiceálacha gan réamhrabhadh a thabhairt don oibreoir nó trádálaí, ach amháin i gcás ina mbeidh gá le réamhfhógra a thabhairt don oibreoir nó trádálaí chun éifeachtacht na seiceálacha a áirithiú.

14.   Coimeádfaidh na húdaráis inniúla taifid ar na seiceálacha agus léireofar iontu, go háirithe, cineál agus torthaí na seiceálacha, mar aon leis na bearta a rinneadh i gcás neamhchomhlíonta. Coimeádfar taifid ar na seiceálacha uile ar feadh 10 mbliana ar a laghad.

15.   Chun críocha Threoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22), faisnéis faoin gcomhshaol a bheidh i dtaifid ar sheiceálacha a dhéanfar faoin Rialachán seo, agus i dtuairiscí ar a dtorthaí, agus cuirfear ar fáil iad arna iarraidh sin.

Airteagal 17

Táirgí ábhartha lena n-éilítear gníomhaíocht láithreach

1.   Sainaithneoidh údaráis inniúla cásanna de tháirgí ábhartha a bhfuil riosca neamhchomhlíonadh Airteagal 3 chomh hard sin i gceist leo nach mór d’údaráis inniúla gníomhaíocht láithreach a dhéanamh ina leith sula gcuirfear na táirgí ábhartha sin ar an margadh, nó sula gcuirfear ar fáil ar an margadh iad nó sula n-onnmhaireofar iad. Cláróidh údaráis inniúla cásanna sainaitheanta den sórt sin sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33.

2.   Nuair a shainaithneoidh údaráis inniúla na staideanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, lena n-áirítear nuair a dhéanfaidh oibreoir ráiteas maidir le dícheall cuí a bhaineann leis táirgí ábhartha lena mbaineann a chur isteach, sainaithneoidh an córas faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33 an t-ardriosca nach gcomhlíonfar Airteagal 3 agus cuirfidh sé údaráis inniúla ar an eolas, údaráis a dhéanfaidh an méid seo a leanas:

(a)

bearta eatramhacha a dhéanamh láithreach faoi Airteagal 23 chun cur nó cur ar fáil na dtáirgí ábhartha sin ar an margadh a chur ar fionraí nó,

(b)

nuair a bheidh an comhéadan leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 28(1) i bhfeidhm, i gcás táirgí ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as, ceanglófar ar údaráis chustaim scaoileadh i saorchúrsaíocht nó onnmhairiú na dtráchtearraí nó na dtáirgí sin a chur ar fionraí faoi Airteagal 26(7).

3.   Tiocfaidh deireadh leis na fionraíochtaí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo laistigh de 3 lá oibre nó 72 uair an chloig i gcás táirgí ábhartha meatacha, ag tosú ón nóiméad a aithnítear an t-ardriosca neamhchomhlíonta sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33. I gcás ina gcinnfidh na húdaráis inniúla, bunaithe ar thoradh na seiceálacha a rinneadh laistigh den tréimhse sin, go bhfuil am breise de dhíth orthu chun a shuíomh cibé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na táirgí ábhartha Airteagal 3, cuirfidh siad tréimhsí breise 3 lá oibre leis an tréimhse fionraíochta, trí bhíthin bearta eatramhacha breise a dhéanfar faoi Airteagal 23 nó, i gcás táirgí ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó atá a chuirtear amach as, trí fhógra a thabhairt do na húdaráis chustaim gur gá an fhionraíocht faoi Airteagal 26(7) a choinneáil.

Airteagal 18

Seiceálacha ar oibreoirí agus ar thrádálaithe nach trádálaithe FBManna iad

1.   Áireofar leis na seiceálacha ar oibreoirí ar thrádálaithe nach trádálaithe FBManna iad:

(a)

scrúdú ar a gcóras díchill chuí, lena n-áirítear nósanna imeachta measúnaithe riosca agus maolaithe riosca, agus ar dhoiciméadacht agus taifid lena léirítear dea-fheidhmiú chóras an díchill chuí;

(b)

scrúdú ar dhoiciméadacht agus ar thaifid lena léirítear go gcomhlíontar an Rialachán seo le táirge ábhartha sonrach, atá curtha ar an margadh ag an oibreoir, nó a bhfuil sé beartaithe aige é a chur ar an margadh, nó a d’onnmhairigh an t-oibreoir nó a bhfuil sé beartaithe aige é a onnmhairiú, nó atá curtha ar fáil ar an margadh ag thrádálaí nach trádálaí FBManna é nó a bhfuil sé beartaithe aige é a chur ar fáil ar an margadh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí bhíthin birt mhaolaithe, mar aon le scrúdú ar na ráitis ábhartha maidir le dícheall cuí.

2.   Sna seiceálacha ar oibreoirí agus ar thrádálaithe nach trádálaithe FBManna iad, i gcás inarb iomchuí, go háirithe i gcás inar ardaíodh ceisteanna leis na scrúduithe dá dtagraítear i mír 1, féadfar na nithe seo a leanas a áireamh freisin:

(a)

scrúdú ar an láthair ar thráchtearraí ábhartha nó ar na táirgí ábhartha d’fhonn a shuíomh go gcomhfhreagraíonn siad do na doiciméadachta a úsáidtear chun dícheall cuí a fheidhmiú;

(b)

scrúdú ar bhearta ceartaitheacha a rinneadh faoi Airteagal 24;

(c)

aon mhodh teicniúil agus eolaíoch atá leordhóthanach chun an speiceas nó an áit bheacht a chinneadh inar táirgeadh an tráchtearra nó táirge ábhartha, lena n-áirítear anailís anatamaíoch, cheimiceach nó DNA;

(d)

aon mhodh teicniúil agus eolaíoch atá leormhaith chun a chinneadh cibé acu atá na táirgí ábhartha gan dífhoraoisiú nó nach bhfuil, lena n-áirítear sonraí um fhaire na Cruinne amhail sonraí as clár Copernicus agus as a chuid uirlisí nó ó fhoinsí ábhartha eile atá ar fáil go poiblí nó go príobháideach; agus

(e)

seiceálacha ar an láthair, lena n-áirítear iniúchtaí allamuigh agus lena n-áirítear i gcás inarb iomchuí i dtríú tíortha, ar choinníoll go n-aontóidh na tríú tíortha sin, trí chomhar le húdaráis riaracháin de chuid na dtríú tíortha sin.

Airteagal 19

Seiceálacha ar thrádálaithe ar FBManna iad

1.   Áireofar ar na seiceálacha ar thrádálaithe ar FBManna iad scrúdú ar dhoiciméadacht agus ar thaifid lena léirítear go bhfuil Airteagal 5(2), (3) agus (4) á gcomhlíonadh acu.

2.   Sna seiceálacha ar thrádálaithe ar FBManna iad, i gcás inarb iomchuí, go háirithe i gcás inar ardaíodh ceisteanna leis na scrúduithe dá dtagraítear i mír 1, féadfar seiceálacha ar an láthair, lena n-áirítear iniúchtaí allamuigh, a áireamh freisin.

Airteagal 20

Gnóthú costas ag údaráis inniúla

1.   Féadfaidh na Ballstáit a údarú dá n-údaráis inniúla iomlán chostais a ngníomhaíochtaí a éileamh ar ais ó na hoibreoirí nó ó na trádálaithe i leith neamhchomhlíonadh.

2.   Féadfar a áireamh leis na costais dá dtagraítear i mír 1 na costais as tástáil a dhéanamh, na costais stórála agus costais na ngníomhaíochtaí a bhaineann leis na táirgí ábhartha a shuitear a bheith ina dtáirgí neamhchomhlíontacha agus atá faoi réir gníomh ceartaitheach sula ndéanfar na táirgí ábhartha sin a scaoileadh i saorchúrsaíocht, sula gcuirfear ar an margadh iad nó sula n-onnmhairítear iad.

Airteagal 21

Comhar agus faisnéis a mhalartú

1.   Rachaidh údaráis inniúla i gcomhar le chéile, le húdaráis chustaim óna mBallstát féin, le húdaráis inniúla agus le húdaráis chustaim ó Bhallstáit eile, leis an gCoimisiún agus, i gcás inar gá, leis na húdaráis riaracháin de chuid tríú tíortha chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme iniúchtaí allamuigh.

2.   Bunóidh údaráis inniúla socruithe riaracháin leis an gCoimisiún maidir le faisnéis faoi imscrúduithe a tharchur agus leis an mbealach a ndéanfar imscrúduithe.

3.   Malartóidh údaráis inniúla an fhaisnéis is gá chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear tríd an gcóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33. Áireofar leis sin rochtain ar fhaisnéis ar oibreoirí agus ar thrádálaithe a thabhairt d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus faisnéis ina leith a mhalartú leo, lena n-áirítear ráitis maidir le dícheall cuí, agus cineál agus torthaí na seiceálacha a rinneadh, chun forfheidhmiú an Rialacháin seo a éascú.

4.   Tabharfaidh údaráis inniúla foláireamh láithreach d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún nuair a bhraitheann siad aon neamhchomhlíonadh féideartha leis an Rialachán seo agus easnaimh thromchúiseacha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do níos mó ná Ballstát amháin. Déanfaidh údaráis inniúla, go háirithe, údaráis inniúla na mBallstát eile a chur ar an eolas nuair a bhraitheann siad táirge ábhartha ar an margadh a mheasann siad a bheith ina táirge neamhchomhlíontach, chun é a chur ar a gcumas dóibh táirge den sórt sin a aistarraingt nó a aisghairm ó dhíolacháin sna Ballstáit uile.

5.   Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá a sholáthar d’údarás inniúil, arna iarraidh sin aige, chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo.

Airteagal 22

Tuairisciú

1.   Faoin 30 Aibreán gach bliain, cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar fáil don phobal agus don Choimisiún le linn na bliana féilire roimhe. Áireofar ar an bhfaisnéis sin:

(a)

na pleananna seiceálacha agus na critéir riosca ar ar bunaíodh na pleananna sin;

(b)

líon agus torthaí na seiceálacha a rinneadh ar oibreoirí, ar thrádálaithe nach FBManna iad agus ar thrádálaithe eile i ndáil leis an líon iomlán oibreoirí, trádálaithe nach FBManna iad agus trádálaithe eile, lena n-áirítear na cineálacha neamhchomhlíontachta a sainaithníodh;

(c)

cainníocht, táirgí ábhartha arna seiceáil i ndáil le cainníocht iomlán na dtáirgí ábhartha arna gcur ar an margadh nó arna n-onnmhairiú agus na tíortha táirgthe; i gcás táirgí ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as, tá an chainníocht le sloinneadh i gcileagraim glanmhaise agus, i gcás inarb infheidhme, san aonad forlíontach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 in aghaidh chód an Chórais Chomhchuibhithe atá léirithe, nó, i ngach cás eile i nglanmhais nó, nuair is infheidhme, glantoirt, nó líon na n-aonad; beidh aonad forlíontach infheidhme i gcás ina shaineofar go comhsheasmhach é maidir le gach fo-cheannteideal a fhéadfadh a bheith ann faoi chód an Chórais Chomhchuibhithe dá dtagraítear sa ráiteas maidir le dícheall cuí;

(d)

i gcásanna neamhchomhlíontachta, an gníomh ceartaitheach a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 24 agus na pionóis a forchuireadh i gcomhréir le hAirteagal 25,

(e)

céatadán na seiceálacha a dhéanfar le réamhrabhadh de bhun Airteagal 16(13), agus údar lena n-úsáid á thabhairt ag na húdaráis inniúla ina dtuarascálacha ar sheiceálacha.

2.   Faoin 30 Deireadh Fómhair gach bliain, déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin forbhreathnú uile-Aontais ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur ar fáil go poiblí, ar bhonn na sonraí a chuirfidh na Ballstáit isteach faoi mhír 1.

Airteagal 23

Bearta eatramhacha

Déanfaidh na Ballstáit foráil go bhféadfaidh na húdaráis inniúla bearta eatramhacha a dhéanamh láithreach, lena n-áirítear na tráchtearraí ábhartha agus na táirgí ábhartha a urghabháil nó a chur nó a chur ar fáil ar an margadh nó a n-onnmhairiú, a chur ar fionraí, i gcás inar braitheadh neamhchomhlíonadh féideartha leis an Rialachán seo ar bhonn aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

an scrúdú ar fhianaise nó ar fhaisnéis ábhartha eile, lena n-áirítear faisnéis a mhalartaítear faoi Airteagal 21 nó ábhair imní a bhfuil bunús leo arna gcur isteach faoi Airteagal 31,

(b)

na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagail 18 agus 19,

(c)

rioscaí a bheith sainaitheanta ag an gcóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33.

I gcás inar gá, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus údaráis inniúla na mBallstát eile ar an eolas láithreach faoi na bearta sin.

Airteagal 24

Gníomhaíocht cheartaitheach i gcás neamhchomhlíonta

1.   Gan dochar d’Airteagal 25, i gcás ina suífidh údaráis inniúla nár chomhlíon oibreoir nó trádálaí an Rialachán seo nó go bhfuil táirge ábhartha a chuirtear nó a chuirtear ar fáil ar an margadh nó a onnmhairítear uaidh neamhchomhlíontach, cuirfidh siad de cheangal gan mhoill ar an oibreoir nó ar an trádálaí sin gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí chomhréireach a dhéanamh chun deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh laistigh de thréimhse ama réasúnta shonraithe.

2.   Chun críocha mhír 1, áireofar ceann amháin ar a laghad de na nithe seo a leanas leis an ngníomh ceartaitheach a cheanglófar ar an oibreoir nó ar an trádálaí a dhéanamh, de réir mar is infheidhme:

(a)

aon neamhchomhlíonadh foirmiúil, go háirithe maidir le ceanglais Chaibidil 2, a chur ina cheart;

(b)

cosc a chur ar an táirge ábhartha a bheith á chur nó á chur ar fáil ar an margadh nó á onnmhairiú;

(c)

an táirge ábhartha a aistarraingt nó a aisghairm láithreach;

(d)

an táirge ábhartha a dheonú chun críocha carthanacha nó ar mhaithe le leas an phobail nó, murar féidir é sin a dhéanamh, é a dhiúscairt i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le bainistiú dramhaíola.

3.   Gan beann ar an ngníomh ceartaitheach a rinneadh faoi mhír 2, tabharfaidh an t-oibreoir nó an trádálaí aghaidh ar aon easnaimh sa chóras díchill chuí d’fhonn an riosca ar tuilleadh neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo a chosc.

4.   Má mhainníonn an t-oibreoir nó an trádálaí gníomhaíocht cheartaitheach dá dtagraítear i mír 2 a dhéanamh laistigh den tréimhse ama a shonróidh an t-údarás inniúil faoi mhír 1, nó i gcás ina leanfaidh an neamhchomhlíonadh dá dtagraítear i mír 1 ar aghaidh, tar éis na tréimhse ama sin cinnteoidh na húdaráis inniúla go bhfeidhmeofar an ghníomhaíocht cheartaitheach riachtanach dá dtagraítear i mír 2 ar gach uile bhealach a bheidh ar fáil dóibh faoi dhlí an Bhallstáit lena mbaineann.

Airteagal 25

Pionóis

1.   Gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát faoi Threoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23), leagfaidh na Ballstáit rialacha síos a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo arna ndéanamh ag oibreoirí agus ag trádálaithe agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin lena ndéanfar difear dóibh.

2.   Beidh na pionóis dá bhforáiltear i mír 1 éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Áireofar ar na pionóis sin an méid seo a leanas:

(a)

fíneálacha atá ar comhréir leis an damáiste comhshaoil agus le luach na dtráchtearraí ábhartha nó na dtáirgí ábhartha lena mbaineann, agus leibhéal na bhfíneálacha sin á ríomh ar bhealach lena n-áiritheofar go mbainfear na tairbhí a eascraíonn as na sáruithe sin go héifeachtach díobh siúd atá freagrach astu, agus leibhéal na bhfíneálacha sin á mhéadú de réir a chéile as sáruithe leantacha; i gcás duine dlítheanach, is 4 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil iomlán an oibreora nó an trádálaithe ar fud an Aontais sa bhliain airgeadais roimh an gcinneadh fíneála a bheidh in uasmhéid na fíneála sin, agus an méid sin á ríomh i gcomhréir le ríomh an láimhdeachais chomhiomláin do ghnóthais a leagtar síos in Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (24), agus méadófar é, i gcás inar gá, chun an sochar eacnamaíoch a d’fhéadfadh a bheith ann a shárú;

(b)

coigistiú na dtáirgí ábhartha lena mbaineann ar an oibreoir agus/nó ar an trádálaí;

(c)

coigistiú ioncam arna bhfáil ag an oibreoir agus/nó ag an trádálaí as idirbheart leis na táirgí ábhartha lena mbaineann;

(d)

eisiamh sealadach ar feadh uastréimhse nach faide ná 12 mhí ó phróisis soláthair phoiblí agus ó rochtain ar chistiú poiblí, lena n-áirítear nósanna imeachta tairisceana, deontais agus lamháltais;

(e)

toirmeasc sealadach ar thráchtearraí ábhartha agus táirgí ábhartha a chur, nó a chur ar fáil ar an margadh, nó a onnmhairiú, i gcás sárú tromchúiseach nó sáruithe leantacha;

(f)

toirmeasc ar dhíchill chuí shimplithe a leagtar amach in Airteagal 13 a chur i bhfeidhm i gcás sárú tromchúiseach nó sáruithe leantacha;

3.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi bhreithiúnais chríochnaitheacha i gcoinne daoine dlítheanacha i leith sáruithe ar an Rialachán seo agus faoi na pionóis arna bhforchur orthu laistigh de 30 lá ón dáta a ndéanfar breithiúnas críochnaitheach de na breithiúnais, agus aird á tabhairt ar na rialacha ábhartha maidir le cosaint sonraí. Foilseoidh an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin liosta de na breithiúnais sin ina mbeidh na gnéithe seo a leanas:

(a)

ainm an duine dhlítheanaigh;

(b)

dáta an bhreithiúnais chríochnaithigh;

(c)

achoimre ar na gníomhaíochtaí ar ar a mbonn a cinneadh gur sháraigh an duine dlítheanach an Rialachán seo; agus

(d)

cineál agus, i gcás pionós airgeadais, méid an phionóis arna fhorchur.

CAIBIDIL 4

NÓSANNA IMEACHTA LE HAGHAIDH TÁIRGÍ ÁBHARTHA A THUGTAR ISTEACH SA MHARGADH NÓ A CHUIRTEAR AMACH AS

Airteagal 26

Rialuithe

1.   Beidh táirgí ábhartha a chuirtear faoin nós imeachta custaim ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’ nó ‘onnmhairiú’ faoi réir na rialuithe agus na mbeart a leagtar síos sa Chaibidil seo. Cuirtear an Chaibidil seo i bhfeidhm gan dochar d’aon fhoráil eile den Rialachán seo ná do gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais lena rialaítear earraí a scaoileadh i saorchúrsaíocht nó a onnmhairiú, go háirithe Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 agus Airteagail 46, 47, 134 agus 267 de. Ní bheidh feidhm ag Caibidil VII de Rialachán (AE) 2019/1020 maidir le rialuithe ar tháirgí ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh áfach, a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm agus le forfheidhmiú an Rialacháin seo.

2.   Beidh údaráis inniúla freagrach as forfheidhmiú foriomlán an Rialacháin seo maidir le táirge ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as. Go háirithe, beidh na húdaráis inniúla freagrach, i gcomhréir le hAirteagal 16, as na seiceálacha atá le déanamh ar bhonn cur chuige rioscabhunaithe a shainaithint agus as a shuí, trí na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagal 16, cibé acu an gcomhlíontar nó nach gcomhlíontar Airteagal 3 le haon táirge ábhartha den sórt sin. Déanfaidh na húdaráis inniúla na freagraíochtaí sin i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de Chaibidil 3.

3.   Gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, déanfaidh údaráis chustaim rialuithe ar na dearbhuithe custaim arna dtaisceadh i ndáil le táirgí ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as i gcomhréir le hAirteagail 46 agus 48 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Beidh rialuithe den sórt sin bunaithe go príomha ar anailís riosca, mar a shuitear in Airteagal 46(2) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

4.   Déanfar uimhir thagartha an ráitis maidir le dícheall cuí a chur ar fáil do na húdaráis chustaim sula ndéanfar táirge ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as a scaoileadh i saorchúrsaíocht nó sula n-onnmhaireofear é. Chun na críche sin, seachas i gcás ina ndéanfar an ráiteas maidir le dícheall cuí a chur ar fáil tríd an gcomhéadan leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 28(2), déanfaidh an duine a thaisceann an dearbhú custaim maidir le táirge ábhartha a scaoileadh i saorchúrsaíocht nó a onnmhairiú uimhir thagartha an ráitis díchill chuí a shanntar don táirge ábhartha sin leis an gcóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33 a chur ar fáil d’údaráis chustaim.

5.   Chun comhlíonadh an Rialacháin seo maidir le cead a thabhairt i ndáil le táirge ábhartha a scaoileadh i saorchúrsaíocht nó a onnmhairiú a chur san áireamh:

(a)

go dtí go mbeidh an comhéadan leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 28(1) i bhfeidhm, ní bheidh feidhm ag míreanna 6 go 9 den Airteagal seo, agus malartóidh údaráis chustaim faisnéis le húdaráis inniúla agus comhoibreoidh siad leo i gcomhréir le hAirteagal 27, agus, i gcás inar gá sin, cuirfidh siad san áireamh an malartú faisnéise agus an comhar sin agus cead á thabhairt i ndáil le táirgí ábhartha a scaoileadh i saorchúrsaíocht nó a onnmhairiú;

(b)

a luaithe a bheidh an comhéadan leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 28(1) i bhfeidhm, beidh feidhm ag míreanna 6 go 9 den Airteagal seo, agus tabharfar na fógraí agus déanfar na hiarrataí faoi mhíreanna 6 go 9 den Airteagal seo tríd an gcomhéadan leictreonach sin.

6.   Agus rialuithe á ndéanamh acu ar dhearbhaithe custaim maidir le táirge ábhartha a scaoileadh i saorchúrsaíochta nó a onnmhairiú, ar táirge é a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as, scrúdóidh na húdaráis chustaim, tríd an gcomhéadan leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 28(1) a úsáid, an stádas a shanntar don ráiteas comhfhreagrach maidir le dícheall cuí ó na húdaráis inniúla sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33.

7.   I gcás ina léirítear leis an stádas dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo gur sainaithníodh gur gá an táirge ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as, de bhun Airteagal 17(2), a sheiceáil sula gcuirtear nó sula gcuirtear ar fáil ar an margadh é, nó sula n-onnmhairítear é, cuirfidh na húdaráis chustaim scaoileadh i saorchúrsaíocht nó onnmhairiú an táirge ábhartha sin ar fionraí.

8.   I gcás ina gcomhlíonfar gach ceanglas agus foirmiúlacht eile faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta a bhaineann le scaoileadh i saorchúrsaíocht nó le honnmhairiú, ceadóidh údaráis chustaim scaoileadh i saorchúrsaíocht nó onnmhairiú táirge ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as in aon cheann de na himthosca seo a leanas:

(a)

ina léirítear leis an stádas dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo gur sainaithníodh, de bhun Airteagal 17(2), gur gá an táirge ábhartha a sheiceáil sula gcuirtear nó sula gcuirtear ar fáil ar an margadh nó sula n-onnmhairítear uaidh é;

(b)

cuireadh an scaoileadh i saorchúrsaíocht nó an t-onnmhairiú ar fionraí i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo, agus níor iarr na húdaráis inniúla an fionraí a choimeád i gcomhréir le hAirteagal 17(3);

(c)

cuireadh an scaoileadh i saorchúrsaíocht nó an t-onnmhairiú ar fionraí i gcomhréir le mír 7, agus inar thug na húdaráis inniúla fógra do na húdaráis chustaim gur féidir an fionraí maidir leis na táirgí ábhartha a scaoileadh i saorchúrsaíocht nó onnmhairiú curtha a bhaint.

9.   I gcás ina dtiocfaidh na húdaráis inniúla ar an gconclúid go bhfuil táirge ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as, neamhchomhlíontach, tabharfaidh siad fógra dá réir do na húdaráis chustaim agus ní thabharfaidh na húdaráis chustaim cead an táirge ábhartha sin a scaoileadh i saorchúrsaíocht nó a onnmhairiú.

10.   Ní mheasfar gur cruthúnas ar chomhlíonadh dhlí an Aontais ná comhlíonadh an Rialacháin seo, go háirithe, é an scaoileadh i saorchúrsaíocht ná an t-onnmhairiú.

Airteagal 27

Comhar agus malartú faisnéise i measc na n-údarás

1.   Chun gur féidir an cur chuige rioscabhunaithe dá dtagraítear in Airteagal 16(5) a chumasú le haghaidh táirgí ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as agus chun a áirithiú go mbeidh na seiceálacha éifeachtach agus go ndéanfar iad i gcomhréir leis an Rialachán seo, rachaidh an Coimisiún, údaráis inniúla agus údaráis chustaim i ndlúthchomhar le chéile agus malartóidh siad faisnéis eatarthu féin.

2.   Rachaidh údaráis chustaim agus údaráis inniúla i gcomhar le chéile i gcomhréir le hAirteagal 47(2) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 agus malartóidh siad an fhaisnéis is gá chun a bhfeidhmeanna faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear trí mheán leictreonach.

3.   Féadfaidh na húdaráis chustaim faisnéis rúnda a fhaigheann na húdaráis chustaim agus a ndualgais á bhfeidhmiú acu nó a chuirtear ar fáil ar bhonn rúnda do na húdaráis chustaim, a chur in iúl, i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-oibreoir, an trádálaí nó an t-ionadaí údaraithe bunaithe.

4.   I gcás ina bhfuair na húdaráis inniúla faisnéis i gcomhréir le an Airteagal seo, féadfaidh na húdaráis inniúla sin an fhaisnéis sin a chur in iúl d’údaráis inniúla Ballstát eile i gcomhréir le hAirteagal 21(3).

5.   Malartófar faisnéis a bhaineann le riosca mar a leanas:

(a)

idir údaráis chustaim i gcomhréir le hAirteagal 46(5) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

(b)

idir údaráis chustaim agus an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 47(2) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

(c)

idir údaráis chustaim agus údaráis inniúla, lena n-áirítear údaráis inniúla Ballstát eile, i gcomhréir le hAirteagal 47(2) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

Airteagal 28

Comhéadan leictreonach

1.   Forbróidh an Coimisiún comhéadan leictreonach a bheidh bunaithe ar Thimpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custam, arna bhunú le Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), chun gur féidir sonraí, go háirithe na fógraí agus na hiarrataí dá dtagraítear in Airteagal 26(6) go (9) den Rialachán seo, a tharchur idir na córais chustaim náisiúnta agus an córas faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33. Beidh an comhéadan leictreonach sin i bhfeidhm faoin 30 Meitheamh 2028.

2.   Forbróidh an Coimisiún comhéadan leictreonach i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2022/2399 chun an méid seo a leanas a chumasú:

(a)

chun go gcuirfear ar a gcumas d’oibreoirí agus do thrádálaithe an oibleagáid a chomhlíonadh i dtaca leis an ráiteas maidir le dícheall cuí ar thráchtearra ábhartha nó ar tháirge ábhartha a thíolacadh de bhun Airteagal 4 den Rialachán seo, trína sholáthar tríd an timpeallacht ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam dá dtagraítear in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2022/2399 agus aiseolas a fháil ina leith ó údaráis inniúla; agus

(b)

chun go mbeifear in ann an ráiteas sin maidir le dícheall cuí a tharchur chuig an gcóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar mionsonraí na socruithe cur chun feidhme le haghaidh mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo agus, go háirithe, lena saineofar na sonraí, lena n-áirítear a bhformáid, atá le tarchur i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo. Leis na ngníomhartha cur chun feidhme, soiléireofar freisin an chaoi a dtabharfar fógra láithreach agus go huathoibríoch do na húdaráis chustaim ábhartha faoi aon athruithe ar an stádas arna sannadh ag na húdaráis inniúla ar an ráiteas maidir le dícheall cuí atá sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33, tríd an gcomhéadan leictreonach dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Féadfaidh sé go gcinnfear leis na gníomhartha cur chun feidhme freisin go dtarchuirfear sonraí sonracha áirithe atá ar fáil sa ráiteas maidir le dícheall cuí agus is gá le haghaidh gníomhaíochtaí údarás custaim, lena n-áirítear faireachas agus an comhrac in aghaidh na calaoise, agus go gclárófar i gcóras custaim an Aontais agus i gcórais chustaim náisiúnta iad. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36(2).

CAIBIDIL 5

CÓRAS TAGARMHARCÁLA TÍRE AGUS COMHAR LE TRÍÚ TÍORTHA

Airteagal 29

Measúnú ar thíortha

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo córas trí-chiseal chun measúnú a dhéanamh ar thíortha nó ar chodanna díobh. Chun na críche sin, déanfar Ballstáit agus tríú tíortha, nó codanna díobh, a aicmiú i gceann de na catagóirí riosca seo a leanas:

(a)

tagraíonn ‘ardriosca’, do thíortha nó codanna díobh, inar sainaithníodh, de réir an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 3, go bhfuil ardriosca ann go dtáirgfear sna tíortha sin nó i gcodanna díobh, tráchtearraí ábhartha nach gcomhlíonann na táirgí ábhartha Airteagal 3, pointe (a), ina leith;

(b)

tagraíonn ‘ísealriosca’ do thíortha, nó codanna díobh, a meastar ina leith, de réir an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 3, go bhfuil dóthain muiníne ann gurb eisceachtúil iad na cásanna ina dtáirgtear sna tíortha sin nó i gcodanna díobh, tráchtearraí ábhartha nach gcomhlíonann na táirgí ábhartha Airteagal 3, pointe (a), ina leith;

(c)

tagraíonn ‘gnáthriosca’ do thíortha nó codanna díobh, nach dtagann faoi chatagóir an ‘ardriosca’ ná catagóir an ‘ísealriosca’.

2.   An 29 Meitheamh 2023, sannfar gnáthleibhéal riosca ar na tíortha uile. Déanfaidh an Coimisiún tíortha, nó codanna díobh, a mbaineann riosca íseal nó ardriosca leo a aicmiú i gcomhréir le mír 1. Déanfar an liosta de na tíortha sin, nó na codanna díobh, a mbaineann ísealriosca nó ardriosca leo a fhoilsiú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a bheidh le glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36(2), tráth nach déanaí ná an 30 Nollaig 2024. Déanfar an liosta sin a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta más iomchuí, a mhinice is gá i gcás fianaise nua a bheith ann.

3.   Bunófar aicmiú na dtíortha ísealriosca agus ardriosca, nó codanna díobh, de bhun mhír 1 ar mheasúnú oibiachtúil trédhearcach arna dhéanamh ag an gCoimisiún, agus an fhianaise eolaíoch is déanaí agus na foinsí a aithnítear go hidirnáisiúnta á gcur san áireamh. Bunófar an t-aicmiú go príomha ar na critéir mheasúnaithe seo a leanas:

(a)

ráta an dífhoraoisithe agus an díghrádaithe foraoisí;

(b)

ráta leathnaithe na talún talmhaíochta le haghaidh tráchtearraí ábhartha;

(c)

treochtaí táirgeachta maidir le tráchtearraí ábhartha agus táirgí ábhartha.

4.   Sa mheasúnú dá dtagraítear i mír 3, féadfar an méid seo a leanas a chur san áireamh freisin:

(a)

faisnéis arna tíolacadh ag an tír lena mbaineann, ag na húdaráis réigiúnacha lena mbaineann, ag oibreoirí, ag ENRanna, agus ag tríú páirtithe, lena n-áirítear pobail dhúchasacha, ag pobail áitiúla agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, maidir le cumhdach éifeachtach astaíochtaí agus aistrithe ón earnáil talmhaíochta, foraoiseachta agus ón úsáid talún sa rannchuidiú arna chinneadh go náisiúnta le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide;

(b)

comhaontuithe agus ionstraimí eile idir an tír lena mbaineann agus an tAontas agus/nó a Bhallstáit lena dtugtar aghaidh ar an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoisí agus lena n-éascaítear comhlíonadh Airteagal 3 i dtaca le tráchtearraí ábhartha agus táirgí ábhartha agus cur chun feidhme éifeachtach na gceanglas sin;

(c)

cibé acu atá nó nach bhfuil dlíthe náisiúnta nó fonáisiúnta i bhfeidhm ag an tír lena mbaineann, lena n-áirítear i gcomhréir le hAirteagal 5 de Chomhaontú Pháras, agus a ghlacann nó nach nglacann sí bearta éifeachtacha forfheidhmiúcháin chun dul i ngleic leis an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoisí, agus chun gníomhaíochtaí as a n-eascraíonn an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoisí a sheachaint agus pionóis a ghearradh orthu agus go háirithe cibé acu a chuirtear nó nach gcuirtear pionóis i bhfeidhm atá géar go leor chun na tairbhí a fhabhraítear as an dífhoraoisiú nó as an díghrádú foraoisí a bhaint;

(d)

cibé acu a chuireann nó nach gcuireann an tír lena mbaineann na sonraí ábhartha ar fáil go trédhearcach; agus, más infheidhme, dlíthe lena gcosnaítear cearta an duine, cearta na bpobal dúchasach, pobail áitiúla agus sealbhóirí eile gnáthcheart tionachta a bheith ann, a chomhlíonadh nó a fhorfheidhmiú go héifeachtach;

(e)

smachtbhannaí arna bhforchur ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe nó ag Comhairle an Aontais Eorpaigh ar allmhairí nó onnmhairí na dtráchtearraí ábhartha agus na dtáirgí ábhartha.

5.   Rachaidh an Coimisiún i mbun idirphlé sonrach leis na tíortha uile a aicmítear mar thíortha ardriosca, nó a bhfuil riosca ann go n-aicmeofar iad amhlaidh, agus é mar chuspóir a leibhéal riosca a laghdú.

6.   Gan dochar do mhír 5, tabharfaidh an Coimisiún fógra go foirmiúil don tír lena mbaineann go bhfuil sé beartaithe aige an tír sin nó cuid di a athaicmiú chuig catagóir riosca eile agus iarrfaidh sé uirthi aon fhaisnéis a mheasfar a bheith úsáideach ina leith a sholáthar. Cuirfidh an Coimisiún na húdaráis inniúla ar an eolas freisin faoi rún den sórt sin.

Áireofaidh an Choimisiún an fhaisnéis seo a leanas san fhógra:

(a)

an chúis nó na cúiseanna leis an rún aicmiú riosca na tíre nó codanna di a athrú;

(b)

an iarraidh ar fhreagra a thabhairt ar an gCoimisiún i scríbhinn maidir leis an rún aicmiú riosca na tíre nó codanna di a athrú;

(c)

na hiarmhairtí a bhaineann lena aicmiú mar thír ísealriosca nó ardriosca.

7.   Tabharfaidh an Coimisiún am leordhóthanach don tír lena mbaineann chun freagra a thabhairt ar an bhfógra. I gcás ina mbaineann an fógra le rún de chuid an Choimisiúin an tír nó cuid di a aicmiú mar thíortha nó cuid di lena mbaineann riosca níos airde, féadfaidh an tír lena mbaineann faisnéis a sholáthar don Choimisiún sa fhreagra uaithi maidir leis na bearta a ghlac sí chun an cás a leigheas.

8.   Tabharfaidh an Coimisiún fógra, gan mhoill, don tír lena mbaineann agus do na húdaráis inniúla faoi thír, nó codanna di, a áireamh leis an liosta dá dtagraítear i mír 2 nó a bhaint den liosta sin.

Airteagal 30

Comhar le tríú tíortha

1.   Laistigh dá réimsí inniúlachta faoi seach, rachaidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais agus na Ballstáit leasmhara, i gcur chuige comhordaithe, i gcomhar le tíortha táirgeachta agus le codanna díobh, a mbaineann an Rialachán seo leo, go háirithe na tíortha sin a aicmiú mar thíortha ardriosca i gcomhréir le hAirteagal 29, trí chomhpháirtíochtaí atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo, agus trí shásraí comhair ábhartha eile chun aghaidh a thabhairt go comhpháirteach ar bhunchúiseanna an dífhoraoisithe agus an díghrádaithe foraoisí. Forbróidh an Coimisiún creat straitéiseach cuimsitheach de chuid an Aontais don chomhar sin agus breithneoidh sé ar ionstraimí ábhartha an Aontais a shlógadh. Díreofar leis na sásraí comhpháirtíochta agus comhair sin ar chaomhnú, athchóiriú agus úsáid inbhuanaithe foraoisí, ar an dífhoraoisiú, ar an díghrádú foraoisí agus ar an aistriú chuig modhanna inbhuanaithe táirgthe tráchtearraí, próiseála tomhaltais agus trádála. Le sásraí comhpháirtíochta agus comhair, féadfar idirphlé struchtúrtha, socruithe riaracháin, agus comhaontuithe atá ann cheana nó forálacha díobh, chomh maith le treochláir chomhpháirteacha lena gcumasaítear an t-aistriú chuig táirgeadh talmhaíochta lena n-éascaítear comhlíonadh an Rialacháin seo, a áireamh agus aird ar leith á tabhairt ar riachtanais na bpobal dúchasach, na bpobal áitiúil agus na bhfeirmeoirí beaga agus rannpháirtíocht na ngníomhaithe leasmhara uile á háirithiú.

2.   Le comhpháirtíochtaí agus comhar, ceadófar rannpháirtíocht iomlán gach geallsealbhóra, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta, pobail dhúchasacha, pobail áitiúla, mná, an earnáil phríobháideach, lena n-áirítear micrifhiontair agus FBManna eile, agus feirmeoirí beaga. Le comhpháirtíochtaí agus comhar, tacófar freisin le hidirphlé cuimsitheach agus rannpháirteach nó tionscnófar an t-idirphlé sin maidir le próisis náisiúnta athchóirithe dlí agus rialachais chun rialachas foraoise a fheabhsú agus chun aghaidh a thabhairt ar thosca intíre lena gcuirtear leis an dífhoraoisiú.

3.   Le comhpháirtíochtaí agus comhar, cuirfear forbairt chun cinn i dtaca le próisis chomhtháite um pleanáil talamhúsáide, mar aon le reachtaíocht ábhartha na dtíortha táirgthe, próisis ilgheallsealbhóra, dreasachtaí fioscacha nó tráchtála agus uirlisí eile a bhaineann le hábhar chun feabhas a chur ar chaomhnú foraoisí agus na bithéagsúlachta, bainistíocht inbhuanaithe agus athbhunú foraoisí, dul i ngleic le foraoisí agus le héiceachórais leochaileacha a bheith á n-athrú ina n-úsáidí eile talún, barrfheabhas a chur ar ghnóthachain le haghaidh an tírdhreacha, slándáil tionachta, táirgeacht talmhaíochta agus an t-iomaíochas, agus trédhearcacht slabhraí soláthair, cearta na bpobal a bhraitheann ar fhoraoisí a neartú, lena n-áirítear feirmeoirí beaga, pobail áitiúla, agus pobail dhúchasacha, a bhfuil a gcearta leagtha amach i nDearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach, agus áiritheofar rochtain an phobail ar dhoiciméid bainistíochta foraoisí agus ar fhaisnéis ábhartha eile.

4.   Laistigh dá réimsí inniúlachta faoi seach, rachaidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais, nó na Ballstáit, nó iad araon, i mbun plé déthaobhach agus iltaobhach idirnáisiúnta maidir le beartais agus le gníomhaíochtaí chun an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoisí a stopadh, lena n-áirítear i bhfóraim iltaobhacha amhail an Coinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht, Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an Gaineamhlú a Chomhrac, Comhthionól Comhshaoil na Náisiún Aontaithe, Fóram na Náisiún Aontaithe maidir le Foraoisí, Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, G7 agus G20. Áireofar sa rannpháirtíocht sin cur chun cinn an aistrithe chuig táirgeacht inbhuanaithe talmhaíochta agus bainistíocht inbhuanaithe foraoise mar aon le forbairt slabhraí soláthair trédhearcacha inbhuanaithe mar aon le hiarrachtaí leabúnacha chun caighdeáin agus sainmhínithe láidre a shainaithint agus a chomhaontú lena n-áiritheofar leibhéal ard cosanta d’fhoraoisí agus d’éiceachórais nádúrtha eile agus cearta an duine a bhaineann leis sin.

5.   Laistigh dá réimsí inniúlachta faoi seach, rachaidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais agus na Ballstáit leasmhara, i mbun idirphlé agus comhar le tíortha tomhaltais móra eile, chun glacadh ceanglas uaillmhianach a chur chun cinn chun rannchuidiú na dtíortha sin leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí a íoslaghdú, agus cothrom na Féinne domhanda a chur chun cinn.

CAIBIDIL 6

ÁBHAIR IMNÍ A BHFUIL BUNÚS LEO

Airteagal 31

Ábhair imní a bhfuil bunús leo de chuid daoine nádúrtha nó dlítheanacha

1.   Féadfaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha ábhair imní a bhfuil bunús leo a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil i gcás ina measfaidh siad nach bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh ag oibreoir nó trádálaí amháin nó níos mó.

2.   Déanfaidh údaráis inniúla measúnú, gan moill mhíchuí, ar na hábhair imní a bhfuil bunús leo go dícheallach neamhchlaonta, lena n-áirítear cibé acu atá nó nach bhfuil bonn maith leis an maíomh, agus déanfaidh siad na bearta is gá, lena n-áirítear seiceálacha ar oibreoirí agus ar thrádálaithe agus éisteachtaí a thabhairt dóibh, d’fhonn neamhchomhlíontacht fhéideartha ar an Rialacháin seo a bhrath agus, i gcás inarb iomchuí, bearta eatramhacha a dhéanamh faoi Airteagal 23 chun cosc a chur ar tháirgí ábhartha atá faoi imscrúdú a bheith á gcur nó á gcur ar fáil ar an margadh agus á n-onnmhairiú.

3.   Laistigh de 30 lá tar éis dó ábhar imní a bhfuil bunús leo a fháil, mura luaitear a mhalairt sa dlí náisiúnta, cuirfidh an t-údarás inniúil na daoine dá dtagraítear i mír 1, arb iad na daoine a thíolaic na húdair imní a bhfuil bunús leo, ar an eolas faoin obair leantach a rinneadh maidir leis an aighneacht sin agus tabharfaidh sé na cúiseanna leis sin.

4.   Gan dochar do na hoibleagáidí de bhun Threoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26), déanfaidh na Ballstáit foráil do bhearta chun cosaint a thabhairt do chéannacht na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha a chuir isteach ábhair imní a bhfuil bunús leo nó a dhéanann imscrúduithe arb é is aidhm leo a fhíorú an bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh ag oibreoirí nó trádálaithe.

Airteagal 32

Rochtain ar an gceartas

1.   Maidir le haon duine nádúrtha nó dlítheanach ag a mbeidh leas leordhóthanach, arna chinneadh i gcomhréir leis na córais náisiúnta atá ann cheana maidir le leigheasanna dlí, lena n-áirítear i gcás ina gcomhlíonann daoine den sórt sin na critéir, más ann dóibh, a leagtar síos sa dlí náisiúnta lena n-áirítear daoine a thíolaic ábhar imní a bhfuil bunús leis i gcomhréir le hAirteagal 31, beidh rochtain ag an duine nádúrtha nó dlítheanach sin ar nósanna imeachta riaracháin nó breithiúnacha chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na gcinntí, na ngníomhartha nó na heaspa gníomhaíochta ó na húdaráis inniúla faoin Rialachán seo.

2.   Beidh an Rialachán seo gan dochar d’fhorálacha an dlí náisiúnta lena rialaítear an rochtain ar an gceartas agus do na forálacha sin lena gceanglaítear go ndéantar triail a bhaint as gach nós imeachta athbhreithnithe riaracháin sula rachfar i muinín imeachtaí breithiúnacha.

CAIBIDIL 7

CÓRAS FAISNÉISE

Airteagal 33

Córas faisnéise

1.   Faoin 30 Nollaig 2024, déanfaidh an Coimisiún córas faisnéise a bhunú agus a choimeád ar bun ina dhiadh, ina mbeidh na ráitis maidir le dícheall cuí gcur ar fáil de bhun Airteagal 4(2).

2.   Gan dochar do chomhlíonadh na n-oibleagáidí a bhunaítear i gCaibidil 2 agus 3, beidh na feidhmiúlachtaí seo a leanas ar a laghad ag an gcóras faisnéise:

(a)

oibreoirí agus trádálaithe agus a n-ionadaithe údaraithe san Aontas a chlárú; i gcás oibreoirí a chuireann táirgí ábhartha faoin nós imeachta custaim ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’ nó ‘onnmhairiú’, áireofar ina bpróifíl clárúcháin an uimhir chláraithe agus aitheantais oibreoirí eacnamaíocha (EORI) a bhunaítear de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

(b)

ráitis maidir le dícheall cuí a chlárú lena n-áirítear uimhir thagartha le haghaidh gach ráitis maidir le dícheall cuí arna thíolacadh tríd an gcóras faisnéise a chur in iúl don oibreoir nó don trádálaí lena mbaineann;

(c)

uimhir thagartha na ráiteas maidir le dícheall cuí atá ann cheana a chur ar fáil de bhun Airteagal 4(8) agus (9);

(d)

i gcás inar féidir, sonraí ó chórais ábhartha a thiontú chun an geoshuíomh a shainaithint;

(e)

toradh na seiceálacha ar ráitis maidir le dícheall cuí a chlárú;

(f)

idirnascadh le húdaráis chustaim trí Thimpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custam i gcomhréir le hAirteagal 28, lena n-áirítear na fógraí agus na hiarrataí dá dtagraítear in Airteagal 26(6) go (9) a cheadú;

(g)

faisnéis ábhartha a sholáthar chun tacú le próifíliú riosca do phlean na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagal 16(5), lena n-áirítear torthaí na seiceálacha, próifíliú riosca na n-oibreoirí, na dtrádálaithe agus na dtráchtearraí ábhartha agus na dtáirgí ábhartha chun críche oibreoirí agus trádálaithe atá le seiceáil dá dtagraítear in Airteagal 16(5) a shainaithint, bunaithe ar theicnící próiseála sonraí leictreonacha, agus chun críche táirgí ábhartha atá le seiceáil ag na húdaráis inniúla;

(h)

cúnamh riaracháin agus comhar idir údaráis inniúla, agus idir údaráis inniúla agus an Coimisiún a éascú chun faisnéis agus sonraí a mhalartú;

(i)

tacú leis an gcumarsáid idir údaráis inniúla agus oibreoirí agus trádálaithe chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí uirlisí digiteacha bainistithe soláthair a úsáid.

3.   Bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha maidir le feidhmiú an chórais faisnéise faoin Airteagal seo, lena n-áirítear rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta agus malartú sonraí le córais eile TF. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36(2).

4.   Tabharfaidh an Coimisiún rochtain ar an gcóras faisnéise sin d’údaráis chustaim, d’údaráis inniúla, d’oibreoirí agus do thrádálaithe agus, más infheidhme, dá n-ionadaithe údaraithe, i gcomhréir lena gcuid oibleagáidí féin faoin Rialachán seo.

5.   I gcomhréir le Beartas Sonraí Oscailte an Aontais, tabharfaidh an Coimisiún rochtain ar thacair sonraí iomlána anaithnidithe an chórais faisnéise don phobal i gcoitinne i bhformáid oscailte mheaisín-inléite agus lena n-áiritheofar idir-inoibritheacht, athúsáid agus inrochtaineacht.

CAIBIDIL 8

ATHBHREITHNIÚ

Airteagal 34

Athbhreithniú

1.   Tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2024, tíolacfaidh an Coimisiún measúnú tionchair a mbeidh, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach ag gabháil leis chun raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chun coillearnach eile a áireamh. Áireofar sa mheasúnú, inter alia, an scoithdháta dá dtagraítear in Airteagal 2, d’fhonn rannchuidiú an Aontais le tiontú agus díghrádú éiceachóras nádúrtha a íoslaghdú. Áireofar san athbhreithniú measúnú ar thionchar na dtráchtearraí ábhartha ar dhífhoraoisiú agus ar dhíghrádú foraoisí.

2.   Tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2025, tíolacfaidh an Coimisiún measúnú tionchair a mbeidh, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach ag gabháil leis chun raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chuig éiceachórais nádúrtha eile, lena n-áirítear talamh eile ina bhfuil stoic mhóra charbóin agus lena mbaineann luach ard bithéagsúlachta, amhail féarthailte, tailte portaigh agus bogaigh. Cumhdófar sa mheasúnú leathnú féideartha an éiceachórais, lena n-áirítear ar bhonn an scoithdháta dá dtagraítear in Airteagal 2, d’fhonn rannchuidiú an Aontais le tiontú agus díghrádú éiceachóras nádúrtha a íoslaghdú. Tabharfar aghaidh san athbhreithniú freisin ar an ngá atá ann maidir le raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chuig tráchtearraí breise, lena n-áirítear arbhar Indiach, agus ar a indéanta atá sé an méid sin a dhéanamh. Áireofar san athbhreithniú measúnú ar thionchar na dtráchtearraí ábhartha ar dhífhoraoisiú agus ar dhíghrádú foraoisí, mar a léirítear le fianaise eolaíoch, agus cuirfear athruithe ar thomhaltas san áireamh ann.

3.   Áireofar freisin sa mheasúnú tionchair dá dtagraítear i mír 2 measúnú i dtaobh cibé acu is iomchuí nó nach iomchuí maidir le liosta na dtáirgí ábhartha in Iarscríbhinn I a leasú nó a leathnú chun a áirithiú go n-áireofar ar an liosta sin na táirgí is ábhartha a bhfuil tráchtearraí ábhartha iontu, a cothaíodh le tráchtearraí ábhartha nó ar úsáideadh tráchtearraí ábhartha lena ndéanamh. Tabharfar aird ar leith sa mheasúnú sin ar áireamh féideartha bithbhreoslaí (cód CC 382600) in Iarscríbhinn I.

4.   Sa mheasúnú tionchair dá dtagraítear i mír 2, déanfar meastóireacht freisin ar ról na n-institiúidí airgeadais maidir le cosc a chur ar shreafaí airgeadais lena rannchuidítear go díreach nó go hindíreach le dífhoraoisiú agus díghrádú foraoisí agus déanfar measúnú ann ar an ngá atá le foráil a dhéanamh d’aon oibleagáidí sonracha d’institiúidí airgeadais i ngníomhartha dlí de chuid an Aontais i ndáil leis sin, agus aon reachtaíocht chothrománach agus earnálach ábhartha á cur san áireamh.

5.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun Iarscríbhinn I a leasú maidir le cóid AC ábhartha na dtáirgí ábhartha a bhfuil tráchtearraí ábhartha iontu, a cothaíodh le tráchtearraí ábhartha nó ar úsáideadh tráchtearraí ábhartha lena ndéanamh.

6.   Faoin 20 Meitheamh 2028 agus gach 5 bliana ar a laghad ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ginearálta ar an Rialachán seo, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena ngabhfaidh, más iomchuí, togra reachtach. Áireofar sa chéad cheann de na tuarascálacha meastóireacht ar an méid seo a leanas go háirithe, bunaithe ar staidéir shonracha:

(a)

an gá atá le tuilleadh uirlisí éascaithe trádála, agus a n-indéantacht – agus go háirithe do thíortha is lú forbairt a mbeidh tionchar mór ag an Rialachán seo orthu agus do thíortha nó codanna díobh a aicmíodh riosca caighdeánach nó ardriosca ina leith – chun tacú le gnóthú chuspóirí an Rialacháin seo;

(b)

tionchar an Rialacháin seo ar fheirmeoirí, go háirithe feirmeoirí beaga, pobail dhúchasacha agus pobail áitiúla agus an gá a d’fhéadfadh a bheith ann le tuilleadh tacaíochta le haghaidh an aistrithe chuig slabhraí soláthair inbhuanaithe agus do fheirmeoirí beaga chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh;

(c)

síneadh breise a chur leis an sainmhíniú ar díghrádú foraoisí, ar bhonn mionanailíse, agus an dul chun cinn a rinneadh sa phlé idirnáisiúnta ar an ábhar sin á chur san áireamh;

(d)

an tairseach d’úsáid éigeantach polagán dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (28), agus an tionchar atá aici ar dhul i ngleic le dífhoraoisiú agus díghrádú foraoisí á chur san áireamh;

(e)

athruithe ar phatrúin trádála na dtáirgí ábhartha agus na dtráchtearraí ábhartha a áirítear faoi raon feidhme an Rialacháin seo nuair a d’fhéadfadh na hathruithe sin a léiriú gur teacht timpeall atá i gceist leo;

(f)

measúnú ar cibé acu a bhí nó nach raibh na seiceálacha a rinneadh éifeachtach chun a áirithiú go gcomhlíontar Airteagal 3 leis na tráchtearraí ábhartha agus táirgí ábhartha a chuirtear ar fáil ar an margadh nó a onnmhairítear.

CAIBIDIL 9

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 35

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 34(5) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 29 Meitheamh 2023. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 6 mhí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas i leith tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 34(5) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 34(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 36

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27).

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír sin, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 11 de.

Airteagal 37

Aisghairm

1.   Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 le héifeacht ón 30 Nollaig 2024.

2.   Leanfaidh Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 d’fheidhm a bheith aige, áfach, go dtí an 31 Nollaig 2027 maidir le hadhmad agus le táirgí adhmaid mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 a táirgeadh roimh an 29 Meitheamh agus a cuireadh ar an margadh ón 30 Nollaig 2024 nó tar éis an dáta sin.

3.   De mhaolú ar Airteagal 1(2) den Rialachán seo, leis an adhmad agus na táirgí adhmaid mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 995/2010, a táirgeadh roimh an 29 Bealtaine 2023 agus a cuireadh ar an margadh ón 31 Nollaig 2027, déanfar Airteagal 3 den Rialachán seo a chomhlíonadh.

Airteagal 38

Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Faoi réir mhír 3 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagail 3 go 13, Airteagail 16 go 24, agus Airteagail 26, 31 agus 32 ón 30 Nollaig 2024.

3.   Cé is moite de na táirgí a chumhdaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 995/2010, i gcás oibreoirí a bunaíodh faoin 31 Nollaig 2020 mar mhicreaghnóthais nó mar ghnóthais bheaga de bhun Airteagal 3(1) nó (2) de Threoir 2013/34/AE, faoi seach, beidh feidhm ag na hAirteagail dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ón 30 Meitheamh 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 31 Bealtaine 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. KULLGREN


(1)  IO C 275, 18.7.2022, lch. 88.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Aibreán 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 16 Bealtaine 2023.

(3)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(4)  Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030 (IO L 114, 12.4.2022, lch. 22).

(5)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(6)  Cinneadh 93/626/CEE ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 1993 maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (IO L 309, 13.12.1993, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 lena leagtar síos oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh (IO L 295, 12.11.2010, lch. 23).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle an 20 Nollaig 2005 maidir le scéim ceadúnúcháin FLEGT a bhunú i gcás allmhairí adhmaid isteach sa Chomhphobal Eorpach (IO L 347, 30.12.2005, lch. 1).

(9)  Pendrill F., Persson U. M., Kastner, T. 2020. Deforestation risk embodied in production and consumption of agricultural and forestry commodities 2005-2017 (Version 1.0). Zenodo.

(10)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).

(11)  Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).

(12)  Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (IO L 57, 18.2.2021, lch. 1).

(15)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(16)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 607/2012 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2012 maidir leis na rialacha mionsonraithe a bhaineann le córas an díchill chuí agus minicíocht agus cineál na seiceálacha ar eagraíochtaí faireacháin dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh (IO L 177, 7.7.2012, lch. 16).

(17)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(18)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(19)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

(20)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

(21)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(22)  Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26).

(23)  Treoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil (IO L 328, 6.12.2008, lch. 28).

(24)  Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán um Chumaisc CE) (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1).

(25)  Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena mbunaítear Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custaim agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (IO L 317, 9.12.2022, lch. 1).

(26)  Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).

(27)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).


IARSCRÍBHINN I

Tráchtearraí ábhartha agus táirgí ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 1

Sa tábla seo a leanas liostaítear earraí mar a aicmítear iad san Ainmníocht Chomhcheangailte a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 dá dtagraítear in Airteagal 1 den Rialachán seo.

Seachas seachtháirgí próisis monaraíochta, i gcás ina mbaineann an próiseas sin le hábhar nach dramhaíl é mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Threoir 2008/98/CE, níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le hearraí más amhlaidh go dtáirgtear iad go hiomlán as ábhar a bhfuil a shaolré caite agus a chaithfí amach mar dhramhaíl ina mhalairt de chás, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1) den Treoir sin.

Tráchtearra ábhartha

Táirgí ábhartha

Eallach

0102 21 , 0102 29 Eallach beo

ex 0201 Feoil ó eallach, úr nó fuaraithe

ex 0202 Feoil ó eallach, reoite

ex 0206 10 Scairteach inite ó eallach, úr nó fuaraithe

ex 0206 22 Aenna inite ó eallach, reoite

ex 0206 29 Scairteach inite ó eallach (seachas teangacha agus aenna), reoite

ex 1602 50 Feoil, scairteach feola, fuil eile ó eallach, ullmhaithe nó leasaithe

ex 4101 Seithí agus craicne amha ó eallach (atá úr, nó saillte, triomaithe, aolta, picilte nó leasaithe ar bhealach eile, ach nach bhfuil súdaraithe, párchóirithe ná ullmhaithe thairis sin), bídís bearrtha nó scairghearrtha nó ná bídís

ex 4104 Seithí agus craicne súdaraithe nó crústaithe ó eallach, gan fionnadh orthu, bídís scairghearrtha nó ná bídís, ach gan ullmhú thairis sin orthu

ex 4107 Leathar ó eallach, a ndearnadh ullmhú breise air tar éis a shúdaraithe nó a chrústaithe, lena n-áirítear leathar párchóirithe, gan fionnadh air, bíodh sé scairghearrtha nó ná bíodh, cé is moite de leathar atá faoi cheannteideal 4114

Cócó

1801 Pónairí cócó, iomlán nó briste, amh nó rósta

1802 Blaoscanna, mogaill agus craicne cócó agus dramhaíl eile cócó

1803 Leafaos cócó, bíodh sé díshaillte nó ná bíodh

1804 Im cócó, saill cócó agus ola cócó

1805 Púdar cócó nach bhfuil siúcra breise ná substaint eile mhilsithe ann

1806 Seacláid agus ullmhóidí bia eile ina bhfuil cócó

Caife

0901 Caife, bíodh sé rósta nó díchaiféinithe nó ná bíodh; mogaill agus craicne caife; ionadaigh chaife a bhfuil cion éigin caife iontu

Pailm ola

1207 10 Cnónna pailme agus eithní pailme

1511 Ola pailme agus a codáin, bídís scagtha nó ná bídís, ach nach bhfuil modhnú ceimiceach déanta orthu

1513 21 Amhola eithne pailme agus amhola babasú agus a gcodáin, bídís scagtha nó ná bíodh, ach nach bhfuil modhnú ceimiceach déanta orthu

1513 29 Ola eithne pailme agus ola babasú agus a gcodáin, bídís scagtha nó ná bídís, ach nach bhfuil modhnú ceimiceach déanta orthu (seachas amhola)

2306 60 Cáca ola agus iarmhair sholadacha eile chnónna pailme nó eithní pailme, bídís meilte nó i bhfoirm millíní nó ná bídís, a thagann ó ola nó saillte chnónna pailme nó eithní pailme a úscadh

ex 2905 45 Gliocról, ag a bhfuil íonacht 95 % nó níos mó (arna ríomh de réir mheáchan an táirge thirim)

2915 70 Aigéid phailmíteacha, aigéid stéaracha, a gcuid salann agus eistear

2915 90 Aigéid mhonacarbocsaileacha neamhchioglacha sháithithe, a n-ainhidrídí, a hailídí, a sárocsaídí agus a sárocsa-aigéid; a gcuid díorthach halaiginithe, sulfónaithe, níotráitithe nó níotrósaithe (seachas aigéad formach, aigéad aicéiteach, aigéid mhonaclóraicéiteacha, dhéchlóraicéiteacha nó thríchlóraicéiteach, aigéad próipianach, aigéid bhútánócha agus aigéid pheantánócha, aigéid phailmíteacha, aigéid stéaracha, a gcuid salann agus eistear, agus ainhidríd aicéiteach)

3823 11 Aaigéad stéarach tionsclaíoch

3823 12 Aigéad oiléach tionsclaíoch

3823 19 Aigéid shailleacha thionsclaíocha mhonacarbocsaileacha; olaí aigéid ó athscagadh (seachas aigéad stéarach, aigéad oiléach agus aigéid shailleacha ó roisín leachtach)

3823 70 Alcóil shailleacha tionsclaíocha

Rubar

4001 Rubar nádúrtha, balata, gutta-percha, guayule, chicle agus gumaí nádúrtha comhchosúla, i bhfoirmeacha príomhúla nó ina bplátaí, ina leatháin nó ina stiallacha

ex 4005 Rubar comhshuite, neamhbholcánaithe, i bhfoirmeacha príomhúla nó ina phlátaí, ina leatháin nó ina stiallacha

ex 4006 Rubar neamhbholcánaithe i bhfoirmeacha eile (e.g. slata, feadáin agus cruthanna próifíle) agus earraí (e.g. dioscaí agus fáinní)

ex 4007 Snáithe agus corda rubair bholcánaithe

ex 4008 Plátaí, leatháin, stiallacha, slata agus cruthanna próifíle, as rubar bolcánaithe seachas rubar crua

ex 4010 Criosanna nó beilteanna iompair nó tarchurtha, as rubar bolcánaithe

ex 4011 Aerbhoinn nua, as rubar

ex 4012 Aerbhoinn atráchta nó chaite as rubar; boinn sholadacha nó chúisín, boinn agus flapaí boinn, as rubar

ex 4013 Feadáin inmheánacha, as rubar

ex 4015 Earraí éadaigh agus oiriúintí éadaigh (lena n-áirítear lámhainní, mitíní agus miotóga), chun críoch uile, as rubar bolcánaithe seachas rubar crua

ex 4016 Earraí eile as rubar bolcánaithe seachas rubar crua, nach bhfuil sonraithe in áit eile i gcaibidil 40

ex 4017 Rubar crua (e.g. éabainnít) i bhfoirmeacha uile, lena n-áirítear dramhaíl agus fuíoll; earraí rubair chrua

Soighe

1201 Pónairí soighe, bídís briste nó ná bídís

1208 10 Plúr pónaire shoighe agus min phónaire shoighe

1507 Ola phónaire shoighe agus a codáin, bídís scagtha nó ná bídís, ach nach bhfuil modhnú ceimiceach déanta orthu

2304 Cáca ola agus iarmhair sholadacha eile, bídís meilte nó i bhfoirm millíní nó ná bídís, a thagann ó ola phónaire shoighe a úscadh

Adhmad

4401 Connadh, ina spreotaí, ina smutáin, ina chraobhóga, ina bhrosna nó i bhfoirmeacha dá samhail; adhmad i sliseanna nó i gcáithníní; min sáibh agus fuíolladhmad agus dramhadhmad, bíodh nó ná bíodh sé ceirtleánaithe i bhfoirm spreotaí, brícíní nó millíní nó i bhfoirmeacha dá samhail

4402 Fioghual, lena n-áirítear scillig-ghualach nó cnóghualach, bíodh sé ceirtleánaithe nó ná bíodh

4403 Adhmad neamhchóirithe, bíodh nó ná bíodh coirt nó sú-adhmad air nó bainte de, nó cearnaithe go garbh

4404 Adhmad fonsa; poil scoilte; cairn, cuaillí agus stácaí adhmaid, a bhfuil pointe orthu ach nach bhfuil sáfa ar a bhfad; bataí adhmaid, iad garbh-bhearrtha, ach gan iad deilte, lúbtha ná oibrithe ar aon bhealach eile, atá oiriúnach chun maidí siúil, scáthanna fearthainne, cosa uirlisí nó a leithéidí a mhonarú; slisadhmad agus a leithéid

4405 Olann adhmaid; plúr adhmaid

4406 Trasnáin (trascheangail) adhmaid iarnróid nó trambhealaí

4407 Adhmad sáfa nó scealptha ar a fhad, sliseáilte nó scafa, bíodh nó ná bíodh sé plánáilte, greanáilte nó ceannsiúntáilte, de thiús is mó ná 6 mm

4408 Leatháin le haghaidh athchraicinn (lena n-áirítear na cinn a fhaightear trí adhmad lannaithe a shliseadh), le haghaidh sraithadhmaid nó le haghaidh adhmaid lannaithe chomhchosúil agus adhmaid eile, sáfa ar a fhad, sliseáilte nó scafa, bíodh nó ná bíodh sé plánáilte, greanáilte, scarshiúntáilte nó ceannsiúntáilte, de thiús nach mó ná 6 mm

4409 Adhmad (lena n-áirítear stiallacha agus fríosanna d’urlár iontlaise, nach bhfuil cóimeáilte) atá dealbhaithe go leanúnach (teangaithe, eitrithe, céimnithe, seaimféaráilte, V-shiúntáilte, feirbthe, múnlaithe, maolaithe nó a leithéid) feadh aon cheann dá imill, dá fhoircinn nó dá éadain, bíodh nó ná bíodh sé plánáilte, greanáilte, nó ceannsiúntáilte

4410 Clár cáithníneach, clár sliseog treoshuite (OSB) agus clár den tsamhail sin (clár slisín, mar shampla), as adhmad nó as ábhar ligneach eile, bíodh nó ná bíodh sé ceirtleánaithe le roisíní nó le táthshubstaintí orgánacha eile

4411 Clár snáithíneach adhmaid nó ábhar ligneach eile, bíodh nó ná bíodh sé nasctha le roisíní nó le substaintí orgánacha eile

4412 Sraithadhmad, painéil a bhfuil athchraiceann orthu agus adhmad lannaithe comhchosúil

4413 Adhmad dlúthaithe, ina bhloic, ina phlátaí, ina stiallacha nó ina chruthanna próifíle

4414 Frámaí adhmaid i gcomhair pictiúr, grianghraf, scáthán nó nithe comhchosúla

4415 Cásanna pacála, boscaí, cliathbhoscaí, drumaí agus pacáistithe dá samhail, déanta as adhmad; drumaí cáblaí, déanta as adhmad; pailléid, pailléid i bhfoirm boscaí agus cláir ualaigh eile, déanta as adhmad;

coiléir phailléid, déanta as adhmad

(nach n-áirítear leo ábhar pacála a úsáidtear go heisiach mar ábhar pacála chun tacú le táirge eile a chuirtear ar an margadh nó chun táirge eile a chuirtear ar an margadh a chosaint nó a iompar.)

4416 Cascaí, bairillí, dabhcha, tobáin agus táirgí cúipéara eile agus codanna díobh as adhmad, lena n-áirítear stéibheanna

4417 Uirlisí, ceapa uirlise, cosa uirlise, ceapa nó cosa scuaibe, déanta as adhmad; ceapa gréasaí do bhróga nó buataisí, déanta as adhmad

4418 Táirgí siúinéireachta agus cearpantóireachta, lena n-áirítear painéil cheallacha adhmaid, painéil chóimeáilte urláir, slinnte agus fabhtanna

4419 Gréithe tábla agus cistine, as adhmad

4420 Maircíneacht adhmaid agus adhmad inleagtha; cisteoga agus cásanna do sheodra nó sceanra, agus earraí comhchosúla, as adhmad; deilbhíní agus earraí ornáideacha eile, as adhmad; troscáin déanta as adhmaid nach gcumhdaítear i gCaibidil 94

4421 Earraí eile déanta as adhmad,

Laíon agus páipéar i gCaibidlí 47 agus 48 den Ainmníocht Chomhcheangailte, cé is moite de tháirgí bambú agus de tháirgí (dramhaíola agus fuíll) aisghafa

ex 49 Leabhair chlóite, nuachtáin, pictiúir agus táirgí eile de chuid thionscal na clódóireachta; lámhscríbhinní, clóscríbhinní agus pleananna, as páipéar

ex 9401 Suíocháin (seachas na cinn atá faoi cheannteideal 9402 ) cibé ar féidir iad a thiontú go leapacha nó nach féidir, agus páirteanna díobh, as adhmad.

9403 30 , 9403 40 , 9403 50 , 9403 60 agus 9403 91 Troscán adhmaid, agus codanna díobh

9406 10 Foirgnimh adhmaid réamhdhéanta


IARSCRÍBHINN II

Ráiteas maidir le dícheall cuí

Faisnéis atá le háireamh sa ráiteas maidir le dícheall cuí i gcomhréir le hAirteagal 4(2):

1.

Ainm agus seoladh an oibreora agus, i gcás tráchtearraí ábhartha agus táirgí ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as, an uimhir Chláraithe agus Aitheantais Oibreoirí Eacnamaíocha (EORI) i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

2.

Cód Córais Chomhchuibhithe, tuairisc saorthéacs, lena n-áirítear ainm trádála agus, i gcás inarb infheidhme, ainm eolaíoch iomlán, agus cainníocht, an táirge ábhartha a bheartaíonn an t-oibreoir a chur ar an margadh nó a onnmhairiú. Maidir le táirgí ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a cuirtear amach as ní mór an chainníocht a shloinneadh i gcileagraim de ghlanmhais, lena sonraítear meastachán céatadáin nó diall, agus, i gcás inarb infheidhme, san aonad forlíontach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 in aghaidh chód an Chórais Chomhchuibhithe atá léirithe freisin nó, i ngach cás eile, ní mór í a shloinneadh i nglanmhais lena sonrófar meastachán céatadánach nó diall nó, i gcás inarb infheidhme, glantoirt nó líon na n-ítimí. Beidh feidhm ag aonad forlíontach i gcás ina shaineofar go comhsheasmhach é le haghaidh gach fo-cheannteidil a d’fhéadfadh a bheith ann faoi chód an Chórais Chomhchuibhithe dá dtagraítear sa ráiteas maidir le dícheall cuí.

3.

An tír tháirgthe agus geoshuíomh gach plásóige talún inar táirgeadh na tráchtearraí ábhartha. Maidir le táirgí ábhartha a bhfuil eallach iontu nó ar úsáideadh eallach lena ndéanamh, agus maidir le táirgí ábhartha den sórt sin a cothaíodh le táirgí ábhartha, déanfaidh an geoshuíomh tagairt do gach bunaíocht inar coinníodh an t-eallach sin; maidir leis an táirge ábhartha a bhfuil tráchtearraí a táirgeadh i ndáileachtaí talún éagsúla ann nó ar ar úsáideadh tráchtearraí a táirgeadh i ndáileachtaí talún éagsúla lena dhéanamh, áireofar geoshuíomh na ndáileachtaí talún go léir i gcomhréir le hAirteagal 9(1), pointe(d).

4.

I gcás oibreoirí a thagraíonn do ráiteas maidir le dícheall cuí atá ann cheana de bhun Airteagal 4(8) agus (9), uimhir thagartha an ráitis díchill chuí sin.

5.

An téacs: “Agus an ráiteas seo maidir le dícheall cuí á thíolacadh, dearbhaíonn an t-oibreoir gur feidhmíodh dícheall cuí i gcomhréir le Rialachán (AE)2023/1115 agus nár aimsíodh aon riosca nó nár aimsíodh ach riosca diomaibhseach go bhfuil na táirgí ábhartha neamhchomhlíontach le hAirteagal 3, pointe (a) nó (b), den Rialachán sin.”.

6.

Síniú san fhormáid seo a leanas:

“Arna shíniú le haghaidh agus thar ceann:

Dáta:

Ainm agus feidhm: Síniú:”.