17.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 79/1


RIALACHÁN (AE) 2023/588 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Márta 2023

lena mbunaítear Clár an Aontais um Nascacht Shlán le haghaidh na tréimhse 2023-2027

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 189(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 19-20 Nollaig 2013, léiríodh gur díol mór sásaimh di na hullmhúcháin le haghaidh na chéad ghlúine eile den chumarsáid satailíte rialtais trí dhlúthchomhar idir na Ballstáit, an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis (GES). Lena chois sin, sainaithníodh cumarsáid satailíte rialtais mar cheann d’eilimintí na Straitéise Domhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh ó mhí an Mheithimh 2016. Beartaítear le cumarsáid satailíte rialtais rannchuidiú le freagairt an Aontais ar Bhagairtí Hibrideacha agus tacaíocht a thabhairt do Straitéis Slándála Muirí an Aontais agus do bheartas an Aontais maidir leis an Artach.

(2)

Cuireadh i dtábhacht sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 21-22 Márta 2019 gur gá don Aontas tuilleadh a dhéanamh chun geilleagar digiteach iomaíoch, slán, cuimsitheach agus eiticiúil a fhorbairt ag a mbeadh nascacht den chéad scoth.

(3)

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Feabhra 2021 dar teideal “Plean Gníomhaíochta maidir le sineirgí idir tionscail shibhialta, chosanta agus spáis”, luaitear go bhfuil sé mar aidhm aige “rochtain ar nascacht ardluais a chur ar fáil do gach duine san Eoraip, agus córas nascachta athléimneach a chur ar fáil a chuirfidh ar chumas na hEorpa fanacht nasctha cibé rud a tharlaíonn”.

(4)

Le “Compás Straitéiseach um Shlándáil agus Cosaint” a ghlac an Chomhairle an 21 Márta 2022, aithnítear go gcuireann bonneagar spáis an Aontais agus a Bhallstát lenár n-athléimneacht agus go gcuirtear ar fáil ann príomhsheirbhísí a ionadaíonn nó a chomhlánaíonn bonneagair ar talamh don teileachumarsáid. Dá bhrí sin, iarrann sí ar an Aontas obair a dhéanamh ar an togra le haghaidh córas cumarsáide slán domhanda spásbhunaithe de chuid an Aontais.

(5)

Ceann de na comhpháirteanna de Chlár Spáis an Aontais, arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) ná GOVSATCOM, arb é is aidhm dó infhaighteacht fhadtéarmach seirbhísí cumarsáide satailíte atá iontaofa, slán, inscálaithe cost-éifeachtach a áirithiú d’úsáideoirí GOVSATCOM. Beartaítear le Rialachán (AE) 2021/696 go ndéanfaí an acmhainneacht atá ann cheana le linn na chéad chéime de chomhpháirt GOVSATCOM go dtí thart ar 2025 a chomhthiomsú agus a roinnt trí Mhol GOVSATCOM. Sa chomhthéacs sin, tá an Coimisiún le hacmhainneachtaí GOVSATCOM a fháil ó Bhallstáit a bhfuil córais agus acmhainneachtaí spáis náisiúnta acu agus ó sholáthraithe cumarsáide nó seirbhísí satailíte tráchtála, agus leasanna slándála bunriachtanacha an Aontais á gcur san áireamh.

Sa chéad chéim sin, tabharfar seirbhísí GOVSATCOM isteach ar bhonn cur chuige céim ar chéim, i bhfianaise an uas-scálaithe ar chumais bhonneagair Mhol GOVSATCOM. Tá an cur chuige sin bunaithe ar an tuiscint freisin, má léirítear i gcaitheamh na chéad chéime, in anailís mhionsonraithe ar an soláthar agus ar an éileamh a bheidh ann, nár leor é chun an t-éileamh athraitheach a chumhdach, go mbeidh sé riachtanach aistriú chuig an dara céim agus bonneagar nó cumais spáis shaincheaptha sa bhreis a fhorbairt trí chomhar leis an earnáil phríobháideach, mar shampla le hoibreoirí satailíte de chuid an Aontais.

(6)

An 22 Márta 2017 d’fhormhuinigh Coiste Polaitiúil agus Slándála na Comhairle High Level Civil Military User Needs for Governmental Satellite Communications [Riachtanais Ardleibhéil Úsáideoirí Seirbhísí Sibhialta Míleata maidir le Cumarsáid Satailíte Rialtais] (GOVSATCOM) a d’ullmhaigh an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus a ndéantar riachtanais na n-úsáideoirí míleata arna sainaithint ag an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint ina Comhsprioc maidir le Líon Ball Foirne a glacadh in 2013 agus riachtanais na n-úsáideoirí sibhialta arna mbailiú ag an gCoimisiún a chumasc leo. Léirigh na hanailísí a rinne an Coimisiún ina dhiaidh sin nach féidir le tairiscint cumarsáide satailíte reatha an Aontais, ar bhonn acmhainneachtaí na mBallstát a bhfuil córais náisiúnta acu chomh maith leis an earnáil phríobháideach, freastal ar riachtanais nua áirithe an éilimh rialtais atá ag bogadh i dtreo réitigh slándála níos airde, aga folaigh íseal agus clúdach domhanda. Ba cheart faireachán agus athmheasúnú tráthrialta a dhéanamh ar na riachtanais sin.

(7)

D’fhág an dul chun cinn teicniúil a rinneadh le déanaí go raibh buíonta cumarsáide fithise neamh-gheochobhsaí (NGSO) in ann teacht chun cinn agus seirbhísí nascachta ardluais agus aga folaigh a chur ar fáil de réir a chéile. Tá deis ann dá bhrí sin aghaidh a thabhairt ar riachtanais athraitheacha úsáideoirí atá údaraithe ag rialtas trí bhonneagar breise a fhorbairt agus a imscaradh mar chomhduithe le haghaidh na minicíochtaí leis an Aontas Idirnáisiúnta Teileachumarsáide a bhfuil gá leo chun na seirbhísí riachtanacha atá ar fáil laistigh den Aontas faoi láthair a sholáthar. Mura n-úsáidtear iad, beidh na comhduithe le haghaidh na minicíochtaí sin as feidhm agus tabharfar iad do ghníomhaithe eile. Ós rud é go bhfuil na minicíochtaí agus sliotáin fhithiseacha ag éirí níos teirce de réir a chéile, ba cheart don Choimisiún, trí phróiseas oscailte trédhearcach leis na Ballstáit, an deis seo a thapú chun comhaontuithe ceadúnaithe tiomnaithe comhduithe a thabhairt i gcrích, leis na Ballstáit a sholáthraíonn na comhduithe le haghaidh na minicíochtaí, chun seirbhísí rialtais a sholáthar agus sin bunaithe ar an mbonneagar rialtais. Tá an earnáil phríobháideach freagrach as na cearta a fháil maidir le comhduithe le haghaidh na minicíochtaí a theastaíonn chun seirbhísí tráchtála a sholáthar.

(8)

Tá méadú ag teacht ar éileamh ó ghníomhaithe rialtais an Aontais ar sheirbhísí cumarsáide satailíte spásbhunaithe atá slán agus iontaofa, go háirithe toisc gurb iad sin an rogha is inmharthana in éagmais córais chumarsáide ar an talamh, nó i gcás ina gcuirtear isteach orthu nó nach bhfuil siad iontaofa. Tá rochtain inacmhainne chostéifeachtach ar chumarsáid satailíte fíor-riachtanach freisin i limistéir nach bhfuil bonneagar trastíre iontu, lena n-áirítear thar aigéin, san aerspás, i limistéir iargúlta agus i gcás ina bhfuil baol go dtarlóidh éaradh tromchúiseach seirbhíse sa bhonneagar trastíre nó nach féidir brath air i ngéarchéimeanna. Is féidir le cumarsáid satailíte athléimneacht fhoriomlán na líonraí cumarsáide a mhéadú, mar shampla rogha mhalartach a chur ar fáil i gcás ionsaithe fisiciúla nó cibirionsaithe ar bhonneagar áitiúil talún, tionóiscí nó tubaistí nádúrtha nó tubaistí de dhéantús an duine.

(9)

Ba cheart don Aontas a áirithiú go gcuirfear réitigh cumarsáide satailíte atá athléimneach, domhanda, slán, cosanta, gan cur isteach, ráthaithe agus solúbtha ar fáil le haghaidh riachtanais agus ceanglais rialtais atá ag athrú, ar réitigh iad atá bunaithe ar bhonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch de chuid an Aontais, chun athléimneacht oibríochtaí na mBallstát agus institiúidí an Aontais a mhéadú.

(10)

Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach clár nua, is é sin Clár an Aontais um Nascacht Shlán (“an Clár”), a bhunú chun foráil a dhéanamh do bhonneagar cumarsáide satailítbhunaithe, ilfhithiseach de chuid an Aontais lena úsáid ag an rialtas, agus acmhainneachtaí náisiúnta agus Eorpacha atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo á gcomhtháthú agus á gcomhlánú faoi chuimsiú chomhpháirt GOVSATCOM, agus an tionscnamh maidir le Bonneagar Cumarsáide Candamaí na hEorpa (EuroQCI) a fhorbairt a thuilleadh agus a chomhtháthú sa chóras nascachta sláine de réir a chéile.

(11)

Leis an gClár, ba cheart freastal ar riachtanais rialtasacha nua maidir le réitigh slándála níos airde, aga folaigh íseal agus clúdach domhanda. Ba cheart soláthar agus infhaighteacht fhadtéarmach na rochtana domhanda gan bhriseadh ar sheirbhísí cumarsáide rialtais satailíte slána, uathrialaitheacha, iontaofa agus costéifeachtacha a áirithiú leis, lena dtacófar le hathléimneacht agus cosaint an bhonneagair chriticiúil, feasacht staide, gníomhaíochtaí seachtracha, an bhainistithe géarchéime, mar aon le feidhmeanna atá bunriachtanach do gheilleagar, slándáil agus cosaint an Aontais agus na mBallstát, trí bhonneagar tiomnaithe rialtais, lena ndéantar comhtháthú agus comhlánú ar acmhainneachtaí GOVSATCOM. Thairis sin, leis an gClár ba cheart tús áite a thabhairt do sheirbhísí rialtais chun go bhféadfadh earnáil phríobháideach na hEorpa seirbhísí tráchtála a sholáthar, agus suirbhé margaidh á chur san áireamh, lena n-áirítear comhairliúchán le húsáideoirí atá údaraithe ag rialtas, trí bhonneagar tráchtála.

(12)

Leagtar síos le Cinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) sraith cuspóirí agus spriocanna chun forbairt bonneagar digiteach athléimneach, slán, feidhmiúil agus inbhuanaithe a chur chun cinn san Aontas, lena n-áirítear sprioc dhigiteach don Choimisiún agus do na Ballstáit nascacht ghigighiotáin a bhaint amach do chách faoi 2030. Leis an gClár ba cheart nascacht a bheith ar fáil ar fud an Aontais agus ar fud an domhain, do shaoránaigh agus do ghnólachtaí, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do, rochtain a sholáthar ar leathanbhanda ardluais inacmhainne a d’fhéadfadh cabhrú le deireadh a chur le limistéir atá marbh ó thaobh cumarsáide de agus comhtháthú a mhéadú ar fud an Aontais, lena n-áirítear sna réigiúin is forimeallaí, limistéir thuaithe, fhorimeallacha, iargúlta agus oileáin iargúlta. Ní féidir leis na seirbhísí satailíte teacht in ionad fheidhmíocht na líonraí ar talamh faoi láthair ach is féidir leo an deighilt dhigiteach a dhúnadh agus fiú, i gcás inarb infheidhme, rannchuidiú le cuspóirí ginearálta Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(13)

Dá bhrí sin, ba cheart sainiú, dearadh, forbairt, bailíochtú agus gníomhaíochtaí gaolmhara imscartha chun an bonneagar tosaigh spáis agus an bonneagar tosaigh ar talamh atá de dhíth chun na chéad seirbhísí rialtais a sholáthar, a thógáil a bheith sa Chlár. Ina dhiaidh sin, ba cheart gníomhaíochtaí imscartha de réir a chéile a bheith i gceist leis an gClár arb é is aidhm dóibh an bonneagar spáis agus ar talamh araon is gá chun ardseirbhísí rialtais a sholáthar, nach bhfuil ar fáil faoi láthair agus atá níos fearr ná na seirbhísí cumarsáide satailíte Eorpacha úrscothacha atá ann cheana, a chur i gcrích. Thairis sin, leis an gClár ba cheart forbairt críochfort úsáideoirí a chur chun cinn, ar críochfoirt iad atá in ann leas a bhaint as na seirbhísí cumarsáide ardleibhéil. Ba cheart tús a chur leis na gníomhaíochtaí saothraithe a luaithe is féidir leis an aidhm na chéad seirbhísí rialtais a sholáthar faoi 2024, ionas go gcomhlíonfar riachtanais na n-úsáideoirí atá údaraithe ag rialtas a luaithe is féidir. Ba cheart gníomhaíochtaí a bheith i gceist leis an gClár dá bhrí sin a bheidh dírithe ar an mbonneagar spáis agus ar an mbonneagar ar talamh is gá a chur i gcrích chun go mbeidh cumas oibríochtúil iomlán ann faoi 2027. Ba cheart soláthar seirbhísí rialtais, oibriú, coinneáil ar bun agus feabhsú leanúnach an bhonneagair spáis agus an bhonneagair ar an talamh, a luaithe a imscarfar é, mar aon le forbairt na nglúnta de sheirbhísí rialtais atá le teacht, a bheith mar chuid de na gníomhaíochtaí saothraithe.

(14)

I mí an Mheithimh 2019 ann, shínigh na Ballstáit an Dearbhú maidir le Bonneagar Cumarsáide Candamaí na hEorpa EuroQCI, (“an Dearbhú”) inar chomhaontaigh siad go n-oibreodh siad le chéile, leis an gCoimisiún agus le tacaíocht ó GES, chun bonneagar cumarsáide candamaí a fhorbairt lena gcumhdófaí an tAontas ar fad. I gcomhréir leis an Dearbhú sin, tá sé d’aidhm ag EuroQCI bonneagar cumarsáide candamaí, a dheimhnítear a bheith slán ó cheann go ceann a imscaradh, lena bhféadfar faisnéis agus sonraí a tharchur agus a stóráil, agus lena bhféadfar sócmhainní criticiúla cumarsáide poiblí a nascadh ar fud an Aontais. Leis an gClár, rannchuideofar le cuspóirí an Dearbhaithe a bhaint amach trí bhonneagar spáis agus trastíre EuroQCI a fhorbairt a bheidh comhtháite i mbonneagar rialtais an Chláir, agus trí bhonneagar trastíre EuroQCI a fhorbairt agus a imscaradh, a bheidh faoi úinéireacht na mBallstát. Ba cheart bonneagar spáis, ar talamh agus trastíre EuroQCI a fhorbairt in dhá phríomhchéim laistigh den Chlár, is iad sin réamhchéim bhailíochtaithe, a bhféadfadh forbairt agus bailíochtú roinnt teicneolaíochtaí agus prótacal cumarsáide éagsúil a bheith i gceist léi, agus céim imscartha iomlán, lena n-áirítear réitigh iomchuí le haghaidh nascacht idirshatailíte agus athsheachadadh sonraí idir satailítí, an bonneagar ar talamh agus trastíre.

(15)

Ceann de phríomhfheidhmeanna EuroQCI is ea dáileadh candamach eochracha cripteagrafacha (QKD) a cheadú. Go dtí seo, níl teicneolaíocht agus táirgí QKD aibí go leor chun go n-úsáidfear iad chun faisnéis rúnaicmithe AE (FRAE) a chosaint. Ní mór na príomh-shaincheisteanna a bhaineann le slándáil QKD, ar nós caighdeánú prótacal QKD, anailís ar thaobhchainéil agus modheolaíocht mheastóireachta, a réiteach fós. Dá bhrí sin, leis an gClár ba cheart tacú le EuroQCI agus áireamh táirgí cripteagrafacha formheasta a cheadú sa bhonneagar nuair a bheidh siad ar fáil.

(16)

D’fhonn FRAE a chosaint ar bhealach slán sásúil, ba cheart réitigh phríomha chun bagairtí ón ríomhaireacht chandamach a chomhrac a bheith ina meascán de ghnáthréitigh, de chripteagrafaíocht iar-chandamach agus, b’fhéidir, de QKD i bhfoirm bealaí cur chuige hibrideacha. Dá bhrí sin, leis an gClár ba cheart cineálacha cur chuige den sórt sin a úsáid chun cripteagrafaíocht úrscothach agus príomhdháileadh araon a áirithiú.

(17)

Chun acmhainneachtaí cumarsáide satailíte de chuid an Aontais a mhéadú, ba cheart bonneagar an Chláir a bheith bunaithe ar an mbonneagar a forbraíodh chun críocha chomhpháirt GOVSATCOM, chomh maith lena bheith á chomhtháthú agus á chomhlánú. Go háirithe, ba cheart bonneagar an Chláir ar talamh a bheith bunaithe ar Mhoil GOVSATCOM, de réir mar a mhéadaítear iad de réir a chéile ar bhonn riachtanais úsáideoirí trí shócmhainní eile den chuid ar talamh, lena n-áirítear sócmhainní na mBallstát atá toilteanach rannchuidiú breise a dhéanamh, ar bhonn ceanglais oibríochtúla agus slándála.

(18)

Leis an gClár, ba cheart nascacht shlán a fheabhsú thar limistéir gheografacha a bhfuil leas straitéiseach ag baint leo, amhail an Afraic agus an tArtach chomh maith le réigiúin Mhuir Bhailt, na Mara Duibhe, na Meánmhara, agus an tAtlantach. Leis na seirbhísí a sholáthraítear faoin gClár, ba cheart rannchuidiú leis an athléimneacht gheopholaitiúil freisin trí nascacht bhreise a chur ar fáil i gcomhréir le spriocanna beartais sna réigiúin sin agus le Teachtaireacht Chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 1 Nollaig 2021 dar teideal The Global Gateway [An Tairseach Dhomhanda].

(19)

Gan dochar do na seirbhísí cumarsáide, d’fhéadfaí na satailítí a thógtar chun críocha an Chláir a fheistiú le fochórais, lena n-áirítear pálastaí, lenar féidir acmhainneacht agus seirbhísí chomhpháirteanna Chlár Spáis an Aontais a mhéadú, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí seirbhísí nach seirbhísí cumarsáide breise iad a fhorbairt a bheidh le cinneadh ag coiste an Chláir ag teacht le chéile dó san fhoirmíocht ábhartha, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/696, agus a chuirfear chun feidhme faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo. Má bhunaítear an tairbhe do chomhpháirteanna Chlár Spáis an Aontais go cuí, agus aird á tabhairt ar riachtanais na n-úsáideoirí cuntais agus na srianta buiséadacha, d’fhéadfaí na fochórais sin a fhorbairt chun seirbhísí eile suite, loingseoireachta agus uainiúcháin a chur ar fáil leis lena gcomhlánófaí Galileo, chun craoladh teachtaireachtaí Bhreis-seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí (EGNOS) le haga folaigh níos ísle a áirithiú, chun braiteoirí spásbhunaithe a sholáthar le haghaidh faireachas spáis agus chun tacú le feabhas a chur ar chumais reatha Copernicus, go háirithe i gcás seirbhísí éigeandála agus slándála sibhialta. Ina theannta sin, leis na fochórais sin d’fhéadfaí seirbhísí nach seirbhísí cumarsáide iad a sholáthar do na Ballstáit, ar choinníoll nach mbeidh tionchar aige sin ar shlándáil ná buiséad an Chláir.

(20)

I bhfianaise a thábhachtaí atá sé don Chlár a bhonneagar rialtais ar talamh agus an tionchar atá aige sin ar a shlándáil, ba cheart don Choimisiún suíomh an bhonneagair sin a chinneadh i gcomhréir leis na ceanglais slándála ghinearálta agus tar éis próiseas oscailte agus trédhearcach, d’fhonn dáileadh cothrom idir na Ballstáit a áirithiú. D’fhéadfadh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (“an Ghníomhaireacht”) nó, i gcás inarb iomchuí, agus laistigh dá réimse inniúlachta, GSE, a bheith bainteach le himscaradh bonneagair rialtasaigh ar talamh an Chláir, lena gcomhtháthaítear freisin an bonneagar arna fhorbairt faoin gcomhpháirt GOVSATCOM.

(21)

Tá sé ríthábhachtach le haghaidh shlándáil an Aontais agus a Bhallstát agus chun slándáil agus sláine na seirbhísí rialtais a áirithiú, go ndéanfaí sócmhainní spáis an Chláir a lainseáil ó chríoch an Aontais. In imthosca eisceachtúla cuí-réasúnaithe leo, ba cheart go bhféadfadh na lainseálaithe sin tarlú ó chríoch tríú tír. Sa bhreis ar lainseálaithe troma agus meánmhéide, d’fhéadfadh lainseálaithe beaga agus micrealainseálaithe solúbthacht bhreise a chur ar fáil chun go bhféadfaí na sócmhainní spáis a imscaradh go tapa.

(22)

Tá sé tábhachtach gur leis an Aontas na sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe uile a bhaineann le bonneagar rialtais arna fhorbairt faoin gClár, cé is moite de bhonneagar trastíre EuroQCI, agus comhlíonadh na Cairte um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh á áirithiú aige ag an am céanna, lena n-áirítear Airteagal 17 di. D’ainneoin úinéireacht an Aontais ar na sócmhainní sin, ba cheart é a bheith indéanta don Aontas, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcás ina measfar gurb iomchuí sin ar bhonn measúnú de réir an cháis, na sócmhainní sin a chur ar fáil do thríú páirtithe nó iad a dhiúscairt.

(23)

Déantar tionscnaimh ar fud an Aontais, amhail an tionscnamh um nascacht shlán, a mhúnlú le rannpháirtíocht leathan fiontar beag agus meánmhéide (FBManna), gnólachtaí nuathionscanta agus fiontar mór nuálach ón earnáil spáis réamhtheachtach agus iartheachtach ar fud an Aontais. Le blianta beaga anuas, thug roinnt gníomhaithe spáis dúshlán d’earnáil an spáis, go háirithe gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna a d’fhorbair teicneolaíochtaí agus feidhmchláir spáis atá nuálach agus margadhthiomáinte, uaireanta le samhlacha gnó éagsúla. Chun iomaíochas éiceachóras spáis an Aontais a áirithiú, leis an gClár ba cheart uasmhéadú a dhéanamh ar theicneolaíochtaí nuálacha agus suaiteacha, chomh maith le samhlacha gnó nua arna bhforbairt ag éiceachóras spáis na hEorpa, lena n-áirítear Spás Nua, a bheith á n-úsáid go háirithe ag FBManna, ag cuideachtaí meánchaipitlithe agus ag gnólachtaí nuathionscanta a fhorbraíonn teicneolaíochtaí agus feidhmchláir spáis atá margadhthiomáinte, agus an slabhra luacha spáis á chumhdach ina iomláine ag an am céanna, lena gcuimsítear na deighleoga réamhtheachtacha agus iartheachtacha.

(24)

Tá sé ríthábhachtach infheistíocht na hearnála príobháidí a spreagadh trí sholáthar agus comhiomlánú iomchuí conarthaí seirbhíse, rud a laghdóidh éiginnteacht agus a sholáthróidh infheictheacht agus intuarthacht fhadtéarmach maidir le riachtanais sheirbhísí na hearnála poiblí. Chun iomaíochas thionscal spáis na hEorpa a áirithiú amach anseo, leis an gClár ba cheart cur le forbairt ardscileanna i réimsí a bhaineann leis an spás agus tacú le gníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna freisin, agus comhionannas deiseanna, comhionannas inscne agus cumhachtú na mban á gcur chun cinn, chun acmhainneacht iomlán shaoránaigh an Aontais sa réimse sin a bhaint amach.

(25)

I gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal “An Comhaontú Glas don Eoraip”, leis an gClár, ba cheart, a mhéid is féidir, an tionchar atá aige ar an gcomhshaol a íoslaghdú. Cé nach n-astaíonn na sócmhainní spáis féin gáis ceaptha teasa agus iad in úsáid, bíonn tionchar ag a monarú agus ag a saoráidí talún gaolmhara ar an gcomhshaol. Ba cheart bearta a ghlacadh chun an tionchar sin a mhaolú. Chuige sin, ba cheart a áireamh sa soláthar dá dtagraítear faoin gClár prionsabail agus bearta maidir le hinbhuanaitheacht, amhail forálacha chun íoslaghdú agus fritháireamh a dhéanamh ar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa arna nginiúint ag forbairt, táirgeadh agus imscaradh an bhonneagair agus bearta chun truailliú solais a chosc, amhail an tionchar ar bharúlacha réalteolaíocha talamhbhunaithe.

(26)

I bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar líon na spásárthaí agus an smionagair spáis i bhfithis, ba cheart don bhuíon nua Eorpach critéir inbhuanaitheachta spáis a chomhlíonadh freisin agus a bheith mar eiseamláir de dhea-chleachtais i mbainistiú spástráchta agus i bhfaireachas agus rianú spáis, chun an méid smionagair spáis a dhéantar a laghdú, cosc a chur ar scaradh agus imbhualadh infhithise, agus bearta iomchuí maidir le deireadh saolré spásárthaí a sholáthar. Agus ábhair imní dhlisteanacha maidir le cosaint na timpeallachta spáis á bplé i bhfóraim idirnáisiúnta, amhail i gCoiste na Náisiún Aontaithe um Úsáidí Síochánta an Chianspáis, tá sé thar a bheith tábhachtach go léiríonn an tAontas ceannaireacht maidir le hinbhuanaitheacht spáis. Ba cheart a áirithiú leis na conarthaí arna soláthar faoin gClár go gcumasóidh an teicneolaíocht a imscartar na caighdeáin is airde is féidir maidir le hinbhuanaitheacht, chomh maith le héifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní.

(27)

Ba cheart ceanglais oibríochtúla do sheirbhísí rialtais a bheith bunaithe ar mheasúnú ar riachtanais úsáideoirí atá údaraithe ag rialtas, agus cumais na tairisceana margaidh atá ann faoi láthair á gcur san áireamh ag an am céanna. Agus measúnú á dhéanamh ar na ceanglais sin, ba cheart na hacmhainneachtaí margaidh atá ann faoi láthair a úsáid a mhéid is féidir. As na ceanglais oibríochtúla sin, in éineacht le riachtanais slándála ghinearálta agus éileamh seirbhísí rialtais atá ag athrú, ba cheart punann na seirbhísí le haghaidh seirbhísí rialtais a fhorbairt. Sa phunann seirbhísí sin, ba cheart an bhonnlíne is infheidhme maidir le seirbhísí rialtais a leagan síos. Ba cheart na catagóirí seirbhíse lena gcomhlánaítear an phunann seirbhísí le haghaidh sheirbhísí GOVSATCOM arna bunú faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2021/696 a shainaithint inti freisin. Ba cheart don Choimisiún comhsheasmhacht agus comhleanúnachas na gceanglas oibríochtúil agus slándála idir comhpháirt GOVSATCOM agus an Clár a áirithiú. Chun an coibhneas is fearr is féidir a choinneáil idir an éileamh agus soláthar seirbhísí, ba cheart an phunann seirbhísí le haghaidh seirbhísí rialtais a shainaithint in 2023 agus ba cheart a bheith in ann í a nuashonrú go rialta, tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit, ar bhonn na gceanglas oibríochtúil agus slándála sin.

(28)

Is acmhainn fhinideach í an chumarsáid satailíte atá teoranta de réir acmhainneacht na satailíte, na minicíochta agus an chumhdaigh gheografaigh. Dá bhrí sin, chun bheith costéifeachtach agus chun tairbhe a bhaint as barainneacht scála, ba cheart don Chlár barrfheabhas a chur ar an gcomhoiriúnú idir soláthar agus éileamh na seirbhísí rialtais agus chun ró-acmhainn a sheachaint. Ós rud é go n-athraíonn an t-éileamh agus an soláthar a d’fhéadfadh a bheith ann le himeacht ama, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar na riachtanais chun an phunann a choigeartú le haghaidh na seirbhísí rialtais aon uair a dhealraíonn sé sin a bheith riachtanach.

(29)

Ba cheart do na Ballstáit, don Chomhairle, don Choimisiún agus do SEGS, chomh maith le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí de chuid an Aontais, a bheith in ann a theacht chun bheith ina rannpháirtithe sa Chlár, sa mhéid go roghnóidh siad úsáideoirí seirbhísí rialtais a údarú nó acmhainneachtaí, suíomhanna nó saoráidí a sholáthar. Á chur san áireamh gur faoi na Ballstáit atá sé cinneadh a dhéanamh an údaróidh siad úsáideoirí náisiúnta seirbhísí rialtais, níor cheart é a chur d’oibleagáid ar na Ballstáit ranníocaíocht a dhéanamh leis an gClár nó bonneagar Cláir a óstáil.

(30)

Ba cheart do gach rannpháirtí sa Chlár údarás inniúil um nascacht shlán a ainmniú chun faireachán a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann úsáideoirí agus eintitis náisiúnta eile a bhfuil ról acu sa Chlár na rialacha is infheidhme agus na nósanna imeachta slándála mar a leagtar síos sna ceanglais slándála ghinearálta iad nó nach gcomhlíonann. Féadfaidh rannpháirtithe sa Chlár feidhmeanna údaráis den sórt sin a thabhairt d’údarás atá ann cheana.

(31)

Leagtar síos sa Rialachán seo imchlúdach airgeadais le haghaidh ré iomlán an Chláir, arb é a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí phointe 18 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (5), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(32)

Tá cuspóirí an Chláir comhsheasmhach agus comhlántach le cuspóirí clár eile de chuid an Aontais, go háirithe Fís Eorpach, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus Cinneadh (AE) 2021/764 ón gComhairle (7), an clár don Eoraip Dhigiteach a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus, go háirithe, Clár Spáis an Aontais.

(33)

Le Fís Eorpach, leithdháilfear sciar tiomnaithe dá chomhpháirteanna Chnuasach 4 “Cúrsaí Digiteacha, an Tionscal agus an Spás” ar ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a bhaineann le forbairt agus bailíochtú an chórais nascachta sláine, lena n-áirítear le haghaidh na dteicneolaíochtaí a d’fhéadfaí a fhorbairt faoin éiceachóras spáis, Spás Nua san áireamh. Leis an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda (NDICI), leithdháilfear sciar tiomnaithe dá cistí a bhaineann leis an Eoraip Dhomhanda le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le hoibriú an chórais nascachta sláine agus le soláthar seirbhísí ar fud an domhain lena bhféadfar réimse seirbhísí a thairiscint do chomhpháirtithe idirnáisiúnta. Le Clár Spáis an Aontais, leithdháilfear sciar tiomnaithe dá chomhpháirt GOVSATCOM le haghaidh na ngníomhaíochtaí a bhaineann le forbairt Mhol GOVSATCOM a bheidh mar chuid de bhonneagar an chórais nascachta sláine ar talamh. Ba cheart an cistiú a thagann as na cláir sin a chur chun feidhme i gcomhréir le rialacha na gclár sin.

(34)

I ngeall ar na himpleachtaí bunúsacha atá aige ar shlándáil an Aontais agus a Bhallstát, tagann cuspóirí agus prionsabail an Chláir leis na cuspóirí agus prionsabail atá ag an gCiste Eorpach Cosanta, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). Dá bhrí sin, ba cheart cuid den chistiú ón gCiste Eorpach Cosanta sin a sholáthar chun na gníomhaíochtaí faoin gClár a chistiú, go háirithe na gníomhaíochtaí a bhaineann lena bhonneagar a imscaradh.

(35)

Chun a áirithiú go gcuirfear an Clár chun feidhme go rathúil, tá sé tábhachtach a áirithiú go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ar fáil. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann rannchuidiú lena n-inniúlacht theicniúil, a bhfios gnó agus a gcúnamh, go háirithe i réimsí na sábháilteachta agus na slándála, nó, i gcás inarb iomchuí agus indéanta, trí bhíthin na sonraí, an fhaisnéis, na seirbhísí agus an bonneagar atá suite ina gcríoch a chur ar fáil don Chlár. Leis an gClár ba cheart a bheith in ann ranníocaíochtaí airgeadais breise nó ranníocaíochtaí comhchineáil a fháil ó thríú páirtithe, lena n-áirítear gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais, na Ballstáit, tríú tíortha atá rannpháirteach sa Chlár nó eagraíochtaí idirnáisiúnta, i gcomhréir leis na comhaontuithe ábhartha.

(36)

Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) (“an Rialachán Airgeadais”) maidir leis an gClár. Leis an Rialachán Airgeadais, leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, bainistíocht indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha.

(37)

I gcomhréir le hAirteagal 191(3) den Rialachán Airgeadais, níl na costais chéanna le maoiniú faoi dhó le buiséad an Aontais in imthosca ar bith.

(38)

Ba cheart don Choimisiún, i gcás inar gá agus a mhéid is gá, a bheith in ann dul i muinín cúnamh teicniúil ó pháirtithe seachtracha áirithe, sa mhéid a chaomhnaítear leasanna slándála den Aontas. Ba cheart d’eintitis eile a bhfuil baint acu le rialachas poiblí an Chláir a bheith in ann úsáid a bhaint as an gcúnamh teicniúil céanna freisin agus iad ag déanamh na gcúraimí a chuirtear orthu faoin Rialachán seo.

(39)

Le conarthaí poiblí arna dtabhairt i gcrích faoin gClár le haghaidh gníomhaíochtaí arna maoiniú ag an gClár, ba cheart rialacha an Aontais a chomhlíonadh. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Aontas a bheith freagrach as sainiú na gcuspóirí atá le saothrú i leith soláthar poiblí.

(40)

Tá an Clár ag brath ar theicneolaíochtaí casta atá á bhforbairt gan stad. Leis an spleáchas ar theicneolaíochtaí den sórt sin, bíonn éiginnteacht agus riosca ann do chonarthaí poiblí arna dtabhairt i gcrích faoin gClár, sa mhéid go mbaineann gealltanais fhadtéarmacha maidir le trealamh nó seirbhísí leis na conarthaí sin. Dá bhrí sin, is gá bearta sonracha maidir le conarthaí poiblí sa bhreis ar na rialacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais. Dá bhrí sin, ba cheart a bheith in ann íosleibhéal fochonraitheoireachta a fhorchur. Maidir le híosleibhéal fochonraitheoireachta a fhorchur, ba cheart tosaíocht a thabhairt, i gcás inar féidir, do ghnólachtaí nuathionscanta agus do FBManna, go háirithe chun a rannpháirtíocht trasteorann a chumasú.

(41)

Chun cuspóirí an Chláir a bhaint amach, tá sé tábhachtach go mbeifí in ann, i gcás inarb iomchuí, úsáid a bhaint as acmhainneachtaí arna gcur ar fáil ag eintitis phoiblí agus phríobháideacha de chuid an Aontais atá gníomhach i réimse an spáis agus, chomh maith leis sin, go mbeifí in ann a bheith ag obair ar an leibhéal idirnáisiúnta le tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta. Ar an gcúis sin, is gá foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht úsáid a bhaint as na huirlisí agus modhanna bainistíochta ábhartha uile dá bhforáiltear le Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus leis an Rialachán Airgeadais agus as nósanna imeachta soláthair chomhpháirtigh.

(42)

Is é comhar príobháideach poiblí an scéim is iomchuí lena áirithiú gur féidir cuspóirí an Chláir a shaothrú. Ba cheart go gceadófaí leis cur le bonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch cumarsáide satailíte an Aontais atá ann cheana, lena n-áirítear sócmhainní príobháideacha, agus seirbhísí rialtais stóinseacha agus nuálacha a chur ar fáil, agus a chur ar chumas comhpháirtithe príobháideacha bonneagar an Chláir a chomhlánú le cumais bhreise chun seirbhísí tráchtála faoi dhálaí an mhargaidh a thairiscint trí infheistíochtaí breise dá chuid féin. Ina theannta sin, ba cheart go ndéanfadh scéim den sórt sin costais imscartha agus oibríochta a bharrfheabhsú trí chostais forbartha agus imscartha a roinnt ar chomhpháirteanna atá i gcoiteann ag bonneagair rialtais agus tráchtála araon, chomh maith le costais oibriúcháin trí ardleibhéal frithpháirtiúcháin acmhainneachta a cheadú. Ba cheart dó nuálaíocht a spreagadh in éiceachóras spáis an Aontais lena n-áirítear Spás Nua trí roinnt rioscaí taighde agus forbartha a chumasú idir comhpháirtithe poiblí agus príobháideacha.

(43)

Chun an Clár a chur chun feidhme, ba cheart na príomhphrionsabail a leanúint sna conarthaí lamháltais, soláthair, seirbhíse, sna conarthaí oibreacha nó sna conarthaí measctha. Ba cheart a bhunú le conarthaí den chineál sin dáileadh soiléir na gcúraimí agus na bhfreagrachtaí idir na comhpháirtithe poiblí agus príobháideacha, mar aon le leithdháileadh soiléir na rioscaí eatarthu, d’fhonn a áirithiú go nglacfaidh na conraitheoirí freagracht as iarmhairtí aon teipeanna a bhfuil siad faoi dhliteanas ina leith. Ba cheart a áirithiú leis na conarthaí nach bhfaighidh conraitheoirí róchúiteamh i leith seirbhísí rialtais a sholáthar, a cheadú don earnáil phríobháideach seirbhísí tráchtála a bhunú agus a áirithiú go dtabharfaí tosaíocht iomchuí do riachtanais na n-úsáideoirí atá údaraithe ag rialtas. Ba cheart a áirithiú leis na conarthaí go ndéanfar, leis an soláthar seirbhísí atá bunaithe ar bhonneagar tráchtála, leasanna bunriachtanacha an Aontais agus cuspóirí ginearálta agus sonracha an Chláir a chaomhnú. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go bhfuil bearta i bhfeidhm chun a áirithiú go gcaomhnófar na leasanna agus na cuspóirí bunúsacha sin.

Ba cheart, go háirithe, don Choimisiún a bheith in ann na bearta is gá a dhéanamh chun leanúnachas seirbhíse a áirithiú i gcás nach bhfuil an conraitheoir in ann a oibleagáidí a chomhlíonadh. Ba cheart coimircí leordhóthanacha a áireamh sna conarthaí chun, inter alia, coinbhleachtaí leasa agus saobhadh iomaíochta a d’fhéadfadh teacht as soláthar seirbhísí tráchtála, idirdhealú míchuí nó aon bhuntáistí indíreacha eile i bhfolach a chosc. Féadfar a áireamh ar choimircí den sórt sin cuntais a dheighilt idir seirbhísí rialtais agus seirbhísí tráchtála, lena n-áirítear eintiteas ar leith a bhunú atá scartha go struchtúrach agus go dlíthiúil ón oibreoir atá comhtháite go hingearach le haghaidh seirbhísí rialtais a sholáthar, agus rochtain oscailte, chóir, réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach ar an mbonneagar is gá chun seirbhísí tráchtála a sholáthar. Dá bhrí sin, ba cheart seirbhísí tráchtála a bheith ar fáil do sholáthraithe seirbhísí trastíre atá ann cheana faoi choinníollacha trédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha. Leis na conarthaí, ba cheart a chothú rannpháirtíocht gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna feadh an tslabhra luacha iomláin agus ar fud na mBallstát.

(44)

Cuspóir tábhachtach de chuid an Chláir is ea slándáil an Aontais agus na mBallstát a áirithiú agus athléimneacht ar fud na bpríomhtheicneolaíochtaí agus na slabhraí luacha a neartú agus geilleagar oscailte á chaomhnú ag an am céanna. I gcásanna sonracha, chun an cuspóir sin a bhaint amach, is gá na coinníollacha incháilitheachta agus rannpháirtíochta a leagan síos chun cosaint shláine, shlándáil agus athléimneacht chórais oibríochtúla an Aontais a áirithiú. Níor cheart, leis sin, an bonn a bhaint den ghá atá le hiomaíochas agus costéifeachtúlacht.

(45)

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (14), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (15) agus (AE) 2017/1939 (16) ón gComhairle, táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí, lena n-áirítear calaois, a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú le cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tá an chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais.

Tugtar de chumhacht d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a imscrúdú agus a ionchúiseamh (17).

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tá ar aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí ón Aontas cearta coibhéiseacha.

(46)

Chun a áirithiú go ndéanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, is gá a cheangal ar thríú tíortha na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don oifigeach údarúcháin freagrach, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a chuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú go cuimsitheach.

(47)

Chun éifeachtúlacht agus tionchar an Chláir a bharrfheabhsú, ba cheart bearta a dhéanamh chun úsáid agus forbairt caighdeán oscailte, teicneolaíochtaí foinse oscailte agus idir-inoibritheacht a chur chun cinn in ailtireacht an chórais nascachta sláine. Trí choincheap níos oscailte den chóras sin, d’fhéadfaí sineirgí níos fearr a bheith ann le comhpháirteanna eile de Chlár Spáis an Aontais nó le seirbhísí agus feidhmchláir náisiúnta, costais a bharrfheabhsú trí dhúbláil a sheachaint i bhforbairt na teicneolaíochta céanna, iontaofacht a fheabhsú, nuálaíocht a chothú agus leas a bhaint as an iomaíocht leathan.

(48)

Chun go ndéanfar rialachas poiblí fónta ar an gClár, ní mór freagrachtaí agus cúraimí a dháileadh go soiléir ar na gníomhaithe éagsúla lena mbaineann chun forluí neamhriachtanach a sheachaint agus chun róchaiteachas agus moilleanna a laghdú. Ba cheart do ghníomhaithe uile an rialachais tacú, laistigh dá réimse inniúlachta agus i gcomhréir lena bhfreagrachtaí, le baint amach chuspóirí an Chláir.

(49)

Is le fada an lá atá na Ballstáit gníomhach i réimse an spáis. Tá córais, bonneagar, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí náisiúnta acu sa réimse sin. Dá bhrí sin, is féidir leo rannchuidiú go mór leis an gClár, go háirithe lena chur chun feidhme. D’fhéadfaidís oibriú i gcomhar leis an Aontas chun seirbhísí agus feidhmeanna an Chláir a chur chun cinn agus comhleanúnachas a áirithiú idir na tionscnaimh náisiúnta ábhartha agus an Clár. D’fhéadfadh sé go mbeadh an Coimisiún in ann na hacmhainní atá ar fáil do na Ballstáit a shlógadh, leas a bhaint as a gcúnamh agus, faoi réir coinníollacha arna gcomhaontú go frithpháirteach, cúraimí a chur ar na Ballstáit i ndáil le cur chun feidhme an Chláir. I gcás inarb ábhartha, ba cheart é a bheith mar aidhm ag na Ballstáit a áirithiú go mbeidh a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta comhleanúnach agus comhlántach leis an gClár. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit na bearta uile is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcosnófar an bonneagar ar talamh atá suite ina gcríocha. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a áirithiú go mbeidh na minicíochtaí is gá don Chlár ar fáil agus go ndéanfar iad a chosaint ar an leibhéal iomchuí le go mbeifear in ann na feidhmeanna ar bhonn na seirbhísí arna gcur ar fáil a fhorbairt agus a chur chun feidhme ina n-iomláine, i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 243/2012/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18). Níor cheart aon tionchar airgeadais a bheith ag na minicíochtaí a chuirfear ar fáil don Chlár ar an gClár.

(50)

I gcomhréir le hAirteagal 17 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus ós aidhm leis an gCoimisiún leas ginearálta an Aontais a chur chun cinn, is é atá freagrach as an gClár a chur chun feidhme, as freagracht fhoriomlán a ghlacadh as agus as a úsáid a chur chun cinn. Chun acmhainní agus inniúlachtaí na ngeallsealbhóirí éagsúla a bharrfheabhsú, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann cúraimí áirithe a chur ar eintitis eile faoi imthosca a bhfuil údar leo. Ba cheart don Choimisiún na príomhcheanglais theicniúla agus oibríochtúla atá riachtanach a chinneadh chun éabhlóid córas agus seirbhísí a chur chun feidhme. Ba cheart dó é sin a dhéanamh tar éis dul i gcomhairle le saineolaithe na mBallstát, le húsáideoirí agus le geallsealbhóirí ábhartha poiblí nó príobháideacha eile. Ar deireadh, i gcomhréir le hAirteagal 4(3) CFAE, ní bheidh de thoradh ar inniúlacht a bheith á feidhmiú ag an Aontas go gcoiscfear ar na Ballstáit a n-inniúlachtaí faoi seach a fheidhmiú. Mar sin féin, chun dea-úsáid a bhaint as cistí an Aontais, is iomchuí go n-áiritheoidh an Coimisiún, a mhéid is féidir, comhsheasmhacht na ngníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhthéacs an Chláir le gníomhaíochtaí na mBallstát, gan aon dúbláil iarrachtaí nach bhfuil gá léi a chruthú.

(51)

Le hAirteagal 154 den Rialachán Airgeadais foráiltear go bhfuil an Coimisiún in ann, ar bhonn torthaí measúnaithe ex ante, dul i muinín chórais agus nósanna imeachta na ndaoine nó na n-eintiteas a bhfuil sé de chúram orthu cistí de chuid an Aontais a chur chun feidhme. Más gá, ba cheart coigeartuithe sonracha ar na córais agus na nósanna imeachta sin (bearta maoirseachta), chomh maith leis na socruithe do na conarthaí atá ann cheana, a shainiú sa chomhaontú ranníocaíochta comhfhreagrach.

(52)

I bhfianaise a chumhdaigh ar fud an domhain, tá gné láidir idirnáisiúnta ag an gClár. Gheobhaidh comhpháirtithe idirnáisiúnta, a rialtais agus a saoránaigh raon seirbhísí an Chláir lena ngabhfaidh sochair fhabhraithe a bhaineann le comhar idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát leis na comhpháirtithe sin. Maidir le hábhair a bhaineann leis an gClár, d’fhéadfadh an Coimisiún comhordú a dhéanamh, ina réimse inniúlachta agus thar ceann an Aontais, ar na gníomhaíochtaí ar an ardán idirnáisiúnta.

(53)

Ar bhonn an tsaineolais a forbraíodh le blianta beaga anuas i dtaca le bainistiú, oibriú agus soláthar seirbhísí a bhaineann le comhpháirteanna Galileo agus EGNOS de Chlár Spáis an Aontais, is í an Ghníomhaireacht an comhlacht is iomchuí chun na cúraimí a bhaineann le hoibriú an bhonneagair rialtais agus le soláthar seirbhísí rialtais a chur chun feidhme, faoi mhaoirseacht an Choimisiúin. Dá bhrí sin, ba cheart dó acmhainneachtaí ábhartha breise a fhorbairt chun na críche sin. Ba cheart, ansin, soláthar seirbhísí rialtais a chur de chúram ar an nGníomhaireacht agus ba cheart a bheith in ann bainistiú oibríochtúil uile an bhonneagair rialtais, nó cuid de, a chur de chúram ar an nGníomhaireacht.

(54)

Maidir leis an tslándáil, agus ós rud é go bhfuil taithí aici sa réimse sin, ba cheart an Ghníomhaireacht a bheith freagrach, trína Bord um Chreidiúnú Slándála, as creidiúnú slándála na seirbhísí agus an bhonneagair rialtais a áirithiú. Ina theannta sin, faoi réir ullmhacht oibríochtúil na Gníomhaireachta, go háirithe ó thaobh leibhéil leordhóthanacha acmhainní daonna, ba cheart don Ghníomhaireacht na cúraimí a chuirfidh an Coimisiún uirthi a chomhlíonadh. I gcás inar féidir, ba cheart don Ghníomhaireacht a saineolas a ghiaráil, mar shampla, le linn ghníomhaíochtaí an Chórais Eorpaigh um Loingseoireacht Satailíte Dhomhanda (EGNSS). Agus cúraimí á gcur ar an nGníomhaireacht, ba cheart acmhainní leordhóthanacha daonna, riaracháin agus airgeadais a chur ar fáil chun cur ar chumas na Gníomhaireachta a cúraimí agus a misin a chur i gcrích go hiomlán.

(55)

Chun oibriú an bhonneagair rialtais a áirithiú agus soláthar na seirbhísí rialtais a éascú, ba cheart a cheadú don Ghníomhaireacht, trí bhíthin comhaontuithe ranníocaíochta, gníomhaíochtaí sonracha a chur de chúram ar eintitis eile, laistigh dá réimsí inniúlachta faoi seach, faoi na coinníollacha bainistíochta indírí a bhfuil feidhm acu maidir leis an gCoimisiún mar a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais iad.

(56)

Is eagraíocht idirnáisiúnta é GES a bhfuil saineolas leathan aige i réimse an spáis, lena n-áirítear i gcumarsáid satailíte, agus, dá bhrí sin, is comhpháirtí tábhachtach é i gcur chun feidhme na ngnéithe éagsúla de bheartas spáis an Aontais. I ndáil leis sin, ba cheart GES a bheith in ann saineolas a chur ar fáil don Choimisiún, lena n-áirítear chun sonraíochtaí agus cur chun feidhme ghnéithe teicniúla an Chláir a ullmhú. Chun na críche sin, ba cheart a chur de chúram ar GES an mhaoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí forbartha agus bailíochtaithe an Chláir, agus tacú leis an meastóireacht ar na conarthaí arna dtabhairt i gcrích i gcomhthéacs chur chun feidhme an Chláir.

(57)

De bharr a thábhachtaí atá gníomhaíochtaí a bhaineann leis an spás do gheilleagar an Aontais agus do shaol shaoránaigh an Aontais, ba cheart é a bheith ina phríomhthosaíocht ag an gClár ardleibhéal slándála a bhaint amach agus a choinneáil ar bun, go háirithe chun leasanna an Aontais agus na mBallstát a chosaint, lena n-áirítear maidir le faisnéis rúnaicmithe agus le faisnéis neamh-rúnaicmithe íogair.

(58)

Ós rud é go bhfuil saineolas sonrach ag SEGS agus go mbíonn teagmháil rialta aige le húdaráis tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, ba cheart do SEGS a bheith in ann cuidiú leis an gCoimisiún cúraimí áirithe a bhaineann le slándáil an Chláir i réimse an chaidrimh sheachtraigh a chur i gcrích, i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle (19).

(59)

Gan dochar do fhreagracht aonair na mBallstát i réimse na slándála náisiúnta, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 4(2) CAE, agus don cheart atá ag na Ballstáit a leasanna bunúsacha slándála a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 346 CFAE, ba cheart rialachas sonrach slándála a bhunú chun cur chun feidhme rianúil an Chláir a áirithiú. Ba cheart an rialachas sin a bheith bunaithe ar thrí phríomhphrionsabal. Ar an gcéad dul síos, tá sé ríthábhachtach an taithí leathan uathúil ar ábhair shlándála atá ag na Ballstáit a chur san áireamh a mhéid is féidir. Ar an dara dul síos, chun coinbhleachtaí leasa agus aon laigí i gcur i bhfeidhm na rialacha slándála a sheachaint, ba cheart feidhmeanna oibríochtúla a dhealú ó na feidhmeanna creidiúnaithe slándála. Ar an tríú dul síos, an t-eintiteas atá i gceannas ar bhonneagar uile an Chláir nó cuid de a bhainistiú, is é an t-eintiteas is fearr é freisin chun slándáil na gcúraimí sin atá air a bhainistiú. Le slándáil an Chláir, chuirfí leis an taithí a fuarthas le linn chur chun feidhme Chlár Spáis an Aontais le roinnt blianta anuas. Lena chois sin, chun go mbeidh rialachas fónta slándála ann, ní mór na róil a dháileadh go hiomchuí ar na gníomhaithe éagsúla. Ós rud é gur air atá an fhreagracht as an gClár, ba cheart don Choimisiún, i dteannta na mBallstát, agus gan dochar do shainchumais na mBallstát i réimse na slándála náisiúnta, na ceanglais slándála ghinearálta is infheidhme a chinneadh maidir leis an gClár. I réimse na faisnéise rúnaicmithe go háirithe, ba cheart a léiriú, le rialachas slándála an Chláir, na róil agus na réimsí inniúlachta atá ag an gComhairle agus ag na Ballstáit faoi seach maidir le meastóireacht agus formheas a dhéanamh ar tháirgí cripteagrafacha chun FRAE a chosaint.

(60)

Tá cibearshlándáil agus slándáil fhisiciúil bhonneagar an Chláir, ar talamh agus i spás araon, mar aon lena iomarcaíocht fhisiciúil, ríthábhachtach maidir le leanúnachas seirbhísí agus oibríochtaí na gcóras a áirithiú. Agus ceanglais slándála ghinearálta á mbunú, ba cheart, dá bhrí sin, aird chuí a thabhairt ar an ngá atá leis an gcóras agus a sheirbhísí a chosaint ar chibirionsaithe agus ar bhagairtí ar shatailítí, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí nua agus trí thacú le freagairt ar chibirionsaithe den chineál sin agus le téarnamh uathu sin.

(61)

I gcás inarb iomchuí, tar éis an anailís a dhéanamh ar rioscaí agus bagairtí, ba cheart don Choimisiún struchtúr faireacháin slándála a shainaithint. Ba cheart gurbh é an struchtúr faireacháin slándála sin an t-eintiteas a fhreagróidh ar threoracha arna bhforbairt faoi raon feidhme Chinneadh (CBES) 2021/698 ón gComhairle (20).

(62)

Gan dochar do shainchumais na mBallstát i réimse na slándála náisiúnta, ba cheart don Choimisiún agus don Ardionadaí, ina réimse inniúlachta féin faoi seach, slándáil an Chláir a áirithiú i gcomhréir leis an Rialachán seo agus, i gcás inarb ábhartha, le Cinneadh (CBES) 2021/698.

(63)

Bainfidh gníomhaithe rialtais an Aontais úsáid as na seirbhísí rialtais a chuirtear ar fáil leis an gClár i misin agus oibríochtaí atá criticiúil don tslándáil, don chosaint agus don tsábháilteacht mar aon le cosaint bonneagair chriticiúil. Dá bhrí sin, ba cheart seirbhísí agus bonneagar den sórt sin a bheith faoi réir creidiúnú slándála.

(64)

Ní mór gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála a dhéanamh ar bhonn na freagrachta coitinne as slándáil an Aontais agus a Bhallstát, trí gach dícheall a dhéanamh comhthoil a thógáil agus trí iad siúd uile lena mbaineann ceist na slándála a thabhairt isteach sa phróiseas, agus ní mór nós imeachta maidir le faireachán buan ar riosca a chur ar bun. Is gá freisin go ndéanfadh gairmithe atá cáilithe go cuí gníomhaíochtaí teicniúla creidiúnaithe slándála sa réimse a bhaineann le córais chasta a chreidiúnú agus a bhfuil leibhéal leordhóthanach imréitigh slándála acu.

(65)

Faoi Airteagal 17 CAE, tá an Coimisiún freagrach as bainistiú na gclár ar féidir iad, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sa Rialachán Airgeadais, a fho-tharmligean chuig tríú páirtithe faoi bhainistíocht indíreach. Sa chomhthéacs sin maidir leis na cúraimí a dhéanann tríú páirtithe chun an Clár a chur chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach, is gá don Choimisiún a áirithiú nach mbainfidh siad an bonn de shlándáil an Chláir go háirithe maidir le rialú faisnéise rúnaicmithe. Ba cheart a shoiléiriú, dá bhrí sin, i gcás ina gcuireann an Coimisiún de chúram ar GES cúraimí a dhéanamh faoin gClár, go bhfuil na comhaontuithe ranníocaíochta comhfhreagracha le háirithiú go ndéanfar faisnéis rúnaicmithe arna giniúint ag GES a mheas mar FRAE i gcomhréir le Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle (21) agus Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún (22) agus go gcruthófar í faoi údarás an Choimisiúin.

(66)

D’fhéadfadh gníomhaithe an Aontais agus na mBallstát seirbhísí rialtais an Chláir a úsáid i misin agus oibríochtaí atá criticiúil ó thaobh na slándála agus na sábháilteachta de. Dá bhrí sin, chun leasanna slándála riachtanach an Aontais agus a Bhallstát a chosaint, tá gá le bearta chun an leibhéal neamhspleáchais is gá ar thríú páirtithe (tríú tíortha agus eintitis ó thríú tíortha) a áirithiú, bearta lena gcuimseofar eilimintí uile an Chláir. D’fhéadfaí a áireamh ar na bearta sin teicneolaíochtaí spáis agus talún ar leibhéal na comhpháirte, an fhochórais nó an chórais, tionscail mhonaraíochta, úinéirí agus oibreoirí córas spáis, agus suíomh fisiciúil comhpháirteanna córas ar talamh.

(67)

Ar bhonn comhaontaithe atá le tabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE, agus ar an mbonn sin amháin, féadfar comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) atá ina gcomhaltaí den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha mar aon le tíortha de Bheartas Comharsanachta na hEorpa agus tríú tíortha eile a bheith rannpháirteach sa Chlár.

(68)

De bhun Chinneadh (AE) 2021/1764 ón gComhairle (23), tá daoine agus eintitis atá bunaithe i dtíortha agus críocha thar lear incháilithe chun cistiú a fháil faoi réir rialacha agus chuspóirí an Chláir agus faoi réir aon socrú féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear.

(69)

De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (24), ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an gClár ar bhonn na faisnéise arna bailiú i gcomhréir le ceanglais faireacháin shonracha, agus ag an am céanna ualach riaracháin, go háirithe ar na Ballstáit, agus ró-rialáil, á seachaint. Ar na ceanglais sin ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Chláir. Sa mheastóireacht ar an gClár, ba cheart torthaí na meastóireachta ar Chlár Spáis an Aontais a bhaineann le comhpháirt GOVSATCOM arna déanamh faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2021/696 a chur san áireamh.

(70)

Chun leordhóthanacht leanúnach na dtáscairí a áirithiú maidir le tuairisciú ar dhul chun cinn an Chláir, chomh maith le creat faireacháin agus meastóireachta an Chláir, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú i ndáil leis na táscairí, arb é atá iontu an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú agus an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shaintréithe bunachair sonraí de shócmhainní spáis an Chláir a shonrú, chomh maith leis an modheolaíocht agus na próisis chun é a chothabháil agus a thabhairt cothrom le dáta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(71)

Ar mhaithe le rialachas poiblí fónta agus i bhfianaise na sineirgíochtaí idir an Clár agus comhpháirt GOVSATCOM, is é an coiste Cláir arna bhunú faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2021/696 i bhfoirmíocht GOVSATCOM is ceart a bheith ina choiste freisin chun críocha an Chláir. I gcás ábhair a bhaineann le slándáil an Chláir, ba cheart do choiste an Chláir teacht le chéile i bhfoirmíocht slándála thiomnaithe.

(72)

D’fhéadfadh sé go mbeadh ionadaithe ó na heintitis a bhfuil cúraimí a bhaineann leis an gClár orthu in ann páirt a ghlacadh, mar bhreathnóirí, in obair choiste an Chláir arna bhunú le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ós rud é gur gá, ó thaobh rialachas fónta poiblí de, bainistiú aonfhoirmeach a dhéanamh ar an gClár mar aon le cinnteoireacht níos tapa agus rochtain chomhionann a thabhairt ar fhaisnéis (25). Ar na cúiseanna céanna, d’fhéadfadh sé go mbeadh ionadaithe ó thríú tíortha agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil comhaontú idirnáisiúnta tugtha i gcrích leis an Aontas acu, ar comhaontú é a bhaineann leis an gClár, in ann páirt a ghlacadh in obair choiste an Chláir faoi réir srianta slándála agus mar a fhoráiltear dó i dtéarmaí comhaontaithe den sórt sin. Níor cheart na hionadaithe ó eintitis ar cuireadh cúraimí a bhaineann leis an gClár orthu, ó thríú tíortha ná ó eagraíochtaí idirnáisiúnta a bheith i dteideal páirt a ghlacadh i nósanna imeachta vótála choiste an Chláir. Ba cheart na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht breathnóirí agus rannpháirtithe ad hoc a leagan síos i rialacha nós imeachta choiste an Chláir.

(73)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a bhaineann le glacadh na rialacha mionsonraithe maidir le soláthar seirbhísí rialtais, na gceanglas oibríochtúil le haghaidh seirbhísí rialtais, phunann na seirbhísí le haghaidh seirbhísí rialtais, na gcinntí ranníocaíochta maidir le comhaontuithe ranníocaíochta agus na gclár oibre, mar aon le ceanglais bhreise a bhunú maidir le rannpháirtíocht tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta sa Chlár. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(74)

Mar riail ghinearálta, ba cheart na seirbhísí rialtais atá bunaithe ar bhonneagar rialtais a chur ar fáil saor in aisce d’úsáideoirí atá údaraithe ag rialtas. Tá teorainn leis an acmhainneacht le haghaidh na seirbhísí sin, áfach. Más rud é, tar éis anailís a dhéanamh, go gcinneann an Coimisiún go bhfuil easpa acmhainneachtaí ann, ba cheart a cheadú dó beartas praghsála a ghlacadh, i gcásanna a mbíonn bonn cirt cuí leo ina sáraítear, leis an éileamh, an acmhainneacht rochtana mar chuid de na rialacha mionsonraithe sin maidir le soláthar seirbhísí, chun soláthar agus éileamh na seirbhísí a chomhoiriúnú. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca le beartas praghsála den sórt sin a ghlacadh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(75)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le bearta a leagan síos a theastaíonn chun suíomh na lárionad a bhaineann leis an mbonneagar rialtais ar talamh a chinneadh. Ar mhaithe le suíomhanna den sórt sin a roghnú, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann na ceanglais oibríochtúla agus slándála, chomh maith leis an mbonneagar atá ann cheana, a chur san áireamh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(76)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a bhaineann le ceanglais slándála ghinearálta a chinneadh a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann rialú iomlán a chur i bhfeidhm maidir le ceanglais slándála an Chláir. Agus gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh i réimse shlándáil ghinearálta an Chláir, ba cheart do choiste an Chláir, ag teacht le chéile i bhfoirmíocht slándála thiomnaithe, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. I bhfianaise íogaireacht na n-ábhar slándála, ba cheart don chathaoirleach de choiste an Chláir iarracht a dhéanamh teacht ar réitigh a mbeadh an tacaíocht is forleithne is féidir acu laistigh de choiste an Chláir. Níor cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcinnfí ceanglais slándála ghinearálta an Chláir i gcásanna nach dtugann coiste an Chláir aon tuairim. I gcás ina bhforáiltear ar shlí eile do rannpháirtíocht fhoirmíocht slándála choiste an Chláir, ba cheart an rannpháirtíocht sin a dhéanamh i gcomhréir le rialacha nós imeachta choiste an Chláir.

(77)

Leis an gClár, comhlánaítear Clár Spáis an Aontais atá ann cheana, trína chuspóirí agus a ghníomhaíochtaí a chomhtháthú agus a leathnú chun córas nascachta sláine agus spásbhunaithe a chruthú don Aontas. Ba cheart an méid sin a chur san áireamh sa mheastóireacht ar an gClár.

(78)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr scála agus éifeachtaí na gníomhaíochta a théann thar acmhainneachtaí airgeadais agus teicniúla aon Bhallstáit aonair, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(79)

Ba cheart an Clár a bhunú ar feadh tréimhse 5 bliana chun a ré a ailíniú le ré an chreata airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 (26) ón gComhairle (“CAI 2021-2027”).

(80)

Chun go bhféadfar tús a chur le cur chun feidhme an Rialacháin seo a luaithe is féidir d’fhonn a chuspóirí a bhaint amach, ba cheart é a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear Clár an Aontais um Nascacht Shlán (“an Clár”) ar feadh na ré atá fágtha de CAI 2021-2027. Leagtar síos le cuspóirí an Chláir, an buiséad don tréimhse 2023-2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar, agus na rialacha maidir leis an gClár a chur chun feidhme, agus aird á tabhairt ar Rialachán (AE) 2021/696.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “spásárthach” spásárthach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 2021/696;

(2)

ciallaíonn “smionagar spáis” smionagar spáis mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), de Rialachán (AE) 2021/696;

(3)

ciallaíonn “pálasta” trealamh a iompraíonn spásárthach chun misean áirithe sa spás a chur i gcrích;

(4)

ciallaíonn “éiceachóras spáis” líonra gnóthas atá ag idirghníomhú le chéile i slabhraí luacha in earnáil an spáis, ó na gnólachtaí nuathionscanta is lú go dtí na gnóthais is mó, lena gcuimsítear deighleoga réamhtheachtacha agus iartheachtacha an mhargaidh spáis;

(5)

ciallaíonn “Bonneagar Cumarsáide Candamaí na hEorpa” nó “EuroQCI” bonneagar idirnasctha spáis ar talamh agus trastíre atá comhtháite leis an gcóras nascachta sláine agus a úsáideann teicneolaíocht chandam-bhunaithe;

(6)

ciallaíonn “Mol GOVSATCOM” mol GOVSATCOM mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (23), de Rialachán (AE) 2021/696;

(7)

ciallaíonn “an Ghníomhaireacht” Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/696;

(8)

ciallaíonn “faisnéis rúnaicmithe AE” nó “FRAE” faisnéis rúnaicmithe AE nó FRAE arna sainiú in Airteagal 2, pointe (25), de Rialachán (AE) 2021/696;

(9)

ciallaíonn “faisnéis neamh-rúnaicmithe íogair” faisnéis neamh-rúnaicmithe íogair arna sainiú in Airteagal 2, pointe (26), de Rialachán (AE) 2021/696;

(10)

ciallaíonn “oibríocht mheasctha” oibríocht mheasctha arna sainiú in Airteagal 2, pointe (27), de Rialachán (AE) Uimh. 2021/696.

Airteagal 3

Cuspóirí an Chláir

1.   Beidh na cuspóirí ginearálta seo a leanas ag an gClár:

(a)

soláthar agus infhaighteacht fhadtéarmach laistigh de chríoch an Aontais agus rochtain gan bhriseadh ar fud an domhain ar sheirbhísí cumarsáide rialtais satailíte atá slán, uathrialaitheach, ar ardcháilíocht, iontaofa agus costéifeachtach a áirithiú d’úsáideoirí atá údaraithe ag rialtas, trí chóras nascachta sláine ilfhithise a bhunú faoi rialú sibhialta agus trí thacú le bonneagair chriticiúla, de réir bhrí Threoir 2008/114/CE ón gComhairle (27), feasacht staide, gníomhaíochtaí seachtracha, bainistiú géarchéime agus feidhmchláir atá ríthábhachtach don gheilleagar, don chomhshaol, don tslándáil agus don chosaint a chosaint, agus, ar an gcaoi sin, athléimneacht agus uathriail an Aontais agus na mBallstát a mhéadú, agus a mbonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch cumarsáide satailíte a threisiú, agus spleáchas iomarcach ar réitigh nach bhfuil bunaithe san Aontas a sheachaint, go háirithe le haghaidh bonneagar criticiúil agus rochtain ar an spás;

(b)

soláthar seirbhísí tráchtála nó seirbhísí a thairgtear d’úsáideoirí atá údaraithe ag rialtas bunaithe ar bhonneagar tráchtála ag dálaí an mhargaidh ag an earnáil phríobháideach a chumasú i gcomhréir le dlí iomaíochta an Aontais is infheidhme chun, inter alia, forbairt bhreise ar leathanbhanda ardluais domhanda, agus nascacht gan uaim a éascú, chomh maith le criosanna marbha cumarsáide a bhaint agus an comhtháthú a mhéadú ar fud chríocha na mBallstát, agus, ag an am céanna, an bhearna dhigiteach á dúnadh agus rannchuidiú, i gcás inarb infheidhme, leis na cuspóirí ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2018/1972.

2.   Beidh na cuspóirí sonracha seo a leanas ag an gClár:

(a)

na hacmhainneachtaí atá ag comhpháirt GOVSATCOM cheana agus a bheidh aici amach anseo a chomhlánú agus a chomhtháthú sa chóras nascachta sláine;

(b)

feabhas a chur ar athléimneacht, slándáil agus uathriail sheirbhísí cumarsáide an Aontais agus na mBallstát;

(c)

EuroQCI a fhorbairt a thuilleadh agus a chomhtháthú de réir a chéile sa chóras nascachta sláine;

(d)

ceart úsáide sliotán fithiseach agus minicíochtaí ábhartha a áirithiú;

(e)

stóinseacht sheirbhísí cumarsáide an Aontais agus na mBallstát agus cibear-athléimneacht an Aontais a mhéadú trí bhearta iomarcaíochta, cibearchosanta éighníomhaí réamhghníomhaí frithghníomhaí agus cibearshlándála oibríochtúla agus bearta cosanta i gcoinne cibearbhagairtí agus bearta eile i gcoinne bagairtí leictreamaighnéadacha a fhorbairt;

(f)

forbairt seirbhísí cumarsáide agus seirbhísí neamhchumarsáide breise a chumasú, i gcás inar féidir, go háirithe trí chomhpháirteanna Chlár Spáis an Aontais a fheabhsú, sineirgí a chruthú eatarthu agus a gcumais agus a seirbhísí a leathnú, chomh maith le seirbhísí neamhchumarsáide a fhorbairt atá le cur ar fáil do na Ballstáit, trí fhochórais satailíte bhreise a óstáil, lena n-áirítear pálastaí;

(g)

nuálaíocht, éifeachtúlacht, chomh maith le forbairt agus úsáid teicneolaíochtaí suaiteacha agus samhlacha gnó nuálacha ar fud éiceachóras spáis na hEorpa, a spreagadh, lena n-áirítear gníomhaithe Spáis Nua, iontrálaithe nua, gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna, chun iomaíochas earnáil spáis an Aontais a neartú;

(h)

nascacht shlán a fheabhsú thar limistéir gheografacha a bhfuil leas straitéiseach ag baint leo, amhail an Afraic agus an tArtach chomh maith le réigiúin Mhuir Bhailt, na Mara Duibhe, na Meánmhara, agus an tAtlantach;

(i)

sábháilteacht agus inbhuanaitheacht gníomhaíochtaí cianspáis a fheabhsú, trí bhearta iomchuí a chur chun feidhme chun iompar freagrach sa spás a áirithiú agus a chur chun cinn agus an Clár á chur chun feidhme, lena n-áirítear trí fhéachaint le hiomadú an smionagair spáis a chosc.

3.   Leanfaidh beartú tosaíochta agus forbairt na seirbhísí neamhchumarsáide breise dá dtagraítear i mír 2, pointe (f), den Airteagal seo agus comhlíonfaidh a gcistiú faoi seach cuspóirí Rialachán (AE) 2021/696 agus déanfaidh coiste an Chláir scrúdú orthu, ag teacht le chéile dó san fhoirmíocht ábhartha, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/696.

Airteagal 4

Gníomhaíochtaí an Chláir

1.   Áiritheofar soláthar na seirbhísí rialtais dá dtagraítear in Airteagal 10(1) trí na gníomhaíochtaí céimnithe seo a leanas, lena gcomhlánófar agus lena gcomhtháthófar comhpháirt GOVSATCOM sa chóras nascachta sláine:

(a)

gníomhaíochtaí sainmhínithe, deartha, forbartha, bailíochtaithe agus imscartha ghaolmhair chun an bonneagar spáis agus an bonneagar ar talamh is gá a thógáil chun na chéad seirbhísí rialtais a sholáthar faoi 2024;

(b)

gníomhaíochtaí imscartha de réir a chéile chun go dtabharfar chun críche an bonneagar spáis agus an bonneagar ar talamh is gá chun ardseirbhísí rialtais a sholáthar chun riachtanais na n-úsáideoirí atá údaraithe ag rialtas a chomhlíonadh a luaithe is féidir, agus é mar aidhm cumas oibríochtúil iomlán a bhaint amach faoi 2027;

(c)

EuroQCI a fhorbairt agus a úsáid chun é a chomhtháthú de réir a chéile sa chóras nascachta sláine;

(d)

gníomhaíochtaí saothraithe lena soláthraítear seirbhísí rialtais, a gcuimsítear leo: oibriú, cothabháil, feabhas leanúnach agus cosaint an bhonneagair spáis agus an bhonneagair ar talamh, lena n-áirítear uasghrádú agus bainistíocht dífheidhmeachta;

(e)

glúine an bhonneagair spáis agus an bhonneagair ar talamh amach anseo a fhorbairt agus éabhlóid seirbhísí rialtais.

2.   Déanfaidh na conraitheoirí dá dtagraítear in Airteagal 19 soláthar na seirbhísí tráchtála a áirithiú.

Airteagal 5

Bonneagar an chórais nascachta sláine

1.   Bunófar an córas nascachta sláine trí bhonneagar nascachta ilfhithise a shainiú, a dhearadh, a fhorbairt, a thógáil agus a oibriú, arna oiriúnú d’fhorbairt an éilimh rialtais ar chumarsáid satailíte agus lena dtairgfear aga folaigh íseal. Beidh sé modúlach chun na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3 a chomhlíonadh agus chun an phunann seirbhísí le haghaidh seirbhísí rialtais a leagtar síos in Airteagal 10(1) a bhunú. Comhlánófar agus comhtháthófar leis na hacmhainneachtaí atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo arna n-úsáid faoi chuimsiú chomhpháirt GOVSATCOM. Is éard a bheidh ann bonneagar rialtais, dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, agus bonneagar tráchtála, dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo.

2.   I mbonneagar rialtais an chórais nascachta sláine áireofar na sócmhainní ar talamh agus na sócmhainní spáis gaolmhara uile is gá chun na seirbhísí rialtais a sholáthar, mar a leagtar síos in Airteagal 10(1), pointí (a) agus (b), den Rialachán seo, lena n-áirítear na sócmhainní seo a leanas:

(a)

satailítí nó fochórais satailíte, lena n-áirítear pálastaí;

(b)

EuroQCI;

(c)

bonneagar chun faireachán a dhéanamh ar shlándáil an bhonneagair rialtais agus na seirbhísí rialtais;

(d)

bonneagar ar talamh chun na seirbhísí a sholáthar do na húsáideoirí atá údaraithe ag rialtas, lena n-áirítear an chuid ar talamh de bhonneagar GOVSATCOM atá le huas-scálú, go háirithe na Moil GOVSATCOM dá dtagraítear in Airteagal 67 de Rialachán (AE) 2021/696.

Mar chuid den bhonneagar rialtais, beidh, i gcás inarb iomchuí, fochórais bhreise satailíte, go háirithe pálastaí, a fhéadfar a úsáid mar chuid de bhonneagar spásbhunaithe na gcomhpháirteanna de Chlár Spáis an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/696 faoi na téarmaí agus coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán sin, mar aon le fochórais satailíte a úsáidtear chun seirbhísí neamhchumarsáide a sholáthar do na Ballstáit.

3.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, i gcás inar gá, bearta is gá chun suíomh na lárionad a bhaineann leis an mbonneagar rialtais ar talamh a chinneadh, i gcomhréir leis na ceanglais slándála ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 30(3) den Rialachán seo, tar éis próiseas trédhearcach oscailte. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(3) den Rialachán seo.

Chun leasanna slándála an Aontais agus a Bhallstát a chosaint beidh na lárionaid dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, i gcás inar féidir, suite i gcríoch na mBallstát agus rialófar iad trí chomhaontú óstach a bheidh i bhfoirm comhaontaithe riaracháin idir an tAontas agus an Ballstát lena mbaineann.

I gcás nach féidir na lárionaid a lonnú i gcríoch na mBallstát, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh lárionaid den sórt sin a lonnú i gcríoch comhaltaí de CSTE atá ina gcomhaltaí de LEE nó i gcríoch de chuid tríú tír eile, faoi réir comhaontú óstach idir an tAontas agus an tríú tír lena mbaineann, a thabharfar i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE.

D’ainneoin na chéad fhomhíre den mhír seo, déanfar suíomh Mhoil GOVSATCOM a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 67(2) de Rialachán (AE) 2021/696.

4.   Beidh ar áireamh i mbonneagar tráchtála an chórais nascachta sláine na sócmhainní spáis agus na sócmhainní ar talamh uile seachas na sócmhainní sin ar cuid den bhonneagar rialtais iad. Ní dhéanfaidh an bonneagar tráchtála dochar d’fheidhmíocht ná do shlándáil an bhonneagair rialtais. Déanfaidh na conraitheoirí dá dtagraítear in Airteagal 19 an bonneagar tráchtála agus aon rioscaí gaolmhara a mhaoiniú go hiomlán chun an cuspóir dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (b), a chomhlíonadh.

5.   Chun leasanna slándála an Aontais a chosaint, déanfaidh soláthraithe seirbhíse atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo, lena n-áirítear iad siúd a úsáideann lainseálaithe beaga agus micrea-lainseálaithe, a chomhlíonann na coinníollacha incháilitheachta agus rannpháirtíochta a leagtar amach in Airteagal 22, sócmhainní spáis an bhonneagair rialtais a lainseáil, agus é sin in imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo agus sna himthosca sin amháin, ó chríoch tríú tír.

Airteagal 6

Úinéireacht agus úsáid sócmhainní

1.   Beidh an tAontas ina úinéir ar na sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe go léir ar cuid iad den bhonneagar rialtais arna fhorbairt faoin gClár, dá dtagraítear in Airteagail 5(2) agus 19(10), cé is moite de bhonneagar trastíre EuroQCI, a bheidh faoi úinéireacht na mBallstát. Chuige sin, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh forálacha lena n-áirithítear úinéireacht an Aontais ar na sócmhainní sin sna conarthaí, comhaontuithe agus socruithe eile a bhaineann le gníomhaíochtaí a bhféadfaí sócmhainní den sórt sin a chruthú nó a fhorbairt dá mbarr.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh na cearta seo a leanas ag an Aontas:

(a)

an ceart chun úsáid a bhaint as na minicíochtaí is gá chun comharthaí arna nginiúint ag an mbonneagar rialtais a tharchur, i gcomhréir leis na dlíthe agus na rialacháin is infheidhme agus na comhaontuithe ceadúnaithe ábhartha, arna chumasú ag na comhduithe ábhartha le haghaidh na minicíochtaí a sholáthraíonn na Ballstáit, atá fós faoi fhreagracht na mBallstát;

(b)

an ceart chun tosaíocht a thabhairt do sholáthar na seirbhísí rialtais ar sholáthar na seirbhísí tráchtála, i gcomhréir leis na téarmaí agus coinníollacha atá le bunú sna conarthaí dá dtagraítear in Airteagal 19 agus trí riachtanais úsáideoirí atá údaraithe ag rialtas dá dtagraítear in Airteagal 12(1) a chur san áireamh.

3.   Féachfaidh an Coimisiún le conarthaí, comhaontuithe nó socruithe eile a thabhairt i gcrích le tríú páirtithe, lena n-áirítear na conraitheoirí dá dtagraítear in Airteagal 19, maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

cearta úinéireachta atá ann cheana i leith sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe ar cuid iad den bhonneagar rialtais;

(b)

na cearta úinéireachta nó ceadúnais a fháil i dtaca leis na sócmhainní eile inláimhsithe agus doláimhsithe is gá chun an bonneagar rialtais a chur chun feidhme.

4.   Nuair is cearta maoine intleachtúla iad na sócmhainní dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3, bainisteoidh an Coimisiún na cearta sin ar an mbealach is éifeachtaí is féidir, agus aird á tabhairt ar an méid seo a leanas:

(a)

an gá leis na sócmhainní sin a chosaint agus le luach a thabhairt dóibh;

(b)

leasanna dlisteanacha na ngeallsealbhóirí uile lena mbaineann;

(c)

an gá atá le margaí iomaíocha agus dea-fheidhmiúla a áirithiú agus le teicneolaíochtaí nua a fhorbairt;

(d)

an gá le leanúnachas na seirbhísí arna soláthar ag an gClár.

5.   Áiritheoidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, go n-áireofar sna conarthaí, comhaontuithe agus socruithe ábhartha eile go bhféadfar na cearta maoine intleachtúla sin a aistriú chuig tríú páirtithe nó ceadúnais tríú páirtithe a dheonú lena n-aghaidh, lena n-áirítear do chruthaitheoir na maoine intleachtúla, agus gur féidir leis na tríú páirtithe sin tairbhiú de na cearta sin gan srian i gcás inar gá chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a dhéanamh.

Airteagal 7

Gníomhaíochtaí chun tacú le héiceachóras spáis nuálach iomaíoch don Aontas

1.   I gcomhréir leis an gcuspóir dá dtagraítear in Airteagal 3(2), pointe (g), den Rialachán seo, leis an gClár tacófar le héiceachóras spáis nuálach agus iomaíoch don Aontas, lena n-áirítear Spás Nua, agus go háirithe leis na gníomhaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2021/696.

2.   Spreagfaidh an Coimisiún nuálaíocht in éiceachóras spáis an Aontais, lena n-áirítear Spás Nua, le linn ré an Chláir tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

critéir a bhunú maidir le dámhachtain na gconarthaí dá dtagraítear in Airteagal 19, lena n-áirithítear an rannpháirtíocht is leithne do ghnólachtaí nuathionscanta agus do FBManna ar fud an Aontais agus feadh an tslabhra luacha iomláin;

(b)

a cheangal go ndéanfaidh na conraitheoirí dá dtagraítear in Airteagal 19 plean a sholáthar, i gcomhréir le hAirteagal 21, maidir le comhtháthú iontrálaithe nua, gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna ar fud an Aontais sna gníomhaíochtaí faoi na conarthaí dá dtagraítear in Airteagal 19 a uasmhéadú;

(c)

a cheangal, trí na conarthaí dá dtagraítear in Airteagal 19, go mbíonn iontrálaithe nua, gnólachtaí nuathionscanta, FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe ar fud an Aontais in ann a seirbhísí dílse a chur ar fáil d’úsáideoirí deiridh;

(d)

úsáid agus forbairt caighdeán oscailte, teicneolaíochtaí foinse oscailte agus idir-inoibritheacht a chur chun cinn in ailtireacht an chórais nascachta sláine, chun sineirgí a cheadú, costais a bharrfheabhsú, iontaofacht a fheabhsú, nuálaíocht a chothú agus tairbhe a bhaint as iomaíocht fhorleathan;

(e)

forbairt agus táirgeadh teicneolaíochtaí criticiúla a chur chun cinn san Aontas, ar teicneolaíochtaí iad a bhfuil gá leo chun leas a bhaint as seirbhísí rialtais.

3.   Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas freisin:

(a)

tacú le soláthar agus comhiomlánú conarthaí seirbhíse le haghaidh riachtanais an Chláir agus é mar chuspóir infheistíochtaí príobháideacha a ghiaráil agus a spreagadh san fhadtéarma, lena n-áirítear trí sholáthar comhpháirteach;

(b)

rannpháirtíocht níos láidre ó mhná a chur chun cinn agus a spreagadh agus spriocanna comhionannais agus cuimsithe a leagan síos sa doiciméadacht tairisceana;

(c)

cur le forbairt ardscileanna i réimsí a bhaineann leis an spás agus le gníomhaíochtaí oiliúna.

Airteagal 8

Inbhuanaitheacht an chomhshaoil agus an spáis

1.   Cuirfear an Clár chun feidhme d’fhonn inbhuanaitheacht an chomhshaoil agus an spáis a áirithiú. Chuige sin, áireofar sna conarthaí agus sna nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 19 forálacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

íoslaghdú na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a ghintear tríd an mbonneagar a fhorbairt, a tháirgeadh agus a imscaradh;

(b)

scéim a bhunú chun na hastaíochtaí gás ceaptha teasa atá fanta a fhritháireamh;

(c)

bearta iomchuí chun laghdú a dhéanamh ar thruailliú radaíochta infheicthe agus dofheicthe arb é spásárthach is cúis leis, agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bharúlacha réalteolaíocha nó ar aon chineál eile taighde agus barúlacha;

(d)

teicneolaíochtaí seachanta imbhuailtí iomchuí a úsáid le haghaidh spásárthaí;

(e)

plean cuimsitheach maolaithe a thíolacadh agus a chur chun feidhme maidir le smionagar spáis roimh chéim an imscartha, lena n-áirítear sonraí spásaga fithiseacha, chun a áirithiú go seachnóidh satailítí an chnuasaigh smionagar spáis.

2.   Áireofar sna conarthaí agus sna nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 19 den Rialachán seo oibleagáid sonraí, go háirithe sonraí eifimirise agus ainlithe pleanáilte, a sholáthar do na heintitis atá i gceannas ar fhaisnéis SST mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Rialachán (AE) 2021/696 agus seirbhísí SST dá dtagraítear in Airteagal 55 den Rialachán sin a tháirgeadh.

3.   Áiritheoidh an Coimisiún go gcoinneofar bunachar sonraí cuimsitheach de shócmhainní spáis an Chláir, ina mbeidh, go háirithe, sonraí a bhaineann le gnéithe inbhuanaitheachta comhshaoil agus spáis.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 45, chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí thréithe an bhunachair sonraí dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a shonrú, agus tríd an modheolaíocht agus na próisis chun an bunachar sonraí sin a chothabháil agus a nuashonrú a bhunú.

5.   Beidh raon feidhme gníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le mír 4 teoranta don mhéid seo a leanas:

(a)

na sócmhainní spáis ar leis an Aontas iad, dá dtagraítear in Airteagail 5(2) agus 19(10);

(b)

na sócmhainní spáis atá faoi úinéireacht na gconraitheoirí dá dtagraítear in Airteagal 19, dá dtagraítear in Airteagail 5(4) agus 19(10).

CAIBIDIL II

Seirbhísí agus rannpháirtithe

Airteagal 9

Seirbhísí rialtais

1.   Soláthrófar seirbhísí rialtais do na rannpháirtithe sa Chlár dá dtagraítear in Airteagal 11(1), (2) agus (3).

2.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe maidir le seirbhísí rialtais a sholáthar agus trí Airteagal 66 de Rialachán (AE) 2021/696 a chur san áireamh, ar bhonn éileamh comhdhlúithe na riachtanas reatha agus na riachtanas lena bhfuiltear ag coinne le haghaidh na seirbhísí éagsúla arna sainaithint in éineacht leis na Ballstáit, agus leithdháileadh dinimiciúil na n-acmhainní agus tosaíocht a thabhairt do na seirbhísí rialtais idir rannpháirtithe éagsúla an Chláir de réir ábharthacht agus chriticiúlacht riachtanais na n-úsáideoirí agus, i gcás inarb iomchuí, an chostéifeachtúlacht.

3.   Cuirfear na seirbhísí rialtais dá dtagraítear in Airteagal 10(1) ar fáil saor in aisce d’úsáideoirí atá údaraithe ag rialtas.

4.   Ceannóidh an Coimisiún na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 10(2), faoi dhálaí an mhargaidh, i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme den Rialachán Airgeadais agus é mar chuspóir soláthar na seirbhísí sin do na Ballstáit uile a ráthú. Cinnfear acmhainneacht bheacht agus leithdháileadh buiséid na seirbhísí sin sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ar bhonn ionchuir ó na Ballstáit.

5.   De mhaolú ar mhír 3 den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, nuair atá géarghá leis chun soláthar seirbhísí rialtais agus éileamh ar sheirbhísí rialtais a mheaitseáil, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, beartas praghsála a ghlacadh a bheidh i gcomhréir leis an mbeartas praghsála dá dtagraítear in Airteagal 63(1) de Rialachán (AE) 2021/696.

Trí bheartas praghsála a ghlacadh, áiritheoidh an Coimisiún nach ndéanfar saobhadh ar an iomaíocht mar gheall ar na seirbhísí rialtais a sholáthar, nach mbeidh ganntanas seirbhísí rialtais ann agus nach dtabharfar aon róchúiteamh do na conraitheoirí dá dtagraítear in Airteagal 19 mar thoradh ar an bpraghas a shainaithnítear.

6.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 2 agus 5 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(3).

7.   Áiritheofar soláthar seirbhísí rialtais de réir a chéile mar a leagtar síos sa phunann seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 10(1), faoi réir infhaighteacht bhonneagar an chórais nascachta sláine, tar éis chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointí (a) agus (b), agus ag tógáil ar sheirbhísí agus ar chumais atá ann cheana agus á ngiaráil de réir mar is iomchuí.

8.   Áiritheofar cóir chomhionann na mBallstát agus seirbhísí rialtais á soláthar i gcomhréir lena riachtanais dá dtagraítear in Airteagal 25(7).

Airteagal 10

Punann seirbhísí le haghaidh seirbhísí rialtais

1.   Bunófar an phunann seirbhísí le haghaidh seirbhísí rialtais i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo. Ar a laghad, cuimseofar na catagóirí seirbhíse seo a leanas inti agus comhlánófar léi an phunann le haghaidh sheirbhísí GOVSATCOM dá dtagraítear in Airteagal 63(3) de Rialachán (AE) 2021/696:

(a)

seirbhísí atá teoranta d’úsáideoirí atá údaraithe ag rialtas agus atá bunaithe ar bhonneagar rialtais, lena n-éilítear ardleibhéal slándála agus nach bhfuil oiriúnach do sheirbhísí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, amhail seirbhís stóinseach dhomhanda íseal-aga nó córas athsheachadta stóinseach sonraí spáis;

(b)

seirbhísí cumarsáide candamaí, amhail seirbhísí QKD.

2.   Cuimseofar sa phunann seirbhísí le haghaidh seirbhísí rialtais freisin seirbhísí d’úsáideoirí atá údaraithe ag rialtas atá bunaithe ar an mbonneagar tráchtála, amhail seirbhís aga folaigh ísil áirithithe ar fud an domhain nó seirbhís chaolbhanda ar fud an domhain.

3.   Cuimseofar freisin sa phunann seirbhísí le haghaidh na seirbhísí rialtais na sonraíochtaí teicniúla do gach catagóir seirbhíse, amhail cumhdach geografach, minicíocht, bandaleithead, trealamh úsáideoirí agus gnéithe slándála.

4.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an phunann seirbhísí le haghaidh seirbhísí rialtais. Bunófar na gníomhartha cur chun feidhme sin ar na ceanglais oibríochtúla dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, ar ionchur na mBallstát, agus ar na ceanglais slándála ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 30(3).

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(3).

5.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na ceanglais oibríochtúla maidir le seirbhísí rialtais, agus beidh na ceanglais sin i bhfoirm sonraíochtaí teicniúla agus pleananna cur chun feidhme a bhaineann, go háirithe, le bainistiú géarchéime, feasacht staide, bainistiú príomhbhonneagair, lena n-áirítear líonraí cumarsáide taidhleoireachta agus cosanta, agus riachtanais eile úsáideoirí atá údaraithe ag rialtas. Bunófar na ceanglais oibríochtúla sin ar na riachtanais atá ag úsáideoirí an Chláir, beidh siad saincheaptha chun an t-éileamh dearbhaithe a chumhdach, agus cuirfidh siad san áireamh ceanglais a eascraíonn as trealamh agus líonraí úsáideoirí atá ann cheana agus ceanglais oibríochtúla le haghaidh seirbhísí GOVSATCOM arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 63(2) de Rialachán (AE) 2021/696. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(3) den Rialachán seo.

6.   Cinnfear sna conarthaí dá dtagraítear in Airteagal 19 na téarmaí agus coinníollacha a ghabhann le soláthar na seirbhísí, agus rioscaí gaolmhara, a sholáthraítear tríd an mbonneagar tráchtála.

Airteagal 11

Rannpháirtithe sa Chlár agus údaráis inniúla

1.   Is iad na Ballstáit, an Chomhairle, an Coimisiún agus SEGS a bheidh ina rannpháirtithe sa Chlár a mhéid a údaraíonn siad úsáideoirí na seirbhísí rialtais nó a sholáthraíonn siad acmhainneachtaí, suíomhanna nó saoráidí.

2.   Féadfaidh gníomhaireachtaí agus comhlachtaí de chuid an Aontais a bheith ina rannpháirtithe sa Chlár a mhéid is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh agus i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe a leagtar síos i socrú riaracháin arna thabhairt i gcrích idir an ghníomhaireacht nó an comhlacht lena mbaineann agus an institiúid de chuid an Aontais a dhéanann maoirsiú air nó uirthi.

3.   Féadfaidh tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta a bheith ina rannpháirtithe sa Chlár i gcomhréir le hAirteagal 39.

4.   Ainmneoidh gach rannpháirtí sa Chlár údarás inniúil amháin um nascacht shlán.

Measfar gur chomhlíon na rannpháirtithe sa Chlár an ceanglas dá dtagraítear sa chéad fhomhír má chomhlíonann siad an dá chritéar seo a leanas:

(a)

tá siad ina rannpháirtithe i GOVSATCOM freisin i gcomhréir le hAirteagal 68 de Rialachán (AE) 2021/696;

(b)

d’ainmnigh siad údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 68(4) de Rialachán (AE) 2021/696.

5.   Maidir le hord tosaíochta seirbhísí rialtais idir na húsáideoirí arna n-údarú ag gach rannpháirtí sa Chlár, is é an rannpháirtí sin sa Chlár a dhéanfaidh an soláthar sin a chinneadh agus a chur chun feidhme.

6.   Déanfaidh údarás inniúil um nascacht shlán dá dtagraítear i mír 4 na nithe seo a leanas a áirithiú:

(a)

go mbeidh úsáid na seirbhísí rialtais i gcomhréir leis na ceanglais slándála ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 30(3);

(b)

go gcinnfear agus go mbainisteofar na cearta rochtana ar na seirbhísí rialtais;

(c)

go ndéanfar an trealamh úsáideoirí is gá chun na seirbhísí rialtais a úsáid, agus na naisc cumarsáide leictreonaí agus an fhaisnéis a ghabhann leo, a úsáid agus a bhainistiú i gcomhréir leis na ceanglais slándála ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 30(3);

(d)

go mbunófar pointe teagmhála lárnach chun cúnamh a thabhairt de réir mar is gá i leith tuairisciú rioscaí agus bagairtí slándála, go háirithe trasnaíocht leictreamaighnéadach dhíobhálach a bhrath a dhéanfadh difear do na seirbhísí faoin gClár.

Airteagal 12

Úsáideoirí na seirbhísí rialtais

1.   Féadfar na heintitis seo a leanas a údarú mar úsáideoirí seirbhísí rialtais:

(a)

údarás poiblí de chuid an Aontais nó de chuid Ballstáit nó comhlacht a bhfuil sé de chúram air údarás poiblí a fheidhmiú;

(b)

duine nádúrtha nó dlítheanach ag gníomhú thar ceann agus faoi rialú eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a).

2.   Beidh úsáideoirí seirbhísí rialtais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo cuí-údaraithe ag na rannpháirtithe sa Chlár dá dtagraítear in Airteagal 11 chun na seirbhísí rialtais a úsáid agus comhlíonfaidh siad na ceanglais slándála ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 30(3).

CAIBIDIL III

Ranníocaíocht bhuiséadach agus sásraí cistiúcháin

Airteagal 13

Buiséad

1.   Is é EUR 1,65 billiún i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2027 agus chun na rioscaí gaolmhara a chumhdach.

Déanfar an méid dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dháileadh go táscach ó CAI 2021-2027 mar a leanas:

(a)

EUR 1 billiún ó Cheannteideal 1 (An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha);

(b)

EUR 0,5 billiún ó Cheannteideal 5 (An tSlándáil agus an Chosaint);

(c)

EUR 0,15 billiún ó Cheannteideal 6 (An Chomharsanacht agus an Domhan).

2.   Comhlánófar an Clár le méid EUR 0,75 billiún arna chur chun feidhme faoin gClár Fís Eorpach, faoi chomhpháirt GOVSATCOM agus faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) le haghaidh uasmhéid táscach EUR 0,38 billiún, EUR 0,22 billiún agus EUR 0,15 billiún, faoi seach. Cuirfear an cistiú sin chun feidhme i gcomhlíonadh na gcuspóirí, na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar amach, faoi seach, i Rialachán (AE) 2021/695, agus i gCinneadh (AE) 2021/764, agus i Rialacháin (AE) 2021/696 agus (AE) 2021/947.

3.   Úsáidfear an méid dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, den Airteagal seo chun na gníomhaíochtaí uile a chumhdach is gá chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (a), a chomhlíonadh agus chun ceannach na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 9(4) a chumhdach. Féadfaidh caiteachas den sórt sin an méid seo a leanas a chumhdach freisin:

(a)

staidéir agus cruinnithe saineolaithe, go háirithe comhlíonadh a srianta costais agus ama;

(b)

gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena n-áirítear cumarsáid chorparáideach faoi thosaíochtaí beartais an Aontais i gcás ina mbeidh baint dhíreach acu le cuspóirí an Rialacháin seo, go háirithe d’fhonn sineirgí a chruthú le beartais eile de chuid an Aontais;

(c)

na líonraí teicneolaíochta faisnéise arb é is feidhm leo faisnéis a phróiseáil nó a mhalartú, agus na bearta bainistíochta riaracháin a chuireann an Coimisiún chun feidhme, lena n-áirítear i réimse na slándála;

(d)

cúnamh teicniúil agus cúnamh riaracháin chun an Clár a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena n-áirítear córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha.

4.   Gníomhaíochtaí a fhaigheann cistiú carnach ó chláir éagsúla de chuid an Aontais, ní dhéanfar iad a iniúchadh ach aon uair amháin, agus cumhdófar na cláir bhainteacha ar fad agus na rialacha ábhartha is infheidhme a ghabhann leo.

5.   Féadfar na gealltanais bhuiséadacha maidir le gníomhaíochtaí a mhairfidh níos faide ná bliain airgeadais amháin a mhiondealú ina dtráthchodanna bliantúla thar roinnt blianta.

6.   Féadfar acmhainní arna leithdháileadh ar na Ballstáit faoi bhainistíocht roinnte a aistriú, arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, chuig an gClár, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28). Cuirfidh an Coimisiún na hacmhainní sin chun feidhme go díreach i gcomhréir le hAirteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (a), den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le pointe (c) den fhomhír sin. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann.

Airteagal 14

Cistiú carnach agus cistiú malartach

Gníomhaíocht ar tugadh ranníocaíocht di faoin gClár, lena n-áirítear cistí faoi bhainistíocht roinnte, féadfar ranníocaíocht a thabhairt di freisin faoin gClár, ar choinníoll nach gcumhdaítear na costais chéanna leis na ranníocaíochtaí. Beidh feidhm ag rialacha chlár ábhartha an Aontais maidir leis an ranníocaíocht chomhfhreagrach leis an ngníomhaíocht. Ní rachaidh an cistiú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta. Féadfar an tacaíocht ó na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid lena leagtar amach na coinníollacha tacaíochta.

Airteagal 15

Ranníocaíochtaí breise leis an gClár

1.   Féadfaidh an Clár ranníocaíochtaí airgeadais breise nó ranníocaíochtaí comhchineáil a fháil ó na foinsí seo a leanas:

(a)

gníomhaireachtaí agus comhlachtaí de chuid an Aontais;

(b)

Na Ballstáit, i gcomhréir leis na comhaontuithe ábhartha;

(c)

tríú tíortha atá rannpháirteach sa Chlár, i gcomhréir leis na comhaontuithe ábhartha;

(d)

eagraíochtaí idirnáisiúnta, i gcomhréir le comhaontuithe ábhartha.

2.   Caithfear leis an ranníocaíocht airgeadais bhreise dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus le hioncaim de bhun Airteagal 9(5) den Rialachán seo mar ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 16

Ranníocaíocht ó GES

Féadfaidh GES, i gcomhréir lena rialacha agus nósanna imeachta inmheánacha féin, rannchuidiú trí chláir roghnacha GES le gníomhaíochtaí forbartha agus bailíochtaithe an Chláir, gníomhaíochtaí a eascraíonn as an gcur chuige soláthair dá dtagraítear in Airteagal 19(1), agus leasanna bunúsacha slándála an Aontais agus a Bhallstát á gcosaint ag an am céanna.

Airteagal 17

Ranníocaíocht ón earnáil phríobháideach

Déanfaidh na conraitheoirí dá dtagraítear in Airteagal 19 an bonneagar tráchtála dá dtagraítear in Airteagal 5 a mhaoiniú go hiomlán chun an cuspóir dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (b), a chomhlíonadh.

Airteagal 18

Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas

1.   Cuirfear an Clár chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais nó faoi bhainistíocht indíreach le comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c), den Rialachán Airgeadais.

2.   Leis an gClár, féadfar cistiú a sholáthar in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe deontais, duaiseanna agus soláthar. Féadfar maoiniú a sholáthar freisin i bhfoirm ionstraimí airgeadais mar chuid d’oibríochtaí measctha.

CAIBIDIL IV

An Clár a chur chun feidhme

Airteagal 19

Samhail cur chun feidhme

1.   Cuirfear an Clár chun feidhme, de réir mar is iomchuí, i gcur chuige céimnithe go dtí go dtabharfar na gníomhaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 4 chun críche. Áiritheoidh an Coimisiún, i gcomhordú leis na Ballstáit, go gceadófar leis an gcur chuige soláthair an iomaíocht is leithne is féidir chun rannpháirtíocht iomchuí an tslabhra luacha iomláin thionsclaíoch a chothú do na conarthaí a ghabhann le soláthar na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 10(1) agus do na conarthaí a ghabhann le ceannach na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

2.   Déanfar na gníomhaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 4 den Rialachán seo a chur chun feidhme trí roinnt conarthaí arna ndámhachtain i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais agus le prionsabail an tsoláthair faoi Airteagal 20 den Rialachán seo agus féadfaidh sé a bheith i bhfoirm conarthaí lamháltais, soláthair, seirbhíse nó i bhfoirm conarthaí oibreacha nó conarthaí measctha.

3.   Soláthrófar na conarthaí dá dtagraítear san Airteagal seo faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach agus féadfaidh siad a bheith i bhfoirm soláthair idir-institiúidigh dá dtagraítear in Airteagal 165(1) den Rialachán Airgeadais, idir an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht, ina nglacfaidh an Coimisiún ról an phríomhúdaráis chonarthaigh.

4.   Comhlíonfaidh an cur chuige soláthair dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus na conarthaí dá dtagraítear san Airteagal seo na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagail 9(2), 10(4) agus 10(5).

5.   Más i bhfoirm conarthaí lamháltais atá toradh an cur chuige soláthair dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, leagfar amach sna conarthaí lamháltais sin ailtireacht bhonneagar rialtais an chórais nascachta sláine, róil, freagrachtaí, scéim airgeadais agus leithdháileadh rioscaí idir an tAontas agus na conraitheoirí, tríd an gcóras úinéireachta faoi Airteagal 6 agus cistiú an Chláir faoi Chaibidil III a chur san áireamh.

6.   Mura ndámhtar conradh lamháltais, áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear an cuspóir dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (a), chun feidhme ar an mbealach is fearr, trí chonradh soláthair, seirbhíse nó oibreacha nó conradh measctha a sholáthar, de réir mar is iomchuí.

7.   Déanfaidh an Coimisiún na bearta is gá chun leanúnachas na seirbhísí rialtais a áirithiú mura bhfuil na conraitheoirí dá dtagraítear san Airteagal seo in ann a n-oibleagáidí a chomhlíonadh.

8.   I gcás inarb iomchuí, féadfaidh nósanna imeachta soláthair le haghaidh na gconarthaí dá dtagraítear san Airteagal seo a bheith i bhfoirm soláthar comhpháirteach le Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 165(2) den Rialachán Airgeadais.

9.   Áiritheofar go háirithe leis na conarthaí dá dtagraítear san Airteagal seo go ndéanfar, le soláthar seirbhísí bunaithe ar bhonneagar tráchtála, leasanna bunriachtanacha an Aontais agus cuspóirí ginearálta agus sonracha an Chláir dá dtagraítear in Airteagal 3 a chaomhnú. Chomh maith leis sin, déanfar sna conarthaí sin coimircí leormhaithe a áireamh chun go seachnófar aon róchúiteamh do na conraitheoirí dá dtagraítear san Airteagal seo, saobhadh iomaíochta, coinbhleachtaí leasa, idirdhealú míchuí nó aon bhuntáistí indíreacha folaithe eile. Féadfar a áireamh ar choimircí den sórt sin an oibleagáid um dheighilt chuntasaíochta idir soláthar seirbhísí rialtais agus soláthar seirbhísí tráchtála, lena n-áirítear eintiteas ar leith a bhunú atá scartha go struchtúrach agus go dlíthiúil ón oibreoir atá comhtháite go hingearach le haghaidh seirbhísí rialtais a sholáthar, agus chun rochtain oscailte, chóir, réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach a sholáthar ar an mbonneagar is gá chun seirbhísí tráchtála a sholáthar. Áiritheofar leis na conarthaí freisin go gcomhlíonfar coinníollacha Airteagal 22 le linn a ré.

10.   I gcás ina mbraitheann na seirbhísí rialtais agus tráchtála ar fhochórais nó comhéadain choiteanna chun sineirgí a áirithiú, cinnfear leis na conarthaí dá dtagraítear san Airteagal seo freisin cé acu de na comhéadain agus na fochórais choiteanna sin a bheidh mar chuid den bhonneagar rialtais chun cosaint leasanna slándála an Aontais agus a Bhallstát a áirithiú.

Airteagal 20

Prionsabail an tsoláthair

1.   Déanfar soláthar poiblí faoin gClár i gcomhréir leis na rialacha maidir le soláthar a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais.

2.   I nósanna imeachta soláthair phoiblí chun críoch an Chláir, lena gcomhlánaítear na prionsabail a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, gníomhóidh an t-údarás conarthach i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:

(a)

an rannpháirtíocht is mó agus is oscailte is féidir i measc oibreoirí eacnamaíocha a chur chun cinn i ngach Ballstát ar fud an Aontais agus tríd an tslabhra soláthair, go háirithe iontrálaithe nua, gnólachtaí nuathionscanta, agus FBManna, lena n-áirítear i gcás ina ndéanann tairgeoirí fochonraitheoireacht;

(b)

iomaíocht éifeachtach sa phróiseas tairisceana a áirithiú agus, i gcás inar féidir, róbhrath ar aon soláthraí amháin a sheachaint, go háirithe i dtaca le trealamh criticiúil agus seirbhísí criticiúla, agus cuspóirí an neamhspleáchais theicneolaíoch agus leanúnachas na seirbhísí á gcur san áireamh;

(c)

prionsabail na rochtana agus na hiomaíochta oscailte a leanúint, trí thairiscintí ar bhonn faisnéis thrédhearcach thráthúil a sholáthar, na rialacha agus na nósanna imeachta soláthair phoiblí is infheidhme, na critéir roghnúcháin agus dhámhachtana agus aon fhaisnéis ábhartha eile lena dtugtar cothrom na Féinne do gach tairgeoir féideartha a chur in iúl go soiléir;

(d)

slándáil agus leas poiblí an Aontais agus a Bhallstát a chosaint, lena n-áirítear trí uathriail straitéiseach an Aontais a threisiú, go háirithe ó thaobh na teicneolaíochta de, trí mheasúnuithe riosca a dhéanamh agus trí bhearta maolaithe riosca maidir le suaitheadh a chur chun feidhme, mar shampla i gcás nach bhfuil ach soláthraí amháin ar fáil;

(e)

na ceanglais slándála ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 30(3) a chomhlíonadh agus rannchuidiú le cosaint leasanna slándála bunriachtanacha an Aontais agus a Bhallstát;

(f)

de mhaolú ar Airteagal 167 den Rialachán Airgeadais, foinsí iomadúla soláthair a úsáid, i gcás inarb iomchuí, chun rialú foriomlán níos fearr a áirithiú ar an gClár, ar a chostas agus ar a sceideal;

(g)

inrochtaineacht, leanúnachas agus iontaofacht seirbhíse a chur chun cinn;

(h)

sábháilteacht agus inbhuanaitheacht gníomhaíochtaí cianspáis a fheabhsú, trí bhearta iomchuí a chur chun feidhme i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach in Airteagal 8;

(i)

a áirithiú go ndéantar cur chun cinn éifeachtach ar chomhdheiseanna do chách, go ndéantar príomhshruthú inscne agus an ghné inscne a chur chun feidhme, agus é a bheith d’aidhm aige aghaidh a thabhairt ar chúiseanna na míchothromaíochta inscne, agus aird ar leith á tabhairt ar chothromaíocht inscne a áirithiú i bpainéil mheastóireachta.

Airteagal 21

Fochonraitheoireacht

1.   Chun iontrálaithe nua, gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna ar fud an Aontais agus rannpháirtíocht trasteorann uathu a spreagadh, agus chun an cumhdach geografach is leithne is féidir a chur ar fáil, agus uathriail an Aontais á cosaint ag an am céanna, iarrfaidh an t-údarás conarthach ar an tairgeoir cuid den chonradh a ligean ar fochonradh, trí thairiscintí iomaíocha ar na leibhéil iomchuí fochonraitheoireachta, do chuideachtaí seachas na cuideachtaí atá i ngrúpa an tairgeora féin.

2.   Le haghaidh conarthaí ar luach níos airde ná EUR 10 milliún, áiritheoidh an t-údarás conarthach go mbeidh ar a laghad 30 % de luach an chonartha ar fochonradh trína chur amach ar thairiscintí iomaíocha ar leibhéil éagsúla fochonraitheoireachta chuig comhlachtaí lasmuigh de ghrúpa an phríomhthairgeora, go háirithe chun rannpháirtíocht trasteorann FBManna san éiceachóras spáis a éascú.

3.   Tabharfaidh an tairgeoir cúiseanna gan iarraidh a dhéantar faoi mhír 1 a chomhlíonadh nó le himeacht ón gcéatadán dá dtagraítear i mír 2.

4.   Déanfaidh an Coimisiún coiste an Chláir dá dtagraítear in Airteagal 47 a chur ar an eolas faoi chomhlíonadh na gcuspóirí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo le haghaidh conarthaí arna síniú tar éis an 20 Márta 2023.

Airteagal 22

Coinníollacha incháilitheachta agus rannpháirtíochta chun slándáil, sláine agus athléimneacht chórais oibríochtúla an Aontais a chaomhnú

Beidh feidhm ag coinníollacha incháilitheachta agus rannpháirtíochta maidir leis na nósanna imeachta dámhachtana a dhéantar le linn an Clár a chur chun feidhme, i gcás inar gá agus inarb iomchuí, chun slándáil, sláine agus athléimneacht chórais oibríochtúla an Aontais a chaomhnú mar a leagtar amach in Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2021/696, agus aird á tabhairt ar an gcuspóir chun uathriail straitéiseach an Aontais a chur chun cinn, go háirithe ó thaobh na teicneolaíochta de, thar phríomhtheicneolaíochtaí agus slabhraí luacha, agus geilleagar oscailte á chaomhnú ag an am céanna.

Airteagal 23

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach sa Chlár trí bhíthin cinneadh arna ghlacadh de bhun comhaontú idirnáisiúnta nó ar bhonn aon ionstraime dlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí chun a n-inniúlachtaí faoi seach a fheidhmiú go cuimsitheach. I gcás OLAF, áireofar sna cearta sin an ceart imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.

CAIBIDIL V

Rialachas an Chláir

Airteagal 24

Prionsabail an rialachais

Beidh rialachas an Chláir bunaithe ar na prionsabail seo a leanas:

(a)

dáileadh soiléir cúraimí agus freagrachtaí idir na heintitis atá bainteach le cur chun feidhme an Chláir;

(b)

ábharthacht an struchtúir rialachais do riachtanais shonracha agus bearta sonracha an Chláir a áirithiú, de réir mar is iomchuí;

(c)

rialú láidir ar an gClár, lena n-áirítear go gcloíonn gach eintiteas go docht le costas, sceideal agus feidhmíocht, de réir a ról faoi seach agus na gcúraimí a thugtar dóibh, i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(d)

bainistiú trédhearcach agus costéifeachtúil;

(e)

leanúnachas seirbhíse agus leanúnachas an bhonneagair is gá, lena n-áirítear faireachán agus bainistiú slándála, agus cosaint ar bhagairtí ábhartha;

(f)

riachtanais úsáideoirí na sonraí, na faisnéise agus na seirbhísí arna soláthar ag an gClár a chur san áireamh ar bhonn córasach agus struchtúrtha, mar aon le héabhlóid ghaolmhar eolaíochta agus teicneolaíochta;

(g)

iarrachtaí leanúnacha maidir le rioscaí a rialú agus a mhaolú.

Airteagal 25

Ról na mBallstát

1.   Féadfaidh na Ballstáit rannchuidiú trí mheán a n-inniúlachta teicniúla, a bhfeasa gnó agus a gcúnaimh, go háirithe i réimse na sábháilteachta agus na slándála, nó, i gcás inarb iomchuí agus indéanta, trí na sonraí, an fhaisnéis, na seirbhísí agus an bonneagar atá suite ina gcríoch a chur ar fáil don Chlár.

2.   I gcás ina bhféadfar, beidh sé d’aidhm ag na Ballstáit comhtháthú agus comhlántacht na ngníomhaíochtaí ábhartha agus idir-inoibritheacht a n-acmhainneachtaí faoina gcuid pleananna téarnaimh agus athléimneachta faoi Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29) agus leis an gClár a áirithiú.

3.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun feidhmiú rianúil an Chláir a áirithiú.

4.   Féadfaidh na Ballstáit cabhrú chun na minicíochtaí is gá don Chlár a dhaingniú agus a chosaint ar an leibhéal iomchuí.

5.   Féadfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún oibriú i gcomhar le chéile chun glacadh na seirbhísí rialtais arna soláthar ag an gClár a leathnú.

6.   I réimse na slándála, déanfaidh na Ballstáit na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2021/696.

7.   Cuirfidh na Ballstáit a riachtanais oibríochtúla ar fáil chun acmhainneacht a seirbhísí rialtais a chomhdhlúthú agus chun sonraíochtaí na seirbhísí sin a mhionsonrú a thuilleadh. Cuirfidh siad comhairle ar an gCoimisiún freisin maidir le haon ábhar laistigh dá réimsí inniúlachta faoi seach, go háirithe trí ionchur a sholáthar chun na gníomhartha cur chun feidhme a ullmhú.

8.   Féadfaidh an Coimisiún, trí chomhaontuithe ranníocaíochta, cúraimí sonracha a chur ar eagraíochtaí ó na Ballstáit, i gcás inar ainmnigh na Ballstáit lena mbaineann eagraíochtaí den sórt sin. Glacfaidh an Coimisiún na cinntí ranníocaíochta i dtaca leis na comhaontuithe ranníocaíochta trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 47(2).

Airteagal 26

Ról an Choimisiúin

1.   Beidh an Coimisiún freagrach go foriomlán as an gClár a chur chun feidhme, lena n-áirítear i réimse na slándála, gan dochar do shainchumais na mBallstát i réimse na slándála náisiúnta. Cinnfidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an Rialachán seo, tosaíochtaí agus éabhlóid an Chláir, i gcomhréir leis na riachtanais úsáideoirí arna mbunú go cuí, agus déanfaidh sé maoirseacht ar chur chun feidhme an Chláir, gan dochar do bheartais eile de chuid an Aontais.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún leithroinnt shoiléir na gcúraimí agus na bhfreagrachtaí idir na heintitis éagsúla a bhfuil baint acu leis an gClár agus déanfaidh sé comhordú ar ghníomhaíochtaí na n-eintiteas sin. Áiritheoidh an Coimisiún freisin, maidir leis na heintitis ar fad ar cuireadh cúram orthu agus a bhfuil baint acu leis an gClár, go gcosnóidh siad leasanna an Aontais, go ráthóidh siad bainistiú fónta chistí an Aontais agus go gcomhlíonfaidh siad an Rialachán Airgeadais agus an Rialachán seo.

3.   Déanfaidh an Coimisiún na conarthaí dá dtagraítear in Airteagal 19 a sholáthar, a dhámhachtain agus a shíniú.

4.   Féadfaidh an Coimisiún cúraimí a bhaineann leis an gClár a chur ar an nGníomhaireacht agus ar GES faoi bhainistíocht indíreach, i gcomhréir lena róil agus freagrachtaí faoi seach mar a leagtar amach faoi Airteagail 27 agus 28. Chun baint amach na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 a éascú agus chun an comhar is éifeachtúla idir an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus GES a chur chun cinn, féadfaidh an Coimisiún comhaontuithe ranníocaíochta a bhunú le gach eintiteas a gcuirfear cúram air.

Glacfaidh an Coimisiún na cinntí ranníocaíochta i dtaca leis na comhaontuithe ranníocaíochta trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 47(2).

5.   Gan dochar do chúraimí na gconraitheoirí dá dtagraítear in Airteagal 19, na Gníomhaireachta ná na n-eintiteas eile ar cuireadh cúram orthu, áiritheoidh an Coimisiún glacadh agus úsáid na seirbhísí rialtais. Áiritheoidh sé comhlántacht, comhsheasmhacht, sineirgí agus naisc idir an Clár agus gníomhaíochtaí agus cláir eile de chuid an Aontais.

6.   I gcás inarb iomchuí, áiritheoidh an Coimisiún comhchuibheas na ngníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhthéacs an Chláir leis na gníomhaíochtaí atá á ndéanamh cheana i réimse an spáis ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal idirnáisiúnta. Spreagfaidh sé comhar idir na Ballstáit, éascóidh sé idir-inoibritheacht a n-acmhainneachtaí teicneolaíochta agus forbairtí i réimse an spáis agus, i gcás inarb ábhartha maidir leis an gClár, beidh sé d’aidhm aige comhchuibheas an chórais nascachta sláine a áirithiú leis na gníomhaíochtaí ábhartha agus idir-inoibritheacht na n-acmhainneachtaí arna bhforbairt faoi na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta.

7.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus coiste an Chláir dá dtagraítear in Airteagal 47(1) ar an eolas maidir le torthaí eatramhacha agus torthaí deiridh na meastóireachta ar aon nósanna imeachta soláthair agus ar aon chonarthaí, lena n-áirítear fochonarthaí, le heintitis phoiblí agus phríobháideacha.

Airteagal 27

Ról na Gníomhaireachta

1.   Beidh sé de chúram dílis ar an nGníomhaireacht, trína Bord um Chreidiúnú Slándála, creidiúnú slándála an bhonneagair rialtais agus na seirbhísí rialtais a áirithiú i gcomhréir le Caibidil II de Theideal V de Rialachán (AE) 2021/696.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin comhaontú ranníocaíochta amháin nó níos mó, na cúraimí seo a leanas a chur de chúram ar an nGníomhaireacht, faoi réir ullmhacht oibríochtúil na Gníomhaireachta, go háirithe i dtéarmaí leibhéal leordhóthanach acmhainní daonna:

(a)

bainistiú oibríochtúil uile bhonneagar rialtais an Chláir, nó cuid de;

(b)

slándáil oibríochtúil an bhonneagair rialtais, lena n-áirítear anailís ar rioscaí agus bagairtí, faireachán slándála, go háirithe na sonraíochtaí teicniúla agus na nósanna imeachta oibríochtúla a leagan síos, agus faireachán ar conas a chomhlíonann siad na ceanglais slándála ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 30(3).

(c)

seirbhísí rialtais a sholáthar, go háirithe trí Mhol GOVSATCOM;

(d)

na conarthaí dá dtagraítear in Airteagal 19 a bhainistiú, tar éis iad a dhámhachtain agus a shíniú;

(e)

comhordú uileghabhálach ar ghnéithe de na seirbhísí rialtais a bhaineann leis an úsáideoir i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, le gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, le SEGS agus le heintitis eile;

(f)

gníomhaíochtaí a dhéanamh a bhaineann le glacadh seirbhísí ag úsáideoirí, ar seirbhísí iad a chuireann an Clár ar fáil gan difear a dhéanamh do na gníomhaíochtaí a dhéanann na conraitheoirí faoi na conarthaí dá dtagraítear in Airteagal 19.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin comhaontú ranníocaíochta amháin nó níos mó, cúraimí eile a chur de chúram ar an nGníomhaireacht, ar bhonn riachtanais an Chláir.

4.   I gcás ina gcuirtear gníomhaíochtaí de chúram ar an nGníomhaireacht, áiritheofar acmhainní iomchuí airgeadais, daonna agus riaracháin chun iad a chur chun feidhme. Chun na críche sin, féadfaidh an Coimisiún cuid den bhuiséad le haghaidh na ngníomhaíochtaí a chuirtear de chúram ar an nGníomhaireacht a leithdháileadh ar na n-acmhainní daonna is gá le haghaidh na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme.

5.   De mhaolú ar Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais agus faoi réir an mheasúnaithe ón gCoimisiún ar chosaint leasanna an Aontais, féadfaidh an Ghníomhaireacht, trí bhíthin comhaontuithe ranníocaíochta, gníomhaíochtaí sonracha a chur de chúram ar eintitis eile, laistigh dá réimsí inniúlachta faoi seach, faoi choinníollacha na bainistíochta indírí a bhfuil feidhm acu maidir leis an gCoimisiún.

Airteagal 28

Ról GES

1.   Ar choinníoll go gcosnaítear leas an Aontais, cuirfear, laistigh dá réimse saineolais, na cúraimí seo a leanas ar GES:

(a)

maoirseacht a dhéanamh ar an bhforbairt, ar an mbailíochtú agus ar na gníomhaíochtaí imscartha gaolmhara dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a), agus ar an bhforbairt agus ar an éabhlóid dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (e), arna ndéanamh faoi chuimsiú na gconarthaí dá dtagraítear in Airteagal 19, i gcomhréir leis na téarmaí agus coinníollacha a bheidh le comhaontú sna comhaontuithe ranníocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 26(4), lena n-áiritheofar comhordú idir na cúraimí agus an buiséad a chuirfear ar iontaoibh GES faoin Airteagal seo agus ranníocaíocht fhéideartha GES dá dtagraítear in Airteagal 16;

(b)

an saineolas atá aige a sholáthar don Choimisiún, lena n-áirítear maidir le sonraíochtaí a ullmhú agus gnéithe teicniúla an Chláir a chur chun feidhme;

(c)

an tacaíocht a sholáthar maidir le meastóireacht a dhéanamh ar chonarthaí arna dtabhairt i gcrích faoi Airteagal 19;

(d)

cúraimí a bhaineann leis an gcuid spáis agus an chuid ghaolmhar ar talamh de EuroQCI dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (c).

2.   Ar bhonn measúnú ón gCoimisiún, féadfar cúraimí eile a chur ar GES ar bhonn riachtanais an Chláir, ar choinníoll nach ndéanfar dúbláil leis na cúraimí sin ar ghníomhaíochtaí a dhéanann eintiteas eile i gcomhthéacs an Chláir agus ar choinníoll gurb é is aidhm leo feabhas a chur ar a éifeachtúla atá cur chun feidhme ghníomhaíochtaí an Chláir.

CAIBIDIL VI

Slándáil an Chláir

Airteagal 29

Prionsabail na slándála

Beidh feidhm ag Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2021/696 maidir leis an gClár.

Airteagal 30

Rialachas slándála

1.   Áiritheoidh an Coimisiún, laistigh dá réimse inniúlachta agus le tacaíocht ón nGníomhaireacht, leibhéal ard slándála, go háirithe, maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

bonneagar, idir bhonneagar ar talamh agus bhonneagar sa spás, a chosaint, agus seirbhísí a sholáthar, go háirithe i gcoinne ionsaithe fisiciúla nó cibirionsaithe, lena n-áirítear cur as do shreafaí sonraí;

(b)

aistrithe teicneolaíochta a rialú agus a bhainistiú;

(c)

na hinniúlachtaí agus an fios gnó a fuarthas a fhorbairt agus a chaomhnú laistigh den Aontas;

(d)

faisnéis neamh-rúnaicmithe íogair agus faisnéis rúnaicmithe a chosaint.

2.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an gComhairle agus leis na Ballstáit maidir le sonraíocht agus dearadh aon ghné de bhonneagar EuroQCI, go háirithe QKD a bhaineann le FRAE a chosaint.

Déanfar an mheastóireacht agus formheas ar tháirgí cripteagrafaíochta chun FRAE a chosaint agus róil agus réimsí inniúlachta na Comhairle agus na mBallstát faoi seach á n-urramú.

Fíoróidh an t-údarás um chreidiúnú slándála, laistigh den phróiseas creidiúnaithe slándála, nach n-úsáidfear ach táirgí formheasta cripteagrafaíochta.

3.   Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar anailís ar rioscaí agus bagairtí i gcás an bhonneagair rialtais dá dtagraítear in Airteagal 5(2). Ar bhonn na hanailíse sin, cinnfidh sé, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na ceanglais slándála ghinearálta. Agus sin á dhéanamh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh tionchar na gceanglas sin ar fheidhmiú rianúil an bhonneagair rialtais, go háirithe ó thaobh costais, bainistiú riosca agus sceidil, agus áiritheoidh sé nach laghdófar leibhéal ginearálta na slándála, nach mbainfear an bonn d’fheidhmiú an trealaimh agus go gcuirfear na rioscaí cibearshlándála san áireamh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(3).

4.   Beidh feidhm ag Airteagal 34(3) go (7) de Rialachán (AE) 2021/696 maidir leis an gClár. Chun críocha an Rialacháin seo, léifear an téarma “comhpháirt” in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2021/696 mar “bonneagar rialtais”, lena n-áirítear seirbhísí rialtais, agus forléireofar na tagairtí uile d’Airteagal 34(2) de Rialachán (AE) 2021/696 mar thagairtí do mhír 3 den Airteagal seo.

Airteagal 31

Slándáil an chórais agus na seirbhísí a imscartar

Aon uair a d’fhéadfaí difear a dhéanamh do shlándáil an Aontais nó a Bhallstát mar gheall ar oibriú an chórais nó mar gheall ar sholáthar na seirbhísí rialtais, beidh feidhm ag Cinneadh (CBES) 2021/698.

Airteagal 32

Údarás um chreidiúnú slándála

An Bord um Chreidiúnú Slándála arna bhunú laistigh den Ghníomhaireacht faoi Airteagal 72(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2021/696, beidh sé ar an údarás creidiúnaithe slándála le haghaidh bhonneagar rialtais an Chláir agus sheirbhísí rialtais gaolmhara an Chláir.

Airteagal 33

Prionsabail ghinearálta an chreidiúnaithe slándála

Déanfar gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála a bhaineann leis an gClár i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 37, pointí (a) go (j), de Rialachán (AE) 2021/696. Chun críocha an Rialacháin seo, léifear an téarma “comhpháirt” in Airteagal 37 de Rialachán (AE) 2021/696 mar “bonneagar rialtais” agus forléireofar na tagairtí uile d’Airteagal 34(2) de Rialachán (AE) 2021/696 mar thagairtí d’Airteagal 27(2) den Rialachán seo.

Airteagal 34

Cúraimí agus comhdhéanamh an Bhoird um Chreidiúnú Slándála

1.   Beidh feidhm ag Airteagal 38, seachas mír 2, pointí (c) go (f), agus mír 3, pointe (b), agus ag Airteagal 39 de Rialachán (AE) 2021/696 maidir leis an gClár.

2.   Beidh na cúraimí seo a leanas, i dteannta na gcúraimí dá dtagraítear i mír 1, ag an mBord um Chreidiúnú Slándála:

(a)

an doiciméadacht uile a bhaineann le creidiúnú slándála a scrúdú agus, cé is moite de na doiciméid a bheidh le glacadh ag an gCoimisiún faoi Airteagal 30(3), a fhormheas;

(b)

laistigh dá réimse inniúlachta, comhairle a thabhairt don Choimisiún chun dréacht-téacsanna a tháirgeadh le haghaidh na ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 30(3), lena n-áirítear chun nósanna imeachta oibríochtaí slándála a bhunú, agus ráiteas a thabhairt lena sheasamh deiridh;

(c)

an measúnú riosca slándála arna tharraingt suas i gcomhréir leis an bpróiseas faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 37, pointe (h), de Rialachán (AE) 2021/696, agus an anailís ar rioscaí agus bagairtí arna dtarraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 30(3) den Rialachán seo a scrúdú agus a fhormheas, agus comhoibriú leis an gCoimisiún chun bearta maolaithe riosca a bhunú.

3.   De bhreis ar mhír 1 agus ar bhonn eisceachtúil, féadfar cuireadh a thabhairt d’ionadaithe na gconraitheoirí atá bainteach le bonneagar agus seirbhísí rialtais, agus dóibh amháin, freastal ar chruinnithe den Bhord um Chreidiúnú Slándála mar bhreathnóirí i gcás ábhair a bhaineann go díreach leis na conraitheoirí sin. Déanfar na socruithe agus na coinníollacha maidir lena bhfreastal a leagan síos i rialacha nós imeachta an Bhoird um Chreidiúnú Slándála.

Airteagal 35

Rialacha vótála an Bhoird um Chreidiúnú Slándála

Beidh feidhm ag Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2021/696 maidir le rialacha vótála an Bhoird um Chreidiúnú Slándála.

Airteagal 36

Cinntí an Bhoird um Chreidiúnú Slándála a chur in iúl agus tionchar na gcinntí sin

1.   Beidh feidhm ag Airteagal 41(1) go (4) de Rialachán (AE) 2021/696 maidir le cinntí an Bhoird um Chreidiúnú Slándála. Chun críocha an Rialacháin seo, léifear an téarma “comhpháirt” in Airteagal 41 de Rialachán (AE) 2021/696 mar “bonneagar rialtais”.

2.   Ní chuirfidh an t-amchlár le haghaidh obair an Bhoird um Chreidiúnú Slándála isteach ar amchlár na ngníomhaíochtaí dá bhforáiltear sna cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 41(1).

Airteagal 37

Ról na mBallstát i gcreidiúnú slándála

Beidh feidhm ag Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2021/696 maidir leis an gClár.

Airteagal 38

Faisnéis rúnaicmithe a chosaint

1.   Beidh feidhm ag Airteagal 43 de Rialachán (AE) 2021/696 maidir le faisnéis rúnaicmithe a bhaineann leis an gClár.

2.   Faoi réir fhorálacha an chomhaontaithe maidir le slándáil agus malartú faisnéise rúnaicmithe idir institiúidí an Aontais agus GES, féadfaidh GES FRAE a ghiniúint maidir leis na cúraimí a chuirtear ar iontaoibh dó de bhun Airteagal 28(1) agus (2).

CAIBIDIL VII

Caidreamh idirnáisiúnta

Airteagal 39

Rannpháirtíocht tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta sa Chlár

1.   I gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontuithe sonracha arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE lena gcumhdaítear rannpháirtíocht tríú tír in aon chlár de chuid an Aontais, beidh an Clár oscailte do rannpháirtíocht na gcomhaltaí de CSTE atá ina gcomhaltaí de LEE, chomh maith leis na tríú tíortha seo a leanas:

(a)

tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime comhfhreagracha agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais faoi seach, nó i gcomhaontuithe comhchosúla, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos i gcomhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(b)

tíortha Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais faoi seach, nó i gcomhaontuithe comhchosúla, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos i gcomhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(c)

tríú tíortha, seachas na tríú tíortha sin a chumhdaítear le pointí (a) agus (b).

2.   Beidh an Clár oscailte do rannpháirtíocht eagraíochta idirnáisiúnta, i gcomhréir le comhaontú sonrach arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE.

3.   Maidir leis an gcomhaontú sonrach dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, déanfar na nithe seo a leanas:

(a)

cothromaíocht chóir a áirithiú a mhéid a bhaineann le ranníocaíochtaí agus tairbhí an tríú tír nó na heagraíochta idirnáisiúnta atá rannpháirteach i gcláir an Aontais;

(b)

coinníollacha a leagan síos maidir le rannpháirtíocht sna cláir, lena n-áirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais le cláir aonair, agus costais riaracháin na gclár;

(c)

gan aon chumhacht chinnteoireachta a thabhairt i ndáil le clár an Aontais don tríú tír ná don eagraíocht idirnáisiúnta;

(d)

cearta an Aontais a ráthú chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint.

4.   Gan dochar do na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 1, 2 agus 3, agus ar mhaithe leis an tslándáil, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ceanglais bhreise a bhunú maidir le rannpháirtíocht tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta sa Chlár, a mhéid is comhoiriúnach leis na comhaontuithe atá ann cheana dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(3).

Airteagal 40

Rochtain ar sheirbhísí rialtais ag tríú tíortha agus ag eagraíochtaí idirnáisiúnta

Ní fhéadfaidh tríú tíortha ná eagraíochtaí idirnáisiúnta rochtain a bheith acu ar sheirbhísí rialtais ach amháin ar choinníoll:

(a)

go ndéanfaidh siad comhaontú a thabhairt i gcrích, i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE, lena leagtar síos na téarmaí agus coinníollacha chun rochtain a fháil ar sheirbhísí rialtais;

(b)

go gcomhlíonfaidh siad Airteagal 43(1) de Rialachán (AE) 2021/696.

Chun críocha an Rialacháin seo, forléireofar tagairtí do “an Clár” in Airteagal 43(1) de Rialachán (AE) 2021/696 mar thagairtí do “an Clár” arna bhunú leis an Rialachán seo.

CAIBIDIL VIII

Clársceidealú, faireachán, meastóireacht agus rialú

Airteagal 41

Clársceidealú, faireachán agus tuairisciú

1.   Cuirfear an Clár chun feidhme trí bhíthin cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais. Leagfar amach sna cláir oibre na gníomhaíochtaí agus an buiséad gaolmhar is gá chun cuspóirí an Chláir a chomhlíonadh agus, i gcás inarb infheidhme, an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh oibríochtaí measctha. Leis na cláir oibre, comhlánófar na cláir oibre le haghaidh chomhpháirt GOVSATCOM, dá dtagraítear in Airteagal 100 de Rialachán (AE) 2021/696.

Glacfaidh an Coimisiún na cláir oibre trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(3).

2.   Leagtar amach san Iarscríbhinn na táscairí chun tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chláir maidir le baint amach na gcuspóirí ginearálta agus sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 45, chun an Iarscríbhinn a leasú maidir leis na táscairí i gcás ina measfar gur gá sin, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.

4.   Más rud é go n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais phráinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 46 maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo.

5.   Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta, áiritheofar go ndéanfar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus torthaí an Chláir a bhailiú ar bhealach atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil.

Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí de chuid an Aontais agus, i gcás inarb iomchuí, ar Bhallstáit.

6.   Chun críocha mhír 2, soláthróidh faighteoirí cistí de chuid an Aontais faisnéis iomchuí. Is ar bhealach atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil a bhaileofar na sonraí is gá chun an fheidhmíocht a fhíorú.

Airteagal 42

Meastóireacht

1.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireachtaí ar an gClár go tráthúil sa chaoi go bhféadfar iad a úsáid sa phróiseas cinnteoireachta.

2.   Faoin 21 Márta 2024 agus gach bliain ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi na príomhthorthaí maidir le cur chun feidhme tosaigh an Chláir, lena n-áirítear gníomhaíochtaí sainmhínithe a thabhairt chun críche, riachtanais úsáideoirí agus pleananna cur chun feidhme a chomhdhlúthú, chomh maith le tuairimí na ngeallsealbhóirí ábhartha ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta.

3.   Faoin 30 Meitheamh 2026, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur chun feidhme an Chláir i bhfianaise na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na nithe seo a leanas:

(a)

feidhmíocht an chórais nascachta sláine agus na seirbhísí a sholáthraítear faoin gClár, go háirithe aga folaigh íseal, iontaofacht, uathriail agus rochtain dhomhanda;

(b)

na samhlacha rialachais agus cur chur feidhme, agus a n-éifeachtúlacht;

(c)

éabhlóid riachtanais úsáideoirí an Chláir;

(d)

sineirgíocht agus comhlántacht an Chláir le cláir eile de chuid an Aontais, go háirithe le GOVSATCOM agus comhpháirteanna eile de Chlár Spáis an Aontais;

(e)

éabhlóid na n-acmhainneachtaí agus na nuálaíochtaí atá ar fáil, agus forbairt teicneolaíochtaí nua san éiceachóras spáis;

(f)

rannpháirtíocht gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna ar fud an Aontais;

(g)

tionchar comhshaoil an Chláir agus na critéir arna leagan amach in Airteagal 8 á gcur san áireamh;

(h)

aon róchaiteachas, an tráthúlacht maidir le spriocdhátaí bunaithe an tionscadail a chomhlíonadh agus éifeachtacht rialachas agus bhainistiú an Chláir;

(i)

éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas ghníomhaíochtaí an Chláir agus a mbreisluach don Aontas.

Más iomchuí, beidh togra iomchuí ag gabháil leis an meastóireacht.

4.   Leis an meastóireacht ar an gClár cuirfear san áireamh torthaí na meastóireachta ar chomhpháirt GOVSATCOM de bhun Airteagal 102 de Rialachán (AE) 2021/696.

5.   Cuirfidh an Coimisiún conclúidí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha féin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

6.   Déanfaidh na heintitis atá páirteach i gcur chun feidhme an Rialacháin seo na sonraí agus an fhaisnéis is gá a sholáthar don Choimisiún chun gur féidir an mheastóireacht dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh.

7.   2 bhliain tar éis an cumas iomlán oibríochtúil a bhaint amach, agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, eiseoidh an Ghníomhaireacht tuarascáil mhargaidh, tar éis dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha, maidir le tionchar an Chláir ar thionscal réamhtheachtach agus iartheachtach satailítí tráchtála an Aontais d’fhonn an tionchar is lú is féidir a áirithiú ar iomaíochas agus d’fhonn a áirithiú go gcoinneofar na dreasachtaí chun nuálaíocht a dhéanamh.

Airteagal 43

Iniúchtaí

Iniúchtaí ar úsáid ranníocaíocht an Aontais arna ndéanamh ag daoine nó ag eintitis, lena n-áirítear iniúchtaí arna ndéanamh ag daoine nó ag eintitis seachas iad sin ar thug institiúidí nó comhlachtaí an Aontais sainordú dóibh, beidh siad mar bhonn don chinnteacht fhoriomlán de bhun Airteagal 127 den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 44

Sonraí pearsanta agus príobháideacht a chosaint

Déanfar na sonraí pearsanta uile a láimhseáiltear i gcomhthéacs na gcúraimí agus na ngníomhaíochtaí dá bhforáiltear sa Rialachán seo, lena n-áirítear sonraí arna láimhseáil ag an nGníomhaireacht, a phróiseáil i gcomhréir leis an dlí is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta, go háirithe Rialacháin (AE) 2016/679 (30) agus (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31).

CAIBIDIL IX

Gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme

Airteagal 45

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 8(4) agus 41(3) a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 8(4) agus 41(3) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 8(4) nó Airteagal 41(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 46

An nós imeachta práinne

1.   Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 45(6). I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.

Airteagal 47

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste an Chláir, a bunaíodh le hAirteagal 107 de Rialachán (AE) 2021/696, cúnamh don Choimisiún i bhfoirmíocht GOVSATCOM. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Chun gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 5(3) agus Airteagal 30(3) den Rialachán seo a ghlacadh, tiocfaidh coiste an Chláir dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo le chéile san fhoirmíocht slándála, dá dtagraítear in Airteagal 107(1), pointe (e), de Rialachán (AE) 2021/696.

Chun gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 9(2) agus Airteagal 10(4) den Rialachán seo a ghlacadh, beidh coiste an Chláir san fhoirmíocht slándála dá dtagraítear in Airteagal 107(1), pointe (e), de Rialachán (AE) 2021/696 rannpháirteach go cuí.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.   I gcás nach dtabharfaidh coiste an Chláir aon tuairim maidir leis an dréachtghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 30(3) den Rialachán seo, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL X

Forálacha idirthréimhseacha agus críochnaitheacha

Airteagal 48

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.   Tabharfaidh faighteoirí cistithe de chuid an Aontais aitheantas d’fhoinse na gcistí sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe de chuid an Aontais, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

2.   Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár, leis na gníomhaíochtaí a rinneadh de bhun an Chláir agus leis na torthaí a baineadh amach.

3.   Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar an gClár ina rannchuidiú freisin chun cumarsáid chorparáideach a dhéanamh i ndáil le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.

Airteagal 49

Leanúnachas seirbhísí tar éis 2027

Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil i mbuiséad an Aontais tar éis 2027 chun go gcumhdófar na costais is gá chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 a chomhlíonadh, ionas go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoi dheireadh an Chláir a bhainistiú, agus chun costais na ngníomhaíochtaí oibríochtúla criticiúla agus soláthar seirbhísí criticiúla a chumhdach.

Airteagal 50

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 15 Márta 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Feabhra 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 7 Márta 2023.

(2)  Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (IO L 170, 12.5.2021, lch. 69).

(3)  Cinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear Clár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach (IO L 323, 19.12.2022, lch. 4).

(4)  Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).

(5)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.

(6)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

(7)  Cinneadh (AE) 2021/764 ón gComhairle an 10 Bealtaine 2021 lena mbunaítear an Clár Sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís Eorpach - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2013/743/AE (IO L 167I, 12.5.2021, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240 (IO L 166, 11.5.2021, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 (IO L 249, 14.7.2021, lch. 38).

(11)  Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1092 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 149).

(12)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(13)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(14)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(15)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(16)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(17)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

(18)  Cinneadh Uimh. 243/2012/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear clár beartais radaispeictrim ilbhliantúil (IO L 81, 21.3.2012, lch. 7).

(19)  Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).

(20)  Cinneadh (CBES) 2021/698 ón gComhairle an 30 Aibreán 2021 maidir le slándáil na gcóras agus na seirbhísí a imscartar, a oibrítear agus a úsáidtear faoi Chlár Spáis an Aontais agus a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do shlándáil an Aontais, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/496/CBES (IO L 170, 12.5.2021, lch. 178).

(21)  Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1).

(22)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le rialacha slándála i dtaca le faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).

(23)  Cinneadh (AE) 2021/1764 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Comhlachas na dTíortha agus na gCríoch Thar Lear leis an Aontas Eorpach lena n-áirítear caidreamh idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus an Ghraonlainn agus Ríocht na Danmhairge, den pháirt eile (an Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear, lena n-áirítear an Ghraonlainn) (IO L 355, 7.10.2021, lch. 6).

(24)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(25)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(26)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11).

(27)  Treoir 2008/114/CE ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le bonneagair chriticiúla Eorpacha a shainaithint agus a ainmniú agus maidir le measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le cosaint na mbonneagar sin a fheabhsú (IO L 345, 23.12.2008, lch. 75).

(28)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

(29)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

(30)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(31)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


IARSCRÍBHINN

TÁSCAIRÍ CHUN MEASTÓIREACHT A DHÉANAMH AR AN gCLÁR

Déanfar faireachán grinn ar an gClár ar bhonn tacar táscairí arb é is feidhm dóibh a mhéid a baineadh amach cuspóirí sonracha an Chláir a thomhas agus d’fhonn costais agus ualaí riaracháin a íoslaghdú. Chuige sin, baileofar sonraí maidir leis an tacar príomhtháscairí seo a leanas:

1.

Cuspóir ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (a):

Táscaire 1.1:

Féadfaidh rialtais na mBallstát agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais rochtain a fháil ar thacar de chéad seirbhísí rialtais in 2024

Táscaire 1.2:

Féadfaidh rialtais na mBallstát agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais rochtain a fháil ar lánchumas oibríochtúil a fhreastalóidh ar na riachtanais úsáideoirí agus ar an éileamh úsáideoirí arna socrú sa phunann seirbhísí in 2027

Táscaire 1.3:

Céatadán infhaighteacht na seirbhísí rialtais le haghaidh gach seirbhíse rialtais arna himscaradh

Táscaire 1.4:

Feidhmíocht luais, bandaleithid agus aga folaigh le haghaidh gach seirbhíse rialtais arna himscaradh ar fud an domhain

Táscaire 1.5:

Céatadán infhaighteacht gheografach na seirbhísí rialtais uile arna n-imscaradh laistigh de chríocha na mBallstát

Táscaire 1.6:

Céatadán na seirbhísí arna n-imscaradh a bhaineann leis an bpunann seirbhísí

Táscaire 1.7:

Céatadán na hacmhainneachta atá ar fáil le haghaidh gach seirbhíse arna himscaradh

Táscaire 1.8:

Costas lena chur i gcrích

Táscaire 1.9:

Rannpháirtithe an Chláir agus líon na dtríú tíortha agus na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta atá rannpháirteach sa Chlár i gcomhréir le hAirteagal 39

Táscaire 1.10:

Éabhlóid acmhainneachtaí satailítí arna gceannach ag institiúidí an Aontais ó ghníomhaithe nach gníomhaithe de chuid an Aontais iad

Táscaire 1.11:

Líon na lainseálacha nár cuireadh i gcrích ó chríoch an Aontais, ná ó chríoch de chuid chomhaltaí CSTE ar comhaltaí iad de LEE

Táscaire 1.12:

Líon na n-úsáideoirí atá údaraithe ag rialtas san Aontas

2.

Cuspóir ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (b):

Táscaire 2.1:

Céatadán infhaighteacht na seirbhíse tráchtála

Táscaire 2.2:

Feidhmíocht luais, bandaleithid, iontaofachta agus aga folaigh na seirbhíse leathanbhanda satailíte tráchtála ar fud an domhain

Táscaire 2.3:

Céatadán na gcriosanna marbha cumarsáide i gcríocha na mBallstát

Táscaire 2.4:

An méid a d’infheistigh an earnáil phríobháideach

3.

Cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2), pointe (a):

Táscaire 3.1:

Féadfaidh Moil GOVSATCOM seirbhísí a eascraíonn as an gcóras nascachta sláine a sholáthar

Táscaire 3.2:

Comhtháthú iomlán na hacmhainneachta atá i gcomhthiomsú an Aontais cheana trí chomhtháthú bhonneagar GOVSATCOM ar talamh

4.

Cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2), pointe (b):

Táscaire 4.1:

Maidir leis na líonraí teileachumarsáide sna Ballstáit, líon bliantúil na móréarthaí seirbhíse iontu, de bharr cásanna géarchéime, arna maolú leis na seirbhísí rialtais arna dtairiscint ag an gcóras nascachta sláine

Táscaire 4.2:

Aiseolas ó úsáideoirí atá údaraithe ag rialtas maidir lena shásta atá siad le feidhmíocht an chórais nascachta sláine, arna mheas le suirbhé bliantúil

Táscaire 4.3:

Teicneolaíochtaí éagsúla agus prótacail chumarsáide a bhailíochtú agus a chreidiúnú

5.

Cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2), pointe (c):

Táscaire 5.1:

Líon na satailítí ar fithis agus na satailítí feidhmiúla is gá d’fheidhmiú EuroQCI

6.

Cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2), pointe (d):

Táscaire 6.1:

Líon na satailítí in aghaidh an spásaga fhithisigh in 2025, 2026, agus 2027

7.

Cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2), pointe (e):

Táscaire 7.1:

Bonneagar rialtais agus seirbhísí gaolmhara rialtais a fuair creidiúnú slándála

Táscaire 7.2:

Líon bliantúil agus déine tionchair na dteagmhas cibearshlándála agus líon na suaití leictreamaighnéadacha a bhaineann leis an gcóras nascachta sláine (rúnaicmithe)

8.

Cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2), pointe (f):

Táscaire 8.1:

Líon na bhfochóras satailíte, lena n-áirítear pálastaí, a fhónann do chomhpháirteanna eile de Chlár Spáis an Aontais

9.

Cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2), pointe (g):

Táscaire 9.1:

Líon na ngnólachtaí nuathionscanta, FBManna agus na gcuideachtaí meánchaipitlithe atá rannpháirteach sa Chlár agus céatadáin ghaolmhara de luach an chonartha

Táscaire 9.2:

Céatadán foriomlán de luach na gconarthaí arna gcur ar fochonradh ag na príomhthairgeoirí chuig FBManna seachas iad siúd atá cleamhnaithe le grúpa an tairgeora, agus sciar dá rannpháirtíocht trasteorann

Táscaire 9.3:

Líon na mBallstát óna bhfuil gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna rannpháirteach sa Chlár

10.

Cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2), pointe (h):

Táscaire 10.1:

Líon na n-úsáideoirí nua cumarsáide satailíte i réimsí geografacha leasa straitéisigh lasmuigh den Aontas

Táscaire 10.2:

Céatadán infhaighteacht gheografach na seirbhísí riachtanacha laistigh de réimsí leasa straitéisigh lasmuigh den Aontas

Táscaire 10.3:

Líon na dtíortha ina bhfuil an leathanbhanda satailíte ar fáil do thomhaltóirí

11.

Cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2), pointe (i):

Táscaire 11.1:

Lorg gás ceaptha teasa de bharr fhorbairt, tháirgeadh agus chur in úsáid an Chláir

Táscaire 11.2:

Líon na satailítí gníomhacha, díchoimisiúnaithe agus aisghafa

Táscaire 11.3:

Líon na smionagar spáis a ghintear leis an réaltbhuíon

Táscaire 11.4:

Líon na ndlúth-theagmhálacha

Táscaire 11.5:

Sonraí eifimirise na satailítí arna gcomhroinnt le cuibhreannas SST an Aontais

Táscaire 11.6:

Tomhas iomchuí ar éifeacht an fhrithchaithimh ar bhreathnóireachtaí réalteolaíocha

Rinneadh dhá ráiteas maidir leis an ngníomh seo agus is féidir teacht orthu in IO C 101, 17.3.2023, lch. 1 agus ag an nasc/na naisc seo a leanas: ….