11.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 176/14


TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2023/1437 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Bealtaine 2023

lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine maidir le mearcair i dtrasduchtóirí brú leáite le haghaidh réiméadair ribeacha faoi choinníollacha áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (1), agus go háirithe Airteagal 5(1), pointe (a), di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2011/65/AE ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh na substaintí guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin i dtrealamh leictreach agus leictreonach a chuirtear ar an margadh. Níl feidhm ag an srian sin maidir le feidhmeanna díolmhaithe áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir sin.

(2)

Liostaítear catagóirí an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a bhfuil feidhm ag Treoir 2011/65/AE ina leith in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(3)

Is substaint é mearcair a bhfuil srian air agus a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE.

(4)

An 26 Aibreán 2021, fuair an Coimisiún iarratas a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 5(3) de Threoir 2011/65/AE maidir le díolúine a liostú in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir sin, i dtaca le mearcair i dtrasduchtóirí brú leáite le haghaidh réiméadair ribeacha ag teochtaí os cionn 300 °C agus ag brúnna os cionn 1 000 bar (“an díolúine a iarradh”).

(5)

Comhpháirteanna leictreacha atá sa trasduchtóir brú a úsáidtear, atá ionchorpraithe i réiméadair ribeacha, agus is gaireas tomhais leictreach faoi raon feidhme Threoir 2011/65/AE é. Tagann na réiméadair ribeacha a dtugtar tuairisc orthu sa díolúine a iarradh faoi chatagóir 9 “ionstraimí rialúcháin agus monatóireachta” d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2011/65/AE.

(6)

Sa mheastóireacht a rinneadh ar an iarratas ar dhíolúine, a raibh staidéar measúnaithe teicniúil agus eolaíoch mar chuid di (2), thángthas ar an gconclúid gur dodhéanta go heolaíoch agus go teicniúil mearcair i dtrasduchtóirí brú leáite le haghaidh réiméadair ribeacha ag teochtaí os cionn 300 °C agus ag brúnna os cionn 1 000 bar a ionadú. Mar chuid den mheastóireacht, rinneadh comhairliúcháin le páirtithe leasmhara mar a cheanglaítear le hAirteagal 5(7) de Threoir 2011/65/AE.

(7)

Comhlíontar ceann de na coinníollacha ábhartha a shonraítear in Airteagal 5(1), pointe (a), de Threoir 2011/65/AE, is é sin gur dodhéanta go heolaíoch nó go teicniúil an díothú agus an t-ionadú a dhéanamh.

(8)

Is iomchuí, dá bhrí sin, an díolúine a iarradh a dheonú trí na feidhmeanna a gcumhdaítear léi in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE a áireamh i dtaca le trealamh leictreach agus leictreonach i gcatagóir 9.

(9)

Chun srianta ar tháirgí ar cuireadh mearcair leo amach anseo a chomhlíonadh faoi Rialachán (AE) 2017/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), is gá tréimhse bhailíochta na díolúine a theorannú go dtí an 31 Nollaig 2025. Socraítear an tréimhse i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an chéad fhomhír de Threoir 2011/65/AE.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/65/AE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

1.   Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31 Eanáir 2024 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Feabhra 2024.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Bealtaine 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 174, 1.7.2011, lch. 88.

(2)  Staidéar chun measúnú a dhéanamh ar iarrataí ar dhá (-2-) dhíolúine, maidir le mearcair i dtrasduchtóir brú agus DEHP i mbunábhar PVC, in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE (Pacáiste 25)

(3)  Rialachán (AE) 2017/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le mearcair, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008 (IO L137, 24.5.2017, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, cuirtear an iontráil 49 seo a leanas isteach:

‘49

Mearcair i dtrasduchtóirí brú leáite le haghaidh réiméadair ribeacha ag teochtaí os cionn 300 °C agus ag brúnna os cionn 1 000 bar

Tá sé sin infheidhme maidir le catagóir 9 agus rachaidh sé in éag an 31 Nollaig 2025.’.